29.10.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1021/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 9 Deireadh Fómhair 2013

lena leasaítear Treoir 1999/4/CE agus Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/111/CE, Treoir 2001/113/CE agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir leis na cumhachtaí atá le tabhairt don Choimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le húisc chaife agus le húisc siocaire (3), le Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000 maidir le táirgí cócó agus seacláide atá ceaptha mar bhia don duine (4), le Treoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe atá ceaptha mar bhia don duine (5), le Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le subha, glóthacha agus marmaláidí torthaí agus purée castáin milsithe atá ceaptha mar bhia don duine (6) agus le Treoir 2001/114/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le bainne leasaithe áirithe atá díhiodrátaithe go páirteach nó go hiomlán mar bhia don duine (7), tugtar cumhachtaí don Choimisiún roinnt d’fhorálacha na dTreoracha sin a chur chun feidhme. Rinneadh na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (8). Is iomchuí, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tabhairt na gcumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

Go háirithe, le Treoir 2000/36/CE, le Treoir 2001/111/CE, le Treoir 2001/113/CE agus le Treoir 2001/114/CE, tugtar cumhachtaí don Choimisiún bearta a ghlacadh atá riachtanach chun na Treoracha sin a chur chun feidhme maidir leis an oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Faoi láthair, tá bearta den sórt sin faoi réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú i gcás Threoir 2000/36/CE, agus faoi réir an nós imeachta rialúcháin i gcás Threoir 2001/111/CE, Threoir 2001/113/CE agus Threoir 2001/114/CE. Is iomchuí, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tabhairt na gcumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 CFAE agus ba cheart raon feidhme na gcumhachtaí sin a athbhreithniú.

(3)

Tá eilimintí teicniúla sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2000/36/CE, le Treoir 2001/111/CE agus le Treoir 2001/113/CE a bhféadfadh sé gur gá iad a oiriúnú nó a uasdátú chun forbairtí sna caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh. Le Treoir 2000/36/CE agus le Treoir 2001/111/CE, áfach, ní thugtar na cumhachtaí iomchuí don Choimisiún chun na hIarscríbhinní a ghabhann leo a leasú go pras chun forbairtí den sórt sin a chur san áireamh. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go gcuirfear Treoir 2000/36/CE agus Treoir 2001/111/CE chun feidhme ar bhealach comhleanúnach, ba cheart cumhachtaí breise a tharmligean don Choimisiún chun Roinn C agus Roinn D d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2000/36/CE agus Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/111/CE a leasú chun forbairtí sna caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh. Thairis sin, le Treoir 2001/113/CE tugtar cumhachtaí don Choimisiún an Treoir sin a oiriúnú le forbairtí i gcaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin. Is iomchuí, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tabhairt na gcumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 CFAE agus ba cheart raon feidhme na gcumhachtaí sin a athbhreithniú.

(4)

Dá bhrí sin, chun an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí sna caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil leis an méid seo a leanas: Roinn C agus Roinn D d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2000/36/CE a leasú; Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/111/CE a leasú; agus Iarscríbhinn II agus Cuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2001/113/CE a leasú. Tá tábhacht ar leith leis go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(5)

Tar éis ghlacadh Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (9) a bhfuil feidhm aige maidir le gach céim den phróiseas táirgthe, próiseála agus leithdháilte bia agus beatha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, tá forálacha ginearálta Aontais maidir le bia-ábhair infheidhme go díreach ar na táirgí a chumhdaítear le Treoir 1999/4/CE, le Treoir 2000/36/CE, le Treoir 2001/111/CE, le Treoir 2001/113/CE agus le Treoir 2001/114/CE. Dá bhrí sin, ní gá a thuilleadh na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún le go ndéanfaí forálacha na dTreoracha sin a ailíniú le forálacha ginearálta Aontais maidir le bia-ábhair. Ba cheart, dá bhrí sin, na forálacha lena dtugtar na cumhachtaí sin a scriosadh.

(6)

Tá an Rialachán seo teoranta do na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún cheana faoi Threoir 1999/4/CE, faoi Threoir 2000/36/CE, faoi Threoir 2001/111/CE, faoi Threoir 2001/113/CE agus faoi Threoir 2001/114/CE a ailíniú le hAirteagal 290 CFAE agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme na gcumhachtaí sin. Ós rud é gurb amhlaidh i gcónaí é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na dTreoracha sin a baint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 1999/4/CE, Treoir 2000/36/CE, Treoir 2001/111/CE, Treoir 2001/113/CE agus Treoir 2001/114/CE a leasú dá réir.

(8)

Ós rud é nach mbaineann na leasuithe a rinneadh ar Threoir 1999/4/CE, ar Threoir 2000/36/CE, ar Threoir 2001/111/CE, ar Threoir 2001/113/CE agus ar Threoir 2001/114/CE ach le cumhachtaí an Choimisiúin amháin, ní gá do na Ballstáit iad a thrasuí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 1999/4/CE

Scriostar Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Threoir 1999/4/CE.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2000/36/CE

Leasaítear Treoir 2000/36/CE leis seo mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Chun an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí i gcaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun Roinn C agus Roinn D d’Iarscríbhinn I a leasú.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 18 Samhain 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.”.

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 2001/111/CE

Leasaítear Treoir 2001/111/CE leis seo mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Chun an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí i gcaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun Cuid B den Iarscríbhinn a leasú.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 18 Samhain 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.”.

Airteagal 4

Leasuithe ar Threoir 2001/113/CE

Leasaítear Treoir 2001/113/CE leis seo mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Chun an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí i gcaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun Iarscríbhinn II agus Cuid B d’Iarscríbhinn III a leasú.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 18 Samhain 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.”.

Airteagal 5

Leasuithe ar Threoir 2001/114/CE

Scriostar Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir 2001/114/CE.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 9 Deireadh Fómhair 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)   IO C 229, 31.7.2012, lch. 143.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2013.

(3)   IO L 66, 13.3.1999, lch. 26.

(4)   IO L 197, 3.8.2000, lch. 19.

(5)   IO L 10, 12.1.2002, lch. 53.

(6)   IO L 10, 12.1.2002, lch. 67.

(7)   IO L 15, 17.1.2002, lch. 19.

(8)   IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(9)   IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.