|
20.5.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
93 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 513/2014 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Aibreán 2014
lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach, inter alia, trí bhíthin beart d’fhonn an choireacht a chosc agus a chomhrac agus trí bhíthin beart ar mhaithe le comhordú agus le comhar idir údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus údaráis náisiúnta eile de chuid na mBallstát, lena n-áirítear le Europol nó le comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus le tríú tíortha ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. |
|
(2) |
Chun an cuspóir seo a bhaint amach, ní mór gníomhaíochtaí feabhsaithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais le gur féidir daoine agus earraí a chosaint ar bhagairtí atá níos trasnáisiúnta ina gcineál i gcónaí agus chun tacú leis an obair a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát. Bíonn an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe, an choireacht ghluaisteach, an gháinneáil ar dhrugaí, an t-éilliú, an chibearchoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus ar airm, inter alia, ina ndúshláin i gcónaí maidir le slándáil inmheánach an Aontais. |
|
(3) |
Is é atá i Straitéis Slándála Inmheánaí don Aontas Eorpach (“Straitéis Slándála Inmheánaí”), arna glacadh ag an gComhairle i bhFeabhra 2010, clár oibre comhpháirteach le dul i ngleic leis na comhdhúshláin slándála seo. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2010 dar teideal “Straitéis Slándála Inmheánaí an AE i mbun Gnímh: Cúig chéim chun an Eoraip a dhéanamh níos sláine”, aistrítear prionsabail agus treoirlínte na straitéise isteach ina ngníomhaíochtaí nithiúla trí chúig chuspóir straitéiseacha a shainaithint: cur isteach ar ghréasáin choireachta idirnáisiúnta, an sceimhlitheoireacht a chosc agus aghaidh a thabhairt ar radacú agus ar earcaíocht, leibhéil slándála a ardú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí sa chibearspás, slándáil a neartú trí bhíthin an bhainistithe teorann agus athléimneacht na hEorpa a mhéadú in aghaidh géarchéimeanna agus tubaistí. |
|
(4) |
Ar na príomhphrionsabail a threoraíonn cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí, ba cheart go mbeadh dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, soiléireacht maidir le roinnt na gcúraimí, urraim do chearta agus saoirsí bunúsacha agus don smacht reachta, fócas láidir ar an gcomhthéacs domhanda agus ar an nasc agus ar an gcomhchuibheas is gá leis an tslándáil sheachtrach. |
|
(5) |
Chun cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí a chur chun cinn agus lena áirithiú go dtiocfaidh sí chun bheith ag feidhmiú go hiarbhír, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a sholáthar do na Ballstáit trí Chiste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”) a chur ar bun agus a bhainistiú. |
|
(6) |
Ba cheart go léireodh an Ciste an gá atá ann le solúbthacht mhéadaithe agus le simpliú méadaithe agus ceanglais i dtéarmaí intuarthachta á n-urramú, agus a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. |
|
(7) |
Is iad na treoirphrionsabail i gcur chun feidhme an Chiste éifeachtúlacht na mbeart agus cáilíocht an chaiteachais. Thairis sin, ba cheart an Ciste a chur chun feidhme freisin ar an mbealach is éifeachtaí agus is cairdiúla don úsáideoir. |
|
(8) |
In am na déine maidir le beartais an Aontais, chun fadhbanna eacnamaíocha a shárú tá gá le solúbthacht athnuaite, bearta eagraíochtúla nuálacha, úsáid níos fearr a bhaint as na struchtúir atá ann cheana féin, agus comhordú idir institiúidí an Aontais, gníomhaireachtaí an Aontais agus údaráis náisiúnta agus le tríú tíortha. |
|
(9) |
Is gá tionchar chistiúchán an Aontais a uasmhéadú trí acmhainní airgeadais, idir phoiblí agus phríobháideach, a shlógadh, a chomhthiomsú agus a ghiaráil. |
|
(10) |
Le timthriall beartais an AE, arna bhunú ag an gComhairle an 8-9 Samhain 2010, dírítear ar dhul i ngleic leis na bagairtí coiriúla tromchúiseacha agus eagraithe is mó tábhacht don Aontas ar bhealach comhtháite agus modheolaíoch tríd an gcomhar is fearr is féidir idir na seirbhísí ábhartha. D’fhonn tacú le cur chun feidhme éifeachtach an timthrialla ilbhliantúil seo, ba cheart go mbainfeadh cistiúchán faoin ionstraim a bhunaítear leis an Rialachán seo (“an Ionstraim”) úsáid as na modhanna uile cur chun feidhme is féidir mar a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) iad, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhainistíocht indíreach, chun seachadadh tráthúil agus éifeachtach na ngníomhaíochtaí agus na dtionscadal a áirithiú. |
|
(11) |
De bharr na sainghnéithe dlí is infheidhme maidir le Teideal V CFAE, ní féidir an Ciste a bhunú mar ionstraim airgeadais aonair. Ba cheart an Ciste a bhunú, dá bhrí sin, mar chreat cuimsitheach le haghaidh thacaíocht airgeadais an Aontais i réimse na slándála inmheánaí ina gcuimsítear an Ionstraim agus an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart comhlánú a dhéanamh ar an gcreat cuimsitheach sin le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(12) |
Féadfar dul i ngleic go héifeachtach trí chomhar póilíneachta le coireacht thrasteorann amhail gáinneáil ar dhaoine agus eagraíochtaí coiriúla a bheith ag teacht i dtír ar inimirce neamhdhlíthiúil. |
|
(13) |
Leagtar síos go comhpháirteach leis na hacmhainní foriomlána don Rialachán seo agus do Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 an t-imchlúdach airgeadais don thréimhse iomlán an Chiste, arb é a bheidh ann an méid príomhthagartha de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais , do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i rith an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. |
|
(14) |
Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2013 maidir le coireacht eagraithe, le héilliú agus le sciúradh airgid, aithníodh gur dúshlán Eorpach atá sa chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus éilíodh go mbeadh tuilleadh comhair ann idir na Ballstáit i réimse fhorghníomhú an dlí, de bhrí gur rud bunúsach é dul i ngleic go héifeachtach le coireacht eagraithe chun an geilleagar dleathach a chosaint ó ghníomhaíochtaí coiriúla tipiciúla amhail na fáltais ó choireacht a sciúradh. |
|
(15) |
Faoi chuimsiú chreat cuimsitheach an Chiste, ba cheart don chúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil faoin Ionstraim tacú le comhar póilíneachta, malartú faisnéise agus rochtain ar fhaisnéis, cosc na coireachta, an comhrac i gcoinne na coireachta trasteorann, na coireachta eagraithe agus na coireachta tromchúisí, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, éilliú, gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar dhaoine agus ar airm, dúshaothrú na hinimirce neamhdhleathaí, dúshaothrú gnéasach leanaí, dáileadh íomhánna de mhí-úsáid leanaí agus pornagrafaíochta leanaí, cibearchoireacht, sciúradh na bhfáltas ó choireacht, daoine agus bonneagar criticiúil a chosaint i gcoinne teagmhas a bhaineann leis an tslándáil agus bainistíocht éifeachtach ar rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, agus comhbheartais (straitéisí, timthriallacha beartais, cláir agus pleananna gníomhaíochta), an reachtaíocht agus an comhar praiticiúil á gcur san áireamh. |
|
(16) |
Ba cheart don chúnamh airgeadais sna réimsí seo tacú go háirithe le gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn comhoibríochtaí trasteorann, rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise, malartú dea-chleachtas, cumarsáid agus comhordú éascaithe agus slán, oiliúint agus malartú foirne, gníomhaíochtaí anailíse, faireacháin agus meastóireachta, measúnuithe cuimsitheacha ar rioscaí agus ar bhagairtí, i gcomhréir leis na hinniúlachtaí a leagtar amach i CFAE, gníomhaíochtaí múscailte feasachta, tástáil agus fíorú na teicneolaíochta nua, taighde na heolaíochta fóiréinsí, fáil an trealaimh theicniúil idir-inoibrithigh agus comhar idir na Ballstáit agus comhlachtaí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Europol. Níor cheart do chúnamh airgeadais sna réimsí sin tacaíocht a thabhairt ach amháin do ghníomhaíochtaí atá comhsheasmhach le tosaíochtaí agus tionscnaimh a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad siúd atá formhuinithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. |
|
(17) |
Laistigh de chreat cuimsitheach de straitéis frithdhrugaí an Aontais a mholann cur chuige cothrom atá bunaithe ar laghdú comhuaineach ar sholáthar agus éileamh, ba cheart, leis an gcúnamh dlíthiúil a sholáthraítear faoin Ionstraim seo, tacaíocht a thabhairt atá dírithe ar gháinneáil ar dhrugaí a chosc agus a chomhrac (soláthar a laghdú), agus go háirithe bearta atá dírithe ar tháirgeadh, ar mhonarú, ar eastóscadh, ar dhíolaíocht, ar iompar, ar allmhairiú agus ar onnmhairiú drugaí mídhleathacha, lena n-áirítear seilbh a bheith orthu agus iad a cheannach, d’fhonn a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí gáinneála drugaí. |
|
(18) |
Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim a ghlacadh ar bhonn sineirgíochta agus comhchuibhis le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais, idir gheografach agus théamach. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhchuibheas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach agus beartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist, le prionsabail dhaonlathacha agus luachanna daonlathacha, le saoirsí agus cearta bunúsacha, leis an smacht reachta agus le ceannas tríú tíortha. Níor cheart go mbeadh sé i gceist leis na bearta tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe go díreach ar fhorbairt agus ba cheart go ndéanfaidís comhlánú, nuair is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí cabhrach seachtraí. Ba cheart féachaint le comhchuibheas le beartas daonnúil an Aontais a bhaint amach freisin, go háirithe maidir le cur chun feidhme na mbeart éigeandála. |
|
(19) |
Ba cheart an Ionstraim a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. |
|
(20) |
De bhun Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ba cheart go dtacódh an Ionstraim le gníomhaíochtaí a áirithíonn cosaint do leanaí in aghaidh foréigin, mí-úsáide, dúshaothraithe agus faillí. Ba cheart go dtacódh an Ionstraim freisin le coimircí agus cúnamh do leanaí atá ina bhfinnéithe nó ina n-íospartaigh, go háirithe iadsan atá gan tionlacan nó ar shlí eile a bhfuil gá le caomhnóireacht acu. |
|
(21) |
Leis an Ionstraim ba cheart go gcomhlánófaí agus go dtreiseofaí na gníomhaíochtaí a dhéantar chun comhar a fhorbairt idir Europol nó comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus na mBallstát chun cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach i réimse an chomhair póilíneachta, chosc agus chomhrac na coireachta, agus na bainistíochta géarchéime. Ciallaíonn sé sin, inter alia, agus a gcuid clár náisiúnta á dtarraingt suas acu, gur cheart go ndéanfadh na Ballstáit an bunachar sonraí faisnéise, uirlisí anailíseacha agus treoirlínte oibríochtúla agus teicniúla arna bhforbairt ag Europol, go háirithe córas faisnéise Europol, Córas an Fheidhmchláir Líonra um Malartú Slán Faisnéise de chuid Europol (SIENA) agus Measúnú an AE ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (SOCTA) a chur san áireamh. |
|
(22) |
D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Ciste chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart go gcuirfí buiséad an Aontais a leithdháilfear ar an Ionstraim seo chun feidhme trí bhíthin na bainistíochta dírí agus na bainistíochta indírí, i leith gníomhaíochtaí lena ngabhann leas ar leith don Aontas (“gníomhaíochtaí Aontais”), trí bhíthin cúnaimh éigeandála agus cúnaimh theicniúil, agus trí bhíthin na bainistíochta comhpháirtí i leith clár náisiúnta agus gníomhaíochtaí lena n-éilítear solúbthacht riaracháin. |
|
(23) |
Tá sé riachtanach le haghaidh na n-acmhainní a chuirtear chun feidhme faoin mbainistíocht chomhpháirteach go bhfuil cláir náisiúnta na mBallstát comhsheasmhach le tosaíochtaí agus cuspóirí an Aontais. |
|
(24) |
Maidir leis na hacmhainní a leithdháilfear ar na Ballstáit ionas go gcuirfidh siad chun feidhme iad trína gcláir náisiúnta, ba cheart iad a bhunú sa Rialachán seo agus a dháileadh ar bhonn critéar oibiachtúil agus intomhaiste. Ba cheart go mbainfeadh na critéir sin leis na hearraí poiblí a bheidh le cosaint ag na Ballstáit agus ar bhonn a gcumais airgeadais leibhéal ard slándála inmheánaí a áirithiú, amhail méid an daonra, méid a gcríche agus a n-olltáirgeacht intíre. Thairis sin, ós rud é go léiríonn SOCTA na bliana 2013 tábhacht fhorleathan na gcalafort mara agus aerfort mar phointí iontrála d’eagraíochtaí coiriúla le haghaidh gáinneála ar dhaoine agus ar thráchtearraí neamhdhleathacha, ba cheart go léireofaí leochaileachtaí ar leith arna n-ionadú ag bealaí coireachta ag na trasrianta seachtracha sin i ndáileadh na n-acmhainní atá ar fáil do ghníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit trí chritéir a bhaineann le líon na bpaisinéirí agus le meáchan an lastais a phróiseáiltear trí aerfoirt idirnáisiúnta agus trí chalafoirt mhara idirnáisiúnta. |
|
(25) |
Chun an dlúthpháirtíocht agus an comhroinnt freagrachta le haghaidh comhbheartas, comhstraitéisí agus comhchlár de chuid an Aontais a neartú, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun úsáid a bhaint as cuid de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil do na cláir náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Maidir leis na tionscadail lena dtugtar aghaidh ar na tosaíochtaí sin, ba cheart rannchuidiú an Aontais lena gcostas iomlán incháilithe a mhéadú go 90 %, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. |
|
(26) |
Ba cheart go mbeadh uasteorainn na n-acmhainní a bheidh fós ar láimh ag an Aontas comhlántach leis na hacmhainní a leithdháiltear ar Bhallstáit chun a gcláir náisiúnta a chur chun feidhme. Áiritheofar leis sin go mbeidh an tAontas in ann, i mbliain bhuiséid ar leith, tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil leas ar leith don Aontas ag gabháil leo, amhail staidéir, tástáil agus bailíochtú teicneolaíochtaí nua, tionscadail thrasnáisiúnta, líonrú agus malartú na ndea-chleachtas, an faireachán ar chur chun feidhme dhlíthe agus bheartais ábhartha an Aontais agus beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais i dtríú tíortha agus i ndáil leo. Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo i gcomhréir leis na tosaíochtaí a sainaithnítear i straitéisí, i gcláir, i bpleananna gníomhaíochta agus i measúnuithe riosca agus bagairtí ábhartha an Aontais. |
|
(27) |
Chun rannchuidiú le cuspóir ginearálta na hIonstraime a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí ar áireamh ina gcláir náisiúnta lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí sonracha uile na hIonstraime agus go mbeidh leithdháileadh na n-acmhainní idir na cuspóirí comhréireach leis na dúshláin agus leis na riachtanais agus go n-áiritheoidh an leithdháileadh sin gur féidir na cuspóirí a chomhlíonadh. I gcás nach dtabharfaidh clár náisiúnta aghaidh ar cheann de na cuspóirí sonracha nó go mbeidh an leithdháileadh faoi bhun na n-íoschéatadán a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann bonn cirt a sholáthar laistigh den chlár. |
|
(28) |
D’fhonn cumas an Aontais freagairt láithreach a thabhairt ar theagmhais a bhaineann leis an tslándáil nó ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn ar an Aontas a neartú, ba cheart go bhféadfaí cúnamh éigeandála a sholáthar i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. |
|
(29) |
Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breis luacha a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíocht na mBallstát ar a gconlán féin. Ós rud é go bhfuil deis níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar staideanna trasteorann agus ardán a chur ar fáil ar mhaithe le cineálacha cur chuige comhchoiteanna, ba cheart go rannchuideodh gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh tacaíochta faoin Rialachán seo go háirithe le cumais náisiúnta agus cumais an Aontais a neartú, mar aon le comhar agus comhordú trasteorann, an líonrú, an iontaoibh fhrithpháirteach agus malartú na faisnéise agus na ndea-chleachtas. |
|
(30) |
Chun forálacha sa Rialachán seo maidir le sainiú ar thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a liostaítear sa Rialachán seo a leasú, cur leo nó iad a scriosadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha uile a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. |
|
(31) |
Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear le linn gníomhartha tarmligthe a ullmhú, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe ó gach Ballstát. |
|
(32) |
Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIonstraime, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, le cúnamh ó phríomhtháscairí chun torthaí agus tionchair a mheas. Ba cheart go gcuirfeadh na táscairí, lena n-áirítear bonnlínte ábhartha, an bunús íosta ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí na hIonstraime. |
|
(33) |
Chun a bhfuil bainte amach ag an gCiste a thomhas, ba cheart comhtháscairí a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach de chuid na hIonstraime seo. Ní fhágann an tomhas ar a bhfuil bainte amach ag na cuspóirí sonracha trí bhíthin comhtháscairí gurb éigeantach é cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na táscairí sin. |
|
(34) |
Ba cheart Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (7) a aisghairm, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach sa Rialachán seo. |
|
(35) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon comhordú agus comhar a neartú idir na húdaráis forghníomhaithe dlí, an choireacht a chosc agus a chomhrac, daoine agus bonneagar criticiúil a chosaint i gcoinne teagmhas a bhaineann leis an tslándáil agus feabhas a chur ar chumas na mBallstát agus an Aontais rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil a bhainistiú go héifeachtach, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(36) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(37) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(38) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(39) |
Is iomchuí tréimhse chur chun feidhme an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (8). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2014, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Cuspóir agus Raon Feidhme
1. Leis an Rialachán seo bunaítear an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (“an Ionstraim”), mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”).
Go comhpháirteach le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, bunaítear faoin Rialachán seo an Ciste don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.
2. Leagtar síos leis an Rialachán seo:
|
(a) |
na cuspóirí, na gníomhaíochtaí incháilithe agus na tosaíochtaí straitéiseacha don tacaíocht airgeadais a chuirfear ar fáil faoin Ionstraim; |
|
(b) |
an creat ginearálta chun na gníomhaíochtaí incháilithe a chur chun feidhme; |
|
(c) |
na hacmhainní a chuirtear ar fáil faoin Ionstraim ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus dáileachán orthu. |
3. Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.
4. Ní bheidh feidhm ag an Ionstraim maidir le hábhair atá cumhdaithe ag an gclár Ceartais, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Féadfaidh an Ionstraim seo, áfach, gníomhaíochtaí a chumhdach a dhíríonn ar chomhar a spreagadh idir údaráis bhreithiúnacha agus údaráis forghníomhaithe dlí.
5. Féachfar le sineirgí, comhleanúnachas agus comhlántacht a bhaint amach le hionstraimí airgeadais ábhartha eile an Aontais, amhail an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Fís 2020 a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), tríú clár ilbhliantúil gníomhaíochta an Aontais i réimse na sláinte a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na ionstraimí cabhrach seachtraí, eadhon an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), an Ionstraim Eorpach don Daonlathas agus do Chearta an Duine, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), agus an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Ní bhfaighidh gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo tacaíocht airgeadais chun na críche céanna ó ionstraimí airgeadais eile an Aontais.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn “comhar póilíneachta” na bearta sonracha agus na cineálacha sonracha comhair a bhfuil baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát leo dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE; |
|
(b) |
ciallaíonn “malartú faisnéise agus rochtain ar fhaisnéis” bealach slán ina ndéantar bailiú, stóráil, próiseáil, anailísiú agus malartú ar fhaisnéis atá ábhartha do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE maidir le cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coiriúla, go háirithe coireacht thrasteorann, thromchúiseach agus eagraithe; |
|
(c) |
ciallaíonn “cosc na coireachta” gach beart atá beartaithe chun laghdú a dhéanamh ar choireacht agus ar mhothúchán neamhshláine na saoránach nó chun cur ar dhóigh eile le laghdú a dhéanamh orthu sin, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(2) de Chinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle (19); |
|
(d) |
ciallaíonn “coireacht eagraithe” iompar inphionóis a bhaineann le rannpháirteachas in eagraíocht choiriúil, mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (20); |
|
(e) |
ciallaíonn “sceimhlitheoireacht” aon cheann de na gníomhartha intinniúla nó na cionta mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle (21); |
|
(f) |
ciallaíonn “bainistíocht riosca agus géarchéime” aon bheart a bhaineann le measúnú ar an sceimhlitheoireacht, ar an gcoireacht eagraithe agus ar rioscaí eile a bhaineann leis an tslándáil, mar aon lena gcosc, leis an ullmhacht faoina gcoinne agus le bainistíocht a n-iarmhairtí; |
|
(g) |
ciallaíonn “cosc agus ullmhacht” aon bheart arb aidhm dó na rioscaí a bhaineann le hionsaithe sceimhlitheoireachta nó le teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil a chosc agus/nó a laghdú; |
|
(h) |
ciallaíonn “bainistíocht iarmharta” comhordú éifeachtach na ngníomhaíochtaí a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar leibhéal an Aontais d’fhonn freagairt d’iarmhairt ionsaí sceimhlitheoireachta nó aon teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil, agus an iarmhairt sin a laghdú; |
|
(i) |
ciallaíonn “bonneagar criticiúil” sócmhainn, líonra, córas nó cuid de chóras atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, sláinte, sábháilteacht, slándáil, leas eacnamaíoch nó sóisialta na ndaoine a chothabháil, agus a mbeidh tionchar suntasach ag a bhriseadh, a shárú nó a scriosadh i mBallstát nó san Aontas mar thoradh ar an mainneachtain na feidhmeanna sin a chothabháil; |
|
(j) |
ciallaíonn “staid éigeandála” aon teagmhas a bhaineann leis an tslándáil nó aon bhagairt nua a thiocfadh chun cinn agus a bhfuil, nó a bhféadfadh sé go mbeadh, tionchar díobhálach suntasach aige ar shlándáil na ndaoine i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. |
Airteagal 3
Cuspóirí
1. Is é a bheidh i gcuspóir ginearálta na hIonstraime ná rannchuidiú le leibhéal ard slándála a áirithiú san Aontas.
2. Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach i mír 1, rannchuideoidh an Ionstraim — i gcomhréir leis na tosaíochtaí a shainaithnítear i straitéisí, i dtimthriallacha beartais, i gcláir, i measúnuithe bagartha agus i measúnuithe riosca ábhartha de chuid an Aontais — leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:
|
(a) |
cosc na coireachta, coireacht thrasteorann, thromchúiseach agus eagraithe, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht, a chomhrac, agus comhordú agus comhar a threisiú idir údaráis forghníomhaithe dlí agus údaráis náisiúnta eile na mBallstát, lena n-áirítear le Europol nó comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus le tríú tíortha ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha; |
|
(b) |
cumas na mBallstát agus an Aontais a fheabhsú maidir le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí agus ar ghéarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, agus ullmhú le haghaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil, agus daoine agus an bonneagar criticiúil a chosaint orthu. |
Déanfar baint amach chuspóirí sonracha na hIonstraime a mheas i gcomhréir le hAirteagal 55(2) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus leas á bhaint as comhtháscairí, de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo iad agus as táscairí clár-shonracha a bheidh ar áireamh i gcláir náisiúnta.
3. D’fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhaint amach, rannchuideoidh an Ionstraim leis na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:
|
(a) |
bearta a chur chun cinn agus a fhorbairt, ar bearta iad a neartaíonn cumas na mBallstát an choireacht a chosc agus coireacht thrasteorann, thromchúiseach agus eagraithe lena n-áirítear sceimhlitheoireacht a chomhrac, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, malartú faisnéise agus dea-chleachtas, rochtain ar shonraí, teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha, staidreamh inchomparáide, coireolaíocht fheidhmeach, cumarsáid phoiblí agus múscailt feasachta; |
|
(b) |
comhordú riaracháin agus oibríochtúil, comhar, comhthuiscint agus an malartú faisnéise a chur chun cinn agus a fhorbairt i measc údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát, údarás náisiúnta eile, Europol nó comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta; |
|
(c) |
scéimeanna oiliúna a chur chun cinn agus a fhorbairt, lena n-áirítear i dtaca le scileanna teicniúla agus gairmiúla agus eolas ar oibleagáidí i ndáil le hurraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, i gcur chun feidhme beartas oiliúna Eorpach, lena n-áirítear trí bhíthin sainchlár malartaithe um fhorghníomhú dlí an Aontais, d’fhonn fíorchultúr Eorpach breithiúnach agus forghníomhaithe an dlí a chothú; |
|
(d) |
bearta, coimircí, sásraí agus na dea-chleachtais a chur chun cinn agus a fhorbairt chun sainaithint luath, cosaint agus tacaíocht a thabhairt d’fhinnéithe agus d’íospartaigh na coireachta, lena n-áirítear íospartaigh na sceimhlitheoireachta, agus go háirithe do leanaí atá ina bhfinnéithe nó ina n-íospartaigh, go háirithe iadsan atá gan tionlacan nó ar shlí eile a bhfuil gá le caomhnóireacht acu; |
|
(e) |
bearta lena neartaítear cumas riaracháin agus oibríochtúil na mBallstát chun bonneagar criticiúil a chosaint i ngach earnáil de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, lena n-áirítear trí bhíthin comhpháirtíochtaí poiblí/príobháideacha, agus feabhas ar chomhordú, ar chomhar, ar mhalartú agus ar scaipeadh an tsaineolais agus an chleachtaidh laistigh den Aontas agus leis na tríú tíortha ábhartha; |
|
(f) |
naisc shlána agus comhordú éifeachtach a chur ar bun idir na gníomhaithe sna córais luathrabhaidh agus na córais chomhair géarchéime atá ann cheana i ngach earnáil ar leith ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear lárionaid staide ionas gur féidir forbhreathnú cuimsitheach agus beacht a chur ar fáil go tapa i gcásanna géarchéime, bearta freagartha a chomhordú, faisnéis oscailte, faisnéis phribhléideach agus faisnéis rúnaicmithe a roinnt; |
|
(g) |
bearta a dhéanann cumas riaracháin agus oibríochtúil na mBallstát agus an Aontais a neartú d’fhonn measúnuithe riosca agus bagairtí cuimsitheacha a fhorbairt, atá bunaithe ar fhianaise agus ag teacht le tosaíochtaí agus tionscnaimh atá sainaitheanta ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad siúd atá formhuinithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, d’fhonn cur ar chumas an Aontais cur chuige comhtháite a fhorbairt a bheidh bunaithe ar chomhbhreithiúnais chomhroinnte i staideanna géarchéime agus chun comhthuiscint ar shainmhínithe éagsúla na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta ar leibhéil bhagartha éagsúla a fheabhsú. |
4. Rannchuideoidh an Ionstraim freisin le maoiniú an chúnaimh theicniúil ar thionscnamh ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún.
5. Déanfar gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do dhínit an duine. Go háirithe, déanfaidh gníomhaíochta forálacha na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dlí cosanta sonraí an Aontais agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD) a chomhlíonadh.
Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit, nuair is féidir, agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu, aird ar leith a thabhairt ar chúnamh agus ar chosaint daoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaoisigh gan tionlacan.
Airteagal 4
Gníomhaíochtaí incháilithe faoi chláir náisiúnta
1. Laistigh de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, i bhfianaise chonclúidí comhaontaithe na díospóireachta beartais a bhforáiltear dóibh in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus i gcomhréir le cuspóirí an chláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, tacófar leis an Ionstraim le gníomhaíochtaí a dhéanfar sna Ballstáit, agus go háirithe iad siúd ón liosta seo a leanas:
|
(a) |
gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear comhar póilíneachta agus comhordú idir údaráis forghníomhaithe dlí, lena n-áirítear le comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus eatarthu, go háirithe Europol agus Eurojust, comhfhoirne imscrúdaithe agus aon fhoirm eile de chomhoibríocht thrasteorann, rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise, agus teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha; |
|
(b) |
tionscadail lena gcuirtear chun cinn líonrú, comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, cómhuinín, comhthuiscint agus comhfhoghlaim, sainaithint, malartú agus scaipeadh feasa gnó, taithí agus na gcleachtas is fearr, comhroinnt faisnéise, comhfheasacht staide agus comh-fhadbhreathnaitheacht, pleanáil teagmhais agus idir-inoibritheacht; |
|
(c) |
gníomhaíochtaí anailíse, faireacháin agus meastóireachta, lena n-áirítear staidéir agus measúnuithe bagartha, riosca agus tionchair, atá bunaithe ar fhianaise agus comhsheasmhach le tosaíochtaí agus tionscnaimh atá sainaitheanta ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad siúd atá formhuinithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle; |
|
(d) |
gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an gcumarsáid, le scaipeadh na faisnéise agus le múscailt na feasachta; |
|
(e) |
gnóthú, cothabháil chórais TF an Aontais agus chórais TF náisiúnta a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo, agus/nó uasghrádú arís eile ar chórais TF agus ar threalamh teicniúil, lena n-áirítear comhoiriúnacht tástála ar chórais, saoráidí slána, bonneagair, foirgnimh agus córais ghaolmhara, go háirithe córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus a gcomhpháirteanna, lena n-áirítear ar mhaithe le comhar Eorpach maidir leis an gcibearshlándáil agus leis an gcibearchoireacht, go háirithe le hIonad Cibearchoireachta na hEorpa; |
|
(f) |
malartú, oiliúint agus oideachas foirne agus saineolaithe na n-údarás ábhartha, lena n-áirítear oiliúint teanga agus cleachtaí nó cláir i gcomhpháirt; |
|
(g) |
bearta lena ndéanfar modheolaíochtaí nó teicneolaíochtaí nua a chur chun oibre, a aistriú, a thástáil agus a bhailíochtú, lena n-áirítear treoirthionscadail agus bearta leantacha a bhaineann le tionscadail taighde slándála arna gcistiú ag an Aontas. |
2. Laistigh de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, féadfaidh an Ionstraim tacú freisin leis na gníomhaíochtaí seo a leanas i dtríú tíortha agus i ndáil leo:
|
(a) |
gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear comhar póilíneachta agus comhordú idir údaráis forghníomhaithe dlí, lena n-áirítear comhfhoirne imscrúdaithe agus aon fhoirm eile de chomhoibríocht thrasteorann, rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise, agus teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha; |
|
(b) |
líonrú, cómhuinín, comhthuiscint agus comhfhoghlaim, agus sainaithint, malartú agus scaipeadh feasa gnó, taithí agus na gcleachtas is fearr, comhroinnt faisnéise, comhfheasacht staide agus comh-fhadbhreathnaitheacht, pleanáil teagmhais agus idir-inoibritheacht; |
|
(c) |
malartú, oiliúint agus oideachas foirne agus saineolaithe na n-údarás ábhartha. |
Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, mar aon leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, comhordú maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil leo, mar a leagtar amach in Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.
CAIBIDIL II
CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 5
Acmhainní foriomlána agus cur chun feidhme
1. Is é EUR 1 004milliún i bpraghsanna reatha a bheidh sna hacmhainní foriomlána don Ionstraim a chur chun feidhme.
2. Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha an chreata airgeadais bhliantúil.
3. Cuirfear na hacmhainní foriomlána chun feidhme trí na modhanna seo a leanas:
|
(a) |
cláir náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 7; |
|
(b) |
gníomhaíochtaí Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 8; |
|
(c) |
cúnamh teicniúil, i gcomhréir le hAirteagal 9; |
|
(d) |
cúnamh éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 10; |
4. An buiséad arna leithdháileadh faoin Ionstraim ar ghníomhaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo, ar an gcúnamh teicniúil dá dtagraítear ina Airteagal 9 den Rialachán seo agus ar an gcúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo, déanfar é a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) faoi seach.
Déanfar an buiséad arna leithdháileadh ar na cláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhpháirteach i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.
5. Gan dochar do shainchumais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, déanfar na hacmhainní foriomlána a úsáid mar a leanas:
|
(a) |
EUR 662 milliún ar mhaithe le cláir náisiúnta na mBallstát; |
|
(b) |
EUR 342 milliún ar mhaithe le gníomhaíochtaí Aontais, cúnamh éigeandála agus cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. |
6. Déanfaidh gach Ballstát na méideanna do chláir náisiúnta a luaitear in Iarscríbhinn III a leithdháileadh mar a leanas:
|
(a) |
ar a laghad 20 % le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2); agus |
|
(b) |
ar a laghad 10 % le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2). |
Féadfaidh na Ballstáit imeacht ó na híoschéatadáin sin ar choinníoll go mbeidh míniú ar áireamh sna cláir náisiúnta maidir le cén fáth nach ndéanfaidh acmhainní a leithdháileadh faoin leibhéal sin baint amach an chuspóra ábhartha a chur i mbaol. Measúnóidh an Coimisiún an míniú sin i gcomhthéacs a fhormheasa ar na cláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7(2).
7. I gcomhpháirt leis na hacmhainní foriomlána arna mbunú le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, is ionann na hacmhainní foriomlána atá ar fáil don Ionstraim, mar a bhunaítear iad i mír 1 den Airteagal seo, agus an t-imchlúdach airgeadais don Chiste Slándála Inmheánaí, agus fónann siad mar an bpríomhthagairt, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.
Airteagal 6
Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe sna Ballstáit
1. Leithdháilfear EUR 662 milliún ar na Ballstáit mar seo a leanas:
|
(a) |
30 % i gcomhréir le méid a ndaonra iomláin; |
|
(b) |
10 % i gcomhréir le méid a gcríoch; |
|
(c) |
15 % i gcomhréir le líon na bpaisinéirí agus 10 % i gcomhréir le tonnaí na lastas arna bpróiseáil trína n-aerfoirt idirnáisiúnta agus trína gcalafoirt mhara idirnáisiúnta; |
|
(d) |
35 % i gcomhréir inbhéartach lena n-olltáirgeacht intíre (caighdeán na cumhachta ceannaigh in aghaidh an áitritheora). |
2. Is iad na sonraí staidrimh is déanaí a bheidh curtha ar fáil ag an gCoimisiún (Eurostat) na figiúirí tagartha a úsáidfear do na sonraí dá dtagraítear i mír 1, agus cuirfear ar fáil iad ar bhonn na sonraí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais. Is é an 30 Meitheamh 2013 an dáta tagartha. Na leithdháiltí le haghaidh na gclár náisiúnta a ríomhtar ar bhonn na gcritéar a luaitear i mír 1, leagtar amach iad in Iarscríbhinn III.
Airteagal 7
Cláir náisiúnta
1. Déanfar an clár náisiúnta a bheidh le hullmhú faoin Ionstraim agus an ceann a bheidh le hullmhú faoi Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 a mholadh don Choimisiún mar chlár náisiúnta aonair amháin le haghaidh an Chiste, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.
2. Faoi na cláir náisiúnta a bheidh le scrúdú agus le formheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfaidh na Ballstáit, laistigh de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a shaothrú go sonrach, agus toradh an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 á chur san áireamh. Ní bhainfidh na Ballstáit úsáid as níos mó ná 8 % dá leithdháileadh iomlán faoin gclár náisiúnta maidir le cothabháil chórais TF an Aontais agus chórais TF náisiúnta a rannchuidíonn le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus ní bhainfidh siad úsáid as níos mó ná 8 % do ghníomhaíochtaí i ndáil le tríú tíortha nó iontu a chuireann i bhfeidhm tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
3. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, chun cur leo nó chun iad a scriosadh.
Airteagal 8
Gníomhaíochtaí Aontais
1. Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ionstraim a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trasnáisiúnta nó ar ghníomhaíochtaí lena ngabhann leas ar leith don Aontas (“gníomhaíochtaí Aontais”), a bhaineann leis na cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3.
2. Chun a bheith incháilithe do chistiúchán, beidh gníomhaíochtaí an Aontais i gcomhréir leis na tosaíochtaí agus na tionscnaimh a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad siúd atá formhuinithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, i straitéisí ábhartha an Aontais, i dtimthriallacha beartais, i gcláir, i measúnuithe bagartha agus riosca, agus tacóidh siad go háirithe leo seo a leanas:
|
(a) |
gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla, agus sásra meastóireachta a fhorbairt atá riachtanach chun na beartais maidir le comhar póilíneachta, cosc agus comhrac na coireachta agus bainistíocht géarchéime a chur chun feidhme; |
|
(b) |
tionscadail thrasnáisiúnta a bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó leo, nó ar a laghad Ballstát amháin agus tríú tír amháin; |
|
(c) |
gníomhaíochtaí anailíse, faireacháin agus meastóireachta, lena n-áirítear staidéir agus measúnuithe bagartha, riosca agus tionchair, atá bunaithe ar fhianaise agus comhsheasmhach le tosaíochtaí agus tionscnaimh atá shainaitheanta ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad siúd atá formhuinithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, agus tionscadail trína ndéantar faireachán ar an gcaoi a gcuirtear dlí an Aontais agus cuspóirí beartais an Aontais chun feidhme sna Ballstáit; |
|
(d) |
tionscadail trína gcuirtear chun cinn líonrú, comhpháirtíochtaí poiblí/príobháideacha, cómhuinín, comhthuiscint agus comhfhoghlaim, agus sainaithint agus scaipeadh na gcleachtas is fearr agus modhanna nuálacha oibre ar leibhéal an AE, an oiliúint agus cláir malartuithe; |
|
(e) |
tionscadail trína dtacaítear le forbairt uirlisí agus modhanna modheolaíochta, go háirithe i réimse an staidrimh, agus comhtháscairí; |
|
(f) |
trealamh teicniúil, fios gnó, saoráidí slána, bonneagair, na córais agus na foirgnimh a bhaineann leo, go háirithe córais TFC agus a gcomhpháirteanna ar leibhéal an Aontais, a ghnóthú, a chothabháil agus/nó a uasghrádú arís eile, lena n-áirítear ar mhaithe le comhar Eorpach maidir leis an gcibearshlándáil agus le cibearchoireacht, go háirithe Ionad Cibearchoireachta na hEorpa; |
|
(g) |
tionscadail arb aidhm dóibh an fheasacht maidir le beartais agus cuspóirí an Aontais a fheabhsú i measc na ngeallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais; |
|
(h) |
tionscadail atá thar a bheith nuálach agus trína bhforbraítear modhanna nua nó a gcuirtear teicneolaíochtaí nua chun oibre a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú; |
|
(i) |
staidéir agus treoirthionscadail; |
3. Laistigh de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, tacóidh an Ionstraim freisin le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil leo, agus go háirithe leo seo a leanas:
|
(a) |
gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear comhar póilíneachta agus comhordú idir údaráis forghníomhaithe dlí, agus, i gcás inarb infheidhme, eagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear comhfhoirne imscrúdaithe agus aon fhoirm eile de chomhoibríocht trasteorann, rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise agus teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha; |
|
(b) |
líonrú, cómhuinín, comhthuiscint agus comhfhoghlaim, agus sainaithint, malartú agus scaipeadh feasa ghnó, taithí agus na gcleachtas is fearr, comhroinnt faisnéise, comhfheasacht staide agus comh-fhadbhreathnaitheacht, pleanáil teagmhais agus idir-inoibritheacht; |
|
(c) |
trealamh teicniúil, lena n-áirítear córais TFC agus a gcomhpháirteanna, a ghnóthú, a chothabháil agus/nó a uasghrádú tuilleadh; |
|
(d) |
malartú, oiliúint agus oideachas foirne agus saineolaithe na n-údarás ábhartha, lena n-áirítear oiliúint teanga; |
|
(e) |
gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an gcumarsáid, le scaipeadh na faisnéise agus le múscailt na feasachta; |
|
(f) |
measúnuithe bagartha, riosca agus tionchair; |
|
(g) |
staidéir agus treoirthionscadail. |
4. Cuirfear gníomhaíochtaí Aontais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.
Airteagal 9
Cúnamh teicniúil
1. Ar thionscnamh ón gCoimisiún agus/nó thar ceann an Choimisiúin, féadfaidh an Ionstraim suas le EUR 800 000 a rannchuidiú leis an gCiste gach bliain, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.
2. Ar thionscnamh ó Bhallstát„ féadfaidh an Ionstraim gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a mhaoiniú, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Ní sháróidh an méid a chuirfear ar leataobh le haghaidh cúnaimh theicniúil don tréimhse 2014-2020 suim 5 % den mhéid iomlán a leithdháilfear ar Bhallstát móide EUR 200 000
Airteagal 10
Cúnamh éigeandála
1. Cuirfidh an Ionstraim tacaíocht airgeadais ar fáil chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha shonracha i gcás éigeandála, de réir mar a shainmhínítear iad i bpointe (j) d’Airteagal 2.
2. Cuirfear cúnamh éigeandála chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 11
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(3) seo a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana ón 21 Bealtaine 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhse trí bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.
Airteagal 12
Infheidhmeacht Rialachán (AE) Uimh. 514/2014
Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 maidir leis an Ionstraim.
Airteagal 13
Aisghairm
Déantar Cinneadh 2007/125/CGB a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.
Airteagal 14
Forálacha idirthréimhseacha
1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do mhodhnú nó do leanúnachas na dtionscadal, lena n-áirítear iad a chur ar ceal i bpáirt nó ina n-iomláine, go dtí go gcuirfear i gcrích iad nó don chúnamh airgeadais arna fhormheas ag an gCoimisiún ar bhonn Chinneadh 2007/125/CGB, nó reachtaíocht ar bith eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin ar an 31 Nollaig 2013.
2. Agus cinntí maidir le cómhaoiniú faoin Ionstraim á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na bearta a glacadh ar bhonn Chinneadh 2007/125/CGB roimh an 20 Bealtaine 2014 a rachadh i gcion ar an staid airgeadais le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gcómhaoiniú sin.
3. Maidir leis na suimeanna atá geallta don chómhaoiniú arna bhformheas ag an gCoimisiún idir an 1 Eanáir 2011 agus an 31 Nollaig 2014, nár cuireadh chuig an gCoimisiún na doiciméid a theastaíonn ina leith le clabhsúr a chur ar na hoibríochtaí faoin spriocdháta le haghaidh thíolacadh na tuarascála deireanaí, saorfaidh an Coimisiún go huathoibríoch iad faoin 31 Nollaig 2017, rud a fhágfaidh go gcaithfear na méideanna a íocadh go míchuí a aisíoc.
Agus an méid a bheidh le saoradh go huathoibríoch á ríomh, ní thabharfar aird ar na suimeanna a bhaineann le hoibríochtaí a cuireadh ar fionraí mar gheall ar imeachtaí dlíthiúla nó achomhairc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leo.
4. Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar mheastóireacht ex post ar Chinneadh 2007/125/CGB a bhaineann leis an tréimhse 2007-2013.
Airteagal 15
Athscrúdú
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, athscrúdú ar an Rialachán seo faoin 30 Meitheamh 2020.
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. KOURKOULAS
(1) IO C 299, 4.10.2012, lch. 108.
(2) IO C 277, 13.9.2012, lch. 23.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.
(4) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (Féach leathanach 143 den Iris Oifigiúil seo).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (Féach leathanach 112 den Iris Oifigiúil seo).
(7) Cinneadh 2007/125/CGB an 12 Feabhra 2007 lena mbunaítear don tréimhse 2007 go 2013, mar chuid den Chlár Ginearálta maidir leis an tSlándáil agus Cosaint na Saoirsí, an Clár faoi Leith “An Choireacht a Chosc agus a Chomhrac” (IO L 58, 24.2.2007, lch. 7).
(8) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 73).
(10) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le tríú Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch. 1).
(13) Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) (IO L 77, 15.3.2014, lch. 11).
(14) Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IO L 77, 15.3.2014, lch. 27).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (IO L 77, 15.3.2014, lch. 44).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (IO L 77, 15.3.2014, lch. 77).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain (IO L 77, 15.3.2014, lch. 85).
(18) Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (IO L 77, 15.3.2014, lch. 1).
(19) Cinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear an Líonra Eorpach um Chosc na Coireachta (EUPCN) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/427/CGB (IO L 321, 8.12.2009, lch. 44).
(20) Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).
(21) Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164, 22.6.2002, lch. 3).
(22) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Liosta de thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)
|
— |
Bearta lena ndéantar cineálacha uile na coireachta a chosc agus coireacht thromchúiseach agus eagraithe thrasteorann a chomhrac, go háirithe tionscadail lena gcuirtear chun feidhme timthriallacha ábhartha beartais, gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar dhaoine, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus tionscadail lena sainaithnítear agus lena ndíchuirtear líonraí coiriúla, lena bhfeabhsaítear acmhainneachtaí chun éilliú a chomhrac, an geilleagar a chosaint ar insíothlú coiriúil agus dreasachtaí airgeadais a laghdú trí bhíthin sócmhainní coiriúla a urghabháil, a chalcadh agus a choigistiú. |
|
— |
Bearta lena ndéantar cibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, agus lena n-ardaítear na leibhéil slándála i leith saoránach agus gnó sa chibearspás, go háirithe tionscadail lena bhforbraítear acmhainní i bhforghníomhú an dlí agus sa bhreithiúnacht, tionscadail lena n-áirithítear obair leis an tionscal chun saoránaigh a chumasú agus a chosaint, agus tionscadail lena bhfeabhsaítear acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar chibear-ionsaithe. |
|
— |
Bearta lena ndéantar sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac agus lena dtugtar faoi radacú agus faoi earcaíocht, go háirithe tionscadail lena gcumasaítear pobail chun roinnt cineálacha cur chuige áitiúla agus beartas coisc a fhorbairt, tionscadail lena gcuirtear ar chumas údarás inniúil cosc a chur ar sceimhlitheoirí rochtain a fháil ar chistiú agus ar ábhair agus lena leantar a n-idirbhearta, tionscadail lena gcosnaítear iompar paisinéirí agus lasta agus tionscadail lena bhfeabhsaítear slándáil pléascán agus ábhar ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach. |
|
— |
Bearta arb aidhm dóibh cumas riaracháin agus oibríochtúil na mBallstát a mhéadú le gur féidir leo an bonneagar criticiúil a chosaint i ngach earnáil eacnamaíoch, lena n-áirítear iad siúd atá cumhdaithe ag Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (1), go háirithe tionscadail trína gcuirtear comhpháirtíochtaí príobháideacha/poiblí chun cinn d’fhonn an mhuinín a thógáil agus cuidiú leis an gcomhar, leis an gcomhordú, leis an bpleanáil teagmhais agus le malartú agus scaipeadh na faisnéise agus na gcleachtas is fearr i measc gníomhaithe poiblí agus gníomhaithe príobháideacha. |
|
— |
Bearta trína gcuirtear le stóinseacht an Aontais i leith géarchéimeanna agus tubaistí, go háirithe tionscadail trína gcuirtear chun cinn forbairt beartais chomhsheasmhaigh de chuid an Aontais maidir le bainistíocht riosca trína nascfar measúnuithe riosca agus bagartha leis an gcinnteoireacht, mar aon le tionscadail trína dtacaítear le freagairt éifeachtach chomhordaithe a thabhairt i gcásanna géarchéime trína nascfar le chéile na sainchumais,na lárionaid saineolas agus na lárionaid feasachta staide atá ann cheana de réir na hearnála, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an tsláinte, leis an gcosaint shibhialta agus leis an sceimhlitheoireacht. |
|
— |
Bearta lena bhféachtar le comhpháirtíocht níos dlúithe a bhaint amach idir an tAontas agus tríú tíortha, go háirithe i dtíortha atá suite ar a theorainneacha seachtracha, agus tarraingt suas agus cur i bhfeidhm na gclár oibríochtúil gníomhaíochta chun na tosaíochtaí straitéiseacha thuas de chuid an Aontais a bhaint amach. |
(1) Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).
IARSCRÍBHINN II
Liosta de chomhtháscairí chun na cuspóirí sonracha a thomhas
|
(a) |
Coireacht thrasteorann, thromchúiseach agus eagraithe a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht, agus comhordú agus comhar a threisiú idir údaráis forghníomhaithe dlí de chuid na mBallstát agus le tríú tíortha ábhartha.
|
|
(b) |
Cumas na mBallstát agus an Aontais a fheabhsú maidir le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí agus ar ghéarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, agus ullmhú le haghaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil agus daoine agus an bonneagar criticiúil a chosaint orthu.
|
IARSCRÍBHINN III
Figiúirí do chláir náisiúnta
ISF PÓILÍNÍ — Méideanna na gclár náisiúnta
|
MS |
Daonra (daoine aonair) |
Críoch (Km2) |
# paisinéirí |
# tonnaí lasta |
OTI/capita (EUR) |
Leithdháiltí |
||||||||||
|
(2013) |
(2012) |
aer (2012) |
muir (2011) |
Iomlán |
|
aer (2012) |
muir (2011) |
Iomlán |
|
(2012) |
|
|||||
|
30 % |
10 % |
15 % |
|
|
|
10 % |
|
|
|
35 % |
2014-2020 |
|||||
|
Líon |
Leithdháileadh |
Líon |
Leithdháileadh |
Líonta |
Leithdháileadh |
Líonta |
Leithdháileadh |
Líon |
eochair |
Leithdháileadh |
|
|||||
|
AT |
8 488 511 |
3 845 782 |
83 879 |
1 321 372 |
8 196 234 |
0 |
8 196 234 |
3 169 093 |
219 775 |
0 |
219 775 |
4 651 |
36 400 |
16,66 |
3 822 008 |
12 162 906 |
|
BE |
11 183 350 |
5 066 698 |
30 528 |
480 917 |
8 573 821 |
0 |
8 573 821 |
3 315 088 |
1 068 434 |
232 789 000 |
233 857 434 |
4 948 770 |
34 000 |
17,84 |
4 091 797 |
17 903 270 |
|
BG |
7 282 041 |
3 299 182 |
110 900 |
1 747 038 |
1 705 825 |
0 |
1 705 825 |
659 561 |
18 536 |
25 185 000 |
25 203 536 |
533 344 |
5 400 |
112,33 |
25 763 168 |
32 002 293 |
|
CH |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CY |
862 011 |
390 540 |
9 251 |
145 734 |
1 587 211 |
107 000 |
1 694 211 |
655 071 |
28 934 |
6 564 000 |
6 592 934 |
139 516 |
20 500 |
29,59 |
6 786 396 |
8 117 257 |
|
CZ |
10 516 125 |
4 764 407 |
78 866 |
1 242 401 |
3 689 113 |
0 |
3 689 113 |
1 426 404 |
58 642 |
0 |
58 642 |
1 241 |
14 500 |
41,83 |
9 594 559 |
17 029 012 |
|
DE |
82 020 688 |
37 160 068 |
357 137 |
5 626 095 |
66 232 970 |
1 146 000 |
67 378 970 |
26 052 237 |
4 448 191 |
296 037 000 |
300 485 191 |
6 358 712 |
32 299 |
18,78 |
4 307 288 |
79 504 401 |
|
DK |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EE |
1 286 479 |
582 849 |
45 227 |
712 475 |
466 960 |
61 000 |
527 960 |
204 137 |
23 760 |
48 479 000 |
48 502 760 |
1 026 390 |
12 700 |
47,76 |
10 954 418 |
13 480 269 |
|
ES |
46 006 414 |
20 843 540 |
505 991 |
7 971 031 |
24 450 017 |
3 591 000 |
28 041 017 |
10 842 125 |
592 192 |
398 332 000 |
398 924 192 |
8 441 827 |
22 700 |
26,72 |
6 128 683 |
54 227 207 |
|
FI |
5 426 674 |
2 458 594 |
338 432 |
5 331 428 |
3 725 547 |
250 000 |
3 975 547 |
1 537 155 |
195 622 |
115 452 000 |
115 647 622 |
2 447 275 |
35 600 |
17,04 |
3 907 896 |
15 682 348 |
|
FR |
65 633 194 |
29 735 595 |
632 834 |
9 969 228 |
48 440 037 |
906 000 |
49 346 037 |
19 079 761 |
1 767 360 |
322 251 000 |
324 018 360 |
6 856 709 |
31 100 |
19,50 |
4 473 348 |
70 114 640 |
|
GR |
11 290 067 |
5 115 047 |
131 957 |
2 078 760 |
5 992 242 |
66 000 |
6 058 242 |
2 342 434 |
72 187 |
135 314 000 |
135 386 187 |
2 864 972 |
17 200 |
35,27 |
8 088 437 |
20 489 650 |
|
HR |
4 398 150 |
1 992 614 |
87 661 |
1 380 951 |
4 526 664 |
5 000 |
4 531 664 |
1 752 179 |
6 915 |
21 862 000 |
21 868 915 |
462 779 |
10 300 |
58,89 |
13 506 904 |
19 095 426 |
|
HU |
9 906 000 |
4 487 985 |
93 024 |
1 465 432 |
1 327 200 |
0 |
1 327 200 |
513 165 |
61 855 |
0 |
61 855 |
1 309 |
9 800 |
61,90 |
14 196 032 |
20 663 922 |
|
IE |
4 582 769 |
2 076 257 |
69 797 |
1 099 534 |
3 139 829 |
0 |
3 139 829 |
1 214 022 |
113 409 |
45 078 000 |
45 191 409 |
956 317 |
35 700 |
16,99 |
3 896 950 |
9 243 080 |
|
IS |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IT |
59 394 207 |
26 908 977 |
301 336 |
4 747 041 |
21 435 519 |
1 754 000 |
23 189 519 |
8 966 282 |
844 974 |
499 885 000 |
500 729 974 |
10 596 188 |
25 700 |
23,60 |
5 413 273 |
56 631 761 |
|
LI |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
LT |
2 971 905 |
1 346 443 |
65 300 |
1 028 692 |
504 461 |
0 |
504 461 |
195 051 |
15 425 |
42 661 000 |
42 676 425 |
903 096 |
11 000 |
55,15 |
12 647 374 |
16 120 656 |
|
LU |
537 039 |
243 309 |
2 586 |
40 738 |
365 944 |
0 |
365 944 |
141 493 |
615 287 |
0 |
615 287 |
13 020 |
83 600 |
7,26 |
1 664 128 |
2 102 689 |
|
LV |
2 017 526 |
914 055 |
64 562 |
1 017 066 |
1 465 671 |
676 000 |
2 141 671 |
828 082 |
31 460 |
67 016 000 |
67 047 460 |
1 418 824 |
10 900 |
55,65 |
12 763 405 |
16 941 431 |
|
MT |
421 230 |
190 841 |
316 |
4 978 |
335 863 |
0 |
335 863 |
129 862 |
16 513 |
5 578 000 |
5 594 513 |
118 388 |
16 300 |
37,21 |
8 535 037 |
8 979 107 |
|
NL |
16 779 575 |
7 602 108 |
41 540 |
654 399 |
23 172 904 |
0 |
23 172 904 |
8 959 858 |
1 563 499 |
491 695 000 |
493 258 499 |
10 438 081 |
35 800 |
16,94 |
3 886 065 |
31 540 510 |
|
NO |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
PL |
38 533 299 |
17 457 791 |
312 679 |
4 925 731 |
4 219 070 |
9 000 |
4 228 070 |
1 634 793 |
68 306 |
57 738 000 |
57 806 306 |
1 223 267 |
9 900 |
61,27 |
14 052 637 |
39 294 220 |
|
PT |
10 487 289 |
4 751 342 |
92 212 |
1 452 643 |
5 534 972 |
0 |
5 534 972 |
2 140 110 |
116 259 |
67 507 000 |
67 623 259 |
1 431 008 |
15 600 |
38,88 |
8 918 020 |
18 693 124 |
|
RO |
21 305 097 |
9 652 429 |
238 391 |
3 755 444 |
1 239 298 |
0 |
1 239 298 |
479 177 |
28 523 |
38 918 000 |
38 946 523 |
824 166 |
6 200 |
97,84 |
22 438 889 |
37 150 105 |
|
SE |
9 555 893 |
4 329 367 |
438 576 |
6 909 023 |
5 757 921 |
1 320 000 |
7 077 921 |
2 736 695 |
144 369 |
181 636 000 |
181 780 369 |
3 846 742 |
43 000 |
14,11 |
3 235 375 |
21 057 201 |
|
SI |
2 058 821 |
932 764 |
20 273 |
319 367 |
513 394 |
0 |
513 394 |
198 505 |
9 015 |
16 198 000 |
16 207 015 |
342 964 |
17 200 |
35,27 |
8 088 437 |
9 882 037 |
|
SK |
5 410 836 |
2 451 419 |
49 036 |
772 480 |
330 166 |
0 |
330 166 |
127 659 |
20 894 |
0 |
20 894 |
442 |
13 200 |
45,95 |
10 539 478 |
13 891 478 |
|
UK |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán |
438 355 190 |
198 600 000 |
4 202 290 |
66 200 000 |
246 928 853 |
9 891 000 |
256 819 853 |
99 300 000 |
12 150 336 |
3 116 175 000 |
3 128 325 336 |
66 200 000 |
606 599 |
1 010 |
231 700 000 |
662 000 000 |
|
Sciar ĺeithdháilte buiséid |
198 600 000 |
66 200 000 |
99 300 000 |
66 200 000 |
231 700 000 |
662 000 000 |
||||||||||