10.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

39


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1260/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2013

maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De réir Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), amhail ón 1 Samhain 2014, tá tromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle le sainiú inter alia ar bhonn dhaonra na mBallstát.

(2)

Tugann Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais sainordú go rialta don Choiste um Beartas Eacnamaíoch chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus ar cháilíocht an airgeadais phoiblí ar bhonn réamh-mheastachán daonra a chuireann Eurostat ar fáil.

(3)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart gurbh é aicmiú NUTS a d’úsáidfí i dtaca le staidreamh uile na mBallstát a tharchuirtear chuig an gCoimisiún agus a mhiondealaítear de réir aonad críochach. Dá réir sin, d’fhonn staidreamh réigiúnach inchomparáide a bhunú, ba cheart na haonaid chríochacha a shainiú i gcomhréir le haicmiú NUTS.

(4)

I gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta agus Choiste na Réigiún gach trí bliana ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a ghnóthú. Tá sonraí réigiúnacha bliantúla ar leibhéal réigiúnach NUTS 3 riachtanach chun na tuarascálacha sin a ullmhú agus chun faireachán rialta a dhéanamh ar athruithe déimeagrafacha agus ar dhúshláin dhéimeagrafacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i réigiúin an Aontais, lena n-áirítear cineálacha éagsúla réigiún amhail réigiúin teorann, réigiúin chathrach, réigiúin tuaithe agus réigiúin shléibhteacha agus oileánacha, tá gá le sonraí réigiúnacha bliantúla ar leibhéal réigiúnach NUTS 3. Ós rud é go mbíonn difríochtaí móra réigiúnacha le sonrú in aosú an daonra, ceanglaítear ar Eurostat réamh-mheastacháin réigiúnacha a ullmhú ar bhonn rialta chun an cur síos déimeagrafach ar réigiúin NUTS 2 san Aontas a chomhlánú.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 159 CFAE, tá tuarascáil le tarraingt suas ag an gCoimisiún gach bliain ar an dul chun cinn i ngnóthú chuspóirí Airteagal 151 CFAE lena n-áirítear an staid dhéimeagrafach san Aontas.

(6)

Ina Theachtaireacht an 20 Deireadh Fómhair 2009 dar teideal “Dlúthpháirtíocht i gcúrsaí sláinte: éagothroime sláinte a laghdú san AE”, thacaigh an Coimisiún le sonraí a fhorbairt tuilleadh agus le sonraí a bhailiú tuilleadh, agus le táscairí sláinte a fhorbairt tuilleadh, de réir aoise, gnéis, stádais shocheacnamaíoch agus toisí geografacha.

(7)

Is é is cuspóir do Straitéis an Aontais um Fhorbraíocht Inbhuanaithe, arna seoladh ag an gComhairle Eorpach in Gothenburg in 2001 agus arna hathnuachan i Meitheamh 2006, feabhas leanúnach a chur ar cháilíocht beatha na glúine seo agus na nglún atá le teacht. I dtuarascáil faireacháin an Choimisiúin (Eurostat), a fhoilsítear gach dhá bhliain, tugtar cur síos oibiachtúil staidrimh ar an dul chun cinn atá déanta, bunaithe ar shraith táscairí Aontais maidir le forbairt inbhuanaithe.

(8)

Tá staidreamh déimeagrafach bliantúil ríthábhachtach chun staidéar a dhéanamh ar raon leathan beartas agus iad a shainiú, go háirithe ó thaobh saincheisteanna sóisialta agus eacnamaíocha, ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Ainmneoir tábhachtach, i gcás raoin leathan táscairí beartas, is ea staidreamh Eorpach maidir leis an daonra.

(9)

Soláthraíonn cuspóir straitéiseach H.3 de Chaibidil IV de Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising (1995) creat tagartha maidir le giniúint agus scaipeadh sonraí agus faisnéise atá imdhealaithe ó thaobh na hinscne de le haghaidh cúiseanna pleanála agus meastóireachta beartais.

(10)

Cuid shár-riachtanach den mheastachán ar an daonra iomlán a dhéantar faoi chuimsiú Chóras Eorpach na gCuntas is ea staidreamh déimeagrafach. Is tábhachtach sonraí a nuashonrú agus a athbhreithniú nuair a bhíonn staidreamh á bhunú ar an leibhéal Eorpach.

(11)

Chun cáilíocht na sonraí a chuireann na Ballstáit ar fáil, ó thaobh inchomparáideachta de go háirithe, a áirithiú, agus chun forbhreathnú iontaofa a tharraingt suas ar leibhéal an Aontais, ba cheart na sonraí a úsáidtear a bheith bunaithe ar na coincheapa céanna, agus ba cheart iad a bheith ag tagairt don dáta tagartha céanna nó don tréimhse thagartha chéanna.

(12)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), soláthraítear creat tagartha maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach. Ceanglaítear leis, go háirithe, comhlíonadh na bprionsabal maidir le neamhspleáchas gairmiúil, neamhchlaontacht, oibiachtúlacht, iontaofacht, rúndacht staidrimh agus éifeachtacht costais.

(13)

Ba cheart an fhaisnéis maidir le déimeagrafaíocht a bheith comhsheasmhach leis an bhfaisnéis ábhartha arna bailiú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Chuige sin, ba cheart modhanna meastacháin staidrimh a bhfuil bonn eolaíoch fúthu agus atá dea-dhoiciméadaithe a mheasúnú, agus ba cheart a n-úsáid a spreagadh.

(14)

Agus staidreamh Eorpach á fhorbairt, á chur ar fáil agus á scaipeadh acu, ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Eorpacha, agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis náisiúnta agus réigiúnacha ábhartha eile, aird a thabhairt ar na prionsabail a leagtar amach i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, mar a athbhreithníodh agus a nuashonraíodh é ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach an 28 Meán Fómhair 2011.

(15)

Ráthaítear leis an Rialachán seo an ceart go n-urramófar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(16)

Tá feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(17)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat coiteann dlí a bhunú chun staidreamh déimeagrafach Eorpach sna Ballstáit a chur ar fáil go córasach, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann dlí chun staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le teagmhais bheatha a fhorbairt, a chur ar fáil agus a scaipeadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

le “náisiúnta” tagraítear do chríoch Bhallstáit de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 is infheidhme ag an am tagartha;

(b)

ciallaíonn “réigiúnach” leibhéal NUTS 1, leibhéal NUTS 2 nó leibhéal NUTS 3 de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 is infheidhme ag an am tagartha; i gcás ina n-úsáidtear an téarma seo i dtaca le tíortha nach ballstáit den Aontas iad, ciallaíonn “réigiúnach” na réigiúin staidrimh ar leibhéal 1, leibhéal 2 nó leibhéal 3, arna gcomhaontú idir na tíortha sin agus an Coimisiún (Eurostat), ag an am tagartha;

(c)

ciallaíonn “daonra gnáthchónaithe” gach duine a bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát ag an am tagartha;

(d)

ciallaíonn “gnátháit chónaithe” an áit a gcaitheann duine an sos laethúil go hiondúil, is cuma é a bheith as láthair go sealadach chun críocha áineasa, saoire, cuairteanna ar chairde agus ar ghaolta, gnó, cóireála leighis nó oilithreachta reiligiúnaí. Measfar gurb iad na daoine seo a leanas amháin gnáthchónaitheoirí i gceantar geografach sonrach:

(i)

na daoine a bhfuil cónaí orthu ina ngnátháit chónaithe ar feadh tréimhse leanúnach 12 mhí ar a laghad roimh an am tagartha; nó

(ii)

na daoine a tháinig chun cónaí ina ngnátháit chónaithe sa 12 mhí roimh an am tagartha agus é ar intinn acu fanacht ann ar feadh bliana ar a laghad.

I gcás nach féidir na himthosca a dtugtar tuairisc orthu i bpointe (i) nó i bpointe (ii) a shuíomh, is féidir glacadh leis go gciallaíonn “gnátháit chónaithe” an áit chónaithe dhlíthiúil nó an áit chónaithe chláraithe, ach amháin chun críocha Airteagal 4.

Agus an sainmhíniú ar “gnátháit chónaithe” á chur i bhfeidhm acu, déileálfaidh na Ballstáit le cásanna speisialta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1201/2009 ón gCoimisiún (9);

(e)

ciallaíonn “beobhreith” breith linbh a análaíonn nó a léiríonn aon chomhartha eile beatha, amhail bualadh an chroí, cuisle na sreinge imleacáin nó gluaiseacht chinnte i matáin dheonacha, beag beann ar an aois sa tréimhse iompair;

(f)

ciallaíonn “bás” buandul ar ceal gach comhartha beatha am ar bith i ndiaidh beobhreithe (scor iarbhreithe na bhfeidhmeanna atá riachtanach don bheatha gan cumas athbheochana);

(g)

ciallaíonn “teagmhais bheatha” beobhreitheanna agus básanna mar a shainmhínítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) iad.

Airteagal 3

Sonraí maidir le daonra agus maidir le teagmhais bheatha

1.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) na sonraí maidir lena ndaonra gnáthchónaithe ag an am tagartha. Cumhdóidh na sonraí arna soláthar an daonra de réir aoise, gnéis agus réigiúin cónaithe.

2.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) sonraí maidir lena dteagmhais bheatha a tharla le linn na tréimhse tagartha. Úsáidfidh na Ballstáit an sainmhíniú céanna a úsáideann siad i gcás na sonraí dá dtagraítear i mír 1. Cumhdóidh na sonraí arna soláthar na hathróga seo a leanas:

(a)

beobhreitheanna de réir gnéis, mhí na breithe, ord na beobhreithe, aois na máthar, bhliain bhreithe na máthar, thír bhreithe na máthar, thír saoránachta na máthar agus réigiúin cónaithe na máthar;

(b)

básanna de réir aoise, gnéis, bhliain na breithe, an réigiúin cónaithe, thír na breithe, thír na saoránachta agus mhí na breithe.

3.   Úsáidfidh na Ballstáit an sainmhíniú céanna ar dhaonra do gach leibhéal “náisiúnta” agus “réigiúnach” mar a shainmhínítear sa Rialachán seo é.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le miondealú na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, agus maidir le spriocdhátaí agus athbhreithnithe sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Airteagal 4

An daonra iomlán chun críocha sonracha de chuid an Aontais

1.   Chun críocha vótála trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) sonraí ar an daonra iomlán ar an leibhéal náisiúnta ag an am tagartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(c), laistigh d’ocht mí ó dheireadh na bliana tagartha.

2.   Féadfaidh na Ballstáit meastachán a dhéanamh ar an daonra iomlán dá dtagraítear i mír 1 ón daonra atá ina chónaí go dlíthiúil nó ón daonra cláraithe agus úsáid á baint as modhanna meastacháin staidrimh a bhfuil bonn eolaíoch fúthu, atá dea-dhoiciméadaithe, agus atá ar fáil go poiblí.

Airteagal 5

Minicíocht agus am tagartha

1.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) gach bliain sonraí maidir lena ndaonra agus maidir lena dteagmhais bheatha don bhliain roimhe sin dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 3(2).

2.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) gach bliain sonraí maidir leis an daonra iomlán ar an leibhéal náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallóidh an t-am tagartha an dáta tagartha dá dtagraítear i mír 4 nó an tréimhse thagartha dá dtagraítear i mír 5, de réir mar is iomchuí.

4.   Is é a bheidh sa dáta tagartha i gcás sonraí maidir leis an daonra ná deireadh na tréimhse tagartha (meán oíche an 31 Nollaig). Beidh an chéad dáta tagartha in 2013 agus beidh an dáta tagartha deiridh in 2027.

5.   Is é a bheidh sa tréimhse thagartha i gcás sonraí maidir le teagmhais bheatha ná an bhliain féilire inar tharla na teagmhais. Is í an chéad tréimhse thagartha a bheidh ann ná 2013 agus is í an tréimhse thagartha deiridh a bheidh ann ná 2027.

Airteagal 6

Sonraí agus meiteashonraí a sholáthar

Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún (Eurostat) na sonraí agus na meiteashonraí a cheanglaítear a thabhairt faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le sonraí agus meiteashonraí a idirmhalartú arna sonrú ag an gCoimisiún (Eurostat). Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí sin a sholáthar trí sheirbhísí an Phointe Iontrála Aonair ionas gur féidir leis an gCoimisiún (Eurostat) iad a fháil, nó déanfaidh siad iad a tharchur trí sheirbhísí an Phointe Iontrála Aonair a úsáid.

Airteagal 7

Foinsí sonraí

Beidh na sonraí bunaithe ar na foinsí sonraí arna roghnú ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí agus cleachtas náisiúnta. I gcás inarb iomchuí, úsáidfear modhanna meastacháin staidrimh a bhfuil bonn eolaíoch fúthu agus atá dea-dhoiciméadaithe.

Airteagal 8

Staidéir féidearthachta

1.   Cuirfidh na Ballstáit staidéir féidearthachta i gcrích maidir le húsáid an tsainmhínithe “gnátháit chónaithe” don daonra agus do na teagmhais bheatha amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2).

2.   Déanfar torthaí na staidéar féidearthachta dá dtagraítear i mír 1 a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Nollaig 2016.

3.   Chun cur i gcrích na staidéar féidearthachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a éascú, féadfaidh an tAontas tacaíocht airgeadais a sholáthar do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus do na húdaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 9

Ceanglais cháilíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit cáilíocht na sonraí tarchurtha a áirithiú.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis na sonraí atá le tarchur.

3.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún (Eurostat) maidir leis na meiteashonraí tagartha, agus caighdeáin na gCóras Staidrimh Eorpach á n-úsáid acu, agus tuairisc á déanamh go háirithe acu maidir leis na foinsí sonraí, na sainmhínithe agus na modhanna meastacháin a úsáideadh don chéad bhliain thagartha, agus coinneoidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas faoi aon athruithe air sin.

4.   Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis uile dó is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sonraí maidir leis an daonra a cheanglaítear a thabhairt le hAirteagal 3 den Rialachán seo comhsheasmhach leis na sonraí a cheanglaítear a thabhairt le pointe (c) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007.

Airteagal 10

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 11

Clásal Athbhreithnithe

1.   Cuirfidh an Coimisiún an chéad tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2018, agus dara tuarascáil faoin 31 Nollaig 2023. Sna tuarascálacha sin, cuirfidh an Coimisiún faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit san áireamh agus déanfaidh sé meastóireacht ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí arna n-úsáid, ar an ualach breise arna fhorchur ar na Ballstáit agus ar na freagróirí, agus ar inchomparáideacht an staidrimh sin. Déanfar meastóireacht leis na tuarascálacha sin ar úsáid mhodhanna meastacháin staidrimh a bhfuil bonn eolaíoch fúthu agus atá dea-dhoiciméadaithe maidir le meastachán a dhéanamh ar an “daonra gnáthchónaithe” ón daonra atá ina chónaí go dlíthiúil nó ón daonra cláraithe. Cumhdóidh an chéad tuarascáil torthaí na stáidéar féidearthachta dá dtagraítear in Airteagal 8 freisin.

2.   Más iomchuí, beidh ag gabháil leis na tuarascálacha tograí atá ceaptha chun feabhas breise a chur ar an gcreat coiteann dlí chun staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le teagmhais bheatha a fhorbairt, a chur ar fáil agus a scaipeadh faoin Rialachán seo.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige an 31 Lúnasa 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Samhain 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Samhain 2013.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le daonáirimh agus maidir le háirimh thithíochta (IO L 218, 13.8.2008, lch. 14).

(6)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1201/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daonáirimh agus maidir le háirimh thithíochta a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla na dtopaicí agus lena miondealuithe (IO L 329, 15.12.2009, lch. 29).