24.4.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 122/67


RIALACHÁN (AE) Uimh. 378/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 maidir leis an gcreat airgeadais don tréimhse 2014-2018

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), foráiltear go bhfuil na Ballstáit le suirbhéanna a dhéanamh ar struchtúr feirmeacha in 2010, in 2013 agus in 2016. Tá na Ballstáit le ranníocaíocht uasta airgeadais 75 % a fháil ina leith ón Aontas i gcomhair na gcostas maidir leis na suirbhéanna sin a dhéanamh, faoi réir uasmhéideanna sainithe.

(2)

Chun na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha a dhéanamh agus chun ceanglais an Aontais maidir le faisnéis a shásamh, tá gá le cistiúchán nach beag ó Bhallstáit agus ón Aontas.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008, leagadh síos an t-imchlúdach airgeadais maidir le cur chun feidhme an chláir suirbhéanna, lena n-áirítear maidir le bainistíocht, cothabháil agus forbairt na gcóras bunachar sonraí arna n-úsáid laistigh den Choimisiún chun na sonraí arna soláthar ag Ballstáit a phróiseáil, agus socraíodh an méid don tréimhse 2008-2013.

(4)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008, ba cheart go socródh an t-údarás buiséadach agus reachtach an méid don tréimhse 2014-2018, ar thogra ón gCoimisiún, ar bhonn an chreata nua airgeadais don tréimhse dar tús 2014.

(5)

Níor cheart go ndéanfadh an t-imchlúdach airgeadais atá beartaithe maoiniú ach ar Shuirbhé ar Struchtúr Feirmeacha a dhéanamh in 2016 agus ar bhainistíocht ghaolmhar, ar chothabháil ghaolmhar agus ar fhorbairt ghaolmhar na gcóras bunachar sonraí arna n-úsáid laistigh den Choimisiún chun sonraí arna soláthar ag Ballstáit a phróiseáil.

(6)

I bhfianaise aontachas na Cróite agus an ghá atá ann le suirbhéanna a dhéanamh ar struchtúr gabháltas talmhaíochta sa Bhallstát sin in 2016, ba cheart ranníocaíocht uasta ón Aontas in aghaidh an tsuirbhé a shocrú don Chróit ós rud é nach ndearnadh aon fhoráil di san Ionstraim Aontachais.

(7)

Chuathas i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 13, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4a.   Maidir leis an suirbhé ar struchtúr feirmeacha in 2016, EUR 500 000 a bheidh san uasmhéid i gcás na Cróite.”;

(2)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   EUR 20 650 000 a bheidh san imchlúdach airgeadais don tréimhse 2014-2018 chun na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha in 2016 a chur chun feidhme, lena n-áirítear na leithreasuithe is gá le haghaidh bhainistíocht, chothabháil agus fhorbairt na gcóras bunachar sonraí arna n-úsáid laistigh den Choimisiún chun na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit faoin Rialachán seo a phróiseáil.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas leis:

“4.   Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairetar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).”;"

(3)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 14a

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, i gcás ina gcuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha, agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí, trí phionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchóireacht a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gclár.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann cistiúchán den sórt sin leo, go díreach nó go hindíreach, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (4) d'fhonn a shuíomh an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach i gceist a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh a bhaineann le cistiúchán an Aontais.

Gan dochar don chéad ná don dara fomhír, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí a thagann as cur chun feidhme an Rialacháin seo, tabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchóireachtaí den sórt sin agus seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair den sórt sin a dhéanamh.

(4)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).”."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 3 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 24 Márta 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle (IO L 321, 1.12.2008, lch. 14).