|
26.7.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 200/140 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 347 Eagrán Speisialta Gaeilge an 20 Nollaig 2013 )
|
1. |
Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail “cuspóir sonrach” in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “sainchuspóir”. |
|
2. |
Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an leagan cuí gramadaí den fhocal “briseadh” in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “idirbhriseadh”. |
|
3. |
Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an leagan cuí gramadaí den fhocal “clárthréimhse” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “tréimhse cláraithe”. |
|
4. |
Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an leagan cuí gramadaí den fhocal “clárthréimhse” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “tréimhse clárúcháin”. |
|
5. |
Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an leagan cuí gramadaí den fhocal “luamhánú” in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “giaráil”. |
|
6. |
Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail “rialacha coiteanna” in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “comhrialacha”. |
|
7. |
Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail “ranníocaíocht airgeadais” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “rannchuidiú airgeadais”. |
|
8. |
Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail “fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach”. |
|
9. |
Leathanach 320, fonóta 3: |
in ionad:
|
“(3) |
IO L 47, 17.2.2011, lch. 1, …”, |
léitear:
|
“(3) |
IO L 47, 17.2.2012, lch. 1, …”. |
|
10. |
Leathanach 322, aithris 16, an chéad abairt: |
in ionad:
|
“(16) |
Ar mhaithe le rannchuidiú Chistí SIE a uasmhéadú …”, |
léitear:
|
“(16) |
Ar mhaithe le ranníocaíochtaí Chistí SIE a uasmhéadú …”. |
|
11. |
Leathanach 326, aithris 40: |
in ionad:
|
“(40) |
Ba cheart na ranníocaíochtaí ag Ballstáit a chéimniú amach thar na blianta 2014, 2015 agus 2016 …”, |
léitear:
|
“(40) |
Ba cheart na rannchuidithe ag Ballstáit le hionstraimí airgeadais comhpháirteacha um ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán i bhfabhar FBManna a chéimniú thar na blianta 2014, 2015 agus 2016 …”. |
|
12. |
Leathanach 326, aithris 41: |
in ionad:
|
“(41) |
I gcás idirbheart urrúsúcháin, ba cheart a áirithiú ag tráth dúnta cláir go bhfuil méid a chomhfhreagraíonn do rannchuidiú an Aontais …”, |
léitear:
|
“(41) |
I gcás idirbheart urrúsúcháin, ba cheart a áirithiú ag tráth dúnta cláir go bhfuil méid a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht an Aontais …”. |
|
13. |
Leathanach 326, aithris 42: |
in ionad:
|
“(42) |
Ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag údaráis bhainistíochta acmhainní ó na cláir a rannchuidiú …”, |
léitear:
|
“(42) |
Ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag údaráis bhainistíochta acmhainní ó na cláir a ranníoc …”. |
|
14. |
Leathanach 327, aithris 46: |
in ionad:
“… agus rialacha breise maidir le húsáid na n-acmhainní a leagan síos tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta.”,
léitear:
“… agus rialacha breise maidir le hathúsáid na n-acmhainní a leagan síos tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta.”.
|
15. |
Leathanach 329, aithris 64, an ceathrú abairt: |
in ionad:
|
“(64) |
I gcás oibríochta ina bhfuil infheistíocht i mbonneagar nó infheistíocht tháirgiúil, … ba cheart go ndéanfadh oibríocht den sórt sin an rannchuidiú ó Chistí SIE a aisíoc…. Is iomchuí gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE …, agus is iomchuí rannchuidithe le hionstraimí airgeadais nó uathu a eisiamh.”, |
léitear:
|
“(64) |
I gcás oibríocht ina bhfuil infheistíocht i mbonneagar nó infheistíocht tháirgiúil, … ba cheart d'oibríocht den sórt sin an ranníocaíocht ó Chistí SIE a aisíoc…. Is iomchuí gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE …, agus is iomchuí ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais nó uathu a eisiamh.”. |
|
16. |
Leathanach 329, aithris 69: |
in ionad:
“… is gá comhrialacha a leagan síos maidir le réamh-mhaoiniú, le hiarrataí eatramhacha ar íocaíocht agus leis an iarmhéid deiridh…”,
léitear:
“… is gá rialacha coiteanna a leagan síos maidir le réamh-mhaoiniú, le hiarratais eatramhacha ar íocaíocht agus leis an iarmhéid deiridh…”.
|
17. |
Leathanach 329, aithris 71, an chéad abairt: |
in ionad:
“D'fhonn leasanna airgeadais an Aontais a choimirciú, ba cheart foráil a dhéanamh do bhearta a mbeadh teorainn ama leo agus a thabharfadh cead don oifigeach údarúcháin trí tharmligean íocaíochtaí a stopadh i gcás inarb ann d'fhianaise shoiléir go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe, d'fhianaise ar neamhrialtachtaí a bhaineann le hiarraidh ar íocaíocht nó…i gcás inarb ann d'fhianaise ar neamhrialtachtaí a bhaineann le hiarraidh ar íocaíocht …”,
léitear:
“D'fhonn leasanna airgeadais an Aontais a choimirciú, ba cheart foráil a dhéanamh do bhearta a mbeadh teorainn ama leo agus a thabharfadh cead don oifigeach údarúcháin trí tharmligean íocaíochtaí a bhriseadh i gcás inarb ann d'fhianaise shoiléir go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe, d'fhianaise ar neamhrialtachtaí a bhaineann le hiarraidh ar íocaíocht nó i gcás inarb ann d'fhianaise ar neamhrialtachtaí a bhaineann le hiarratas ar íocaíocht …”.
|
18. |
Leathanach 330, aithris 73: |
in ionad:
“…, mar aon le staid ina ndearnadh iarraidh ar íocaíocht, ach a ndearnadh an spriocdháta le haghaidh íocaíochta ina leith a bhriseadh nó a ndearnadh an íocaíocht ina leith a chur ar fionraí.”,
léitear:
“…, mar aon le staid ina ndearnadh iarratas ar íocaíocht, ach a ndearnadh an spriocdháta le haghaidh íocaíochta ina leith a bhriseadh nó a ndearnadh an íocaíocht ina leith a chur ar fionraí.”.
|
19. |
Leathanach 334, aithris 113: |
in ionad:
“Ba cheart go bhfaigheadh tairbhithe an tacaíocht ina hiomláine tráth nach déanaí ná 90 lá ón dáta ar thíolaic an tairbhí an t-éileamh ar íocaíocht, faoi réir na gcistí a bheith ar fáil ó réamh-mhaoiniú tosaigh agus bliantúil agus ó íocaíochtaí eatramhacha. Ba cheart go mbeadh an t-údarás bainistíochta in ann an spriocdháta a bhriseadh …”,
léitear:
“Ba cheart do thairbhithe an tacaíocht ina hiomláine a fháil tráth nach déanaí ná 90 lá ón dáta ar thíolaic an tairbhí an t-éileamh ar íocaíocht, faoi réir na gcistí a bheith ar fáil ó réamh-mhaoiniú tosaigh agus bliantúil agus ó íocaíochtaí eatramhacha. Ba cheart don údarás bainistíochta a bheith in ann an spriocdháta a bhriseadh …”.
|
20. |
Leathanach 334, aithris 118, an chéad abairt: |
in ionad:
“Ós rud é go bhfíoraítear agus go nglactar na cuntais gach bliain, ba cheart simpliú suntasach den nós imeachta maidir le clabhsúr a thabhairt isteach.”,
léitear:
“Ós rud é go bhfíoraítear agus go nglactar na cuntais le haghaidh gach bliana, ba cheart simpliú suntasach a thabhairt isteach ar an nós imeachta maidir le clabhsúr.”.
|
21. |
Leathanach 336, aithris 126: |
in ionad:
“… maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis an modheolaíocht chun faisnéis a chur ar fáil maidir le tacaíocht do na cuspóirí i leith an athraithe aeráide, maidir leis na socruithe chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú chun na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh gach tosaíochta a chinneadh sa chreat feidhmíochta agus chun measúnú a dhéanamh ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna, maidir le samhail an chomhaontaithe cistithe a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais comhpháirteacha um ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán i bhfabhar FBManna; maidir leis an ainmníocht, ar bunaithe uirthi a fhéadfar na catagóirí idirghabhála a shainiú i dtaca leis | an ais tosaíochta i gcláir oibríochtúla, maidir le tréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus cumarsáide i ndáil leis an oibríocht agus na treoracha chun an feathal a chruthú agus a dhathanna caighdeánacha a shainiú; maidir leis an tsamhail a bheidh le húsáid nuair a thíolactar na sonraí airgeadais chuig an gCoimisiún chun críocha faireacháin chomh maith le samhlacha le haghaidh iarratas íocaíochta agus cuntas; maidir leis an bhformáid don fhógra maidir le mórthionscadal roghnaithe; maidir le téarmaí agus coinníollacha an mhalartaithe leictreonaigh sonraí a bhunófar i gcomhair malartuithe oifigiúla faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le freagrachtaí Ballstát, maidir leis an tsamhail do thuarascáil agus do thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta i ndáil le nósanna imeachta ainmniúcháin na n-udarás bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, na n-údarás deimhniúcháin, maidir le sonraíochtaí teicniúla an chórais bhainistíochta agus rialaithe, maidir leis na socruithe mionsonraithe i ndáil le ranníocaíochtaí cláir a tharchur agus a bhainistiú i leith ionstraimí áirithe airgeadais, maidir leis na samhlacha a bheidh le húsáid nuair a thíolactar faisnéis bhreise a bhaineann le hionstraimí airgeadais i dteannta na n-iarratas ar íocaíochtaí chuig an gCoimisiún, leis na samhlacha a bheidh le húsáid agus tuarascáil faoi ionstraimí airgeadais á tabhairt don Choimisiún, ba cheart na cumhachtaí sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin faoi mar a bhunaítear é in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”,
léitear:
“… maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis an modheolaíocht chun faisnéis a chur ar fáil maidir le tacaíocht do na cuspóirí i leith an athraithe aeráide, na socruithe mionsonraithe chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú chun na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh gach tosaíochta a chinneadh sa chreat feidhmíochta agus chun measúnú a dhéanamh ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna sin, na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha chun faireachán a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais, na socruithe mionsonraithe i ndáil le ranníocaíochtaí cláir a aistriú agus a bhainistiú, ar cláir iad a dhéanann na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, samhail an chomhaontaithe cistithe a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais comhpháirteacha um ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán i bhfabhar FBManna, na samhlacha a bheidh le húsáid nuair a thíolactar faisnéis bhreise a bhaineann le hionstraimí airgeadais i dteannta na n-iarratas ar íocaíochtaí chuig an gCoimisiún agus leis na samhlacha a bheidh le húsáid nuair a bheidh tuarascáil faoi ionstraimí airgeadais á tabhairt don Choimisiún, téarmaí agus coinníollacha an chórais malartaithe leictreonaigh bainistíochta agus rialaithe, an ainmníocht a mbeidh na catagóirí idirghabhála a shainiú i dtaca leis an ais tosaíochta i gcláir oibríochtúla le bunú orthu, an fhormáid don fhógra maidir leis an mórthionscadal roghnaithe, tréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus cumarsáide i ndáil leis an oibríocht agus na treoracha chun an feathal a chruthú agus a dhathanna caighdeánacha a shainiú, an tsamhail a bheidh le húsáid nuair a thíolactar na sonraí airgeadais chuig an gCoimisiún chun críocha faireacháin, rialacha mionsonraithe i dtaca le faisnéis a mhalartú idir tairbhithe agus údaráis bhainistíochta, údaráis deimhniúcháin, údaráis iniúchóireachta agus comhlachtaí idirmheánacha, an tsamhail do thuarascáil agus do thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta agus an tuairisc ar na feidhmeanna agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm do na húdaráis bhainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, do na húdaráis deimhniúcháin, sonraíochtaí teicniúla an chórais bhainistíochta agus rialaithe, an tsamhail le haghaidh iarratais ar íocaíocht agus an tsamhail le haghaidh na gcuntas, ba cheart na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin faoi mar a bhunaítear é in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”.
|
22. |
Leathanach 339, Airteagal 2, pointe 15: |
in ionad:
|
“(15) |
ciallaíonn ‘caiteachas poiblí’ aon ranníocaíocht phoiblí …, féadfar a áireamh ann aon acmhainní airgeadais arna gcomhdhéanamh go comhchoiteann ag fostóirí agus ag oibrithe;”, |
léitear:
|
“(15) |
ciallaíonn ‘caiteachas poiblí’ aon ranníocaíocht phoiblí …, féadfar a áireamh ann aon acmhainní airgeadais arna ranníoc go comhchoiteann ag fostóirí agus ag oibrithe;”. |
|
23. |
Leathanach 339, Airteagal 2, pointe 22: |
in ionad:
|
“(22) |
ciallaíonn ‘iarraidh ar íocaíocht’ iarratas ar íocaíocht nó dearbhú caiteachais arna chur faoi bhráid an Choimisiúin ag an mBallstát;”, |
léitear:
|
“(22) |
ciallaíonn ‘iarratas ar íocaíocht’, iarratas ar íocaíocht nó dearbhú caiteachais arna chur faoi bhráid an Choimisiúin ag an mBallstát;”. |
|
24. |
Leathanach 339, Airteagal 2, pointe 26: |
in ionad:
|
“(26) |
ciallaíonn ‘cuntas eascró’ … comhaontú i scríbhinn idir an tairbhí ar comhlacht poiblí é agus an comhpháirtí príobháideach a bheidh formheasta ag an údarás bainistíochta nó ag comhlacht idirmheánach, a chuirtear ar bun go sonrach chun cistí a shealbhú a bheidh le híoc amach tar éis na tréimhse incháilitheachta, chun na gcríoch dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 42(1), in Airteagal 42(2), in Airteagal 42(3) agus in Airteagal 64 agus chun na gcríoch sin amháin…”, |
léitear:
|
“(26) |
ciallaíonn ‘cuntas eascró’ …comhaontú i scríbhinn idir an tairbhí ar comhlacht poiblí é agus an comhpháirtí príobháideach a bheidh formheasta ag an údarás bainistíochta nó ag comhlacht idirmheánach, a chuirtear ar bun go sonrach chun cistí a shealbhú a bheidh le híoc amach tar éis na tréimhse incháilitheachta i gcás ionstraime airgeadais, nó le linn na tréimhse incháilitheachta agus/nó tar éis na tréimhse incháilitheachta i gcás oibríochta CPP, chun na gcríoch dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 42(1), in Airteagal 42(2), in Airteagal 42(3) agus in Airteagal 64 agus chun na gcríoch sin amháin…,”. |
|
25. |
Leathanach 340, Airteagal 3: |
in ionad:
“I gcás ina leagtar síos teorainn ama de bhun Airteagail 16(2) agus (3), 29(3), 30(2) agus (3),…”,
léitear:
“I gcás ina leagtar síos teorainn ama de bhun Airteagail 16(2) agus (4), 29(4), 30(2) agus (3), …”.
|
26. |
Leathanach 342, Airteagal 5(5): |
in ionad:
“5. Maidir le sárú ar aon oibleagáid a fhorchuirtear ar Bhallstáit cibé ar leis an Airteagal seo é nó le gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 3 den Airteagal seo é, ní fhéadfaidh sé a bheith ina mhírialtacht as a leanann ceartúchán airgeadais de bhun Airteagal 85.”,
léitear:
“5. Maidir le sárú ar aon oibleagáid a fhorchuirtear ar Bhallstáit cibé ar leis an Airteagal seo é nó le gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 3 den Airteagal seo é, ní bheidh sé ina mhírialtacht as a leanann ceartúchán airgeadais de bhun Airteagal 85.”.
|
27. |
Leathanach 344, Airteagal 11, pointe (a): |
in ionad:
|
“(a) |
sásraí chun rannchuidiú Chistí SIE le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a áirithiú…;”, |
léitear:
|
“(a) |
sásraí chun an ranníocaíocht ó Chistí SIE le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a áirithiú…;”. |
|
28. |
Leathanach 349, Airteagal 23(1), an tríú fomhír: |
in ionad:
“Chun críocha phointe (b) den dara fomhír, measfar go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo comhlíonta i gcás…”,
léitear:
“Chun críocha phointe (c) den dara fomhír, measfar go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo comhlíonta i gcás…”.
|
29. |
Leathanach 350, Airteagal 23(5): |
in ionad:
“… tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis a dtíolactha ag an mBallstát i gcomhréir le mír 3.”,
léitear:
“… tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis a dtíolactha ag an mBallstát i gcomhréir le mír 4.”.
|
30. |
Leathanach 350, Airteagal 23(6), an dara fomhír, an dara habairt: |
in ionad:
“Ní bheidh feidhm ag an ngníomh cur chun feidhme sin ach amháin i ndáil le hiarrataí ar íocaíocht a dhéantar a thíolacadh tar éis an dáta a nglacfar an gníomh cur chun feidhme sin.”,
léitear:
“Ní bheidh feidhm ag an ngníomh cur chun feidhme sin ach amháin i ndáil le hiarratais ar íocaíocht a dhéantar a thíolacadh tar éis an dáta a nglacfar an gníomh cur chun feidhme sin.”.
|
31. |
Leathanach 351, Airteagal 23(9), an tríú fomhír, an dara habairt: |
in ionad:
“Beidh feidhm ag fionraí na n-íocaíochtaí maidir le hiarrataí ar íocaíocht a ndéanfar iad a thíolacadh le haghaidh na gclár lena mbaineann tar éis dháta an chinnidh lena ndéantar fionraí.”,
léitear:
“Beidh feidhm ag fionraí na n-íocaíochtaí maidir le hiarratais ar íocaíocht a dhéantar a thíolacadh le haghaidh na gclár lena mbaineann tar éis dháta an chinnidh lena ndéantar fionraí.”.
|
32. |
Leathanach 352, Airteagal 24(1), an dara habairt: |
in ionad:
“Má chomhlíonann Ballstát ceann de na coinníollacha seo a leanas tar éis an 21 Nollaig 2013, beidh feidhm ag an ráta ardaithe, ráta nach bhféadfaidh a bheith os cionn 100 %, maidir lena iarrataí ar íocaíocht don tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2016:”,
léitear:
“Má chomhlíonann Ballstát ceann de na coinníollacha seo a leanas tar éis an 21 Nollaig 2013, beidh feidhm ag an ráta ardaithe, ráta nach bhféadfaidh a bheith os cionn 100 %, maidir lena iarratais ar íocaíocht don tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2016:”.
|
33. |
Leathanach 352, Airteagal 24(2): |
in ionad:
“(2) …, ní bheidh tacaíocht Aontais trí bhíthin íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná an tacaíocht phoiblí nó uasmhéid na tacaíochta ó Chistí SIE le haghaidh gach ceann de na tosaíochtaí i gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe, nó le haghaidh gach ceann de na bearta i gcás CETFT agus CEMI, mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár.”,
léitear:
“(2) …, ní bheidh tacaíocht Aontais trí bhíthin íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná:
|
(a) |
an caiteachas poiblí; nó |
|
(b) |
uasmhéid na tacaíochta ó Chistí SIE le haghaidh gach ceann de na tosaíochtaí i gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe, nó le haghaidh gach ceann de na bearta i gcás CETFT agus CEMI, mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár, |
cibé acu is ísle.”.
|
34. |
Leathanach 353, Airteagal 25(1): |
in ionad:
“…, féadfar cuid de na hacmhainní dá bhforáiltear faoi Airteagal 59 agus a dhéantar a chlársceidealú i gcomhréir leis na rialacha Cisteshonracha, le comhaontú ón gCoimisiún, a aistriú go cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún chun bearta maidir leis an mBallstát lena mbaineann a chur chun feidhme i gcomhréir le pointe (k) den tríú fomhír d'Airteagal 58(1) ….”,
léitear:
“…, féadfar cuid de na hacmhainní dá bhforáiltear faoi Airteagal 59 agus a dhéantar a chlársceidealú i gcomhréir leis na rialacha Cisteshonracha, le comhaontú ón gCoimisiún, a aistriú go cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún chun bearta maidir leis an mBallstát lena mbaineann a chur chun feidhme i gcomhréir le pointe (l) den tríú fomhír d'Airteagal 58(1) ….”.
|
35. |
Airteagal 28, an teideal: |
in ionad:
“Forálacha sonracha maidir le hinneachar na gclár atá tiomnaithe d'ionstraimí comhpháirteacha maidir le ráthaíochtaí agus urrúsúchán neamhchaidhpeáilte lena soláthraítear faoiseamh caipitil arna gcur chun feidhme ag BIE”,
léitear:
“Forálacha sonracha maidir le hinneachar na gclár atá tiomnaithe d'ionstraimí comhpháirteacha maidir le ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán lena soláthraítear faoiseamh caipitil arna gcur chun feidhme ag BIE”.
|
36. |
Leathanach 356, Airteagal 33(6), an dara habairt: |
in ionad:
“… ar bhonn togra ó Bhallstát, áfach, féadfaidh an Coimisiún na teorainneacha daonra sin a ghlacadh nó a leasú ina chinneadh faoi Airteagal 15(2) nó (3) …”,
léitear:
“…ar bhonn togra ó Bhallstát, áfach, féadfaidh an Coimisiún na teorainneacha daonra sin a ghlacadh nó a leasú ina chinneadh faoi Airteagal 16(2) nó (4) …”.
|
37. |
Leathanach 359, Airteagal 38(2), an chéad fhomhír: |
in ionad:
“2. Déanfar rannchuidithe ó Chistí SIE le hionstraimí airgeadais faoi phointe (a) de mhír 1 a thaisceadh i gcuntais ar leithligh agus úsáidfear na rannchuidithe sin, i gcomhréir le cuspóirí Chistí SIE faoi seach, chun tacú le gníomhaíochtaí agus le faighteoirí deiridh atá comhsheasmhach leis an gclár nó leis na cláir óna ndéantar na rannchuidithe sin.”,
léitear:
“2. Déanfar ranníocaíochtaí ó Chistí SIE le hionstraimí airgeadais faoi phointe (a) de mhír 1 a thaisceadh i gcuntais ar leithligh agus úsáidfear na ranníocaíochtaí sin, i gcomhréir le cuspóirí Chistí SIE faoi seach, chun tacú le gníomhaíochtaí agus le faighteoirí deiridh atá comhsheasmhach leis an gclár nó leis na cláir óna ndéantar na ranníocaíochtaí sin.”.
|
38. |
Leathanach 360, Airteagal 38(2), an dara fomhír: |
in ionad:
“Beidh rannchuidithe leis na hionstraimí airgeadais…”,
léitear:
“Beidh ranníocaíochtaí leis na hionstraimí airgeadais…”.
|
39. |
Leathanach 360, Airteagal 38(5), an chéad abairt: |
in ionad:
“5. Maidir leis na comhlachtaí … féadfaidh siad, nuair a bhíonn cistí de chistí á gcur chun feidhme acu, cuid den chur chun feidhme a chur ar iontaoibh sa bhreis ar idirghabhálaithe airgeadais ar choinníoll go n-áiritheoidh eintitis den sórt sin…”,
léitear:
“5. Maidir leis na comhlachtaí … féadfaidh siad, nuair a bhíonn cistí de chistí á gcur chun feidhme acu, cuid den chur chun feidhme a chur ar iontaoibh sa bhreis ar idirghabhálaithe airgeadais ar choinníoll go n-áiritheoidh comhlachtaí den sórt sin…”.
|
40. |
Leathanach 360, Airteagal 38(7) an chuid réamhráiteach: |
in ionad:
“…déanfar na téarmaí agus coinníollacha maidir le rannchuidithe ó chláir leis na hionstraimí airgeadais a leagan amach sna comhaontuithe cistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinn III ar na leibhéil seo a leanas:”,
léitear:
“…déanfar na téarmaí agus coinníollacha maidir le ranníocaíochtaí ó chláir leis an ionstraim airgeadais a leagan amach sna comhaontuithe cistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinn IV ar na leibhéil seo a leanas:”.
|
41. |
Leathanach 361, Airteagal 38(8): |
in ionad:
“8. Maidir le hionstraimí airgeadais …, déanfar na téarmaí agus coinníollacha maidir le rannchuidithe ó chláir ….”,
léitear:
“8. Maidir le hionstraimí airgeadais …, déanfar na téarmaí agus coinníollacha maidir le ranníocaíochtaí ó chláir ….”.
|
42. |
Leathanach 361, Airteagal 38(9): |
in ionad:
“9. Féadfar rannchuidithe náisiúnta poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear rannchuidithe comhchineáil mar a thagraítear dóibh ….”,
léitear:
“9. Féadfar ranníocaíochtaí náisiúnta poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, ranníocaíochtaí comhchineáil mar a thagraítear dóibh ….”.
|
43. |
Leathanach 361, Airteagal 39, teideal: |
in ionad:
“Rannchuidiú CFRE agus CEMI le hionstraimí airgeadais comhpháirteacha um ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán i bhfabhar FBManna, arna chur chun feidhme ag BIE”,
léitear:
“Ranníocaíocht CFRE agus CEMI le hionstraimí airgeadais comhpháirteacha um ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán i bhfabhar FBManna, arna chur chun feidhme ag BIE”.
|
44. |
Leathanach 361, Airteagal 39(2), an dara fomhír: |
in ionad:
“Maidir leis an rannchuidiú airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, rannchuideoidh sé le tráinsí sóisearacha agus/nó forbraíochta na bpunann atá luaite iontu …”,
léitear:
“Maidir leis an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ranníocfaidh sí le tráinsí sóisearacha agus/nó forbraíochta na bpunann atá luaite iontu …”.
|
45. |
Leathanach 361, Airteagal 39(2), an tríú fomhír: |
in ionad:
“Gach Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach in ionstraimí airgeadais den sórt sin, rannchuideoidh sé an méid atá ag teacht le riachtanais mhaoinithe fiachais FBManna sa Bhallstát sin agus leis an éileamh measta ar mhaoiniú fiachais FBM den sórt sin, á chur san áireamh dóibh an measúnú ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4 agus in aon chás is méid é nach mbeidh níos airde ná 7 % den leithdháileadh ó CFRE agus ó CETFT chuig an mBallstát. Beidh rannchuidiú comhiomlánaithe CFRE agus CETFT ag na Ballstáit rannpháirteacha uile faoi réir uasteorann foriomláine de EUR 8 500 000 000 (i bpraghsanna 2011).”,
léitear:
“Gach Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach in ionstraimí airgeadais den sórt sin, ranníocfaidh sé an méid atá ag teacht le riachtanais mhaoinithe fiachais FBManna sa Bhallstát sin agus leis an éileamh measta ar mhaoiniú fiachais FBM den sórt sin, á chur san áireamh dóibh an measúnú ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4 agus in aon chás is méid é nach mbeidh níos airde ná 7 % den leithdháileadh ó CFRE agus ó CETFT chuig an mBallstát. Beidh ranníocaíocht chomhiomlán CFRE agus CETFT ag na Ballstáit rannpháirteacha uile faoi réir uasteorann foriomláine de EUR 8 500 000 000 (i bpraghsanna 2011).”.
|
46. |
Leathanach 361, Airteagal 39(2), an ceathrú fomhír: |
in ionad:
“Más rud é go measfaidh an Coimisiún, i gcomhairliúchán leis an BIE, nach leordhóthanach an rannchuidiú íosta comhiomlán chuig an ionstraim a léiríonn suim rannchuidithe na mBallstát rannpháirteach uile, agus an mhais chriticiúil íosta a shainítear sa mheasúnú ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4 á cur san áireamh go cuí, stopfar de chur chun feidhme na hionstraime airgeadais agus tabharfar na rannchuidithe ar ais do na Ballstáit.”,
léitear:
“Más rud é go measfaidh an Coimisiún, i gcomhairliúchán leis an BIE, nach leordhóthanach an ranníocaíocht íosta chomhiomlán leis an ionstraim a léiríonn suim ranníocaíochtaí na mBallstát rannpháirteach uile, agus an mhais chriticiúil íosta a shainítear sa mheasúnú ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4 á cur san áireamh go cuí, stopfar de chur chun feidhme na hionstraime airgeadais agus tabharfar na ranníocaíochtaí ar ais do na Ballstáit.”.
|
47. |
Leathanach 361, Airteagal 39(2), an cúigiú fomhír: |
in ionad:
“I gcás nach mbeidh an Ballstát agus BIE in ann teacht ar chomhaontú faoi na coinníollacha don chomhaontú maoinithe dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, tíolacfaidh an Ballstát iarraidh maidir le leasú ar an gclár dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4 agus an rannchuidiú a ath-leithdháileadh ar chláir agus ar thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh dírithe théamaigh..”,
léitear:
“I gcás nach mbeidh an Ballstát agus BIE in ann teacht ar chomhaontú faoi na coinníollacha don chomhaontú maoinithe dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, tíolacfaidh an Ballstát iarraidh maidir le leasú ar an gclár dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4 agus an ranníocaíocht a ath-leithdháileadh ar chláir agus ar thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh dírithe théamaigh..”.
|
48. |
Leathanach 361 agus leathanach 362, Airteagal 39(2), an séú fomhír: |
in ionad:
“I gcás ina mbeidh na coinníollacha le haghaidh foirceannadh rannchuidiú an Bhallstáit chuig an ionstraim arna bunú sa chomhaontú maoinithe idir an Ballstát lena mbaineann agus an BIE dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4 comhlíonta, tíolacfaidh an Ballstát iarraidh maidir le leasú ar an gclár dá dtagraítear i bpointe (b) de chéad fhomhír de mhír 4 agus an rannchuidiú atá fanta a ath-leithdháileadh ar chláir agus ar thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh dírithe théamaigh.”,
léitear:
“I gcás ina mbeidh na coinníollacha le haghaidh foirceannadh ranníocaíocht an Bhallstáit leis an ionstraim arna bunú sa chomhaontú maoinithe idir an Ballstát lena mbaineann agus an BIE dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4 comhlíonta, tíolacfaidh an Ballstát iarraidh maidir le leasú ar an gclár dá dtagraítear i bpointe (b) de chéad fhomhír de mhír 4 agus an ranníocaíocht atá fanta a ath-leithdháileadh ar chláir agus ar thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh dírithe théamaigh.”.
|
49. |
Leathanach 362, Airteagal 39(3): |
in ionad:
“Maidir le FBManna a fhaigheann maoiniú fiachais nua mar thoradh ar phunanna nua arna bhforbairt ag an idirghabhálaí airgeadais i gcomhthéacs na hionstraime airgeadais dá dtagraítear i mír 2, measfar iad a bheith ina bhfaighteoirí deiridh de rannchuidiú an CFRE agus den CETFT leis na hionstraimí airgeadais lena mbaineann.”,
léitear:
“Maidir le FBManna a fhaigheann maoiniú fiachais nua mar thoradh ar phunanna nua arna bhforbairt ag an idirghabhálaí airgeadais i gcomhthéacs na hionstraime airgeadais dá dtagraítear i mír 2, measfar iad a bheith ina bhfaighteoirí deiridh de ranníocaíocht CFRE agus CETFT leis na hionstraimí airgeadais lena mbaineann.”.
|
50. |
Leathanach 362, Airteagal 39(4), an dara fomhír de phointe (a) |
in ionad:
“Ar bhonn na bhfoinsí sonraí …, mais chriticiúil íosta de na rannchuidithe comhiomlána, raon de thoirt mheasta na n-iasachtaí iomlána arna nginiúint ag rannchuidithe den sórt sin agus an breisluach.”,
léitear:
“Ar bhonn na bhfoinsí sonraí …, mais chriticiúil íosta de na ranníocaíochtaí comhiomlána, raon de thoirt mheasta na n-iasachtaí iomlána arna nginiúint ag ranníocaíochtaí den sórt sin agus an breisluach.”.
|
51. |
Leathanach 362, Airteagal 39(4), pointe (d): |
in ionad:
“sa chás nach ndéanfar an comhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) a thabhairt chun críche laistigh de shé mhí ó ghlactar an clár dá dtagraítear i bpointe (b), beidh de cheart ag an mBallstát an rannchuidiú sin a ath-leithdháileadh ar chláir agus thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh díriú téamach.”,
léitear:
“sa chás nach ndéanfar an comhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) a thabhairt chun críche laistigh de shé mhí ó ghlactar an clár dá dtagraítear i bpointe (b), beidh sé de cheart ag an mBallstát an ranníocaíocht sin a ath-leithdháileadh ar chláir agus ar thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh dírithe théamaigh.”.
|
52. |
Leathanach 362, Airteagal 39(5), an chéad fhomhír |
in ionad:
“Bainfear amach giaráil íosta i ngach Ballstát rannpháirteach ar leibhéal na ngarspriocanna a leagtar amach sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, arna ríomh mar chóimheas idir an maoiniú fiachais nua chuig FBManna incháilithe atá le tionscnamh ag idirghabhálaithe airgeadais agus rannchuidiú comhfhreagrach CFRE agus CETFT ó na Ballstáit ábhartha leis na hionstraimí airgeadais.”,
léitear:
“Bainfear amach luamhánú íosta i ngach Ballstát rannpháirteach ar leibhéal na ngarspriocanna a leagtar amach sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, arna ríomh mar chóimheas idir an maoiniú fiachais nua chuig FBManna incháilithe atá le tionscnamh ag idirghabhálaithe airgeadais agus ranníocaíocht chomhfhreagrach CFRE agus CETFT ó na Ballstáit ábhartha leis na hionstraimí airgeadais.”.
|
53. |
Leathanach 362, Airteagal 39(6): |
in ionad:
“De mhaolú ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 38(2), … i gcomhréir le cuspóirí sonracha na gclár óna ndéantar na rannchuidithe.”,
léitear:
“De mhaolú ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 38(2), … i gcomhréir le cuspóirí sonracha na gclár óna ndéantar na ranníocaíochtaí.”.
|
54. |
Leathanach 363, Airteagal 39(7), an chéad agus an dara habairt: |
in ionad:
“…déanfar iarraidh ar íocaíocht ag an mBallstát ar an gCoimisiún… Beidh na hiarrataí sin ar íocaíocht bunaithe ar…”,
léitear:
“…déanfar iarratas ar íocaíocht an Bhallstáit ar an gCoimisiún… Beidh na hiarratais sin ar íocaíocht bunaithe ar…”.
|
55. |
Leathanach 363, Airteagal 39(8), pointe (a): |
in ionad:
|
“(a) |
“… na hacmhainní dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 42(3);”, |
léitear:
|
“(a) |
“… na hacmhainní dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 42(1);”. |
|
56. |
Leathanach 363, Airteagal 39(9), an dara habairt: |
in ionad:
“Ag tráth fhoirceannadh na n-ionstraimí airgeadais, measfar go mbeidh na glanfháltais leachtaithe, tar éis asbhaint na gcostas agus na dtáillí agus tar éis na méideanna atá dlite do chreidiú naithe a aicmítear a bheith níos sinsearaí ná iad siúd a rannchuidigh an CFRE agus an CETFT leo, tugtha ar ais do na Ballstáit ábhartha ar bhonn pro rata lena rannchuidithe leis an ionstraim airgeadais.”,
léitear:
“Ag tráth fhoirceannadh na n-ionstraimí airgeadais, measfar go mbeidh na glanfháltais leachtaithe, tar éis asbhaint na gcostas agus na dtáillí agus tar éis na méideanna atá dlite do chreidiú naithe a aicmítear a bheith níos sinsearaí ná iad siúd a ranníoc CFRE agus CETFT leo, tugtha ar ais do na Ballstáit ábhartha ar bhonn pro rata lena ranníocaíochtaí leis an ionstraim airgeadais.”.
|
57. |
Leathanach 364, Airteagal 41, an teideal: |
in ionad:
“Iarrataí ar íocaíocht lena n-áirítear caiteachas le haghaidh ionstraimí airgeadais”,
léitear:
“Iarratais ar íocaíocht lena n-áirítear caiteachas le haghaidh ionstraimí airgeadais”.
|
58. |
Leathanach 364, Airteagal 41(1), pointe (c)(i): |
in ionad:
|
“(i) |
… nuair a bheidh 60 % ar a laghad den mhéid a cuimsíodh sa cheád iarratas ar íocaíochtaí eatramhacha caite mar chaiteachas incháilithe”, |
léitear:
|
“(i) |
… nuair a bheidh 60 % ar a laghad den mhéid a cuimsíodh sa cheád iarratas ar íocaíocht eatramhach caite mar chaiteachas incháilithe…”. |
|
59. |
Leathanach 364, Airteagal 41(1), pointe (c)(ii): |
in ionad:
|
“(ii) |
… nuair a bheidh 85 % ar a laghad de na méideanna a cuimsíodh sna hiarratais roimhe sin ar íocaíochtaí eatramhacha caite mar chaiteachas incháilithe”, |
léitear:
|
“(ii) |
…nuair a bheidh 85 % ar a laghad de na méideanna a cuimsíodh sna hiarratas roimhe sin ar íocaíocht eatramhach caite mar chaiteachas incháilithe…”. |
|
60. |
Leathanach 364, Airteagal 41(1), pointe (d): |
in ionad:
|
“(d) |
le gach iarratas ar íocaíocht eatramhach, …, sonrófar iontu, ar bhonn leithligh, méid iomlán na rannchuidithe cláir a íocadh leis an ionstraim airgeadais agus na méideanna a íocadh mar chaiteachas incháilithe”, |
léitear:
|
“(d) |
le gach iarratas ar íocaíocht eatramhach, …, sonrófar ann, ar bhonn leithligh, méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh leis na hionstraimí airgeadais agus na méideanna a íocadh mar chaiteachas incháilithe”. |
|
61. |
Leathanach 364, Airteagal 41(3): |
in ionad:
“(3) …lena leagtar síos na rialacha maidir le híocaíochtaí a tharraingt siar le hionstraimí airgeadais agus modhnuithe ina dhiaidh sin i ndáil le hiarrataí ar íocaíochtaí.”,
léitear:
“(3) …lena leagtar síos na rialacha maidir le híocaíochtaí a tharraingt siar le hionstraimí airgeadais agus modhnuithe ina dhiaidh sin i ndáil le hiarratais ar íocaíocht.”.
|
62. |
Leathanach 364, Airteagal 41(4) an chéad abairt: |
in ionad:
“(4) Déanfaidh an Coimisiún … gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na samhlacha a bheidh le húsáid nuair a bheidh faisnéis bhreise á cur isteach leis na hiarratais ar íocaíochtaí leis an gCoimisiún.”,
léitear:
“(4) Déanfaidh an Coimisiún … gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na samhlacha a bheidh le húsáid nuair a bheidh faisnéis bhreise á cur isteach leis na hiarratais ar íocaíocht leis an gCoimisiún.”.
|
63. |
Leathanach 365, Airteagal 42(4), an chuid réamhráiteach: |
in ionad:
“(4) Ní bheidh an caiteachas incháilithe a nochtfar i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 níos airde ná…”,
léitear:
“(4) Ní bheidh an caiteachas incháilithe a nochtfar i gcomhréir le mír 1, le mír 2 agus le mír 3 níos airde ná…”.
|
64. |
Leathanach 365, Airteagal 42(4), pointe (a): |
in ionad:
|
“(a) |
méid iomlán na tacaíochta ó Chistí SIE a íoctar chun críocha mhír 1 agus mhír 2 …”, |
léitear:
|
“(a) |
méid iomlán na tacaíochta ó Chistí SIE a íoctar chun críocha mhír 1, mhír 2 agus mhír 3…”. |
|
65. |
Leathanach 365, Airteagal 42(5), an chéad fhomhír, an chéad abairt: |
in ionad:
“5. An comhlacht a bhfuil an ciste de chistí á chur chun feidhme aige nó na comhlachtaí a bhfuil ionstraimí airgeadais á gcur chun feidhme acu de bhun phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 38(4)…, féadfaidh sé nó siad na costais bhainistíochta agus na táillí bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a mhuirearú agus ní bheidh siad níos mó ná na tairseacha …”,
léitear:
“5. I gcás ina ndéanann an comhlacht a bhfuil an ciste de chistí á chur chun feidhme aige nó na comhlachtaí a bhfuil ionstraimí airgeadais á gcur chun feidhme acu de bhun phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 38(4), na costais bhainistíochta agus na táillí bainistíochta …a mhuirearú, ní rachaidh siad thar na tairseacha …”.
|
66. |
Leathanach 365, Airteagal 43(2): |
in ionad:
“… lena n-áirítear aisíoc na gcostas bainistíochta a tabhaíodh nó íoc na dtáillí bainistíochta maidir leis an ionstraim airgeadais i gcomhréir le pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 42(1) agus an caiteachais a íoctar i gcomhréir le hAirteagal 42(2), agus a úsáidtear an tacaíocht tosaigh ó Chistí SIE bíodh sin laistigh den ionstraim airgeadais chéanna, nó, tar éis an ionstraim airgeadais a fhoirceannadh, in ionstraimí airgeadais eile nó i bhfoirmeacha tacaíochta eile…”,
léitear:
“… lena n-áirítear aisíoc na gcostas bainistíochta a tabhaíodh nó íoc na dtáillí bainistíochta maidir leis an ionstraim airgeadais i gcomhréir le pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 42(1) agus i gcomhréir le hAirteagal 42(2) agus (3), mar an tacaíocht tosaigh ó Chistí SIE, bíodh sin laistigh den ionstraim airgeadais chéanna nó, tar éis an ionstraim airgeadais a fhoirceannadh, in ionstraimí airgeadais eile nó i bhfoirmeacha tacaíochta eile…”.
|
67. |
Leathanach 366, Airteagal 44(2): |
in ionad:
“(2) Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar úsáid na n-acmhainní agus na ngnóthachan dá dtagraítear i mír 1.”,
léitear:
“(2) Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar athúsáid na n-acmhainní agus na ngnóthachan dá dtagraítear i mír 1.”.
|
68. |
Leathanach 366, Airteagal 45, an teideal agus an t-airteagal: |
in ionad:
“Acmhainní a úsáid i ndiaidh dheireadh na tréimhse incháilitheachta
Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní a aisíoctar d'ionstraimí airgeadais… a úsáid i gcomhréir le haidhmeanna an chláir nó na gclár, …”,
léitear:
“Acmhainní a athúsáid i ndiaidh dheireadh na tréimhse incháilitheachta
Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní a aisíoctar d'ionstraimí airgeadais… a athúsáid i gcomhréir le haidhmeanna an chláir nó na gclár, …”.
|
69. |
Leathanach 367, Airteagal 48(4): |
in ionad:
“4. I gcás ina rannchuidíonn BEI le clár, féadfaidh sé a bheith rannpháirteach i gcáil chomhairleach in obair an choiste faireacháin.”,
léitear:
“4. I gcás ina ranníocann BEI le clár, féadfaidh sé a bheith rannpháirteach i gcáil chomhairleach in obair an choiste faireacháin.”.
|
70. |
Leathanach 367, Airteagal 49(2): |
in ionad:
“2. … lena n- áirítear conclúidí na n-athbhreithnithe feidhmíochta.”,
léitear:
“2. … lena n- áirítear conclúidí an athbhreithnithe feidhmíochta.”.
|
71. |
Leathanach 368, Airteagal 50(5): |
in ionad:
“5. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2019 agus sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme a bhaineann le Cistí SIE, sa bhreis ar an bhfaisnéis agus ar an measúnú dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, faisnéis maidir le …”,
léitear:
“5. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2019 agus sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme a bhaineann le Cistí SIE, sa bhreis ar an bhfaisnéis agus ar an measúnú dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4, faisnéis maidir le …”.
|
72. |
Leathanach 373, Airteagal 61(4): |
in ionad:
“4. An modh lena ndéantar an glanioncam a asbhaint ó chaiteachas na hoibríochta atá ar áireamh san iarraidh ar íocaíocht arna tíolacadh don Choimisiún …”,
léitear:
“4. An modh lena ndéantar an glanioncam a asbhaint ó chaiteachas na hoibríochta atá ar áireamh san iarratas ar íocaíocht arna thíolacadh don Choimisiún …”.
|
73. |
Leathanach 374, Airteagal 64(1), an chuid réamhráiteach: |
in ionad:
“1. I gcás oibríochta CPP inar comhlacht dlí phoiblí é an tairbhí, féadfar caiteachas faoi oibríocht CPP ar thabhaigh agus ar íoc an comhpháirtí príobháideach é, de mhaolú ar Airteagal 65(2), a mheas a bheith ina chaiteachas atá tabhaithe agus íoctha ag tairbhí agus féadfar é a áireamh in iarraidh ar íocaíocht chuig an gCoimisiún …”,
léitear:
“1. I gcás oibríocht CPP inar comhlacht dlí phoiblí é an tairbhí, féadfar caiteachas faoi oibríocht CPP ar thabhaigh agus ar íoc an comhpháirtí príobháideach é, de mhaolú ar Airteagal 65(2), a mheas a bheith ina chaiteachas atá tabhaithe agus íoctha ag tairbhí agus féadfar é a áireamh in iarratas ar íocaíocht chuig an gCoimisiún …”.
|
74. |
Leathanach 374, Airteagal 64(2): |
in ionad:
“2. Maidir le híocaíochtaí do thairbhithe i ndáil le caiteachas a áirítear in iarraidh ar íocaíocht i gcomhréir le mír 1, déanfar é a íoc …”,
léitear:
“2. Maidir le híocaíochtaí do thairbhithe i ndáil le caiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht i gcomhréir le mír 1, déanfar é a íoc …”.
|
75. |
Leathanach 374, Airteagal 65(2): |
in ionad:
“2. Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh rannchuidithe ó Chistí SIE má dhéanann tairbhí é a thabhú agus go n-íoctar é idir an dáta a gcuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2014, cibé acu is túisce, agus an 31 Nollaig 2023. Sa bhreis air sin, ní bheidh caiteachas incháilithe le haghaidh rannchuidithe ó CETFT ach amháin sa chás ina bhfuil an chabhair ábhartha íoctha go hiarbhír ag an ngníomhaireacht íocaíochta idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2023.”,
léitear:
“2. Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó Chistí SIE má dhéanann tairbhí é a thabhú agus go n-íoctar é idir an dáta a gcuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2014, cibé acu is túisce, agus an 31 Nollaig 2023. Sa bhreis air sin, ní bheidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó CETFT ach amháin sa chás ina bhfuil an chabhair ábhartha íoctha go hiarbhír ag an ngníomhaireacht íocaíochta idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2023.”.
|
76. |
Leathanach 375, Airteagal 65(11): |
in ionad:
“11. …ar choinníoll nach bhfaightear tacaíocht ó Chiste eile nó ó ionstraim eile de chuid an Aontais i leith na hítime caiteachais arna áireamh in iarraidh ar íocaíocht maidir le haisíocaíocht ó cheann de Chistí SIE …”,
léitear:
“11. ar choinníoll nach bhfaightear tacaíocht ó Chiste eile nó ó ionstraim eile de chuid an Aontais i leith na hítime caiteachais arna áireamh in iarratas ar íocaíocht maidir le haisíocaíocht ó cheann de Chistí SIE …”.
|
77. |
Leathanach 377, Airteagal 71(1), an chuid réamhráiteach: |
in ionad:
“1. Déanfaidh oibríocht … an ranníocaíocht ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a aisíoc …:”,
léitear:
“1. Déanfaidh oibríocht … an ranníocaíocht ó Chistí SIE a aisíoc …:”.
|
78. |
Leathanach 379, Airteagal 76, an dara mír: |
in ionad:
“Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal 84 den Rialachán Airgeadais…”,
léitear:
“Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal 84(2) den Rialachán Airgeadais…”.
|
79. |
Leathanach 379, Airteagal 79, an teideal: |
in ionad:
“Iarrataí ar íocaíocht”,
léitear:
“Iarratais ar íocaíocht”.
|
80. |
Leathanach 379, Airteagal 79(1): |
in ionad:
“1. Déanfar an nós imeachta sonrach agus an fhaisnéis is gá a thíolacadh maidir le hiarrataí ar íocaíocht maidir le gach Ciste SIE …”,
léitear:
“1. Déanfar an nós imeachta sonrach agus an fhaisnéis is gá a thíolacadh maidir le hiarratais ar íocaíocht maidir le gach Ciste SIE …”.
|
81. |
Leathanach 380, Airteagal 79(2): |
in ionad:
“2. Soláthrófar san iarraidh ar íocaíocht a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin …”,
léitear:
“2. Soláthrófar san iarratas ar íocaíocht a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin …”.
|
82. |
Leathanach 380, Airteagal 80: |
in ionad:
“Is in euro a shloinnfear na méideanna atá leagtha amach i gcláir arna dtíolacadh ag Ballstáit, i réamh-mheastacháin ar chaiteachas, i ráitis chaiteachais, in iarrataí ar íocaíocht, i gcuntais agus sa chaiteachas atá luaite sna tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme.”,
léitear:
“Is in euro a shloinnfear na méideanna atá leagtha amach i gcláir arna dtíolacadh ag Ballstáit, i réamh-mheastacháin ar chaiteachas, in iarratais ar íocaíocht, i gcuntais agus sa chaiteachas atá luaite sna tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme.”.
|
83. |
Leathanach 380, Airteagal 83(1), pointe (b): |
in ionad:
|
“(b) |
… go mbaineann neamhrialtacht ba chúis le hiarmhairtí airgeadais tromchúiseacha le hiarraidh ar íocaíocht;”, |
léitear:
|
“(b) |
“… go mbaineann neamhrialtacht ba chúis le hiarmhairtí airgeadais tromchúiseacha le hiarratas ar íocaíocht;”. |
|
84. |
Leathanach 381, Airteagal 86(1): |
in ionad:
“1. …go ndéanfar na méideanna atá nasctha le gealltanas nach bhfuil cumhdaithe ag réamhmhaoiniú ná ag iarraidh ar íocaíocht laistigh de thréimhse shainithe a shaoradh, lena n-áirítear aon iarraidh ar íocaíocht.…”,
léitear:
“1. …go ndéanfar na méideanna atá nasctha le gealltanas nach bhfuil cumhdaithe ag réamhmhaoiniú ná ag iarraidh ar íocaíocht laistigh de thréimhse shainithe a shaoradh, lena n-áirítear aon iarratas ar íocaíocht.…”.
|
85. |
Leathanach 381, Airteagal 87(1), pointe (b): |
in ionad:
|
“(b) |
an chuid sin den ghealltanas buiséid nach rabhthas in ann iarraidh ar íocaíocht a dhéanamh ina leith …”, |
léitear:
|
“(b) |
an chuid sin den ghealltanas buiséid nach rabhthas in ann iarratas ar íocaíocht a dhéanamh ina leith …”. |
|
86. |
Leathanach 383, Airteagal 92(3): |
in ionad:
“3. In 2016, déanfaidh an Coimisiún, ina choigeartú teicniúil don bhliain 2017 i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013… I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, déanfar coigeartuithe a scaipeadh i gcionmhaireachtaí comhionanna ….”,
léitear:
“3. In 2016, déanfaidh an Coimisiún, ina choigeartú teicniúil don bhliain 2017 i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 … I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, déanfar coigeartuithe a scaipeadh i gcionmhaireachtaí comhionanna…”.
|
87. |
Leathanach 387, Airteagal 96(3), pointe (b): |
in ionad:
|
“(b) |
méid táscach … atá le cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán EFRD …”, |
léitear:
|
“(b) |
méid táscach … atá le cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán CFRE…”. |
|
88. |
Leathanach 390, Airteagal 102(6), an chéad abairt: |
in ionad:
“6. Féadfar caiteachas a bhaineann le mórthionscadal a áireamh in iarraidh ar íocaíocht tar éis chur isteach an fhógra dá dtagraítear i mír 1 ….”,
léitear:
“6. Féadfar caiteachas a bhaineann le mórthionscadal a áireamh in iarratas ar íocaíocht tar éis chur isteach an fhógra dá dtagraítear i mír 1….”.
|
89. |
Leathanach 391, Airteagal 106, an chéad mhír, pointe (9)(a): |
in ionad:
|
“(a) |
na costais a bheidh i gceist chun garspriocanna, spriocanna aschuir agus torthaí a bhaint amach ag féachaint do phointe (2)…”, |
léitear:
|
“(a) |
na costais a bheidh i gceist chun na garspriocanna agus na spriocanna do na haschuir agus do na torthaí a bhaint amach ag féachaint do phointe (2)…;”. |
|
90. |
Leathanach 392, Airteagal 107(3): |
in ionad:
“3. … na costais a bheidh i gceist leis na garspriocanna, na haschuir agus na spriocanna torthaí sin a bhaint amach … a thabhairt le fios sa chinneadh dá dtagraítear i mír 2.”,
léitear:
“3. Déanfar… na costais a bheidh i gceist leis na garspriocanna sin agus na spriocanna sin do na haschuir agus do na torthaí a bhaint amach,…, a thabhairt le fios sa chinneadh dá dtagraítear i mír 2.”.
|
91. |
Leathanach 393, Airteagal 111(4), an tríú fomhír: |
in ionad:
“… féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil níos mó ná clár oibríochtúil amháin acu in aghaidh an Chiste an fhaisnéis maidir leis na coinníolachtaí ex ante dá dtagraítear in Airteagal 50(3), an fhaisnéis a éilítear le hAirteagal 50(4) …”,
léitear:
“… féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil níos mó ná clár oibríochtúil amháin acu in aghaidh an Chiste an fhaisnéis maidir leis na coinníolachtaí ex ante dá dtagraítear in Airteagal 50(4), an fhaisnéis a éilítear le hAirteagal 50(5) …”.
|
92. |
Leathanach 397, Airteagal 122(2), an chéad fhomhír, an dara habairt: |
in ionad:
“Cuirfidh siad neamhrialtachtaí ar mó iad ná EUR 10 000 maidir le ranníocaíocht ó na Cistí in iúl don Choimisiún agus …”,
léitear:
“Cuirfidh siad neamhrialtachtaí ar mó iad ná EUR 10 000 maidir le ranníocaíocht ó aon cheann de na Cistí nó ó CEMI in iúl don Choimisiún, agus …”.
|
93. |
Leathanach 397, Airteagal 122(2), an dara fomhír, pointe (c): |
in ionad:
|
“c) |
cásanna a bhraitheann nó a cheartaíonn an t-údarás bainistíochta nó an t-údarás deimhniúcháin roimh an gcaiteachas lena mbaineann a chur i ráiteas an chaiteachais arna chur faoi bhráid an Choimisiúin.”, |
léitear:
|
“(c) |
cásanna a bhraitheann nó a cheartaíonn an t-údarás bainistíochta nó an t-údarás deimhniúcháin roimh an gcaiteachas lena mbaineann a chur in iarratas ar íocaíocht arna chur faoi bhráid an Choimisiúin.”. |
|
94. |
Leathanach 397, Airteagal 122(2), an ceathrú fomhír, an dara habairt: |
in ionad:
“Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú mura mbeidh an méid atá le gnóthú ag an tairbhí, gan ús a bheith san áireamh, níos mó ná EUR 250 i ranníocaíocht ó na Cistí.”,
léitear:
“Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú mura mbeidh an méid atá le gnóthú ón tairbhí, gan ús a bheith san áireamh, níos mó ná EUR 250 i ranníocaíocht ó aon cheann de na Cistí nó ó CEMI.”.
|
95. |
Leathanach 399, Airteagal 124(3), an dara mír, an dara habairt: |
in ionad:
“Gan dochar d'Airteagal 83, ní chuirfidh an scrúdú ar na doiciméid sin isteach ar láimhseáil na n-iarrataí ar íocaíochtaí eatramhacha.”,
léitear:
“Gan dochar d'Airteagal 83, ní dhéanfaidh an scrúdú ar na doiciméid sin láimhseáil na n-iarrataí ar íocaíochtaí eatramhacha a bhriseadh.”.
|
96. |
Leathanach 399, Airteagal 124(5), an tríú mír, an dara habairt: |
in ionad:
“Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 83, nuair a chuirtear in iúl dó gur chuir Ballstát comhlacht ainmnithe ar promhadh, ní chuirfidh sin isteach ar láimhseáil na n-iarratas ar íocaíochtaí eatramhacha.”,
léitear:
“Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 83, nuair a chuirtear in iúl dó gur chuir Ballstát comhlacht ainmnithe ar promhadh, ní dhéanfaidh sin láimhseáil na n-iarratas ar íocaíochtaí eatramhacha a bhriseadh.”.
|
97. |
Leathanach 400, Airteagal 125(3), pointe (b): |
in ionad:
|
“(b) |
a áirithiú go dtiocfaidh oibríocht a roghnófar faoi raon feidhme an Chiste nó na gCistí lena mbaineann agus gur féidir léi a bheith inchurtha i leith catagóire idirghabhála nó, i gcás CEMI, beart arna sainaithint i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí an chláir oibríochtúil;”, |
léitear:
|
“(b) |
a áirithiú go dtiocfaidh oibríocht a roghnófar faoi raon feidhme CEMI, an Chiste nó na gCistí lena mbaineann agus gur féidir léi a bheith inchurtha i leith catagóire idirghabhála nó, i gcás CEMI, beart arna sainaithint i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí an chláir oibríochtúil;”. |
|
98. |
Leathanach 401, Airteagal 126, pointe (a): |
in ionad:
|
“(a) |
iarrataí ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin …”, |
léitear:
|
“(a) |
iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin …”. |
|
99. |
Leathanach 401, Airteagal 126, pointe (h), an dara habairt: |
in ionad:
“Déanfar méideanna a gnóthaíodh a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais sula ndúnfar an clár oibríochtúil trí iad a asbhaint ón ráiteas caiteachais ina dhiaidh sin.”,
léitear:
“Déanfar méideanna a gnóthaíodh a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais sula ndúnfar an clár oibríochtúil trí iad a asbhaint ón iarratas ar íocaíocht ina dhiaidh sin.”.
|
100. |
Leathanach 402, teideal II: |
in ionad:
“BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, CUNTAIS A ULLMHÚ, A SCRÚDÚ, A GHLACADH AGUS A DHÚNADH AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS”,
léitear:
“BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, CUNTAIS A ULLMHÚ, A SCRÚDÚ AGUS A DHÚNADH AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS”.
|
101. |
Leathanach 402, Airteagal 129: |
in ionad:
“… cothrom leis an ranníocaíocht ó na Cistí, ar a laghad, a d'íoc an Coimisiún leis an Ballstát.”,
léitear:
“…cothrom leis an ranníocaíocht ó na Cistí agus ó CEMI, ar a laghad, a d'íoc an Coimisiún leis an mBallstát.”.
|
102. |
Leathanach 402, Airteagal 130, pointe 2: |
in ionad:
“2. …
|
(a) |
an caiteachas poiblí incháilithe arna shonrú sna iarratas ar íocaíocht le haghaidh na tosaíochta; nó |
|
(b) |
an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI le haghaidh na tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh ón gCoimisiúin lena bhformheastar an clár oibríochtúil.”, |
léitear:
“2. …
|
(a) |
an caiteachas poiblí incháilithe arna shonrú sna hiarratais ar íocaíocht le haghaidh na tosaíochta; nó |
|
(b) |
an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI le haghaidh na tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh ón gCoimisiúin lena bhformheastar an clár oibríochtúil,”. |
|
103. |
Leathanach 403, Airteagal 131(2): |
in ionad:
“An caiteachas incháilithe a áireofar in iarratais ar íocaíocht…”,
léitear:
“An caiteachas incháilithe a áireofar in iarratas ar íocaíocht …”.
|
104. |
Leathanach 403, Airteagal 131(4), na focail réamhráiteacha: |
in ionad:
“… faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas a áireamh san iarraidh ar íocaíocht:”,
léitear:
“… faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas a áireamh san iarratas ar íocaíocht:”.
|
105. |
Leathanach 403, Airteagal 131(6), an chéad abairt: |
in ionad:
“… lena leagfar síos an tsamhail d'iarrataí ar íocaíocht.”,
léitear:
“… lena leagfar síos an tsamhail d'iarratais ar íocaíocht.”.
|
106. |
Leathanach 404, Airteagal 136(1): |
in ionad:
“… nó nár cuireadh iarraidh ar íocaíocht, arna tharraingt suas….”,
léitear:
“… nó nár cuireadh iarratas ar íocaíocht, arna tharraingt suas….”.
|
107. |
Leathanach 404, Airteagal 137(1)(a): |
in ionad:
“méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna iontráil i gcórais chuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin, ar méid é a áiríodh sna hiarratais íocaíochta a cuireadh…”,
léitear:
“méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna iontráil i gcórais chuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin, ar méid é a áiríodh sna hiarratais ar íocaíocht a cuireadh…”.
|
108. |
Leathanach 404, Airteagal 139(5): |
in ionad:
“Ní chuirfidh an nós imeachta scrúdúcháin ná an nós imeachta maidir le glacadh leis na cuntais isteach ar an mbealach a ndéileáiltear le hiarratais ar íocaíochtaí eatramhacha ná ní chuirfear íocaíochtaí ar fíonraí mar gheall orthu, gan dochar d'Airteagal 83 agus d'Airteagal 142.”,
léitear:
“Ní dhéanfaidh an nós imeachta scrúdúcháin ná an nós imeachta maidir le glacadh leis na cuntais an bealach a ndéileáiltear le hiarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a bhriseadh ná ní chuirfear íocaíochtaí ar fionraí mar gheall orthu, gan dochar d'Airteagal 83 agus d'Airteagal 142.”.
|
109. |
Leathanach 406, Airteagal 139(7), an tríú habairt: |
in ionad:
“Ní mheasfar gur ceartúchán airgeadais é an gnóthú sin ná ní laghdófar an tacaíocht a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí..”,
léitear:
“Ní bheidh an gnóthú sin ina cheartúchán airgeadais ná ní laghdófar an tacaíocht a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ó CEMI..”.
|
110. |
Leathanach 406, Airteagal 139(8): |
in ionad:
“…an méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta … In éagmais comhaontú den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta. Ní mheasfar gur ceartúchán airgeadais é an cinneadh sin ná ní laghdófar an tacaíocht a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí. …”,
léitear:
“…an méid is inmhuirir i leith na gCistí agus i leith CEMI don bhliain chuntasaíochta … In éagmais comhaontú den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid is inmhuirir i leith na gCistí agus i leith CEMI don bhliain chuntasaíochta. Ní bheidh an cinneadh sin ina cheartúchán airgeadais ná ní laghdófar an tacaíocht a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ó CEMI….”.
|
111. |
Leathanach 406, Airteagal 140(1), an chéad fhomhír: |
in ionad:
“… áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go mbeidh gach doiciméad tacaíochta maidir le caiteachas a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí i ndáil le hoibríochtaí…”,
léitear:
“… áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go mbeidh gach doiciméad tacaíochta maidir le caiteachas a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí agus ó CEMI i ndáil le hoibríochtaí …”.
|
112. |
Leathanach 406, Airteagal 140(1), an ceathrú fomhír: |
in ionad:
“Brisfear an tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás imeachtaí dlíthiúla nó ar iarraidh cuí-réasúnaithe ón gCoimisiún.”,
léitear:
“Brisfear an tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír i gcás imeachtaí dlíthiúla nó ar iarraidh cuí-réasúnaithe ón gCoimisiún.”.
|
113. |
Leathanach 407, Airteagal 142(1), pointe (b): |
In ionad:
|
“(b) |
i gcás ina bhfuil baint ag caiteachas i ráiteas caiteachais le neamhrialtacht a bhfuil iarmhairtí airgeadais tromchúiseacha ag gabháil léi nár ceartaíodh fós;”, |
léitear:
|
“(b) |
i gcás ina bhfuil baint ag caiteachas in iarratas ar íocaíocht le neamhrialtacht a bhfuil iarmhairtí airgeadais tromchúiseacha ag gabháil léi nár ceartaíodh fós;”. |
|
114. |
Leathanach 407, Airteagal 143(2): |
in ionad:
“2. Deánfaidh na Ballstáit…. Is éard a bheidh i gceist le ceartuithe airgeadais an rannchuidiú poiblí iomlán le hoibríocht nó le clár oibríochtúil …. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta ceartuithe airgeadais a thaifeadadh sna cuntais le haghaidh na bliana cuntasaíochta ina gcinntear an cealú.”,
léitear:
“2. Deánfaidh na Ballstáit…. Is éard a bheidh i gceist le ceartuithe airgeadais an ranníocaíocht phoiblí iomlán le hoibríocht nó le clár oibríochtúil … . Déanfar ceartuithe airgeadais a thaifeadadh sna cuntais le haghaidh na bliana cuntasaíochta ina gcinntear an cealú.”.
|
115. |
Leathanach 407, Airteagal 143(3): |
in ionad:
“3. Féadfaidh an Ballstát an rannchuidiú ó na Cistí nó ón CEMI a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid laistigh den chlár oibríochtúil lena mbaineann, faoi réir mhír 4.”,
léitear:
“3. Féadfaidh an Ballstát an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid laistigh den chlár oibríochtúil lena mbaineann, faoi réir mhír 4.”.
|
116. |
Leathanach 407, Airteagal 143(4): |
in ionad:
“4. Ní fhéadfar an rannchuidiú a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid le haghaidh oibríochta ar bith a bhí ina ábhar ceartaithe nó, i gcás ina ndéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtachta sistéamaí, le haghaidh oibríochta ar bith a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.”,
léitear:
“4. Ní fhéadfar an ranníocaíocht a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid le haghaidh oibríocht ar bith a bhí ina ábhar ceartaithe nó, i gcás ina ndéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtachta sistéamaí, le haghaidh oibríochta ar bith a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.”.
|
117. |
Leathanach 408, Airteagal 144(1), an chuid réamhráiteach: |
in ionad:
“1. Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais, trí ghníomhartha cur chun feidhme, trí rannchuidiú an Aontais le clár oibríochtúil, nó cuid de rannchuidiú den sórt sin, a chur ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 85 más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is gá, go measann sé:”,
léitear:
“1. Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais, trí ghníomhartha cur chun feidhme, trí ranníocaíocht an Aontais le clár oibríochtúil, nó cuid de ranníocaíocht den sórt sin, a chur ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 85 más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is gá, go measann sé:”.
|
118. |
Leathanach 408, Airteagal 144(1), pointe (a): |
in ionad:
|
“(a) |
go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, agus go bhfuil rannchuidiú an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochtúil cheana féin i mbaol dá bharr.”, |
léitear:
|
“(a) |
go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, agus go bhfuil ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochtúil cheana féin i mbaol dá barr;”. |
|
119. |
Leathanach 408, Airteagal 144(5): |
in ionad:
“5. I gcás nach gcomhlíonann Ballstát a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 95, féadfaidh an Coimisiún, maidir lena mhéid nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin, ceartú airgeadais a dhéanamh trí rannchuidiú na gCistí Struchtúracha leis an mBallstát, nó cuid den rannchuidiú sin, a chur ar ceal.”,
léitear:
“5. I gcás nach gcomhlíonann Ballstát a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 95, féadfaidh an Coimisiún, maidir lena mhéid nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin, ceartú airgeadais a dhéanamh tríd an ranníocaíocht uile ó na Cistí nó ó CEMI leis an mBallstát lena mbaineann, nó cuid den ranníocaíocht sin, a chur ar ceal.”.
|
120. |
Leathanach 408, Airteagal 145(5): |
in ionad:
“5. I gcás comhaontaithe, agus gan dochar do mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát na Cistí lena mbaineann a athúsáid i gcomhréir le hAirteagal 135(3).”,
léitear:
“5. I gcás comhaontaithe, agus gan dochar do mhír 7 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát na Cistí lena mbaineann nó CEMI a athúsáid i gcomhréir le hAirteagal 143(3).”.
|
121. |
Leathanach 409, Airteagal 145(7), an chéad fhomhír: |
in ionad:
“7. …, is é an toradh a bheidh ar an gceartú airgeadais dá thoradh sin go laghdófar an tacaíocht ó na Cistí leis an gclár oibríochtúil.”,
léitear:
“7. …, is é an toradh a bheidh ar an gceartú airgeadais dá thoradh sin go laghdófar an tacaíocht ó na Cistí nó ó CEMI leis an gclár oibríochtúil.”.
|
122. |
Leathanach 409, Airteagal 147(1), an chéad abairt: |
in ionad:
“1. Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 73 den Rialachán Airgeadais.”,
léitear:
“1. Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 78 den Rialachán Airgeadais.”.
|
123. |
Leathanach 423, Iarscríbhinn II, an tábla, an dara colún: |
in ionad:
“Táscaire agus aonad tomhais, i gcás inarb iomchuí”,
léitear:
“Táscaire nó, i gcás inarb iomchuí, príomhchéim cur chun feidhme agus aonad tomhais,”.
|
124. |
Leathanach 426, Iarscríbhinn IV, roinn 1, pointe (i): |
in ionad:
|
“(i) |
forálacha maidir le hath-úsáid na n-acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta i gcomhréir le hAirteagal 44;”, |
léitear:
|
“(i) |
forálacha maidir le hathúsáid na n-acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta i gcomhréir le hAirteagal 44;”. |
|
125. |
Leathanach 426, Iarscríbhinn IV, roinn 1, pointe (j): |
in ionad:
|
“(j) |
forálacha maidir le húsáid na n-acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta i gcomhréir le hAirteagal 45 agus beartas scoir don ranníocaíocht ó Chistí SIE as an ionstraim airgeadais;”, |
léitear:
|
“(j) |
forálacha maidir le hathúsáid na n-acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta i gcomhréir le hAirteagal 45 agus beartas i dtaca le himeacht na n-acmhainní sin as an ionstraim airgeadais;”. |
|
126. |
Leathanach 426, Iarscríbhinn IV, roinn 2, pointe (a): |
in ionad:
|
“(a) |
an straitéis infheistíochta nó an beart maidir leis an ionstraim airgeadais, na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le táirgí fiachais réamhthuartha, spriocfhaighteoirí agus gníomhaíochtaí a bheidh le tacú;”, |
léitear:
|
“(a) |
an straitéis infheistíochta nó an beart maidir leis an ionstraim airgeadais, na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le hiasacht nó ráthaíocht réamhthuartha, spriocfhaighteoirí deiridh agus gníomhaíochtaí a bheidh le tacú;”. |
|
127. |
Leathanach 427, Iarscríbhinn IV, roinn 2, pointe (c): |
in ionad:
|
“(c) |
úsáid agus athúsáid acmhainní atá inchurtha do thacaíocht Chistí SIE i gcomhréir le hAirteagal 43, le hAirteagal 44 agus le hAirteagal 45;”, |
léitear:
|
“(c) |
athúsáid na n-acmhainní atá inchurtha do thacaíocht Chistí SIE i gcomhréir le hAirteagal 44 agus le hAirteagal 45;”. |
|
128. |
Leathanach 458, Iarscríbhinn XII, roinn 2.2, mír 3, an dara fomhír: |
in ionad:
“Aon doiciméad, a bhaineann le hoibríocht a chur chun feidhme …áireofar ann ráiteas go bhfuair an clár oibríochtúil tacaíocht ón gCiste nó ó na Cistí.”,
léitear:
“Aon doiciméad a bhaineann le hoibríocht a chur chun feidhme … áireofar ann ráiteas go bhfuair an clár tacaíocht ón gCiste nó ó na Cistí.”.
|
129. |
Leathanach 461, Iarscríbhinn XIII, cuid 3, pointe A (viii): |
in ionad:
|
“(viii) |
Beidh nósanna imeachta ann maidir le dearbhú bainistíochta um ráthú a dhréachtadh, tuarascáil a thabhairt ar na rialuithe a rinneadh agus na laigí a sainaithníodh, agus an achoimre bhliantúil i ndáil le rialuithe agus iniúchtaí deiridh.”, |
léitear:
|
“(viii) |
Beidh nósanna imeachta ann maidir leis an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais a dhréachtú maille leis an achoimre bhliantúil ar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh agus ar na rialuithe a rinneadh, lena n-áirítear na laigí a sainaithníodh, dá dtagraítear in Airteagal 59(5) de”. |