19.5.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 130/13 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 347 Eagrán Speisialta Gaeilge, an 20 Nollaig 2013 )
Leathanach 645, Airteagal 51(1), an dara mír, an chéad abairt:
in ionad:
“Féadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéatadán measta sin faoin 1 Lúnasa gach bliain, agus beidh éifeacht leis an athbhreithniú sin ón mbliain ina dhiaidh sin.”;
léitear:
“Féadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcéatadán measta sin faoin 1 Lúnasa gach bliain, le héifeacht ón mbliain ina dhiaidh sin.”.
Leathanach 648, an chéad fhomhír d'Airteagal 61(2):
in ionad:
“2. Tiocfaidh íocaíochtaí faoi scéim na bhfeirmeoirí beaga in ionad na n-íocaíochtaí a dheonófar de bhun Theideal III agus Theideal IV.”;
léitear:
“2. Tiocfaidh íocaíochtaí faoi scéim na bhfeirmeoirí beaga in ionad na n-íocaíochtaí díreacha a bheidh le deonú de bhun Theideal III agus Theideal IV.”.
Leathanach 649, Airteagal 63(2)(a):
in ionad:
“(a) |
méid a bheidh comhionann le luach iomlán na n-íocaíochtaí a bheidh le leithdháileadh …”; |
léitear:
“(a) |
méid a bheidh comhionann le luach iomlán na n-íocaíochtaí díreacha a bheidh le leithdháileadh …”. |
Leathanach 649, Airteagal 63(2)(b):
in ionad:
“(b) |
méid a bheidh comhionann le luach iomlán na n-íocaíochtaí a bheidh le leithdháileadh …”; |
léitear:
“(b) |
méid a bheidh comhionann le luach iomlán na n-íocaíochtaí díreacha a bheidh le leithdháileadh …”. |