30.12.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

5


RIALACHÁN (AE) Uimh 1384/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Nollaig 2014

maidir le cóir tharaife d'earraí de thionscnamh Eacuadór

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 329 den Chomhaontú Trádála idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (2) ('an Comhaontú') a síníodh an 26 Meitheamh 2012 d'aontachas féideartha Balltíortha eile Chomhphobal na nAindéas leis an gComhaontú.

(2)

Ag leanúint ó iarratas Eacuadór an chaibidlíocht leis an Aontas le bheith ina Pháirtí sa Chomhaontú a atosú, cuireadh caibidlíocht idir an tAontas agus Eacuadór i gcrích in 2014. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, inisilíodh Prótacal Aontachais Eacuadór leis an gComhaontú ('an Prótacal Aontachais') an 12 Nollaig 2014.

(3)

Tar éis an Prótacal Aontachais a inisiliú, tá comhaontú idirthréimhseach cómhalartach riachtanach chun limistéar saorthrádála le hEacuadór a bhunú sa chaoi nach gcuirfear isteach ar thrádáil gan ghá. Dá bhrí sin, amhail ón 1 Eanáir 2015, níor cheart go méadófaí na dleachtanna custaim a bhí i bhfeidhm ar dháta inisilithe an Phrótacail Aontachais ná go gcuirfí dleachtanna custaim nua i bhfeidhm ar earraí de thionscnamh Eacuadór.

(4)

Dá bhrí sin, déantar foráil sa Rialachán seo go bhfanfaidh na rátaí dleachta is infheidhme maidir le hearraí de thionscnamh Eacuadór an 12 Nollaig 2014 ag an leibhéal reatha amhail ón 1 Eanáir 2015.

(5)

Tá an chóir tharaife dá bhforáiltear faoin Rialachán seo gan dochar do bhearta arna ndéanamh faoi Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 (3), Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (4) nó Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (5).

(6)

Mar choinníoll ar a gcuirfear an chóir tharaife dá bhforáiltear faoin Rialachán i bhfeidhm, ba cheart d'Eacuadór staonadh ó aon dleachtanna nua nó muirir nua a mbeadh éifeacht choibhéiseach acu a thabhairt isteach, ó aon srianta cainníochtúla nua nó bhearta nua a mbeadh éifeacht choibhéiseach acu maidir le hallmhairí ón Aontas a thabhairt isteach, ó na leibhéil ag a bhfuil na dleachtanna nó na muirir faoi láthair a ardú nó ó aon srianta eile a thabhairt isteach ón 12 Nollaig 2014.

(7)

Lena áirithiú go leanfaidh Eacuadór lena thiomantas do phríomhchoinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus cearta saothair, cosaint an chomhshaoil agus dea-rialachas, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith faoi réir chur chun feidhme leanúnach éifeachtach na gcoinbhinsiún sin ag Eacuadór.

(8)

Chun aon bhaol calaoise a chosc, chun a bheith i dteideal leas a bhaint as an gcóir tharaife dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, ba cheart go mbeadh sé mar choinníoll go gcomhlíonfadh Eacuadór na rialacha ábhartha maidir le tionscnamh earraí agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin.

(9)

Is gá foráil a dhéanamh go gcuirfear dleachtanna Comhtharaife Custaim i bhfeidhm i gcás aon earraí de thionscnamh Eacuadór is cúis nó is baol a bheith ina gcúis le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo, faoi réir imscrúdaithe ag an gCoimisiún.

(10)

I gcás ina sáraítear aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an chóir tharaife dá bhforáiltear ann a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach go ceann tréimhse shealadach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(11)

Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go dtí sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm nó dháta cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Aontachais, agus go dtí an 31 Nollaig 2016 ar a dhéanaí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn 'cóir tharaife' na dleachtanna custaim agus an chóir chustaim a chuirtear i bhfeidhm ar earraí de thionscnamh Eacuadór dá bhforáiltear in Airteagal 2;

(b)

ciallaíonn 'dleachtanna Comhtharaife Custaim' na dleachtanna a shonraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (7), seachas na dleachtanna sin arna mbunú mar chuid de chuótaí taraife;

(c)

ciallaíonn 'earraí de thionscnamh Eacuadór' táirge/táirgí a chomhlíonann na ceanglais maidir le tionscnamh faoi Theideal II, Caibidil 2 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle (8) agus, ag brath ar an gcóir tharaife arna lorg, de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo, Teideal IV, Caibidil 1 nó Teideal IV, Caibidil 2, Roinn 1 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún (9).

Airteagal 2

Cóir tharaife

1.   Dleachtanna custaim a chuirtear i bhfeidhm ar earraí de thionscnamh Eacuadór an 12 Nollaig 2014, ní mhéadófar iad agus ní chuirfear aon dleacht chustaim nua a thabharfar isteach tar éis an dáta sin i bhfeidhm ar na hearraí sin.

2.   Cuirfear an cóir tharaife dá bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm gan dochar d'aon bheart arna dhéanamh faoi Rialachán (CE) Uimh. 260/2009, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 nóRialachán (CE) Uimh. 1225/2009.

Airteagal 3

Coinníollacha chun bheith i dteideal na córa taraife

Beidh teidlíocht chun leas a bhaint as an gcóir tharaife a leagtar amach in Airteagal 2 faoi réir an méid seo a leanas:

(a)

Eacuadór do chomhlíonadh na rialacha maidir le tionscnamh dá tagraítear in Airteagal 1(c) agus na nósanna imeachta a mbaineann leo, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, forálacha maidir le comhar riaracháin éifeachtach is infheidhme an 12 Nollaig 2014;

(b)

staonadh Eacuadór ó aon dleachtanna nua nó muirir nua a mbeadh an éifeacht choibhéiseach acu a thabhairt isteach agus aon srianta cainníochtúla nua nó bearta nua a thabhairt isteach a mbeadh an éifeacht choibhéiseach acu ar allmhairí ón Aontas nó ó na leibhéil ag a bhfuil na dleachtanna nó na muirir faoi láthair a ardú nó ó aon srianta eile a thabhairt isteach ón 12 Nollaig 2014;

(c)

daingniú ar thaobh Eacuadór ar na cúnaint, coinbhinsiúin agus prótacail a liostaítear san Iarscríbhinn a choimeád agus a gcur chun feidhme éifeachtacht a áirithiú, agus glacadh gan forchoimeádas leis na ceanglais maidir le tuairisciú, faireachán agus athbhreithniú tráthrialta ar a theist cur chun feidhme i gcomhréir le forálacha na gcúnant, na gcoinbhinsiún agus na bprótacal atá daingnithe aige;

(d)

comhoibriú idir Eacuadór agus an Coimisiún agus gach eolas is gá a sholáthar chun measúnú a dhéanamh go bhfuil na ceanglais i bpointe (c) á gcomhlíonadh ag Eacuadór;

(e)

an Eacuadór do dhéanamhiarrachtaí leanúnacha chun an Prótacal Aontachais a shíniú agus a dhaingniú.

Airteagal 4

Fionraí shealadach

Má chinneann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an chóir tharaife a chur ar fionraí go ceann tréimhse shealadach, i ndáil le gach earra nó le hearraí áirithe de thionscnamh Eacuadór. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Airteagal 5

Clásal cosanta

I gcás ina ndéantar earraí de thionscnamh Eacuadór a allmhairiú i méideanna agus/nó ar phraghsanna is cúis nó is baol a bheith ina gcúis le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leis an táirge sin, féadfaidh an Coimisiún na dleachtanna Comhtharaife Custaim ar na hearraí sin a thabhairt isteach athuair ag leanúint na rialacha nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), mutatis mutandis.

Airteagal 6

Nós imeachta coiste

1.   Chun críocha chur chun feidhme Airteagal 4 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 248a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm, cur i bhfeidhm agus dul in éag

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2015.

Rachaidh an Rialachán seo in éag sé mhí tar éis don Phrótacal Aontachais theacht i bhfeidhm nóa chur i bhfeidhm go sealadach, nó ar an 31 Nollaig 2016, cibé acu is túisce a tharlóidh. Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh má scoireann an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige roimh an 31 Nollaig 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 18 Nollaig 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. GOZI


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Nollaig 2014.

(2)  IO L 354, 21.12.2012, lch. 3.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d’allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.07.2009, lch. 93).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, Lch. 51).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhthairif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(8)  Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 302, 19.10.1992, lch. 1).

(9)  Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 253, 11.10.1993, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme an clásal cosanta déthaobhach agus an sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (IO L 17, 19.1.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

CÚNAINT, COINBHINSIÚIN AGUS PRÓTACAIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(C)

COINBHINSIÚIN NA/EIS I DTACA LE BUNCHEARTA AN DUINE AGUS CEARTA SAOTHAIR

1.

An Coinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú (1948)

2.

An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú (1965)

3.

An Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Sibhialta agus Polaitiúla (1966)

4.

An Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (1966)

5.

An Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (1979)

6.

An Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach (1984)

7.

An Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (1989)

8.

An Coinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais nó Éigeantach, Uimh. 29 (1930)

9.

An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, Uimh. 87 (1948)

10.

An Coinbhinsiún maidir leis na Prionsabail a Chur i bhFeidhm i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, Uimh. 98 (1949)

11.

An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothar Comhionann d'Oibrithe Fireanna agus Baineanna ar Obair arb Ionann a Luach, Uimh. 100 (1951)

12.

An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a chur ar ceal, Uimh. 105 (1957)

13.

An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú i gcúrsaí Fostaíochta agus Slí Bheatha, Uimh. 111 (1958)

14.

An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta ag a nGlacfar Duine Isteach i bhFostaíocht, Uimh. 138 (1973)

15.

An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí a Thoirmeasc agus le Beart Láithreach chun iad a Dhíchur, Uimh. 182 (1999)

COINBHINSIÚIN MAIDIR LEIS AN GCOMHSHAOL AGUS MAIDIR LE PRIONSABAIL RIALACHAIS

16.

An Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (1973)

17.

Prótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin (1987)

18.

Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (1989)

19.

An Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (1992)

20.

Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (1992)

21.

Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht (2000)

22.

Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (2001)

23.

Prótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (1998)

24.

Coinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha (1961)

25.

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Shubstaintí Síceatrópacha (1971)

26.

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha (1988)

27.

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Éillithe (2004)