27.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

155


RIALACHÁN (AE) Uimh. 662/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 i ndáil le cur chun feidhme teicniúil Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 8 Nollaig 2012, ag a hochtú seisiún, rinne Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto, Leasú Doha a ghlacadh, leasú lenar bunaíodh dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto, ar cuireadh tús léi an 1 Eanáir 2013 agus a rachaidh in éag an 31 Nollaig 2020 (“Leasú Doha”).

(2)

Le hAirteagal 4 de Phrótacal Kyoto foráiltear don fhéidearthacht atá ag na Páirtithe a ngealltanais a chomhlíonadh go comhpháirteach faoi Airteagal 3 de Phrótacal Kyoto. Tráth a glacadh Leasú Doha, chuir an tAontas agus a Bhallstáit, mar aon leis an gCróit agus an Íoslainn, in iúl go bhfuil an teorannú astaíochta cainníochtaithe agus na gealltanais laghdaithe astaíochtaí don Aontas, dá chuid Ballstát, don Chróit agus don Íoslainn don dara tréimhse gealltanais faoi Phrótacal Kyoto bunaithe ar an tuiscint go gcomhlíonfar iad seo go comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Kyoto. Léirítear an ráiteas sin i dTuarascáil na Comhdhála agus d’fhormhuinigh an Chomhairle é an 17 Nollaig 2012.

(3)

I bPrótacal Kyoto, ceanglaítear ar Pháirtithe a tháinig ar comhaontú a ngealltanais a chomhlíonadh faoi Airteagal 3 de Phrótacal Kyoto an leibhéal astaíochta faoi seach a leithdháiltear dóibh a leagan amach go comhpháirteach sa chomhaontú sin. I bPrótacal Kyoto, ceanglaítear ar na Páirtithe i gcomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh fógra a thabhairt do Rúnaíocht an UNFCCC maidir le téarmaí an chomhaontaithe sin an dáta a ndéanfar a n-ionstraimí glactha a thaisceadh.

(4)

Mar gheall ar thabhairt i gcrích Leasú Doha, ar chur chun feidhme cinntí tionlacan ó Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto agus ar chomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh, ceanglófar go mbunófar rialacha le cur chun feidhme teicniúil an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto san Aontas a áirithiú, lena n-áirítear an t-aistriú ón gcéad tréimhse gealltanais go dtí an dara ceann, le hoibríocht éifeachtach comhaontaithe chomhlíonta chomhpháirtigh a chumasú, agus chun a áirithiú go bhfuil sé ailínithe le hoibriú Chóras an Aontais maidir le Trádáil Astaíochtaí (“EU ETS”) a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le Cinneadh 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

Le linn na chéad tréimhse gealltanais de chuid Phrótacal Kyoto, rinneadh na ceanglais a aontaíodh go hidirnáisiúnta maidir le cuntasaíocht agus bainistíocht astaíochtaí agus aonad agus comhlíonadh comhpháirteach an Aontais agus a Bhallstát a chur chun feidhme de bhun Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Rialachán (CE) Uimh. 2216/2004 ón gCoimisiún (6) agus Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 ón gCoimisiún (7). Cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún (8) in ionad Rialachán (CE) Uimh. 2216/2004 agus Rialachán (AE) Uimh. 920/2010, agus tá forálacha sa rialachán sin maidir le bainistíocht aonad a bhaineann le cur chun feidhme agus le hoibriú EU ETS agus Chinneadh 406/2009/CE. Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a glacadh le déanaí, ar rialachán é lenar aisghaireadh Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus a tháinig in ionad an Chinnidh sin, níl an bunús dlí ann a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin na rialacha maidir le cur chun feidhme teicniúil is gá a ghlacadh don dara tréimhse gealltanais de chuid Phrótacal Kyoto i gcomhréir le téarmaí Leasú Doha, leis na cinntí ó Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto agus le comhaontú comhlíonta chomhpháirtigh.

(6)

I gcás ina bhfuil Ballstát faoi mhíbhuntáiste thromchúiseach i ngeall ar chás sonrach agus eisceachtúil, lena n-áirítear neamhréireachtaí cuntasaíochta chun cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais a thabhairt ar aon dul leis na rialacha a comhaontaíodh faoi Phrótacal Kyoto, gan dochar do chomhlíonadh oibleagáidí an Bhallstáit faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE, ba cheart don Choimisiún bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin, trí mheán laghdú astaíochtaí deimhnithe (CERanna), aonaid laghdaithe astaíochtaí (ERUanna) nó aonaid den mhéid sannta (AAUanna) atá i gclárlann an Aontais a aistriú go clárlann an Bhallstáit sin, faoi réir aonaid a bheith ar fáil chuige sin ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto.

(7)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le hAirteagal 10(7) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(8)

Leasaítear le Cinneadh 1/CMP.8 ó Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto (“Cinneadh 1/CMP.8”) na rialacha maidir le hincháilitheacht a shuí i ndáil le bheith rannpháirteach sna sásraí solúbtha le linn an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto. Socraítear leis freisin teorainneacha maidir le haonaid a thabhairt anonn ón gcéad tréimhse gealltanais chuig an dara ceann, agus áirítear leis ceanglas ar gach Páirtí cuntas le haghaidh chúltaisce bharrachais na réamhthréimhse a chur ar bun. Thairis sin, déantar foráil sa Chinneadh sin maidir le cion 2 % de na fáltais a ghearradh ar na chéad aistrithe idirnáisiúnta d’AAUanna agus maidir le hERUanna a eisiúint le haghaidh tionscadal cur chun feidhme comhpháirteach láithreach nuair a athrófar AAUanna nó aonaid ionsúcháin (RMUanna) a bhí i seilbh na bPáirtithe roimhe sin go hERUanna. Tá tuilleadh rialacha maidir le cur chun feidhme an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto á gcaibidil faoi láthair.

(9)

Sna gníomhartha tarmligthe a bheidh le glacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh do phróiseas imréitigh ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto ina leanfaidh aistriú líon comhfhreagrach AAUanna glan-aistrithe ar bith leithdháiltí astaíochtaí bliantúla i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE agus glan-aistrithe ar bith liúntais le tríú tíortha atá rannpháirteach in EU ETS nach bhfuil rannpháirteach i gcomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh leis an Aontas agus a Bhallstáit.

(10)

Táthar ag súil go nglacfar, ag an gcéad chomhdháil eile maidir leis an aeráid a tionólfar in Lima i Nollaig 2014, na rialacha ábhartha idirnáisiúnta lena rialaítear an chuntasaíocht maidir le hastaíochtaí agus lena rialaítear an dul chun cinn maidir le gealltanais a bhaint amach. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit oibriú i gcomhar le tríú tíortha chun an méid sin a áirithiú.

(11)

De bhun Chinneadh 1/CMP.8, ina n-éilítear ar na Páirtithe féachaint an athuair ar a ngealltanais don dara tréimhse gealltanais faoi 2014 ar a dhéanaí, d’fhéadfaí féachaint ar roinnt AAUanna, CERanna agus ERUanna a chur ar ceal chun cur le huaillmhian a ngealltanas.

(12)

D’fhonn rialacha comhtháite a bhunú chun cur chun feidhme teicniúil an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto san Aontas a áirithiú, lena n-áirítear an t-aistriú ón gcéad tréimhse gealltanais chuig an dara ceann, le hoibríocht éifeachtach chomhlíonadh comhpháirteach ghealltanais an Aontais, a Bhallstát agus na hÍoslainne a chumasú don dara tréimhse gealltanais, agus lena áirithiú go bhfuil sé ailínithe le hoibriú EU ETS agus le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ón dáta ar thug an tAontas Leasú Doha i gcrích go dtí deireadh na tréimhse breise chun gealltanais faoi Phrótacal Kyoto a chomhlíonadh faoin dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí, agus ba cheart dó a áirithiú freisin go bhfuil na gníomhartha sin comhsheasmhach le ceanglais chuntasaíochta arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, le comhaontú comhlíonta chomhpháirtigh arna thabhairt i gcrích idir an tAontas, a Bhallstáit agus tríú tíortha faoi Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Phrótacal Kyoto, agus le reachtaíocht ábhartha an Aontais.

(13)

Sna conclúidí ón gComhairle an 9 Márta 2012 luaitear go gcinntear teorannú astaíochta cainníochtaithe an Aontais nó cuspóir laghdaithe astaíochtaí cainníochtaithe an Aontais le linn an dara tréimhse gealltanais ar bhonn líon iomlán astaíochtaí gáis cheaptha teasa an Aontais a cheadaítear le linn thréimhse 2013-20 faoina phacáiste reachtach maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh, agus dá bhrí sin go léiríonn sé gealltanas aontaobhach an Aontais astaíochtaí a laghdú le 20 % faoi 2020, agus sa chomhthéacs seo deimhníonn na conclúidí nár cheart, leis an gcur chuige sin, d’oibleagáidí laghdaithe astaíochtaí na mBallstát aonair dul thar a n-oibleagáidí mar a comhaontaíodh iad i reachtaíocht an Aontais.

(14)

Ba cheart a áirithiú go gcomhlíonfar na teorainneacha a bunaíodh le cinntí ábhartha de chuid UNFCCC nó de chuid chomhlachtaí Phrótacal Kyoto maidir le hERUanna agus CERanna a thabhairt anonn ón gcéad tréimhse gealltanais chuig an dara ceann.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO a GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 mar a leanas:

(1)

Cuirtear na pointí leanas isteach in Airteagal 3:

“(13a)

ciallaíonn ‘cúltaisce tréimhse gealltanais’ nó ‘CPR’ an cúltaisce a bunaíodh de bhun na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh 11/CMP.1 nó chinntí ábhartha eile de chuid UNFCCC nó de chuid chomhlachtaí Phrótacal Kyoto;

(13b)

ciallaíonn ‘cúltaisce bharrachais réamhthréimhse’ nó ‘PPSR’ an cuntas a bunaíodh de bhun Chinneadh 1/CMP.8 ó Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto (‘Cinneadh 1/CMP.8’) nó chinntí ábhartha eile de chuid UNFCCC nó de chuid chomhlachtaí Phrótacal Kyoto;

(13c)

ciallaíonn ‘comhaontú comhlíonta chomhpháirtigh’ téarmaí comhaontaithe, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Kyoto, idir an tAontas, a Bhallstáit agus tríú tíortha a ngealltanais faoi Airteagal 3 de Phrótacal Kyoto, don dara tréimhse gealltanais, a chomhlíonadh go comhpháirteach;”.

(2)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Déanfaidh an tAontas agus gach ceann de na Ballstáit, ina gclárlanna faoi seach, cuntas a chur ar bun de bhun na chéad fhomhíre le haghaidh a méideanna sannta faoi seach sa dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto agus na hidirbhearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i gcrích, i gcomhréir le Cinneadh 1/CMP.8 nó le cinntí ábhartha eile de chuid UNFCCC nó de chuid chomhlachtaí Phrótacal Kyoto agus le comhaontú comhlíonta chomhpháirtigh. Chun na críche sin, déanfaidh an tAontas agus gach ceann de na Ballstáit an méid seo a leanas ina gclárlanna faoi seach:

cuntais sealúchais pháirtí a chur ar bun agus a bhainistiú, lena n-áirítear cuntas taisce, agus méid AAUanna a eisiúint a chomhfhreagraíonn dá méideanna sannta faoi seach don dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto chuig na cuntais sealúchais pháirtí sin;

bheith cuntasach as eisiúint, sealúchas, aistriú, sealbhú, cealú, scor, athsholáthar nó athrú ar an dáta éaga AAUanna, RMUanna, ERUanna, CERanna, tCERanna agus lCERanna a choinnítear ina gclárlanna faoi seach, de réir mar is iomchuí, don dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto;

cúltaisce tréimhse gealltanais a bhunú agus a choinneáil ar bun;

AAUanna, CERanna agus ERUanna a choinnítear ina gclárlanna faoi seach a thabhairt anonn ón gcéad tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto chuig an dara ceann, agus cúltaisce bharrachais réamhthréimhse a bhunú agus na AAUanna a choinnítear iontu a bhainistiú;

bheith cuntasach as aistriú AAUanna nó ERUanna, mar chion de na fáltais ó eisiúint ERUanna agus tar éis an chéad aistrithe idirnáisiúnta de AAUanna.”;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 d’fhonn éifeacht a thabhairt, trí bhíthin chlárlanna an Aontais agus na mBallstát, do chur chun feidhme riachtanach teicniúil Phrótacal Kyoto de bhun Chinneadh 1/CMP.8 nó chinntí ábhartha eile de chuid UNFCCC nó de chuid chomhlachtaí Phrótacal Kyoto agus chomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh, i gcomhréir le mír 1.

6.   Cumhachtófar an Coimisiún freisin chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 chun na nithe seo a leanas a áirithiú:

glan-aistrithe ar bith leithdháiltí astaíochtaí bliantúla i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE agus glan-aistrithe ar bith liúntas le tríú tíortha atá rannpháirteach sa scéim maidir le trádáil astaíochtaí gáis cheaptha teasa san Aontas a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE nach bhfuil rannpháirteach i gcomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh, leanfaidh aistriú líon comhfhreagrach AAUanna iad trí phróiseas imréitigh ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto;

go ndéanfar na haistrithe sin atá riachtanach chun ailíniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na dteorainneacha a bunaíodh le cinntí de chuid UNFCCC nó de chuid chomhlachtaí Phrótacal Kyoto maidir le hERUanna agus CERanna a thabhairt anonn ón gcéad tréimhse gealltanais de chuid Phrótacal Kyoto chuig an dara ceann le hAirteagal 11a de Threoir 2003/87/CE; beidh na haistrithe sin gan dochar do chumas na mBallstát ERUanna agus CERanna a thabhairt anonn ón gcéad tréimhse gealltanais chuig an dara ceann chun críocha eile, ar choinníoll nach sáraítear na teorainneacha maidir le hERUanna agus CERanna a thabhairt anonn ón gcéad tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto chuig an dara ceann.

7.   I gcás ina bhfuil an-mhíbhuntáiste ann do Bhallstát i ngeall ar chás sonrach agus eisceachtúil, lena n-áirítear neamhréireachtaí cuntasaíochta chun cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais a thabhairt ar aon dul leis na rialacha a comhaontaíodh faoi Phrótacal Kyoto, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin, ach aonaid a bheith ar fáil chuige sin ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto. Chun na críche sin, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun CERanna, ERUanna nó AAUanna a choinnítear i gclárlann an Aontais a aistriú chuig clárlann an Bhallstáit sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2). Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh ón dáta a dtabharfaidh an tAontas Leasú Doha a ghabhann le Prótacal Kyoto i gcrích.

8.   Agus na gníomhartha tarmligthe faoi mhír 5 agus faoi mhír 6 á nglacadh aige, áiritheoidh an Coimisiún an chomhsheasmhacht le Treoir 2003/87/CE agus le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE agus go ndéanfar na ceanglais a aontaíodh go hidirnáisiúnta maidir le cuntasaíocht a chur chun feidhme go comhsheasmhach, barrfheabhsóidh sé an trédhearcacht agus áiritheoidh sé an cruinneas maidir leis an gcuntasaíocht ar AAUanna, RMUanna, ERUanna, CERanna, tCERanna agus lCERanna a dhéanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, agus seachnóidh sé, a mhéid is féidir, an t-ualach riaracháin agus costais, lena n-áirítear na hualaí agus na costais sin a bhaineann le cion na bhfáltas agus le forbairt agus cothabháil TF. Tá sé thar a bheith tábhachtach go leanfaidh an Coimisiún a ghnáthchleachtas agus go rachaidh sé i mbun comhairliúcháin le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe na mBallstát, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.”.

(3)

In Airteagal 11, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit araon, ag deireadh an dara tréimhse gealltanais faoi Phrótacal Kyoto, agus i gcomhréir le Cinneadh 1/CMP.8 nó le cinntí ábhartha eile de chuid UNFCCC nó de chuid chomhlachtaí Phrótacal Kyoto, agus le comhaontú comhlíonta chomhpháirtigh, AAUanna, RMUanna, ERUanna, CERanna, tCERanna nó lCERanna a bheidh coibhéiseach leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe linnte a chlúdaítear leis na méideanna atá sannta dóibh faoi seach, a tharraingt as a gclárlanna faoi seach.”.

(4)

Leasaítear Airteagal 25 mar seo a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 10(4) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 8 Iúil 2013.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(5) agus (6) a thabhairt don Choimisiún ón dáta a dtabharfaidh an tAontas Leasú Doha ar Phrótacal Kyoto i gcrích go dtí deireadh na tréimhse breise le gealltanais a chomhlíonadh faoin dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto.”.

(5)

In Airteagal 26, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   I gcás Airteagal 10(7), mura dtabharfaidh an coiste tuairim ar bith uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Tuairim an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2014.

(3)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(4)  Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú d’fhonn gealltanais an Chomhphobail suas go dtí 2020 a chomhlíonadh i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (IO L 140, 5.6. 2009, lch. 136).

(5)  Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar gháis cheaptha teasa Comhphobail agus chun Prótacal Kyoto a chur chun feidhme (IO L 49, 19.2.2004, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 2216/2004 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2004 maidir le córas caighdeánaithe agus daingnithe clárlann de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 386, 29.12.2004, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2010 lena mbunaítear Clárlann Aontais do na tréimhsí dar críoch 31 Nollaig 2012 de chuid scéim an Aontais i ndáil le trádáil ar astaíochtaí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 270, 14.10.2010, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 920/2010 agus Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún (IO L 122, 3.5.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).