20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 248/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 maidir leis an ascnamh chuig aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I dteannta Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), is céim thábhachtach é Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i dtaca le limistéar aonair d’íocaíochtaí euro (SEPA) a chur i gcrích, limistéar nach ndéanfar aon idirdhealú ann idir íocaíochtaí náisiúnta in euro agus íocaíochtaí trasteorann in euro. Is é príomhchuspóir Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ascnamh a dhéanamh ó scéimeanna aistrithe creidmheasa agus dochar díreach náisiúnta chuig scéimeanna comhchuibhithe i dtaca le haistrithe creidmheasa SEPA (ACS) agus le scéimeanna dochair dhíreacha SEPA (DDS), inter alia trí uimhir idirnáisiúnta uathúil chuntas bainc (IBAN) a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais, uimhir is féidir a úsáid le haghaidh gach ACS agus gach DDS atá ainmnithe in euro.

(2)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 go dtarlóidh an t-ascnamh chuig SEPA faoin 1 Feabhra 2014 le go mbeidh dóthain ama ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus úsáideoirí seirbhísí íocaíochta chun a bpróisis a chur in oiriúint do na ceanglais theicniúla a eascraíonn as an ascnamh chuig ACS agus DDS.

(3)

Ón tráth a glacadh Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 i leith, tá faireachán grinn déanta ag an gCoimisiún agus ag an mBanc Ceannais Eorpach ar an dul chun cinn i dtaca leis an ascnamh chuig SEPA. Tionóladh roinnt cruinnithe le Ballstáit, udaráis phoiblí náisiúnta agus rannpháirtithe margaidh. Tá tuarascálacha maidir le dul chun cinn an ascnaimh chuig SEPA foilsithe go rialta ag an mBanc Ceannais Eorpach, ar bhonn sonraí íocaíochta arna mbailiú ag na bainc ceannais náisiúnta. Léiríonn na tuarascálacha sin go bhfuil dul chun cinn maith déanta ag roinnt Ballstát sa limistéar euro agus go bhfuil rátaí ascnaimh le haghaidh ACS gar do 100 % ag na Ballstáit sin faoi láthair. Tá sé tuairiscithe ag formhór mór na soláthraithe seirbhísí íocaíochta go bhfuil siad comhlíontach maidir le SEPA cheana féin. Tá na rátaí ascnaimh i roinnt Ballstát eile níos lú ná mar a bhíothas ag súil leis, áfach. Is amhlaidh atá sé i gcás DDS go háirithe.

(4)

Leagadh béim arís ar thábhacht an ascnaimh chuig SEPA sna conclúidí ó Chomhairle ECOFIN an 14 Bealtaine 2013. Tugadh faoi deara go raibh an t-ascnamh chuig SEPA i bhfad ó bheith curtha i gcrích agus go raibh iarrachtaí ag teastáil láithreach ó na rannpháirtithe margaidh go léir chun an t-ascnamh chuig SEPA a chur i gcrích in am. Glacadh le plean gníomhaíochta inar tugadh cuireadh do cheannaithe, corparáidí, FBManna agus riaracháin phoiblí na bearta inmheánacha nithiúla is gá a dhéanamh láithreach chun a bpróisis a oiriúnú agus chun a gcuid cliant a chur ar an eolas faoina sonraí IBAN.

(5)

In ainneoinn na sáriarrachtaí atá déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach, na Ballstáit, a gcuid údarás poiblí náisiúnta agus rannpháirtithe margaidh le roinnt míonna anuas, léiríonn na staitisticí is deireanaí faoin ascnamh nár ardaíodh an ráta ascnaimh iomlán sa limistéar euro chuig ACS ach ó 40 % i Meitheamh 2013 go dtí thart ar 64 % i Samhain 2013, agus nár shroich an ráta ascnaimh iomlán chuig DDS ach 26 %. Cé go léiríonn na staisticí náisiúnta go bhfuil dul chun cinn maith déanta i roinnt Ballstát, tá grúpa suntasach Ballstát ann atá tite go mór chun deiridh ó thaobh na rátaí ascnaimh lena mbeifear ag súil. Dá bhrí sin, ní móide go mbeidh na rannpháirtithe margaidh go léir comhlíontach maidir le SEPA faoin 1 Feabhra 2014.

(6)

Ón 1 Feabhra 2014, beidh ar bhainc agus ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta eile diúltú aistrithe creidhmheasa nó dochair dhíreacha a phróiseáil mura bhfuil siad comhlíontach maidir le SEPA mar gheall ar a gcuid oibleagáidí dlíthiúla, cé go bhféadfaidís, go teicniúil, na híocaíochtaí sin a phroiseáil, mar atá cúrsaí faoi láthair, trí leanúint d’úsáid na scéimeanna íocaíochtaí leagáide atá ann faoi láthair i dteannta le ACS agus DDS. D’uireasa ascnaimh iomláin chuig ACS agus DDS, ní fhéadtar moilleanna ar na híocaíochtaí sin a eisiamh dá bhrí sin. D’fhéadfaí cur isteach ar gach úsáideoir seirbhísí íocaíochta, agus go háirithe ar FBManna agus tomhaltóirí.

(7)

Ta sé riachtanach go seachnófaí aon chur isteach neamhriachtanach ar íocaíochtaí de dheasca an t-ascnamh chuig SEPA a bheith neamhchríochnaithe faoin 1 Feabhra 2014. Ba cheart, dá bhrí sin, cead a thabhairt, ar feadh tréimhse teoranta ama, do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta, leanúint d’idirbhearta íocaíochta a phróiseáil trína scéimeanna leagáide i dteannta a gcuid scéimeanna ACS agus DDS, mar atáthar ag déanamh faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, idirthréimhse a thabhairt isteach ina gceadófar leanúint de phróiseáil chomhthreomhar den sórt sin ar íocaíochtaí atá i bhformáidí éagsúla. Nuair a chuimhnítear ar na figiúirí a bhaineann leis an ascnamh mar atá siad faoi láthair agus an luas ascnaimh lena bhfuiltear ag súil, meastar gurb iomchuí idirthréimhse aonuaire sé mhí. Ba cheart breathnú ar mharthanú den sórt sin ar chórais leagáide nach bhfuil comhlíontach maidir le SEPA mar bheart eisceachtúil agus, dá bhrí sin, ba cheart é a choinneáil chomh gearr agus is féidir, ós rud é go bhfuil gá le hascnamh mear agus cuimsitheach chun na tairbhí go léir a bhaineann le margadh íocaíochtaí comhtháite a bhaint amach. Tá sé tábhachtach freisin teorainn ama a chur leis na costais ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i leith úsáid leanúnach na scéimeanna íocaíochtaí leagáide i gcomhthreo le córas SEPA. D’fhéadfadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a bhfuil an t-ascnamh chuig SEPA déanta acu ina iomláine cheana féin breathnú ar sheirbhísí tiontaithe a chur ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta nach bhfuil an t-ascnamh déanta acu go fóill le linn na hidirthréimse. Le linn na hidirthréimhse, ba cheart do Bhallstáit staonadh ó phionóis a ghearradh ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a phróiseálann íocaíochtaí neamhchomhlíontacha agus ar úsáideoirí seirbhísí íocaíochta nach bhfuil an t-ascnamh déanta acu go fóill.

(8)

Tá sé curtha in iúl cheana ag roinnt úsáideoirí móra ionstraimí dochair dhírigh go bhfuil sé beartaithe acu an t-ascnamh a dhéanamh gar don spriocdháta. Dá gcuirfí aon cheann de na tionscadail ascnaimh sin siar, d’fhéadfadh sé strus sealadach a chur ar íocaíochtaí isteach agus ar shreabhadh airgid, agus dá dhroim sin, ar leibhéil chistíochta na gcuideachtaí lena mbaineann. D’fhéadfaí baic áirithe a bheith ann mar thoradh ar ascnamh déanach ar mhórscála den sórt sin, ar leibhéal na mbanc agus na ndíoltóirí bogearraí go háirithe, toisc go bhféadfadh srianta acmhainní áirithe cur isteach orthu. A bhuí leis an tréimhse bhreise chun an córas nua a thabhairt isteach de réir a chéile, d’fhéadfaí cur chuige níos céimsí a ghlacadh. Na rannpháirtithe margaidh sin nár chuir tús go fóill leis an oiriúnú is gá chun bheith comhlíontach maidir le SEPA, iarrtar orthu iad féin a oiriúnú chomh luath agus is féidir. Mar sin féin, ba cheart do rannpháirtithe margaidh a bhfuil tús curtha acu le hoiriúnú a bpróiseas íocaíochta cheana an t-ascanamh a chríochnú chomh tapa agus is féidir.

(9)

I bhfianaise an chuspóra fhoriomláin, mar atá ascanamh comhordaithe agus comhtháite a bhaint amach, is iomchuí go mbeadh feidhm ag an idirthréimhse maidir le ACS agus DDS araon. Chuirfeadh idirthréimhsí éagsúla i gcomhair ACS agus DDS mearbhall ar thomhaltóirí, soláthraithe seirbhísí íocaíochta, FBManna agus úsáideoirí seribhísí íocaíochta eile.

(10)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus chun aon neamhleanúnachas a sheachaint i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, tá sé riachtanach go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm go práinneach agus go mbeadh feidhm leis, le héifeacht chúlghabhálach, ón 31 Eanáir 2014.

(11)

I bhfianaise phráinn an ábhair, ba cheart go mbeadh feidhm ag eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuimmeah Adamhach.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh SSIanna leanúint, go dtí an 1 Lúnasa 2014, d’idirbhearta íocaíochta in euro atá i bhformáidí atá éagsúil ó na formáidí is gá le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo.

Is ón 2 Lúnasa 2014 a chuirfidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 6(1) agus (2) i bhfeidhm, rialacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 11.

De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit a cheadú do SSIanna, go dtí an 1 Feabhra 2016, seirbhísí tiontaithe le haghaidh idirbheart íocaíochta náisiúnta a chur ar fáil do USIanna, a chuirfidh ar chumas USIanna ar tomhaltóirí iad leanúint de BBAN a úsáid in ionad an aitheantóra cuntais íocaíochta atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn ar choinníoll go n-áirithítear an idir-inoibritheacht trí BBAN an íocóra agus an íocaí a thiontú go teicniúil agus go slán go dtí an t-aitheantóir cuntais íocaíochta ábhartha atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn. Déanfar an t-aitheantóir cuntais íocaíochta sin a sheachadadh chuig an USI a thionscain an t-idirbheart, i gcás inarb iomchuí sula ndéantar an íocaíocht. I gcás den sórt sin, ní thoibheoidh SSIanna aon mhuirir ná táillí eile ar an USI atá bainteach go díreach ná go hindíreach leis na seirbhísí tiontaithe sin.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 31 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Feabhra 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lch. 11).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).