25.6.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 160/76


RIALACHÁN (AE) 2015/941 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2015

maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, a fheidhmiú

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 153/2002 ón gComhairle (2) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

An 9 Aibreán 2001, síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i Lucsamburg idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile (4) (“CCC”) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2004.

(3)

Is gá na nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de CCC a leagan síos.

(4)

Ordaítear in CCC go bhféadfar táirgí áirithe de thionscnamh Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine a allmhairiú isteach san Aontas ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na dtaraif-chuótaí. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos chun rátaí laghdaithe na ndleachtanna custaim a ríomh.

(5)

Sonraítear in CCC na táirgí atá incháilithe maidir leis na bearta taraife sin, na méideanna ábhartha (agus méadú ar na méideanna sin), na dleachtanna is infheidhme, na tréimhsí cur i bhfeidhm agus aon chritéir incháilitheachta eile.

(6)

Ar mhaithe le soiléire agus le foilsiú tráthúil na Rialachán lena gcuirtear chun feidhme taraif-chuótaí an Aontais, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gCoimisiún, le cúnamh ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), na Rialacháin sin a ghlacadh a osclóidh na taraif-chuótaí le haghaidh táirgí “mairteola óige” agus a dhéanfaidh foráil maidir lena riar.

(7)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gCoimisiún, le cúnamh ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), na Rialacháin sin a ghlacadh a osclóidh na taraif-chuótaí a d'fhéadfaí a dheonú mar thoradh ar chaibidlíocht maidir le lamháltais bhreise taraife de bhun Airteagal 29 de CCC, agus a dhéanfaidh foráil maidir lena riar.

(8)

Ba cheart dleachtanna a chur ar fionraí ina n-iomláine i gcás ina bhfuil dleachtanna ad valorem de 1 % nó níos lú, nó dleachtanna sonracha de EUR 1 nó níos lú, mar thoradh ar chóir fhabhrach.

(9)

Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta CCC a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(10)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 37(4) agus Airteagal 38(4) de CCC, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo, leagtar síos nósanna imeachta áirithe maidir le rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile (“CCC”).

Airteagal 2

Lámhaltais maidir le “mairteoil óg”

Glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 27(2) de CCC, maidir leis na taraif-chuótaí do tháirgí “mairteola óige”, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Lámhaltais bhreise

Más rud é, de bhun Airteagal 29 de CCC, go ndéantar lamháltais bhreise do tháirgí iascaigh a dheonú laistigh de na taraif-chuótaí, déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na dtaraif-chuótaí sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 12(4) den Rialachán seo.

Airteagal 4

Laghduithe taraife

1.   Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach.

2.   Más rud é gurb ionann toradh ríomh an ráta dleachta fabhraí de bhun mhír 1 agus ceann díobh seo a leanas, measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán:

(a)

1 % nó níos lú i gcás dleachtanna ad valorem; nó

(b)

EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid aonair i gcás dleachtanna sonracha.

Airteagal 5

Oiriúnuithe teicniúla

I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo, a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC, nó a thig as comhaontuithe nua, prótacail nua, malartuithe litreacha nua nó gníomhartha nua eile a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4).

Airteagal 6

Clásal cosanta ginearálta agus clásal ganntanais

1.   I gcás ina n-iarrann Ballstát ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 37 agus Airteagal 38 de CCC, cuirfidh sé an fhaisnéis is gá chun údar cuí a thabhairt don iarraidh ar fáil don Choimisiún chun tacú lena iarraidh.

2.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, arna iarraidh sin ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 37 agus Airteagal 38 de CCC comhlíonta, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

fógra a thabhairt do na Ballstáit láithreach má tá sé ag gníomhú ar a thionscnamh féin, nó má tá sé ag gníomhú ar bhonn iarraidh ó Bhallstát, laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil;

(b)

dul i gcomhairle leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 12(3) den Rialachán seo maidir leis na bearta atá beartaithe;

(c)

Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine a chur ar an eolas ag an am céanna agus fógra a thabhairt di maidir le tús a chur le comhairliúcháin sa Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas dá bhforáiltear in Airteagal 37(4) agus Airteagal 38(3) de CCC;

(d)

an fhaisnéis ar fad is gá le haghaidh na gcomhairliúchán dá dtagraítear i bpointe (c) a sholáthar ag an am céanna don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas.

3.   Ar na comhairliúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a bheith críochnaithe, agus mura mbeidh aon socrú indéanta eile ann, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4) den Rialachán seo nach ngníomhóidh sé nó nach nglacfaidh sé bearta iomchuí dá bhforáiltear in Airteagal 37 agus Airteagal 38 de CCC.

Cuirfear an Cinneadh sin in iúl láithreach don Chomhairle agus cuirfear in iúl freisin don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas é.

Beidh feidhm ag an gCinneadh sin láithreach.

4.   Measfar na comhairliúcháin sa Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a bheith críochnaithe 30 lá tar éis an fógra dá dtagraítear freisin sa phointe sin a fháil.

Airteagal 7

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcás ina dtiocfaidh imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 37(4) agus Airteagal 38(4) de CCC, féadfaidh an Coimisiún bearta láithreacha a ghlacadh de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 37 agus Airteagal 38 de CCC, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4) den Rialachán seo, nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 12(5) den Rialachán seo.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, glacfaidh an Coimisiún Cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

Airteagal 8

Clásal cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh

D'ainneoin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 6 agus Airteagal 7, na bearta is gá maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh ar bhonn Airteagal 30 nó Airteagal 37 de CCC, nó ar bhonn na bhforálacha sna hIarscríbhinní a ghabhann le CCC a chumhdaíonn na táirgí sin, mar aon le forálacha Phrótacal 3 a ghabhann leis, d'fhéadfaí iad a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis na rialacha ábhartha lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta nó margaí táirgí iascaigh agus dobarshaothraithe, nó i bhforálacha sonracha a ghlactar de bhun Airteagal 352 den Chonradh atá infheidhme maidir le táirgí ar toradh iad ar tháirgí talmhaíochta agus iascaigh a phróiseáil, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a bhunaítear de bhun Airteagal 30 de CCC nó Airteagal 37(3), (4) agus (5) de CCC.

Airteagal 9

Dumpáil

I gcás cleachtas ar dóchúil gur gá don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 36(1) de CCC a chur i bhfeidhm ina leith, déanfar tabhairt isteach beart frithdhumpála a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (8) agus an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 36(2) de CCC.

Airteagal 10

Iomaíocht

1.   I gcás cleachtas a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 69 de CCC ag an Aontas, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag Ballstát, an bhfuil cleachtas den sórt sin ag luí le CCC. I gcás inar gá, glacfaidh sé bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4) den Rialachán seo, ach amháin sna cásanna cúnaimh inar infheidhme Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (9) áit a ndéanfar bearta i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán sin. Ní dhéanfar bearta ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 69(5) de CCC.

2.   I gcás cleachtas lena bhféadfadh Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 69 de CCC, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil cleachtas den sórt sin ag luí leis an bprionsabal a leagtar amach in CCC. I gcás inar gá, déanfaidh sé na cinntí iomchuí ar bhonn critéir a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal 107 den Chonradh.

Airteagal 11

Calaois nó mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar

1.   Chun críche Airteagal 42 de CCC a fhorléiriú, is ionann mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar faoi mar a éilítear chun an cruthúnas ar thionscnamh a fhíorú agus, inter alia:

(a)

easnamh comhair riaracháin, amhail mainneachtain ainmneacha agus seoltaí na n-údarás custaim nó rialtais a sholáthar, ar údaráis iad atá freagrach as teastais tionscnaimh nó samplaí de stampaí a úsáidtear chun na teastais a fhíordheimhniú a eisiúint agus a sheiceáil, nó as an mainneachtain an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta nuair is iomchuí;

(b)

atheaspa gníomhaíochta nó gníomhaíocht neamh-leordhóthanach chun stádas tionscnaimh na dtairgí a fhíorú nó chun ceanglais eile Phrótacal 4 a ghabhann le CCC a chomhlíonadh nó chun sárú na rialacha tionscnaimh a aithint nó a chosaint;

(c)

athdhiúltú fíorú a dhéanamh dá éis sin, nó moill mhíchuí agus fíorú á dhéanamh dá éis sin, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, ar an gcruthúnas ar thionscnamh agus na torthaí a chur in iúl in am trátha;

(d)

athdhiúltú údarú a fháil, nó moill mhíchuí agus údarú á fháil, chun misin comhair riaracháin nó imscrúdaitheacha a dhéanamh i bPoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, chun barántúlacht doiciméad nó cruinneas faisnéise a fhíorú atá ábhartha chun an cóir fhabhrach a dheonaítear faoi CCC a dheonú, nó chun fiosrúcháin chuí a dhéanamh nó a shocrú chun sárú ar na rialacha tionscnaimh a aithint nó a chosc;

(e)

athmhainneachtain forálacha Phrótacal 5 a ghabhann le CCC maidir le cúnamh frithpháirteach riaracháin a chomhlíonadh i gcúrsaí custaim a mhéad a bhfuil sé ábhartha maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha trádála CCC.

2.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéis arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 42 de CCC, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

an Chomhairle a chur ar an eolas;

(b)

dul i mbun comhairliúcháin láithreach le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine chun teacht ar réiteach cuí faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 42 de CCC.

Sa bhreis air sin, féadfaidh an Coimisiún:

(a)

a éileamh ar na Ballstáit na bearta réamhchúraim is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;

(b)

fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina luafar go bhfuil forais ann le hamhras réasúnach maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha is ábhartha chun Airteagal 42 de CCC a chur i bhfeidhm.

3.   Go dtí go dtiocfar ar réiteach a bheidh sásúil do gach páirtí sna comhairliúcháin dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2, féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí eile a chinneadh a mheasann sé a bheith riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 42 de CCC, mar aon leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4) den Rialachán seo.

Airteagal 12

Nós imeachta coiste

1.   Chun críche Airteagal 2 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Chun críche Airteagal 4 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   Chun críche Airteagal 6, Airteagal 7, Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 13

Fógra

Beidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, freagrach as fógra a thabhairt don Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, faoi seach, mar a cheanglaítear faoi CCC.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 153/2002.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meitheamh 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2015.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 153/2002 ón gComhairle an 21 Eanáir 2002 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine a fheidhmiú (IO L 25, 29.1.2002, lch. 16).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)  IO L 84, 20.3.2004, lch. 13.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(10)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).


IARSCRÍBHINN I

Rialachán aisghairthe mar aon le liosta na leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin

Rialachán (CE) Uimh. 153/2002 ón gComhairle

(IO L 25, 29.1.2002, lch. 16)

 

Rialachán (CE) Uimh. 3/2003 ón gComhairle

(IO L 1, 4.1.2003, lch. 30)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 8 den Iarscríbhinn amháin.


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 153/2002

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 6

Airteagal 4

Airteagal 7

Airteagal 5

Airteagal 7a(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 7a(5), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 6(2), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 7a(5), an chéad fhleasc

Airteagal 6(2)(a)

Airteagal 7a(5), an dara fleasc

Airteagal 6(2)(b)

Airteagal 7a(5), an tríú fleasc

Airteagal 6(2)(c)

Airteagal 7a(5), an ceathrú fleasc

Airteagal 6(2)(d)

Airteagal 7a(6)

Airteagal 6(3)

Airteagal 7a(10)

Airteagal 6(4)

Airteagal 7b

Airteagal 7

Airteagal 7c

Airteagal 8

Airteagal 7d

Airteagal 9

Airteagal 7e

Airteagal 10

Airteagal 7f(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 11(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 7f(1), an chéad fhleasc

Airteagal 11(1)(a)

Airteagal 7f(1), an dara fleasc

Airteagal 11(1)(b)

Airteagal 7f(1), an tríú fleasc

Airteagal 11(1)(c)

Airteagal 7f(1), an ceathrú fleasc

Airteagal 11(1)(d)

Airteagal 7f(1), an cúigiú fleasc

Airteagal 11(1)(e)

Airteagal 7f(2), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 7f(2), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 7f(2), an chéad fhomhír, an dara fleasc

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 7f(2), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 11(2), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 7f(2), an dara fomhír, an chéad fhleasc

Airteagal 11(2), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 7f(2), an dara fomhír, an dara fleasc

Airteagal 11(2), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 7f(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 7fa

Airteagal 12

Airteagal 7g

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 8

Airteagal 15

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II