|
3.12.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
13 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 347 Eagrán Speisialta Gaeilge an 20 Nollaig 2013 )
Ar leathanach 259, an tríú fonóta:
in ionad:
|
“(3) |
Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).”, |
léitear:
|
“(3) |
Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).”. |
Ar leathanach 259, an ceathrú fonóta:
in ionad:
|
“(4) |
Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post (Féach leathanach 289 den Iris Oifigiúil seo).”, |
léitear:
|
“(4) |
Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (Féach leathanach 289 den Iris Oifigiúil seo).”. |
Ar leathanach 261, Aithris 18, an chéad abairt:
in ionad:
“Laistigh de na cuspóirí téamacha a bhaineann le comhtháthú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac, táscairí aschuir …”,
léitear:
“Laistigh den chuspóir téamach a bhaineann le comhtháthú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac, táscairí aschuir …”.
Ar leathanach 262, an chéad fhonóta:
in ionad:
|
“(1) |
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1302/2006 maidir 17 Nollaig 2013 le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a (Féach leathanach 303 den Iris Oifigiúil seo).”, |
léitear:
|
“(1) |
Rialachán (AE) Uimh. 1302/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú (Féach leathanach 303 den Iris Oifigiúil seo).”. |
Ar leathanach 266, Airteagal 4(3):
in ionad:
“(3) Déanfaidh an Coimisiún a sciar de na méideanna foriomlána le haghaidh comhair trasteorann agus thrasnáisiúnta, mar a thagraítear dóibh i bpointí 1 (a) agus (b) …”,
léitear:
“(3) Déanfaidh an Coimisiún a sciar de na méideanna foriomlána le haghaidh comhair trasteorann agus thrasnáisiúnta, mar a thagraítear dóibh i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 …”.
Ar leathanach 267, Airteagal 4(9):
in ionad:
“(9) Déanfaidh an Coimisiún … arna bhunú faoi Airteagal 150 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.”,
léitear:
“(9) Déanfaidh an Coimisiún … arna bhunú faoi Airteagal 150(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.”.
Ar leathanach 268, pointe (i) de phointe (c) d'Airteagal 7(1):
in ionad:
|
“(i) |
… de bhun phointe (3)(b)Airteagal 2.”, |
léitear:
|
“(i) |
… de bhun phointe (3)(b) d'Airteagal 2.”. |
Ar leathanach 270, pointe (a) d'Airteagal 8(5):
in ionad:
|
“(a) |
na sásraí chun comhordú éifeachtach a áirithiú idir CFRE, CSE, an Ciste Comhtháthaithe, CETFT, EMFF agus ionstraimí eile cistiúcháin náisiúnta agus ionstraimí eile cistiúcháin de chuid an Aontais, lena n-áirítear comhordú leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), le ENI, le CFE agus le IPA II, chomh maith le BEI, mar aon le teaglaim féideartha díobh sin, agus na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I ag ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013á gcur san áireamh … |
léitear:
|
“(a) |
na sásraí chun comhordú éifeachtach a áirithiú idir CFRE, CSE, an Ciste Comhtháthaithe, CETFT, EMFF agus ionstraimí eile cistiúcháin náisiúnta agus ionstraimí eile cistiúcháin de chuid an Aontais, lena n-áirítear comhordú leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), le ENI, le CFE agus le IPA II, chomh maith le BEI, mar aon le teaglaim féideartha díobh sin, agus na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I ag ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 á gcur san áireamh … |
Ar leathanach 270, Airteagal 8(6):
in ionad:
“6. Maidir le faisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi phointí (i) go (vii) den chéad fhomhír de mhír 2), faoi mhír 3 agus faoi phointe (a) de mhír 5, oiriúnófar iad do ghné sonrach na gclár comhair faoi phointí ((3)b), (c) agus (d) Airteagal 2. Ní áireofar faisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi phointe (e) den chéad mhír de mhír 2 agus faoi phointe (b) de mhír 5 i gcláir chomhair faoi Airteagal 2(3), (c) agus (d).”;
léitear:
“6. Maidir le faisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi phointe (b)(i) go (vii) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi mhír 3 agus faoi phointe (a) de mhír 5, oiriúnófar iad do ghné sonrach na gclár comhair faoi phointe (3)(b), (c) agus (d) d'Airteagal 2. Ní áireofar faisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi phointe (e) den chéad fhomhír de mhír 2 agus faoi phointe (b) de mhír 5 i gcláir chomhair faoi phointe (3)(c) agus (d) d'Airteagal 2.”.
Ar leathanach 270, an dara fomhír d'Airteagal 8(7):
in ionad:
“Ní bheidh feidhm ag pointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír maidir le cláir chomhair faoi phointí (3)(b), (c) agus (d)Airteagal 2.”;
léitear:
“Ní bheidh feidhm ag pointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír maidir le cláir chomhair faoi phointe (3)(b), (c) agus (d) d'Airteagal 2.”.
Ar leathanach 271, Airteagal 8(12):
in ionad:
“12. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, … faoi phointe (b)(vii) de mhír 2, faoi phointe (c)(v) de mhír 2, faoi phointe (e) de mhír 2, faoi phointe(a)(i), agus (c) de mhír 4 agus faoi mhír 5 agus faoi mhír 7 den Airteagal seo, arb iad na Ballstáit rannpháirteacha a bheidh freagrach astu i gcónaí.”,
léitear:
“12. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, … faoi phointe (b)(vii) de mhír 2, faoi phointe (c)(v) de mhír 2, faoi phointe (e) de mhír 2, faoi phointe (a)(i) agus faoi phointe (c) de mhír 4 agus faoi mhír 5 agus faoi mhír 7 den Airteagal seo, arb iad na Ballstáit rannpháirteacha a bheidh freagrach astu i gcónaí.”.
Ar leathanach 271, an dara fomhír d'Airteagal 12(2):
in ionad:
“Beidh baint ag tairbhithe ó thrí thír ar a laghad, agus dhá cheann acu ina mBallstáit, le hoibríochtaí faoi chomhar idir-réigiúnach dá dtagraítear i bpointí (3)(a) agus (b) d'Airteagal 2.”,
léitear:
“Beidh baint ag tairbhithe ó thrí thír ar a laghad, agus dhá cheann acu ar a laghad ina mBallstáit, le hoibríochtaí faoi chomhar idir-réigiúnach dá dtagraítear i bpointe (3)(a) agus (b) d'Airteagal 2.”.
Ar leathanach 272, Airteagal 14(1):
in ionad:
“1. Faoin 31 Bealtaine 2016 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin suas go dtí 2022, agus an bhliain 2022 san áireamh,…”,
léitear:
“1. Faoin 31 Bealtaine 2016 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin suas go dtí 2023, agus an bhliain 2023 san áireamh,…”.
Ar leathanach 273, Airteagal 16(1):
in ionad:
“1. Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir, de réir mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, as táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, as táscairí aschuir clár-shonracha, i gcomhréir le hAirteagal 27(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus le pointe (b)(ii) agus (iv) agus phointe (c)(ii) and (iv) den chéad fhomhír d'Airteagal 8(2) den Rialachán seo.”,
léitear:
“1. Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir, de réir mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, as táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, as táscairí aschuir clár-shonracha, i gcomhréir le hAirteagal 27(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus le pointe (b)(ii) agus (iv) agus le pointe (c)(ii) agus (iv) den chéad fhomhír d'Airteagal 8(2) den Rialachán seo.”.
Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an fhoirm chuí gramadaí de “cuspóir sonrach” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de “sainchuspóir”.
Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an fhoirm chuí gramadaí de “fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de “fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach”.
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lna leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lean -aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (AE) Uimh 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).”,
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).”.