19.5.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

90


RIALACHÁN (AE) 2015/759 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2015

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Go ginearálta, tá éirithe leis an gCóras Staidrimh Eorpach (“CSE”), mar chomhpháirtíocht, a ghníomhaíochtaí a chomhdhlúthú chun forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh ar ardchaighdeán a áirithiú, lena n-áirítear trí rialachas ar CSE a fheabhsú.

(2)

Aithníodh roinnt laigí le déanaí, áfach, go háirithe maidir leis an gcreat chun cáilíocht staidrimh a bhainistiú.

(3)

Ina Theachtaireacht an 15 Aibreán 2011 dar teideal “I dtreo bainistiú cáilíochta stóinsithe do Staidreamh Eorpach” mhol an Coimisiún beart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na laigí sin agus chun an rialú a dhéantar ar CSE a neartú. Go háirithe, mhol sé leasú spriocdhírithe ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(4)

Ina conclúidí an 20 Meitheamh 2011, d'fháiltigh an Chomhairle roimh thionscnamh an Choimisiúin agus chuir sí béim ar an tábhacht a bhaineann le rialachas agus éifeachtúlacht CSE a fheabhsú an t-am ar fad.

(5)

Ba cheart tionchar na bhforbairtí is déanaí ar réimse an staidrimh i gcomhthéacs chreat rialú airgeadais an Aontais a chur san áireamh, go háirithe na gnéithe sin a bhaineann le neamhspleáchas gairmiúil amhail próisis earcaíochta agus dífhostaithe thrédhearcacha, cionrannta buiséadacha agus féilirí réamheisiúna, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chomh maith leis na gnéithe sin a bhaineann leis an gceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil a bheith ag comhlachtaí a bhfuil sé de chúram orthu faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme rialacha buiséadacha náisiúnta, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(6)

Níor cheart go mbeadh na gnéithe sin a bhaineann le neamhspleáchas gairmiúil, amhail próisis earcaíochta agus dífhostaithe thrédhearcacha, cionrannta buiséadacha agus féilirí réamheisiúna, teoranta i gcónaí don staidreamh a táirgeadh chun críocha an chórais um fhaireachas fioscach agus an nós imeachta um easnamh iomarcach ach ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an Staidreamh Eorpach uile arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh ag CSE.

(7)

Thairis sin, is coinníoll riachtanach chun neamhspleáchas gairmiúil na n-údarás staidrimh agus ardcháilíocht na sonraí staidrimh a áirithiú é leordhóthanacht na n-acmhainní a shanntar ar bhonn bliantúil nó ilbhliantúil agus atá ar fáil chun riachtanais staidrimh a chomhlíonadh.

(8)

Chuige sin, ba cheart neamhspleáchas gairmiúil na n-údarás staidrimh a neartú agus íoschaighdeáin, is infheidhme ar fud an Aontais, a áirithiú. Ba cheart ráthaíochtaí sonracha a sholáthar do cheannairí na n-institiúidí náisiúnta staidrimh (INSanna), i dtaobh cur i gcrích tascanna staidrimh, bainistiú eagraíochta agus leithdháileadh acmhainní. Ba cheart go mbeadh na nósanna imeachta chun ceannairí INSanna a earcú trédhearcach agus go mbeidís bunaithe ar chritéir ghairmiúla amháin. Ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar prionsabal an chomhionannais deiseanna a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinscne.

(9)

Cé go dteastaíonn neamhspleáchas gairmiúil láidir ar thaobh staitisteoirí chun Staidreamh Eorpach inchreidte a sholáthar, ba cheart don Staidreamh Eorpach freagairt freisin do riachtanais bheartais agus tacaíocht staidrimh a sholáthar do thionscnaimh nua bheartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

(10)

Tá sé riachtanach go ndéantar neamhspleáchas údarás staidrimh an Aontais (Eurostat) a chomhdhlúthú agus a ráthú trí bhíthin grinnscrúdú parlaiminteach éifeachtach agus go ndéantar neamhspleáchas INSanna a chomhdhlúthú agus a ráthú trí bhíthin cuntasacht dhaonlathach.

(11)

Ina theannta sin, ba cheart an ról comhordaithe atá sannta cheana d'INSanna a shoiléiriú maidir lena raon feidhme, d'fhonn comhordú níos éifeachtúla gníomhaíochtaí staidrimh ar an leibhéal náisiúnta a bhaint amach, lena n-áirítear bainistiú cáilíochta, agus ag an am céanna na cúraimí staidrimh a dhéanann an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) á gcur san áireamh go cuí. Sa mhéid go bhféadfaidh na Bainc Cheannais Náisiúnta (BCNanna) Staidreamh Eorpach a thiomsú ina gcáil mar chomhaltaí de CEBC, ba cheart go mbeadh dlúthchomhar idir INSanna agus BCNanna i gcomhréir le socruithe náisiúnta d'fhonn táirgeadh Staidrimh Eorpaigh ar bhealach iomlán agus comhtháite a áirithiú, agus an comhar riachtanach idir CSE agus CEBC á áirithiú ag an am céanna.

(12)

Chun an t-ualach ar údaráis staidrimh agus ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart go mbeadh INSanna agus údaráis náisiúnta eile in ann rochtain a fháil ar thaifid riaracháin agus iad a úsáid go pras agus saor in aisce, lena n-áirítear na cinn a chomhdaítear go leictreonach, agus na taifid sin a chomhtháthú le staidreamh.

(13)

Ba cheart go mbeadh sé furasta Staidreamh Eorpach a chur i gcomparáid agus rochtain a fháil orthu, agus ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta go pras agus go rialta chun a áirithiú go gcuirtear forbairtí san Aontas san áireamh go hiomlán i mbeartais agus i dtionscnaimh mhaoinithe de chuid an Aontais.

(14)

Thairis sin, ba cheart dul i gcomhairle le hINSanna go luath faoi dhearadh taifead nua riaracháin a d'fhéadfadh sonraí chun críocha staidrimh a sholáthar agus faoi athruithe atá beartaithe ar fhoinsí riaracháin atá ann cheana nó faoi dheireadh a chur leis na foinsí sin. Ba cheart go bhfaighidís freisin meiteashonraí ábhartha ó úinéirí sonraí riaracháin agus ba cheart dóibh gníomhaíochtaí caighdeánaithe a chomhordú maidir le taifid riaracháin atá ábhartha do tháirgeadh sonraí staidrimh.

(15)

Ba cheart rúndacht na sonraí a fhaightear ó thaifid riaracháin a chosaint faoi na prionsabail choiteanna agus na treoirlínte coiteanna is infheidhme maidir leis na sonraí rúnda ar fad a úsáidtear chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Ba cheart creataí measúnaithe cáilíochta a mbeadh feidhm acu maidir leis na sonraí sin, chomh maith le prionsabail trédhearcachta, a dhréachtú freisin agus ba cheart iad a fhoilsiú.

(16)

Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach úsáideoir ar na sonraí céanna ag an am céanna. Ba cheart d'INSanna féilirí réamheisiúna le haghaidh fhoilsiú na sonraí tréimhsiúla a dhréachtú.

(17)

D'fhéadfaí cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh a neartú agus muinín na n-úsáideoirí a threisiú, trí fhreagracht a chur ar na rialtais náisiúnta an Cód Cleachtais don Staidreamh Eorpach (an Cód Cleachtais) a chur i bhfeidhm. Chuige sin, ba cheart go n-áireofaí in “Gealltanas maidir le Muinín as Staidreamh” (Gealltanas) ag Ballstát, agus sainiúlachtaí náisiúnta á gcur san áireamh, gealltanais shonracha ó rialtas an Bhallstáit sin na coinníollacha maidir le cur chun feidhme an Chóid Cleachtais a fheabhsú nó a chaomhnú. D'fhéadfaí a chur san áireamh sa Ghealltanas, ar cheart é a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá, creataí náisiúnta dearbhaithe ardcháilíochta, lena n-áirítear féinmheasúnuithe, gníomhaíochtaí feabhsaithe agus sásraí faireacháin.

(18)

Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) gach beart is gá a ghlacadh chun go mbeidh rochtain éasca ar líne ar shraith sonraí iomlán agus atá furasta le húsáid. Más féidir, ba cheart go gcuirfear ar fáil le nuashonruithe tréimhsiúla faisnéis bliain ar bhliain agus mí ar mhí maidir le gach Ballstát.

(19)

Ós rud é nach mór táirgeadh Staidrimh Eorpaigh a bheith bunaithe ar phleanáil fhadtéarmach oibríochtúil agus airgeadais d'fhonn ardleibhéal neamhspleáchais a áirithiú, ba cheart go gcumhdófaí leis an gClár Staidrimh Eorpach an tréimhse chéanna a chumhdaítear leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

(20)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid d'fhorálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (6). Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena n-aisghairtear Cinneadh 1999/468/CE, ba cheart na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún a ailíniú leis an gcreat dlíthiúil nua sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuireann na gníomhartha cur chun feidhme sin ualach suntasach breise riaracháin ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

(21)

Ba cheart go mbeadh an chumhacht ag an gCoimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gceanglas cáilíochta a áirithiú trí rialacha mionsonraithe, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta atá cumhdaithe ag reachtaíocht earnálach a leagan síos, i gcás nach ndéantar foráil i reachtaíocht staidrimh earnálach maidir leo sin. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuireann na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise riaracháin ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

(22)

Tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha a chur chun feidhme. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d'fhonn na socruithe, rialacha agus coinníollacha a rialaíonn rochtain den sórt sin ar leibhéal an Aontais a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(23)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialachas an CSE a threisiú, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr an cheanglais sonraí inchreidte bunaithe ar leibhéal an Aontais a bheith ann, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(24)

Ba cheart neamhspleáchas CEBC i gcomhlíonadh a chúraimí mar a thuairiscítear iad i bPrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh a urramú go hiomlán agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 130 agus le hAirteagal 338 CFAE.

(25)

Chuathas i gcomhairle le Coiste CSE.

(26)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

‘neamhspleáchas gairmiúil’, arb é atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar shlí neamhspleách, go háirithe maidir le roghnú teicníochtaí, sainmhínithe, modheolaíochtaí agus foinsí a bheidh le húsáid, agus uainiú agus inneachar i leith na bhfoirmeacha uile maidir le scaipeadh a dhéanamh, agus go bhfuil cur i gcrích na gcúraimí sin saor ó aon bhrú ó ghrúpaí polaitiúla, ó ghrúpaí sainleasa, ó údaráis náisiúnta nó ó údaráis an Aontais;”

.

(2)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gníomhóidh an t-údarás náisiúnta staidrimh a ainmneoidh gach Ballstát mar an comhlacht a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí uile ar an leibhéal náisiúnta maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, a chinntear sa Chlár Staidrimh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 1, (INS) i dtaca leis seo mar an t-aon phointe teagmhála don Choimisiún (Eurostat) maidir le hábhair staidrimh.

Cumhdóidh freagracht chomhordaithe INS gach údarás náisiúnta eile a bheidh freagrach as forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh, a chinntear sa Chlár Staidrimh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 1. Go háirithe, beidh INS freagrach ar an leibhéal náisiúnta as clárú agus tuairisciú staidrimh, faireachán ar cháilíocht, modheolaíocht, tarchur sonraí agus cumarsáid faoi bhearta staidrimh CSE a chomhdordú. Sa mhéid go bhféadfaidh na Bainc Cheannais Náisiúnta (BCNanna) roinnt den Staidreamh Eorpach sin a thiomsú ina gcáil mar chomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), beidh dlúthchomhar idir INSanna agus BCNanna i gcomhréir le socruithe náisiúnta d'fhonn táirgeadh Staidrimh Eorpaigh ar bhealach iomlán agus comhtháite a áirithiú, agus an comhar riachtanach idir CSE agus CEBC mar a leagtar amach in Airteagal 9 á áirithiú ag an am céanna.”

.

(3)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

Ceannairí INSanna agus ceannairí staidrimh údarás náisiúnta eile

1.   Laistigh dá gcóras staidrimh náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit neamhspleáchas gairmiúil na n-oifigeach atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Chuige sin, déanfaidh ceannairí INSanna an méid seo a leanas:

(a)

beidh an fhreagracht aonair orthu as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú na n-eisiúintí staidrimh agus na bhfoilseachán le haghaidh Staidreamh Eorpach arna bhforbairt, arna dtáirgeadh agus arna scaipeadh ag INS;

(b)

cumhachtófar dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le gach ábhar a bhaineann le bainistíocht inmheánach INS;

(c)

gníomhóidh siad ar bhealach neamhspleách agus iad ag comhlíonadh a gcuid cúraimí staidrimh; agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon rialtas ná institiúid, comhlacht, oifig ná eintiteas eile;

(d)

beidh siad freagrach as gníomhaíochtaí staidrimh INS agus cur i bhfeidhm bhuiséad INS;

(e)

foilseoidh siad tuarascáil bhliantúil agus féadfaidh siad barúlacha a chur in iúl maidir le saincheisteanna a bhaineann le leithdháileadh an bhuiséid i ndáil le gníomhaíochtaí staidrimh INS;

(f)

déanfaidh siad comhordú ar ghníomhaíochtaí staidrimh gach údaráis náisiúnta atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1);

(g)

déanfaidh siad treoirlínte náisiúnta a tháirgeadh, i gcás inar gá sin chun cáilíocht a áirithiú i bhforbairt, táirgeadh agus scaipeadh an Staidrimh Eorpaigh uile laistigh dá gcórais náisiúnta staidrimh agus déanfaidh siad faireachán agus athbhreithniú ar chur chun feidhme an staidrimh sin; agus ag an am céanna beidh siad freagrach, as comhlíonadh na dtreoirlínte sin a áirithiú, laistigh d'INS amháin; agus

(h)

déanfaidh siad ionadaíocht thar ceann a gcóras náisiúnta staidrimh laistigh de CSE.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta eile atá freagrach as forbairt, táirgeadh agus scaipeadh an Staidrimh Eorpaigh na cúraimí sin a chur i gcrích i gcomhréir leis na treoirlínte náisiúnta arna dtáirgeadh ag ceannaire INS.

4.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta chun ceannairí INSanna agus, i gcás inarb iomchuí, ceannairí staidrimh ar údaráis náisiúnta eile a tháirgeann Staidreamh Eorpach a earcú agus a cheapadh trédhearcach agus go mbeidh siad bunaithe ar chritéir ghairmiúla amháin. Áireofar leis na nósanna imeachta sin go ndéanfar prionsabal an chomhionannais deiseanna a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinscne. Maidir leis na cúiseanna le ceannairí INSanna a bhriseadh as a bpoist nó iad a aistriú chuig poist eile, ní bhainfidh siad an bonn don neamhspleáchas gairmiúil.

5.   Féadfaidh gach Ballstát comhlacht náisiúnta a bhunú lena áirithiú go dtabharfar neamhspleáchas gairmiúil do tháirgeoirí Staidrimh Eorpaigh. Féadfaidh ceannairí INSanna agus, i gcás inarb iomchuí, ceannairí staidrimh údarás náisiúnta eile a tháirgeann Staidreamh Eorpach comhairle a fháil ó na comhlachtaí sin. Beidh na nósanna imeachta chun comhaltaí na gcomhlachtaí sin a earcú, a aistriú agus a bhriseadh as a bpoist trédhearcach agus is ar chritéir ghairmiúla amháin a bhunófar iad. Áiritheoidh na nósanna imeachta sin go ndéanfar prionsabal an chomhionannais deiseanna a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinscne.”

.

(4)

In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Ag gníomhú dó go neamhspleách, áiritheoidh an Coimisiún (Eurostat), ar leibhéal an Aontais, go dtáirgfear Staidreamh Eorpach de réir na rialacha agus na bprionsabal staidrimh atá bunaithe.

3.   Gan dochar d'Airteagal 5 de Phrótacal Uimh 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) comhordú ar ghníomhaíochtaí staidrimh institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe d'fhonn comhsheasmhacht agus cáilíocht na sonraí a áirithiú agus an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) cuireadh a thabhairt d'aon institiúid nó d'aon chomhlacht de chuid an Aontais dul i gcomhairle nó i gcomhar leis d'fhonn modhanna agus córais a fhorbairt chun críocha staidrimh ina réimse inniúlacht faoi seach. Rachaidh aon cheann de na hinstitiúidí nó de na comhlachtaí sin a thograíonn staidreamh a tháirgeadh i gcomhairle leis an gCoimisiún (Eurostat) agus cuirfear aon mholadh a d'fhéadfadh sé a dhéanamh chuige sin san áireamh.”

.

(5)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 6a

Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin (Eurostat)

1.   Is é Eurostat údarás staidrimh an Aontais agus Ard-Stiúrthóireacht de chuid an Choimisiúin. Beidh Ard-Stiúrthóir i gceannas air.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an nós imeachta chun Ard-Stiúrthóir Eurostat a earcú trédhearcach agus go mbeidh sé bunaithe ar chritéir ghairmiúla amháin. Áireofar leis an nós imeachta go ndéanfar prionsabal an chomhionannais deiseanna a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinscne.

3.   Is ar an Ard-Stiúrthóir amháin a bheidh freagracht aonair as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú na n-eisiúintí staidrimh agus na bhfoilseachán a bhaineann leis an staidreamh ar fad arna tháirgeadh ag Eurostat. Agus na cúraimí staidrimh sin á ndéanamh aige, gníomhóidh an tArd-Stiúrthóir ar bhealach neamhspleách agus ní lorgóidh sé ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile.

4.   Is é Ard-Stiúrthóir Eurostat a bheidh freagrach as gníomhaíochtaí staidrimh Eurostat. I gcreat an idirphlé staidrimh, agus díreach tar éis an duine a bheith ceaptha ag an gCoimisiún agus, ina dhiaidh sin, go bliantúil, tiocfaidh Ard-Stiúrthóir Eurostat os comhair choiste ábhartha Pharlaimint na hEorpa chun plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le rialachas staidrimh, le modheolaíocht agus le nuálaíocht staidrimh. Foilseoidh Ard-Stiurthóir Eurostat tuarascáil bhliantúil.”

.

(6)

In Airteagal 11, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“3.   Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún gach beart is gá chun muinín sa Staidreamh Eorpach a choimeád. Chuige sin, le ‘Gealltanais maidir le Muinín as Staidreamh’ (na Gealltanais) ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, díreofar tuilleadh ar a áirithiú go mbeidh muinín ag an bpobal as an Staidreamh Eorpach agus díreofar ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme phrionsabail an staidrimh atá sa Chód Cleachtais. Áireofar ar na Gealltanais gealltanais shonracha beartais lena gcuirfear feabhas, de réir mar is gá, ar na coinníollacha a bhaineann leis an gCód Cleachtais a chur chun feidhme nó lena ndéanfar iad a chothabháil agus foilseofar iad in éineacht le hachoimre do na saoránaigh.

4.   Maidir leis na Gealltanais ag na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta orthu ar bhonn tuarascálacha bliantúla a sheolfaidh na Ballstáit agus tabharfar cothrom le dáta iad de réir mar is gá.

In éagmais Gealltanas a fhoilsiú faoin 9 Meitheamh 2017, cuirfidh Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin agus foilseoidh sé tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Chóid Chleachtais agus, i gcás inarb infheidhme, tuarascáil ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh i leith Gealltanas a bhunú. Déanfar na tuarascálacha ar dhul chun cinn sin a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil, gach dhá bhliain ar a laghad tar éis an dáta a bhfoilseofar don chéad uair iad.

Faoin 9 Meitheamh 2018 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na Gealltanais arna bhfoilsiú agus, i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha ar dhul chun cinn.

5.   Déanfaidh an Bord Comhairleach um Rialachas Staidrimh Eorpach (ESGAB) faireachán rialta ar an nGealltanas arna bhunú ag an gCoimisiún. An measúnú a dhéanann ESGAB ar chur chun feidhme an Ghealltanais, déanfar é a áireamh sa tuarascáil bhliantúil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 235/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*). Tabharfaidh ESGAB tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme an Ghealltanais faoin 9 Meitheamh 2018.

(*)  Cinneadh Uimh. 235/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Bord Comhairleach um Rialachas Staidrimh Eorpach (IO L 73, 15.3.2008, lch. 17).”"

.

(7)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Féadfar riachtanais shonracha i dtaca le cáilíocht, amhail spriocluachanna agus íoschaighdeáin don táirgeadh staidrimh, a leagan síos freisin sa reachtaíocht earnála.

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach na critéir cháilíochta a leagtar síos i mír 1 ar na sonraí atá cumhdaithe ag reachtaíocht earnála sna réimsí sonracha staidrimh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta atá cumhdaithe ag reachtaíocht earnála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

3.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) na tuarascálacha maidir le cáilíocht na sonraí arna dtarchur, lena n-áirítear aon ábhair lena gcuirfear imní orthu maidir le cruinneas na sonraí. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar bhonn anailís iomchuí, agus déanfaidh sé tuarascálacha agus teachtaireachtaí a ullmhú agus a fhoilsiú maidir le cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh.”

;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4.   Ar mhaithe le trédhearcacht, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcás inarb iomchuí, a mheasúnú ar cháilíocht na rannchuidithe náisiúnta leis an Staidreamh Eorpach a phoibliú.

5.   I gcás ina ndéantar foráil i reachtaíocht earnála d'fhíneálacha a ghearradh i gcásanna ina gcuireann Ballstáit mífhaisnéis faoi shonraí staidrimh in iúl, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na Conarthaí agus le reachtaíocht earnála den sórt sin, imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh, de réir mar is gá, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireacht ar an láthair d'fhonn a shuí ar cuireadh mífhaisnéis den sórt sin in iúl d'aonghnó, an mífhaisnéis thromchúiseach í nó an raibh mórfhaillí i gceist léi.”

.

(8)

In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Leis an gClár Staidrimh Eorpach soláthrófar an creat chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus leagfar amach ann príomhréimsí agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe do thréimhse a chomhfhreagraíonn do thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é a ghlacadh. Déanfar a thionchar agus a éifeachtacht costais a mheasúnú agus leas á bhaint as ionchur ó shaineolaithe neamhspleácha.”

.

(9)

In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh maidir le beart staidrimh a bheidh díreach agus sealadach ar choinníoll:

(a)

nach bhforálann an ghníomhaíocht do bhailiú sonraí a mbeidh níos mó ná trí bliana tagartha á gcuimsiú aige;

(b)

go bhfuil na sonraí ar fáil cheana nó go bhfuil rochtain orthu cheana laistigh d'INSanna nó de na húdaráis náisiúnta eile a bhfuil freagracht orthu, nó go bhféadfar na sonraí a fháil go díreach, trí na samplaí iomchuí a úsáid i mbreathnóireacht ar an tiomsú staidrimh daonra ar leibhéal an Aontais, le comhordú leordhóthanach le hINSanna nó leis na húdaráis náisiúnta eile; agus

(c)

go ndéanann an tAontas ranníocaíochtaí airgeadais le hINSanna agus leis na húdaráis náisiúnta eile chun go gcumhdófar na costais incriminteacha a thabhóidh siad, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

(**)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).”"

.

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

Clár oibre bliantúil

Cuirfidh an Coimisiún a chlár oibre bliantúil faoi bhráid Choiste CSE faoin 30 Aibreán don bhliain ina dhiaidh sin.

Agus gach clár oibre bliantúil á ullmhú aige, áiritheoidh an Coimisiún go leagfar síos tosaíochtaí ar bhonn éifeachtach, lena n-áirítear an t-athbhreithniú agus an tuairisciú a dhéanfar ar thosaíochtaí staidrimh agus leithdháileadh acmhainní airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún barúlacha Choiste CSE san áireamh go lánmhaith. Is ar an gClár Staidrimh Eorpach a bheidh gach clár oibre bliantúil bunaithe, agus tabharfar le fios iontu, go háirithe:

(a)

na gníomhaíochtaí a mheasann an Coimisiún go bhfuil tosaíocht acu, agus riachtanais bheartais an Aontais, agus srianta airgeadais náisiúnta agus Aontais agus an t-ualach freagartha á gcur san áireamh;

(b)

tionscnaimh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar thosaíochtaí, lena n-áirítear tosaíochtaí diúltacha, agus an laghdú ar an ualach ar sholáthróirí sonraí agus ar tháirgeoirí staidrimh araon; agus

(c)

na nósanna imeachta agus aon ionstraimí dlí a bheartaíonn an Coimisiún chun an clár oibre bliantúil a chur chun feidhme.”

.

(11)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 17a

Rochtain ar thaifid riaracháin, úsáid agus comhtháthú na dtaifead sin

1.   Chun an t-ualach ar fhreagróirí a laghdú, beidh sé de cheart ag INSanna, ag údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 4 agus ag an gCoimisiún (Eurostat) rochtain a fháil ar gach taifead riaracháin agus iad a úsáid, go pras agus saor in aisce, agus na taifid riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh, a mhéid is gá chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, ar staidreamh é a chinnfear sa Chlár Staidrimh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 1.

2.   Rachfar i mbun comhairle le hINSanna agus leis an gCoimisiún (Eurostat) maidir le ceapadh tosaigh taifead riaracháin, lena bhforbairt ina dhiaidh sin agus lena scor, ar taifid iad a rinne comhlachtaí eile a fhorbairt agus a chothabháil, beidh na hINSanna agus an Coimisiún (Eurostat) páirteach sa comhairliúchán sin, agus ar an gcaoi sin éascófar úsáid breise na dtaifead sin ar mhaithe le Staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Beidh siad páirteach sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe maidir le taifid riaracháin a bheidh ábhartha chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh.

3.   Déanfar an rochtain a bheidh ag INSanna, ag údaráis náisiúnta eile agus ag an gCoimisiúin (Eurostat) mar aon lena rannpháirtíocht de bhun mhír 1 agus mhír 2 a theorannú do rochtain ar thaifid riaracháin laistigh dá gcóras riaracháin phoiblí féin.

4.   Taifid riaracháin a chuirfidh a n-úinéirí ar fáil do INSanna, d'údaráis náisiúnta eile agus don Choimisiún (Eurostat) chun go bhféadfar iad a úsáid le haghaidh Staidreamh Eorpach a tháirgeadh, beidh meiteashonraí ábhartha ag gabháil leo.

5.   Déanfaidh INSanna agus úinéirí taifead riaracháin na sásraí comhair is gá a bhunú.”

.

(12)

In Airteagal 20(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Glacfaidh INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) na bearta uile is gá chun go n-áiritheofar ailíniú na bprionsabal agus na dtreoirlínte maidir le cosaint fhisiceach agus cosaint loighiciúil sonraí rúnda. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar ailíniú den sórt sin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gan an Rialachán seo a fhorlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).”

.

(13)

In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe, na rialacha agus na coinníollacha maidir le rochtain ar leibhéal an Aontais a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).”

.

(14)

Scriostar Airteagal 24.

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

Sárú ar rúndacht staidrimh

Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí chun cosc a chur ar aon sárú ar an rúndacht staidrimh agus pionóis a ghearradh i leith sáruithe dá leithéid. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.”

.

(16)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

“Airteagal 27

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste CSE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(***)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”"

.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  IO C 374, 4.12.2012, lch. 2.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 5 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireachán agus measúnú ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lch. 11).

(6)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).