18.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/62


RIALACHÁN (AE) Uimh. 528/2013 ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 12 Meitheamh 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) maidir le dáta a chur i bhfeidhm

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33, Airteagal 114 agus Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé ceaptha Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (3) a chur in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (4). Tháinig Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 i bhfeidhm an 24 Meitheamh 2008, ach ní bheidh sé infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 188(2) de, go dtí go mbeidh a chuid forálacha cur chun feidhme infheidhme, agus an 24 Meitheamh 2013 ar a dhéanaí.

(2)

An 20 Feabhra 2012, chuir an Coimisiúin togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le haghaidh Rialacháin lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, i bhfoirm athmhúnlú ar Rialachán (CE) Uimh. 450/2008, chun é a ionadú roimh an dáta deiridh dá chur i bhfeidhm an 24 Meitheamh 2013. Ní féidir an gnáthnós imeachta reachtach a chur i gcrích in am do ghlacadh agus do theacht i bhfeidhm an Rialacháin beartaithe sin roimh an dáta sin, áfach. In éagmais aon ghníomhaíocht reachtach cheartaitheach, bheadh feidhm dá bhrí sin ag Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 an 24 Meitheamh 2013 agus dhéanfaí Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 a aisghairm. D'fhágfadh sé sin go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann maidir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme go hiarbhír amhail ón dáta sin agus bheadh sé ina bhacainn roimh chreat cuimsitheach comhsheasmhach dhlí an Aontais a choinneáil i dtaca le cúrsaí custaim, ar feitheamh an Rialachán atá beartaithe a ghlacadh.

(3)

D'fhonn deacrachtaí tromchúiseacha den sórt sin maidir le reachtaíocht chustaim an Aontais a chosc agus chun dóthain ama a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an próiseas maidir le glacadh athmhúnlú Chód Custaim an Aontais a chur i gcrích, ba cheart an dáta deiridh do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 450/2008, atá leagtha síos sa dara fomhír in Airteagal 188(2) de, a chur ar atráth. Is é an dáta nua a mheastar a bheadh oiriúnach chun na críche sin an 1 Samhain 2013.

(4)

I bhfianaise phráinn an ábhair, ba cheart go mbeadh feidhm ag eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról Parlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(5)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sa dara fomhír d'Airteagal 188(2) de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008, déantar ‘1 Samhain 2013’ a chur in ionad an dáta ‘24 Meitheamh 2013’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Meitheamh 2013

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  Tuairim an 22 Bealtaine 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Meitheamh 2013.

(3)  IO L 145, 4.6.2008, lch. 1.

(4)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.