30.4.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 129/5


RIALACHÁN (AE) Uimh. 422/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena ndéantar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm orthu, a choigeartú le héifeacht ón 1 Iúil 2011

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 12 de,

Ag féachaint do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) agus do Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (“Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach eile”), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (1), agus go háirithe d'Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais (2),

Ag féachaint don tuairim ó Chúirt na nIniúchóirí (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ina breithiúnas i gCás C-63/12, an Coimisiún v an Chomhairle, shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) go bhfuil oibleagáid ar na hinstitiúidí cinneadh a dhéanamh gach bliain maidir leis an luach saothair a choigeartú, trí choigeartú “matamaiticiúil” a dhéanamh i gcomhréir leis an modh a leagtar síos in Airteagal 3 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, nó tríd an ríomh “matamaiticiúil” sin a chur ar leataobh i gcomhréir le hAirteagal 10 de.

(2)

Is é an sprioc atá le hAirteagal 19 d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), cur ar cumas na n-institiúidí na bearta is gá a ghlacadh chun a ndíospóidí i ndáil le coigeartuithe luach saothair agus pinsean sa bhliain 2011 agus sa bhliain 2012 a shocrú i gcomhréir le breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais, agus ionchais dhlisteanacha na foirne á gcur san áireamh go bhfuil na hinstitiúidí le cinneadh a dhéanamh gach bliain maidir lena luach saothair agus lena bpinsin a choigeartú.

(3)

Chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gCás C-63/12 a chomhlíonadh, tá an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) le go mbeidh Parlaimint na hEorpa bainteach leis an bpróiseas reachtaíochta i gcás ina suíonn an Chomhairle go bhfuil meathlú tromchúiseach agus tobann ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta laistigh den Aontas. An 4 Samhain 2011, chuir an Chomhairle in iúl gurbh ionann an ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch a bhí ann laistigh den Aontas agus as ar d'eascair coigeartuithe fioscacha suntasacha i bhformhór na mBallstát agus meathlú tromchúiseach agus tobann ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta laistigh den Aontas. D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 241 CFAE, Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme agus an togra iomchuí i dtaca le luach saothair a thíolacadh.

(4)

Dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil, faoin gclásal eisceachta, corrlach lánroghnach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir le coigeartú luach saothair agus pinsean. I bhfianaise sonraí eacnamaíocha agus sóisialta don tréimhse ón 1 Iúil 2010 go dtí 31 Nollaig 2011, amhail an ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch a chuir isteach ar roinnt Ballstát i bhfómhar 2011, a bhí ina cúis le meathlú láithreach ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta laistigh den Aontas agus as ar tháinig coigeartuithe maicreacnamaíocha suntasacha, ardleibhéal na dífhostaíochta agus an t-ardleibhéal easnaimh agus fiachais phoiblí san Aontas, is iomchuí coigeartú luach saothair agus pinsean sa Bheilg agus i Lucsamburg a shocrú ag 0 % don bhliain 2011. Is cuid de chur chuige foriomlán é an coigeartú sin chun na díospóidí maidir le coigeartú 2011 agus 2012 ar luach saothair agus pinsin a shocrú, lena mbaineann coigeartú 0,8 % do 2012 freisin.

(5)

Dá bhrí sin, le linn tréimhse cúig bliana (2010-2014) is mar leanas coigeartú luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh: i 2010, rinneadh coigeartú 0,1 % de thoradh ar an modh a leagtar síos in Airteagal 3 d'Iarscríbhinn XI de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm. Tagann coigeartú 0 % agus 0,8 % do 2011 agus 2012, faoi seach, as toradh an chur chuige fhoriomláin chun na díospóidí i ndáil le coigeartuithe 2011 agus 2012 ar luach saothair agus pinsin a réiteach. Thairis sin, mar chuid den chomhghéilleadh polaitiúil maidir le hathchóiriú ar na Rialacháin Foirne agus ar Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile, rinneadh cinneadh luach saothair agus pinsin a reo do na blianta 2013 agus 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, cuirfear “1 Iúil 2011” in ionad an dáta “1 Iúil 2010” sa dara mír d'Airteagal 63 de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 2

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, cuirfear an méid seo a leanas in ionad thábla na mbuntuarastal míosúil in Airteagal 66 de na Rialacháin Foirne is infheidhme chun críoch luach saothair agus pinsin a ríomh:

1/7/2011

CÉIM

GRÁD

1

2

3

4

5

16

16 919,04

17 630,00

18 370,84

 

 

15

14 953,61

15 581,98

16 236,76

16 688,49

16 919,04

14

13 216,49

13 771,87

14 350,58

14 749,83

14 953,61

13

11 681,17

12 172,03

12 683,51

13 036,39

13 216,49

12

10 324,20

10 758,04

11 210,11

11 521,99

11 681,17

11

9 124,87

9 508,31

9 907,86

10 183,52

10 324,20

10

8 064,86

8 403,76

8 756,90

9 000,53

9 124,87

9

7 127,99

7 427,52

7 739,63

7 954,96

8 064,86

8

6 299,95

6 564,69

6 840,54

7 030,86

7 127,99

7

5 568,11

5 802,09

6 045,90

6 214,10

6 299,95

6

4 921,28

5 128,07

5 343,56

5 492,23

5 568,11

5

4 349,59

4 532,36

4 722,82

4 854,21

4 921,28

4

3 844,31

4 005,85

4 174,18

4 290,31

4 349,59

3

3 397,73

3 540,50

3 689,28

3 791,92

3 844,31

2

3 003,02

3 129,21

3 260,71

3 351,42

3 397,73

1

2 654,17

2 765,70

2 881,92

2 962,10

3 003,02

Airteagal 3

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme maidir le luach saothair oifigeach agus sheirbhíseach eile faoi Airteagal 64 de na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 2 sa tábla seo a leanas.

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2012, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme maidir le haistriú oifigeach agus sheirbhíseach eile faoi Airteagal 17(3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 3 sa tábla seo a leanas.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme maidir le pinsin faoi Airteagal 20(1) d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 4 sa tábla seo a leanas.

Le héifeacht ón 16 Bealtaine 2011, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme maidir le luach saothair oifigeach agus sheirbhíseach eile, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 5 sa tábla seo a leanas. An 16 Bealtaine 2011 a bheidh mar dháta éifeachta le haghaidh an choigeartaithe bhliantúil do na Ballstáit sin.

Le héifeacht ón 16 Bealtaine 2011, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme maidir le pinsin faoi Airteagal 20(1) d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 6 sa tábla seo a leanas. An 16 Bealtaine 2011 a bheidh mar dháta éifeachta le haghaidh an choigeartaithe bhliantúil.

1

2

3

4

5

6

Tír/Ionad

Luach Saothair

Aistriú

Pinsean

Luach Saothair

Pinsean

1.7.2011

1.1.2012

1.7.2011

16.5.2011

16.5.2011

An Bhulgáir

60,6

58,1

100,0

 

 

Poblacht na Seice

85,2

79,3

100,0

An Danmhairg

134,2

130,5

130,5

An Ghearmáin

93,7

95,4

100,0

Bonn

93,0

 

 

Karlsruhe

92,2

 

 

München

103,2

 

 

An Eastóin

75,4

77,4

100,0

An Ghréig

92,2

91,0

100,0

An Spáinn

97,4

91,5

100,0

An Fhrainc

116,4

108,5

108,5

Éire

109,6

104,6

104,6

An Iodáil

104,8

100,0

100,0

Varese

91,9

 

 

An Chipir

83,0

85,4

100,0

An Laitvia

74,4

70,2

100,0

An Liotuáin

72,7

70,7

100,0

An Ungáir

83,5

73,1

100,0

Málta

82,7

84,6

100,0

An Ísiltír

102,8

97,3

100,0

An Ostair

105,0

104,1

104,1

An Pholainn

80,5

71,4

100,0

An Phortaingéil

84,0

83,9

100,0

An Rómáin

72,7

62,1

100,0

An tSlóivéin

86,2

83,6

100,0

An tSlóvaic

78,8

73,5

100,0

An Fhionlainn

120,5

113,0

113,0

An tSualainn

124,1

117,2

117,2

An Ríocht Aontaithe

 

103,5

 

120,8

103,5

Culham

 

 

 

98,2

 

Airteagal 4

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is EUR 911,73 a bheidh i méid an liúntais um shaoire tuismitheoirí dá dtagraítear sa dara mír agus sa triú mír d'Airteagal 42a de na Rialacháin Foirne, agus is EUR 1 215,63 a bheidh sa mhéid le haghaidh tuismitheoirí aonair.

Airteagal 5

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is EUR 170,52 a bheidh i méid bunúsach an liúntais teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is EUR 372,61 a bheidh i méid an liúntais linbh chleithiúnaigh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is EUR 252,81 a bheidh i méid an liúntais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is EUR 91,02 a bheidh i méid an liúntais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 3(2) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is EUR 505,39 a bheidh in íosmhéid an liúntais easaoránachta dá dtagraítear in Airteagal 69 de na Rialacháin Foirne agus sa dara fomhír d'Airteagal 4(1) d'Iarscríbhinn VII lena ngabhann.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is EUR 363,31 a bheidh sa liúntas easaoránachta dá dtagraítear in Airteagal 134 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile.

Airteagal 6

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2012, déanfar an liúntas de réir ciliméadair dá dtagraítear in Airteagal 8(2) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a choigeartú mar a leanas:

EUR 0 do gach ciliméadar ó

0 go dtí 200 km

EUR 0,3790 do gach ciliméadar ó

201 go dtí 1 000 km

EUR 0,6316 do gach ciliméadar ó

1 001 go dtí 2 000 km

EUR 0,3790 do gach ciliméadar ó

2 001 go dtí 3 000 km

EUR 0,1262 do gach ciliméadar ó

3 001 go dtí 4 000 km

EUR 0,0609 do gach ciliméadar ó

4 001 go dtí 10 000 km

EUR 0 do gach ciliméadar os cionn

10 000 km.

Cuirfear forlíonadh ar chothromráta leis an liúntas in aghaidh an chiliméadair thuas arb ionann é agus:

EUR 189,48 má tá an fad d'iarnród idir ionad na fostaíochta agus an t-ionad tionscnaimh idir 725 km agus 1 450 km;

EUR 378,93 má tá an fad d'iarnród idir ionad na fostaíochta agus an t-ionad tionscnaimh níos mó ná 1 450 km.

Airteagal 7

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is é seo a leanas a bheidh sa liúntas cothaithe laethúil dá dtagraítear in Airteagal 10(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne:

EUR 39,17 i gcás oifigigh atá i dteideal an liúntais teaghlaigh;

EUR 31,58 i gcás oifigigh nach bhfuil i dteideal an liúntais teaghlaigh.

Airteagal 8

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is é seo a leanas a bheidh san íosteorainn le haghaidh an liúntais suiteála, dá dtagraítear in Airteagal 24(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile:

EUR 1 114,99 i gcás seirbhísigh atá i dteideal an liúntais teaghlaigh;

EUR 662,97 i gcás seirbhísigh nach bhfuil i dteideal an liúntais teaghlaigh.

Airteagal 9

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, maidir leis an liúntas dífhostaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 28a(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile, is EUR 1 337,19 a bheidh san íosteorainn agus EUR 2 674,39 a bheidh san uasteorainn.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is EUR 1 215,63 a bheidh sa liúntas caighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 28a(7) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile.

Airteagal 10

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, cuirfear an méid seo a leanas in ionad thábla na mbuntuarastal míosúil in Airteagal 93 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile:

GRÚPA FEIDHME

1/7/2011

CÉIM

GRÁD

1

2

3

4

5

6

7

IV

18

5 832,42

5 953,71

6 077,52

6 203,91

6 332,92

6 464,62

6 599,06

17

5 154,85

5 262,04

5 371,47

5 483,18

5 597,20

5 713,60

5 832,42

16

4 555,99

4 650,73

4 747,45

4 846,17

4 946,95

5 049,83

5 154,85

15

4 026,70

4 110,44

4 195,92

4 283,18

4 372,25

4 463,17

4 555,99

14

3 558,90

3 632,91

3 708,46

3 785,58

3 864,31

3 944,67

4 026,70

13

3 145,45

3 210,86

3 277,63

3 345,80

3 415,37

3 486,40

3 558,90

III

12

4 026,63

4 110,36

4 195,84

4 283,09

4 372,15

4 463,07

4 555,88

11

3 558,86

3 632,87

3 708,41

3 785,53

3 864,25

3 944,60

4 026,63

10

3 145,43

3 210,84

3 277,61

3 345,77

3 415,34

3 486,36

3 558,86

9

2 780,03

2 837,84

2 896,86

2 957,09

3 018,59

3 081,36

3 145,43

8

2 457,08

2 508,17

2 560,33

2 613,57

2 667,92

2 723,40

2 780,03

II

7

2 779,98

2 837,80

2 896,82

2 957,07

3 018,58

3 081,36

3 145,45

6

2 456,97

2 508,07

2 560,24

2 613,49

2 667,84

2 723,33

2 779,98

5

2 171,49

2 216,65

2 262,76

2 309,82

2 357,86

2 406,91

2 456,97

4

1 919,18

1 959,10

1 999,84

2 041,44

2 083,90

2 127,24

2 171,49

I

3

2 364,28

2 413,35

2 463,43

2 514,56

2 566,74

2 620,01

2 674,39

2

2 090,12

2 133,50

2 177,78

2 222,98

2 269,11

2 316,21

2 364,28

1

1 847,76

1 886,11

1 925,25

1 965,21

2 005,99

2 047,63

2 090,12

Airteagal 11

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is é seo a leanas an íosteorainn le haghaidh an liúntais suiteála, dá dtagraítear in Airteagal 94 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile:

EUR 838,66 i gcás seirbhísigh atá i dteideal an liúntais teaghlaigh;

EUR 497,22 i gcás seirbhísigh nach bhfuil i dteideal an liúntais teaghlaigh.

Airteagal 12

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, maidir leis an liúntas dífhostaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 96(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile, is EUR 1 002,90 a bheidh san íosteorainn agus EUR 2 005,78 a bheidh san uasteorainn.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is EUR 911,73 a bheidh sa liúntas caighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 96(7) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, maidir leis an liúntas dífhostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 136 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile, is EUR 882,33 a bheidh san íosteorainn agus EUR 2 076,07 a bheidh san uasteorainn.

Airteagal 13

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, is EUR 382,17, EUR 576,84, EUR 630,69 agus EUR 859,84 a bheidh sna liúntais le haghaidh sealoibre a leagtar síos sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) de Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 300/76 ón gComhairle (6).

Airteagal 14

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, beidh na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle (7) faoi réir comhéifeacht 5,516766.

Airteagal 15

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, cuirfear an méid seo a leanas in ionad an tábla in Airteagal 8(2) d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne:

1/7/2011

CÉIM

GRÁD

1

2

3

4

5

6

7

8

16

16 919,04

17 630,00

18 370,84

18 370,84

18 370,84

18 370,84

 

 

15

14 953,61

15 581,98

16 236,76

16 688,49

16 919,04

17 630,00

 

 

14

13 216,49

13 771,87

14 350,58

14 749,83

14 953,61

15 581,98

16 236,76

16 919,04

13

11 681,17

12 172,03

12 683,51

13 036,39

13 216,49

 

 

 

12

10 324,20

10 758,04

11 210,11

11 521,99

11 681,17

12 172,03

12 683,51

13 216,49

11

9 124,87

9 508,31

9 907,86

10 183,52

10 324,20

10 758,04

11 210,11

11 681,17

10

8 064,86

8 403,76

8 756,90

9 000,53

9 124,87

9 508,31

9 907,86

10 324,20

9

7 127,99

7 427,52

7 739,63

7 954,96

8 064,86

 

 

 

8

6 299,95

6 564,69

6 840,54

7 030,86

7 127,99

7 427,52

7 739,63

8 064,86

7

5 568,11

5 802,09

6 045,90

6 214,10

6 299,95

6 564,69

6 840,54

7 127,99

6

4 921,28

5 128,07

5 343,56

5 492,23

5 568,11

5 802,09

6 045,90

6 299,95

5

4 349,59

4 532,36

4 722,82

4 854,21

4 921,28

5 128,07

5 343,56

5 568,11

4

3 844,31

4 005,85

4 174,18

4 290,31

4 349,59

4 352,36

4 722,82

4 921,28

3

3 397,73

3 540,50

3 689,28

3 791,92

3 844,31

4 005,85

4 174,18

4 349,59

2

3 003,02

3 129,21

3 260,71

3 351,42

3 397,73

3 540,50

3 689,28

3 844,31

1

2 654,17

2 765,70

2 881,92

2 962,10

3 003,02

 

 

 

Airteagal 16

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 18(1) d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, is é seo a leanas méid an liúntais sheasta dá dtagraítear in iar-Airteagal 4a d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Bealtaine 2004:

EUR 131,84 sa mhí d'oifigigh de Ghrád C4 nó C5;

EUR 202,14 sa mhí d'oifigigh de Ghrád C1, C2 nó C3.

Airteagal 17

Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, cuirfear an méid seo a leanas in ionad an scála le haghaidh na mbuntuarastal míosúil in Airteagal 133 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile:

Grád

1

2

3

4

5

6

7

Buntuarastal lán-aimseartha

1 680,76

1 958,08

2 122,97

2 301,75

2 495,58

2 705,73

2 933,59

Grád

8

9

10

11

12

13

14

Buntuarastal lán-aimseartha

3 180,63

3 448,48

3 738,88

4 053,72

4 395,09

4 765,20

5 166,49

Grád

15

16

17

18

19

 

 

Buntuarastal lán-aimseartha

5 601,56

6 073,28

6 584,71

7 139,21

7 740,41

 

 

Airteagal 18

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(2)  Tuairim an 4 Márta 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  Tuairim an 3 Márta 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(6)  Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 300/76 ón gComhairle an 9 Feabhra 1976 lena gcinntear na catagóirí oifigeach atá i dteideal liúntas i leith sealoibre, agus na rátaí agus coinníollacha lena mbaineann (IO L 38, 13.2.1976, lch. 1). Rialachán mar a fhorlíontar le Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 1307/87 (IO L 124, 13.5.1987, lch. 6).

(7)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na cánach chun sochar na gComhphobal Eorpach (IO L 56, 4.3.1968, lch. 8).