21.1.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

52


RIALACHÁN (AE) Uimh. 38/2014 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2014

lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le roinnt bunrialachán a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála go nglacfar gníomhartha ar bhonn na nósanna imeachta a leagtar amach i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (2).

(2)

Ní foláir na gníomhartha reachtacha a bhí i bhfeidhm agus nár oiriúnaíodh don nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin a scrúdú chun comhsheasmhacht leis na forálacha a tugadh isteach tríd an gConradh sin a áirithiú. Is iomchuí, i gcásanna áirithe, na gníomhartha sin a leasú chun cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is iomchuí freisin, i gcásanna áirithe, nósanna imeachta áirithe a chur i bhfeidhm, ar nósanna imeachta iad a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacháin seo a leanas a leasú dá réir sin:

Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle (4),

Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle (5),

Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 ón gComhairle (6),

Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle (7),

Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle (8).

Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle (9),

Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 ón gComhairle (10),

(4)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, níor cheart go ndéanfar difear leis an Rialachán seo do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh a tionscnaíodh ach nach mbeidh críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar na Rialacháin a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú leis seo, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Forléireofar tagairtí d'fhorálacha na Rialachán a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo mar thagairtí do na forálacha sin mar a leasaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear sna Rialacháin a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ar Rialacháin iad a tionscnaíodh ach nach mbeidh críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 15 Eanáir 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 15 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme a thabharfar don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí lena rialaítear na Ballstáit mar a fheidhmíonn an Coimisiún cumhachtaí cur chun feidhme (IO L 55, 28.02.2011, lch. 13).

(4)  Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha (IO L 275, 08.11.1993, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach gcumhdaítear le comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná le rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 67, 10.03.94, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 chun sraonadh trádála príomhchógas áirithe isteach san Aontas Eorpach a sheachaint (IO L 135, 3.6.2003, lch. 5).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar allmhairithe táirgí áirithe atá de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 110, 30.4.2005, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin (IO L 348, 31.12.2007, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach roghanna uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún (IO L 20, 24.01.2008, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le trádáil i dtáirgí áirithe cruach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Casacstáine (IO L 348, 24.12.2008, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA RIALACHÁN A THIG FAOIN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA AGUS ARNA LEASÚ IN OIRIÚNÚ D'AIRTEAGAL 290 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH NÓ D'FHORÁLACHA INFHEIDHME RIALACHÁN (AE) UIMH. 182/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE.

1.   Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93, chun feidhmiú iomchuí an chórais do bhainistiú allmhairí táirgí áirithe teicstíle a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a athrú, deiseanna breise a dheonú i dtaobh allmhairithe, teorainneacha cainníochtúla a thabhairt isteach nó a oiriúnú agus bearta cosanta agus córas faireachais a thabhairt isteach. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh sé i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe.

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun comhairliúcháin a dhéanamh agus a thionscnamh.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 mar seo a leanas:

(1)

tuigfear aon tagairt do "Airteagal 17" mar thagairt do "Airteagal 17(2)".

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(6):

"6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun na sainmhínithe ar theorainneacha cainníochtúla a leagtar síos in Iarscríbhinn V a oiriúnú agus na catagóirí táirgí a bhfuil feidhm acu maidir leo, i gcás inar gá a leithéid chun a áirithiú nach dtiocfaidh aon laghdú ar na teorainneacha cainníochtúla sin as aon leasú iardain ar an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) nó as aon chinneadh lena leasaítear aicmiú na dtáirgí sin.".

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(2):

"2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun na hiarscríbhinní a leasú trí na teorainneacha cainníochtúla laistigh díobh a choigeartú chun an scéal dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leigheas, agus urraim chuí á tabhairt do na téarmaí agus na coinníollacha atá sna comhaontuithe déthaobhacha ábhartha.

I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar de bharr teicstílí a allmhairiú san Aontas ar phraghsanna as cuimse íseal, ar dochar é ar dheacair é a leigheas, agus dá bhrí sin go bhfuil mórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.".

(4)

Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a na hiarscríbhinní a leasú chun deiseanna breise a dheonú le haghaidh allmhairí le linn cuótabhliana áirithe, i gcás ina gceanglófar, faoi dhálaí áirithe, allmhairí de bhreis ar na hallmhairí dá dtagraítear in Iarscríbhinn V i leith catagóire amháin táirgí nó níos mó.

I gcás práinne, agus i gcás ina ndéanfadh moilliú ar dheiseanna breise a dheonú i dtaobh allmhairithe dochar de bharr méid allmhairí nach mbeadh leordhóthanach ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16 b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad mhíre. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de 15 lá oibre ón iarraidh a fháil ó Bhallstát.";

(b)

scriostar an mhír leathdheireanach

(5)

Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a)

i mír 7, scriostar pointe (b);

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

"13.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun teorainneacha cainníochtúla a fhorchur trí na hiarscríbhinní a leasú i gcomhréir le hAirteagal 16a maidir leis na bearta dá bhforáiltear i mír 3 agus i mír 9.

I gcásanna práinneacha, ar fhéinthionscnamh an Choimisiúin nó laistigh de 10 lá oibre ó iarratas a fháil ó Bhallstát lena leagtar amach na cúiseanna leis an bpráinn, agus i gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh na ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.".

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 13(3):

"Cinnfidh an Coimisiún Iarscríbhinn III a leasú chun córas faireachais a prioria posteriori a thabhairt isteach. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a maidir leis an gcóras faireachais a priori a fhorchur.".

(7)

In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3, mhír 4 agus mhír 5:

"3.   Má theipeann ar an Aontas agus ar an tír is soláthróir teacht ar réiteach sásúil laistigh den tréimhse a ordaítear in Airteagal 16 agus má thugann an Coimisiún dá aird go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16a maidir le hIarscríbhinn V a leasú chun méid comhionann táirgí de thionscnamh na tíre is soláthróir lena mbaineann a bhaint de na teorainneacha cainníochtúla.

I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún dá aire go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, agus i gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas, agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16 b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.

4.   I gcomhréir le forálacha na bprótacal agus comhaontuithe déthaobhacha áirithe a dhéanfar le tríú tíortha, má thaispeántar le fianaise leordhóthanach go ndearnadh dearbhú bréagach maidir le hábhar snáithín teicstíle, méid, tuairisc nó rangú na dtáirgí atá de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, féadfaidh údaráis an Aontais diúltú do na táirgí i gceist a allmhairiú. Fairis sin, má dhealraíonn sé go bhfuil baint ag críoch aon cheann de na tíortha seo in athlastáil nó in athródú táirgí nach de thionscnamh na tíre sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a teorainneacha cainníochtúla a thabhairt isteach i gcoinne na dtáirgí céanna atá de thionscnamh na tíre céanna sin, mura mbeidh siad faoi réir teorainneacha cainníochtúla cheana féin, nó chun gníomhú in aghaidh an cháis dá dtagraítear sa mhír seo trí Iarscríbhinn V a leasú.

I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún dá aire go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, agus i gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart a thugann aghaidh ar an imchéimniú agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.

5.   Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh fianaise ann go bhfuil baint ag críocha tríú tíortha atá ina mball de EDT ach nach liostaítear in Iarscríbhinn V, leis seo, iarrfaidh an Coimisiún comhairliúcháin leis an tríú tír nó tríú tíortha lena mbaineann i gcomhréir leis an nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 16 d'fhonn gníomh iomchuí a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun teorainneacha cainníochtúla a thabhairt isteach in aghaidh an tríú tír nó tríú tíortha lena mbaineann nó chun gníomhú in aghaidh na staide dá dtagraítear sa mhír seo trí Iarscríbhinn V a leasú.

I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart a thugann aghaidh ar an imchéimniú agus dá bhrí sin ina n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.".

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh d'Airteagal 16(1):

"1.   Déanfaidh an Coimisiún na comhairliúcháin dá dtagraítear sa Rialachán seo i gcomhréir leis na rialacha a leanas, tar éis dó an fhaisnéis a chur ar fáil do na Ballstáit:".

(9)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

"Airteagal 16a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(6), Airteagal 6(2), Airteagal 8, Airteagal 10(13), Airteagal 13(3), Airteagal 15(3), (4) agus (5) agus Airteagal 19 den Rialachán seo agus in Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV agus in Airteagal 2 agus Airteagal 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo, tabharfar é don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Maidir le tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(6), Airteagal 6(2), Airteagal 8, Airteagal 10(13), Airteagal 13(3), Airteagal 15(3), (4) agus (5) agus Airteagal 19 den Rialachán seo agus in Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV agus in Airteagal 2 agus Airteagal 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo, is féidir le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(6), Airteagal 6(2), Airteagal 8, Airteagal 10(13), Airteagal 13(3), Airteagal 15(3), (4) agus (5) agus Airteagal 19 den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 6(2) den Rialachán seo agus Airteagal 2 agus Airteagal 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear ceithre mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16b

Nós imeachta práinne

1.   Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16a(5) nó (6). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.".

(10)

In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an mhírchinn agus in ionad mhír 1 agus mhír 2:

"Airteagal 17

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste Teicstíle arna bhunú le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 517/94 (1) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste laistigh de bhrí Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

1a.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17a:

"Airteagal 17a

Féadfaidh an Coimisiún aon ábhar a mheas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhar é a tharraingeoidh an Coimisiún anuas ag nó ar iarratas ó Bhallstát."

(12)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

"Airteagal 19

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú nuair is gá chun conclúid, leasú nó dul in éag comhaontuithe, prótacal nó comhshocraíochtaí eile a dhéanfar le tríú tíortha nó leasuithe ar rialacha Aontais maidir le staidreamh, comhshocraíochtaí custaim nó comhrialacha maidir le hallmhairí a chur san áireamh.".

(13)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

"Airteagal 19a

Tuarascáil

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1125/2009 (3).

(14)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 d'Airteagal 4 d'Iarscríbhinn IV:

"3.   I gcás ina suífear gur sáraíodh forálacha an Rialacháin seo, agus tar éis comhaontú a fháil ón tír nó ó na tíortha is soláthróir lena mbaineann, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo maidir le leasú na nIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán seo, de réir mar is gá chun atarlú an tsáraithe sin a chosc.

I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart i gcoinne gníomhaíochtaí lena sáraítear an Rialachán seo dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.".

(15)

In Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

"Airteagal 2

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo chun ath-allmhairí nach gcumhdaítear san Iarscríbhinn seo a chur faoi réir theorainneacha cainníochtúla sonracha, ar choinníoll go bhfuil na táirgí lena mbaineann faoi réir na dteorainneacha cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán seo.

I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart i gcoinne ath-allmhairí trádála próiseála amach dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.".

(16)

In Iarscríbhinn VII, leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo chun aistrithe idir chatagóirí a dhéanamh agus chun réamhúsáid nó iompar ar aghaidh codanna de theorainneacha cainníochtúla sonracha a chur i gcrích ó bhliain amháin go bliain eile.

I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar trí thrádáil próiseála amach a chosc i bhfianaise an cheanglais dhliúthiúil na haistrithe sin a fheidhmiú ó bhliain amháin go bliain eile, ar dochar é ar dheacair é a leigheas, dá bhrí sin ina bhfuil mórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo chun na teorainneacha cainníochtúla sonracha a choigeartú i gcás inar gá allmhairí breise.

I gcás ina ndéanfadh moilliú ar na teorainneacha cainníochtúla sainiúla a choigeartú, i gcás inar gá allmhairí breise, dochar ar dheacair é a leigheas trí rochtain ar na hallmhairí breise sin is gá a chosc, dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.".

2.   Rialachán (CE) Uimh. 517/94

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 517/94, chun feidhmiú iomchuí an chórais do bhainistiú allmhairí táirgí áirithe teicstíle, nach gcumhdaítear le comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná le rialacha sonracha eile Aontais maidir le hallmhairí, a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú, na rialacha maidir le hallmhairí a athrú agus i leith bearta cosanta agus bearta faireachais a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe.

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialachán (CE) Uimh. 517/94, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Ba cheart go n-úsáidfí an nós imeachta comhairleach maidir le bearta faireachais a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 517/94 mar seo a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3):

"3.   Maidir le haon táirge teicstíle dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus de thionscnamh na dtíortha a léirítear ansin, féadfar é a allmhairiú isteach san Aontas ar choinníoll go mbunaíonn an Coimisiún teorainn chainníochtúil bhliantúil. Beidh aon teorainn chainníochtúil mar sin bunaithe ar shreabha trádála a bhí ann cheana, nó nuair nach ann dóibh sin, ar mheastacháin a bhfuil bonn cirt cuí-réasúnaithe leo ar na sreabha trádála sin. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir le bunú na dteorainneacha cainníochtúla bliantúla sin.".

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

"Airteagal 5

1.   Féadfaidh an Coimisiún aon ábhar a mheas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhar é a tharraingeoidh an Coimisiún anuas nó ar iarratas ó Bhallstát.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir leis na bearta is gá chun Iarscríbhinn III go hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú nuair a bhraitear fadhbanna maidir lena bhfeidhmiú éifeachtach.".

(3)

Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann go bhfuil bonn cirt le himscrúdú, maidir le coinníollacha i ndáil le hallmhairithe táirgí a luaitear in Airteagal 1, tionscnóidh an Coimisiún imscrúdú. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a chinneadh go raibh gá leis an imscrúdú sin a thionscnamh.";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

"2.   De bhreis ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil faoi Airteagal 6, iarrfaidh an Coimisiún gach faisnéis is gá dar leis agus féachfaidh sé chuige an fhaisnéis sin a sheiceáil le hallmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, agus le comhlachais agus eagraíochtaí trádála.".

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

"2.   Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil gá le bearta faireachais ná cosanta ón Aontas, cinnfidh sé, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 25(2), deireadh a chur leis na himscrúduithe, agus luafaidh sé príomh-thorthaí na n-imscrúdú.".

(5)

Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

"(a)

cinneadh a dhéanamh faireachas cúlghabhálach Aontais a thabhairt isteach ar allmhairithe áirithe, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25(1a);

(b)

cinneadh a dhéanamh, chun críocha faireachas a dhéanamh ar threocht na n-allmhairithe sin, allmhairithe áirithe a chur faoi réir réamhfhaireachais ón Aontas, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25(1a).";

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

"(a)

cinneadh a dhéanamh faireachas cúlghabhálach Aontais a thabhairt isteach ar allmhairithe áirithe, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25(1a);

(b)

cinneadh a dhéanamh, chun críocha faireachas a dhéanamh ar threocht na n-allmhairithe sin, allmhairithe áirithe a chur faoi réir réamhfhaireachais ón Aontas, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25(1a).".

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

"3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir leis na bearta dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 chun na rialacha maidir le hallmhairiú a athrú i leith an táirge i dtrácht, lena n-áirítear trí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.".

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

"Airteagal 13

I gcásanna éigeandála nuair a dhéanfaí dochar neamh-indeisithe don tionscal Aontais in éagmais beart agus nuair a chinneann an Coimisiún ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) agus (2) agus ina measann sé gur cheart catagóir áirithe táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I, nach bhfuil faoi réir teorainneacha cainníochtúla ar bith, a chur faoi réir teorainneacha cainníochtúla nó réamhbheart nó beart cúlghabhálach faireachais, agus dá bhí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (2) a fhorchur chun na rialacha maidir le hallmhairiú i leith an táirge i dtrácht a athrú, lena n-áirítear trí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.".

(8)

In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:

"I gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25(1a), féadfaidh an Coimisiún an méid a leanas a dhéanamh, dá thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, más dócha go dtiocfaidh an cás dá dtagraítear in Airteagal 12(2) chun cinn:".

(9)

In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

"Glacfar na bearta seo i gcomhréir leis an nós imeachta iomchuí is infheidhme maidir le bearta le glacadh de bhun Airteagal 10, Airteagal 11, agus Airteagal 12.".

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad míreanna 1, 2, 3 agus 4 d'Airteagal 25:

"Airteagal 25

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste Teicstíle de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa gus ón gComhairle (4).

1a.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(11)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

"Airteagal 25a

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3), Airteagal 5(2), Airteagal 12(3), Airteagal 13 agus Airteagal 28 go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), Airteagal 5(2), Airteagal 12(3), Airteagal 13, Airteagal 28 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2), Airteagal 13 agus Airteagal 28 i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3), agus Airteagal 12(3) i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25b

1.   Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.".

(12)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

"Airteagal 26a

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) 1125/2009 ón gComhairle (5).

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

"Airteagal 28

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a chun na hIarscríbhinní ábhartha a leasú nuair is gá chun conclúid, leasú nó dul in éag comhaontuithe, prótacal nó comhshocraíochtaí eile a dhéanfar le tríú tíortha nó leasuithe ar do rialacha Aontais maidir le staidreamh, comhshocraíochtaí custaim nó comhrialacha maidir le hallmhairí a chur san áireamh.".

3.   Rialachán (CE) Uimh. 953/2003

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 953/2003, chun táirgí a chur le liosta na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh sé i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 mar seo a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a)

scriostar mír 3;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Má chinneann an Coimisiún go gcomhlíonann táirge na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(5) chun an táirge lena mbaineann a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ag an gcéad uasdátú eile. Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas faoina chinneadh laistigh de 15 lá oibre tar éis a ghlactha.

I gcás ina ndéanfadh moilliú ar tháirge a chur le hIarscríbhinn I moilliú maidir le freagairt do ghá práinneach le rochtain ar chógais bhunriachtanacha inacmhainne i dtír atá i mbéal forbartha, agus dá bhrí sin, go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5a maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.";

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

"9.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(6) chun Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a choigeartú nuair is gá chun athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ngalar, na dtíortha ceann scríbe a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus ar na foirmlí a úsáidtear chun táirgí cisealphraghsáilte a aithint i bhfianaise, inter alia, na taithí a fuarthas óna chur i bhfeidhm nó chun freagairt do ghéarchéim sláinte.".

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

"Airteagal 5

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear ceithre mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle."

(3)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

"Airteagal 5a

1.   Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus (6). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.".

(4)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo in ionad mhír 2:

"2.   Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil dhébhliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le méideanna a onnmhaireofar faoi réir chisealphraghsanna, lena n-áirítear na méideanna a onnmhaireofar faoi chuimsiú comhaontú comhpháirtíochta a chomhaontófar idir an monaróir agus rialtas na tíre cinn scríbe. Sa tuarascáil scrúdófar scóip tíortha agus galar agus critéir ghinearálta chun Airteagal 3 a chur chun feidhme.";

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

"3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de mhí amháin ó thaisceadh thuarascáil an Choimisiúin, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc de choiste freagrach na Parlaiminte chun aon tsaincheist a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin a chur i láthair agus a mhíniú.

4.   Tráth nach déanaí ná sé mhí ón dáta a chuireann sé an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, poibleoidh an Coimisiún an tuarascáil.".

4.   Rialachán (CE) Uimh. 673/2005

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 673/2005, chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasú a dhéanamh ar ráta na dleachta breise nó ar na liostaí in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 mar seo a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3):

"3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun coigeartuithe agus leasuithe a dhéanamh faoin Airteagal seo. I gcás ina mbeidh faisnéis maidir le méid na n-íocaíochtaí amach a rinneadh na Stáit Aontaithe curtha ar fáil go déanach sa bhliain, ionas nach féidir spriocanna EDT agus spriocanna reachtúla a bhaint amach trí leas a bhaint as an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus, i gcás coigeartuithe agus leasuithe ar na hIarscríbhinní, agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 4a maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.".

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) go ceann tréimhse cúig bliana ó 20 Feabhra 2014. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.".

(3)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

"Airteagal 4a

1.   Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.".

5.   Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007, chun oiriúnuithe teicniúla a dhéanamh ar na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) a dhéanamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin chun réigiúin nó stáit a chur leis agus i leith leasuithe teicniúla a thabhairt isteach ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a mbeidh gá leo de bharr an Iarscríbhinn sin a chur i bhfeidhm. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 mar seo a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Leasóidh an Coimisiún Iarscríbhinn I trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 24a chun réigiúin nó stáit ó Ghrúpa na Stát in ACC a chur leis an Iarscríbhinn, ar réigiúin nó stáit iad a bhfuil caibidlíocht curtha i gcríoch acu maidir le comhaontú idir an tAontas agus an réigiún nó an stát sin a chomhlíonann ar a laghad ceanglais Airteagal XXIV GATT 1994.";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh de mhír 3:

"3.   Fanfaidh an réigiún nó an stát sin ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ach amháin má ghlacann an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 24a lena leasaítear Iarscríbhinn I chun réigiún nó stát a bhaint den Iarscríbhinn, go háirithe sna cásanna seo a leanas:".

(2)

Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.   Tabharfaidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 184 de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) cúnamh don Choimisiún.

(b)

Cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

"4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24a den Rialachán seo maidir le leasuithe teicniúla ar Iarscríbhinn II más gá leo sin chun leasuithe ar reachtaíocht chustaim eile de chuid an Aontais a chur san áireamh.

5.   Féadfar cinntí maidir le bainistiú Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 183 agus in Airteagal 184 de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008."

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

"Airteagal 23

Oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24a den Rialachán seo maidir le leasuithe teicniúla ar Airteagal 5 agus ar Airteagal 8 go hAirteagal 22 a bhféadfaidh gá a bheith leo de thoradh difríochtaí idir an Rialachán seo agus comhaontuithe a síneofar le cur i bhfeidhm go sealadach nó a chuirfear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE leis na réigiúin nó na stáit a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.".

(4)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

"Airteagal 24a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 4(4) agus Airteagal 23 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse chúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3), in Airteagal 4(4) agus in Airteagal 23 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(4) agus Airteagal 23 i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 2(2) agus (3) i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear ceithre mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.".

6.   Rialachán (CE) Uimh. 55/2008

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 55/2008, chun coigeartú an Rialacháin sin a cheadú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe is gá i bhfianaise athruithe ar chóid chustaim, nó chun comhaontuithe leis an Moldóiv a chur i gcrích. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 mar seo a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

Cumhacht a thabhairt

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun na leasuithe agus coigeartuithe is gá a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo, mar thoradh ar:

(a)

leasuithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fho-ranna TARIC;

(b)

chomhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Mholdóiv, a mhéid a bhaineann na leasuithe agus na coigeartuithe leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo.".

(2)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

"Airteagal 8a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7 go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse chúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.".

(3)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

"Airteagal 12a

Tuarascáil

Áiritheoidh an Coimisiún ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme faisnéis faoi chur i bhfeidhm ana Rialachán seo de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7) chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

7.   Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008, chun gur féidir srianta áirithe a riar go héifeachtach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 mar seo a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(3):

"3.   Má theipeann ar an Aontas agus ar Chónaidhm na Casacstáine teacht ar réiteach sásúil agus má thugann an Coimisiún dá aird go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun méid comhionann táirgí de thionscnamh Phoblacht na Casacstáine a bhaint de na teorainneacha cainníochtúla agus chun Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú dá réir sin.

I gcás ina ndéanfadh moilliú ar ghníomhú chun aghaidh a thabhairt ar fhianaise shoiléir maidir le himchéimniú dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.".

(2)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

"Airteagal 16a

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(3) go ceann tréimhse cúig bliana ó 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse chúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 5(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16b

1.   Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh."


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 517/94 an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha d'allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil folaithe ag comhaontaithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 67, 10.3.1994, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 20.2.2011, lch. 13).".

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1).";

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 agus Rialachán (CE) 517/94

Tugtar dá n-aire go ndéanfar na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 2(6), Airteagal 6(2), Airteagal 8 agus Airteagal 10, Airteagal 13(3), Airteagal 15(3), (4) agus (5) agus Airteagal19 de Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93, Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93, agus Airteagal 2, Airteagal 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh 3030/93, agus Airteagal 3(3), Airteagal 5(2), Airteagal 12(3) agus Airteagal 13 agus Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh 517/94 a thiontú ina nósanna imeachta maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Tugtar dá n-aire go dtagraítear le roinnt de na hAirteagail sin do nósanna imeachta cinnteoireachta maidir le bearta cosanta a ghlacadh i réimse na cosanta trádála.

Measann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go gcaithfear le bearta cosanta mar bhearta cur chun feidhme. Go heisceachtúil, sna Rialacháin shonracha atá ann cheana dá dtagraítear thuas, is i bhfoirm gníomhartha tarmligthe atá na bearta, toisc gurb i bhfoirm leasuithe ar na hiarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis na Bunrialacháin a dhéantar beart cosanta a thabhairt isteach. Eascraíonn sé sin as an struchtúr ar leith a bhaineann go sonrach leis na Rialacháin atá ann cheana dá dtagraítear thuas, agus, mar gheall air sin, ní bheidh sé ina fhasach maidir le hionstraimí cosanta trádála nó bearta cosanta eile a dhréachtú.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le códú

Le glacadh Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh agus Rialachán (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh, beidh líon substaintiúil leasuithe ar na gníomhartha i dtrácht i gceist. Chun inléiteacht na ngníomhartha lena mbaineann a fheabhsú, molfaidh an Coimisiún códú na ngníomhartha chomh tapa agus is féidir tar éis an dá Rialachán sin a ghlacadh, agus ar a dhéanaí roimh an 1 Meitheamh 2014.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe

I gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh agus Rialachán (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh, meabhraíonn an Coimisiún dó an gealltanas a rinne sé i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach faisnéis iomlán agus an doiciméadúchán iomlán a bhaineann lena chuid cruinnithe le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre ar ghníomhartha tarmligthe a ullmhú a sholáthar don Pharlaimint.