27.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

33


RIALACHÁN (AE) Uimh. 653/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 maidir le sainaithint leictreonach bó-ainmhithe agus maidir le lipéadú mairteola

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 168(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa bhliain 1997, le Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (3), rinneadh rialacha an Aontais maidir le sainaithint agus inrianaitheacht bó-ainmhithe a threisiú i bhfianaise na heipidéime d’einceifileapaite spúinseach bhólachta (ESB) agus an gá méadaithe a bhí ann dá thoradh sin ionad tionscnaimh agus gluaiseacht ainmhithe a rianú le gnáthchlib chluaise.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) déantar foráil go mbunóidh gach Ballstát córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

(3)

Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú, córas ina gcuimsítear clibeanna cluaise a chuirtear ar dhá chluais gach ainmhí, bunachair shonraí ríomhairithe, pasanna ainmhithe agus cláir aonair a choimeádtar ar gach gabháltas faoi seach.

(4)

Is réamhriachtanas a bhaineann leis an lipéadú de réir ionaid tionscnaimh go ndéantar an mhairteoil a rianú siar go dtí an fhoinse trí shainaithint agus trí chlárú feadh an tslabhra. Áirithíonn na bearta sin cosaint an tomhaltóra agus sláinte an phobail agus cothaíonn siad muinín an tomhaltóra.

(5)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2009 dar teideal “Clár Gníomhaíochta chun Ualaí Riaracháin a Laghdú san AE - Pleananna Laghdaithe de réir Earnála agus Gníomhaíochtaí 2009”, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 agus, go sonrach, córais sainaitheanta bó-ainmhithe agus lipéadaithe dheonaigh mairteola a liostú mar oibleagáidí faisnéise a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo i dtéarmaí na n-ualaí a bhíonn i gceist leo maidir le gnólachtaí.

(6)

Dá n-úsáidfí córais um shainaithint leictreonach (“EID”) d’fhéadfaí na próisis inrianaitheachta a shruthlíniú trí léamh agus taifeadadh uathoibrithe níos beaichte a dhéanamh i gclár an ghabháltais. Thairis sin, d’éascódh sé taifeadadh uathoibrithe ar ghluaiseachtaí ainmhithe a dhéanamh sa bhunachar sonraí ríomhairithe agus d’fheabhsófaí luas, iontaofacht agus cruinneas an chórais inrianaitheachta dá bhrí sin. D’fheabhsódh úsáid na gcóras EID an riar a dhéantar ar íocaíochtaí díreacha áirithe d’fheirmeoirí.

(7)

Tá feabhas mór tagtha le deich mbliana anuas ar chórais EID a úsáideann sainaithint radaimhinicíochta. Leis an teicneolaíocht sin is féidir cóid aitheantais ainmhithe aonair a léamh níos tapa agus níos beaichte i gcórais phróiseála sonraí. Mar gheall air sin, laghdaíonn an méid ama is gá chun ainmhithe nó bia a d’fhéadfadh a bheith ionfhabhtaithe a rianú, agus de bharr an méid sin cuirtear feabhas ar iontaofacht na mbunachar sonraí agus cuirtear leis an acmhainn frithghníomhú go pras i gcás ráigeanna galair, agus a laghdaíonn na costais saothair fiú más rud é go méadaíonn na costais trealaimh.

(8)

Tá an Rialachán seo comhleanúnach le córais EID a tugadh isteach san Aontas cheana i gcás speiceas ainmhithe, nach bó-ainmhithe iad, amhail an córas éigeantach a úsáidtear d’ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair.

(9)

I bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch atá déanta i gcórais EID, chinn roinnt Ballstát EID le haghaidh bó-ainmhithe a chur chun feidhme ar bhonn deonach. Is dócha go dtiocfaidh córais éagsúla chun cinn as na tionscnaimh sin córais a fhorbrófar i mBallstáit aonair agus ag geallsealbhóirí éagsúla. Chuirfeadh forbairt córas éagsúil bac níos faide anall ar chomhchuibhiú caighdeán teicniúil laistigh den Aontas. Ba cheart idir-inoibritheacht chórais EID na mBallstát a áirithiú, chomh maith lena gcomhsheasmhacht le caighdeáin ISO ábhartha agus le caighdeáin theicniúla idirnáisiúnta eile arna nglacadh ag eagraíochtaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta maidir le caighdeáin a leagan síos, agus é le tuiscint gur féidir leis na caighdeáin idirnáisiúnta sin, ar a laghad ar bith, feidhmíocht ar leibhéal níos airde a ráthú ná caighdeáin ISO.

(10)

Sa Tuarascáil ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2005 maidir leis na féidearthachtaí chun EID a thabhairt isteach le haghaidh bó-ainmhithe, tugadh le fios go bhfuil sé léirithe go bhfuil an tsainaithint radaimhinicíochta tagtha in inmhe a mhéid sin gur féidir í a úsáid sa chleachtas cheana féin. Tugadh le fios sa tuarascáil sin freisin gur buntáisteach athrú go EID bó-ainmhithe san Aontas ós rud é go gcuideodh sí, i measc tairbhí eile, leis an ualach riaracháin a laghdú.

(11)

De réir na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2008 dar teideal “Plean Gníomhaíochta chun Straitéis an AE um Shláinte Ainmhithe a chur chun feidhme”, tá an Coimisiún chun na hoibleagáidí faisnéise, ar nós clár gabháltais agus pasanna ainmhithe, le simpliú le linn córais EID a thabhairt isteach.

(12)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2007 dar teideal “Straitéis nua um Shláinte Ainmhithe don Aontas Eorpach (2007-2013) ina luaitear “Gur fearr cosc ná leigheas” ”, moltar EID le haghaidh bó-ainmhithe a mheas mar fheabhsú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chóras reatha an Aontais um shainaithint agus um chlárú d’fhonn oibleagáidí faisnéise, amhail cláir ghabháltais agus pasanna ainmhithe, a shimpliú agus tugtar le fios ann malartú leictreonach pasanna bó-ainmhithe a chur chun feidhme. Leis an malartú sin bheadh gá le EID a thabhairt isteach agus sonraí a chur isteach i bhfíor-am. Bheadh malartú den sórt sin ina shábháil mhór i dtéarmaí costas agus iarrachtaí d’údaráis inniúla na mBallstát agus do gheallsealbhóirí eile agus laghdódh sé an t-ualach oibre a bhaineann le sonraí ó phasanna ainmhithe a iontráil i mbunachair shonraí ríomhairithe. Tá an Rialachán seo comhleanúnach leis an tionscnamh sin.

(13)

Táthar ag súil go rannchuideoidh an Rialachán seo, dá bhrí sin, le roinnt príomhchuspóirí de chuid mhórstraitéisí an Aontais, lena n-áirítear stráitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, trí fhás eacnamaíoch, comhtháthú agus iomaíochas a fheabhsú.

(14)

Tá rialacha bunaithe cheana ag roinnt tríú tíortha, ar rialacha iad lena gceadaítear ardteicneolaíochtaí EID. Ba cheart don Aontas rialacha comhchosúla a bhunú chun an trádáil a éascú agus chun cur le hiomaíochas na hearnála.

(15)

I bhfianaise na forbartha teicneolaíche a dhéantar ar chineálacha nua aitheantóirí leictreonacha, is iomchuí raon feidhme na modhanna sainaitheantais dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 a leathnú ionas go bhféadfar aitheantóirí leictreonacha a úsáid mar mhodh oifigiúil sainaitheantais. Ós rud é go dtugann tabhairt isteach na bhforálacha comhfhreagracha le tuiscint go mbeidh infheistíocht shuntasach ag teastáil, is gá idirthréimhse cúig bliana a cheadú chun an t-am is gá a thabhairt na Ballstáit ullmhú chuige. Le linn na hidirthréimhse sin leanfar de ghnáthchlibeanna cluaise a úsáid mar an t-aon mhodh oifigiúil chun bó-ainmhithe a shainaithint.

(16)

Má dhéantar EID éigeantach ar fud an Aontais d’fhéadfadh iarmhairtí dochracha eacnamaíocha a bheith ann d’oibreoirí eacnamaíocha áirithe. Is iomchuí, dá bhrí sin, a luaithe a bheidh EID ina mhodh oifigiúil sainaitheantais, go n-úsáidfidh daoine a choinníonn ainmhithe é go deonach. Faoi chóras deonach den sórt sin, is daoine a choinníonn ainmhithe agus ar dóigh dóibh tairbhe eacnamaíocha a bhaint as a roghnódh EID, agus ba cheart go mbeadh an deis ann do dhaoine eile a choinníonn ainmhithe leanúint dá n-ainmhithe a aithint le dhá ghnáthchlib cluaise.

(17)

Ní ionann na córais saothraíochta, na cleachtais feirmeoireachta ná eagraíochtaí na hearnála sna Ballstáit éagsúla. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit, dá bhrí sin, gan EID a dhéanamh éigeantach ar a gcríoch ach amháin má mheasann siad gur iomchuí sin, tar éis na fachtóirí sin ar fad a mheas lena n-áirítear tionchair ar fheirmeoirí beaga agus tar éis dul i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an tionscal bó-ainmhithe. Le linn gluaiseachtaí trádála ainmhithe laistigh den Aontas, ba cheart go dtiocfadh an oibleagáid chun bó-ainmhí a shainaithint go leictreonach faoi chúram an Bhallstáit a bhfuil úsáid EID éigeantach ar a chríoch. Níor cheart go dtabharfaí le tuiscint leis sin go mbeidh oibleagáid ar an mBallstát sin ainmhithe a ath-shainaithint, ar ainmhithe iad a sainaithníodh cheana féin go leictreonach sa Bhallstát seolta.

(18)

Ba cheart go mbeadh ainmhithe agus feoil a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha faoi réir na gceanglas céanna aitheantais agus inrianaitheachta a thugann leibhéal comhionann cosanta.

(19)

Agus ainmhithe beo á n-allmhairiú isteach san Aontas ó thríú tíortha, ba cheart go mbeidís, ar theacht isteach dóibh, faoi réir na gceanglas céanna sainaitheantais atá i bhfeidhm maidir le hainmhithe a bheirtear san Aontas.

(20)

Ba cheart go mbeadh an cód sainaitheantais céanna ar an dá mhodh oifigiúla sainaitheantais arna leithdháileadh ar aon ainmhí amháin Le linn na chéad chéime den oiriúnú ar úsáid na n-aitheantóirí leictreonacha mar mhodh oifigiúil sainaitheantais, áfach, ní fhéadfadh é a eisiamh i gcásanna áirithe, go bhféadfadh srianta teicniúla a bhaineann le cumraíocht cóid bunaidh sainaitheantais an ainmhí cosc a chur ar atáirgeadh an chóid sin ar aitheantóir leictreonach. D’fhéadfadh sé go dtarlódh an méid sin nuair a chuireann na carachtair arb iad a chomhdhéanann cód sainaitheantais ainmhí atá ann cheana cosc ar an gcód sin a bheith tiontaithe i bhformáid leictreonach. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh do mhaoluithe neamhbhuana sonracha d’fhonn cur i bhfeidhm an aitheantóra leictreonaigh ar na hainmhithe sin a cheadú, ar choinníoll go ndéantar inrianaitheacht iomlán a áirithiú agus gur féidir na hainmhithe a shainaithint go hindibhidiúil, lena n-áirítear an gabháltas ar ar rugadh iad.

(21)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 go n-eiseoidh an t-údarás inniúil pas do gach ainmhí is gá a shainaithint i gcomhréir leis an Rialachán sin. Cuireann sé sin ualach mór riaracháin ar na Ballstáit. Ní mór d’údaráis inniúla na mBallstát bunachair sonraí ríomhairithe a chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 18 de Threoir 64/432/CÉ (5) ón gComhairle. Ós rud é nach mór na bunachair shonraí sin a bheith feidhmiúil go hiomlán ón 31 Nollaig 1999, ba cheart go n-áiritheodh siad go leormhaith inrianaitheacht gluaiseachtaí intíre bó-ainmhithe. Níor cheart pasanna a eisiúint, dá bhrí sin, ach i gcás ainmhithe a bhfuil sé beartaithe go ndéanfar iad a thrádáil laistigh den Aontas. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh an Rialachán seo cosc a chur ar fhorálacha náisiúnta i dtaca le pasanna a eisiúint i gcomhair ainmhithe nach bhfuil beartaithe a thrádáil laistigh den Aontas.

(22)

Chuir an Coimisiún BOVEX, an tionscadal píolótach do mhalartú pasanna bó-ainmhithe idir Ballstáit, ar bun chun éascú a dhéanamh ar mhalartú sonraí idir Ballstáit, agus ag an am céanna inrianaitheacht na n-ainmhithe á áirithiú le linn a ngluaiseachtaí laistigh den Aontas. A luaithe a bheidh an malartú sonraí idir bunachair shonraí ríomhairithe náisiúnta feidhmiúil go hiomlán, níor cheart go mbeadh feidhm a thuilleadh leis an gceanglas pasanna ainmhithe a eisiúint i bhfoirm páipéir maidir le hainmhithe a bhfuil sé beartaithe go ndéanfar iad a thrádáil laistigh den Aontas. Ba cheart go gcuideodh an méid seo leis an ualach riaracháin atá ar Bhallstáit agus ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú.

(23)

Le Roinn II de Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, leagtar síos rialacha maidir le córas chun mairteoil a lipéadú go deonach agus déantar foráil iontu maidir le sonraíochtaí áirithe lipéadaithe arna bhformheas ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann. Níl an t-ualach riaracháin a bhíonn ar na Ballstáit agus ar oibreoirí eacnamaíocha ná na costais arna dtabhú ag na Ballstáit agus ag oibreoirí eacnamaíocha agus an córas sin á chur i bhfeidhm acu comhréireach leis na sochair a fhaightear ón gcóras. Ós rud é gur tháinig reachtaíocht nua i bhfeidhm tar éis an Rialachán sin a ghlacadh, níl aon ghá níos mó le rialacha sonracha maidir leis an gcóras lipéadaithe dheonaigh agus ba cheart dá bhrí sin iad a scrios. Níor cheart, áfach, amhras a tharraingt ar cheart oibreoirí tomhaltóirí a chur an eolas faoi ghnéithe na feola trí lipéadú deonach, agus ar cheart tomhaltóirí faisnéis infhíoraithe a fháil. Dá bhrí sin, maidir le haon chineál feola, ba cheart go ndéanfadh faisnéis bhia ar mhairteoil a théann níos faide ná lipéadú éigeantach an reachtaíocht reatha cothrománach a urramú, lena n-áirítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(24)

Chun na rioscaí calaoise a chosc i lipéadú feola agus chun tomhaltóirí Eorpacha a chosaint, ba cheart go mbeadh éifeacht athchomhairleach leordhóthanach ag na rialuithe agus ag na pionóis is infheidhme.

(25)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, chuir an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle i ndáil le léiriú sainordaitheach na tíre tionscnaimh nó bhunáitíocht na feola a úsáidtear mar chomhábhar. Bhí togra reachtach le gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí, d’fhonn níos mó trédhearcachta a áirithiú sa slabhra feola tríd síos agus chun níos mó faisnéise a thabhairt do thomhaltóirí Eorpacha. Agus na fadhbanna is deireanaí maidir le lipéadú na dtáirgí feola a ndearnadh dochar d’fheidhmiú an tslabhra bia á gcur san áireamh, bhí Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ag súil leis go ndéanfaí an tuarascáil a ghlacadh chomh luath agus is féidir le linn dara seimeastar 2013 agus glacadh í faoi dheireadh an 17 Nollaig 2013.

(26)

De thoradh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(27)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear na rialacha is gá i bhfeidhm le go bhfeidhmeoidh sainaithint, clárú agus inrianaitheacht bó-ainmhithe agus mairteola go cuí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na ceanglais a bhaineann le modhanna malartacha chun bó-ainmhithe a shainaithint; le dálaí speisialta ina gceadaítear do na Ballstáit cur leis na huastréimhsí chun na modhanna sainaitheantais a chur i bhfeidhm; leis na sonraí a mhalartófar idir bunachair shonraí ríomhairithe na mBallstát; leis an uastréimhse a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe áirithe; leis na ceanglais a bhaineann leis na modhanna sainaitheantais; leis na modhanna sainaitheantais a chur leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn -I; leis na rialacha a bhaineann leis an bhfaisnéis ón mbunachar sonraí ríomhairithe a bheidh le háireamh sna pasanna ainmhithe agus sna cláir aonair a choimeádfar ar gach gabháltas; le sainaithint agus clárú gluaiseachtaí bó-ainmhithe nuair a chuirtear ar innilt shéasúrach iad lena n-áirítear buailteachas; le rialacha a bhaineann le táirgí áirithe a lipéadú ar ceart dóibh a bheith i gcoibhéis leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000; leis na forálacha lipéadaithe i ndáil le cur i láthair simplithe an léirithe tionscnaimh i gcásanna nach raibh an t-ainmhí sa Bhallstát nó sa tríú tír inar rugadh é nó ina ndearnadh é a mharú ach ar feadh tamall an-ghearr; agus leis na sainmhínithe agus ceanglais is infheidhme maidir le téarmaí nó catagóirí téarmaí a d’fhéadfaí a chur ar lipéid mairteola agus laofheola réamhphacáilte úr agus reoite. Tá sé an-tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe den sórt sin a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(28)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 a chur chun feidhme i ndáil le clárú gabháltas a bhaineann úsáid as modhanna malartacha sainaitheantais; le saintréithe teicniúla agus socruithe mionsonraithe chun sonraí a mhalartú idir bunachair shonraí ríomhairithe na mBallstát; le haitheantas go bhfuil na córais mhalartaithe sonraí ag feidhmiú go hiomlán; le formáid agus dearadh na modhanna sainaitheantais; le nósanna imeachta teicniúla agus caighdeáin theicniúla chun EID a chur chun feidhme; leis na rialacha maidir le cumraíocht an chóid sainaitheantais, uasmhéid agus comhdhéanamh grúpaí ainmhithe áirithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(29)

Ba cheart faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, tráth nach déanaí ná cúig bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, i ndáil leis na forálacha a bhaineann le lipéadú deonach mairteola, agus naoi mbliana, i gcás na bhforálacha a bhaineann le EID, ba cheart don Choimisiún dhá thuarascáil a thugann faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo agus faoin bhféidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch maidir le EID a thabhairt isteach i ngach áit san Aontas araon, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart go mbeadh tograí reachtacha iomchuí ag gabháil leis na tuarascálacha sin, i gcás inar gá sin.

(30)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1, scriostar an dara habairt de mhír 2;

(2)

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

“—

ciallaíonn ‚ainmhí’ bó-ainmhí de réir bhrí phointe (b) agus phointe (c) d’Airteagal 2(2) de Threoir 64/432/CEE, lena n-áirítear ainmhithe a ghlacann páirt in imeachtaí cultúrtha agus spóirt,”;

(3)

Sa chéad mhír d’Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

modhanna sainaitheantais chun ainmhithe a shainaithint ina n-aonar;”;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Oibleagáid ainmhithe a aithint

1.   Déanfar gach ainmhí ar ghabháltas a shainaithint trí úsáid a bhaint as dhá mhodh sainaitheantais ar a laghad a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a bheidh i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh de bhun mhír 3 agus a bheidh formheasta ag an údarás inniúil. Beidh ceann amháin ar a laghad de na modhanna sainaitheantais sofheicthe agus beidh cód sainaitheantais sofheicthe air.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le hainmhithe a rugadh roimh an 1 Eanáir 1998 agus nach bhfuil beartaithe i gcomhair trádála laistigh den Aontas. Sainaithneofar na hainmhithe sin trí mhodh amháin sainaitheantais ar a laghad.

D’fhonn an t-oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b maidir le modhanna sainaitheantais a chur leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus a n-idir-inoibritheacht á áirithiú aige.

Leithdháilfear na modhanna sainaitheantais ar an ngabháltas, agus dáilfear agus cuirfear i bhfeidhm iad maidir leis na hainmhithe ar shlí a bheidh cinnte ag an údarás inniúil.

Beidh an cód sainaitheantais uathúil céanna ar an dá mhodh sainaitheantais, arna n-údarú i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 3 agus na míre seo agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le hainmhí amháin agus ar féidir, mar aon le clárú na n-ainmhithe, an t-ainmhí a shainaithint go hindibhidiúil agus an gabháltas ar ar rugadh é a shainaithint.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás nach gceadóidh na carachtair a chomhdhéanann cód sainaitheantais an ainmhí aitheantóir leictreonach leis an gcód sainaitheantais uathúil céanna a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a cheadú, faoi mhaoirsiú a údaráis inniúil, go bhféadfar cód difriúil a bheith ar an dara modh sainaitheantais, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbéarfar an t-ainmhí roimh dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír de mhír 3,

(b)

go n-áiritheofar lán-inrianaitheachta,

(c)

gur féidir an t-ainmhí a aithint ar bhonn indibhidiúil, lena n-áirítear an gabháltas ar ar rugadh é;

(d)

nach mbeartaítear an t-ainmhí a thrádáil laistigh den Aontas.

3.   Chun inrianaitheacht agus inoiriúnaitheacht leordhóthanach do dhul chun cinn teicniúil agus feidhmiú barrmhaith an chórais sainaitheantais a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b maidir le ceanglais do na modhanna sainaitheantais a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na bearta idirthréimhseacha a cheanglaítear do thabhairt isteach modhanna sainaitheantais ar leith.

Ar bhonn na gcaighdeán ISO ábhartha nó caighdeán idirnáisiúnta teicniúil eile arna nglacadh ag eagraíochtaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta maidir le caighdeáin a leagan síos, agus é le tuiscint gur féidir leis na caighdeáin idirnáisiúnta sin, ar a laghad ar bith, feidhmíocht agus iontaofacht ar leibhéal níos airde a ráthú ná caighdeáin ISO, leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na rialacha is gá a bhaineann le:

(a)

formáid agus dearadh na modhanna sainaitheantais;

(b)

nósanna imeachta teicniúla do bhó-ainmhithe a shainaithint go leictreonach, agus

(c)

cumraíocht an chóid sainaitheantais.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

4.   Amhail ón 18 Iúil 2019, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an bonneagar is gá ann d’fhonn foráil a dhéanamh do shainaitheantais ainmhithe ar bhonn aitheantóra leictreonaigh mar mhodh oifigiúil sainaitheantais i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Amhail ón 18 Iúil 2019, féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a thabhairt isteach chun úsáid aitheantóra leictreonaigh a dhéanamh éigeantach mar cheann amháin den dá mhodh sainaitheantais dá bhforáiltear i mír 1.

Na Ballstáit a úsáidfidh an rogha faoin dara fomhír, cuirfidh siad téacs forálacha náisiúnta den sórt sin ar fáil don Choimisiún agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil ar an Idirlíon. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit an fhaisnéis seo a chur ar fáil don phobal trí na naisc chuig suíomhanna gréasáin ábhartha na mBallstát a chur ar a shuíomh gréasáin.

5.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar bó-ainmhithe a bhfuil sé beartaithe go n-úsáidfear iad in imeachtaí cultúrtha agus spóirt, seachas aontaí agus taispeántais, a shainaithint trí mhodhanna malartacha sainaitheantais ina mbeidh caighdeáin sainaitheantais atá coibhéiseach leis na caighdeáin sin dá bhforáiltear i mír 1.

Déanfar gabháltais ina n-úsáidtear modhanna malartacha sainaitheantais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chlárú sa bhunachar sonraí ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 5.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá a leagan síos maidir le clárú den sórt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

D’fhonn inrianaitheacht a áirithiú atá bunaithe ar chaighdeáin a aithint atá coibhéiseach leis na caighdeáin dá bhforáiltear i mír 1, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b maidir leis na ceanglais sin a bhaineann leis na modhanna roghnacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear na bearta idirthréimhseacha is gá dá gcur i bhfeidhm.

Féadfaidh an Coimisiún a leagan síos trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, na rialacha a bhaineann le formáid agus dearadh modhanna sainaitheantais, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear bearta idirthréimhseacha dá dtabhairt isteach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

6.   Cuirfidh na Ballstáit múnla an mhodha sainaitheantais a úsáidfear ar a gcríoch in iúl dá chéile agus don Choimisiún. Cuirfidh siad an fhaisnéis seo ar fáil ar an Idirlíon. Tabharfaidh an gCoimisiún cúnamh do na Ballstáit an fhaisnéis seo a chur ar fáil don phobal trí na naisc chuig suíomhanna gréasáin ábhartha na mBallstát a chur ar a shuíomh gréasáin.”;

(5)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 4a

Tréimhse ama chun na modhanna sainaitheantais a chur i bhfeidhm

1.   Déanfar na modhanna sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) a chur i bhfeidhm ar an ainmhí sula rachaidh an uastréimhse in éag, ar uastréimhse í a bheidh le cinneadh ag an mBallstát inar rugadh an t-ainmhí. Déanfar an uastréimhse a ríomh ó dháta breithe an ainmhí agus ní rachaidh sí thar 20 lá.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus ar chúiseanna a bhaineann le forbairt fhiseolaíoch na n-ainmhithe, féadfar an tréimhse sin a fhadú suas go dtí 60 lá i ndiaidh bhreith an ainmhí, i gcás an dara modh sainaitheantais.

Ní fhéadfaidh ainmhí ar bith an gabháltas inar rugadh é a fhágáil sula mbeidh an dá mhodh sainaitheantais curtha i bhfeidhm maidir leis an ainmhí sin.

2.   Ionas go bhféadfar na modhanna sainaitheantais a chur i bhfeidhm in imthosca speisialta lena mbaineann deacrachtaí praiticiúla, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b chun na himthosca speisialta a chinneadh faoina bhféadfaidh na Ballstáit na huastréimhsí a fhadú ar feadh tréimhsí níos faide ná mar a bhforáiltear dóibh sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír de mhír 1. Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi gach úsáid den rogha sin.

Airteagal 4b

Ainmhithe ó thríú tíortha a shainaithint

1.   Aon ainmhí atá faoi réir seiceálacha tréidliachta, de bhun Threoir 91/496/CEE, ar ainmhithe iad a thagann isteach san Aontas ó thríú tír agus a bhfuil sé beartaithe iad a chur chuig gabháltas cinn scríbe atá laistigh de chríoch an Aontais, déanfar iad a shainaithint ag an ngabháltas cinn scríbe trí úsáid a bhaint as na modhanna sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 4(1).

Déanfar an sainaitheantas bunaidh a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an ainmhí sa tríú tír tionscnaimh a thaifeadadh sa bhunachar sonraí ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 5, chomh maith le cód aitheantais uathúil an mhodha sainaitheantais a leithdháileadh ar an ainmhí sa Bhallstát cinn scríbe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le hainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur díreach chuig seamlas atá lonnaithe i mBallstát, ar choinníoll go marófar na hainmhithe sin laistigh de 20 lá tar éis na seiceálacha tréidliachta sin a dhéanamh de bhun Threoir 91/496/CEE.

2.   Déanfar na modhanna sainaitheantais ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur i bhfeidhm laistigh d’uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát ina bhfuil an gabháltas cinn scríbe suite. Ní mhairfidh an tréimhse sin níos faide ná 20 lá tar éis na seiceálacha tréidliachta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus ar chúiseanna a bhaineann le forbairt fhiseolaíoch na n-ainmhithe, féadfar an tréimhse sin a fhadú suas go dtí 60 lá i ndiaidh bhreith an ainmhí, i gcás an dara modh sainaitheantais.

I ngach cás, cuirfear an dá mhodh sainaitheantais dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sula bhfágfaidh siad an gabháltas cinn scríbe.

3.   I gcás ina bhfuil an gabháltas cinn scríbe suite i mBallstát a bhfuil forálacha náisiúnta tugtha isteach aige faoin dara fomhír d’Airteagal 4(4) chun úsáid aitheantóra leictreonaigh a dhéanamh éigeantach, déanfar na hainmhithe a shainaithint leis an aitheantóir leictreonach sin ag an ngabháltas cinn scríbe san Aontas, laistigh de thréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát cinn scríbe. Ní mhairfidh an tréimhse sin níos faide ná 20 lá tar éis na seiceálacha tréidliachta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus ar chúiseanna a bhaineann le forbairt fhiseolaíoch na n-ainmhithe, féadfar an tréimhse sin a fhadú suas go dtí 60 lá i ndiaidh bhreith an ainmhí, i gcás an dara modh sainaitheantais.

I ngach cás, cuirfear an t-aitheantóir leictreonach i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sula bhfágfaidh siad an gabháltas cinn scríbe.

Airteagal 4c

Ainmhithe a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile a shainaithint

1.   I gcás ainmhithe a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, coimeádfaidh siad na modhanna sainaitheantais bunaidh a cuireadh i bhfeidhm maidir leo de bhun Airteagal 4(1).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, áfach, agus ag tosú ón 18 Iúil 2019, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe na nithe seo a leanas a cheadú:

(a)

aitheantóir leictreonach a chur in ionad ceann amháin de na modhanna sainaitheantais ach gan cód aitheantais uathúil bunaidh an ainmhí a athrú;

(b)

dhá mhodh nua sainaitheantais a chur in ionad an dá mhodh sainaitheantais agus go mbeidh cód aitheantais uathúil nua agus a bheidh mar a chéile ar an dá cheann acu. Féadfar an maolú seo a chur i bhfeidhm go dtí cúig bliana i ndiaidh an 18 Iúil 2019, sa chás nach féidir aitheantóir leictreonach leis an gcód aitheantais uathúil céanna a chur i bhfeidhm i ngeall ar na carachtair arb iad a chomhdhéanann cód aitheantais gnáthchlibe cluaise ainmhí agus ar choinníoll gur rugadh an t-ainmhí roimh an dáta a dtiocfaidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír d’Airteagal 4(3) i bhfeidhm.

2.   I gcás ina bhfuil an gabháltas cinn scríbe suite i mBallstát a bhfuil forálacha náisiúnta tugtha isteach aige chun úsáid aitheantóra leictreonaigh a dhéanamh éigeantach, déanfar na hainmhithe a shainaithint leis an aitheantóir leictreonach sin ar a dhéanaí ag an ngabháltas cinn scríbe laistigh d’uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát ina bhfuil an gabháltas cinn scríbe sin suite. Ní rachaidh an uastréimhse sin thar 20 lá ón dáta a shroichfidh na hainmhithe an gabháltas cinn scríbe.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus ar chúiseanna a bhaineann le forbairt fhiseolaíoch na n-ainmhithe, féadfar an tréimhse a fhadú suas go dtí 60 lá i ndiaidh bhreith an ainmhí.

I ngach cás, cuirfear an t-aitheantóir leictreonach i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sula bhfágfaidh siad an gabháltas cinn scríbe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, áfach, maidir le hainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur díreach chuig seamlas atá suite i mBallstát a bhfuil forálacha náisiúnta tugtha isteach aige chun úsáid aitheantóra leictreonaigh a dhéanamh éigeantach.

Airteagal 4d

Na modhanna sainaitheantais a bhaint, a mhodhnú nó a athsholáthar

Ní fhéadfar aon mhodhanna sainaitheantais a bhaint, a mhodhnú ná a athsholáthar gan cead a fháil ón údarás inniúil. Ní fhéadfar cead den sórt sin a dheonú ach amháin i gcás nach gcuireann an bhaint, an modhnú nó an t-athsholáthar sin as d’inrianaitheacht an ainmhí agus sa chás gur féidir an t-ainmhí a aithint ar bhonn indibhidiúil, lena n-áirítear an gabháltas ar ar rugadh é.

Déanfar aon athsholáthar ar an gcód aitheantais, in éineacht le cód aitheantais uathúil mhodh sainaitheantais bunaidh an ainmhí, a thaifeadadh sa bhunachar sonraí ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 5.”;

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Déanfaidh údarás inniúil na mBallstát bunachar sonraí ríomhairithe a chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 18 de Threoir 64/432/CEE.

Féadfaidh na Ballstáit sonraí leictreonacha a mhalartú idir a mbunachair shonraí ríomhairithe ón dáta ar a n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil an córas malartaithe sonraí ag feidhmiú go hiomlán. Déanfar an malartú ar shlí a ráthaíonn cosaint sonraí agus a choscann aon drochúsáid d’fhonn leasanna an duine a choinníonn ainmhithe a chosaint.

Chun malartú leictreonach faisnéise idir na Ballstáit a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 22b chun na rialacha a bhaineann leis na sonraí atá le malartú idir bunachair shonraí ríomhairithe na mBallstát a leagan síos.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na coinníollacha teicniúla agus na rialacha mionsonraithe do mhalartú den sórt sin a leagan síos agus aitheantas a thabhairt go bhfuil an córas malartaithe sonraí ag feidhmiú go hiomlán. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).”;

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

1.   I gcás nach ndéanann Ballstát sonraí leictreonacha a mhalartú le Ballstáit eile, faoi chuimsiú an chórais mhalartaithe sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5, tá feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin pas a eisiúint, i gcomhair gach ainmhí a bhfuil sé beartaithe iad a thrádáil idir tíortha laistigh den Aontas, bunaithe ar an bhfaisnéis atá sa bhunachar sonraí ríomhairithe a bheidh curtha ar bun sa Bhallstát sin;

(b)

maidir le gach ainmhí ar eisíodh pas ina leith, beidh an pas sin ag gabháil leis aon uair a bheidh an t-ainmhí á aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile;

(c)

a luaithe a shroichfidh an t-ainmhí an gabháltas cinn scríbe, déanfar an pas a ghabhann leis an ainmhí a thabhairt suas d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an gabháltas cinn scríbe suite.

2.   Chun go bhféadfar gluaiseachtaí ainmhí a rianú siar go dtí an gabháltas bunaidh atá suite i mBallstát, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b chun rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis ón mbunachar sonraí ríomhairithe atá le háireamh sa phas ainmhí, lena n-áirítear bearta idirthréimhseacha atá riachtanach chun na rialacha sin a thabhairt isteach.”

(8)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 6a

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo cosc a chur ar fhorálacha náisiúnta ag Ballstát i dtaca le pasanna a eisiúint i gcomhair ainmhithe nach bhfuil beartaithe a thrádáil idir tíortha laistigh den Aontas.”;

(9)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“—

na gluaiseachtaí ar fad go dtí an gabháltas agus uaidh agus breitheanna agus básanna uile na n-ainmhithe ar an ngabháltas, in éineacht leis na dátaí ar ar tharla siad, a thuairisciú don údarás inniúil laistigh d’uastréimhse a bheidh socraithe ag an mBallstát lena mbaineann; trí lá ar a laghad a bheidh san uastréimhse sin agus ní rachaidh sí thar seacht lá tar éis do cheann de na teagmhais sin tarlú; féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún an uastréimhse seacht lá a fhadú.”

(ii)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Chun deacrachtaí praiticiúla i gcásanna eisceachtúla a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b chun na himthosca eisceachtúla a chinneadh faoinar féidir leis na Ballstáit an uastréimhse seacht lá dá bhforáiltear sa dara fleasc den chéad fhomhír a fhadú, chomh maith le fad uasta an fhadaithe sin, nach mbeidh níos mó ná 14 lá i ndiaidh na tréimhse seacht lá dá dtagraítear sa dara fleasc den chéad fhomhír.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Chun inrianaitheacht leormhaith agus éifeachtach bó-ainmhithe a áirithiú nuair a chuirtear ar buailteachas go séasúrach iad, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b i dtaca leis na Ballstáit nó leis an gcuid de Bhallstáit ina mbeidh feidhm ag rialacha speisialta le haghaidh buailteachais shéasúraigh, lena n-áirítear an tréimhse ama, oibleagáidí sonracha na ndaoine a choinníonn ainmhithe, agus na rialacha maidir le gabháltas a chlárú agus gluaiseachtaí na mbó-ainmhithe sin a chlárú, lena n-áirítear bearta idirthréimhseacha chun an forálacha sin a thabhairt isteach.”;

(c)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“5.   De mhaolú ar mhír 4, is ar bhonn roghnach a bheidh sé clár a choimeád, más rud é i gcás aon duine a choinníonn ainmhithe:

(a)

go bhfuil rochtain aige nó aici ar an mbunachar sonraí ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 ina bhfuil an fhaisnéis a bheidh le háireamh sa chlár cheana féin; agus

(b)

go gcuireann sé nó sí an fhaisnéis atá cothrom le dáta isteach go díreach sa bhunachar sonraí ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 nó go ndéanann sé nó sí an fhaisnéis sin a chur isteach go díreach sa bhunachar sonraí ríomhairithe.

6.   Chun beachtas agus iontaofacht na faisnéise a bheidh le cur isteach sa chlár gabháltais dá bhforáiltear san Airteagal seo a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b chun na rialacha is gá a leagan síos i dtaca leis an bhfaisnéis sin, lena n-áirítear bearta idirthréimhseacha atá riachtanach chun na rialacha sin a thabhairt isteach.”;

(10)

Scriostar Airteagal 8;

(11)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 9a

Oiliúint

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh treoracha agus comhairle faoi na forálacha ábhartha den Rialachán seo agus faoi aon ghníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme a ghlac an Coimisiún de bhun an Rialacháin seo faighte ag aon duine atá freagrach as ainmhithe a shainaithint agus a chlárú.

Aon uair a leasaítear na forálacha ábhartha, cuirtear an fhaisnéis chomhfhreagrach ar fáil don duine dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil cúrsaí oiliúna iomchuí ar fáil.

Déanfaidh an Coimisiún malartú na gcleachtas is fearr a éascú d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise agus na hoiliúna ar fud an Aontais.”;

(12)

Scriostar Airteagal 10;

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “mairteoil” na táirgí uile a thagann faoi chóid CN 0201, 0202, 0206 10 95 agus 0206 29 91,

(2)

ciallaíonn “lipéadú” lipéad a cheangal le píosa nó píosaí aonair feola nó lena n-ábhar pacáistíochta, nó, i gcás táirgí nach bhfuil réamhchlúdaithe, faisnéis iomchuí a sholáthar i scríbhinn agus ar mhodh sofheicthe don tomhaltóir ag an bpointe díolacháin;

(3)

ciallaíonn “eagraíocht” grúpa d’oibreoirí ó chodanna céanna d’earnáil na trádála mairteola nó ó chodanna éagsúla den trádáil mairteola;

(4)

ciallaíonn “feoil mhionaithe” aon fheoil dhíchnámhaithe atá mionaithe ina blúirí agus a bhfuil níos lú ná 1 % salainn inti agus a thagann faoi chóid CN 0201, 0202, 0206 10 95 agus 0206 29 91;

(5)

ciallaíonn “fuílligh feola” píosaí beaga feola atá aitheanta mar fheoil atá oiriúnach mar bhia don duine agus a tháirgtear go heisiach i rith oibríochtaí fuílligh le linn conablaigh a bheith á ndíchnámhú agus/nó le linn feoil a bheith á gearradh suas;

(6)

ciallaíonn “feoil ghearrtha” feoil atá gearrtha ina ciúbanna beaga, ina slisní nó ina codanna aonair eile agus nach gá don oibreoir í a ghearradh tuilleadh sula gceannaíonn an tomhaltóir deiridh í agus ar féidir leis an tomhaltóir sin í a úsáid go díreach. Ní chuimsítear feoil mhionaithe agus fuílligh feola leis an sainmhíniú seo.”;

(14)

Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 3 agus mír 4;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh de phointe (a):

“(a)

Déanfaidh oibreoirí agus eagraíochtaí an méid seo a leanas a léiriú freisin ar na lipéid:”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“6.   Chun a sheachaint go mbeadh an tásc ar an lipéad maidir le mairteoil na mBallstát nó na dtríú tíortha inar tógadh an t-ainmhí á athrá gan ghá, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b i ndáil le cur i láthair simplithe do na cásanna nach raibh an t-ainmhí sa Bhallstát nó sa tríú tír inar rugadh é nó ina ndearnadh é a mharú ach ar feadh tamall an-ghearr.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, rialacha a ghlacadh i dtaca le méid uasta agus comhdhéanamh an ghrúpa d’ainmhithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2(a), á chur san áireamh dó na constaicí atá ann maidir le homaigineacht na ngrúpaí d’ainmhithe as ar tháinig na feolta gearrtha agus na fuílligh feola sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).”;

(15)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú mír:

“Chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha cothrománacha maidir le lipéadú sa Roinn seo, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b chun rialacha a leagan síos, ar bhonn na taithí maidir le feoil mhionaithe, a bheidh coibhéiseach leis na rialacha sin sa chéad trí mhír den Airteagal seo maidir le fuílligh mairteola nó le mairteoil spólta.”;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

Mairteoil ó thríú tíortha a lipéadú ar bhonn éigeantach

De mhaolú ar Airteagal 13, i gcás mairteola a allmhairítear isteach ar chríoch an Aontais, agus nach bhfuil an fhaisnéis ar fad dá bhforáiltear in Airteagal 13 ar fáil ina leith, déanfar í a lipéadú leis an tásc seo a leanas:

‘Ionad tionscnaimh: ní de chuid an AE’ agus ‘Arna mharú in (ainm an tríú tír)’.”;

(17)

Ón 13 Nollaig 2014:

(a)

Déanfar na focail “Lipéadú deonach” a chur in ionad an cheannteidil ar Roinn II de Theideal II;

(b)

Scriostar Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18; agus

(c)

Déantar an tAirteagal seo a leanas a chur isteach i Roinn II de Theideal II:

“Airteagal 15a

Rialacha ginearálta

Faisnéis faoi bhia seachas an fhaisnéis sin a shonraítear in Airteagal 13, in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 agus a ndéanann oibreoirí nó eagraíochtaí a dhéanann mairteoil a mhargú í a chur le lipéid go deonach, beidh sí oibiachtúil, infhíoraithe ag na húdaráis inniúla agus sothuigthe ag tomhaltóirí.

Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin an reachtaíocht chothrománach maidir le lipéadú agus go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

I gcás nach ndéanann oibreoirí nó eagraíochtaí a dhéanann mairteoil a mhargú na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad mhír agus sa dara mír a urramú, déanfaidh an t-údarás inniúil na pionóis iomchuí, de réir mar a leagtar síos in Airteagal 22 iad, a chur i bhfeidhm.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b i dtaca le sainmhínithe agus ceanglais is infheidhme maidir le téarmaí nó catagóirí de théarmaí a fhéadfar a chur ar lipéid mhairteola agus laofheola, idir úr agus reoite, atá réamhphacáistithe.

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, p. 18).”;"

(18)

Scriostar Airteagal 19, Airteagal 20 agus Airteagal 21;

(19)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

“Airteagal 22

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíontar forálacha an Rialacháin seo.

Beidh na rialuithe a bhforáiltear dóibh gan dochar d’aon rialuithe a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95.

Aon phionóis a fhorchuireann an Ballstát ar dhuine a choinníonn ainmhithe, ar oibreoir nó ar eagraíocht a dhéanann margú ar mhairteoil, beidh siad éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach.

Déanfaidh an t-údarás inniúil líon íosta seiceálacha oifigiúla gach bliain i ndáil le sainaithint agus clárú ainmhithe, ar rialacha iad a chumhdóidh 3 % ar a laghad de na gabháltais.

Déanfaidh an t-údarás inniúil an ráta íosta de sheiceálacha oifigiúla dá dtagraítear sa dara fomhír a mhéadú láithreach más rud é go suitear nach ndearnadh na forálacha sin maidir le sainaithint agus le clárú ainmhithe a chomhlíonadh.

Is ar bhonn anailís riosca a dhéanfar na gabháltais atá le hiniúchadh ag an údarás inniúil a roghnú.

Faoin 31 Lúnasa, déanfaidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme na seiceálacha le linn na bliana roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

2.   D’ainneoin mhír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil na pionóis riaracháin seo a leanas a fhorchur ar dhuine a choinníonn ainmhithe:

(a)

más rud é go bhfuil ainmhí amháin nó níos mó ar ghabháltas nach bhfuil ag comhlíonadh aon cheann de na forálacha a leagtar síos i dTeideal I: srian ar ghluaiseacht gach ainmhí chuig gabháltas an duine lena mbaineann a choinníonn ainmhithe, nó ón ngabháltas sin;

(b)

i gcás ainmhithe nach bhfuil na ceanglais sainaitheantais agus clárúcháin a leagtar síos i dTeideal I á gcomhlíonadh go hiomlán ina leith: srian láithreach ar ghluaiseacht na n-ainmhithe sin, agus ar na hainmhithe sin amháin, go dtí go mbeidh na ceanglais sin comhlíonta ina n-iomláine;

(c)

más rud é, ar aon ghabháltas amháin, gur mó ná 20 % an líon ainmhithe nach bhfuil na ceanglais sainaitheantais agus clárúcháin a leagtar síos i dTeideal I á gcomhlíonadh go hiomlán ina leith: srian láithreach ar ghluaiseacht na n-ainmhithe uile atá ar an ngabháltas sin; i ndáil le gabháltais ar a bhfuil 10 n-ainmhí ar a mhéid, beidh feidhm ag an mbeart seo más rud é gur ann do dhá ainmhí nach bhfuil sainaitheanta go hiomlán i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal I;

(d)

más rud é nach féidir leis an duine a choinníonn ainmhí sainaitheantas agus inrianaitheacht an ainmhí sin a chruthú: i gcás inarb iomchuí, agus ar bhonn measúnaithe ar rioscaí sláinte ainmhithe agus rioscaí sábháilteachta bia, an t-ainmhí a scrios gan aon chúiteamh;

(e)

má mhainníonn duine a choinníonn ainmhithe gluaiseacht ainmhí chuig a ghabháltas agus óna ghabháltas a tuairisciú don údarás inniúil i gcomhréir leis an dara fleasc d’Airteagal 7(1), déanfaidh an t-údarás inniúil gluaiseacht ainmhithe chuig an ngabháltas sin agus ón ngabháltas sin a shrianadh;

(f)

má mhainníonn duine a choinníonn ainmhithe breith nó bás ainmhí a tuairisciú don údarás inniúil i gcomhréir leis an dara fleasc d’Airteagal 7(1), déanfaidh an t-údarás inniúil gluaiseacht ainmhithe chuig an ngabháltas sin agus ón ngabháltas sin a shrianadh;

(g)

i gcásanna ina mainníonn duine a choinníonn ainmhithe, ar bhonn leanúnach, an muirear dá dtagraítear in Airteagal 9 a íoc, féadfaidh na Ballstáit gluaiseacht ainmhithe chuig gabháltas an duine sin agus ó ghabháltas an duine sin a shrianadh.

3.   D’ainneoin mhír 1, más rud é go mbeidh oibreoirí agus eagraíochtaí a dhéanann margú ar mhairteoil tar éis mairteoil a lipéadú agus gan na hoibleagáidí a leagtar síos i dTeideal II a bheith á gcomhlíonadh acu ina dhéanamh sin dóibh, éileoidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go mbainfear an mhairteoil sin den mhargadh. Sa bhreis ar na pionóis dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

má tá an fheoil lena mbaineann ar comhréir leis na rialacha ábhartha tréidliachta agus sláinteachais, féadfaidh siad a údarú go ndéantar mairteoil den sórt sin:

(i)

a chur ar an margadh tar éis í a lipéadú go cuí i gcomhréir le ceanglais de chuid an Aontais; nó

(ii)

a chur ar aghaidh go díreach i gcomhair a próiseála ina táirgí, seachas na táirgí sin a luaitear sa chéad fhleasc d’Airteagal 12;

(b)

a ordú go ndéantar formheas na n-oibreoirí agus na n-eagraíochtaí lena mbaineann a fhionraí nó a tharraingt siar.

4.   Déanfaidh saineolaithe ón gCoimisiún, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, na nithe seo a leanas:

(a)

a fhíorú go gcomhlíonann na Ballstáit ceanglais an Rialacháin seo;

(b)

seiceálacha ar an láthair a dhéanamh lena áirithiú go ndéantar na seiceálacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.   Ballstát a bhfuil seiceáil ar an láthair á déanamh ina chríoch, tabharfaidh sé aon chúnamh do shaineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag teastáil uathu chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Déanfar toradh na seiceálacha a dhéantar a phlé le húdarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann sula ndéanfar tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas agus a scaipeadh. Beidh sa tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, moltaí do na Ballstáit maidir leis an gcaoi chun feabhas a chur ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.”;

(20)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 22a

Údaráis inniúla

Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus aon ghníomhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Rialacháin seo.

Cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi chéannacht na n-údarás sin.

Airteagal 22b

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha faoin Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(1), 4(3), 4(5), 4a(2), 5, 6(2), 7(1), 7(2), 7(6), 13(6), 14(4) agus 15a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 17 Iúil 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(1), 4(3), 4(5), 4a(2), 5, 6(2), 7(1), 7(2), 7(6), 13(6), 14(4) agus 15a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinnidh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(1), 4(3), 4(5), 4a(2), 5, 6(2), 7(1), 7(2), 7(6), 13(6), 14(4) agus 15a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(21)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

“Airteagal 23

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) cúnamh a thabhairt don Choimisiún i gcás na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagail 4(3), 4(5), 5 agus 13(6).

Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuil tuairim an Choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an Choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

(**)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1)."

(***)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(22)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 23a

Tuarascáil agus forbairtí reachtacha

Tráth nach déanaí ná:

an 18 Iúil 2019 i gcás na bhforálacha um lipéadú deonach, agus

an 18 Iúil 2019 i gcás na bhforálacha um shainaitheantas leictreonach,

tar éis don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha comhfhreagracha atá ag déileáil le cur chun feidhme agus tionchar an Rialacháin seo, lena n-áirítear, sa chéad chás, an fhéidearthacht athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha um lipéadú deonach, agus sa dara cás, an fhéidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch chun sainaitheantas leictreonach éigeantach a thabhairt isteach i ngach áit san Aontas, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Beidh tograí reachtacha iomchuí ag gabháil leis na tuarascálacha sin, i gcás inar gá sin.”;

(23)

Cuirtear isteach an Iarscríbhinn seo a leanas:

‘IARSCRÍBHINN I

MODHANNA SAINAITHEANTAIS

(A)

GNÁTHCHLIB CHLUAISE

LE hÉIFEACHT ÓN 18 IÚIL 2019.

(B)

AITHEANTÓIR LEICTREONACH I bhFOIRM CLIBE CLUAISE LEICTREONAÍ

(C)

AITHEANTÓIR LEICTREONACH I bhFOIRM BÓLAIS CHOGNASAÍ

(D)

AITHEANTÓIR LEICTREONACH I bhFOIRM TRASFHREAGRÓIRÍ IN-INSTEALLTA’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 229, 31.7.2012, lch. 144.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle an 21 Aibreán 1997 lena mbunaítear córas chun bó-ainmhithe a shainmhíniú agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú (IO L 117, 7.5.1997, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1)

(5)  Treoir 64/432/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1964 maidir le fadhbanna sláinte ainmhithe a imríonn tionchar ar thrádáil bó-ainmhithe agus mucra laistigh den Chomhphobal (IO 121, 29.7.1964, lch. 1977/64)

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).