19.5.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

50


RIALACHÁN (AE) 2015/756 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2015

lena gcuirtear lamháltais áirithe ar fionraí maidir le hallmhairiú táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce isteach san Aontas

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 (3) a leasú go substaintiúil (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Faoin gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc (5) (“an Comhaontú”) deonaíodh lamháltais don tír sin i leith táirgí talmhaíochta áirithe.

(3)

Déantar foráil le Cinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce (6) maidir le feabhsú agus comhdhlúthú na bhfabhar trádála maidir le hallmhairiú táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce isteach san Aontas agus bunaítear sraith lamháltas d'onnmhairí feola agus ainmhithe beo chuig an Tuirc.

(4)

Ó 1996 i leith tá toirmeasc curtha ag an Tuirc ar allmhairiú ainmhithe beo (cód AC 0102) den speiceas buaibheach agus tá srianta ar allmhairiú mairteola (cóid AC 0201-0202). Níl na bearta sin, ar srianta cainníochtúla iad, ar aon dul leis an gComhaontú agus dá dheasca sin ní féidir leis an Aontas tairbhe a bhaint as na lamháltais a deonaíodh dó faoi Chinneadh Uimh. 1/98. In ainneoin in idirphlé lena rabhthas ag súil go bhféadfaí teacht ar réiteach caibidlithe leis an Tuirc ar an bhfadhb, tá na srianta cainníochtúla fós i bhfeidhm.

(5)

De dheasca na mbeart sin, tá bac ar onnmhairí na dtáirgí i dtrácht de thionscnamh an Aontais chuig an Tuirc. Chun leasanna tráchtála an Aontais a chosaint, ba cheart na dálaí a fhrithchothromú trí bhíthin beart coibhéiseach. Dá bhrí sin ba cheart na lamháltais a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo a chur ar fionraí.

(6)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an dá tharaif-chuóta a leagtar amach in Iarscríbhinn I curtha ar fionraí.

Airteagal 2

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fionraí dá dtagraítear in Airteagal 1 a fhoirceannadh a luaithe is a chuirfear na bacainní ar onnmhairí fabhracha ón Aontas go dtí an Tuirc i leataobh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

Airteagal 3

1.   Tabharfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) cúnamh don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina bhfuil tuairim an Choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, taobh istigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an Choiste ar a laghad amhlaidh.

Airteagal 4

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1506/98.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 20 Aibreán 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle an 13 Iúil 1998 lena mbunaítear lamháltas i bhfoirm taraif-chuóta Comhphobail don Tuirc in 1998 i leith cnónna coill agus lena gcuirtear lamháltais áirithe ar fionraí (IO L 200, 16.7.1998, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn II.

(5)  IO 217, 29.12.1964, lch. 3687/64.

(6)  Cinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce an 25 Feabhra 1998 maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta (IO L 86, 20.3.1998, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).


IARSCRÍBHINN I

Sraithuimhir

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

Méid an chuóta in aghaidh na bliana nó in aghaidh na tréimhse a léirítear (tonaí)

Ráta dleachta custaim is infheidhme

09.0217

ex 0807 11 00

Mealbhacáin uisce, úra:

14 000

Saor

ón 16 Meitheamh go dtí an 31 Márta

09.0207

2002 90 31

Trátaí, ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, seachas iomlán nó i bpíosaí, ina bhfuil ábhar tirim de 12 % nó níos mó de réir meáchain

30 000 ina bhfuil ábhar tirim 28-30 % de réir meáchain

Saor

09.0209

2002 90 39

2002 90 91

2002 90 99


IARSCRÍBHINN II

An Rialachán aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle

(IO L 200, 16.7.1998, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 255/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 84, 20.3.2014, lch. 57)

Airteagal 3 amháin


IARSCRÍBHINN III

An Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1506/98

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 1

Airteagal 3

Airteagal 2

Airteagal 3a

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III