30.9.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

2


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 269 Eagrán Speisialta Gaeilge an 10 Deireadh Fómhair 2013 )

Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail “gníomhartha tarmligthe” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “bearta tarmligthe”.

Leathanach 13, Airteagal 5(10):

in ionad:

“(10)

ciallaíonn ‘dearbhú imeachta achomair’ an gníomh trína gcuireann duine in iúl do na húdaráis chustaim san fhoirm fhorordaithe agus sa mhodh atá forordaithe agus laistigh de theorainn ama shonrach, go bhfuil earraí le tabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais;”,

léitear:

“(10)

ciallaíonn ‘dearbhú imeachta achomair’ an gníomh trína gcuireann duine in iúl do na húdaráis chustaim, san fhoirm fhorordaithe agus sa mhodh atá forordaithe agus laistigh de theorainn ama shonrach, go bhfuil earraí le tabhairt amach as críoch chustaim an Aontais;”.

Leathanach 44, Airteagal 106:

in ionad:

“(…) chun na cásanna dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 102(1) …”,

léitear:

“(…) chun na cásanna dá dtagraítear i bpointe (d) den dara fomhír d'Airteagal 102(1) …”.

Leathanach 48, an dara fomhír d'Airteagal 116(7):

in ionad:

“(…) déanfar aon ús a íocadh faoin dara fomhír de mhír 5 a aisíoc.”,

léitear:

“(…) déanfar aon ús a íocadh faoin dara fomhír de mhír 6 a aisíoc.”.

Leathanach 48, an dara fomhír d'Airteagal 117(1):

in ionad:

“(…) don fhéichiúnaí maidir leis an bhfiach custaim ar mhodh a bhí contrártha do phointe (c) nó do phointe (d) d'Airteagal 102(1).”,

léitear:

“(…) don fhéichiúnaí maidir leis an bhfiach custaim ar mhodh a bhí contrártha do phointe (c) nó do phointe (d) den dara fomhír d'Airteagal 102(1).”.

Leathanach 52, pointe (a) d'Airteagal 131:

in ionad:

“(a)

na cásanna sonracha eile ina dtarscaoilfear an oibleagáid dearbhú iontrála achomair a thaisceadh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 127(2);”,

léitear:

“(a)

na cásanna sonracha eile ina dtarscaoilfear an oibleagáid dearbhú iontrála achomair a thaisceadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 127(2);”.

Leathanach 55, Airteagal 145(3):

in ionad:

“Déanfaidh duine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 139(1) nó (2) an dearbhú stórála sealadaí a thaisceadh …”,

léitear:

“Déanfaidh duine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 139(1) nó (3) an dearbhú stórála sealadaí a thaisceadh …”.

Leathanach 59, Airteagal 158(2):

in ionad:

“I gcásanna sonracha, seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 6(2), féadfar dearbhú custaim a thaisceadh …”,

léitear:

“I gcásanna sonracha, seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 6(3), féadfar dearbhú custaim a thaisceadh …”.

Leathanach 72, an chéad mhír d'Airteagal 217:

in ionad:

“Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha nós imeachta maidir le nós imeachta speisialta a urscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 185.”,

léitear:

“Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha nós imeachta maidir le nós imeachta speisialta a urscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 215.”.

Leathanach 72, Airteagal 221(b):

in ionad:

“(b)

lena gcinnteofar na gnáthfhoirmeacha láimhseála d'earraí a cuireadh faoi nós imeachta stórasaithe custaim nó nós imeachta próiseála nó i saorchrios amhail dá dtagraítear in Airteagal 220.”,

léitear:

“(b)

lena gcinnfear na gnáthfhoirmeacha láimhseála d'earraí a cuireadh faoi nós imeachta stórasaithe custaim nó nós imeachta próiseála nó i saorchrios amhail dá dtagraítear in Airteagal 220.”.

Leathanach 79, Airteagal 253:

in ionad:

“Tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 243, chun a chinneadh: …”,

léitear:

“Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 284, chun a chinneadh: …”.

Leathanach 80, an chéad fhomhír d'Airteagal 257(1):

in ionad:

“Sonróidh na húdaráis chustaim an tréimhse inar gá an nós imeachta próiseála isteach a urscaoileadh, i gcomhréir le hAirteagal 216.”,

léitear:

“Sonróidh na húdaráis chustaim an tréimhse ar laistigh di a bhfuil an nós imeachta próiseála isteach le hurscaoileadh, i gcomhréir le hAirteagal 215.”.

Leathanach 80, Airteagal 257(3):

in ionad:

“3.   I gcás réamhonnmhairithe i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 223(2), sonróidh an t-údarú an tréimhse inar gá na hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad a dhearbhú le haghaidh an nós imeachta próiseála isteach, agus an t-am is gá lena soláthar agus lena n-iompar go críoch custaim an Aontais á chur san áireamh.”,

léitear:

“3.   I gcás réamhonnmhairithe i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 223(2), sonróidh an t-údarú an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar na hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad a dhearbhú le haghaidh an nós imeachta próiseála isteach, agus an t-am is gá lena soláthar agus lena n-iompar go críoch custaim an Aontais á chur san áireamh.”.

Leathanach 83, pointe (b) d'Airteagal 265:

in ionad:

“(b)

na cásanna sonracha ina dtarscaoilfear an oibleagáid dearbhú réamhimeachta a thaisceadh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 263(2).”,

léitear:

“(b)

na cásanna sonracha ina dtarscaoilfear an oibleagáid dearbhú réamhimeachta a thaisceadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 263(2).”.

Leathanach 86, an tríú mír d'Airteagal 281:

in ionad:

“I gcás nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”,

léitear:

“I gcás nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”.

Leathanach 87, Airteagal 284(2), (3) agus (5):

cuirtear tagairt d'Airteagal 216 in ionad na tagartha d'Airteagal 213.