8.7.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2015/1070 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Márta 2015

lena leasaítear Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VII de Rialachán Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 16 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D'iarr trí Bhallstát modhnuithe ar na sonraí a éilítear sna foirmeacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011.

(2)

Ní mór an fhaisnéis in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VII a leasú chun na nósanna imeachta lena mbaineann a shoiléiriú nó a éascú.

(3)

Maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn III, ba cheart don Choimisiún faisnéis arna cur ar aghaidh ag na Ballstáit chuige a chur san áireamh.

(4)

Tá roinnt eagraithe tionscnamh atá cláraithe leis an gCoimisiún ag bailiú ráitis tacaíochta faoi láthair i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011. Dá bhrí sin, ní mór a cheadú dóibh úsáid ar bhonn cothrom a bhaint as na foirmeacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus as na foirmeacha atá leagtha amach roimhe seo in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe Uimh. 887/2013 ón gCoimisiún (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 mar seo a leanas:

1)

Cuirtear an téacs atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III.

2)

Cuirtear an téacs atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V.

3)

Cuirtear an téacs atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VII.

Airteagal 2

Féadfar foirmeacha atá i gcomhréir le hIarscríbhinn III de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 887/2013 a úsáid fós chun ráitis tacaíochta a bhailiú ó shínitheoirí le haghaidh tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Márta 2015.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Jean-Claude JUNCKER


(1)   IO L 65, 11.3.2011, lch. 1.

(2)   IO L 247, 18.9.2013, lch. 11.


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN III

Image 1

Téacs an íomhá

Image 2

Téacs an íomhá

Image 3

Téacs an íomhá

Image 4

Téacs an íomhá

Cuid C

1.   Ceanglais i gcás na mBallstát nach gceanglaíonn go soláthrófar uimhir aitheantais phearsanta/uimhir doiciméid aitheantais phearsanta (foirm ráitis tacaíochta — Cuid A)

Ballstát

Sínitheoirí a ndéanfar a ráiteas tacaíochta a thíolacadh don Bhallstát lena mbaineann

An Bheilg

—

cónaitheoirí sa Bheilg

—

náisiúnaigh Bheilgeacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír, má tá siad tar éis a n-áit chónaithe a chur in iúl dá n-údaráis náisiúnta

An Danmhairg

—

cónaitheoirí sa Danmhairg

—

náisiúnaigh Dhanmhargacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír, má tá siad tar éis a n-áit chónaithe a chur in iúl dá n-údaráis náisiúnta

An Ghearmáin

—

cónaitheoirí sa Ghearmáin

—

náisiúnaigh Ghearmánacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír, má tá siad tar éis a n-áit chónaithe a chur in iúl dá n-údaráis náisiúnta

An Eastóin

—

cónaitheoirí san Eastóin

—

náisiúnaigh Eastónacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír

Éire

—

cónaitheoirí in Éirinn

Lucsamburg

—

cónaitheoirí i Lucsamburg

—

náisiúnaigh Lucsamburgacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír, má tá siad tar éis a n-áit chónaithe a chur in iúl dá n-údaráis náisiúnta

An Ísiltír

—

cónaitheoirí san Ísiltír

—

náisiúnaigh Ísiltíreacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír

An tSlóvaic

—

cónaitheoirí sa tSlóvaic

—

náisiúnaigh Shlóvacacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír

An Fhionlainn

—

cónaitheoirí san Fhionlainn

—

náisiúnaigh Fhionlannacha atá ina gcónaí taobh amuigh den tír

An Ríocht Aontaithe

—

cónaitheoirí sa Ríocht Aontaithe

2.   Liosta na mBallstát a cheanglaíonn go soláthrófar ceann amháin de na huimhreacha aitheantais pearsanta/huimhreacha doiciméid aitheantais pearsanta a shonraítear thíos agus arna n-eisiúint ag an mBallstát lena mbaineann (foirm ráitis tacaíochta — Cuid B)

AN BHULGÁIR

—

Единен граждански номер (uimhir phearsanta)

POBLACHT NA SEICE

—

Občanský průkaz (cárta aitheantais náisiúnta)

—

Cestovní pas (pas)

AN GHRÉIG

—

Δελτίο Αστυνομικής Ταυτότητας (cárta aitheantais)

—

Διαβατήριο (pas)

—

Βεβαίωση Εγγραφής Πολιτών Ε.Ε./Έγγραφο πιστοποίησης μόνιμης διαμονής πολίτη Ε.Ε. (deimhniú cónaithe/deimhniú buanchónaithe)

AN SPÁINN

—

Documento Nacional de Identidad (cárta aitheantais)

—

Pasaporte (pas)

—

Número de Identidad de Extranjero, de la tarjeta o certificado, correspondiente a la inscripción en el Registro Central de Extranjeros (uimhir aitheantais eachtrannaigh (NIE) an chárta nó an deimhnithe, a fhreagraíonn don chlárú i gClár Lárnach na nEachtrannach)

AN FHRAINC

—

Passeport (pas)

—

Carte nationale d'identité (cárta aitheantais náisiúnta)

AN CHRÓIT

—

Osobni identifikacijski broj (uimhir aitheantais phearsanta)

AN IODÁIL

—

Passaporto (pas), inclusa l'indicazione dell'autorità di rilascio (lena n-áirítear an t-údarás eisiúna)

—

Carta di identità (cárta aitheantais), inclusa l'indicazione dell'autorità di rilascio (lena n-áirítear an t-údarás eisiúna)

AN CHIPIR

—

Δελτίο Ταυτότητας (cárta aitheantais an náisiúnaigh nó an chónaitheora)

—

Διαβατήριο (pas)

AN LAITVIA

—

Personas kods (uimhir aitheantais phearsanta)

AN LIOTUÁIN

—

Asmens kodas (uimhir phearsanta)

AN UNGÁIR

—

személyazonosító igazolvány (cárta aitheantais)

—

útlevél (pas)

—

személyi azonosító szám (személyi szám) (uimhir aitheantais phearsanta)

MÁLTA

—

Karta tal-Identità (cárta aitheantais)

—

Dokument ta 'residenza (doiciméad cónaithe)

AN OSTAIR

—

Reisepass (pas)

—

Personalausweis (cárta aitheantais)

AN PHOLAINN

—

Numer ewidencyjny PESEL (uimhir aitheantais PESEL)

AN PHORTAINGÉIL

—

Bilhete de identidade (cárta aitheantais)

—

Passaporte (pas)

—

Cartão de Cidadão (cárta saoránaigh)

AN RÓMÁIN

—

carte de identitate (cárta aitheantais)

—

pașaport (pas)

—

certificat de înregistrare (deimhniú clárúcháin)

—

carte de rezidență permanentă pentru cetățenii UE (cárta buanchónaithe le haghaidh saoránaigh den Aontas Eorpach)

—

Cod Numeric Personal (uimhir aitheantais phearsanta)

AN tSLÓIVÉIN

—

Enotna matična številka občana (uimhir aitheantais phearsanta)

AN tSUALAINN

—

Personnummer (uimhir aitheantais phearsanta)”


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN V

FOIRM CHUN RÁITIS TACAÍOCHTA A THÍOLACADH D'ÚDARÁIS INNIÚLA NA mBALLSTÁT

Image 5

Téacs an íomhá
”

IARSCRÍBHINN III

“IARSCRÍBHINN VII

FOIRM CHUN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH A THÍOLACADH DON CHOIMISIÚN

Image 6

Téacs an íomhá
”