29.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/13


RIALACHÁN (AE) Uimh. 607/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meitheamh 2013

lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/97 ón gComhairle lena n-aistarraingítear rochtain Maenmar/Bhurma ar fhabhair taraife ghinearálaithe go sealadach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil le hAirteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 552/97 ón gComhairle an 24 Márta 1997 maidir le rochtain Aontas Mhaenmar ar fhabhair taraife ghinearálaithe a aistarraingt go sealadach (2), arna leasú le hAirteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim um fhabhair taraife ghinearálaithe i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2009 (3), go ndéanfar rochtain Maenmar/Bhurma ar na fabhair taraife arna ndeonú le Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 a aistarraingt go sealadach.

(2)

Déantar foráil le pointe (a) d’Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 go bhféadfar na socruithe fabhracha dá bhforáiltear sa Rialachán sin a aistarraingt go sealadach, i ndáil leis na táirgí ar fad nó i ndáil le táirgí áirithe de thionscnamh na tíre is tairbhí, i gcás shárú tromchúiseach córasach na bprionsabal atá leagtha síos sna coinbhinsiúin atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, ar bhonn chonclúidí na gcomhlachtaí ábhartha faireacháin.

(3)

Déantar Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair Éigeantais nó Éigeantach, 1930 (Uimh. 29), a liostú i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 732/2008.

(4)

De bhun Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 552/97, ba cheart deireadh a chur le cur chun feidhme an Rialacháin sin i bhfianaise tuarascála ón gCoimisiún maidir le saothar éigeantais i Maenmar/Burma, rud a léiríonn nach ann do na cleachtais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 a thuilleadh.

(5)

An 13 Meitheamh 2012, ghlac an Chomhdháil Idirnáisiúnta Saothair (CIS) rún “Maidir leis na bearta i ndáil le Maenmar arna nglacadh faoi Airteagal 33 de Bhunreacht CIS” (“Rún CIS”). Agus aird á tabhairt ar na conclúidí a ghlac Coiste CIS an 4 Meitheamh 2012 maidir le Caighdeáin a Chur i bhFeidhm, agus i bhfianaise nach gcabhródh sé a thuilleadh leis an toradh atá ag teastáil a bhaint amach na bearta atá ann cheana a choimeád, chinn CIS na srianta lenar eisiadh Rialtas Maenmar/Bhurma ó chomhar agus cúnamh teicniúil CIS a fháil a bhaint. Cuireadh ar fionraí ar feadh bliana freisin, iarraidh CIS ar a gcomhaltaí athbhreithniú a dhéanamh ar a gcaidrimh le Maenmar/Burma chun a áirithiú nach bhfuil saothar éigeantais in úsáid sna caidrimh sin.

(6)

An 17 Meán Fómhair 2012, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil de bhun Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 552/97 ón gComhairle maidir le saothar éigeantais i Maenmar/Burma, ina bhfuil a thorthaí (“an Tuarascáil”). Is é conclúid na Tuarascála go gciallaíonn an dul chun cinn arna dhéanamh ag Maenmar/Burma i ndáil le moltaí CIS a chomhlíonadh, dul chun cinn atá aitheanta ag comhlachtaí inniúla faireacháin CIS, nach meastar sáruithe ar na prionsabail atá leagtha síos i gCoinbhinsiún Uimh. 29 de CIS a bheith “tromchúiseach agus córasach” a thuilleadh agus moltar inti go mba cheart rochtain ar fhabhair taraife ghinearálaithe a thabhairt arís do Mhaenmar/Burma.

(7)

I bhfianaise rún CIS agus na Tuarascála, agus de bhun Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 552/97, ba cheart aistarraingt shealadach rochtain Mhaenmar/Bhurma ar na fabhair taraife arna ndeonú le Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 a aisghairm, dá bhrí sin, amhail ón dáta a nglacfar rún CIS.

(8)

Ba cheart go leanfadh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar na forbairtí i Maenmar/Burma i ndáil le saothar éigeantais agus freagairt do na forbairtí sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm lena n-áirítear, más gá, trí nósanna imeachta aistarraingthe athnuaite,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 552/97.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Meitheamh 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Meitheamh 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Bealtaine 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Meitheamh 2013.

(2)  IO L 85, 27.3.1997, lch. 8.

(3)  IO L 211, 6.8.2008, lch. 1.