6.11.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1051/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 d'fhonn foráil a dhéanamh maidir le comhrialacha i ndáil le rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainneacha inmheánacha i gcúinsí eisceachtúla

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(1) agus (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ar cheann de na príomhnithe atá bainte amach ag an Aontas tá cruthú limistéir ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine thar theorainneacha inmheánacha. I limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, tá gá le freagairt choiteann ar chásanna a théann i bhfeidhm go mór ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach an limistéir sin, nó codanna de, nó Ballstáit amháin nó níos mó trína cheadú gur féidir rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach i gcúinsí eisceachtúla, ach gan prionsabal na saorghluaiseachta daoine a chur i mbaol. I bhfianaise an tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag na bearta sin atá ina rogha dheireanach, ar na daoine ar fad a bhfuil sé de cheart acu gluaiseacht laistigh den limistéar sin gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun na bearta sin a athbhunú a leagan síos, chun go n-áiritheofaí gur beart eisceachtúil a bheadh sna bearta sin agus go n-úrramófaí prionsabal na comhréireachta. I gcás ina n-athbhunófaí bearta den sórt sin go sealadach, ba cheart nár mhó a raon feidhme agus a ré ná an leibhéal is íosta a mbeadh gá leis chun freagairt do bhagairt tromchúiseach do bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach.

(2)

Tá saorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha ar cheann de na príomhnithe atá bainte amach ag an Aontas. Toisc go dtéann athbhunú sealadach rialú ag teorainneacha inmheánacha i bhfeidhm ar shaorghluaiseacht daoine, ba cheart aon chinneadh chun rialú den sórt sin a athbhunú a dhéanamh i gcomhréir le critéir a chomhaontófaí go comhchoiteann agus ba cheart an cinneadh sin a chur in iúl don Choimisiún nó a bheith molta ag institiúid Aontais. I gcás ar bith, ba cheart gur eisceacht i gcónaí a bheadh i rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus níor cheart é a chur ar bun ach mar rogha dheiridh, ar feadh tréimhse teoranta agus le raon feidhme teoranta, bunaithe ar chritéir shonracha oibiachtúla agus ar mheasúnú ar an ngá atá leis, ar cheart faireachán a dhéanamh ina leith ar leibhéal an Aontais. Nuair a éilítear beart láithreach toisc baol tromchúiseach a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse nach faide ná deich lá. Ní mór faireachán a dhéanamh ar leibhéal an Aontais maidir le haon síneadh ar an tréimhse sin.

(3)

Ba cheart cothromaíocht a aimsiú idir an riachtanas agus an chomhréireacht de rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus an baol atá ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, arb é is cúis leis an ngá atá le hathbhunú den sórt sin, agus ba cheart freisin bearta malartacha a mheas a d'fhéadfaí a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, nó an dá rud agus tionchar rialú den sórt sin ar shaorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a mheas freisin..

(4)

D'fhéadfadh go mbeadh gá le rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú dá mbeadh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha nó ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe i ndiaidh gníomhartha sceimhlitheoireachta nó bagairtí sceimhlitheoireachta, nó bagairtí a thagann ón gcoireacht eagraithe.

(5)

Níor cheart go measfaí gur bagairt thromchúiseach, per se, ar an mbeartas poiblí ná ar an tslándáil inmheánach é imirce agus teorainneacha seachtracha á trasnú ag líon mór náisiúnach tríú tíortha.

(6)

I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is gá go ndéanfaí aon mhaolú ó phrionsabal bunúsach shaorghluaiseacht daoine a léirmhíniú go docht agus glactar leis, le coincheap an bheartais phoiblí, gurb ann d'fhíorbhagairt láithreach atá tromchúiseach go leor lena ndéantar difear do leasanna bunúsacha na sochaí.

(7)

Bunaithe ar an taithí a fuarthas maidir le feidhmiú limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha agus d'fhonn cuidiú lena áirithiú go gcuirfear acquis Schengen chun feidhme ar bhealach comhleanúnach, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir le rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, i gcásanna ina mbeadh an beart sin ag teastáil ar bhonn sealadach agus, ina theannta sin, i gcásanna ina mbeadh beart láithreach ag teastáil. Ba cheart táscairí soiléire a bheith sna treoirlínte sin le gur fusa a bheidh sé measúnú a dhéanamh ar na cúinsí sin a d'fhéadfadh a bheith ina mbagairtí tromchúiseacha ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach.

(8)

I gcás ina sainaithneofar go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha a chur i gcrích i dtuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú (2) agus d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na moltaí a ghlactar i gcomhréir leis an Rialachán sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun moladh a thabhairt go ndéanfaidh an Ballstát a ndearnadh an mheastóireacht ina leith bearta sonracha amhail foirne Eorpacha gardaí teorann a imlonnú, pleananna straitéiseacha a thíolacadh nó, mar rogha dheiridh agus tromchúis an cháis á chur san áireamh, pointe sonrach trasnaithe teorann a dhúnadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir leis na sásraí maidir le rialú a bheith á dhéanamh ag na Ballstáit ar chumhachtaí cur chun feidhme a bheith á bhfeidhmiú ag an gCoimisiún (3). I bhfianaise théarmaí Airteagal 2(2)(b)(iii) den Rialachán sin, beidh feidhm leis an nós imeachta scrúdúcháin.

(9)

I gcúinsí eisceachtúla d'fhéadfadh údar cuí bheith leis an athbhunú sealadach de rialú ag teorainneacha inmheánacha áirithe faoi nós imeachta sonrach ar leibhéal an Aontais agus mar bheart a dhéanfaí mura mbeadh an dara rogha ann i gcás ina ndéantar feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chur i mbaol mar thoradh ar easnaimh leanúnacha thromchúiseacha maidir le rialú ag an teorainneacha seachtracha arna sainaithint i gcomhthéacs phróiseas dian meastóireachta i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, sa mhéid gur bhagairt thromchúiseach a bheadh sna cúinsí sin ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach laistigh den limistéar sin nó laistigh de chodanna de. D'fhéadfaí tús a chur le nós imeachta sonrach den sórt sin freisin, faoi na coinníollacha céanna, toisc go bhfuil faillí mór á dhéanamh ag an mBallstát a ndearnadh an mheastóireacht ina leith, ar nós imeachta é chun rialú ag teorainneacha inmheánacha áirithe a athbhunú go sealadach.I bhfianaise íogaireacht pholaitiúil rialú ag teorainneacha inmheánacha áirithe a athbhunú, ar rialú é a bhfuil baint aige le cumhachtaí feidhmiúcháin náisiúnta agus le cumhachtaí náisiúnta maidir le forghníomhú i leith rialú ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme chun moltaí a ghlacadh faoin nós imeachta sonrach sin, ar nós imeachta ar leibhéal an Aontais é, a thabhairt don Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.

(10)

Sula nglacfar aon mholadh maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha áirithe a athbhunú ar bhonn sealadach, ba cheart an fhéidearthacht dul i muinín bearta atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an gcás is bunús leis an bhfadhb a fhiosrú ina iomláine, go tráthúil, lena n-áirítear cúnamh ó chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amhail an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag na Teorainneacha Seachtracha (Frontex) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 (4), nó an Oifig Eorpach Póilíní (“Europol”), arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB (5) agus bearta teicniúla nó bearta tacaíochta airgeadais ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó an dá rud. Nuair a thiocfar ar easnamh tromchúiseach, féadfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta airgeadais a ghlacadh chun cuidiú leis an mBallstát lena mbaineann. Anuas air sin, ba cheart gur bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús leis a bheadh aon mholadh ón gCoimisiún nó ón gComhairle.

(11)

Ba cheart go mbeadh an deis ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcásanna a bhfuil údar cuí tugtha leo a bhaineann leis an ngá rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh, i gcás ina n-éileoidh mórchúiseanna práinne é.

(12)

Ba cheart gurb iad na tuarascálacha meastóireachta agus na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a bheidh mar bhonn do thús a chur leis na bearta sonracha a dhéanfar i gcás ina mbeadh easnaimh thromchúiseacha ann maidir leis an rialú ag teorainneacha inmheánacha agus mar bhonn don nós imeachta sonrach i gcás cúinsí eisceachtúla lena ndéanfaí feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chur i mbaol dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Déanann na Ballstáit agus an Coimisiún meastóireachtaí rialta, oibiachtúla agus neamhchlaonta go comhpháirteach d'fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fhíorú agus déanann an Coimisiún na meastóireachtaí a chomhordú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Tá na heilimintí seo a leanas sa sásra meastóireachta sin: cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla, cuairteanna a fhógrófar agus nach bhfógrófar ar an láthair a dhéanfaidh foireann bheag d'ionadaithe ón gCoimisiún agus de shaineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit, tuarascálacha ar thoradh na meastóireachta a ghlacfaidh an Coimisiún agus moltaí do bhearta leasúcháin a ghlacfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, bearta leantacha iomchuí, faireachán agus tuairisciú.

(13)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon foráil a dhéanamh do chomhrialacha maidir le rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach i gcúinsí eisceachtúla, a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní rachaidh an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus, dá bhrí sin, níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(15)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (6). Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(16)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (7). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(17)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen (8) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE (9) ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.

(18)

Maidir leis an Eilvéis, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (10) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (11).

(19)

Maidir le Lichtinstéin, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (12) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/CE ón gComhairle. (13)

(20)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen, nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003.

(21)

Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen, nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005.

(22)

Maidir leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen, nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 4 (2) d'Ionstraim Aontachais 2011.

(23)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear saorghluaiseacht daoine agus saoirse cónaithe. Ní mór an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(24)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta lena mbunaítear cód comhphobail maidir leis na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (14) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 mar a leanas:

(1)

I dTeideal II, cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

CAIBIDIL IVa

Bearta sonracha maidir le heasnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainn sheachtrach

Airteagal 19a

Bearta ag na teorainneacha seachtracha agus tacaíocht ón nGníomhaireacht

1.   I gcás ina n-aithneofar easnaimh thromchúiseacha chun rialú ar theorainneacha seachtracha a chur i gcrích i dtuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú (15), agus d'fhonn go gcomhlíonfar na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, go ndéanfaidh Ballstát a ndearnadh meastóireacht air, bearta sonracha áirithe a ghlacadh, a lena n-áirítear ceann amháin nó an dá cheann de na bearta seo a leanas:

(a)

tús a chur le himlonnú Foirne Eorpacha Gardaí Teorann i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

(b)

a pleananna straitéiseacha bunaithe ar mheasúnú riosca, lena n-áirítear faisnéis maidir le himlonnú pearsanra agus feistis, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta ar mhaithe le tuairim a fháil.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 33a(2).

2.   Cuirfidh an Coimisiún an coiste a bhunaítear de bhun Airteagal 33a(1) ar an eolas go rialta maidir leis an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus maidir lena thionchar ar na heasnaimh a sonraíodh.

Cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas chomh maith.

3.   I gcás ina bhfuil cinneadh déanta sa tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear i mír 1 go bhfuil faillí thromchúiseach déanta ag an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air maidir lena oibleagáidí agus nach mór dó dá bhrí sin tuairisciú maidir leis an bplean gníomhaíochta ábhartha a chur chun feidhme taobh istigh de thrí mhí i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, agus nuair a fhaigheann an Coimisiún amach, tar éis na tréimhse trí mhí sin, gurb é sin an cás go fóill, féadfaidh sé cur i bhfeidhm an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 26 den Rialachán seo a chur ar bun, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ar fad chun sin a dhéanamh.

(2)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 23 go hAirteagal 27:

“Airteagal 23

Creat ginearálta le haghaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach

1.   I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag na codanna uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse teoranta 30 lá ar a mhéid nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá. Ní rachaidh raon feidhme ré athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach.

2.   Ní athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ach mar rogha dheiridh, agus i gcomhréir le hAirteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26. Cuirfear na critéir dá dtagraítear faoi seach in Airteagal 23a agus in Airteagal 26a san áireamh i ngach cás ina bhfuil sé beartaithe rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú de bhun Airteagal 24, Airteagal 25 nó Airteagal 26 faoi seach.

3.   Más ann fós, tar éis na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, don bhaol tromchúiseach do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha a shíneadh, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 23a á gcur san áireamh agus i gcomhréir le hAirteagal 24, ar bhonn na bhforas céanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, ag cur aon ghné nua san áireamh, ar feadh tréimhsí in-athnuaite 30 lá ar a mhéid.

4.   Ní rachaidh an tréimhse iomlán ina n-athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha lena n-áirítear aon síntí dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo thar sé mhí. I gcúinsí eisceachtúla amhail dá dtagraítear in Airteagal 26, féadfar an tréimhse iomlán seo a fhadú d'uasfhad dhá bhliain, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin.

Airteagal 23a

Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach

I gcás ina gcinneann Ballstát mar rogha dheiridh, an rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ag codanna de na teorainneacha sin, nó má chinneann sé athbhunú den sórt sin a shíneadh, i gcomhréir le hAirteagal 23 nó le hAirteagal 25(1), déanfaidh sé measúnú ar a mhéad is dóigh a réiteoidh an beart sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar bhealach leordhóthanach, agus déanfaidh sé measúnú ar chomhréireacht an bhirt i ndáil leis an mbaol sin. Agus measúnú den sórt sin á dhéanamh, cuirfidh an Ballstát an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a)

an tionchar is dóigh a bheidh ag aon bhaol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, lena n-áirítear i ndiaidh gníomhartha sceimhlitheoireachta nó i ndiaidh bagairtí sceimhlitheoireachta agus lena n-áirítear gníomhartha nó bagairtí a thagann ón gcoireacht eagraithe;

(b)

an tionchar is dóigh a bheidh ag an mbeart sin ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.

Airteagal 24

Nós imeachta maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach faoi Airteagal 23(1)

1.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi Airteagal 23(1), cuirfidh sé sin in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiúin laistigh de cheithre seachtaine ar a dhéanaí roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú, nó laistigh de thréimhse níos giorra i gcás ina bhfuil na cúinsí is cúis leis an ngá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar eolas níos lú ná ceithre seachtaine roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú. Chuige sin, soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

na cúiseanna atá leis an athbhunú atá beartaithe, lena n-áirítear na sonraí ábhartha ar fad ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhartha is cúis le baol tromchúiseach dá bheartas poiblí nó dá shlándáil inmheánach;

(b)

raon feidhme an athbhunaithe atá beartaithe, ina sonraítear an chuid nó na codanna den rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha atá le hathbhunú;

(c)

ainmneacha na bpointí trasnaithe atá údaraithe;

(d)

dáta agus ré an athbhunaithe atá beartaithe;

(e)

i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le glacadh ag na Ballstáit eile.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó fógra faoin chéad fhomhír a chur isteach le chéile freisin.

Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát nó ó na Ballstáit lena mbaineann, más gá sin.

2.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ag an am céanna a thugtar fógra fúithi, de bhun an Airteagal sin, do na Ballstáit eile agus don Choimisiún.

3.   Féadfaidh Ballstáit, atá ag tabhairt fógra faoi mhír 1, a chinneadh codanna den fhaisnéis a aicmiú, más gá sin agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Ní fhágfar le haicmiú den sórt sin nach gcuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. Comhlíonfaidh tarchur agus láimhseáil na faisnéise agus na ndoiciméad a tarchuireadh chuig Parlaimint na hEorpa faoi mhír 1 leis na rialacha a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh agus a láimhseáil, ar rialacha iad atá infheidhme idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún.

4.   Tar éis fógra a fháil ó Bhallstát faoi mhír 1 den Airteagal seo, agus ag féachaint don chomhairliúchán dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát eile tuairim a eisiúint gan dochar d'Airteagal 72 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Más rud é, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san fhógra nó ar aon fhaisnéis bhreise a bheidh faighte aige, go mbeidh imní ar an gCoimisiún maidir leis an riachtanas nó leis an gcomhréireacht a bhaineann le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, nó má mheasann sé go mbeadh comhairliúchán maidir le gné éigin den fhógra iomchuí, eiseoidh sé tuairim chuige sin.

5.   Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 1, chomh maith le haon tuairim ón gCoimisiún nó ó Bhallstát faoi mhír 4, faoi réir comhairliúchán, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhchruinnithe, idir an Ballstát a bhfuil beartaithe aige rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha, na Ballstáit eile, go háirithe iad siúd a mbeidh tionchar díreach ag na bearta sin orthu, agus an Coimisiún, d'fhonn comhar frithpháirteach a eagrú, i gcás inarb iomchuí, idir na Ballstáit agus d'fhonn comhréireacht na mbeart a scrúdú i ndáil leis na himeachtaí is cúis le rialú teorann a athbhunú agus leis an mbaol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach.

6.   Beidh an comhairliúchán dá dtagraítear i mír 5 ar bun ar a laghad deich lá roimh an dáta a leagtar amach chun rialú teorann a athbhunú.

Airteagal 25

Nós imeachta sonrach le haghaidh cásanna a éilíonn beart láithreach

1.   I gcás ina n-éilítear beart láithreach de bharr baoil thromchúisigh a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach i mBallstát, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann ar bhonn eisceachtúil rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú láithreach, ar feadh tréimhse teoranta deich lá ar a mhéid.

2.   Agus rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha á athbhunú, tabharfaidh Ballstát lena mbaineann fógra ina leith do na Ballstáit eile agus don Choimisiún an tráth céanna dá réir sin, agus soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 24(1), lena n-áirítear na cúiseanna is bunús le húsáid an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile a luaithe a fhaigheann sé an fógra.

3.   Más ann don bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach tar éis na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh maidir leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú ar feadh tréimhsí in-athnuaite 20 lá ar a mhéad. Tríd an méid sin a dhéanamh, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 23a san áireamh, lena n-áirítear measúnú chun dáta ar riachtanas agus comhréireacht an bhirt, agus aon ghnéithe nua.

Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 24(4) agus (5) mutatis mutandis, i gcás ina ndéantar fadú den sórt sin, agus cuirfear an comhairliúchán ar bun gan mhoill nuair a chuirfear an cinneadh chun síneadh a dhéanamh in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit.

4.   Gan dochar d'Airteagal 23(4), ní rachaidh an tréimhse iomlán ina n-athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha thar dhá mhí, ar bhonn na buntréimhse atá sonraithe i mír 1 agus aon síntí atá sonraithe i mír 3.

5.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa gan mhoill faoi fhógraí a tugadh faoin Airteagal seo.

Airteagal 26

Nós imeachta sonrach i gcás ina mbeidh cúinsí eisceachtúla ann lena gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol

1.   I gcúinsí eisceachtúla ina gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol mar thoradh ar easnaimh thromchúiseacha leanúnacha a bhaineann le rialú ag teorainn sheachtrach dá dtagraítear in Airteagal 19a, agus a mhéad is gur baol tromchúiseach iad na cúinsí sin do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha nó i gcodanna de, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar feadh tréimhse sé mhí ar a mhéid. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh, trí huaire ar a mhéid, go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí más ann do na cúinsí eisceachtúla fós.

2.   Féadfaidh an Chomhairle mar rogha dheiridh agus mar bheart chun na leasanna coiteanna a chosaint sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, i gcás ina bhfuil na bearta eile go léir, go háirithe na cinn dá dtagraítear in Airteagal 19a(1), gan éifeacht maidir leis an mbaol tromchúiseach a aithníodh a mhaolú, moladh do Bhallstát amháin nó níos mó díobh cinneadh a dhéanamh rialú teorann a athbhunú ag a theorainneacha inmheánacha go léir nó ag cuid dá dteorainneacha inmheánacha. Bunófar moladh na Comhairle ar thogra ón gCoimisiún. Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún togra mar sin a chur faoi bhráid na Comhairle chun moladh a fháil.

Ina moladh, léireoidh an Chomhairle ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) d'Airteagal 24(1).

Féadfaidh an Chomhairle síneadh a mholadh i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta céanna atá leagtha amach san Airteagal seo.

Sula ndéanfaidh Ballstát rialú teorann a athbhunú ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag cuid dá theorainneacha inmheánacha faoin mír sin, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún dá réir.

3.   Sa chás nach gcuirfidh Ballstát an moladh dá dtagraítear i mír 2 chun feidhme, cuirfidh an Ballstát sin na cúiseanna in iúl don Choimisiún gan mhoill i scríbhinn.

Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar na cúiseanna a chuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar fáil agus na hiarmhairtí a bhaineann le comhleasanna an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chosaint.

4.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cuí leo, i gcásanna nach eol na cúiseanna leis an ngá rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh, i gcomhréir le mír 2, ach taobh istigh de 10 lá roimh dheireadh na tréimhse roimhe sin maidir le rialú ag teorainneacha a thabhairt isteach arís, féadfaidh an Coimisiún aon mholtaí riachtanacha a ghlacadh láithreach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33a(3). Laistigh de 14 lá tar éis moltaí den sórt sin a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle agus moladh á iarraidh ina leith i gcomhréir le mír 2.

5.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do bhearta a bhféadfaidh an Ballstát glacadh i gcás ina mbeidh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach faoi Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 25.

Airteagal 26a

Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach nuair a chuireann cúinsí eisceachtúla feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol

1.   I gcás ina molann an Chomhairle, mar rogha dheiridh, i gcomhréir le hAirteagal 26(2) athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ar chodanna de na teorainneacha sin, measfaidh sí a mhéid is dóigh a réiteoidh an beart sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha ar bhealach leordhóthanach, agus measfaidh sí comhréireacht an bhirt i ndáil leis an mbaol sin. Beidh an measúnú sin bunaithe ar an bhfaisnéis mhionsonraithe a bheidh curtha isteach ag an mBallstát/ag na Ballstáit lena mbaineann agus ag an gCoimisiún, agus ar aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis a fhaightear faoi bhun mhír 2 den Airteagal seo. Agus measúnú den sórt sin á dhéanamh, cuirfidh an Chomhairle an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a)

an fháil atá ar bhearta tacaíochta teicniúla nó airgeadais a bhféadfaí dul ina muinín, nó a ndeachthas ina muinín, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, nó ar an dá cheann, lena n-áirítear cúnamh ó chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid anAontais amhail Frontex, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) nó an Oifig Eorpach Póilíní (“Europol”), a bunaíodh le Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle (17), agus a mhéad is dóigh a réiteoidh na bearta sin go leordhóthanach an baol atá ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha;

(b)

an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar is dóigh a bheidh ag aon easnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha arna sonrú i gcomhthéacs na meastóireachtaí a dhéantar de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus a mhéad ar baoil do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha iad easnaimh thromchúiseacha mar sin;

(c)

an tionchar is dóigh a bheidh ag athbhunú rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.

2.   Féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh sula nglacfaidh sé togra le haghaidh molta ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 26(2):

(a)

iarraidh ar na Ballstáit, ar an nGníomhaireacht, ar Europol nó ar chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais tuilleadh faisnéise a thabhairt dó;

(b)

cuairteanna ar an láthair a dhéanamh, le tacaíocht ó shaineolaithe ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht, ó Europol nó ó aon chomhlacht ábhartha eile de chuid an Aontais, chun faisnéis ábhartha a fháil nó a fhíorú maidir leis an moladh sin.

Airteagal 27

Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún agus an Ballstát/na Ballstáit lena mbaineann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi aon chúiseanna a d'fhéadfadh a bheith le feidhmiú Airteagal 19a agus Airteagal 23 go hAirteagal 26a.

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29 agus Airteagal 30:

“Airteagal 29

Tuarascáil ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú

Laistigh de cheithre seachtaine dá éis rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a bhaint, cuirfidh an Ballstát a rinne an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha tuarascáil ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin agus tabharfar eolas sa tuarascáil go háirithe faoin measúnú tosaigh agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 23a, in Airteagal 25 agus in Airteagal 26a a urramú, faoi fheidhmiú na seiceálacha, faoin gcomhar praiticiúil leis na Ballstáit chomharsanachta, faoin tionchar a bheidh ag an méid sin ar shaorghluaiseacht daoine, faoi éifeachtúlacht athbhunú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, lena n-áirítear measúnú ex-post ar chomhréireacht rialú teorann a athbhunú.

Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir leis an measúnú ex-post sin ar rialú teorann a athbhunú ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó ná sin nó ar chodanna díobh.

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le feidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar a laghad uair sa bhliain. Áireofar sa tuarascáil liosta de na cinntí go léir a rinneadh chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú le linn na bliana ábhartha.

Airteagal 30

An pobal a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann an pobal ar an eolas, ar bhealach comhordaithe, maidir le cinneadh chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, agus léireoidh sé go háirithe dáta tosaigh agus dáta deiridh an bhirt sin, ach amháin má tá cúiseanna sáraitheacha slándála gan a leithéid a dhéanamh.”;

(4)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 33a

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le sásraí do rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (18).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 de.

(5)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 37a

Sásra meastóireachta

1.   I gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus gan dochar do na forálacha iontu maidir le nósanna imeachta sáraithe, déanfaidh gach Ballstát meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo trí shásra meastóireachta.

2.   Sonraítear na rialacha maidir leis an sásra meastóireachta i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013. I gcomhréir leis an sásra meastóireachta sin, déanann na Ballstáit agus an Coimisiún meastóireachtaí rialta, oibiachtúla agus neamhchlaonta go comhpháirteach d'fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fhíorú agus déanann an Coimisiún na meastóireachtaí a chomhordú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Faoin sásra sin, déanfaidh foireann bheag ionadaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit meastóireacht ar gach Ballstát ar a laghad gach cúig bliana.

Féadfaidh cuairteanna ar an láthair a fhógrófar agus nach bhfógrófar ag teorainneacha seachtracha nó ag teorainneacha inmheánacha bheith i gceist le meastóireachtaí.

I gcomhréir leis an sásra meastóireachta sin, beidh sé de chúram ar an gCoimisiún na cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus na cláir mheastóireachta bhliantúla a ghlacadh mar aon leis na tuarascálacha meastóireachta.

3.   I gcás na moltaí maidir le heasnaimh a d'fhéadfadh a bheith ann le haghaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha, féadfar iad a dhíriú ar na Ballstáit lena mbaineann.

I gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann maidir le rialú ag teorainneacha inmheánacha a chur i gcrích a shainaithnítear i dtuarascáil mheastóireachta arna glacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, beidh feidhm ag Airteagal 19a agus ag Airteagal 26 den Rialachán seo.

4.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ag gach céim den mheastóireacht agus cuirfear na doiciméid ábhartha chucu, i gcomhréir leis na rialacha maidir le doiciméid rúnda.

5.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach bonn agus go hiomlán maidir le haon togra chun na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a leasú nó a athchur.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Deireadh Fómhair 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meitheamh 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013.

(2)  Féach leathanach 27 den Iris Oifigiúil seo.

(3)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1.).

(5)  Cinneadh Uimh. 2009/371/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37).

(6)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(7)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

(8)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(9)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31

(10)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(11)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

(12)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(13)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.

(14)  IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

(15)  IO L 295, 6.11.2013, lch. 27.”;

(16)  IO L 132, 29.5.2010, lch. 11.

(17)  IO L 121, 15.5.2009, lch. 37.”;

(18)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.”;


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

Is díol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún gur glacadh an Rialachán lena leasaítear Cód Teorainneacha Schengen d'fhonn rialacha comhchoiteanna a sholáthar maidir le rialú teorann a thabhairt isteach go sealadach in athuair i gcásanna eisceachtúla agus gur glacadh an Rialachán maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunú lena bhfíorú go gcuirfear acquis Schengen i bhfeidhm. Creideann siad go dtugtar aghaidh mar is iomchuí leis na sásraí nua seo ar an méid a d'iarr an Chomhairle Eorpach ina Conclúidí an 24 Meitheamh 2011, .i. go ndéanfaí comhar agus muinín fhrithpháirteach idir Ballstáit an limistéir Schengen a neartú, agus córas éifeachtach faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt d'fhonn forfheidhmiú na gcomhrialacha a áirithiú agus d'fhonn na critéir atá bunaithe ar acquis AE a neartú, a oiriúnú agus a shíneadh, agus é a choinneáil san áireamh gur gá teoireannacha seachtracha an AE a bhainistiú ar bhealach éifeachtach, comhsheasmhach, ar bhonn na freagrachta comhchoitinne, na dlúthpháirtíochta agus an chomhair phraiticiúil.

Creideann siad go dtreiseofar comhordú agus comhar ar leibhéal an Aontais leis an leasú seo ar Chód Teorainneacha Schengen, trí fhoráil a dhéanamh, ar lámh amháin, do chritéir chun rialuithe teorainn na mBallstát a thabhairt isteach athuair agus, ar an lámh eile, do shásra AE-bhunaithe lena bhfreagrófaí do chásanna fíor-thromchúiseacha ina mbeadh riosca ann d'fheidhmiú foriomlán an limistéir nach bhfuil rialuithe inmheánacha teorann ann.

Leagann siad béim ar a thábhachtaí atá sé gur sásra AE-bhunaithe atá sa chóras nua meastóireachta seo agus go gcumhdóidh sé gach gné d'acquis Schengen agus go mbeidh saineolaithe rannpháirteach ann ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an AE.

Tuigeann siad, maidir le haon togra ón gCoimisiún a d'fhéadfaí a dhéanamh amach anseo chun an córas meastóireachta seo a leasú, go gcuirfí sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus go gcuirfí a tuairim siúd san áireamh, a lánmhéid is féidir, sula nglacfaí an téacs deiridh.