|
20.3.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
42 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 254/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Feabhra 2014
maidir le clár ilbhliantúil tomhaltóirí do na blianta 2014-20 agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 169 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 dar teideal “Eoraip 2020 – Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach” (“Eoraip 2020”), iarrtar go ndéanfar saoránaigh a chumhachtú chun páirt iomlán a ghlacadh sa mhargadh inmheánach, rud a éilíonn go ndéanfar a gcumas earraí agus seirbhísí a cheannach ar bhonn trasteorann, go háirithe ar líne, agus a muinín i ndáil leis an méid sin, a neartú. |
|
(2) |
Rannchuidíonn an tAontas le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú agus le tomhaltóirí a chur i gcroílár an mhargaidh inmheánaigh trí thacaíocht a thabhairt do bheartas na mBallstát lena ndéantar iarracht a áirithiú gur féidir le saoránaigh tairbhe iomlán a bhaint as an margadh inmheánach agus trí na bearta sin a chomhlánú agus, le linn dó déanamh amhlaidh, go ndéantar a sábháilteacht agus a leasanna dlí agus eacnamaíocha a chosaint go cuí trí bhíthin gníomhaíochtaí nithiúla. |
|
(3) |
Leis an gClár ilbhliantúil Tomhaltóirí do na blianta 2014-20 (“an Clár”), ba cheart go gcuideofaí le hardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus ba cheart go dtabharfaí lántacaíocht leis d’uaillmhianta Eoraip 2020 maidir leis an bhfás agus leis an iomaíochas trí chomhtháthú a dhéanamh ar ábhair imní shonracha arna sainaithint in Eoraip 2020 maidir leis an gclár oibre digiteach don Eoraip d’fhonn a áirithiú go mbeidh leas méadaithe tomhaltóirí mar thoradh ar dhigitiú, maidir le fás inbhuanaithe trí bhogadh i dtreo patrúin níos inbhuanaithe tomhaltais, maidir le cuimsiú sóisialta tríd an gcás sonrach a bhaineann le tomhaltóirí leochaileacha a chur san áireamh mar aon le riachtanais daonra atá ag dul in aois, agus maidir le rialachán cliste inter alia trí fhaireachán a dhéanamh ar mhargadh na dtomhaltóirí chun cabhrú le rialacháin chliste agus spriocdhírithe a dhearadh. |
|
(4) |
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2012 dar teideal “Clár Eorpach do Thomhaltóirí – Muinín agus fás a chothú” (an “Clár do Thomhaltóirí”), leagtar amach creat straitéiseach do bheartas tomhaltóirí an Aontais sna blianta atá romhainn trí thacaíocht a thabhairt do leasanna tomhaltóirí i mbeartais uile an Aontais. Is é an aidhm atá leis an gClár do Thomhaltóirí go gcruthófar straitéis ina ndéanfar, le gníomhaíocht pholaitiúil, tacaíocht éifeachtúil, éifeachtach a thabhairt do thomhaltóirí ar feadh a saoil trína áirithiú gur sábháilte a bheidh na táirgí agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil dóibh, trí fhaisnéis a chur ar fáil dóibh agus trína gcur ar an eolas, trí thacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dóibh, trína gcearta a neartú, trí rochtain ar cheartas agus ar shásamh a thabhairt dóibh agus trína áirithiú go ndéantar reachtaíocht tomhaltóirí a fhorfheidhmiú. |
|
(5) |
Leis an gcor chun donais eacnamaíoch a tharla le déanaí, léiríodh easnaimh agus neamh-chomhsheasmhachtaí sa mhargadh inmheánach, a chuir isteach go díobhálach ar mhuinín na dtomhaltóirí agus na saoránach. Cé go bhfuil sé tábhachtach na bacainní buiséadacha faoina bhfeidhmíonn an tAontas faoi láthair a aithint, ba cheart don Aontas, dá ainneoin sin, acmhainní leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil ionas go bhféadfar spriocanna an Chláir a bhaint amach agus ba cheart tacaíocht a thabhairt, dá bhrí sin, d’Eoraip 2020. |
|
(6) |
Is ríthábhachtach é, chun an margadh inmheánach a thabhairt chun críche, go gcuirfear deireadh leis na bacainní ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus go bhfeabhsófar iontaoibh agus muinín na saoránach sa chóras, go háirithe agus ceannach trasteorann á dhéanamh acu, ar bacainní neamhréireacha iad nach bhfuil bonn cirt leo. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an Aontas na dálaí cearta a chruthú chun tomhaltóirí a chumhachtú trí uirlisí leordhóthanacha, eolas leordhóthanach agus inniúlacht leordhóthanach a chur ar fáil dóibh chun cinntí maithe agus eolasacha a dhéanamh agus trí fheasacht na dtomhaltóirí a mhúscailt. |
|
(7) |
Cuirtear san áireamh leis an Rialachán seo an timpeallacht eacnamaíoch, shóisialta agus theicniúil agus na dúshláin choimhdeachta atá ag teacht chun cinn. Go sonrach, leis na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin gClár, déanfar iarracht aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le domhandú, le digitiú, le leibhéal méadaitheach castachta na gcinntí sin is gá do thomhaltóirí a dhéanamh, leis an ngá dul i dtreo patrún níos inbhuanaithe tomhaltais, daonra atá ag dul in aois agus eisiamh sóisialta agus an tsaincheist maidir le tomhaltóirí leochaileacha. Is ardtosaíocht é go ndéanfar leasanna tomhaltóirí a chomhtháthú i mbeartais uile an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is príomhchuid é comhordú le beartais agus le cláir eile an Aontais chun a áirithiú go gcuirtear leasanna tomhaltóirí go hiomlán san áireamh i mbeartais eile. D’fhonn sineirgí a chur chun cinn agus d’fhonn dúbailt a sheachaint, ba cheart go ndéanfadh cistí agus cláir eile de chuid an Aontais foráil do thacaíocht airgeadais i ndáil le leasanna tomhaltóirí a chomhtháthú ina réimsí faoi seach. |
|
(8) |
Leis an gClár ba cheart go n-áiritheofaí ardleibhéal cosanta do gach tomhaltóir, agus go dtabharfar aird ar leith ar thomhaltóirí leochaileacha, d’fhonn a gcuid riachtanas sonrach a chur san áireamh agus a gcumas a neartú, mar a iarradh sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2012 maidir le straitéis chun cearta tomhaltóirí leochaileacha a neartú (4). Go háirithe, ba cheart go n-áiritheofaí sa Chlár go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí leochaileacha ar fhaisnéis maidir le hearraí agus maidir le seirbhísí, d’fhonn go mbeidh deiseanna comhionanna acu roghanna saora agus eolasacha a dhéanamh, go háirithe ós rud é go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ag tomhaltóirí leochaileacha rochtain a fháil ar fhaisnéis do thomhaltóirí agus í a thuiscint agus go mbeadh an baol ann dá bharr go gcuirfí amú iad. |
|
(9) |
Ba cheart go gcuirfí leanaí san áireamh sa Chlár go háirithe, lena n-áirítear trí bheith ag obair le geallsealbhóirí chun go n-áiritheofar a dtiomantas d’fhógraíocht fhreagrach maidir le mionaoisigh, go háirithe fógraíocht mhíthreorach ar líne a chomhrac. |
|
(10) |
Ba cheart gníomhaíochtaí a leagan síos sa Chlár, lena gcuirfí creat Aontais ar fáil lena maoiniú. I gcomhréir le hAirteagal 54 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), soláthraítear leis an Rialachán seo an bunús dlí le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin agus le haghaidh chur chun feidhme an Chláir. Leis an Rialachán seo cuirtear leis na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi Chinneadh Uimh. 1926/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus leantar leo. |
|
(11) |
Tá sé tábhachtach cosaint tomhaltóirí a fheabhsú. Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, ba cheart cuspóirí sonracha a leagan síos maidir le sábháilteacht, maidir le faisnéis do thomhaltóirí agus oideachas do thomhaltóirí agus maidir le tacaíocht d’eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, maidir le cearta agus sásamh mar aon le forfheidhmiú i ndáil le cearta tomhaltóirí. Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta ar luach agus ar thionchar na mbeart a dhéanfar faoin gClár chun gur fusa beartais níos cliste a cheapadh chun leasa na dtomhaltóirí. D’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar an mbeartas tomhaltóirí agus go háirithe ar thionchar beacht na mbeart a rinneadh, ba cheart forbairt a dhéanamh ar tháscairí, ar cheart an luach atá acu a mheas, áfach, i gcomhthéacs níos leithne. |
|
(12) |
Tá sé tábhachtach muinín na dtomhaltóirí a fheabhsú. D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, is gá an raon feidhme do ghníomhaíocht a neartú, go háirithe trí thacaíocht iomchuí airgeadais a thabhairt d’eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais agus do lárionaid Eorpacha do thomhaltóirí, agus an príomhról atá acu faisnéis agus cúnamh a sholáthar do thomhaltóirí faoina gcearta á chur san áireamh, tacaíocht á tabhairt do thomhaltóirí le linn díospóidí tomhaltóirí, go háirithe i ndáil le rochtain ar shásraí iomchuí réitigh díospóidí, agus leasanna tomhaltóirí á gcur chun cinn i ndea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart go mbeadh sé de chumas ag na heagraíochtaí agus ag na lárionaid sin cosaint agus muinín na dtomhaltóirí a fheabhsú trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar an láthair agus trí chabhair, faisnéis agus oideachas a chur in oiriúint don duine aonair. |
|
(13) |
Is gá foráil a dhéanamh do na gníomhaíochtaí incháilithe trína mbainfear na cuspóirí sin amach. |
|
(14) |
Is gá na catagóirí tairbhithe féideartha atá incháilithe le haghaidh deontas a shainiú. |
|
(15) |
Áirítear sa Rialachán seo méid tagartha airgeadais don Chlár, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (7), agus ní bheidh tionchar ag an méid sin ar chumhachtaí buiséadacha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar a leagtar amach iad in CFAE. |
|
(16) |
Agus spiorad phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta agus na solúbthachta á gcur san áireamh i gcur chun feidhme an Chláir, ba cheart go gceadófaí don ghníomhaireacht feidhmiúcháin leanúint de bheith ar bun má chomhlíontar na ceanglais uile a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle (8). |
|
(17) |
Ba cheart comhordú níos fearr a dhéanamh ar chaiteachas na gcistí de chuid an Aontais agus de chuid na mBallstát i réimse na sábháilteachta tomhaltóirí, an oideachais do thomhaltóirí, na gceart tomhaltóirí agus an fhorfheidhmithe d’fhonn a áirithiú go mbeidh comhlántacht, éifeachtúlacht agus infheictheacht níos fearr ann, agus d’fhonn sineirgí buiséadacha níos fearr a bhaint amach freisin. |
|
(18) |
Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch déantar foráil do chomhar sa réimse maidir le cosaint tomhaltóirí idir an tAontas agus a Bhallstáit ar thaobh amháin, agus tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, ar an taobh eile. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin chun an Clár a oscailt do rannpháirtíocht tíortha eile, go háirithe tíortha comharsanachta an Aontais agus tíortha atá ag déanamh iarratais ar bhallraíocht den Aontas, tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht den Aontas, nó tíortha atá ag aontú dó. |
|
(19) |
I gcomhthéacs chur chun feidhme an Chláir, agus i bhfianaise dhomhandú an tslabhra táirgeachta agus idirspleáchas méadaitheach na margaí, ba cheart comhar le tríú tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár a spreagadh, ag cur san áireamh aon chomhaontuithe iomchuí idir na tíortha sin agus an tAontas. |
|
(20) |
Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a oiriúnú d’fhonn athruithe sa chreat reachtach i réimse na cosanta tomhaltóirí a chur san áireamh, agus maidir le hIarscríbhinn I a leasú trí ghníomhaíochtaí sonracha lena mbaineann a bhaint aisti, d’fhonn torthaí tuarascála meastóireachta ón gCoimisiún a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. |
|
(21) |
Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le cláir oibre bhliantúla a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ós rud é nach leagtar amach na critéir maidir le sábháilteacht táirgí sa Chlár ach go bhfuil sé d’aidhm aige tacaíocht airgeadais a chur ar fáil le haghaidh uirlisí chun beartas sábháilteachta táirgí a chur chun feidhme, agus ós rud é gur méid measartha beag atá i gceist, is iomchuí go mbeidh feidhm ag an nós imeachta comhairleach. |
|
(22) |
Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint le bearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. |
|
(23) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar chineál thrasteorann na saincheisteanna lena mbaineann, ach gur féidir, de bharr an phoitéinsil níos fearr atá ann i ngníomhaíocht an Aontais, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(24) |
Ba cheart Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE a aisghairm. |
|
(25) |
Is iomchuí trasdul gan briseadh a áirithiú idir clár na gníomhaíochta Comhphobail i réimse an bheartais tomhaltóirí (2007-2013) a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1926/2000/CE, agus an Clár seo, go háirithe maidir le leanúint le hidirbhearta ilbhliantúla agus leis an meastóireacht ar an rath a bhí ar an gclár roimhe sin agus ar na réimsí ar gá tuilleadh airde a thabhairt orthu. Ina theannta sin, is iomchuí ré an Chláir seo a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-20 a leagtar síos i Rialachán (AE Euratom) Uimh. 1311/2013 (10) ón gComhairle. Mar sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gClár seo amhail ón 1 Eanáir 2014. Amhail ón 1 Eanáir 2021, ba cheart, más gá, an caiteachas a bhaineann le bainistiú na ngníomhaíochtaí nach bhfuil lánchríochnaithe faoi dheireadh 2020 a chumhdach le leithreasuithe cúnaimh theicniúil agus riaracháin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Clár ilbhliantúil tomhaltóirí
Bunaítear leis an Rialachán seo clár ilbhliantúil tomhaltóirí, ina gcuimsítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 (“an Clár”).
Airteagal 2
Cuspóir ginearálta
Is é an cuspóir ginearálta atá ag an gClár ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí, tomhaltóirí a chumhachtú agus an tomhaltóir a chur i gcroílár an mhargaidh inmheánaigh, faoi chuimsiú straitéise foriomláine maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Déanfar amhlaidh leis an gClár trí rannchuidiú le sláinte, le sábháilteacht agus le leasanna dlí agus eacnamaíocha na dtomhaltóirí a chosaint, mar aon lena gceart chun faisnéise agus oideachais a chur chun cinn agus leis an gceart iad féin a eagrú ar mhaithe lena leasanna a choimirciú, agus trí thacaíocht a thabhairt do leasanna tomhaltóirí a chomhtháthú i réimsí eile beartais. Leis an gClár, déanfar beartais na mBallstát a chomhlánú, tacófar leo agus déanfar faireachán orthu.
Airteagal 3
Cuspóirí agus táscairí sonracha
1. Déanfar an cuspóir ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 2 a shaothrú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas:
|
(a) |
Cuspóir I - Sábháilteacht: sábháilteacht táirgí a chomhdhlúthú agus a fheabhsú trí fhaireachas éifeachtach a dhéanamh ar an margadh ar fud an Aontais. Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe trí ghníomhaíocht agus éifeachtacht chóras mear-rabhaidh AE maidir le hearraí tomhaltais contúirteacha (RAPEX). |
|
(b) |
Cuspóir II - Faisnéis agus oideachas do thomhaltóirí, agus tacaíocht d’eagraíochtaí tomhaltóirí: feabhas a chur ar an oideachas a chuirtear ar thomhaltóirí, ar an bhfaisnéis atá acu agus ar a bhfeasacht maidir lena gcearta, an bonn fianaise le haghaidh beartas tomhaltóirí a fhorbairt agus tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí tomhaltóirí, agus riachtanais shonracha na dtomhaltóirí leochaileacha á gcur san áireamh freisin. |
|
(c) |
Cuspóir III - Cearta agus sásamh: cearta tomhaltóirí a fhorbairt agus a atreisiú go háirithe trí ghníomhaíocht chliste rialála agus trí fheabhas a chur ar rochtain ar shásamh simplí, éifeachtúil, caoithiúil agus atá ar chostas íseal lena n-áirítear réiteach malartach díospóidí. Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe trí dhul in iontaoibh réitigh mhalartaigh díospóidí d’fhonn díospóidí trasteorann a réiteach agus trí ghníomhaíocht córais réitigh díospóidí ar líne ar fud an Aontais, agus tríd an gcéadatán de thomhaltóirí a dhéanann gníomhaíocht mar fhreagairt d’fhadhb a bhí acu. |
|
(d) |
Cuspóir IV - Forfheidhmiú: tacaíocht a thabhairt d’fhorfheidhmiú ceart tomhaltóirí tríd an gcomhar idir na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin a neartú agus trí thacaíocht a chur ar fáil do thomhaltóirí trí bhíthin comhairle. Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe trí leibhéal an tsreabhaidh faisnéise agus trína éifeachtaí a bheidh an comhar laistigh den Ghréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, trí ghníomhaíocht Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí agus trína mhéid a bhfuil tomhaltóirí ar an eolas fúthu. Is tosaíocht trasearnála é go mbeadh an fhaisnéis do thomhaltóirí ar ardchaighdeán agus go mbeadh rannpháirtíocht na dtomhaltóirí ar ardchaighdeán agus, dá bhrí sin, forálfar dóibh go sainráite, i ngach cás inar gá, sna cuspóirí agus sna gníomhaíochtaí earnálacha uile a mhaoineofar faoin gClár. |
2. Leagtar amach an tuairisc ar na táscairí in Iarscríbhinn II.
3. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhaíochtaí tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 d’fhonn na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a oiriúnú.
Airteagal 4
Gníomhaíochtaí incháilithe
Bainfear amach na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 trí na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach sa liosta seo a leanas:
|
(a) |
faoi chuspóir I – Sábháilteacht:
|
|
(b) |
faoi chuspóir II – Faisnéis agus oideachas do thomhaltóirí, agus tacaíocht d’eagraíochtaí tomhaltóirí:
|
|
(c) |
faoi chuspóir III – Cearta agus sásamh:
|
|
(d) |
faoi chuspóir IV – Forfheidhmiú:
|
I gcás inarb infheidhme, déantar na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach sa chéad mhír den Airteagal seo a shonrú tuilleadh in Iarscríbhinn I trí ghníomhaíochtaí sonracha a liostú fúthu.
Airteagal 5
Tairbhithe atá incháilithe le haghaidh deontas
1. Féadfar deontais maidir le feidhmiú eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais a dheonú d’eagraíochtaí tomhaltóirí Eorpacha a chomhlíonann na coinníollacha uile a leanas:
|
(a) |
is eagraíochtaí neamhrialtasacha, neamhbhrabúsacha, atá neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna coinbhleachta eile iad, agus is iad a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhghníomhaíochtaí leasanna sláinte, sábháilteachta, eacnamaíocha agus dlí tomhaltóirí san Aontas a chur chun cinn agus a chosaint; |
|
(b) |
tá siad sainordaithe chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais ag eagraíochtaí i leath de na Ballstáit ar a laghad atá ionadaíoch, i gcomhréir le rialacha nó cleachtas náisiúnta, do thomhaltóirí, agus atá gníomhach ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta. |
2. Féadfar deontais maidir le feidhmiú comhlachtaí idirnáisiúnta a chuireann prionsabail agus beartais chun cinn a chuireann le cuspóirí an Chláir a dheonú d’eagraíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha uile a leanas:
|
(a) |
is eagraíochtaí neamhrialtasacha, neamhbhrabúsacha iad atá neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna coinbhleachta eile, agus is iad a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhghníomhaíochtaí leasanna sláinte, sábháilteachta, eacnamaíocha agus dlí tomhaltóirí a chur chun cinn agus a chosaint; |
|
(b) |
cuireann siad na gníomhaíochtaí uile a leanas i gcrích: foráil a dhéanamh do shásra foirmiúil le haghaidh ionadaithe tomhaltóirí ón Aontas agus ó thríú tíortha d’fhonn cur leis an bplé polaitiúil a dhéantar agus cur leis na beartais pholaitiúla, cruinnithe a eagrú le hoifigigh bheartas agus rialtóirí beartas chun leasanna tomhaltóirí leis na húdaráis phoiblí a chun cinn agus chun tacú leis na leasanna sin, na saincheisteanna coitianta agus na dúshláin choitianta a bhíonn os comhair tomhaltóirí a shainaithint, tuairimí tomhaltóirí a chur chun cinn i gcomhthéacs an chaidrimh dhéthaobhaigh idir an tAontas agus tríú tíortha, cur le malartú agus le scaipeadh saineolais agus eolais ar shaincheisteanna tomhaltóirí san Aontas agus i dtríú tíortha, agus moltaí a thabhairt maidir le beartais. |
3. Féadfar deontais maidir le feidhmiú comhlachtaí ar leibhéal an Aontais a bunaíodh chun na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú i réimse na sábháilteachta táirgí a dheonú do chomhlachtaí a aithnítear chun na críche sin le reachtaíocht an Aontais.
4. Féadfar deontais le haghaidh gníomhaíochta do chomhlachtaí ar fud an Aontais maidir le forbairt cód iompair, na gcleachtas is fearr agus treoirlínte le haghaidh comparáide praghsanna, comparáide cáilíochta táirgí agus comparáide inbhuanaitheachta a dheonú d’eagraíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha uile a leanas:
|
(a) |
is eagraíochtaí neamhrialtasacha, neamhbhrabúsacha, atá neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna coinbhleachta eile iad, agus tá cur chun cinn agus cosaint leasanna tomhaltóirí i measc a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhghníomhaíochtaí; |
|
(b) |
tá siad gníomhach i leath de na Ballstáit ar a laghad. |
5. Féadfar deontais chun imeachtaí a eagrú don Uachtaránacht a bhaineann le beartas tomhaltóirí an Aontais a dheonú d’údaráis náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil Uachtaránacht na bhfoirmeachtaí den Chomhairle, amach ó fhoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha ina sheilbh aige nó do chomhlachtaí arna n-ainmniú ag an mBallstát sin.
6. Féadfar deontais le haghaidh gníomhaíochta d’údaráis na mBallstát atá freagrach as gnóthaí tomhaltóirí agus d’údaráis chomhfhreagracha i dtríú tíortha a dheonú d’údaráis arna gcur in iúl don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 nó le Treoir 2001/95/CE ag Ballstát nó ag tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, nó do chomhlachtaí neamhbhrabúsacha atá ceaptha go sainráite ag na húdaráis sin chun na críche sin.
7. Féadfar deontais d’oifigigh forfheidhmiúcháin ó Bhallstáit agus ó thríú tíortha a dheonú d’oifigigh ó údaráis arna gcur in iúl don Choimisiún chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Threoir 2001/95/CE ag Ballstát nó ag tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo.
8. Féadfar deontais le haghaidh gníomhaíochta a dheonú do chomhlacht a ainmneoidh Ballstát nó tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 7 ar comhlacht neamhbhrabúsach é a roghnófar trí nós imeachta trédhearcach nó trí chomhlacht poiblí. Beidh an comhlacht a ainmneofar ina chuid de líonra Aontais a sholáthraíonn faisnéis agus cúnamh do thomhaltóirí chun cuidiú leo a gcearta a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar réiteach díospóidí iomchuí (Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí). Féadfar comhpháirtíocht réime a bhunú mar shásra fadtéarmach maidir le comhar idir an Coimisiún agus Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí agus/nó a chomhlachtaí comhairliúcháin.
9. Féadfar deontais le haghaidh gníomhaíochta a dheonú do chomhlachtaí láimhseála gearán atá bunaithe agus a fheidhmíonn i mBallstát an Aontais agus i dtíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa atá rannpháirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, atá freagrach as gearáin ó thomhaltóirí a bhailiú, nó as iarrachtaí a dhéanamh chun gearáin a réiteach, nó comhairle a thabhairt, nó as faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le gearáin nó fiosruithe, agus atá ina dtríú páirtí ag gearán nó ag fiosrú a dhéanann tomhaltóir faoi thrádálaí. Ní áireofar leo sin sásraí láimhseála gearán ó thomhaltóirí a fheidhmíonn trádálaithe agus trína ndéileáiltear le fiosruithe agus le gearáin go díreach leis an tomhaltóir nó sásraí trína soláthraítear seirbhísí láimhseála gearán a fheidhmíonn trádálaí nó a fheidhmítear thar ceann trádálaí.
Airteagal 6
Creat Airgeadais
1. EUR 188 829 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Clár a chur chun feidhme go ceann na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.
2. Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Airteagal 7
Rannpháirtíocht tríú tíortha sa Chlár
Féadfaidh na tíortha seo a leanas páirt a ghlacadh sa Chlár:
|
(a) |
tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa atá rannpháirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; |
|
(b) |
tríú tíortha, go háirithe tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí mar aon le hiarrthóirí féideartha, agus tíortha lena mbaineann Beartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais arna mbunú leis na Comhaontuithe Réime, leis na Cinntí ón gComhairle Chomhlachaithe nó le comhaontuithe comhchosúla faoi seach. |
Airteagal 8
Cineálacha idirghabhálacha agus uasleibhéal an chómhaoinithe
1. I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, féadfaidh ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas a bheith i bhfoirm deontas nó soláthair phoiblí nó idirghabhálacha ar bith eile is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach.
2. Déanfar na deontais ón Aontas agus a n-uasleibhéil chomhfhreagracha a shainiú mar a leanas:
|
(a) |
deontais maidir le feidhmiú eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, mar a shainítear in Airteagal 5(1), nach mó ná 50 % de na costais incháilithe; |
|
(b) |
deontais maidir le feidhmiú comhlachtaí idirnáisiúnta a chuireann prionsabail agus beartais chun cinn a chuireann le cuspóirí an Chláir, mar a shainítear in Airteagal 5(2), nach mó ná 50 % de na costais incháilithe; |
|
(c) |
deontais maidir le feidhmiú comhlachtaí ar leibhéal an Aontais a bunaíodh chun na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin sa réimse um shábháilteacht táirgí a chomhordú agus a aithnítear chun na críche seo le reachtaíocht an Aontais, mar a shainítear in Airteagal 5(3), nach mó ná 95 % de na costais incháilithe; |
|
(d) |
deontais le haghaidh gníomhaíochta do chomhlachtaí ar fud an Aontais chun cóid chleachtais, na cleachtais is fearr, treoirlínte le haghaidh comparáide praghsanna, comparáide cáilíochta táirgí agus comparáide inbhuanaitheachta a fhorbairt, mar a shainítear in Airteagal 5(4), nach mó ná 50 % de na costais incháilithe; |
|
(e) |
deontais chun imeachtaí a eagrú don Uachtaránacht a bhaineann le beartas tomhaltóirí an Aontais d’údaráis náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil Uachtaránacht na bhfoirmeachtaí den Chomhairle, amach ó fhoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha ina sheilbh aige nó do chomhlachtaí arna n-ainmniú ag an mBallstát sin, nach mó iad ná 50 % de na costais incháilithe; |
|
(f) |
deontais le haghaidh gníomhaíochta d’údaráis na mBallstát atá freagrach as gnóthaí tomhaltóirí agus d’údaráis chomhfhreagracha i dtríú tíortha atá rannpháirteach de bhun Airteagal 7, mar a shainítear in Airteagal 5(6), nach mó ná 50 % de na costais incháilithe, ach amháin i gcás gníomhaíochtaí maidir le fóntas eisceachtúil, sa chás nach mbeidh ranníocaíocht an Aontais maidir leis na costais incháilithe níos mó ná 70 %; |
|
(g) |
deontais maidir le hoifigigh forfheidhmiúcháin a mhalartú ó Bhallstáit agus ó thríú tíortha atá rannpháirteach de bhun Airteagal 7, mar a shainítear in Airteagal 5(7), ina gcumhdaítear liúntais taistil agus chothaithe; |
|
(h) |
deontais le haghaidh gníomhaíochta do chomhlachtaí arna n-ainmniú ag Ballstát nó ag tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 7, mar a shainítear in Airteagal 5(8), nach mó iad ná 70 % de na costais incháilithe; |
|
(i) |
deontais le haghaidh gníomhaíochta do chomhlachtaí náisiúnta um ghearáin tomhaltóirí, mar a shainítear in Airteagal 5(9), nach mó iad ná 50 % de na costais incháilithe. |
3. Measfar go mbeidh fóntas eisceachtúil ag baint le gníomhaíochtaí de réir bhrí phointe (f) de mhír 2 i gcás ina mbeidh an méid seo a leanas i gceist:
|
(a) |
maidir leis na deontais a dheonófar do na húdaráis agus a chuirfear in iúl don Choimisiún chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, baineann siad le sé Bhallstát ar a laghad nó baineann siad le sáruithe lena ndéanfaí dochar in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin nó ar dócha go ndéanfaí dochar dóibh; |
|
(b) |
maidir leis na deontais a dheonófar do na húdaráis atá freagrach as sábháilteacht táirgí tomhaltais, baineann siad le deich mBallstát ar a laghad a ghlacann páirt i líonra Eorpach údaráis inniúla na mBallstát maidir le sábháilteacht táirgí dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2001/95/CE nó cuireann siad le gníomhaíochtaí faireachais mhargaidh a chur chun feidhme i réimse na sábháilteachta táirgí tomhaltais dá bhforáiltear i ngníomh dlíthiúil de chuid an Aontais. |
Airteagal 9
Cúnamh riaracháin agus teicniúil
1. Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don Chlár speansais eile a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun an Clár a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach, inter alia cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais sa mhéad go mbaineann siad le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo, in éineacht leis na speansais uile a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin a thabhóidh an Coimisiún le haghaidh an Clár a bhainistiú.
2. Ní mó ná 12 % den imchlúdach airgeadais a leithdháilfear ar an gClár a bheidh i gceist leis an méid iomlán a leithdháilfear chun na speansais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a chumhdach agus do chúnamh teicniúil agus riaracháin dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 10
Modhanna cur chun feidhme
Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme trí na modhanna bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.
Airteagal 11
Comhsheasmhacht agus comhlántacht le beartais eile
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht iomlán a áirithiú idir an Clár agus beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe faoi chlár Ilbhliantúil 2014-20 “um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht” (14).
Airteagal 12
Cláir oibre bhliantúla
Cuirfidh an Coimisiún an Clár chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla. Leis na cláir oibre bhliantúla, déanfar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3, mar aon leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 4 agus a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I, a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach.
Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla i bhfoirm gníomhartha chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo. Leagfar amach, leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, na gnéithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus go háirithe an méid a leanas:
|
(a) |
cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis, agus leithdháileadh táscach na n-acmhainní airgeadais; |
|
(b) |
sceideal ama na nglaonna a bheartófar ar thairiscintí agus na nglaonna ar thograí. |
Airteagal 13
Meastóireacht agus scaipeadh
1. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, cuirfidh Ballstáit faisnéis faoina bhráid maidir le cur chun feidhme agus le tionchar an Chláir.
2. Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
|
(a) |
faoin 30 Meán Fómhair 2017:
|
|
(b) |
faoin 31 Nollaig 2017, más iomchuí, togra reachtach a thíolacadh nó, faoi réir mhír 3, gníomh tarmligthe a ghlacadh. |
Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tuarascáil mheastóireachta aghaidh ar an réim i ndáil le simpliú, a chomhtháthú inmheánach agus seachtrach, ábharthacht leanúnach gach cuspóra, mar aon leis an méid a rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfidh sé san áireamh torthaí meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach an chláir ba réamhtheachtaí.
Déanfar meastóireacht ar thionchair fhadtéarmacha agus ar inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir d’fhonn cur le cinneadh maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí féideartha cláir ina dhiaidh sin.
3. Chun an staid a chur san áireamh ina mbainfear de thátal as, leis an tuarascáil mheastóireachta faoi mhír 2, nach bhfuil na gníomhaíochtaí sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I curtha chun feidhme faoin 31 Nollaig 2016, agus nach féidir iad a chur chun feidhme faoi dheireadh an Chláir, lena n-áirítear nuair nach bhfuil na gníomhaíochtaí sonracha sin ábhartha a thuilleadh chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 a ghnóthú, cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun Iarscríbhinn I a leasú trí na gníomhaíochtaí sonracha lena mbaineann a bhaint aisti.
4. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na ngníomhaíochtaí a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo ar fáil don phobal.
Airteagal 14
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
1. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar bhonn seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.
3. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (16) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ar bith eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le comhaontú deontais nó cinneadh faoi dheontas nó conradh a cistíodh faoin Rialachán seo.
4. Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht go sainráite don Choimisiún, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.
Airteagal 15
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus in Airteagal 13(3) a thabhairt don Choimisiún le haghaidh ré an Chláir.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus in Airteagal 13(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth chéanna.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(3) agus Airteagal 13(3) i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 16
An nós imeachta coiste
1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 17
Bearta idirthréimhseacha
1. Leanfaidh Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 1926/2006/CE d’fheidhm a bheith aige maidir le gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gCinneadh sin nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2013. Dá bhrí sin, féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don Chlár speansais a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin, ar speansais iad a bhfuil gá leo chun an trasdul a áirithiú idir na bearta arna nglacadh faoi Chinneadh Uimh. 1926/2006/CE agus an Clár.
2. Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad i ndiaidh an 31 Nollaig 2020 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 9 a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhartha nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.
Airteagal 18
Aisghairm
Déantar Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. KOURKOULAS
(1) IO C 181, 21.6.2012, lch. 89.
(2) IO C 225, 27.7.2012, lch. 217.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Eanáir 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Feabhra 2014.
(4) IO C 264 E, 13.9.2013, lch. 11.
(5) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh.1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(6) Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear clár um ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais tomhaltóirí (2007-2013) (IO L 404, 30.12.2006, lch. 39).
(7) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(8) Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (IO L 11, 16.1.2003, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(10) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-20 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(11) Cinneadh Uimh. 2008/721/CE ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2008 lena mbunaítear struchtúr comhairleach de Choistí Eolaíocha agus saineolaithe i réimse na sábháilteachta tomhaltóirí, na sláinte poiblí agus an chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/210/CE (IO L 241, 10.9.2008, lch. 21).
(12) Treoir Uimh. 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (IO L 364, 9.12.2004, lch. 1).
(14) Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-20 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).
(15) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(16) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
IARSCRÍBHINN I
CINEÁLACHA GNÍOMHAÍOCHTAÍ
Cuspóir I
Sábháilteacht: sábháilteacht táirgí a chomhdhlúthú agus a fheabhsú trí fhaireachas éifeachtach a dhéanamh ar an margadh ar fud an Aontais
|
1. |
Comhairle eolaíoch agus anailís riosca is ábhartha do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí maidir le táirgí agus seirbhísí neamhbhia lena n-áirítear tacaíocht do chúraimí na gcoistí eolaíocha neamhspleácha arna mbunú le Cinneadh 2008/721/CE. |
|
2. |
Gníomhaíochtaí faireachais mhargaidh agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú maidir le sábháilteacht táirgí i ndáil le Treoir 2001/95/CE, agus gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar shábháilteacht seirbhísí tomhaltóirí:
|
|
3. |
Bunachair shonraí maidir le cosmaidí a choimeád ar bun agus a fhorbairt tuilleadh
|
Cuspóir II
feabhas a chur ar an oideachas a chuirtear ar thomhaltóirí, ar an bhfaisnéis atá acu agus ar a bhfeasacht maidir lena gcearta, an bonn fianaise le haghaidh beartas tomhaltóirí a fhorbairt agus tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí tomhaltóirí, agus riachtanais shonracha na dtomhaltóirí leochaileacha á gcur san áireamh freisin Faisnéis agus oideachas do thomhaltóirí, agus tacaíocht d’eagraíochtaí tomhaltóirí:
|
4. |
Rochtain ar an mbonn fianaise a chruthú agus feabhas a chur uirthi, ar bonn fianaise é le haghaidh ceaptha beartas sna réimsí a dhéanann difear do thomhaltóirí, le haghaidh rialacháin chliste agus spriocdhírithe a cheapadh agus le haghaidh aon mhífheidhmiú sa mhargadh nó athruithe i riachtanais tomhaltóirí a bhrath, lena gcuirtear bonn ar fáil d’fhorbairt beartas tomhaltóirí, do shainaithint na réimsí is mó cruthaithe faidhbe do thomhaltóirí agus do leasanna tomhaltóirí a chomhtháthú i mbeartais eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
|
5. |
Tacaíocht a thabhairt trí na heagraíochtaí tomhaltóirí a mhaoiniú ar leibhéal an Aontais agus trí fhorbairt acmhainní d’eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, trí thrédhearcacht a mhéadú agus trí chur le malartú cleachtais is fearr agus saineolais
|
|
6. |
Feabhas a chur ar thrédhearcacht margaí tomhaltóirí agus ar fhaisnéis do thomhaltóirí, lena n-áiritheofar go mbeidh sonraí inchomparáide, iontaofa ag tomhaltóirí agus rochtain éasca acu orthu, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann, chun cabhrú leo comparáid a dhéanamh, ní hamháin idir na praghsanna ach idir cáilíocht agus inbhuanaitheacht na n-earraí agus na seirbhísí
|
|
7. |
Feabhas a chur ar oideachas do thomhaltóirí mar phróiseas feadh an tsaoil agus díriú ar leith ar thomhaltóirí leochaileacha
|
Cuspóir III
Cearta agus sásamh: cearta tomhaltóirí a fhorbairt agus a atreisiú go háirithe trí ghníomhaíocht chliste rialála agus trí fheabhas a chur ar rochtain ar shásamh simplí, éifeachtúil, caoithiúil agus atá ar chostas íseal lena n-áirítear réiteach malartach díospóidí
|
8. |
Reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí agus tionscnaimh rialála eile arna n-ullmhú ag an gCoimisiún, faireachán ar an gcaoi a dhéanann na Ballstáit iad a thrasuí agus meastóireacht ina dhiaidh sin ar a dtionchar, agus tionscnaimh chomhrialála agus féinrialála a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh ar an tionchar iarbhír a bhíonn ag na tionscnaimh sin ar mhargaí tomhaltóirí, lena n-áirítear:
|
|
9. |
Rochtain ar shásraí réitigh díospóidí a éascú do thomhaltóirí, go háirithe ar scéimeanna um réiteach malartach díospóidí, lena n-áirítear trí chóras ar líne ar fud an Aontais agus trí líonrú a dhéanamh ar eintitis náisiúnta um réiteach malartach díospóidí, agus aird ar leith á tabhairt ar bhearta leordhóthanacha do riachtanais agus do chearta tomhaltóirí leochaileacha; trí fhaireachán a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeachtacht sásraí réitigh díospóidí do thomhaltóirí, lena n-áirítear trí uirlisí TF ábhartha a fhorbairt agus a choimeád ar bun freisin agus trí na cleachtais is fearr atá ann faoi láthair agus an taithí atá ag na Ballstáit a mhalartú
|
Cuspóir IV
Forfheidhmiú: tacaíocht a thabhairt d’fhorfheidhmiú ceart tomhaltóirí tríd an gcomhar idir na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin a neartú agus trí thacaíocht a thabhairt do thomhaltóirí trí bhíthin comhairle
|
10. |
Gníomhaíochtaí faireachais agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
|
11. |
Ranníocaíochtaí airgeadais i leith gníomhaíochtaí comhpháirteacha le comhlachtaí poiblí nó neamhbhrabúsacha arb éard iad líonraí an Aontais a chuireann faisnéis agus cúnamh ar fáil do thomhaltóirí chun cuidiú leo a gcearta a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar réiteach díospóidí iomchuí, lena n-áirítear scéimeanna réitithe ar líne lasmuigh den chúirt (Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí), lena gcumhdaítear freisin an méid seo a leanas;
|
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).
IARSCRÍBHINN II
TÁSCAIRÍ I GCOMHRÉIR LE HAIRTEAGAL 3 DEN RIALACHÁN SEO
Cuspóir I
Sábháilteacht: sábháilteacht táirgí a chomhdhlúthú agus a fheabhsú trí fhaireachas éifeachtach a dhéanamh ar an margadh ar fud an Aontais
|
Táscaire |
Foinse |
Cúrsaí mar atá faoi láthair |
Sprioc |
|
% d’fhógraí RAPEX ina gcuimsítear frithghníomh amháin ar a laghad (ag Ballstáit eile) |
RAPEX |
43 % (843 fógra) in 2010 |
Méadú 10 % faoi 2020 |
|
Líon cóimheasa na bhfrithghníomhartha / líon na bhfógraí (rioscaí tromchúiseacha) (*1) |
RAPEX |
1,07 in 2010 |
Méadú 15 % faoi 2020 |
Cuspóir II
Faisnéis agus oideachas do thomhaltóirí agus tacaíocht d’eagraíochtaí tomhaltóirí: feabhas a chur ar an oideachas a chuirtear ar thomhaltóirí, ar an bhfaisnéis atá acu agus ar a bhfeasacht maidir lena gcearta, an bonn fianaise le haghaidh beartas tomhaltóirí a fhorbairt agus tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí tomhaltóirí, agus riachtanais shonracha na dtomhaltóirí leochaileacha á gcur san áireamh freisin
|
Táscaire |
Foinse |
Cúrsaí mar atá faoi láthair |
Sprioc |
|
Líon na gcomhlachtaí um ghearáin agus líon na dtíortha a chuir gearáin isteach chuig an ECCRS |
Córas ECCRS (Clárú Gearán ó Thomhaltóirí na hEorpa) |
33 chomhlachtaí um ghearáin i 7 dtíortha in 2012 |
70 comhlachtaí um ghearáin i 20 tír faoi 2020 |
Cuspóir III
Cearta agus sásamh: cearta tomhaltóirí a fhorbairt agus a atreisiú go háirithe trí ghníomhaíocht chliste rialála agus trí fheabhas a chur ar rochtain ar shásamh simplí, éifeachtúil, caoithiúil agus atá ar chostas íseal lena n-áirítear réiteach malartach díospóidí
|
Táscaire |
Foinse |
Cúrsaí mar atá faoi láthair |
Sprioc |
|
% na gcásanna sin a bhí idir lámha ag na ECCanna agus nár réitíodh go díreach le trádálaithe ach a cuireadh ar aghaidh chuig réiteach malartach díospóidí (ADR) ina dhiaidh sin |
Tuarascáil bhliantúil ECC |
9 % in 2010 |
75 % faoi 2020 |
|
Líon na gcásanna ar déileáladh leo trí chóras réitigh díospóidí ar líne (ODR) ar fud an Aontais. |
Clár ODR |
17 500 (méid na ngearán a bhain le hidirbhearta ríomhthráchtála agus a fuair ECCanna) in 2010 |
100 000 faoi 2020 |
|
% tomhaltóirí a chuaigh i mbun gnímh mar fhreagairt ar fhadhb a bhain dóibh sa 12 mhí roimhe seo: |
Scórchlár na dTomhaltóirí |
83 % in 2010 |
90 % faoi 2020 |
Cuspóir IV
Forfheidhmiú: tacaíocht a thabhairt d’fhorfheidhmiú ceart tomhaltóirí tríd an gcomhar idir na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin a neartú agus trí thacaíocht a thabhairt do thomhaltóirí trí bhíthin comhairle
|
Táscaire |
Foinse |
Cúrsaí mar atá faoi láthair |
Sprioc |
||||
|
Leibhéal an tsreabhaidh faisnéise agus an chomhair laistigh de Líonra CPC: |
Bunachar sonraí Líonra CPC (CPCS |
meáin bhliantúlaithe 2007-2010 |
|
||||
|
|
129 |
|
||||
|
|
142 |
|
||||
|
|
63 |
|
||||
|
% na n-iarrataí ar fhorfheidhmiú a bhí idir lámha i líonra CPC laistigh de 12 mhí |
Bunachar sonraí Líonra CPC (CPCS) |
50 % (tréimhse tagartha 2007-10) |
60 % faoi 2020 |
||||
|
% na n-iarrataí ar fhaisnéis a bhí idir lámha i líonra an CPC laistigh de 3 mhí |
Bunachar sonraí Líonra CPC (CPCS) |
33 % (tréimhse tagartha 2007-10) |
50 % faoi 2020 |
||||
|
Líon na dteagmhálacha le tomhaltóirí ar dhéileáil Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí (ECC) leo |
Tuarascáil ECC |
71 000 in 2010 |
Méadú 50 % faoi 2020 |
||||
|
Líon na gcuairteanna ar líonraí ECCanna |
Tuarascáil Mheastóireachta ECC-Net |
1 670 000 in 2011 |
Méadú 70 % faoi 2020 |
D’fhéadfadh sé go measfaí na táscairí seo in éineacht le táscairí comhthéacs ghinearálta agus le táscairí cothrománacha.
(*1) is féidir le fógra roinnt frithghníomhartha a spreagadh ó údaráis Ballstát eile