15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

27


RIALACHÁN (AE) Uimh. 232/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 (1) agus Airteagal 212 (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaítear leis an Rialachán seo an Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IEC) mar cheann amháin de na hionstraimí lena gcuirtear tacaíocht dhíreach ar fáil do bheartais sheachtracha an Aontais Eorpaigh. Gabhann sé ionad Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chuaigh in éag an 31 Nollaig 2013.

(2)

Foráiltear in Airteagal 8 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhfuil an tAontas chun gaolmhaireacht speisialta a fhorbairt le tíortha comharsanachta d'fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar.

(3)

Faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE), cuireann an tAontas gaolmhaireacht tosaíochta ar fáil do thíortha Chomharsanacht na hEorpa, lena gcuirtear leis an gcomhthiomantas do luachanna amhail an daonlathas agus cearta an duine, an smacht reachta, dea-rialachas, agus prionsabail an gheilleagair mhargaidh agus an fhorbairt inbhuanaithe, chuimsitheach agus le cur chun cinn na luachanna sin. Thairis sin, soláthraítear leis, i gcás inarb iomchuí, creat le haghaidh soghluaisteachta feabhsaithe agus teagmhála pearsanta feabhsaithe, go háirithe trí chomhaontuithe maidir le héascú víosaí agus le hathghlacadh isteach, agus, ar bhonn gach cáis ina cháilíocht féin, trí léirscaoileadh víosaí.

(4)

Ón tráth ar seoladh é,, rinneadh le BCE an caidreamh a neartú le tíortha comhpháirtíochta agus cuireadh sochair inbhraite ar fáil leis don Aontas agus dá chomhpháirtithe araon, lena n-áirítear tionscnaimh réigiúnacha agus tacaíocht don daonlathú sa Chomharsanacht Eorpacha sheoladh. Spreag roinnt forbairtí móra sa Chomharsanacht Eorpach athscrúdú straitéiseach cuimsitheach ar BCE. Foráiltear leis an athscrudú, inter alia, do níos mó tacaíochta a thabhairt do na comhpháirtithe atá tiomanta do shochaithe daonlathacha a fhorbairt agus d'athchóirithe a ghabháil ar láimh, i gcomhréir leis an gcur chuige bunaithe ar dhreasachtaí “dá mhéad … is ea is mó” agus ar an bprionsabal da ngairtear “an chuntasacht fhrithpháirteach”, agus foráiltear do chomhpháirtíocht le sochaithe agus do chur chuige níos difreálaithe agus níos saincheaptha i leith na dtíortha comhpháirtíochta aonair. Leis an Rialachán seo, ba cheart go mbunófaí naisc shoiléire idir creat BCE agus an tacaíocht atá le soláthar faoin Rialachán seo.

(5)

Ba cheart go dtacófaí leis an Rialachán seo le cur chun feidhme tionscnamh polaitiúil a chuir cruth ar BCE, Comhpháirtíocht an Oirthir idir an tAontas agus a chomharsana ón oirthear, an Chomhpháirtíocht le haghaidh an Daonlathais agus an Rathúnais Chomhroinnte agus an tAontas don Réigiún Meánmhuirí i gComharsanacht an deiscirt. Tionscnaimh thábhachtacha ó thaobh straitéise iad na tionscnaimh uile sin, lena gcuirtear creata fóinteacha polaitiúla comhionanna ar fáil chun caidreamh a dhoimhniú leis na tíortha comhpháirtíochta agus ina measc, é bunaithe ar phrionsabail na cuntasachta frithpháirtí, na comhúinéireachta agus na comhfhreagrachta. Ba cheart go dtacófaí freisin leis an Rialachán seo le cur chun feidhme an chomhair réigiúnaigh ar fud na comharsanachta Eorpaí, inter alia faoi chuimsiú bheartas Dhiminsean an Tuaiscirt nó faoi chuimsiú Shineirge na Mara Duibhe, agus, go príomha i gcás an chomhair thrasteorann, le gnéithe seachtracha na straitéisí ábhartha macrairéigiúnacha

(6)

Ba cheart go saothrófaí cuspóirí an Rialacháin seo le rannpháirtíocht iomchuí ó chomhpháirtithe gníomhaíochta seachtraí, lena n-áirítear eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla, agus tacaíocht an Aontais á hullmhú agus á cur chun feidhme agus faireachán á dhéanamh uirthi, i bhfianaise thábhacht róil na gcomhpháirtithe sin. Ba cheart go dtacódh an Rialachán seo le cumas eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta a neartú chun cuntasacht éifeachtach bhaile agus úinéireacht éifeachtach áitiúil a ráthú, agus chun bheith mar ghníomhaithe iomlána i bpróiséas an daonlathaithe.

(7)

Aithnítear sa Rialachán seo an stádas faoi leith a bhaineann le Cónaidhm na Rúise mar chomharsa de chuid an Aontais agus mar chomhpháirtí straitéiseach sa réigiún sin.

(8)

Ba cheart tacaíocht faoin Rialachán seo agus faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) araon a chur ar fáil i gcomhair na gclár um chomhar trasteorann idir na Ballstáit ar thaobh amháin, agus tíortha comhpháirtíochta agus/nó Cónaidhm na Rúise ar an taobh eile (“tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann”) feadh theorainneacha seachtracha an Aontais, chun forbairt agus comhar a bheidh réigiúnach, comhtháite agus inbhuanaithe a chur chun cinn idir na limistéir teorann chomharsanachta mar aon le comhtháthú comhchuí críochach ar fud an Aontais agus in éineacht le tíortha comharsanachta. Tá sé tabahchtach go ndéanfaí na nósanna imeachta a chomhchuibhiú leo siúd atá ann i gcomhthéacs an chomhair chríochaigh Eorpaigh, i gcás inarb iomchuí, chun a áirithiú go gcuirfear comhar trasteorann chun feidhme ar bhealach éifeachtúil.

(9)

Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach comhar a chothú agus a éascú idir an Aontas agus lena chomhpháirtithe, agus le tíortha rannpháirteacha eile, ar mhaithe lena leas coiteann, go háirithe trí na hacmhainní a chuirtear ar fáil a chomhordú ar an mbealach is fearr agus is éifeachtaí is féidir agus trí ranníocaíochtaí ó ionstraimí inmheánacha agus seachtracha bhuiséad an Aontais a chomhthiomsú, go mór mór ar mhaithe le comhar trasteorann agus le tionscnaimh chomhair réigiúnaigh, le tionscnaimh bhonneagair chun leasa an Aontais a bhfuil baint ag tíortha comharsanachta leo, agus réimsí eile comhair.

(10)

Na haonaid chríochacha feadh na dteorainneacha ar le tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) iad agus na haonaid chríochacha ábhartha sna tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ba cheart go mbeadh siad in ann a bheith rannpháirteach freisin i gcomhar trasteorann. Ba cheart go leanfadh rannpháirtíocht tíortha ó LEE sna cláir um chomhar trasteorann de bheith bunaithe ar a gcuid acmhainní dílse.

(11)

Táthar ag súil go soláthróidh Ballstáit AE, na tíortha comhpháirtíochta agus tíortha rannpháirteacha eile a mbeidh páirt á glacadh acu sa chomhar trasteorann agus sa chomhar réigiúnach cómhaoiniú. Neartóidh sé sin an úinéireacht i measc na dtíortha, méadófar ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil do na cláir agus éascófar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí áitiúla.

(12)

D'fhonn an téarmaíocht a úsáidtear sa Rialachán seo a chomhchuibhiú le téarmaíocht an chomhair chríochaigh Eorpaigh, ba cheart cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a thabhairt ar dhoiciméid chur chun feidhme le haghaidh na gclár um chomhar trasteorann.

(13)

Ba cheart don tacaíocht a sholáthrófar do thíortha comharsanachta atá i mbéal forbartha faoin gcreat a bhunaítear le BCE a bheith comhcuí le cuspóirí agus le prionsabail bheartas seachtrach an Aontais agus go háirithe lena bheartas forbraíochta, agus leis an gcomhbheartas eachrach agus slándála an Aontais. Ba cheart go n-áiritheofaí comhchuibheas le gnéithe seachtracha de bheartais agus d'ionstraimí inmheánacha an Aontais freisin.

(14)

Ba cheart go bhféachfaidh an tAontas leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhchuibheas agus trí chomhlántacht idir ionstraimí an Aontais don ghníomhaíocht sheachtrach, agus trí shineirgí a chruthú idir IEC, ionstraimí eile de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart go ndéanfaí athneartú frithpháirteach freisin ar na cláir sin a cheaptar faoi na hionstraimí chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú.

(15)

Tá Straitéis Chomhpháirteach AE agus na hAfraice ábhartha maidir le caidreamh leis na comharsana Meánmhara ó Thuaisceart na hAfraice.

(16)

Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit feabhas a chur ar chomhchuibheas, ar éifeachtacht agus ar chomhlántacht a gcuid beartas faoi seach maidir le comhar le tíortha comharsanachta. Lena áirithiú go ndéanfaidh comhar an Aontais agus comhar na mBallstát comhlánú agus athneartú ar a chéile, is iomchuí a fhoráil do chlársceidealú comhpháirteach, ar cheart é a chur chun feidhme cibé uair is féidir agus is ábhartha. Ba cheart comhar cuí agus comhordú cuí le deontóirí nach den Aontas a áirithiú freisin.

(17)

Ba cheart i bprionsabal go ndéanfaí tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a ailíniú le straitéisí agus le bearta comhfhreagracha náisiúnta nó áitiúla na dtíortha comhpháirtíochta agus, i gcás inarb ábhartha, le bearta Chónaidhm na Rúise freisin.

(18)

Ba cheart don Choimisiún féachaint chuige go mbainfear an úsáid is éifeachtúla is féidir as na hacmhainní atá ar fáil trí ionstraimí airgeadais a úsáid a bhfuil éifeacht luamhánaithe acu. D'fhéadfaí an éifeacht sin a mhéadú trí chead a thabhairt cistí a infheistítear le hionstraimí airgeadais agus a ghintear leo a úsáid agus a athúsáid.

(19)

Tá an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide ar cheann de na dúshláin mhóra a bhfuil aghaisdh le tabhairt uirthi ag an Aontas agus tá gníomhaíocht idirnáisiúnta ag teastáil go práinneach. I gcomhréir leis an rún atá luaite sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal “Buiséad do Eoraip 2020” maidir leis an gcuid sin de bhuiséad an Aontais a bhaineann leis an aeráid a mhéadú go 20 % ar a laghad, ba cheart go rannchuideofaí tríd an Rialachán seo leis an sprioc sin a bhaint amach.

(20)

Le creat cobhsaí le haghaidh comhair le tíortha comharsanachta i réimse an fhuinnimh agus na n-acmhainní, atá comhsheasmhach le rialacha mhargadh inmheánach an Aontais, cuidítear le feabhas a chur ar shlándáil an Aontais sa réimse sin.

(21)

Tá comhionannas inscne, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe agus an neamhionannais ina gcuspóirí trasnaí i ngach gníomhaíocht a dhéantar faoin Rialachán seo.

(22)

Tá an tAontas tiomanta, ina chaidreamh lena chomhpháirtithe ar fud an domhain, do chaighdeán maith oibre a chur chun cinn chomh maith le ceartas sóisialta, daingniú agus cur chun feidhme éifeachtach na gcaighdeán saothair atá aitheanta go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear deireadh a chur le fostú leanaí, agus na gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil.

(23)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais dá thréimhse chur i bhfeidhm arb éard a bheidh ann an méid príomh-thagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, i dtaca le comhar maidir le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (6), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(24)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis a ghearradh. Ba cheart na bearta sin a chur i gcrích i gcomhréir leis na comhaontuithe is infheidhme a thugtar i gcrích le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha.

(25)

Chun tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a oiriúnú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an liosta de thosaíochtaí do thacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo agus le leithdháiltí airgeadais de réir cineál cláir a leasú. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(26)

Chun coinníoillacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(27)

Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le creataí tacaíochta aonair ilbhliantúla, le doiciméid clársceidalaithe eile agus le rialacha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha sonracha do chur chun feidhme an chomhair trasteorainn a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(28)

Ba cheart, i bprionsabal, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh, i bhfianaise chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, agus go háirithe iad a bheith dírithe ar bheartais nó a n-impleachtaí buiséadacha, ach amháin i gcás beart ar mhionscála airgeadais.

(29)

Bunaítear rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8)

(30)

Bunaítear na rialacha lena rialaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i gCinneadh (SEGS) 2010/427/AE ón gComhairle (9)

(31)

Is i dtíortha Chomharsanacht na hEorpa, áit ar ceann de na príomhchuspóirí beartaisiad féin a ailíniú le rialacha agus le caighdeáin an Aontais, is fearr atá an tAontas i riocht a cúnamh faoin Rialachán seo a chur ar fáil. Ní féidir tacaíocht shonrach áirithe a chur ar fáil ach amháin ar leibhéal an Aontais. Féadfar cur le rath na n-athchóirithe i dtíortha Chomharsanacht na hEorpa leis an taithí atá ag na Ballstáit maidir le trasdul agus féadfar cabhrú le cur chun cinn luachanna uilíocha sa Chomharsanacht freisin.

(32)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais i ngeall ar fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(33)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (10). Ba cheart, dá bhrí sin go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

CUSPÓIRÍ AGUS PRIONSABAIL

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme ginearálta

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IEC) d'fhonn níos mó dul chun cinn a dhéanamh maidir le limistéar rathúnais chomhroinnte agus dea-chomharsanúlachta a ina mbeidh an tAontas Eorpach agus na tíortha agus na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I (“na tíortha comhpháirtíochta”) páirteach trí ghaolmhaireacht speisialta a fhorbairt a bheidh bunaithe ar chomhar, ar shíocháin agus ar shlándáil, ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar thiomantas chomhroinnte do luachanna uilíocha an daonlathais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine i gcomhréir le CAE.

2.   Úsáidfear tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo chun leasa na dtíortha comhpháirtíochta agus na réigiún atá páirteach sa chomhar trasteorann. Is féidir í a úsáid freisin chun leasa chomhchoitinn an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta.

3.   Féadfar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a úsáid freisin le cur ar chumas Chónaidhm na Rúise páirt a ghlacadh i gcomhar trasteorann, i gcomhar réigiúnach ina mbeidh an tAontas rannpháirteach agus i gcláir ábhartha iltíre, lena n-áirítear comhar maidir le hoideachas, go háirithe malartuithe mac léinn.

4.   Déanann an tAontas luachanna na saoirse, an daonlathais, uilíocht, urramú, agus dhodhealaitheacht chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, prionsabail an chomhionannais agus an smachta reachta ar a bhfuil sé fothaithe a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú trí chomhphlé agus trí chomhar le tríú tíortha agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta á gcomhlíonadh. Dá réir sin, comhlíonfaidh maoiniú faoin Rialachán seo na luachanna agus na prionsabail sin, agus gealltanais an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta chomh maith, agus beartais ábhartha agus seasaimh ábhartha de chuid an Aontais á gcur san áireamh.

Airteagal 2

Na cuspóirí sonracha a bhaineann le tacaíocht an Aontais

1.   Díreofar le tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo ar chomhar polaitiúil feabhsaithe, daonlathas domhain agus inbhuanaithe, lánpháirtiú eacnamaíoch comhleanúnach agus comhpháirtíocht neartaithe le sochaithe a chur chun cinn idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta agus díreofar, go háirithe, ar chur chun feidhme comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair, comhaontuithe comhlachais nó comhaontuithe eile atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, agus pleananna gníomhaíochta atá comhaontaithe ar bhonn comhpháirteach nó doiciméid choibhéiseacha.

2.   Díreofar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo go háirithe ar an méid seo a leanas:

(a)

cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn, an smacht reachta, prionsabail an chomhionannais, an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe de gach cineál, daonlathas domhain inbhuanaithe a bhunú, dea-rialachas a chur chun cinn, an comhrac i gcoinne an éillithe, an cumas institiúideach a neartú ar gach leibhéal agus sochaí shibhialta a bhfuil rath uirthi a fhorbairt lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta;

(b)

comhtháthú comhleanúnach i margadh inmheánach an Aontais a bhaint amach mar aon le comhar feabhsaithe earnála agus trasearnála lena n-áirítear trí chomhfhogasú reachtach agus cóineasú rialála i dtreo chaighdeáin an Aontais agus i dtreo caighdeán idirnáisiúnta ábhartha eile agus feabhas a chur ar rochtain ar an margadh lena n-áirítear limistéir shaorthrádála dhoimhne agus chuimsitheacha, institiúidí agus infheistíochtaí gaolmhara a fhorbairt, go háirithe i gcás idirnasc;

(c)

dálaí a chruthú chun imirce dhleathach a eagrú níos fearr agus chun soghluaisteacht dhea-bhainistithe daoine a chothú, chun comhaontuithe atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo agus a tugadh i gcrích i gcomhréir leis an gCur Chuige Domhanda i leith na hImirce agus na Soghluaisteachta a chur chun feidhme, agus chun teagmhálacha duine le duine a chur chun cinn, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, oideachais, gairmiúla agus spóirt;

(d)

tacú le gach gné den fhorbairt chliste, inbhuanaithe agus chuimsitheach, bochtaineacht a laghdú; lena n-áirítear trí fhorbairt na hearnála príobháidí agus eisiamh sóisialta a laghdú; forbairt acmhainní san eolaíocht, san oideachas agus go háirithe san ardoideachas, sa teicneolaíocht, sa taighde agus sa nuálaíocht a chur chun cinn; comhtháthú inmheánach eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn; forbairt tuaithe a chothú; sláinte phoiblí a chur chun cinn; agus tacú le cosaint an chomhshaoil, le gníomhaíocht ar son na haeráide agus le hathléimneacht ó thubaistí;

(e)

cothú muiníne a chur chun cinn, chomh maith le dea-chaidreamh idir comharsana agus bearta eile trína gcuirtear le slándáil de gach cineál agus le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach, lena n-áirítear coinbhleachtaí fadtréimhseacha;

(f)

comhar foréigiúnach, réigiúnach agus ar fud na Comharsanachta Eorpaí chomh maith le comhar trasteorann a fheabhsú.

3.   Déanfar gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2a thomhas agus úsáid á baint go háirithe as na nithe seo a leanas: tuarascálacha tréimhsiúla ábhartha an Aontais faoi chur chun feidhme BCE, agus na táscairí iomchuí atá bunaithe ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhlachtaí ábhartha eile i gcás phointe(a), pointe (d) agus pointe(e) de mhír 2; a mhéid a bheidh creat rialála an Aontais á ghlacadh ag na tíortha comhpháirtíochta mar is iomchuí i gcás phointe (b), pointe (c) agus pointe (d) de mhír 2; líon na gcomhaontuithe iomchuí agus na ngníomhaíochtaí comhair i gcás pointe (c) agus pointe (f) de mhír 2

Beidh na táscairí a úsáidfear chun baint amach na gcuspóirí sonracha a thomhas réamhshainithe, soiléir, trédhearcach agus, i gcás inarb iomchuí, bainfidh siad go sonrach le tíortha faoi leith agus beidh siad intomhaiste, agus áireofar orthu, inter alia, toghcháin dhaonlathacha a ndéanfar faireachán leordhóthanach orthu, meas ar chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, breithiúnacht neamhspleách, comhar maidir le saincheisteanna ceartais, saoirse agus slándála, an leibhéal éillithe, sreabha trádála, comhionannas inscne agus táscairí a chumasaíonn míréireachtaí inmheánacha eacnamaíocha a thomhas, lena n-áirítear leibhéil fostaíochta.

4.   Féadfar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán a úsáid i réimsí ábhartha eile freisin nuair a bheidh sé sin comhsheasmhach le cuspóirí foriomlána BCE.

Airteagal 3

Creat beartais

1.   Na comhaontaithe comhpháirtíochta agus comhair, na comhaontuithe comhlachais agus comhaontuithe eile atá ann cheana féin nó a bheidh ann sa todhchaí a chruthaíonn gaolmhaireacht le tíortha comhpháirtíochta, teachtaireachtaí comhfhreagracha ón gCoimisiún, Conclúidí comhfhreagracha ón gComhairle Eorpach, agus Conclúidí comhfhreagracha ón gComhairle chomh maith le dearbhuithe ábhartha ó chruinnithe mullaigh nó conclúidí ábhartha cruinnithe aireachta le tíortha comhpháirtíochta BCE lena n-áirítear i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht an Oirthir agus an Aontais don Réigiún Meánmhuirí agus rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa, is iad a bheidh, agus prionsabal na húinéireachta á urramú acu, i gcreat foriomlán beartais an Rialacháin seo chun tacaíocht an Aontais a chlársceidealú agus a chur chun feidhme faoin Rialachán seo.

2.   Is iad pleananna gníomhaíochta nó doiciméid choibhéiseacha eile a chomhaontófar ar bhonn comhpháirteach, amhail cláir oibre chomhlachais idir na tíortha comhpháirtíochta agus an tAontas, i bhformáidí déthaobhacha agus iltaobhacha, lena n-áirítear, de réir mar is ábhartha, i gComhpháirtíocht an Oirthir agus i nDiminsean an Deiscirt de BCE, a chuirfidh na príomhphointí tagartha ar fáil chun tosaíochtaí a leagan síos maidir le tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo agus chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn mar a leagtar amach in Airteagal 2(3).

3.   I gcás nach mbeidh aon chomhaontuithe, faoi mar a leagtar amach i mír 1, déanta idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta, féadfar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a chur ar fáil nuair atá sé úsáideach chun cuspóirí beartais an Aontais a shaothrú, agus déanfar é a chlársceidealú ar bhonn cuspóirí den sórt sin, agus riachtanais na tíre lena mbaineann á gcur san áireamh.

Airteagal 4

Difreáil, comhpháirtíocht agus cómhaoiniú

1.   Maidir leis an tacaíocht a chuireann an tAontas ar fáil faoin Rialachán seo do gach tír comhpháirtíochta i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(1), beidh sí dreasacht- bunaithe agus déanfar í a dhifreáil i bhfoirm agus i méideanna, agus na nithe uile seo a leanas á léiriú:

(a)

riachtanais na tíre comhpháirtíochta amhail daonra agus an leibhéal forbartha;

(b)

tiomantas do chuspóirí a chur chun feidhme agus dul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme, ar cuspóirí iad maidir le hathchóiriú polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta agus ar thángthas ar chomhaontú frithpháirteach fúthu;

(c)

tiomantas na tíre comhpháirtíochta do dhaonlathas domhain inbhuanaithe a chothú agus dul chun cinn maidir leis sin;

(d)

comhpháirtíocht leis an Aontas, lena n-áirítear an leibhéal uaillmhéine don chomhpháirtíocht sin;

(e)

acmhainn ionsúcháin agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith agan tacaíocht ón Aontas faoin Rialachán seo.

Léireofar tacaíocht den sórt sin sna doiciméid ilbhliantúla chlársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 7.

2.   Tar éis na doiciméid chlársceidealaithe a shonraítear in Airteagal 7 a ghlacadh, agus gan dochar do na gnéithe eile a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, déanfar sciar na n-acmhainní a thairgfear do thíortha comhpháirtíochta a oiriúnú i gcomhréir go príomha leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad i ndáil le daonlathas domhain inbhuanaithe a fhorbairt agus a chomhdhlúthú agus le cuspóirí a chur chun feidhme, ar cuspóirí maidir le hathchóiriú polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta iad agus ar thángthas ar chomhaontú fúthu, i gcomhréir leis an gcur chuige dreasacht-bhunaithe.

Maidir le bratchláir iltíre, cinnfear an sciar sin de réir an dul chun cinn a dhéanfaidh na tíortha comhpháirtíochta ó thaobh daonlathas domhain, inbhuanaithe a fhorbairt, agus aird á tabhairt freisin ar an dul chun cinn a dhéanfaidh siad i gcur chun feidhme na gcuspóirí sin lena gcuideofar chun an sprioc sin a bhaint amach, ar cuspóirí iad ar thángthas ar chomhaontú fúthu.

Déanfar an dul chun cinn a dhéanfaidh na tíortha comhpháirtíochta a mheasúnú go tráthrialta, go háirithe trí thuarascálacha de chuid BCE, ar tuarascálacha ar dhul chun cinn iad, a n-áireofar treochtaí iontu le hais na mblianta roimhe sin.

Féadfaidh sé sé go ndéanfar an tacaíocht a bhreithniú athuair má thítear ar gcúl go tromchúiseach nó go leanúnach.

3.   Ní bheidh feidhm ag an gcur chuige dreasacht-bhunaithe chun tacú leis an tsochaí shibhialta, le teagmhálacha duine le duine, lena n-áirítear comhar idir na h-údaráis áitiúla, tacaíocht chun feabhas a chur ar chearta an duine nó bearta tacaíochta a bhaineann le géarchéim. Má thitear ar gcúl ar bhealach tromchúiseach nó leanúnach, d'fhéadfadh sé go méadófar ar an tacaíocht sin.

4.   Beidh an cur chuige dreasacht-bhunaithe faoin Rialachán seo faoi réir malartuithe tráthrialta tuairimí i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle.

5.   Is i gcomhpháirtíocht leis na tairbhithe a shocrófar i bprionsabal tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo. Beidh na geallsealbhóirí seo a leanas páirteach sa chomhpháirtíocht sin, de réir mar is iomchuí agus tacaíocht ón Aontas á hullmhú, á chur chun feidhme agus san fhaireachán a bheidh á déanmh uirthi:

(a)

údaráis náisiúnta agus áitiúla; agus

(b)

eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

lena n-áirítear trí chomhairliúchán agus trí rochtain thráthúil ar fhaisnéis ábhartha lena ligfear dóibh ról a bhfuil brí leis a bheith acu sa phróiseas sin.

6.   Déanfaidh na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha rannpháirteacha eile tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a chómhaoiniú, i bprionsabal, trí bhíthin cistí poiblí, ranníocaíochtaí ó na tairbhithe nó ó fhoinsí eile. Féadfar ceanglais chómhaoinithe a tharscaoileadh i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo agus i gcás inar gá sin le tacú le forbairt ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus gníomhaithe neamhstáit, go háirithe eagraíochtaí mionscála na sochaí sibhialta, gan dochar do chomhlíonadh na gcoinníollacha eile a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh, 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

Airteagal 5

Comhchuibheas agus comhordú deontóirí

1.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheofar comhchuibheas le gach réimse de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais. Chuige sin, maidir leis na bearta a mhaoineofar faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na cinn sin atá á mbainistiú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), beidh siad bunaithe ar na doiciméid faoi bheartas comhair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) agus ar leasanna, ar thosaíochtaí beartais agus ar straitéisí sonracha an Aontais chomh maith. Urramóidh na bearta sin na gealltanais arna ndéanamh faoi chomhaontaithe iltaobhacha agus faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta ar páirtithe iontu an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta.

2.   Áiritheoidh an tAontas, na Ballstáit agus BEI comhchuibheas idir tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo agus tacaíocht eile a dhéanfaidh an tAontas, na Ballstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha a chur ar fáil.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú ar a gcláir thacaíochta faoi seach chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a mhéadú maidir le tacaíocht agus idirphlé beartais a sheachadadh agus chun forluí an chistithe a sheachaint i gcomhréir leis na prionsabail atá bunaithe maidir le comhordú oibríochtúil a neartú i réimse na tacaíochta seachtraí, agus maidir le beartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú. Is é a bheidh i gceist leis an gcomhordú comhairliúcháin rialta agus malartuithe minice faisnéise ábhartha le linn na gcéimeanna éagsúla de thimthriall na tacaíochta, go háirithe ar an láthair. Cuirfear clársceidealú comhpháirteach chun feidhme cibé uair is féidir agus is ábhartha. Mura bhféadfar é sin a bhaint amach, breithneofar dul i mbun socruithe eile, amhail comhar tarmligthe agus socruithe maidir le haistriú, chun an leibhéal comhordaithe is airde is féidir a áirithiú.

Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú maidir le clársceidealú comhpháirteach leis na Ballstáit laistigh den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, agus cuirfidh sé moltaí san áireamh sna cásanna sin nár baineadh amach an clársceidealú comhpháirteach go hiomlán ina leith.

4.   Déanfaidh an tAontas na bearta riachtanacha, in éineacht leis na Ballstáit, lena n-áirítear comhairliúcháin ag tús an phróisis clársceidealaithe, d'fhonn a áirithiú go mbeidh comhlántacht, comhordú agus comhar ceart ann le heagraíochtaí agus le heintitis iltaobhacha, lena n-áirítear institiúidí Eorpacha airgeadais, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, gníomhaireachtaí, cistí agus cláir de chuid na Náisiún Aontaithe, fondúireachtaí príobháideacha agus fondúireachtaí polaitiúla agus deontóirí nach ón Aontas Eorpach dóibh.

5.   Leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 7(3), tagrófar freisin, a mhéid is féidir, do ghníomhaíochtaí deontóirí eile an Aontais.

TEIDEAL II

CLÁRSCEIDEALÚ TÁSCACH AGUS LEITHDHÁILEADH CISTÍ

Airteagal 6

Cineálacha clár

1.   Déanfar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a chlársceidealú tríd an méid seo a leanas:

(a)

cláir dhéthaobhacha ina gcuimseofar tacaíocht ón Aontas d'aon tír chomhpháirtíochta amháin;

(b)

cláir iltíre lena dtabharfar aghaidh ar dhúshláin a bhaineann le roinnt tíortha comhpháirtíochta nó leo go léir, bunaithe ar thosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir agus dhiminsean an deiscirt de BCE agus an obair a rinneadh i gcomhthéacs an Aontais don Réigiún Meánmhuirí á cur san áireamh, mar aon le comhar réigiúnach agus foréigiúnach, go príomha idir dhá thír chomhpháirtíochta nó níos mó, lena n-áirítear freisin faoi chuimsiú Dhiminsean an Tuaiscirt agus Sineirge na Mara Duibhe. Féadfaidh Cónaidhm na Rúise a bheith i gceist leis sin i gcomhréir le hAirteagal 1(3);

(c)

cláir um chomhar trasteorann ina ndíreofar ar chomhar idir Ballstát amháin nó níos mó, ar thaobh amháin, agus tír chomhpháirtíochta amháin nó níos mó agus/nó Cónaidhm na Rúise (“tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann”), ar an taobh eile, ar comhar é a dhéanfar feadh a gcoda comhroinnte de theorainn sheachtrach an Aontais.

2.   Is in Iarscríbhinn II atá na tosaíochtaí don tacaíocht ón Aontas faoin Rialachán seo leagtha amach.

3.   Cuirfear tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 agus, i gcás na gclár dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6 (1) den Rialachán seo, i gcomhréir freisin leis na rialacha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha sonracha chun an comhar trasteorann a chur chun feidhme, faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 12 den Rialachán seo.

Airteagal 7

Clársceidealú agus leithdháileadh táscach cistí maidir le cláir tháscacha thíre agus iltíre

1.   Cinnfear leithdháiltí táscacha airgeadais le haghaidh clár tíre ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 4(1).

2.   I gcás tíortha inarb ann do na doiciméid sin dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo, glacfar creat tacaíochta aonair ilbhliantúil cuimsitheach i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Leis an gcreat sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

athscrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an gcreat beartais agus maidir le baint amach na gcuspóirí sin ar thángthas ar chomhaontú fúthu roimhe seo agus breithniú a dhéanamh ar an staid mar atá maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an tír chomhpháirtíochta, lena n-áirítear an leibhéal uaillmhéine do chomhpháirtíocht na tíre comhpháirtíochta leis an Aontas;

(b)

cuspóirí agus tosaíochtaí maidir le tacaíocht an Aontais a leagan amach, a roghnófar go príomha as measc na gceann sin a áirítear sna doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo agus i straitéisí nó i bpleananna na dtíortha comhpháirtíochta i gcás ina mbeidh na straitéisí nó na pleananna sin comhsheasmhach leis an gcreat foriomlán beartais, agus a léirítear le measúnú tráthrialta an Aontais go bhfuil gá le tacaíocht ina leith;

(c)

na torthaí a mbeifear ag súil leo a léiriú; agus

(d)

leibhéal táscach an mhaoiniúcháin a leagan amach agus é miondealaithe de réir tosaíochta.

Tabharfar leithdháiltí airgeadais le haghaidh gach creata tacaíochta aonair i bhfoirm raon nach mó ná 20 % de na leithdháiltí sin.

I bprionsabal, comhfhreagróidh fad tréimhse creata tacaíochta aonair d'fhad tréimhse an doiciméid ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

3.   I gcás tíortha nach ann do na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo ina leith, déanfar doiciméad cuimsitheach clársceidalaithe lena n-áireofar straitéis agus clár táscach ilbhliantúil a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 Déanfaidh sí an méid seo a leanas:

(a)

straitéis freagartha de chuid an Aontais a shainiú ar bhonn anailís ar an staid sa tír lena mbaineann, ar an gcaidreamh atá aige leis an Aontas, agus ar straitéisí nó ar phleananna na dtíortha comhpháirtíochta i gcás ina mbeidh na straitéisí nó na pleananna sin comhsheasmhach leis an gcreat foriomlán beartais;

(b)

na cuspóirí agus na tosaíochtaí do thacaíocht an Aontais a leagan amach;

(c)

na torthaí a mbeifear ag súil leo a léiriú; agus

(d)

leibhéal táscach an mhaoiniúcháin a leagan amach agus é miondealaithe de réir tosaíochta.

Tabharfar leithdháiltí táscacha airgeadais tionlacan i bhfoirm raon nach mó ná 20 % de na leithdháíltí sin. Beidh fad tréimhse ilbhliantúil iomchuí i gceist leis an doiciméad clársceidealaithe.

4.   I gcás clár iltíre, glacfar le doiciméad clársceidealaithe cuimsitheach lena n-áireofar straitéis agus clár táscach ilbhliantúil i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Déanfaidh sí an méid seo a leanas:

(a)

na cuspóirí agus na tosaíochtaí a leagan amach do thacaíocht ón Aontas leis an réigiún nó leis an bhfo-réigiún, lena léireofar i gcás inarb iomchuí na tosaíochtaí sin arna gcinneadh faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht an Oirthir nó faoi chuimsiú an Aontais don Réigiún Meánmhuirí;

(b)

na torthaí a mbeifear ag súil leo a léiriú; agus

(c)

leibhéal táscach an mhaoiniúcháin a leagan amach, agus é miondealaithe de réir tosaíochta.

Cinnfear leithdháiltí airgeadais do chláir iltíre ar bhonn critéar trédhearcach, oibiachtúil.

Beidh fad tréimhse ilbhliantúil iomchuí ag an ndoiciméad clársceidealaithe.

5.   Déanfar doiciméid an chreata tacaíochta aonair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a athscrúdú nuair is gá, lena n-áirítear i bhfianaise na dtuarascálacha tréimhsiúla ábhartha de chuid an Aontais, agus an obair a dhéanfaidh na comhlachtaí comhpháirteacha a bunaíodh faoi na comhaontuithe leis na tíortha comhpháirtíochta á cur san áireamh, agus féadfar iad a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Déanfar na doiciméid chlársceidealaithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo a athscrúdú ag meántéarma na ndoiciméad nó cibé uair is gá, agus féadfar iad a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

6.   Chun go n-éascófar cur chun feidhme an chur chuige dreasacht-bhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(2), leithdháilfear méid i raon 10 % den imchlúdach airgeadais a leagtar amach in Airtegal 17 (1) ar bhratchláir iltíre lena bhforlíonfar na leithdháiltí airgeadais tíre dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (3). Sonrófar na tíortha a fhéadfaidh leithdháiltí a fháil leis na cinntí ábhartha ón gCoimisiún lena mbunaítear na bratchláir sin, agus cinnfear na leithdháiltí féin ar bhonn an dul chun cinn i dtreo daonlathais dhomhain inbhuanaithe agus chur chun feidhme na gcuspóirí ar thángthas ar chomhaontú fúthu i ndáil leis an athchóiriú a rannchuideoidh leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

7.   Nuair is gá bearta a chur chun feidhme ar bhonn níos éifeachtaí ar mhaithe le leas coiteann an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta, i réimsí amhail an comhar trasnáisiúnta agus idirnaisc thrasnáisiúnta, féadfar cistiú faoin Rialachán seo a chomhthiomsú le cistiú a chumhdaítear faoi rialacháin ábhartha eile an Aontais. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tsraith aonair rialacha a bhfuil feidhm le bheith aici maidir le cur chun feidhme.

8.   Beidh na Ballstáit rannpháirteach sa phróiseas clársceidealaithe, i gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Beidh dlúthbhaint ag na Ballstáit sin agus na deontóirí eile a thug gealltanas a dtacaíocht a chlársceidealú ar bhonn comhpháirteach leis an Aontas. Féadfar a ranníocaíocht a chumhdach sna doiciméid clársceidealaithe de réir mar is iomchuí.

9.   I gcás ina mbeidh gealltanas tugtha ag Ballstáit agus ag deontóirí eile a dtacaíocht a chlársceidealú ar bhonn comhpháirteach, féadfaidh doiciméad chlársceidealaithe ilbhliantúil comhpháírteach ionad an chreata tacaíochta aonair agus na ndoiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a ghlacadh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar amach sna míreanna sin.

10.   I gcás géarchéimeanna nó bagairtí ar an daonlathas, ar an smacht reachta nó ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, nó i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine, féadfar athscrúdú ad hoc a dhéanamh ar dhoiciméid chlársceidealaithe. Áiritheofar in athscrúdú éigeandála den sórt sin go ndéanfar an comhchuibheas idir beartais an Aontais, tacaíocht an Aontais a sholáthraítear faoin Rialachán seo agus tacaíocht a sholáthaítear faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú a choimeád ar bun. Féadfar doiciméid chlársceidealaithe athbhreithnithe a ghlacadh de dhroim athscrúdaithe éigeandála. Sa chás sin, seolfaidh an Coimisiún na doiciméid chlársceidealaithe athbhreithnithe chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle mar eolas laistigh de mhí amháin ó dháta a nglactha.

11.   Maidir le haon chlársceidealú nó aon athscrúdú ar chláir a dhéanfar tar éis fhoilsiú natuarascála meántéarma maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus conclúidí na tuarascála sin.

TEIDEAL III

COMHAR TRASTEORANN

Airteagal 8

Incháilitheacht gheografach

1.   Is féidir na cláir um chomhar trasteorann dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6(1) a bhunú:

(a)

le haghaidh teorainneacha talún lena gcumhdaítear na haonaid chríochacha a chomhfhreagraíonn do leibhéal Ainmníocht na n-Aonad Críche um Staidreamh (NUTS) 3 nó dá choibhéis ar feadh na dteorainneacha talún idir na Ballstáit agus na tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann, gan dochar do choigeartuithe féideartha a bheidh riachtanach chun comhchuibheas agus leanúnachas na gníomhaíochta comhair a áirithiú, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4);

(b)

le haghaidh teorainneacha muirí lena gcumhdaítear aonaid chríochacha a chomhfhreagraíonn do leibhéal NUTS 3 nó dá choibhéis ar feadh na dteorainneacha muirí idir na Ballstáit agus na tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann, agus 150 km ar a mhéad eatarthu, gan dochar do choigeartuithe féideartha a bheidh riachtanach chun comhchuibheas agus leanúnachas na gníomhaíochta comhair a áirithiú;

(c)

timpeall imchuach farraige, lena gcumhdaítear aonaid chríochacha ar an gcósta a chomhfhreagraíonn do leibhéal NUTS 2 nó dá choibhéis atá os comhair imchuach farraige is coiteann do Bhallstáit agus do na tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann.

2.   D'fhonn a áirithiú go leanfar de na scéimeanna comhair atá ann cheana agus i gcásanna eile a bhfuil bonn cirt leo, agus d'fhonn cur le cuspóirí an chláir, féadfar ligean d'aonaid chríochacha atá tadhlach leis na cinn sin dá dtagraítear i mír 1 páirt a ghlacadh i gcomhar trasteorann. Déanfar na coinníollacha faoina bhféadfaidh na haonaid chríochacha a bheith rannpháirteach i gcomhar a leagan síos sna cláir chomhpháirteacha oibríochtúla.

3.   I gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo, féadfar lárionaid shóisialta, eacnamaíocha nó chultúrtha sna Ballstáit nó i dtíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann nach bhfuil tadhlach le haonaid chríochacha incháilithe a chur ar áireamh ar an gcoinníoll go gcuirfidh an rannpháirtíocht sin leis na cuspóirí a leagtar síos sa doiciméad clársceidealaithe. Déanfar na coinníollacha faoina bhféadfadh lárionaid den sórt sin a bheith rannpháirteach i gcomhar a leagan síos sna cláir chomhpháirteacha oibríochtúla.

4.   Nuair a dhéanfar cláir a bhunú de bhun phointe (b) de mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú na rannpháirtithe, moladh a dhéanamh go ndéanfar an incháilitheacht gheografach a leathnú chun aonad críochach iomlán leibhéal NUTS 2 a áireamh a bhfuil aonad críochach leibhéal NUTS 3 lonnaithe ina limistéar.

5.   Leis an gcomhar trasteorann, díreofar ar a bheith comhchuí le cuspóirí na straitéisí macrairéigiúnacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.

Airteagal 9

Clársceidealú agus cistí a leithdháileadh do chomhar trasteorann

1.   Déanfar doiciméad clársceidealaithe a ullmhú chun an méid seo a leanas a shainiú:

(a)

na cuspóirí straitéiseacha a bheidh le saothrú trí bhíthin comhair thrasteorann, agus na tosaíochtaí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo mar gheall ar an gcomhar sin;

(b)

an liosta de na cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a bheidh le bunú;

(c)

an miondealú táscach ar acmhainní idir cláir um theorainneacha talún agus muirí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 8(1) agus cláir um imchuacha farraige l dá dtagraítear i i bpointe (c) d'Airteagal 8(1);

(d)

na leithdháiltí ilbhliantúla táscacha ar gach clár comhpháirteach oibríochtúil;

(e)

na haonaid chríochacha a bheidh incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngach clár comhpháirteach oibríochtúil, mar aon leis na haonaid chríochacha agus na lárionaid a shonraítear in Airteagal 8(2), (3) agus (4);

(f)

an leithdháileadh táscach chun tacú, mar is iomchuí, le gníomhaíochtaí forbartha acmhainní cothrománacha, le líonrú agus le malartú taithí i measc na gclár;

(g)

na ranníocaíochtaí leis na cláir thrasnáisiúnta a bhunaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ina mbeidh tíortha comhpháirtíochta agus/nó Cónaidhm na Rúise rannpháirteach.

Cuimseoidh an doiciméad clársceidealaithe tréimhse seacht mbliana agus glacfaidh an Coimisiún é i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 (3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Déanfar é a athscrúdú ag an meántéarma nó cibé uair is gá agus féadfar é a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta sin.

2.   Déanfaidh CFRE cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a chómhaoiniú. Déanfar méid foriomlán na ranníocaíochta ó CFRE a chinneadh de bhun Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid na ranníocaíochta sin.

3.   Féadfaidh an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a chómhaoiniú ar cláir iad ina mbeidh tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin rannpháirteach. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid an chómhaoinithe sin.

4.   Beidh leithdháiltí táscacha na gcistí ar chláir chomhpháirteacha oibríochtúla bunaithe ar chritéir oibiachtúla, go háirithe ar dhaonra na n-aonad críochach incháilithe mar a shainítear iad i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 8 (1). Agus na leithdháiltí táscacha á gcinneadh, féadfar coigeartuithe a dhéanamh ionas go léireofar an gá le cothromaíocht idir na ranníocaíochtaí ó CFRE agus na ranníocaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo agus idir tosca eile a dhéanann difear do dhéine an chomhair, amhail saintréithe na limistéar teorann agus an cumas atá acu tacaíocht ón Aontas a bhainistiú agus a ionsú.

Airteagal 10

Cláir chomhpháirteacha oibriochtúla

1.   Déanfar comhar trasteorann a chur chun feidhme trí chláir chomhpháirteacha oibríochtúla ilbhliantúla ina gcumhdófar comhar maidir le teorainn nó grúpa teorainneacha agus ina gcuimseofar bearta ilbhliantúla lena saothrófar sraith chomhsheasmhach tosaíochtaí agus a fhéadfar a chur chun feidhme le tacaíocht ón Aontas. Beidh cláir chomhpháirteacha oibríochtúla bunaithe ar an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1). Áireofar iontu tuairisc achomair ar na córais rialaithe agus bainistithe a chumhdóidh na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus in Airteagal 12(2).

2.   Bunófar cláir chomhpháirteacha oibríochtúla le haghaidh teorainneacha talún agus muirí le haghaidh gach teorann ar an leibhéal críochach iomchuí agus áireofar iontu aonaid chríochacha incháilithe ar le Ballstát amháin nó níos mó agus le tír amháin eile nó níos mó atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann iad.

3.   Maidir le cláir chomhpháirteacha oibríochtúla thart ar imchuacha farraige, cláir iltaobhacha a bheidh iontu, bunófar iad ar an leibhéal críochach iomchuí, agus áireofar iontu aonaid chríocha incháilithe a bhfuil aghaidh acu ar imchuach farraige comhchoiteann ar le roinnt tíortha rannpháirteacha éagsúla é, lena n-áireofar Ballstát amháin ar a laghad agus tír amháin eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann. Féadfar a áireamh iontu gníomhaíochtaí déthaobhacha lena dtabharfar tacaíocht do chomhar idir Ballstát amháin agus tír amháin eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann.

4.   Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha tograí le haghaidh clár comhpháirteach oibríochtúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn comhpháirteach laistigh de bhliain amháin tar éis dháta formheasa an doiciméid chlársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus tar éis na rialacha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha sonracha chun an comhar trasteoranna a chur chun feidhme a ghlacadh. Déanfaidh an Coimisiún, laistigh de spriocdháta a leagtar amach sna rialacha cur chun feidhme,gach clár comhpháirteach oibríochtúil a ghlacadh tar éis dó measúnú a dhéanamh ar a chomhsheasmhacht leis an Rialachán seo, leis an doiciméad clársceidealaithe agus leis na rialacha cur chun feidhme feidhme. Cuirfidh an Coimisiún na cláir chomhpháirteacha um chomhar trasteorann faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na mBallstát mar eolas laistigh de mhí amháin tar éis dháta glactha na gclár sin.

5.   Limistéir i dtíortha seachas Ballstáit nó tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann, atá tadhlach le limistéir incháilithe faoi mar a shainítear i i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 8(1) iad nó a bhfuil aghaidh acu ar imchuach farraige comhchoiteann áit a bhfuil clár comhpháirteach oibríochtúil á bhunú, féadfar iad a chumhdach le clár comhpháirteach oibríochtúil agus féadfaidh siad tairbhe a bhaint as tacaíocht ón Aontas faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1).

6.   Déanfaidh an Coimisiún agus na tíortha rannpháirteacha na bearta cuí a ghlacadh chun a áirithiú gur cláir lánchomhlántacha agus neartaitheacha ar dhóigh fhrithpháirteach a bheidh sna cláir um chomhar trasteorann, go háirithe i gcás imchuach fharraige, a bhunófar faoin Rialachán seo agus sna cláir um chomhar trasnáisiúnta a bhunófar faoi Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 lena ngabhfaidh cumhdach geografach a bheidh forluiteach i bpáirt.

7.   Féadfar cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a athbhreithniú tráth ar bith ar thionscnamh ó na tíortha rannpháirteacha nó ón gCoimisiún ar chúiseanna amhail:

(a)

athruithe ar thosaíochtaí comhair nó forbairtí socheacnamaíocha;

(b)

torthaí ar chur chun feidhme na mbeart lena mbaineann agus na torthaí a gheofar tríd an bpróiseas faireacháin agus meastóireachta;

(c)

an gá le méideanna na gcistí a bheidh ar fáil a choigeartú agus acmhainní a athleithdháileadh.

8.   Faoi dheireadh na bliana féilire tar éis na bliana a nglacfar cláir chomhpháirteacha oibríochtúla ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún comhaontú maoinithe a thabhairt i gcrích le tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann. Cuimseofar sa chomhaontú maoinithe sin na forálacha dlíthiúla a bheidh riachtanach chun clár comhpháirteach oibríochtúil a chur chun feidhme agus féadfaidh tíortha rannpháirteacha eile agus an túÚdarás bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d' Airteagal 12(2) nó an tír ina mbeidh an t-údarás bainistíochta é a chomhshíniú freisin.

Más gá, déanfar comhaontú, mar shampla i bhfoirm meamraim tuisceana, a thabhairt i gcrích idir na tíortha rannpháirteacha agus an t-údarás bainistíochta chun freagrachtaí sonracha airgeadais mar aon le rialacha mionsonraithe sonracha cur chun feidhme na dtíortha lena mbaineann i ndáil leis an gclár a leagan amach, lena n-áirítear na tascanna bainistithe agus riaracháin agus na freagrachtaí atá orthu.

9.   Bunófar clár comhpháirteach oibríochtúil lena mbaineann níos mó ná tír amháin eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann má shíníonn ar a laghad tír amháin eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann an comhaontú maoinithe. Is féidir le tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann a chumhdófar faoi chlár atá bunaithe dul i bpáirt leis an gclár tráth ar bith tríd an gcomhaontú maoinithe a shíniú.

10.   Má ghabhann tír rannpháirteach de láimh clár comhpháirteach oibríochtúil a chómhaoiniú, déanfar na socruithe agus na cosaintí riachtanacha maidir leis an gcómhaoiniú a iniúchadh, a sholáthar, a úsáid agus maidir le faireachán a dhéanamh air a shoiléiriú sa chlár sin. Déanfaidh gach tír rannpháirteach agus údarás bainistíochta an chláir chomhpháirtigh oibríochtúil nó an tír ina mbeidh an t-údarás bainistíochta an comhaontú maoinithe gaolmhar a shíniú.

11.   Féadfar foráil a dhéanamh i gcláir oibríochtúlacomhpháírteacha freisin maidir le ranníocaíocht airgeadais ó ionstraimí agus leo, ar ranníocaíochtaí iad a bhféadfaí deontais a chomhcheangal leo, faoi réir ag rialacha na n-ionstraimí sin, ar an gcoinníoll go gcuireann sé sin le baint amach thosaíochtaí na gclár sin.

12.   Agus iad ag déanamh de réir phrionsabal na comhpháirtíochta, roghnóidh tíortha rannpháirteacha agus a n-údaráis áitiúla, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí ar bhonn comhpháirteach le haghaidh tacaíochta ón Aontas, ar gníomhaíochtaí iad a bheidh comhsheasmhach le tosaíochtaí agus le bearta cláir chomhpháirtigh oibríochtúil.

13.   I gcásanna sonracha a bhfuil bonn cirt cuí leo, más rud é:

(a)

nach féidir clár comhpháirteach oibríochtúil a chur isteach i ngeall ar fhadhbanna a thagann chun cinn i gcaidrimh idir tíortha rannpháirteacha nó idir an tAontas agus tír eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann;

(b)

nach féidir clár comhpháirteach oibríochtúil a chur chun feidhme i ngeall ar fhadhbanna a thagann chun cinn i gcaidrimh idir tíortha rannpháirteacha;

(c)

nach bhfuil clár comhpháirteach oibríochtúil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag na tíortha rannpháirteacha go fóil,; nó

(d)

nár shínigh aon cheann de na tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann agus a bheidh rannpháirteach sa chlár an comhaontú maoinithe iomchuí faoi dheireadh na bliana tar éis dháta glactha an chláir,

déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann, na bearta is gá chun go bhféadfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann an ranníocaíocht ó CFRE leis an gclár comhpháirteach oibríochtúil a úsáid de bhun Airteagal 4(7) agus (8) de Rialachán (AE) Uimh 1299/2013.

14.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha le haghaidh gníomhaíochtaí nó clár comhair thrasteorann a mhaireann breis agus bliain airgeadais amháin a mhiondealú i dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

Airteagal 11

Cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a bhainistiú

1.   Déanfar cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a chur chun feidhme, de ghnáth trí bhainistiú comhroinnte leis na Ballstáit. Féadfaidh tíortha rannpháirteacha, áfach, a mholadh go ndéanfadh eintiteas a liostaítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 an cur chun feidhme trí bhainistiú indíreach, agus i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Rialachán seo.

2.   Deimhneoidh an Coimisiún dó féin ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil go bhfuil córais bhainistithe agus rialaithe a chomhlíonfaidh Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, an Rialachán seo agus na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Rialachán seo curtha ar bun agus á n-oibriú ag an mBallstát i gcás an bhainistithe chomhroinnte, nó ag an tír eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta i gcás an bhainistithe indírigh.

Áiritheoidh Ballstáit, tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann agus eagraíochtaí idirnáisiúnta feidhmiú éifeachtach a gcórais rialaithe inmheánaigh, dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart bunúsach, agus comhlíonadh phrionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais.Beidh siad freagrach as na cláir a bhainistiú agus a rialú.

Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát nó ar thír eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann, nó ar an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann scrúdú a dhéanamh ar ghearán a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin maidir le roghnú nó cur chun feidhme na n-oibríochtaí a gheobhaidh tacaíocht faoin Teideal seo nó maidir le feidhmiú an chórais bhainistithe agus rialaithe.

3.   Ionas go bhféadfaidh na cláir chomhpháirteacha oibríochtúla ullmhú go leormhaith don chur chun feidhme, beidh caiteachas a thabhófar tar éis clár chomhpháirteacha oibríochtúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin incháilithe ón 1 Eanáir 2014.

4.   I gcás ina mbeidh srian ar incháilitheacht i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, beidh an t-eintiteas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a fhéadfaidh glaonna ar thograí agus ar thairiscintí a sheoladh, i dteideal glacadh go bhfuil tairgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe, nó earraí de thionscnamh neamh-incháilithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

Airteagal 12

Rialacha cur chun feidhme maidir le comhar trasteorann

1.   Déanfar rialacha cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha sonracha chun an Teideal seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) den Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

2.   Áireofar ar na hábhair a chumhdófar faoi na rialacha cur chun feidhme forálacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas, inter alia:

(a)

ráta agus modhanna an chómhaoinithe;

(b)

ábhar, ullmhú, modhnú agus dúnadh na gclár comhpháirteach oibríochtúil;

(c)

ról agus feidhm struchtúir na gclár, e.g. an comhchoiste faireacháin, an túdarás bainistíochta agus a ardrúnaíocht chomhpháirteach theicniúil, lena n-áirítear an gradam, an t-aitheantas, an chuntasacht agus an fhreagracht éifeachtach atá acu, tuairisc ar chórais bhainistíochta agus rialaithe, agus coinníollacha lena rialaítear bainistiú teicniúil agus airgeadais thacaíocht an Aontais, lena n-áirítear incháilitheacht an chaiteachais;

(d)

nósanna imeachta aisghabhála sna tíortha rannpháirteacha uile

(e)

an faireachán agus an mheastóireacht;

(f)

gníomhaíochtaí infheictheachta agus faisnéise;

(g)

bainistiú comhroinnte agus indíreach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Cumhacht a tharmligean

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun Iarscríbhinn II a leasú. Go háirithe, tar éis fhoilsiú na tuarascála meántéarma maidir le hathscrúdú, agus bunaithe ar na moltaí a bheidh sa tuarascáil sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena leasófar Iarscríbhinn II faoin 31 Márta 2018.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin.Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh.Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Coiste

Tabharfaidh an Coiste um an Ionstraim Eorpach Chomharsanachta cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

Airteagal 16

Rannpháirtíocht tríú tíre nach gcumhdaítear le hAirteagal 1

1.   I gcúinsí a bhfuil bonn cirt cuí leo agus d'fhonn comhchuibheas agus éifeachtacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú nó comhar réigiúnach nó trasréigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, ar bhonn cás ar chás, chun incháilitheacht gníomhaíochtaí sonracha a leathnú, i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 chuig tíortha, críocha agus limistéir nach mbeadh incháilithe do mhaoiniú ar shlí eile.

D'ainneoin Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, féadfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha ó thíortha, ó chríocha agus ó limistéir lena mbaineann páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta lena ndéanfar gníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme.

2.   Féadfar foráil a dhéanamh sna doiciméid chlársceidealaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do na féidearthachtaí dá dtagraítear i mír 1den Airteagal seo.

Airteagal 17

Imchlúdach airgeadais

1.   Is EUR15 432 634 000 ag praghsanna reatha an t-imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ó 2014 go 2020.Leithdháilfear suas le 5 % den imchlúdach airgeadais ar na cláir um chomhar trasteorann dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6(1).

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúla.

3.   I gcomhréír le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), d'fhonn gné idirnáisiúnta an ardoideachais a chur chun cinn, déanfar méid táscach EUR 1 680 000 000 ó na hionstraimí éagsúla chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, eadhon an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), BCE, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais II (ICR II) arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 agus an Ionstraim Chomhpháirtíochta arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), a leithdháileadh i leith ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama go dtí tíortha comhpháirtíochta de réir bhrí Rialachan (AE) Uimh. 1288/2013 nó uathu, agus ar chomhar agus idirphlé beartais le húdaráis, le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí sna tíortha sin.Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 maidir le húsáid na gcistí sin.

Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh ilbhliantúla nach gcumhdóidh ach na chéad ceithre bliana agus na trí bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Beidh leithdháileadh an chistithe sin léirithe sa chlársceidealú táscach ilbhliantúil dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a shainaithneofar sna tíortha lena mbaineann. Féadfar na leithdháiltí a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais

Airteagal 18

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Is i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE a bheidh feidhm ag an Rialachán seo.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)   IO C 11, 15.1.2013, lch. 77.

(2)   IO C 391, 18.12.2012, lch. 110.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014 .

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta agus Chomhpháírtíochta (IO L 310, 9.11.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo).

(6)   IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna do chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (féach leathanach 95 den Iris Oifigiúil seo).

(9)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhiantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh, 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh.1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (féach leathanach 44 den Iris Oifigiúil seo).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (féach leathanach 77 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

Is iad na tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 1:

 

an Ailgéir

 

an Airméin

 

an Asarbaiseáin

 

an Bhealarúis

 

an Éigipt

 

an tSeoirsia

 

Iosrael

 

an Iordáin

 

an Liobáin

 

an Libia

 

Poblacht na Moldóive

 

Maracó

 

an críoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil (cPf)

 

an tSiria

 

an Túinéis

 

an Úcráin


IARSCRÍBHINN II

Tosaíochtaí maidir le tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo

Chun tacú leis na cuspóirí sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 2 a bhaint amach, agus doiciméid a comhaontaíodh ar bhonn comhpháirteach á gcur san áireamh mar a leagtar síos in Airteagal 3(2), féadfaidh maoiniú ón Aontas díriú ar na tosaíochtaí a leagtar amach i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo.

Féadfaidh sé go bhfuil roinnt tosaíochtaí ábhartha maidir le níos mó ná cineál amháin cláir.Le leasuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an liosta táscach tosaíochtaí seo, tabharfar urraim ar phrionsabal na comhúinéireachta.

Tabharfar aghaidh ar shaincheisteanna trasnaí, lena n-áirítear daonlathas domhain agus inbhuanaithe, cearta an duine, comhionannas inscne, an comhrac in aghaidh an éilithe agus an comhshaol laistigh de na tosaíochtaí sin.

1.

Díreoidh tacaíocht ón Aontas ar leibhéal déthaobhach, mar is iomchuí, ar na tosaíochtaí seo a leanas, idir alia:

cearta an duine, dea-rialachas agus smacht reatha, lena n-áirítear athchóiriú ceartais, an riaracháin phoiblí agus na hearnála slándála;

comhar institiúideach agus forbairt acmhainneachta,lena n-áirítear le haghaidh cur chun feidhme comhaontuithe Aontais;

tacaíocht do ghníomhaithe sa tsochaí shibhialta agus dá ról i bpróiseas na n-athchóirithe agus sna trasdulta daonlathacha;

forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus uileghabhálach, lena n-áirítear ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil agus comhtháthú críochach;

earnalácha sóisialta a fhorbairt, don óige go háirithe, agus béim á cur ar cheartas sóisialta agus ar chomhtháthú agus ar fhostaíocht;

forbairt i réimse na trádála agus san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear tacaíocht do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, d'fhostaíocht, agus do limistéir shaorthrádála dhoimhne agus chuimsitheacha;

talmhaíocht agus forbairt tuaithe, lena n-áirítear slándáil bia;

bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha;

earnáil an fhuinnimh le béim ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh;

iompar agus bonneagar;

oideachas agus forbairt scileanna, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint;

soghluaiseacht agus bainistiú imirce, lena n-áirítear cosaint na n-imirceach;

cothú muiníne agus bearta eile a chuireann le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach, lena n-áirítear tacaíocht do na daoine atá thíos mar gheall, agus d'atógáil.

Féadfaidh na tosaíochtaí a leagtar amach sa phointe seo rannchuidiú le níos mó ná cuspóir amháin de chuid an Rialacháin seo.

2.

De réir mar is iomchuí, tabharfaidh tacaíocht Aontais ar leibhéal iltíre aghaidh ar na tosaíochtaí seo a leanas, inter alia:

cearta an duine, dea-rialachas agus an smacht reatha;

comhar institiúideach agus forbairt acmhainneachta;

comhar réigiúnach, go háirithe i gcreat Chomhpháirtíocht an Oirthir, an Aontais don Réigiún Meánmhuirí agus na Comhpháirtíochta don Daonlathas agus don Ráthúnas Comhroinnte;

forbairt ardoideachais agus scileanna, soghluaisteacht mac léinn agus foirne, óige agus cultúr;

forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, forbairt i réimse na trádála agus san earnáil phríobháideach agus tacaíocht do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide;

earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear gréasáin fuinnimh;

idirnaisc iompair agus bonneagair;

bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear uisce, fás glas, comhshaol agus maolú athrú aeráide agus oiriúnú dó;

tacaíocht don tsochaí shibhialta;

soghluaiseacht agus bainistiú imirce;

cothú muiníne agus bearta eile a chuireann le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach.

Féadfaidh na tosaíochtaí a leagtar amach sa phointe seo rannchuidiú le níos mó ná cuspóir amháin de chuid an Rialacháin seo.

3.

De réir mar is iomchuí, tabharfaidh tacaíocht Aontais trí chláir um chomhar trasteorann aghaidh ar na tosaíochtaí seo a leanas:

forbairt eacnamaíoch agus shóisialta;

an comhshaol, an tsláinte phoiblí, an tsábháilteacht agus an tslándáil;

soghluaisteacht daoine, earraí agus caipitil.

Léiríonn na tosaíochtaí a leagtar amach sa phointe seo dúshláin choiteanna. Is creat chun tosaíochtaí sonracha le tíortha atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann iad. Is iad eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta a bheidh rannpháirteach i bhforbairt na gclár agus beidh siad, mar aon le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar phríomhthairbhithe na gclár sin.

Leithdháiltí airgeadais de réir an chineáil chláir

 

Cláir dhéthaobhacha: suas le 80 %

 

Cláir iltíre: suas le 35 %

 

Comhar trasteorann: suas le 5 %


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa (1)

Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe do gach tíre/réigiúin, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach toscaíochta do chláir geografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (*1). Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (*1), agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméid chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.

Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach eile a tháinig as an idirphlé straitéiseach.


(1)  Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh.

(*1)  Nuair is infheidhme.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le húsáid gníomhartha cur chun feidhme chun forálacha a leagan síos i Rialachán Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus i Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II )

Measann an Coimisiún Eorpach i dtaobh na rialacha maidir le cláir um chomhar trasteorann mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais do mhaoiniú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus rialacha cur chun feidhme sonracha eile níos mionsonraithe i Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus i Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), measann sé gurb é is aidhm leis na rialacha sin an bunghníomh a fhorlíonadh agus gur cheart dá bhrí sin gur gníomhartha tarmligthe iad le glacadh ar bhonn Airteagal 290 den CFAE. Ní chuirfidh an Coimisiún Eorpach in aghaidh ghlacadh an téacs mar atá comhaontaithe ag na comhreachtóirí. Meabhraíonn an Coimisiún Eorpach, áfach, go bhfuil ceist an teorannaithe idir Airteagal 290 agus Airteagal 291 den CFAE á scrúdú faoi láthair ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás na “mbithicídí”.


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcúnamh a thugtar faoi na hionstraimí airgeadais a fhionraí

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire i dtaobh Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020, Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) nach bhfuil aon tagairt shainráite don fhéidearthacht go bhfionrófaí cúnamh i gcásanna nach gcomhlíonfadh an tír is tairbhí na bunphrionsabail atá leagtha amach san ionstraim lena mbaineann agus go háirithe prionsabail an daonlathais, smachta reachta agus urramú chearta an duine.

Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim airgeadais iomlán a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá bhfionrófaí aon chúnamh faoi na hionstraimí seo. Mar chomhreachtóir agus mar chomhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.