5.4.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

33


RIALACHÁN (AE) Uimh. 335/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch, nár tháinig a samhail riamh roimhe, atá ann ar fud an domhain, tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meathlú mór tagtha ar dhálaí airgeadais agus eacnamaíocha i roinnt Ballstát. Go háirithe, tá deacrachtaí tromchúiseacha ag Ballstáit áirithe, nó tá deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu. Go háirithe, tá fadhbanna lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais mar aon le meathlú ar a riocht easnaimh agus fiachais os a gcomhair.

(2)

Rinneadh bearta tábhachtacha de bhun Airteagal 122(2), Airteagal 136 agus Airteagal 143 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh d’fhonn éifeachtaí diúltacha na géarchéime a fhrithchothromú. Mar sin féin, tá an brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta ag dul i méid agus tá gá le bearta iomchuí a dhéanamh chun é a mhaolú tríd an úsáid is mó agus is éifeachtaí a bhaint as cistiúchán ón gCiste Eorpach Iascaigh, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle (3).

(3)

D’fhonn bainistíocht ar chistiúchán ón Aontas a éascú, chun infheistíochtaí i mBallstáit agus i réigiúin a luasghéarú agus chun feabhas a chur ar infhaighteacht an chistiúcháin don gheilleagar, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 a leasú le Rialachán (AE) Uimh. 387/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ceadaíodh leis an leasú sin íocaíochtaí eatramhacha agus deireanacha ón gCiste Eorpach Iascaigh a mhéadú de réir méid a chomhfhreagraíonn do 10 bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe iarbhír maidir le gach ais tosaíochta i gcás Ballstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha os a gcomhair i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais agus a iarrann tairbhe a bhaint as an mbeart sin.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006, fágtar gur féidir an ráta cómhaoinithe méadaithe sin a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2013. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha fós os comhair Ballstát áirithe maidir lena gcobhsaíocht airgeadais, níor cheart cur i bhfeidhm an ráta chómhaoinithe mhéadaithe a theorannú go dtí deireadh 2013.

(5)

Ba cheart freisin go mbainfeadh Ballstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais tairbhe ón méadú ar an ráta cómhaonaithe go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta agus ba cheart dóibh bheith in ann é a éileamh ina n-iarrataí ar an iarmhéid deiridh, fiú i gcás nach gcuirtear an cúnamh airgeadais ar fáil a thuilleadh.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 a leasú dá réir sin.

(7)

I bhfianaise chineál na géarchéime nár tháinig a samhail riamh roimhe, ní mór bearta tacaíochta a ghlacadh go tapa. Is iomchuí, dá bhrí sin, go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 76(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“3.   De mhaolú ar Airteagal 53(3), ar iarraidh ó Bhallstát, déanfar íocaíochtaí eatramhacha a mhéadú le méid a chomhfhreagraíonn do 10 bpointe céadatáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme i leith gach aise tosaíochta, suas le huasmhéid 100 %, ar méid é a bheidh le cur i bhfeidhm i leith shuim an chaiteachais phoiblí incháilithe arna dhearbhú den chéad uair i ngach ráiteas deimhnithe caiteachais arna thíolacadh ar choinníoll go gcomhlíonann an Ballstát, an 31 Nollaig 2013 nó dá éis sin, ceann de na coinníollacha seo a leanas:”;

(2)

in Airteagal 77, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   De mhaolú ar Airteagal 53(3), ar iarraidh ó Bhallstát, déanfar íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a mhéadú le méid a chomhfhreagraíonn do 10 bpointe céadatáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme i leith gach aise tosaíochta, suas le huasmhéid 100 %, ar méid é a bheidh le cur i bhfeidhm i leith shuim an chaiteachais phoiblí incháilithe arna dhearbhú den chéad uair i ngach ráiteas deimhnithe caiteachais arna thíolacadh ar choinníoll go gcomhlíonann an Ballstát, an 31 Nollaig 2013 nó dá éis sin, ceann de na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 76(3).”;

(3)

leasaítear Airteagal 77a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.

Déanfaidh an Coimisiún an maolú dá dtagraítear in Airteagal 76(3) agus in Airteagal 77(2) a dheonú arna iarraidh sin i scríbhinn do Bhallstát a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 76(3).”;

(b)

scriostar mír 5.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)   IO C 341, 21.11.2013, lch. 75.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle an 27 Iúil 2006 maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh (IO L 223, 15.8.2006, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 387/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 129, 16.5.2012, lch. 7).