29.6.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 605/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Meitheamh 2013
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle (3), bunaítear toirmeasc ginearálta ar “theascadh eití siorc”, cleachtas trína mbaintear eití siorca, agus trína n-aischuirtear fuílleach an tsiorca san fharraige. |
(2) |
Bíonn éisc a bhaineann leis an tacsón Elasmobranchii, lena n-áirítear siorcanna, sciataí agus roic, an-leochaileach i gcoitinne ó thaobh róshaothrú de i ngeall ar a saintréithe saolré ar a bhfuil fás mall, aibíocht mhall agus líon beag iasc óg, cé nach ionann an táirgiúlacht bhitheolaíoch le haghaidh gach speicis. Le blianta beaga anuas, táthar ag díriú go mór ar roinnt pobal siorcanna, i gcoitinne, lena n-áirítear trí shoithí a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu atá ag oibriú in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad, agus tá siad faoi bhagairt thromchúiseach de bharr méadú tobann ar an éileamh atá ar tháirgí siorca, agus go háirithe ar eití siorcanna. |
(3) |
Ní comhábhar traidisiúnta den aiste bia Eorpach iad eití an tsiorca, ach is cuid riachtanach iad siorcanna d’éiceachóras muirí an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, tosaíocht a thabhairt do bhainistiú agus do chaomhnú stoc siorca maraon le tosaíocht a thabhairt, ar bhealach níos ginearálta, do chur chun cinn earnála iascaireachta a bhainisteofaí ar bhonn inbhuanaithe, ar nithe iad a rachadh chun tairbhe don chomhshaol agus do na daoine a oibríonn san earnáil. |
(4) |
Cuireann eolas eolaíoch reatha, atá bunaithe ar rátaí gabhála siorcanna a scrúdú, in iúl i gcoitinne go bhfuil roinnt stoc siorcanna faoi bhagairt thromchúiseach, cé nach amhlaidh atá i gcás na speiceas ar fad nó fiú na speiceas céanna i gcriosanna muirí éagsúla. De réir an Aontais Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN), tá breis is 25 % de gach speiceas peiligeach siorcanna faoi bhagairt, ar siorcanna móra peiligeacha aigéanacha breis is 50 % díobh. Le blianta beaga anuas rinneadh gabháil, coinneáil ar bord, trasloingsiú nó cur i dtír líon méadaithe speiceas siorcanna a thoirmeasc faoi dhlí an Aontais nó faoi eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh, lena n-áirítear i gcás siorcanna a bhfuil a gcuid eití luachmhar ó thaobh cúrsaí trádála de. |
(5) |
Faoi láthair, is iad an siorc gorm (Priconace glauca) agus mácó biorshrónach (Isurus oxyrinchus), atá aicmithe ag an IUCN mar speiceas atá “faoi bhagairt nach mór” agus “leochaileach” faoi seach, na speicis siorcanna is mó atá á ngabháil ag an gcabhlach Eorpach, agus seasann siorc gorm do thart ar 70 % de shuim iomlán na siorcanna atá tuairiscithe a cuireadh i dtír. Tá speicis eile, áfach, lena n-áirítear siorc ceann casúir agus síodsiorc, faoi réir gabhála in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad, freisin, agus cuireann siad le hinmharthanacht eacnamaíoch iascaigh. |
(6) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003, ceadaítear faoi láthair do Bhallstáit ceadanna speisialta iascaireachta a eisiúint lena gceadaítear próiseáil siorcanna a dhéanamh ar bord trí eití an tsiorca a bhaint dá chorp. Lena áirithiú go bhfuil comhghaol ann idir meáchan na n-eití agus meachán na gcorp, tá cóimheas bunaithe “idir eití agus conablach”. Baineann deacrachtaí tromchúiseacha rialaithe agus forfheidhmithe le cóimheas “idir eití agus conablach” a úsáid. Níl úsáid cóimheasa den sórt sin leordhóthanach chun deireadh a chur le roghnú na scotha agus mar gheall ar dhifríochtaí i dteicnící gearradh eití agus ar inathraitheacht mhéid na n-eití agus ar mheáchan speiceas éagsúil siorcanna, d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar é a úsáid nach ndéanfaí teascadh eití siorca a bhrath. Tar éis na n-oibríochtaí próiseála, is féidir na heití agus na coirp a chur i dtír i gcalafoirt éagsúla. Sna dálaí sin, cuirtear isteach ar bhailiú sonraí, lena n-áirítear, inter alia, sonraí maidir le haithint speiceas nó maidir le struchtúr pobal siorcanna, atá mar bhuntaca le comhairle eolaíoch chun bearta caomhnaithe iascaigh a bhunú. |
(7) |
I bhfianaise an Phlean Ghníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le Siorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú a ghlac Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) sa bhliain 1999, ba cheart don Aontas na bearta uile is gá a ghlacadh chun siorcanna a chaomhnú agus chun fuílleach agus ábhar muirí aischurtha ó ghabhálacha de shiorcanna a íoslaghdú. Ina chonclúidí an 23 Aibreán 2009, d’fhormhuinigh an Chomhairle cur chuige ginearálta agus cuspóirí sonracha an Aontais mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ghaolmhar ón gCoimisiún faoi Phlean Gníomhaíochta don Chomhphobal Eorpach maidir le Siorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú an 5 Feabhra 2009. Spreag an Chomhairle an Coimisiún freisin chun aird ar leith a thabhairt ar an tsaincheist i dtaobh eití siorcanna a bhaint de shiorcanna agus chun togra chun Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 a leasú a thíolacadh, a luaithe is féidir, ag tagairt go háirithe do na díolúintí agus do na coinníollacha gaolmhara a leagtar síos ann. |
(8) |
Admhaíonn an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) go bhfuil fadhb ann i dtaobh teascadh eití siorcanna agus tá sé iarrtha aige an fhadhb sin a dhíothú gan eisceacht, agus tá sé molta aige gur cheart gach speiceas Elasmobranchii a chur i dtír agus na heití orthu ó nádúr. |
(9) |
Is minice anois a thugann eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh aghaidh ar an tsaincheist i dtaobh teascadh eití siorca. Anuas air sin, tá a gcomhlachtaí eolaíochta i bhfabhar siorcanna a chur i dtír agus a n-eití orthu ó nádúr agus tá siad á thabhairt dá n-aire gurb é sin an tslí is fearr chun cosc a chur ar theascadh eití siorca agus chun na sonraí is gá a bhailiú chun measúnuithe a dhéanamh ar stoc a éascú. Sna rúin bhliantúla ar iascach inbhuanaithe arna n-eisiúint ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ó 2007 i leith, i mBeartas Domhanda 2008 an IUCN i gcoinne teascadh eití siorca agus i gcruinniú 2010 na Comhdhála Athbhreithnithe ar an gComhaontú maidir le Stoic Éisc uile, iarradh ar náisiúin bearta a ghlacadh lena gceanglófar go gcuirfear gach siorc i dtír agus na heití orthu ó nádúr. |
(10) |
In 2010 agus in 2011, mar chuid den mheasúnú tionchair riachtanach, d’eagraigh an Coimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí chun faisnéis a bhailiú maidir leis an mbealach is oiriúnaí chun Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 a leasú. Ina mheasúnú tionchair, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart, chun an bunchuspóir a bhaint amach arb é atá ann stoic siorcanna a chaomhnú, go bhforálfaí leis an Rialachán sin go ndéanfaí na siorcanna uile a chur i dtír agus a n-eití orthu. |
(11) |
Ba cheart, da bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, scriostar pointe 3; |
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Gan dochar do mhír 1, d’fhonn stóráil ar bord a éascú, féadfar eití siorcanna a shliseadh gan iad a scoitheadh agus iad a fhilleadh le hais an chonablaigh, ach ní bhainfear den chonablach iad sula gcuirfear i dtír é.”; |
(3) |
scriostar Airteagal 4 agus Airteagal 5; |
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 Tuarascálacha (1) Más rud é go ndéanfaidh soithí a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu siorcanna a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a chur i dtír, déanfaidh Ballstát na brataí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (4) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle a chur chun feidhme (5), tuarascáil chuimsitheach ar chur chun feidhme an Rialacháin seo aige i gcaitheamh na bliana roimhe sin a chur chuig an gCoimisiún, go bliantúil, faoin 1 Bealtaine. Beidh tuairisc tugtha sa tuarascáil ar an bhfaireachán a rinne an Ballstát brataí ar an tslí ar chomhlíon na soithí an Rialachán seo in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad, agus ar na bearta forfheidhmithe a rinne sé i gcás neamhchomhlíonta. Déanfaidh an Ballstát brataí, go háirithe, an fhaisnéis uile seo a leanas a thabhairt:
2. Tar éis an dara tuarascáil bhliantúil a bheith curtha isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1, déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Eanáir 2016, tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar oibriú an Rialacháin seo agus ar na forbairtí idirnáisiúnta atá déanta sa réimse seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Meitheamh 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. CREIGHTON
(1) IO C 181, 21.6.2012, lch. 195.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Meitheamh 2013.
(3) IO L 167, 4.7.2003, lch. 1.
(4) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(5) IO L 112, 30.4.2011, lch. 1.”.