20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

67


RIALACHÁN (AE) Uimh. 509/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d’Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ó 2001, tá cinneadh na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, nó díolmhaithe uaidh, á dhéanamh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in aithris 5 de Rialachán (CE) Uimh 539/2001 ón gComhairle (2). Tugann nádúr éabhlóideach bheartas víosaí an Aontais agus an gá méadaithe chun a áirithiú go mbeidh níos mó comhleanúnachais idir an beartas víosaí agus beartais eile de chuid an Aontais údar go gcuirfear roinnt critéar breise san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar liostaí tríú tíortha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

(2)

Ba cheart go ndéanfaí cinneadh na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, nó díolmhaithe uaidh, ar bhonn measúnaithe breithnithe, de réir gach cáis ar leith. Ba cheart an measúnú seo a dhéanamh go tréimhsiúil agus go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh air moltaí reachtacha a bheith ann chun na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a leasú, d’ainneoin go bhféadfadh go mbeadh leasuithe tírshonrach ar na hIarscríbhinní sin i gcásanna áirithe, mar shampla mar thoradh ar phróiseas léirscaoilte víosaí nó mar thoradh deiridh ar fhionraí shealadach na díolúine víosa.

(3)

Ba cheart go mbeadh comhdhéanamh liostaí na dtríú tíortha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ar comhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo, agus ba cheart go bhfanfadh sé ar comhréir leis na critéir sin. Tagairtí do thríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar an staid ina bhfuil siad i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó Iarscríbhinn amháin go dtí an Iarscríbhinn eile.

(4)

Níl aon údar níos mó leis an gceanglas víosa a fhorchur ar náisiúnaigh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Chireabaití, Dhoiminice, Ghreanáda, na Micrinéise, Nárú, Oileáin Marshall, Oileáin Palau, Oileáin Sholomón, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Saint Lucia, Shamó, San Uinseann agus na Greanáidíní, Thíomór Thoir, Thonga, Tuvalu, agus Vanuatú. Níl riosca inimirce mídhleathaí nó bagairt ar bheartas poiblí agus slándáil don Aontas ag baint leis na tíortha sin i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach sa Rialachán seo. Dá dhroim sin, ba cheart náisiúnaigh na dtíortha sin a bheith díolmhaithe ón gceanglas víosa i gcás fanachta nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá, agus ba cheart tagairtí do na tíortha sin a aistriú chuig Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

(5)

Ba cheart don Choimisiún tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar staid na Colóime agus Pheiriú maidir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo roimh oscailt na caibidlíochta ar chomhaontuithe déthaobhacha um tharscaoileadh víosaí idir an tAontas agus na tíortha sin.

(6)

An díolúine ó cheanglas víosa do náisiúnaigh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Chireabaití, na Colóime, Dhoiminice, Ghreanáda, na Micrinéise, Nárú, Oileáin Marshall, Oileáin Palau, Oileáin Sholomón, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Pheiriú, Saint Lucia, Shamó, San Uinseann agus na Greanáidíní, Thíomór Thoir, Thonga, Tuvalu agus Vanuatú, níor cheart di teacht i bhfeidhm go dtí go mbeidh comhaontuithe déthaobhacha um tharscaoileadh víosaí tugtha i gcrích idir an tAontas agus na tíortha sin d’fhonn cómhalartacht iomlán a áirithiú.

(7)

Léirítear le sonraí staidrimh nach bhfuil na grúpaí de shaoránaigh Bhriotanacha atá liostaithe faoi láthair i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ina riosca i dtéarmaí imirce folaithí chuig Limistéar Schengen agus go bhfuil a bhformhór ina gcónaí ar oileáin i réigiún Mhuir Chairib, oileáin a bhfuil dlúthcheangal acu le tíortha comharsanacha a bhfuil a náisiúnaigh tá díolmhaithe ón gceanglas víosa agus atá an-chosúil leis an tíortha sin. Dá bhrí sin ba cheart na grúpaí sin de shaoránaigh Bhriotanacha a bheith díolmhaithe ón gceanglas víosa i gcás fanachta nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá agus ba cheart tagairtí do na grúpaí sin a aistriú chuig Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(8)

Maidir le forbairtí sa dlí idirnáisiúnta as a leanfaidh athruithe ar stádas nó ainmniú Stát nó eintiteas áirithe, ba cheart iad a léiriú sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Ba cheart tagairt don tSúdáin Theas a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ós rud é gur fhógair an tír sin a neamhspleáchas an 9 Iúil 2011 agus gur glacadh lena ballraíocht sna Náisiúin Aontaithe an 14 Iúil 2011.

(9)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (3), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (4).

(10)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna shíniú ag an Aontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm, agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoin réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (6).

(11)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/AE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (8).

(12)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt é ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (9); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(13)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (10); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(14)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(15)

Maidir leis an mBulgáir agus an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005.

(16)

Maidir leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011.

(17)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas roimh Airteagal 1:

“Airteagal –1

Is é is cuspóir don Rialachán seo na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, nó díolmhaithe uaidh, a chinneadh, ar bhonn measúnaithe de réir gach cáis ar leith ar roinnt critéar a bhaineann, inter alia, le hinimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádála coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach.”;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, scriostar na tagairtí d’Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Cireabaití, an Cholóim, Doiminice, Greanáda, an Mhicrinéis, Nárú, Oileáin Marshall, Oileáin Palau, Oileáin Sholomón, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Peiriú, Saint Lucia, Samó, San Uinseann agus na Greanáidíní, Tíomór Thoir, Tonga, Tuvalu agus Vanuatú agus cuirtear isteach tagairt don tSúdáin Theas;

(b)

scriostar Cuid 3;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear isteach na tagairtí seo a leanas:

 

“Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (*)”

 

“Cireabaití (*)”

 

“an Cholóim (*)”,

 

“Doiminice (*)”,

 

“Greanáda (*)”,

 

“an Mhicrinéis (*)”,

 

“Nárú (*)”,

 

“Oileáin Marshall (*)”,

 

“Oileáin Palau (*)”,

 

“Oileáin Sholomón (*)”,

 

“Oileán na Tríonóide agus Tobága (*)”,

 

“Peiriú (*),”

 

“Saint Lucia (*)”,

 

“Samó (*)”,

 

“San Uinseann agus na Greanáidíní*”,

 

“Tíomór Thoir (*)”,

 

“Tonga (*)”,

 

“Tuvalu (*)” agus

 

“Vanuatú (*)”;

“(*)

Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 3:

“3.   SAORÁNAIGH BHRIOTANACHA NACH NÁISIÚNAITHE DE CHUID RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN IAD CHUN CRÍOCHA DHLÍ AN AONTAIS:

Náisiúnaithe Briotanacha (Thar Lear)

Daoine is saoránaigh de Chríocha Briotanacha thar lear (BOTC)

Saoránaigh Bhriotánacha thar lear (BOC)

Daoine Briotanacha faoi chosaint (BPP)

Géillsinigh Bhriotanacha (BS)”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81,21.3.2001, lch. 1).

(3)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(4)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt

(IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(5)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt

(IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(7)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(8)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích, thar cheann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a chealú agus gluaiseacht daoine

(IO L 160, 18.6.2011, lch. 19)

(9)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(10)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2000 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).