|
9.7.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
35 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 269 Eagrán Speisialta Gaeilge an 10 Deireadh Fómhair 2013 )
Ar leathanach 2, aithris 2, an chéad cheithre líne:
in ionad:
“na rialacha nós imeachta maidir le leas a bhaint as cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach nuair nach bhfuil sé bailí níos mó nó nuair a dhéantar é a chúlghairm, …”,
léitear:
“na rialacha nós imeachta maidir le leas a bhaint as cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach tar éis dó scor de bheith bailí nó tar éis é a chúlghairm; ...”.
Ar leathanach 24, Airteagal 37(1):
in ionad:
“1. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha nós imeachta maidir leis an méid seo leanas:
|
(a) |
cinneadh FTC nó cinneadh FCT a úsáid agus é scortha de bheith bailí nó cúlghairthe i gcomhréir leis an dtríú fomhír d’Airteagal 34(9); |
|
(b) |
fógra a thabhairt ag an gCoimisiún do na húdaráis chustaim i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 34(10); |
|
(c) |
na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 35 a úsáid agus a chinneadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 36 nuair a scoirfidh siad de bheith bailí; |
|
(d) |
cinntí a chur ar fionraí dá dtagraítear in Airteagal 35 agus a chinntear i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 36 agus fógra a thabhairt do na húdaráis chustaim faoin bhfionraí nó faoi tharraingt siar an fhionraí. |
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 285(4).”,
léitear:
“1. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha nós imeachta maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
cinneadh FTC nó cinneadh FCT a úsáid tar éis dó scor de bheith bailí nó tar éis é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 34(9); |
|
(b) |
an Coimisiún do thabhairt fógra do na húdaráis chustaim i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 34(10); |
|
(c) |
na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 35 a úsáid agus a chinneadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 36 tar éis dóibh scor de bheith bailí; |
|
(d) |
cinntí dá dtagraítear in Airteagal 35 agus a chinntear i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 36 a chur ar fionraí agus fógra a thabhairt do na húdaráis chustaim faoin bhfionraí nó faoi tharraingt siar an fhionraí. |
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 285(4).”.