29.5.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
7 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 544/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Bealtaine 2014
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Is Páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (3) (“an Coinbhinsiún”). |
(2) |
Ag a 16ú Cruinniú Speisialta in 2008, ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (“ICCAT”), arna bhunú ag an gCoinbhinsiún, Moladh 08-05 chun plean téarnaimh nua do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú, a chuirfí in ionad an iarphlean téarnaimh a glacadh in 2006. Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (4) chun na bearta idirnáisiúnta caomhnaithe sin a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais. |
(3) |
Ag a 17ú Cruinniú Speisialta in 2010, ghlac ICCAT Moladh 10-04 lena leasaítear an plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm. Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 le Rialachán (AE) Uimh. 500/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chun na bearta idirnáisiúnta caomhnaithe leasaithe sin a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais. |
(4) |
Ag a 18ú Cruinniú Speisialta in 2012, ghlac ICCAT Moladh 12-03 lena leasaítear tuilleadh an plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm. Chun na séasúir iascaireachta a chur in oiriúint níos fearr do ghníomhaíochtaí na gcabhlach, foráiltear do mhodhnú ar na séasúir iascaireachta i Moladh 12-03, agus sainítear anois iad mar shéasúir oscailte, seachas séasúir dhúnta mar a sainíodh iad sna Moltaí roimhe sin ó ICCAT. Ina theannta sin, tá modhnú déanta ar na dátaí is féidir le soithí peas-saighneoireachta, báid bhaoite agus báid trálála iascaireacht a dhéanamh. Ar deireadh, ionas nach mbeadh aon neamhchinnteacht ann i leith na dtrealamh nach bhfuil faoi réir aon rialacha sonracha maidir le séasúir iascaireachta, ba ghá foráil a áireamh a thabharfadh cead go sainráiteach do gach trealamh eile, cé is moite de gach cineál sruthlíonta, iascaireacht a dhéanamh ó cheann ceann na bliana. Féadfaidh ICCAT na tréimhsí agus na dátaí do na séasúir iascaireachta san Atlantach a athbhreithniú in 2015, ar chomhairle ón mBuanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh de ICCAT (SCRS). |
(5) |
Ag a 23ú Gnáthchruinniú i Samhain 2013, ghlac ICCAT Moladh 13-08 lena gcomhlánaítear Moladh 12-03, d’fhonn go mbeifear in ann na séasúir iascaireachta a mhodhnú do bháid bhaoite agus do bháid trálála san Atlantach Thoir nach mbíonn tionchar acu ar chosaint láithreacha sceite an tuinnín ghoirm sa Mheánmhuir. De réir Mholadh ICCAT sin, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha agus na Páirtithe Comhoibritheacha Neamhchonarthacha, Eintitis Chomhoibritheacha Neamhchonarthacha agus Eintitis Chomhoibritheacha Neamhchonarthacha Iascaireachta dáta tosaigh difriúil a shonrú do na séasúir iascaireachta dá mbáid bhaoite agus dá mbáid trálála atá ag oibriú san Atlantach Thoir, agus fad iomlán an tséasúir oscailte á choinneáil do na hiascaigh sin. Sa Mholadh ICCAT sin, leagtar síos rialacha freisin le haghaidh ceamaraí steiréascópacha a úsáid i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean. Is é an cuspóir go n-athbhreithneodh SCRS na sonraíochtaí teicniúla ar fad, lena n-áirítear an déine samplála, an modh samplála, an fad ón gceamara, toisí an gheata aistrithe, na halgartaim (gaol idir fad agus meáchan) ag a chruinniú in 2014, agus go modhnófadh ICCAT iad, dá mba gá sin, ag a chruinniú in 2014 ar bhonn mholtaí ó SCRS. |
(6) |
D’fhonn Moladh 12-03 ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais chun caomhnú éifeachtach stoc an tuinnín ghoirm a áirithiú, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar i leith na séasúr iascaireachta lena mbaineann, agus ar deireadh chun deis a thabhairt do Bhallstáit a bpleananna iascaireachta, cumais agus cigireachta a shainiú mar aon lena n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, agus d’fhonn Moladh 13-08 ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais i ndáil le córais cheamaraí steiréascópacha a úsáid i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean agus go bhféadfaí dáta tosaigh difriúil a shonrú do na séasúir iascaireachta do bháid bhaoite agus do bháid trálála san Atlantach Thoir, is gá forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 a mhodhnú a luaithe agus is féidir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 mar seo a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: “Airteagal 7 Séasúir iascaireachta 1. Ceadófar do shoithí gábhála spiléireachta peiligeacha mórscála atá níos faide ná 24 m tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine, cé is moite den limistéar siar ó 10°I agus ó thuaidh ó 42°T, áit ina gceadófar iascaireacht den sórt sin le linn na tréimhse ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Eanáir. 2. Ceadófar peas-saighneoireacht tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 26 Bealtaine go dtí an 24 Meitheamh. 3. Ceadófar do bháid bhaoite agus do bháid trálála tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Deireadh Fómhair. D’ainneoin na chéad fomhíre, do na blianta 2014 agus 2015, agus ós rud é nach ndéantar aon difear do chosaint na láithreacha sceite, féadfaidh na Ballstáit a shonrú, ina gcuid pleananna náisiúnta bliantúla iascaireachta, dáta tosaigh difriúil do bháid bhaoite agus do bháid trálála a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá ag oibriú san Atlantach Thoir, ar choinníoll go leanann fad iomlán an tséasúir oscailte do na hiascaigh sin de bheith ag comhlíonadh na chéad fhomhíre. Sa phlean iascaireachta Aontais atá le cur faoi bhráid ICCAT faoin 15 Feabhra de gach bliain, sonrófar cibé acu a rinneadh dátaí tosaigh na n-iascach sin a mhodhnú nó nach ndearna, agus luafar comhordanáidí na limistéar lena mbaineann. 4. Ceadófar do thrálaeir pheiligeacha tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir le linn na tréimhse ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh Fómhair. 5. Ceadófar iascaireacht tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir mar chaitheamh aimsire nó mar spórt le linn na tréimhse ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh Fómhair. 6. Ceadófar iascaireacht an tuinnín ghoirm le trealaimh, seachas iadsan dá dtagraítear i mír 1 go mír 5, ó cheann ceann na bliana. D’ainneoin sin, toirmeascfar iascaireacht tuinnín ghoirm le gach cineál sruthlíonta.”; |
(2) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 24a Ceamaraí steiréascópacha a úsáid le linn oibríochtaí cur i gcaighean Déanfar úsáid ceamaraí steiréascópacha i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. KOURKOULAS
(1) IO C 67, 6.3.2014, lch. 157.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Bealtaine 2014.
(3) Cinneadh 86/238/CCE ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 maidir le haontachas an Chomhphobail don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, arna leasú leis an bPrótacal atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach de Chomhdháil Lánchumhachtaigh na Stáit is Páirtithe don Choinbhinsiún arna shíneadh i bPáras an 10 Iúil 1984 (IO L 162, 18.6.1986, lch. 33).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 43/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1559/2007 (IO L 96, 15.4.2009, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 500/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (IO L 157, 16.6.2012, lch. 1).