25.4.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/39


RIALACHÁN (AE) Uimh. 347/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2013

maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 26 Márta 2010, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach leis an togra ón gCoimisiún chun straitéis nua “Eoraip 2020” a sheoladh. Tá fás inbhuanaithe ar cheann de thosaíochtaí na straitéise Eoraip 2020 agus bainfear é sin amach trí gheilleagar atá níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche a chur chun cinn. Sa straitéis sin cuireadh bonneagair fuinnimh ar thús cadhnaíochta mar chuid den tionscnamh suaitheanta “Eoraip atá tíosach ar acmhainní” trí bhéim a chur ar an ngéarghá atá le gréasáin na hEorpa a uasghrádú chun iad a idirnascadh ar leibhéal ilchríche agus go háirithe chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú.

(2)

Níor baineadh amach go fóill an sprioc a comhaontaíodh i gconclúidí Chomhairle Eorpach Barcelona i Márta 2002 go mbeadh leibhéal idirnasc leictreachais ag na Ballstáit a bheadh coibhéiseach le 10 % ar a laghad dá n-acmhainneacht táirgthe suiteáilte.

(3)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Tosaíochtaí maidir le bonneagar fuinnimh don bhliain 2020 agus ina diaidh — Treoirphlean maidir le gréasán fuinnimh comhtháite Eorpach”, agus ina dhiaidh sin i gconclúidí na Comhairle an 28 Feabhra 2011 agus sa rún ó Pharlaimint na hEorpa (4), éilíodh beartas nua bonneagair fuinnimh chun forbairt gréasán a bharrfheabhsú ar leibhéal na hEorpa don tréimhse go dtí an bhliain 2020 agus ina diaidh, chun a chur ar chumas an Aontais a phríomhchuspóirí beartais fuinnimh a bhaint amach, i.e. iomaíochas, inbhuanaitheacht agus cinnteacht an tsoláthair.

(4)

Leag an Chomhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011 béim ar an ngá atá le bonneagar fuinnimh na hEorpa a nuachóiriú agus a leathnú chun gréasáin a idirnascadh thar theorainneacha, chun dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur i bhfeidhm, chun foráil a dhéanamh maidir le bealaí eile soláthair nó idirthurais agus le foinsí eile fuinnimh agus chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt in iomaíocht le foinsí traidisiúnta. D’áitigh sí nár cheart go mbeadh Ballstát ar bith fágtha aonraithe ó ghréasáin gáis agus leictreachais na hEorpa i ndiaidh 2015 ná go mbeadh a chinnteacht fuinnimh i gcontúirt mar gheall ar easpa nasc iomchuí.

(5)

Leagtar síos treoirlínte do ghréasáin thras-Eorpacha fuinnimh (GTE-F) i gCinneadh Uimh. 1364/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Tá sé mar chuspóirí leis na treoirlínte sin tacú le cur i gcrích mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais agus táirgeadh, iompar, leithdháileadh agus úsáid réasúnach acmhainní fuinnimh á spreagadh ag an am céanna, aonrú na réigiún is lú buntáiste agus na réigiún oileánach a laghdú, soláthairtí, foinsí agus bealaí fuinnimh an Aontais a dhaingniú agus a éagsúlú, lena n-áirítear trí chomhar le tríú tíortha, agus cur le forbairt inbhuanaithe agus cosaint an chomhshaoil.

(6)

Taispeánadh go soiléir i meastóireacht a rinneadh ar an gcreat GTE-F reatha, cé go raibh tionchar dearfach ag an gcreat sin ar roinnt tionscadal roghnaithe trí infheictheacht pholaitiúil a thabhairt dóibh, nach bhfuil dóthain físe, fócais ná solúbthachta ag baint leis an mbeartas chun bearnaí sainaitheanta sa bhonneagar a líonadh. Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, dlús a chur lena dhícheall chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheadh ann amach anseo sa réimse seo, agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar bhealaí chun bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo san éileamh agus soláthar fuinnimh a shainaithint.

(7)

Tá sé ríthábhachtach dlús a chur faoi athchóiriú an bhonneagair fuinnimh reatha agus bonneagar fuinnimh nua a úsáid chun cuspóirí bheartas fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach, i.e. an margadh inmheánach fuinnimh a chur i gcrích, cinnteacht an tsoláthair a ráthú, go háirithe le haghaidh gáis agus ola, astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú 20 % (30 % má bhíonn coinníollacha cuí ann), sciar an fhuinnimh in-athnuaite in ídiú fuinnimh deiridh a mhéadú go 20 % (6), agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú 20 % faoin mbliain 2020 lena bhféadfaidh gnóthachain in éifeachtacht fuinnimh cuidiú le laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le bonneagair nua a thógáil. Ag an am céanna, ní mór don Aontas a bhonneagar a ullmhú do thuilleadh dícharbónaithe sa chóras fuinnimh san fhadtéarma idir seo agus 2050. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an Rialachán seo in ann freastal ar chuspóirí bheartas fuinnimh agus aeráide an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

(8)

In ainneoin go ndéantar foráil le Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (7) agus le Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (8) do mhargadh inmheánach san fhuinneamh, tá an margadh ilroinnte fós de dheasca idirnasc neamhleor idir gréasáin náisiúnta fuinnimh agus de bhrí nach bhfuil an úsáid is fearr á baint as an mbonneagar fuinnimh atá ann cheana féin. Tá gréasáin chomhtháite ar fud an Aontais agus imlonnú eangacha cliste ríthábhachtach, áfach, chun margadh comhtháite iomaíoch agus atá ag feidhmiú go cuí a áirithiú chun an úsáid is fearr is féidir as an mbonneagar fuinnimh a bhaint amach, chun méadú a dhéanamh ar éifeachtacht fuinnimh agus ar chomhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite dáilte agus chun fás, fostaíocht agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

(9)

Ba cheart bonneagar fuinnimh an Aontais a uasghrádú chun cliseadh teicniúil a chosc agus chun a sheasmheacht a mhéadú in aghaidh cliseadh den sórt sin, in aghaidh tubaistí nádúrtha agus de dhéantús an duine, in aghaidh éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide agus in aghaidh bagairtí ar a shláine, go háirithe a mhéid a bhaineann le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha mar atá leagtha amach i dTreoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpach a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (9).

(10)

Is féidir le hiompar ola trí phíblínte talún seachas thar uisce cur go mór leis an riosca comhshaoil a bhaineann le hiompar ola a laghdú.

(11)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2011“Eangacha cliste: ón nuálaíocht go húsáid”, aithníodh go bhfuil tábhacht ag baint le heangacha cliste chun cuspóirí beartais fuinnimh an Aontais a bhaint amach.

(12)

Tá méadú ag teacht ar an ról atá ag saoráidí stórála fuinnimh agus ag saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe nó dí-chomhbhrúite le haghaidh gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) agus le haghaidh gáis nádúrtha chomhbhrúite (GNC) sa bhonneagar fuinnimh Eorpach. Is comhchuid thábhachtach de dhea-fheidhmiú an bhonneagair ghréasáin é leathnú na saoráidí bonneagair fuinnimh sin.

(13)

Tugadh i bhfios go láidir sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2011 dar teideal “Beartas Fuinnimh AE: I mBun Oibre le Comhpháirtithe lasmuigh Dár dTeorainneacha” nach mór don Aontas forbairt bonneagair fuinnimh a chur chun cinn mar chuid dá chaidreamh seachtrach d’fhonn tacú le forbairt shocheacnamaíoch lasmuigh de theorainneacha an Aontais. Ba cheart go n-éascódh an tAontas tionscadail bonneagair a nascann gréasáin fuinnimh an Aontais le gréasáin tríú tíortha, go háirithe le tíortha comharsanacha agus le tíortha a bhfuil comhar sonrach fuinnimh bunaithe ag an Aontas leo.

(14)

Chun cobhsaíocht voltais agus minicíochta a áirithiú, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar chobhsaíocht an ghréasáin leictreachais Eorpaigh faoi na coinníollacha athraitheacha atá ann mar gheall ar an insreabhadh méadaithe d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite atá de chineál inathraitheach.

(15)

Tá na riachtanais infheistíochta idir seo agus 2020 i mbonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis atá ábhartha don Eoraip measta ag thart ar EUR 200 billiún. Mar gheall ar an méadú suntasach atá tagtha ar mhéideanna infheistíochta i gcomparáid le treochtaí san am a chuaigh thart agus mar gheall ar an bpráinn atá le cur chun feidhme na dtosaíochtaí maidir le bonneagar fuinnimh, teastaíonn cur chuige nua maidir leis an mbealach a ndéantar bonneagair fuinnimh, agus go háirithe na cinn sin de chineál trasteorann, a rialáil agus a mhaoiniú.

(16)

I nDoiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin chuig an gComhairle an 10 Meitheamh 2011 dar teideal “Riachtanais infheistíochta agus ceanglais airgeadais i ndáil le bonneagar fuinnimh”, cuireadh i bhfios go láidir go bhfuil baol ann nach seachadfar thart ar leath de na hinfheistíochtaí ar fad is gá le haghaidh na 10 mbliana roimh 2020 ar chor ar bith nó nach seachadfar iad in am i ngeall ar bhacainní a bhaineann le deonú ceadanna, le saincheisteanna rialála agus le maoiniú.

(17)

Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha maidir le forbairt agus idir-inoibritheacht thráthúil gréasán tras-Eorpach fuinnimh chun cuspóirí bheartas fuinnimh an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus cinnteacht an tsoláthair san Aontas a áirithiú, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilt fuinnimh mar aon le forbairt cineálacha nua fuinnimh agus cineálacha in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn, agus chun idirnascadh gréasán fuinnimh a chur chun cinn. Trí na cuspóirí sin a shaothrú, cuidíonn an Rialachán seo le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus téann sé chun tairbhe don Aontas ar fad ó thaobh iomaíochais de agus ó thaobh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach de.

(18)

Tá sé bunriachtanach d’fhorbairt na ngréasán tras-Eorpach agus dá n-idir-inoibritheacht éifeachtach go ndéanfar comhardú oibríochtúil idir oibreoirí na gcóras tarchurtha (OCTanna) leictreachais a áirithiú. Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas (10) a chur chun feidhme ina leith seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (11). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid i gcomhair ghlacadh na dtreoirlínte ar chur chun feidhme an chomhordaithe oibríochtúla idir OCTanna leictreachais ar leibhéal an Aontais, i bhfianaise go mbeidh feidhm ghinearálta ag na treoirlínte sin maidir le hOCTanna uile.

(19)

Déantar cúraimí breise tábhachtacha faoin Rialachán seo a leithdháileadh ar an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (an “Ghníomhaireacht”), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus ba cheart go dtabharfaí an ceart di táillí a fhorchur le haghaidh cuid de na cúraimí breise sin.

(20)

I ndiaidh dlúthchomhairliúchán leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ar fad, rinne an Coimisiún 12 thosaíocht straitéiseacha maidir le bonneagair fuinnimh tras-Eorpacha a shainaithint, a bhfuil a gcur chun feidhme faoi 2020 bunriachtanach chun cuspóirí bheartas fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Cumhdaíonn na tosaíochtaí sin réigiúin gheografacha nó réimsí téamacha éagsúla i réimse an bhonneagair tarchurtha agus stórála leictreachais, an bhonneagair tarchurtha agus stórála gáis, an bhonneagair gáis nádúrtha leachtaithe nó comhbhrúite, greillí cliste, mórbhealaí leictreachais, iompar dé-ocsaíde carbóin agus bonneagar ola.

(21)

Ba cheart go gcomhlíonfadh tionscadail leasa choitinn critéir choiteanna, thrédhearcacha agus oibiachtúla i bhfianaise a rannchuidithe leis na cuspóirí beartais fuinnimh. Maidir le leictreachas agus gás, chun go mbeadh siad incháilithe lena gcur sa dara liosta Aontais agus i liostaí Aontais ina dhiaidh sin, ba cheart go mbeadh na tionscadail ina gcuid den phlean 10 mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin. Ba cheart go mbeadh aird, go sonrach, ag an bplean sin ar chonclúidí na Comhairle Eorpaí an 4 Feabhra 2011 maidir leis an ngá atá le margaí forimeallacha fuinnimh a chomhtháthú.

(22)

Ba cheart grúpaí réigiúnacha a bhunú chun tionscadail leasa choitinn a mholadh agus a athbhreithniú, agus a mbeadh bunú liostaí réigiúnacha de thionscadail leasa choitinn mar thoradh orthu. Chun comhaontú leathan a áirithiú, ba cheart do na grúpaí réigiúnacha sin dlúthchomhar a áirithiú idir Ballstáit, údaráis rialála náisiúnta, tionscnóirí tionscadail agus geallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart an comhar sin a bhunú, a mhéid is féidir, ar struchtúir comhair réigiúnaigh atá bunaithe cheana ag údaráis rialála náisiúnta agus ag OCTanna agus ar struchtúir eile atá bunaithe cheana ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún. I gcomhthéacs an chomhair sin, ba cheart go ndéanfadh údaráis rialála náisiúnta, nuair is gá, comhairle a chur ar ghrúpaí réigiúnacha, inter alia maidir le féidearthacht na ngnéithe rialála de thionscadail bheartaithe agus maidir le féidearthacht an tráthchláir bheartaithe i gcomhair formheasa rialála.

(23)

Chun a áirithiú go bhfuil liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn (“liosta Aontais”) teoranta do na tionscadail is mó a chuireann le cur chun feidhme na gconairí agus na réimsí tosaíochta straitéiseacha maidir le bonneagar fuinnimh, ba cheart an chumhacht chun an liosta Aontais a ghlacadh agus a athbhreithniú a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, ag urramú ag an am céanna an ceart atá ag na Ballstáit tionscadail leasa choitinn a bhaineann lena gcríoch féin a fhormheas. De réir anailíse atá déanta sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra a bhfuil an Rialachán seo mar thoradh air, meastar go bhfuil thart ar 100 tionscadal den sórt sin i réimse an leictreachais agus 50 i réimse an gháis. Nuair a chuirtear an meastachán sin san áireamh, chomh maith leis an ngá atá le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart go mbeadh líon iomlán na dtionscadal leasa choitinn fós inláimhsithe agus, dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh a líon go suntasach níos mó ná 220. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(24)

Ba cheart liosta nua Aontais a bhunú gach dhá bhliain. Tionscadail leasa choitinn atá tugtha chun críche nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na critéir agus ceanglais ábhartha amhail a leagtar amach sa Rialachán seo, níor cheart go mbeadh siad ar an gcéad liosta eile Aontais. Ar an gcúis sin, ba cheart go mbeadh tionscadail leasa choitinn atá ann cheana atá le cur san áireamh sa chéad liosta eile Aontais faoi réir an phróisis roghnúcháin chéanna atá ann do thionscadail bheartaithe maidir le liostaí réigiúnacha a bhunú agus maidir leis an liosta Aontais a bhunú; ba cheart cúram a ghlacadh, áfach, chun an t-ualach riaracháin a bheadh ann mar thoradh air sin a laghdú a mhéid agus is féidir, mar shampla trí úsáid a bhaint a mhéid is féidir as faisnéis a cuireadh isteach roimhe sin agus trí aird a thabhairt ar thuarascálacha bliantúla lucht tionscanta an tionscadail.

(25)

Ba cheart tionscadail leasa choitinn a chur chun feidhme chomh sciobtha agus is féidir agus ba cheart dlúthfhaireachán agus dlúthmheastóireacht a dhéanamh orthu, agus an t-ualach riaracháin i leith tionscnóirí tionscadail á choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ba cheart don Choimisiún comhordaitheoirí Eorpacha a ainmniú le haghaidh tionscadal a bhfuil deacrachtaí ar leith ag baint leo.

(26)

Maidir le próisis deonaithe ceadanna, níor cheart go dtiocfadh ualaí riaracháin astu atá ar neamhréir le méid ná le castacht an tionscadail ná go gcruthóidís bacainní ar fhorbairt gréasán tras-Eorpach agus ar rochtain ar an margadh. Chuir conclúidí na Comhairle an 19 Feabhra 2009 béim ar an ngá atá le bacainní ar infheistíocht a shainaithint agus le deireadh a chur leo, lena n-áirítear trí nósanna imeachta pleanála agus comhairliúcháin a shruthlíniú. Leag conclúidí na Comhairle Eorpaí an 4 Feabhra 2011 béim arís ar na conclúidí sin nuair a tugadh i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le próisis deonaithe ceadanna a shruthlíniú agus a fheabhsú agus inniúlachtaí náisiúnta a urramú ag an am céanna.

(27)

Ba cheart pleanáil agus cur chun feidhme tionscadail leasa choitinn an Aontais i réimsí an bhonneagair fuinnimh, iompair agus teileachumarsáide a chomhordú chun sineirgíochtaí a chruthú aon uair is ciallmhar é sin a dhéanamh ó thaobh na pleanála foriomláine eacnamaíche, teicniúla, comhshaoil nó spásúla de agus le haird chuí á tabhairt ar na gnéithe ábhartha sábháilteachta. Mar sin, nuair atá gréasáin éagsúla Eorpacha á bpleanáil, d’fhéadfaí tosaíocht a thabhairt do ghréasáin iompair, cumarsáide agus fuinnimh a chomhtháthú chun a áirithiú gurb é an méid is lú is féidir de thalamh a chúmhdófar, agus go n-áiritheofaí ag an am céanna, nuair is féidir, go mbaintear athúsáid as bealaí atá cheana ann nó bealaí nach bhfuil in úsáid a thuilleadh chun an tionchar diúltach sóisialta, eacnamaíoch, comhshaoil agus airgeadais a laghdú an méid is mó is féidir.

(28)

Ba cheart “stádas tosaíochta” ar an leibhéal náisiúnta a thabhairt do thionscadail leasa choitinn chun láimhseáil riaracháin ghasta a áirithiú. Ba cheart go measfadh údaráis inniúla gur chun leasa an phobail iad tionscadail leasa choitinn. Ba cheart údarú a thabhairt do thionscadail a bhfuil drochthionchar acu ar an gcomhshaol, ar chúiseanna leasa phoiblí shárathaigh, nuair a chomhlíontar na coinníollacha go léir faoi Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (13) agus faoi Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat maidir le gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (14).

(29)

Trí údarás inniúil nó údaráis inniúla a chomhtháthaíonn nó a chomhordaíonn na próisis deonaithe ceadanna go léir (“ionad uileghnó”) a bhunú, ba cheart go laghdófaí castacht, go méadófaí éifeachtúlacht agus trédhearcacht agus go gcuideofaí le comhar a fheabhsú i measc na mBallstát. Ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla i mbun oibríochta chomh luath agus is féidir tar éis é a n-ainmniú amhlaidh.

(30)

D’ainneoin go bhfuil caighdeáin bhunaithe ann maidir le rannpháirtíocht an phobail i nósanna imeachta cinnteoireachta maidir leis an gcomhshaol, tá gá le bearta breise chun na caighdeáin trédhearcachta agus rannpháirtíochta poiblí is fearr is féidir a áirithiú maidir leis na saincheisteanna ábhartha uile sa phróiseas deonaithe ceadanna do thionscadail leasa choitinn.

(31)

Trí chur chun feidhme ceart agus comhordaithe a dhéanamh ar Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (15); ar Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (16), i gcás inarb infheidhme, ar Choinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht an phobail i ndéanamh cinntí agus rochtain ar dhlí agus ar cheart maidir le cúrsaí comhshaoil, arna shíniú in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 (17) (“Coinbhinsiún Aarhus”) agus Coinbhinsiún Espoo maidir le measúnacht tionchair timpeallachta i gcomhthéacs trasteorann (“Coinbhinsiún Espoo”), ba cheart go n-áiritheofaí comhchuibhiú na bpríomhphrionsabal maidir le measúnú ar éifeachtaí comhshaoil, lena n-áirítear i gcomhthéacs trasteorann. Ba cheart do na Ballstáit a measúnuithe maidir le tionscadail leasa choitinn a chomhordú agus foráil a dhéanamh maidir le measúnuithe comhpháirteacha, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart Ballstáit a spreagadh le malartú a dhéanamh ar dhea-chleachtas agus ar fhorbairt acmhainneachta riaracháin le haghaidh próiseas deonaithe ceadanna.

(32)

Tá sé tábhachtach na próisis deonaithe ceadanna a chuíchóiriú agus a fheabhsú, agus urraim á léiriú — a mhéid is féidir ag féachaint go cuí do phrionsabail na coimhdeachta — d’inniúlachtaí agus nósanna imeachta náisiúnta le haghaidh bonneagar nua a thógáil. I bhfianaise na práinne a bhaineann le bonneagair fuinnimh a fhorbairt, ba cheart chomh maith le simpliú a dhéanamh ar na próisis deonaithe ceadanna go mbeadh tréimhse ama ann ina mbeadh ar na húdaráis ábhartha cinneadh a ghlacadh lena linn maidir le tógáil an tionscadail. Ba cheart go spreagfadh an teorainn ama sin sainiú agus láimhseáil níos éifeachtúla na nósanna imeachta, agus níor cheart, ar chúinse ar bith, go mbainfeadh sé an bonn de na hardchaighdeáin maidir le cosaint an chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí. Maidir leis na huasteorannacha ama a leagtar síos leis an Rialachán seo, d’fhéadfadh na Ballstáit mar sin féin dícheall a dhéanamh chun iad a ghiorrú tuilleadh más féidir. Ba cheart do na húdaráis inniúla comhlíonadh na dtréimhsí ama a áirithiú, agus ba cheart go bhféachfadh na Ballstáit lena áirithiú go ndéileálfar ar an mbealach is éifeachtúla is féidir le hachomhairc lena ndéantar dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht ghnásúil cinnidh chuimsithigh a agóid.

(33)

Sa chás ina measann Ballstáit é a bheith iomchuí, féadfaidh siad a áireamh sa chinneadh cuimsitheach cinntí a ghlactar i gcomhthéacs: caibidlíocht le húinéirí talún aonair chun rochtain, úinéireacht nó ceart áitithe a dheonú i gcás maoine; pleanáil spásúil lena gcinntear úsáid ghinearálta talún i réigiún sainithe, lena n-áirítear forbairtí eile amhail mórbhealaí, iarnróid, foirgnimh agus limistéir faoi chosaint fiadhúlra, agus ar pleanáil í nach ndearnadh chun críche sainiúla an tionscadail bheartaithe; ceadanna oibríochtúla a dheonú. I gcomhthéacs na bpróiseas deonaithe ceadanna, d’fhéadfadh bonneagar gaolmhar a bheith san áireamh sa tionscadal leasa choitinn a mhéid go bhfuil sé sin bunriachtanach do thógáil nó d’fheidhmiú an tionscadail.

(34)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, agus go háirithe ag na forálacha maidir le ceadanna a dheonú, le rannpháirtíocht phoiblí agus le tionscadail leasa choitinn a chur chun feidhme, gan dochar don dlí idirnáisiúnta ná do dhlí an Aontais, lena n-áirítear forálacha chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint agus forálacha arna nglacadh faoin gComhbheartas Iascaigh agus Muirí.

(35)

Ba cheart, i gcoitinne, gurb iad úsáideoirí an bhonneagair a sheasfadh na lánchostais d’fhorbairt, tógáil, oibriú agus cothabháil na dtionscadal leasa choitinn. Ba cheart go mbeadh tionscadail leasa choitinn incháilithe do leithdháileadh costas trasteorann nuair a léirítear i measúnú ar éileamh an mhargaidh nó ar na héifeachtaí ionchasacha ar na taraifí nach féidir a bheith ag súil leis go ndéanfaidh na taraifí a íocfaidh úsáideoirí an bhonneagair na costais a aisghnóthú.

(36)

Ba cheart an plé maidir le leithdháileadh iomchuí costas a bhunú ar an anailís ar chostais agus sochair tionscadail bhonneagair a dhéanfar ar bhonn modheolaíochta comhchuibhithe chun anailís uile-chórais a dhéanamh ar fhuinneamh, faoi chuimsiú na bpleananna 10 mbliana maidir le forbairt gréasáin arna n-ullmhú ag Gréasáin Eorpacha na nOibreoirí Córais Tarchurtha faoi Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha (18), ar measúnú é a ndéanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú air. D’fhéadfaí a chur san áireamh leis an anailís sin táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha do chomparáid na gcostas infheistíochta aonaid.

(37)

I margadh inmheánach fuinnimh atá ag éirí níos comhtháite, tá gá le rialacha soiléire trédhearcacha maidir le leithdháileadh costas thar theorainneacha chun dlús a chur le hinfheistíocht i mbonneagar trasteorann. Mheabhraigh Comhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011 an tábhacht a bhaineann le creat rialála a chur chun cinn a mheallfadh infheistíocht i ngréasáin, le taraifí socraithe ag leibhéil atá comhsheasmhach le riachtanais mhaoinithe agus leis an leithdháileadh iomchuí costas le haghaidh infheistíochtaí trasteorann, agus iomaíocht agus iomaíochas á bhfeabhsú agus an tionchar ar thomhaltóirí á chur san áireamh. Nuair a bhíonn leithdháileadh costas trasteorann á chinneadh ag údaráis rialála náisiúnta, ba cheart dóibh a áirithiú nach ualach míchionmhar dá dtomhaltóirí an tionchar atá aige ar tharaifí náisiúnta. Sa bhreis air sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta an baol gur ann do thacaíocht dhúbailte do thionscadal nó do thionscadail a sheachaint trí na muirir agus na hioncaim, idir iarbhír agus mheasta, a chur san áireamh. Níor cheart na muirir agus na hioncaim sin a chur san áireamh ach amháin a mhéid atá siad ceaptha chun na costais atá i gceist a chlúdach agus ba cheart a mhéid is féidir go mbeadh siad gaolmhar do na tionscadail. Nuair a dhéantar tairbhe i gcríoch lasmuigh dá teorainn do na Ballstáit lena mbaineann a chur san áireamh in iarraidh ar infheistíocht, ba cheart go rachadh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhairle leis na hOCTanna lena mbaineann maidir leis an anailís costais agus sochair atá sainiúil don tionscadal.

(38)

Ceanglaítear leis an dlí reatha maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh go bhforáiltear le taraifí le haghaidh rochtana ar na gréasáin gháis agus leictreachais do dhreasachtaí iomchuí chun infheistíocht a dhéanamh. Agus an dlí maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh á cur i bhfeidhm, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta creat rialála cobhsaí agus intuartha a áirithiú le dreasachtaí le haghaidh tionscadal leasa choitinn, lena n-áirítear dreasachtaí fadtéarmacha, atá i gcomhréir le leibhéal riosca sonraigh an tionscadail. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le teicneolaíochtaí nuálacha tarchuir don leictreachas a fhágann gur féidir comhtháthú ar mhórscála a dhéanamh ar fhuinneamh in-athnuaite, ar acmhainní fuinnimh dáilte nó ar fhreagairt ar éileamh i gcás gréasán idirnasctha, agus tá feidhm aige maidir le bonneagar tarchurtha gáis lena dtugtar acmhainn ag céim chun cinn nó solúbthacht bhreise don mhargadh chun trádáil ghearrthéarmach nó soláthar cúltaca a cheadú i gcás suaitheadh soláthar.

(39)

Níl feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le ceadanna a dheonú le haghaidh tionscadal leasa choitinn de réir na brí a leagtar síos anseo, agus le rannpháirtíocht phoiblí sna tionscadail sin agus le déileáil ar bhonn rialála leis na tionscadail sin. Féadfaidh Ballstáit mar sin féin na rialacha céanna nó rialacha comhchosúla a chur i bhfeidhm, de bhua a ndlí náisiúnta, ar thionscadail eile nach bhfuil stádas tionscadal leasa choitinn acu de réir raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir leis na dreasachtaí rialála, féadfaidh Ballstáit na rialacha céanna nó rialacha comhchosúla a chur i bhfeidhm, de bhua a ndlí náisiúnta, ar thionscadail leasa choitinn a thig faoin gcatagóir stóráil leictreachais.

(40)

Ballstáit nach bhforálann faoi láthair do stádas dlíthiúil den éifeacht náisiúnta is airde is féidir a thabhairt do thionscadail bhonneagair fuinnimh i gcomhthéacs na bpróiseas deonaithe ceadanna, ba cheart dóibh a bhreithniú stádas den sórt sin a thabhairt isteach, go háirithe trí mheasúnú, más rud é go leanfadh an próiseas deonaithe ceadanna a bheadh níos tapa as an méid sin.

(41)

Léiríodh sa Chlár Fuinnimh Eorpach do Théarnamh (CFET), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), an breisluach a bhaineann le cistiú príobháideach a ghiaráil trí chúnamh suntasach airgeadais ón Aontas d’fhonn deis a thabhairt tionscadail a bhfuil tábhacht leo ar leibhéal na hEorpa a chur chun feidhme. D’aithin Comhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011 go bhféadfadh sé go mbeadh airgeadas poiblí teoranta de dhíth ar roinnt tionscadal bonneagair fuinnimh chun cistiú príobháideach a ghiaráil. I bhfianaise na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais agus srianta buiséadacha, ba cheart tacaíocht spriocdhírithe a fhorbairt, trí bhíthin deontas agus ionstraimí airgeadais, faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, rud a mheallfadh infheisteoirí nua chun infheistíocht a dhéanamh sna conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh ag coinneáil ranníocaíocht bhuiséadach an Aontais chomh íseal agus is féidir ag an am céanna. Ba cheart go mbeadh na bearta ábhartha faoi threoir ag an taithí a fuarthas le linn na treoirchéime tar éis bannaí tionscadail a thabhairt isteach chun tionscadail bonneagair a mhaoiniú.

(42)

Ba cheart tionscadail leasa choitinn sna réimsí leictreachais, gáis agus dé-ocsaíde carbóin a bheith incháilithe chun cúnamh airgeadais a fháil ón Aontas le haghaidh staidéar agus, faoi choinníollacha áirithe, le haghaidh oibreacha a luaithe a bhíonn fáil ar an maoiniú sin faoin Rialachán cuí maidir le Saoráid um Chónascadh na hEorpa, agus ba cheart an chabhair sin a bheith ar fáil i bhfoirm deontas nó i bhfoirm ionstraimí airgeadais nuálaíocha. Áiritheofar leis sin gur féidir tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil do na tionscadail leasa choitinn sin nach bhfuil inmharthana faoin gcreat rialála reatha agus faoi dhálaí reatha an mhargaidh. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí aon saobhadh ar iomaíochas a sheachaint, go háirithe idir tionscadail a rannchuidíonn le gnóthú na conaire tosaíochta céanna Aontais. Ba cheart don chúnamh airgeadais sin na sineirgíochtaí leis na Cistí Struchtúrtha is gá a áirithiú, rud a mhaoineoidh gréasáin chliste dáilte fuinnimh a bhfuil tábhacht áitiúil nó réigiúnach ag baint leo. Baineann loighic trí chéim le hinfheistíochtaí le haghaidh tionscadal leasa choitinn: sa chéad chéim, ba cheart go mbeadh an tosaíocht ag an margadh le hinfheistíocht a dhéanamh. Sa dara céim, mura ndéanann an margadh infheistíochtaí, ba cheart réitigh rialála a lorg, ba cheart an creat rialála ábhartha a choigeartú más gá, agus ba cheart feidhmiú ceart an chreata rialála ábhartha a áirithiú. Sa tríú céim, i gcás nach leor an chéad dá chéim chun na hionstraimí is gá a sheachadadh i dtionscadail leasa choitinn, d’fhéadfaí cúnamh airgeadais Aontais a dheonú má chomhlíonann an tionscadal leasa choitinn na critéir incháilitheachta is infheidhme.

(43)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon forbairt agus idir-inoibritheacht na ngréasán tras-Eorpach fuinnimh agus nascadh leis na gréasáin sin, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú dá bhrí sin ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(44)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a leasú dá réir.

(45)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Sa Rialachán seo leagtar síos treoirlínte maidir le forbairt agus idir-inoibritheacht thráthúil conairí agus réimsí tosaíochta i mbonneagar fuinnimh tras-Eorpach a leagtar amach in Iarscríbhinn I (“conairí agus réimsí tosaíochta sa bhonneagar fuinnimh”).

2.   Déantar na nithe seo a leanas go háirithe leis an Rialachán seo:

(a)

tugtar aghaidh ann go sainaithneofar tionscadail leasa choitinn a bhfuil gá leo chun conairí agus réimsí tosaíochta a chur chun feidhme a thig faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh maidir le leictreachas, gás, ola agus dé-ocsaíd charbóin a leagtar amach in Iarscríbhinn II (“catagóirí bonneagair fuinnimh”);

(b)

éascaítear cur chun feidhme tráthúil tionscadal leasa choitinn trí phróisis deonaithe ceadanna a shruthlíniú, a chomhordú níos dlúithe agus a luathú agus trí rannpháirtíocht phoiblí a fheabhsú;

(c)

soláthraítear rialacha agus treorú maidir leis an leithdháileadh trasteorann costas agus maidir le dreasachtaí atá bainteach le riosca do thionscadail leasa choitinn;

(d)

cinntear coinníollacha faoina mbeidh tionscadail leasa choitinn incháilithe chun cúnamh airgeadais a fháil ón Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe dá bhforáiltear i dTreoir 2009/28/CE, i dTreoir 2009/72/CE agus i dTreoir 2009/73/CE, i Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, i Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “bonneagar fuinnimh” aon trealamh fisiceach nó saoráid fhisiceach, a thig faoi na catagóirí sa bhonneagar fuinnimh, atá lonnaithe san Aontas nó a nascann an tAontas le ceann amháin nó níos mó de thríú tíortha;

(2)

ciallaíonn “cinneadh cuimsitheach” an cinneadh nó an bailiúchán cinntí a ghlacann údarás nó údaráis Ballstáit, gan cúirteanna ná binsí san áireamh, lena gcinntear cibé acu atá nó nach bhfuil údarú le deonú do thionscnóir tionscadail chun an bonneagar fuinnimh a thógáil lena ndéanfar tionscadal a réadú, gan dochar d’aon chinneadh a ghlacfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin;

(3)

ciallaíonn “tionscadal” ceann amháin nó níos mó de línte, de phíblínte, de shaoráidí, de threalamh nó de shuiteálacha a thig faoi na catagóirí sa bhonneagar fuinnimh;

(4)

ciallaíonn “tionscadal leasa choitinn” tionscadal a bhfuil gá leis chun na conairí agus réimsí tosaíochta sa bhonneagar fuinnimh atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme agus ar cuid é de liosta uile-Aontais na dtionscadal leasa choitinn dá dtagraítear in Airteagal 3;

(5)

ciallaíonn “scrogall bonneagair fuinnimh” srianadh ar shreafaí fisiceacha i gcóras fuinnimh mar gheall ar acmhainneacht neamhleor tarchuir, lena n-áirítear inter alia easpa bonneagair;

(6)

ciallaíonn “tionscnóir tionscadail” ceann daoibh seo a leanas:

(a)

OCT, oibreoir córais dáileacháin nó oibreoir nó infheisteoir eile atá ag forbairt tionscadail leasa choitinn;

(b)

má tá roinnt OCTanna, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí eile, infheisteoirí nó aon ghrúpa díobh sin ann, ciallaíonn sé an t-eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme, a ndearnadh é a ainmniú trí shocrú conarthach eatarthu agus a bhfuil sé de chumas aige oibleagáidí dlíthiúla a ghabháil air féin agus dliteanas airgeadais a glacadh chuige thar ceann na bpáirtithe sa socrú conarthach;

(7)

ciallaíonn “eangach chliste” gréasán leictreachais ar féidir léi iompar agus gníomhaíochtaí na n-úsáideoirí go léir atá nasctha léi, lena n-áirítear gineadóirí, tomhaltóirí agus iad sin a ghineann agus a thomhalaíonn, a chomhtháthú ar bhealach cost-éifeachtúil chun córas cumhachta atá éifeachtúil go heacnamaíoch agus inbhuanaithe a áirithiú ag a mbeadh caillteanais ísle agus leibhéil arda cáilíochta, cinnteachta soláthair agus sábháilteachta;

(8)

ciallaíonn “oibreacha” ceannach, soláthar agus úsáid comhpháirteanna, córas agus seirbhísí lena n-áirítear bogearraí, cur i gcrích gníomhaíochtaí forbartha agus tógála agus gníomhaíochtaí suiteála a bhaineann le tionscadal, glacadh le suiteálacha agus seoladh tionscadail;

(9)

ciallaíonn “staidéir” gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun cur chun feidhme tionscadal a ullmhú, amhail staidéir ullmhúcháin, staidéir féidearthachta, staidéir mheastóireachta, staidéir thástála agus staidéir bhailíochtaithe, lena n-áirítear bogearraí, agus aon bheart tacaíochta teicniúla eile lena n-áirítear réamhghníomhaíocht chun tionscadal a shainmhíniú agus a fhorbairt agus chun cinneadh a dhéanamh maidir lena mhaoiniú, amhail réamhshuirbhéireacht na suíomh lena mbaineann agus ullmhú an phacáiste airgeadais;

(10)

ciallaíonn “údarás rialála náisiúnta” údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Threoir 2009/72/CE nó i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE;

(11)

ciallaíonn “coimisiúnú” an próiseas a bhaineann le tionscadal a chur i mbun oibríochta, ón uair a bhíonn sé tógtha.

CAIBIDIL II

TIONSCADAIL LEASA CHOITINN

Airteagal 3

Liosta Aontais de thionscadail leasa choitinn

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear 12 Ghrúpa Réigiúnacha (“Grúpaí”) mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III.1. Beidh comhaltas gach Grúpa bunaithe ar gach conaire agus réimse tosaíochta agus ar chumhdach geografach gach ceann acu sin mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Beidh cumhachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí teoranta do na Ballstáit agus don Choimisiún, a dtagrófar dóibh, chun na críche sin, mar chomhlacht cinnteoireachta na nGrúpaí.

2.   Déanfaidh gach Grúpa a chuid rialacha nós imeachta féin a ghlacadh, ag féachaint do na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

3.   Déanfaidh comhlacht cinnteoireachta gach Grúpa liosta réigiúnach de thionscadail leasa choitinn atá beartaithe a ghlacadh, arna tharraingt suas de réir an phróisis a leagtar amach in Iarscríbhinn III.2, de réir an mhéid a chuireann gach tionscadal le cur chun feidhme na gconairí agus na réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh agus de réir chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 4.

Nuair a dhéanann Grúpa a liosta réigiúnach a tharraingt suas:

(a)

beidh ar gach togra aonair le haghaidh tionscadal leasa choitinn atá beartaithe formheas a fháil ó na Ballstáit a bhfuil baint ag an tionscadal lena chríoch nó lena gcríoch; má chinneann Ballstát gan a fhormheas a thabhairt, déanfaidh sé a chuid cúiseanna réasúnaithe dó sin a thabhairt ar aird an Ghrúpa lena mbaineann;

(b)

cuirfidh sé san áireamh an chomhairle ón gCoimisiún a bhfuil sé mar aidhm léi líon iomlán inláimhsithe de thionscadail leasa choitinn a bheith ann.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 a bhunaíonn an liosta Aontais de thionscadail leasa choitinn (“liosta Aontais”), faoi réir an dara mír d’Airteagal 172 CFAE. Is i bhfoirm iarscríbhinne a ghabhann leis an Rialachán seo a bheidh an liosta Aontais.

I bhfeidhmiú a chumhachtaí dó, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an liosta Aontais a bhunú gach dhá bhliain ar bhonn na liostaí réigiúnacha a ghlacfaidh comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí amhail a leagtar síos in Iarscríbhinn III.1(2) agus an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo á leanúint acu.

Glacfar chéad liosta an Aontais faoin 30 Meán Fómhair 2013.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, nuair a bheidh an liosta Aontais á ghlacadh aige ar bhonn na liostaí réigiúnacha:

(a)

a áirithiú gurb iad na tionscadail sin a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 4, agus iad san amháin, atá san áireamh;

(b)

comhleanúnachas trasréigiúnach a áirithiú, agus an tuairim ón nGníomhaireacht amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn III.2(12) á cur san áireamh;

(c)

aird a thabhairt ar aon tuairimí ó Bhallstáit amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn III.2.(9); agus

(d)

féachaint le líon iomlán inláimhsithe de thionscadail leasa choitinn a bheith ar an liosta Aontais.

6.   Beidh tionscadail leasa choitinn a áirítear ar liosta an Aontais de bhun mhír 4 den Airteagal seo ina gcuid lárnach de na pleananna infheistíochta réigiúnaí ábhartha de bhun Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus ina gcuid lárnach de na pleananna náisiúnta ábhartha 10 mbliana maidir le forbairt gréasáin faoi Airteagal 22 de Threoir 2009/72/CE agus de Threoir 2009/73/CE agus ina gcuid lárnach de na pleananna bonneagair náisiúnta eile lena mbaineann, de réir mar is iomchuí. Tabharfar an tosaíocht is airde is féidir do na tionscadail sin laistigh de gach ceann de na pleananna sin.

Airteagal 4

Critéir le haghaidh tionscadal leasa choitinn

1.   Comhlíonfaidh tionscadail leasa choitinn na critéir ghinearálta seo a leanas:

(a)

tá an tionscadal riachtanach le haghaidh ar a laghad ceann de na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh;

(b)

is tábhachtaí tairbhí foriomlána féideartha an tionscadail, arna meas i gcomhréir leis na critéir shonracha faoi seach i mír 2, ná costais an tionscadail, lena n-áirítear ar an bhfadtéarma; agus

(c)

comhlíonfaidh an tionscadal aon cheann de na critéir seo a leanas:

(i)

baineann sé le dhá Bhallstát ar a laghad, trí theorainn dhá Ballstáit nó níos mó a thrasnú;

(ii)

tá sé lonnaithe ar chríoch Ballstáit amháin agus tá tionchar suntasach trasteorann aige mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.1;

(iii)

trasnaíonn sé ar a laghad teorainn Ballstáit amháin agus tír ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

2.   Beidh feidhm ag na critéir shonracha seo a leanas maidir le tionscadail leasa choitinn a thig faoi chatagóirí sonracha bonneagair fuinnimh:

(a)

maidir leis na tionscadail tarchurtha agus stórála leictreachais a thig faoi na catagóirí sa bhonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.1(a) go (d), rannchuideoidh an tionscadal go mór le comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na critéir shonracha seo a leanas:

(i)

comhtháthú margaidh, inter alia trí dheireadh a chur le haonrú ceann amháin de na Ballstáit ar a laghad agus trí scrogaill sa bhonneagar fuinnimh a laghdú; iomaíocht agus solúbthacht an chórais;

(ii)

inbhuanaitheacht, inter alia trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú isteach san eangach agus trí ghiniúint in-athnuaite a tharchur chuig mórionaid ídithe agus chuig láithreáin stórála;

(iii)

cinnteacht an tsoláthair, inter alia trí idir-inoibritheacht, naisc iomchuí agus oibríocht córais shláin agus iontaofa;

(b)

maidir le tionscadail gáis a thig faoi na catagóirí sa bhonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.2, rannchuideoidh an tionscadal go mór le ceann amháin ar a laghad de na critéir shonracha seo a leanas:

(i)

comhtháthú margaidh, inter alia trí dheireadh a chur le haonrú ceann amháin de na Ballstáit ar a laghad agus trí scrogaill sa bhonneagar fuinnimh a laghdú; idir-inoibritheacht agus solúbthacht an chórais;

(ii)

cinnteacht an tsoláthair, inter alia trí naisc iomchuí agus trí fhoinsí soláthair, contrapháirtithe is soláthraithe agus bealaí a éagsúlú;

(iii)

iomaíocht, inter alia trí fhoinsí soláthair, contrapháirtithe is soláthraithe agus bealaí a éagsúlú;

(iv)

inbhuanaitheacht, inter alia trí astaíochtaí a laghdú, trí thacú le giniúint eadrannach ar fhuinneamh in-athnuaite agus trí fheabhas a chur ar úsáid gáis in-athnuaite;

(c)

maidir le tionscadail leictreachais a bhaineann le heangacha cliste agus a thig faoin gcatagóir sa bhonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.1(e), rannchuideoidh an tionscadal go mór le gach ceann de na critéir shonracha seo a leanas:

(i)

comhtháthú agus rannpháirtíocht úsáideoirí gréasáin a bhfuil riachtanais theicniúla nua acu maidir leis an soláthar leictreachais chucu agus leis an éileamh leictreachais acu;

(ii)

éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht tarchurtha agus dáilte leictreachais in oibríocht gréasáin ó lá go lá;

(iii)

cinnteacht an ghréasáin, rialú an chórais agus cáilíocht an tsoláthair;

(iv)

pleanáil bharrfheabhsaithe infheistíochtaí cost-éifeachtúla i ngréasáin sa todhchaí;

(v)

feidhmiú an mhargaidh agus seirbhísí do chustaiméirí;

(vi)

rannpháirtíocht úsáideoirí i mbainistíocht a gcuid úsáide fuinnimh;

(d)

maidir le tionscadail iompair ola a thig faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.3, rannchuideoidh an tionscadal go mór le gach ceann de na critéir shonracha seo a leanas:

(i)

cinnteacht an tsoláthair trí spleáchas ar fhoinse nó bealach aonair soláthair a laghdú;

(ii)

úsáid éifeachtúil agus inbhuanaithe a bhaint as acmhainní trí rioscaí comhshaoil a mhaolú;

(iii)

idir-inoibritheacht;

(e)

maidir le tionscadail iompar dé-ocsaíde carbóin a thig faoi na catagóirí sa bhonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.4, rannchuideoidh an tionscadal go mór le gach ceann de na critéir shonracha seo a leanas:

(i)

astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a sheachaint agus cinnteacht an tsoláthair fuinnimh á cothabháil ag an am céanna;

(ii)

seasmhacht agus slándáil iompar dé-ocsaíde carbóin a mhéadú;

(iii)

acmhainní a úsáid go héifeachtúil, trí nascadh iliomad foinsí agus láithreán stórála dé-ocsaíde carbóin a éascú trí bhonneagar coiteann agus trí ualach agus rioscaí comhshaoil a íoslaghdú.

3.   Maidir le tionscadail a thig faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1 go 3 déanfar na critéir atá liostaithe san Airteagal seo a mheasúnú i gcomhréir leis na táscairí atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.2 go 5.

4.   D’fhonn measúnú ar gach tionscadal a d’fhéadfadh a bheith incháilithe mar thionscadail leasa choitinn agus a d’fhéadfaí a chur san áireamh ar liosta réigiúnach a éascú, déanfaidh gach Grúpa measúnú ar a rannchuidíonn gach tionscadal le cur chun feidhme na conaire nó na réimse tosaíochta céanna ar bhealach trédhearcach agus oibiachtúil. Déanfaidh gach Grúpa a mhodh measúnaithe a chinneadh ar bhonn an méid comhiomlánaithe a rannchuidíonn sé leis na critéir dá dtagraítear i mír 2; mar thoradh ar an measúnú sin déanfar tionscadail a rangú lena n-úsáid go hinmheánach ag an nGrúpa. Ní bheidh aon rangú sa liosta réigiúnach ná i liosta an Aontais ná ní úsáidfear an rangú chun aon chríche dá éis seachas mar a dhéantar cur síos air in Iarscríbhinn III.2(14).

Agus tionscadail á measúnú, tabharfaidh gach Grúpa aird chuí ar na nithe seo a leanas ina theannta sin:

(a)

práinn gach tionscadail atá beartaithe chun spriocanna beartais fuinnimh an Aontais a bhaint amach maidir le comhtháthú agus le hiomaíochas an mhargaidh, lena n-áirítear trí aonrú Ballstáit amháin ar a laghad a bhaint, le hinbhuanaitheacht agus le cinnteacht an tsoláthair;

(b)

líon na mBallstát a bhfuil tionchar ag gach tionscadal orthu, agus comhdheiseanna á n-áirithiú do thionscadail lena bhfuil baint ag Ballstáit fhorimeallacha;

(c)

rannchuidiú gach tionscadail le comhtháthú críochach; agus

(d)

a chomhlántaí atá siad le tionscadail eile atá beartaithe.

I gcás tionscadal “eangacha cliste” a thig faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1(e), déanfar rangú ar na tionscadail sin a bhfuil tionchar acu ar an dá Bhallstát chéanna agus tabharfar aird chuí freisin ar líon na n-úsáideoirí a bhfuil tionchar ag an tionscadal orthu, ar an ídiú fuinnimh bliantúil agus ar sciar na giniúna ó acmhainní nach féidir a sheoladh sa limistéar ina bhfuil na húsáideoirí sin.

Airteagal 5

Cur chun feidhme agus faireachán

1.   Dréachtóidh tionscnóirí tionscadail plean cur chun feidhme le haghaidh tionscadal leasa choitinn lena n-áirítear amchlár do na nithe seo a leanas:

(a)

staidéir féidearthachta agus deartha;

(b)

formheas ag an údarás rialála náisiúnta nó ag aon údarás eile lena mbaineann;

(c)

tógáil agus coimisiúnú;

(d)

an sceideal maidir le deonú ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 10(4)(b).

2.   Comhoibreoidh OCTanna, oibreoirí córais dáileacháin agus oibreoirí eile lena chéile chun forbairt tionscadal leasa choitinn atá ina limistéar féin a éascú.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na Grúpaí lena mbaineann faireachán ar an dul chun cinn a dhéantar i gcur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn agus, más gá, déanfaidh siad moltaí chun cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a éascú. Féadfaidh na Grúpaí a iarraidh go gcuirfear faisnéis bhreise ar fáil i gcomhréir le mír 4, le mír 5 agus le mír 6, féadfaidh siad cruinnithe a thionól leis na páirtithe ábhartha agus iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis a cuireadh ar fáil a fhíorú ar an láthair.

4.   Faoin 31 Márta gach bliain tar éis na bliana a dhéantar tionscadal leasa choitinn a áireamh ar liosta an Aontais ina roghnaítear tionscadal leasa choitinn de bhun Airteagal 3, cuirfidh tionscnóirí tionscadail tuarascáil bhliantúil, maidir le gach tionscadal a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1 agus 2, faoi bhráid an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8, agus ceachtar faoi bhráid na Gníomhaireachta nó, i gcás tionscadal a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.3 agus 4, faoi bhráid an Ghrúpa lena mbaineann. Mionsonrófar sa tuarascáil sin:

(a)

an dul chun cinn a rinneadh i bhforbairt, i dtógáil agus i gcoimisiúnú an tionscadail, go háirithe maidir le deonú ceadanna agus nósanna imeachta comhairliúcháin;

(b)

nuair is ábhartha, moilleanna i gcomparáid leis an bplean cur chun feidhme, cúiseanna na moilleanna sin agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;

(c)

i gcás inarb ábhartha, plean athbhreithnithe a mbeidh sé d’aidhm aige na moilleanna a shárú.

5.   Laistigh de thrí mhí ó na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fháil, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil chomhdhlúite faoi bhráid na nGrúpaí maidir leis na tionscadail leasa choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1 agus 2, ina ndéanfar meastóireacht ar an dul chun cinn a rinneadh agus déanfaidh sí moltaí, i gcás inarb iomchuí, i dtaobh slite inar féidir na moilleanna agus na deacrachtaí a tháinig chun cinn a shárú. Déanfar meastóireacht freisin sa tuarascáil chomhdhlúite sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(8) agus (9) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, ar chur chun feidhme comhsheasmhach na bpleananna forbartha gréasáin uile-Aontais i dtaca leis na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh.

6.   Gach bliain, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 8 tuairisc don Ghrúpa lena mbaineann ar an dul chun cinn agus, nuair is ábhartha, ar mhoilleanna ar chur chun feidhme tionscadal leasa choitinn atá lonnaithe ar a gcríoch féin maidir leis na próisis deonaithe ceadanna agus cúiseanna na moilleanna sin.

7.   Más rud é go mbíonn moill ar choimisiúnú tionscadail leasa choitinn i gcomparáid leis an bplean cur chun feidhme, seachas ar chúiseanna sáraitheacha nach bhfuil neart ag an tionscnóir tionscadail orthu:

(a)

sa mhéid go bhfuil feidhm ag bearta dá dtagraítear in Airteagal 22(7) (a), (b) nó (c) de Threoir 2009/72/CE agus de Threoir 2009/73/CE de réir dlíthe náisiúnta lena mbaineann, áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go ndéanfar an infheistíocht;

(b)

mura mbíonn feidhm ag bearta údarás rialála náisiúnta de réir phointe (a), roghnóidh an tionscnóir tionscadail tríú páirtí chun an tionscadal ar fad nó cuid de a mhaoiniú nó a thógáil. Déanfaidh an tionscnóir tionscadail amhlaidh roimh an moill i gcomparáid leis an dáta coimisiúnaithe má sháraíonn an plean cur chun feidhme dhá bhliain;

(c)

mura roghnaítear tríú páirtí de réir phointe (b), féadfaidh an Ballstát nó, i gcás ina bhforálann an Ballstát amhlaidh, an t-údarás rialála náisiúnta, laistigh de dhá mhí ó dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b), tríú páirtí a cheapadh chun an tionscadal a mhaoiniú nó a thógáil lena nglacfaidh an tionscnóir tionscadail;

(d)

má sháraíonn an mhoill i gcomparáid leis an dáta coimisiúnaithe sa phlean cur chun feidhme dhá bhliain agus dhá mhí, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir an chomhaontaithe agus le comhar iomlán na mBallstát lena mbaineann, glao ar thograí a sheoladh a bheidh oscailte d’aon tríú páirtí a bhfuil sé de chumas ann a bheith ina thionscnóir tionscadail chun an tionscadal a thógáil de réir amlíne comhaontaithe;

(e)

nuair a chuirtear pointe (c) nó pointe (d) i bhfeidhm, tabharfaidh an t-oibreoir córais, a bhfuil an infheistíocht lonnaithe ina limistéar féin, gach faisnéis is gá chun an infheistíocht a réadú do na hoibreoirí cur chun feidhme, do na hinfheisteoirí cur chun feidhme nó don tríú páirtí, nascfaidh sé sócmhainní nua leis an ngréasán tarchurtha agus déanfaidh sé a dhícheall go ginearálta chun cur chun feidhme na hinfheistíochta a éascú chomh maith le hoibríocht agus cothabháil shlán, iontaofa agus éifeachtúil an tionscadail leasa choitinn a áirithiú.

8.   Féadfar tionscadal leasa choitinn a bhaint den liosta Aontais de réir an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 3(4) más rud é gur áiríodh ar an liosta sin é bunaithe ar fhaisnéis mhícheart ar fhachtóir é sin lenar cinneadh go gcuirfear san áireamh é sin, nó mura bhfuil an tionscadal i gcomhréir le dlí an Aontais.

9.   Tionscadail nach bhfuil ar an liosta Aontais a thuilleadh, caillfidh siad gach ceart agus oibleagáid atá nasctha le stádas tionscadail leasa choitinn a eascraíonn as an Rialachán seo.

Mar sin féin, maidir le tionscadal nach bhfuil ar an liosta Aontais a thuilleadh ach ar glacadh le comhad iarratais ina leith lena scrúdú ag an údarás inniúil, coimeádfaidh sé na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as Caibidil III, seachas sa chás nach bhfuil an tionscadal ar an liosta níos mó ar na cúiseanna atá leagtha amach i mír 8.

10.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’aon chúnamh airgeadais Aontais arna deonú d’aon tionscadail leasa choitinn sula ndéantar é a bhaint ó liosta an Aontais.

Airteagal 6

Comhordaitheoirí Eorpacha

1.   I gcás ina mbíonn deacrachtaí cur chun feidhme ag baint le tionscadal leasa choitinn, féadfaidh an Coimisiún comhordaitheoir Eorpach a ainmniú, i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann, ar feadh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin, a fhéadfar a athnuachan faoi dhó.

2.   Déanfaidh an comhordaitheoir Eorpach an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé chun cinn na tionscadail a bhfuil sé ainmnithe mar chomhordaitheoir Eorpach ina leith, chomh maith le hidirphlé trasteorann idir na tionscnóirí tionscadail agus gach geallsealbhóir lena mbaineann;

(b)

tabharfaidh sé cúnamh do gach páirtí, de réir mar is gá, dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí lena mbaineann agus maidir leis na ceadanna is gá a fháil do na tionscadail;

(c)

más iomchuí, cuirfidh sé comhairle ar thionscnóirí tionscadail maidir leis an tionscadal a mhaoiniú;

(d)

áiritheoidh sé go gcuirfidh na Ballstáit lena mbaineann tacaíocht agus an treoir straitéiseach iomchuí ar fáil chun na tionscadail a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(e)

cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain, agus más iomchuí, ar a sainordú a chríochnú, tuarascáil maidir le dul chun cinn na dtionscadal agus maidir le haon deacrachtaí agus bacainní a d’fhéadfadh moill shuntasach a chur ar dháta coimisiúnaithe na dtionscadal. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na Grúpaí lena mbaineann.

3.   Roghnófar an comhordaitheoir Eorpach ar bhonn na taithí atá aige ó thaobh na gcúraimí sonracha a shannfar dó i dtaca leis na tionscadail lena mbaineann.

4.   Sonrófar sa chinneadh lena gceaptar an comhordaitheoir Eorpach na téarmaí tagartha ina mionsonrófar fad tréimhse an tsainordaithe, na cúraimí sonracha agus na spriocdhátaí a ghabhann leo, agus an mhodheolaíocht atá le leanúint. Beidh an iarracht chomhordaithe comhréireach le castacht agus le costais mheasta na dtionscadal.

5.   Oibreoidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhar iomlán leis an gcomhordaitheoir Eorpach le linn dó a bheith ag cur na gcúraimí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4 i gcrích.

CAIBIDIL III

CEADANNA A DHEONÚ AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT PHOIBLÍ

Airteagal 7

“Stádas tosaíochta” tionscadal leasa choitinn

1.   Tríd an liosta Aontais a ghlacadh, suífear, chun críocha aon chinntí arna n-eisiúint sa phróiseas deonaithe ceadanna, an gá atá leis na tionscadail sin ó thaobh dearcaidh beartais fuinnimh de, gan dochar do shuíomh beacht, do ródú ná do theicneolaíocht an tionscadail.

2.   Chun próiseáil éifeachtúil riaracháin na gcomhad iarratais a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a áirithiú, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile lena mbaineann go dtabharfar an chóir is gasta is féidir ó thaobh an dlí de do na comhaid sin.

3.   Nuair is ann don stádas sin sa dlí náisiúnta, tabharfar an stádas náisiúnta is airde is féidir do thionscadail leasa choitinn agus caithfear leo amhail is go bhfuil an stádas sin acu i bpróisis deonaithe ceadanna — agus i gcás ina ndéantar foráil ina leith sin sa dlí náisiúnta, maidir le pleanáil spáis — lena n-áirítear sna cinn a bhaineann le measúnuithe comhshaoil, i gcás ina bhforáiltear go gcaithfear leo amhlaidh sa dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcineál comhfhreagrach bonneagair fuinnimh.

4.   Faoin 16 Lúnasa 2013, eiseoidh an Coimisiún treoir neamhcheangailteach chun tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit agus bearta leordhóthanacha reachtacha agus neamhreachtacha á sainiú chun na nósanna imeachta measúnuithe comhshaoil a chuíchóiriú agus chun a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta measúnaithe comhshaoil a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais maidir le tionscadail leasa choitinn i bhfeidhm go comhleanúnach.

5.   Déanfaidh Ballstáit measúnú, agus aird chuí á tabhairt ar an treoir dá dtagraítear i mír 4, ar na bearta is gá a dhéanamh chun na nósanna imeachta measúnuithe comhshaoil a chuíchóiriú agus chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go comhleanúnach, agus cuirfidh siad an toradh in iúl don Choimisiún.

6.   Laistigh de naoi mí ó dháta eisithe na treorach dá dtagraítear i mír 4, glacfaidh Ballstáit bearta neamhreachtacha a bheidh sainaitheanta acu faoi mhír 5.

7.   Laistigh de 24 mhí ó dháta eisithe na treorach dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh Ballstáit na bearta reachtacha a bheidh sainaitheanta acu faoi mhír 5. Beidh na bearta sin gan dochar d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais.

8.   Maidir leis na tionchair chomhshaoil ar díríodh orthu in Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE agus in Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE, measfar go bhfuil baint ag tionscadail leasa choitinn le leas an phobail ó thaobh dearcaidh beartais fuinnimh de, agus féadfar a mheas gur le leas an phobail go sáraitheach iad, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad a leagtar amach sna Treoracha sin.

Má bhíonn gá le tuairim ón gCoimisiún i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE, áiritheoidh an Coimisiún agus an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo go ndéanfar an cinneadh maidir le baint sháraitheach tionscadail le leas an phobail laistigh den teorainn ama de bhun Airteagal 10(1) den Rialachán seo.

Airteagal 8

An próiseas deonaithe ceadanna a eagrú

1.   Faoin 16 Samhain 2013, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin a bheidh freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna do thionscadail leasa choitinn a éascú agus a chomhordú.

2.   Féadfar freagracht an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1 agus/nó na cúraimí a bhaineann leis a tharmligean chuig údarás eile nó féadfaidh an t-údarás sin iad a chur i gcrích, de réir tionscadail leasa choitinn nó de réir catagóire áirithe tionscadal leasa choitinn, ar choinníoll:

(a)

go gcuireann an t-údarás inniúil an tarmligean sin in iúl don Choimisiún agus go bhfoilsíonn an t-údarás inniúil nó an tionscnóir tionscadail an fhaisnéis atá ann ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 9(7);

(b)

nach bhfuil ach údarás amháin freagrach as aon tionscadal leasa choitinn, gurb é an t-údarás sin an t-aon phointe teagmhála atá ag an tionscnóir tionscadail sa phróiseas sula ndéantar cinneadh cuimsitheach i leith tionscadail leasa choitinn ar bith, agus go gcomhordaíonn sé cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha ar fad.

Féadfaidh an t-údarás inniúil an fhreagracht a choimeád teorainneacha ama a bhunú, gan dochar do na teorainneacha ama atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 10.

3.   Gan dochar do cheanglais ábhartha faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais, glacfaidh an t-údarás inniúil bearta le heisiúint an chinnidh chuimsithigh a éascú. Eiseofar an cinneadh cuimsitheach laistigh den teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus (2) agus de réir ceann de na scéimeanna seo a leanas:

(a)   scéim chomhtháite: eiseoidh an t-údarás inniúil an cinneadh cuimsitheach agus is é an t-aon chinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de a thig ón nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna. I gcás ina mbaineann údaráis eile leis an tionscadal, is féidir leo a dtuairim a thabhairt i ndáil leis an nós imeachta, i gcomhréir le dlí náisiúnta, agus tabharfaidh an t-údarás inniúil é sin san áireamh;

(b)   scéim chomhordaithe: cuimseofar sa chinneadh cuimsitheach iliomad cinntí aonair atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ar cinntí iad a d’eisigh roinnt údarás lena mbaineann agus a ndéanfaidh an t-údarás inniúil iad a chomhordú. Féadfaidh an t-údarás inniúil meitheal oibre a bhunú ina ndéanfar ionadaíocht thar ceann na n-údarás uile lena mbaineann chun sceideal deonaithe ceadanna a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 10(4)(b) agus chun faireachán agus comhordú a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Bunóidh an t-údarás inniúil, i gcomhairle leis na húdaráis eile lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus gan dochar do theorainneacha ama atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 10, teorainn ama réasúnta faoinar ndéanfar na cinntí aonair a eisiúint, de réir an cháis. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh aonair a ghlacadh thar ceann údaráis náisiúnta eile lena mbaineann, mura ndéanann an t-údarás sin an cinneadh laistigh den teorainn ama agus murar féidir údar leormhaith a thabhairt leis an moill; nó, i gcás ina bhforáiltear sin faoin dlí náisiúnta, agus sa mhéid go bhfuil an méid sin ag luí le dlí an Aontais, féadfaidh an t-údarás inniúil a mheas gur fhormheas údarás náisiúnta eile lena mbaineann an tionscadal nó gur dhiúltaigh sé dó mura nglacann an t-údarás sin an cinneadh laistigh den teorainn ama. I gcás ina bhforáiltear sin faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil neamhaird a thabhairt ar chinneadh aonair údaráis náisiúnta eile lena mbaineann má mheasann sé nach bhfuil bunús sách maith leis an gcinneadh maidir leis an mbunfhianaise arna tíolacadh ag an údarás náisiúnta lena mbaineann; agus é ag déanamh amhlaidh, áiritheoidh an t-údarás inniúil go n-urramófar na ceanglais ábhartha faoi reachtaíocht náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais agus tabharfaidh sé údar cuí leis an gcinneadh;

(c)   scéim chomhoibríoch: déanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh cuimsitheach a chomhordú. Bunóidh an t-údarás inniúil, i gcomhairle leis na húdaráis eile lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus gan dochar do theorainneacha ama atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 10, teorainn ama réasúnta faoinar ndéanfar na cinntí aonair a eisiúint, de réir an cháis. Déanfaidh sé faireachán ar chomhlíonadh na dteorainneacha ama ag na húdaráis lena mbaineann.

I gcás nach meastar go ndéanfaidh údarás lena mbaineann cinneadh aonair laistigh den teorann ama, cuirfidh an t-údarás sin an méid sin in iúl don údarás inniúil gan mhoill agus cuirfidh sé an t-údar leis an moill san áireamh. Ina dhiaidh sin, athshocróidh an t-údarás inniúil an teorainn ama faoina n-eiseofar an cinneadh aonair sin, agus na teorainneacha ama san iomlán atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 10 á gcomhlíonadh ag an am céanna.

Agus na sainiúlachtaí náisiúnta i bpleanáil agus i próisis deonaithe ceadanna á n-admháil, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh as na trí scéim dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír chun a gcuid nósanna imeachta a éascú agus a chomhordú agus cuirfidh siad an scéim is éifeachtaí chun feidhme. Nuair a chinneann Ballstát an scéim chomhoibríoch, cuirfidh sé na cúiseanna atá leis sin in iúl don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht na scéimeanna sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 17.

4.   Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna difriúla mar atá leagtha amach i mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail leasa choitinn ar an tír mhór agus amach ón gcósta araon.

5.   Má cheanglaítear le tionscadal leasa choitinn gur gá cinntí a ghlacadh in dhá Bhallstát nó níos mó, déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha gach beart is gá chun comhar agus comhordú éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú eatarthu féin, lena n-áirítear maidir leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 10(4). Féachfaidh na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha, go háirithe maidir le measúnú ar thionchair chomhshaoil.

Airteagal 9

Trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí

1.   Faoin 16 Bealtaine 2014, déanfaidh an Ballstát nó an t-údarás inniúil, i gcás inarb infheidhme é i gcomhoibriú le húdaráis eile lena mbaineann, lámhleabhar a fhoilsiú faoi na nósanna imeachta don phróiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail leasa choitinn. Tabharfar an lámhleabhar cothrom le dáta de réir mar is gá agus cuirfear ar fáil don phobal é. Áireofar sa lámhleabhar sin ar a laghad an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn VI.1. Ní bheidh an lámhleabhar ceangailteach ó thaobh an dlí de ach féadfaidh sé tagairt a dhéanamh d’fhorálacha dlíthiúla ábhartha nó iad a lua.

2.   Gan dochar d’aon cheanglais faoi Choinbhinsiúin Aarhus agus Espoo nó faoi dhlí ábhartha an Aontais, cloífidh na páirtithe go léir a bhfuil baint acu leis an bpróiseas deonaithe ceadanna leis na prionsabail maidir le rannpháirtíocht phoiblí atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI.3.

3.   Déanfaidh an tionscnóir tionscadail, laistigh de thréimhse ama tháscach de thrí mhí ó thús an phróisis deonaithe ceadanna de bhun Airteagal 10(1)(a), coincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, tríd an bpróiseas a bhfuil breac-chuntas air sa lámhleabhar dá dtagraítear i mír 1 a leanúint agus i gcomhréir leis na treoirlínte atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI. Iarrfaidh an t-údarás inniúil modhnuithe ar an gcoincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí nó formheasfaidh sé é laistigh de thrí mhí; le linn dó déanamh amhlaidh, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí ar aon chineál rannpháirtíochta agus comhairliúcháin phoiblí a rinneadh sular cuireadh tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, sa mhéid gur chomhlíon an rannpháirtíocht agus an comhairliúchán poiblí sin ceanglais an Airteagail seo.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an tionscnóir tionscadail athruithe suntasacha a dhéanamh ar choincheap formheasta, cuirfidh sé an méid sin in iúl don údarás inniúil. Sa chás sin, féadfaidh an t-údarás inniúil modhnuithe a iarraidh.

4.   Seolfaidh an tionscnóir tionscadail comhairliúchán poiblí amháin ar a laghad, nó, i gcás ina bhfuil sé leagtha síos sa dlí náisiúnta, seolfaidh an t-údarás inniúil é, roimh an gcomhad iarratais críochnaitheach agus iomlán a chur faoi bhráid an údaráis inniúil de bhun Airteagal 10(1)(a). Beidh an méid sin gan dochar d’aon chomhairliúchán poiblí a dhéanfar tar éis iarraidh ar thoiliú don fhorbairt a chur isteach de réir Airteagal 6(2) de Threoir 2011/92/AE. Leis an gcomhairliúchán poiblí cuirfear na geallsealbhóirí dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI.3(a) ar an eolas faoin tionscadal go luath agus cuideofar leis an láthair nó leis an mbealach is oiriúnaí agus na saincheisteanna ábhartha ar gá aghaidh a thabhairt orthu sa chomhad iarratais a shainaithint. Sonraítear na híoscheanglais is infheidhme maidir leis an gcomhairliúchán poiblí sin in Iarscríbhinn VI.5.

Ullmhóidh an tionscnóir tionscadail tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail roimh sheoladh isteach an chomhaid iarratais, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a rinneadh sular cuireadh tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna. Seolfaidh an tionscnóir tionscadail isteach an tuarascáil in éineacht leis an gcomhad iarratais chuig an údarás inniúil. Tabharfar aird chuí ar na torthaí sin sa chinneadh cuimsitheach.

5.   I gcás tionscadal a thrasnaíonn teorainn dhá Bhallstát nó níos mó, tarlóidh na comhairliúcháin phoiblí de bhun mhír 4 i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann laistigh de thréimhse nach faide ná dhá mhí ón dáta a thosaigh an chéad chomhairliúcháin phoiblí.

6.   I gcás tionscadal a bhfuil dealramh air go mbeidh drochthionchair shuntasacha trasteorann acu i mBallstát comharsanachta amháin nó níos mó, má tá feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE agus ag Coinbhinsiún Espoo, cuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil d’údarás inniúil na mBallstát comharsanachta. Cuirfidh údarás inniúil na mBallstát comharsanachta in iúl, sa phróiseas fógartha i gcás inarb iomchuí, cibé an mian leis, nó le haon údarás eile lena mbaineann, páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta ábhartha comhairliúcháin phoiblí.

7.   Déanfaidh an tionscnóir tionscadail, nó, i gcás ina ndéantar foráil ina leith sin sa dlí náisiúnta, déanfaidh an t-údarás inniúil, suíomh gréasáin a bhunú agus a nuashonrú go rialta ar a mbeidh faisnéis iomchuí faoin tionscadal, ar suíomh gréasáin é a bheidh nasctha le suíomh gréasáin an Choimisiúin agus a chomhlíonfaidh na ceanglais atá sonraithe in Iarscríbhinn VI.6. Coinneofar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.

Ina theannta sin, foilseoidh tionscnóirí tionscadail faisnéis ábhartha trí mheáin faisnéise iomchuí eile a mbeidh rochtain oscailte ag an bpobal orthu.

Airteagal 10

Tréimhse agus cur chun feidhme an phróisis deonaithe ceadanna

1.   Beidh dhá nós imeachta i gceist leis an bpróiseas deonaithe ceadanna:

(a)

an nós imeachta réamhiarratais, a chumhdóidh an tréimhse idir tús an phróisis deonaithe ceadanna agus an tráth a ghlacfaidh an t-údarás inniúil leis an gcomhad iarratais arna chur faoina bhráid, seolfar é laistigh de thréimhse ama tháscach de dhá bhliain.

Cuirfear san áireamh sa nós imeachta sin ullmhúchán aon tuarascálacha comhshaoil a bheidh le hullmhú ag na tionscnóirí tionscadail.

Chun tús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, tabharfaidh na tionscnóirí tionscadail fógra i scríbhinn d’údarás inniúil na mBallstát lena mbaineann, agus áireofar cur síos réasúnta mionsonraithe ar an tionscadal leis. Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an fógra a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil an fógra, lena n-áirítear thar ceann údarás eile lena mbaineann, nó, má mheasann sé nach bhfuil an tionscadal sách forbartha le dul isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna, diúltóidh sé don fhógra i scríbhinn. I gcás ina ndiúltaítear don fhógra, tabharfaidh an t-údarás inniúil údar lena chinneadh, lena n-áirítear thar ceann údarás eile lena mbaineann. Is é an dáta ar a síníonn an t-údarás inniúil admháil an fhógra a bheidh ina dháta tosaigh don phróiseas deonaithe ceadanna. I gcás ina bhfuil dhá Bhallstát nó níos mó i gceist, beidh an dáta ar a nglacfaidh an t-údarás inniúil i gceist leis an bhfógra deiridh ina dháta tosaigh don phróiseas deonaithe ceadanna;

(b)

an nós imeachta deonaithe ceadanna reachtúil, a chumhdaíonn an tréimhse idir an dáta a nglactar leis an gcomhad iarratais arna chur isteach go dtí an tráth a ndéantar an cinneadh cuimsitheach, ní rachaidh an nós imeachta sin thar bhliain agus sé mhí. Féadfaidh Ballstáit dáta níos luaithe a shocrú don teorainn ama má mheastar go bhfuil a leithéid iomchuí.

2.   Ní rachaidh comhfhad an dá nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 thar thréimhse trí bliana agus sé mhí. Mar sin féin, i gcás ina measann an t-údarás inniúil nach mbeidh ceann amháin nó dhá cheann den dá nós imeachta den phróiseas deonaithe ceadanna curtha i gcrích roimh na teorainneacha ama atá leagtha amach i mír 1, féadfaidh sé a chinneadh, sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn gach cáis ar leith, tréimhse uasta naoi mí a chur le ceann amháin de na teorainneacha ama sin nó leis an dá cheann le haghaidh an dá nós imeachta chomhcheangailte.

Sa chás sin, cuirfidh an t-údarás inniúil na bearta a rinneadh nó atá le déanamh chun an próiseas deonaithe ceadanna a chur i gcrích sa tréimhse ama is giorra is féidir in iúl don Ghrúpa lena mbaineann agus cuirfidh sé os a chomhair iad. Féadfaidh an Grúpa iarraidh ar an údarás inniúil tuairisc rialta a thabhairt maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis seo.

3.   I mBallstáit nach féidir an cinneadh i dtaobh bealaigh nó suímh, arna dhéanamh chun críche tionscadail atá pleanáilte go sonrach agus chun na críche sin amháin, lena n-áirítear conairí do bhonneagair eangacha a phleanáil, a chur san áireamh sa phróiseas sula ndéantar an cinneadh cuimsitheach, déanfar an cinneadh comhfhreagrach laistigh de thréimhse leithleach sé mhí a thosaíonn an dáta ar a gcuireann an tionscnóir na doiciméid iarratais chríochnaitheacha agus iomlána isteach.

Sa chás sin, laghdófar an tréimhse fadaithe dá dtagraítear i mír 2 go sé mhí, lena n-áirítear le haghaidh an nós imeachta dá dtagraítear sa mhír seo.

4.   Cuimseofar na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta réamhiarratais:

(a)

ar an bhfógra a admháil de bhun mhír 1(a), sainaithneoidh an t-údarás inniúil, i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile lena mbaineann, agus i gcás inarb iomchuí ar bhonn togra ón tionscnóir tionscadail, raon feidhme an ábhair agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le cur isteach ag an tionscnóir tionscadail, mar chuid den chomhad iarratais, chun iarratas a dhéanamh ar an gcinneadh cuimsitheach. Beidh an seicliosta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI.1(e) mar bhunús na sainaitheanta sin;

(b)

deanfaidh an t-údarás inniúil sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann agus torthaí na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi phointe (a) á gcur san áireamh, i gcomhréir leis na treoirlínte atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI.(2).

I gcás tionscadal a thrasnaíonn an teorainn idir dhá Bhallstát nó níos mó, ullmhóidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann sceideal comhpháirteach ina bhféachfaidh siad lena n-amchlár a chur ar chomhréim;

(c)

ar an dréachtchomhad iarratais a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil iarratais eile, más gá, agus lena n-áirítear thar ceann údarás eile lena mbaineann, maidir le faisnéis atá le cur isteach ag an tionscnóir tionscadail agus atá ar iarraidh arb iarratais iad nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu ach amháin ar ábhair a shainaithnítear faoi phointe (a). Laistigh de thrí mhí ón gcomhad iarratais iomlán a fháil, glacfaidh an t-údarás inniúil, i bhfoirm scríbhinn, leis an iarratas lena scrúdú. Ní fhéadfar iarrataí ar fhaisnéis bhreise a dhéanamh ach má tá dálaí nua ann a thugann údar cuí leo.

5.   Áiritheoidh an tionscnóir tionscadail go bhfuil an comhad iarratais iomlán agus de cháilíocht leormhaith agus iarrfaidh sé tuairim an údaráis inniúil maidir leis sin a luaithe is féidir le linn an nós imeachta réamhiarratais. Oibreoidh an tionscnóir tionscadail go hiomlán i gcomhar leis an údarás inniúil chun spriocdhátaí a bhaint amach agus chun an sceideal mionsonraithe mar atá sé sainithe i mír 4(b) a chomhlíonadh.

6.   Beidh na teorainneacha ama atá leagtha síos san Airteagal seo gan dochar d’oibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht idirnáisiúnta agus as dlí an Aontais, agus gan dochar do nósanna imeachta achomhairc riaracháin agus leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.

CAIBIDIL IV

CÓIR RIALÁLA

Airteagal 11

Anailís uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh

1.   Faoin 16 Samhain 2013, foilseoidh Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha (ENTSO) le haghaidh Leictreachais agus an ENTSO le haghaidh Gáis a modheolaíochtaí faoi seach agus cuirfidh siad faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta iad, lena n-áireofar a modheolaíochtaí maidir le samhaltú gréasáin agus margaidh, i gcomhair anailíse comhchuibhithe costais is tairbhe ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais maidir le tionscadail leasa choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1(a) go (d) agus in Iarscríbhinn II.2. Cuirfear na modheolaíochtaí sin i bhfeidhm chun gach plean 10 mbliana maidir le forbairt gréasáin ina dhiaidh sin a ullmhú arna fhorbairt ag an ENTSO le haghaidh Leictreachais nó an ENTSO le haghaidh Gáis de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. Tarraingeofar suas na modheolaíochtaí i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos in Iarscríbhinn V agus beidh siad comhsheasmhach leis na rialacha agus leis na táscairí atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

Sula gcuirfidh siad a gcuid modheolaíochtaí faoi seach isteach, déanfaidh an ENTSO le haghaidh Leictreachais agus an ENTSO le haghaidh Gáis próiseas forleathan comhairliúcháin ina mbeidh baint ar a laghad ag na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha ar fad — agus, má mheastar é a bheith iomchuí, na geallsealbhóirí iad féin — údaráis rialála náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile.

2.   Laistigh de thrí mhí ó na modheolaíochtaí a fháil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir leis na modheolaíochtaí agus foilseoidh sí í.

3.   Laistigh de thrí mhí ó thuairim na Gníomhaireachta a fháil déanfaidh an Coimisiún, agus féadfaidh na Ballstáit, tuairim a thabhairt maidir leis na modheolaíochtaí. Cuirfear na tuairimí isteach faoi bhráid an ENTSO le haghaidh Leictreachais nó faoi bhráid an ENTSO le haghaidh Gáis.

4.   Laistigh de thrí mhí ón tuairim dheireanach a fháil faoi mhír 3 a fháil, déanfaidh an ENTSO le haghaidh Leictreachais agus an ENTSO le haghaidh Gáis a modheolaíochtaí a oiriúnú agus aird chuí á tabhairt acu ar thuairimí na mBallstát arna bhfáil, ar thuairim an Choimisiúin agus ar thuairim na Gníomhaireachta, agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin iad lena bhformheas.

5.   Laistigh de dhá sheachtain tar éis an fhormheasa ón gCoimisiún, foilseoidh an ENTSO le haghaidh Leictreachais agus an ENTSO le haghaidh Gáis a gcuid modheolaíochtaí faoi seach ar a suíomhanna gréasáin. Tarchuirfidh siad na tacair sonraí ionchuir chomhfhreagracha atá sainithe in Iarscríbhinn V.1 chomh maith le sonraí ábhartha leorchruinne eile maidir leis an ngréasán, lód na sreibhe agus an margadh i gcomhréir le dlí náisiúnta agus le comhaontuithe rúndachta ábhartha, tarchuirfidh siad iad chuig an gCoimisiún agus chuig an nGníomhaireacht, arna iarraidh sin orthu. Beidh na sonraí bailí ar dháta na hiarrata. Áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht go ndéileálfaidh siad féin, agus aon pháirtí a dhéanfaidh obair anailíse dóibh ar bhonn na sonraí sin, leis na sonraí a fhaightear ar bhonn rúnda.

6.   Cuirfear feabhas rialta ar na modheolaíochtaí agus tabharfar cothrom le dáta go rialta iad i gcomhréir le mír 1 go mír 5. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó údaráis rialála náisiúnta nó ó gheallsealbhóirí, agus tar éis di dul i gcomhairle go foirmiúil leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar gach geallsealbhóir agus leis an gCoimisiún, féadfaidh sí nuashonruithe agus feabhsúcháin den sórt sin a iarraidh má tá údar agus scálaí ama cuí leo. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na hiarrataí arna ndéanamh ag údaráis rialála náisiúnta nó ag geallsealbhóirí agus na doiciméid go léir nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de as a dtiocfaidh iarraidh ón nGníomhaireacht ar nuashonrú nó feabhsúchán.

7.   Faoin 16 Bealtaine 2015, bunóidh údaráis rialála náisiúnta ag comhoibriú faoi chuimsiú na Gníomhaireachta tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad chun costais infheistíochta aonaid a chur i gcomparáid le haghaidh tionscadal inchomparáide na gcatagóirí bonneagair a áirítear in Iarscríbhinn II.1 agus 2. Féadfaidh an ENTSO le haghaidh Leictreachais agus an ENTSO le haghaidh Gáis na luachanna tagartha sin a úsáid le haghaidh na hanailíse costais is tairbhe arna déanamh le haghaidh gach plean 10 mbliana maidir le forbairt gréasáin ina dhiaidh sin.

8.   Faoin 31 Nollaig 2016, cuirfidh an ENTSO le haghaidh Leictreachais agus an ENTSO le haghaidh Gáis samhail chomhsheasmhach agus idircheangailte de ghréasán agus de mhargadh leictreachais agus gáis faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta, samhail lena n-áirítear bonneagar tarchurtha agus stórála leictreachais agus gáis agus saoráidí GNL faoina gcuimsítear na conairí agus na réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh agus a leagadh amach i gcomhréir leis na prionsabail a tarraingíodh suas in Iarscríbhinn V. Tar éis don Choimisiún an tsamhail sin a fhormheas de réir an nós imeachta atá leagtha amach i mír 2 go mír 4, áireofar sna modheolaíochtaí í.

Airteagal 12

Infheistíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann acu a chur ar bun

1.   An OCT ábhartha nó tionscnóirí tionscadail an bhonneagair tarchurtha sna Ballstáit a bhfuil glantionchar dearfach ag an tionscadal orthu, is orthusan a bheidh na costais infheistíochta arna dtabhú go héifeachtúil, nach bhfuil costais cothabhála san áireamh iontu, a bhaineann le tionscadal leasa choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1(a), (b) agus(d) agus in Iarscríbhinn II.2, agus sa mhéid nach gcumhdaítear le cíosanna cúngaigh ná le costais eile íocfaidh úsáideoirí gréasáin as na costais sin trí tharaifí a ghearrfar as rochtain ar an ngréasán sna Ballstáit sin.

2.   I gcás tionscadail leasa choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1(a), (b) agus (d) agus in Iarscríbhinn II.2, ní bheidh feidhm ag mír 1 ach má iarrann tionscnóir tionscadail ar a laghad ar na húdaráis náisiúnta ábhartha an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm le haghaidh chostais uile an tionscadail nó cuid díobh. I gcás tionscadail leasa choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.2, ní bheidh feidhm ag mír 1 ach i gcás ina ndearnadh measúnú ar éileamh an mhargaidh cheana féin agus inar cuireadh in iúl leis sin nach bhféadfaí a bheith ag súil leis go gcumhdófaí na costais infheistíochta arna dtabhú go héifeachtúil leis na taraifí.

I gcás ina mbeidh roinnt tionscnóirí tionscadail ag tionscadal, iarrfaidh na húdaráis rialála náisiúnta gan mhoill ar na tionscnóirí tionscadail uile an iarraidh ar infheistíocht a chur isteach go comhpháirteach i gcomhréir le mír 3.

3.   I gcás tionscadail leasa choitinn a bhfuil feidhm ag mír 1 maidir leis, coinneoidh na tionscnóirí tionscdail gach údarás rialála náisiúnta lena mbaineann ar an eolas, uair sa bhliain ar a laghad, agus go gcoimisiúnófar an tionscadal, maidir le dul chun cinn an tionscadail agus maidir le sainaithint na gcostas agus an tionchair a bhaineann leis.

A luaithe a bheidh an tionscadal sin tar éis aibíocht leordhóthanach a bhaint amach, déanfaidh na tionscnóirí tionscadail, tar éis dul i gcomhairle leis na hOCTanna ó na Ballstáit a bhfuil glantionchar dearfach ag an tionscadal orthu, iarratas ar infheistíocht a chur isteach. Cuirfear san áireamh san iarraidh ar infheistíocht sin iarraidh ar leithdháileadh trasteorann costas agus cuirfear faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta go léir lena mbaineann í, mar aon leis an méid seo a leanas:

(a)

anailís costais is tairbhe sainiúil don tionscadal a bheidh comhsheasmhach leis an modheolaíocht a tarraingíodh suas de bhun Airteagal 11 agus aird á tabhairt ar thairbhí lasmuigh de theorainneacha an Bhallstáit lena mbaineann;

(b)

plean gnó ina ndéantar luacháil ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail, lena n-áirítear an réiteach maoinithe roghnaithe agus, i gcás tionscadail leasa choitinn a thig faoin gcatagóir dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.2, torthaí na tástála margaidh; agus

(c)

i gcás ina bhfuil tionscnóirí tionscadail ar aon intinn faoi, togra a bhfuil bunús maith leis le haghaidh leithdháileadh costas trasteorann.

Má tá tionscadal á chur chun cinn ag roinnt tionscnóirí tionscadail, cuirfidh siad a n-iarraidh ar infheistíocht isteach go comhpháirteach.

I gcás tionscadal a áirítear ar chéad liosta an Aontais, cuirfidh tionscnóirí tionscadail a n-iarraidh ar infheistíocht isteach faoin 31 Deireadh Fómhair 2013.

Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta cóip de gach iarraidh ar infheistíocht faoi bhráid na Gníomhaireachta gan mhoill ar an iarratas sin á fháil.

Coinneoidh na húdaráis rialála náisiúnta agus an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis íogair tráchtála faoi rún.

4.   Laistigh de shé mhí ón dáta a fhaigheann na húdaráis rialála náisiúnta deiridh lena mbaineann an iarraidh ar infheistíocht deiridh, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta cinntí comhordaithe, tar éis dul i gcomhairle leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann, maidir le leithdháileadh na gcostas infheistíochta atá le híoc ag gach oibreoir córais don tionscadal sin, agus maidir leis na costais sin a áireamh sna taraifí. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta cinneadh a dhéanamh gan ach cuid de na costais a leithdháileadh nó féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh costais a leithdháileadh idir pacáiste de roinnt tionscadal leasa choitinn.

Agus na costais á ndáileadh acu, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta aird:

ar na cíosanna cúngaigh nó ar na muirir eile iarbhír nó mheasta,

ar na hioncaim iarbhír nó mheasta a thagann ón sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha arna bhunú faoi Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

Agus cinneadh á dhéanamh costais a leithdháileadh thar theorainneacha, cuirfear san áireamh costais agus sochair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil na dtionscadal sna Ballstáit lena mbaineann agus an gá a d’fhéadfadh a bheith le tacaíocht airgeadais.

Agus cinneadh á dhéanamh ag na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, costais a leithdháileadh thar theorainneacha, féachfaidh siad, i gcomhairle leis na hOCTanna lena mbaineann, le comhaontú frithpháirteach a bhaint amach a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis atá sonraithe i mír 3(a) agus (b) ach nach mbeidh teoranta di.

Más rud é go maolaíonn tionscadal leasa choitinn seachtrachtaí diúltacha, amhail lúbshreafaí, agus más rud é go gcuirtear an tionscadal leasa choitinn seo chun feidhme sa Bhallstát arb é is bunphointe don tseachtracht dhiúltach, ní fhéachfar ar mhaolú den sórt sin mar shochar trasteorann agus, dá bhrí sin, ní bheidh sé ina bhonn le costais a leithdháileadh ar OCT na mBallstát a ndéanann na seachtrachtaí diúltacha sin difear dó/dóibh.

5.   Aon chostais iarbhír arna dtabhú ag OCT nó ag tionscnóir tionscadail eile i ngeall ar infheistíochtaí, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta, bunaithe ar an leithdháileadh costas trasteorann amhail dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, na costais sin a chur san áireamh agus taraifí á socrú nó á bhformheas acu i gcomhréir le hAirteagal 37(1)(a) de Threoir 2009/72/CE agus i gcomhréir le hAirteagal 41(1)(a) de Threoir 2009/73/CE, a mhéid go bhfreagraíonn na costais sin do chostais oibreora atá éifeachtúil agus atá inchomparáide ó thaobh struchtúir de.

Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta fógra faoin gcinneadh maidir le leithdháileadh costas, gan mhoill, don Ghníomhaireacht, i dteannta na faisnéise ábhartha uile maidir leis an gcinneadh. Áireofar san fhaisnéis go háirithe cúiseanna mionsonraithe ar leithdháileadh costais i measc na mBallstát ar a mbonn, amhail na nithe seo a leanas:

(a)

meastóireacht ar na tionchair shainaitheanta, lena n-áirítear tionchair a bhaineann le taraifí gréasáin, atá ar gach ceann de na Ballstáit lena mbaineann;

(b)

meastóireacht ar an bplean gnó dá dtagraítear i mír 3(b);

(c)

seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó uile-Aontais, a thiocfadh as an tionscadal;

(d)

toradh an chomhairliúcháin leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann.

Foilseofar an cinneadh maidir le leithdháileadh costas.

6.   I gcás nach dtagann na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis an iarraidh ar infheistíocht laistigh de shé mhí ón dáta ar a bhfaigheann an t-údarás rialála náisiúnta deiridh lena mbaineann an iarraidh dheiridh, cuirfidh siad sin in iúl don Ghníomhaireacht gan mhoill.

Sa chás seo nó ar chomhiarratas a fháil ó na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann, déanfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh maidir leis an iarraidh ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh costas trasteorann dá dtagraítear i mír 3 chomh maith leis an gcaoi a léirítear costas na n-infheistíochtaí sna taraifí agus déanfar sin laistigh de thrí mhí ón iarratas a tharchur chuig an nGníomhaireacht.

Sula ndéanfar cinneadh den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann agus leis na tionscnóirí tionscadail. Féadfar síneadh dhá mhí a chur leis an tréimhse trí mhí sin dá dtagraítear sa dara fomhír má iarrann an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil.

Foilseofar an cinneadh maidir le leithdháileadh costas. Beidh feidhm ag Airteagal 19 agus Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009.

7.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cóip de na cinntí uile maidir le leithdháileadh costas, i dteannta na faisnéise ábhartha uile maidir le gach cinneadh don Choimisiún gan mhoill. Féadfar an fhaisnéis sin a chur isteach i bhfoirm chomhiomlán. Coinneoidh an Coimisiún aon fhaisnéis íogair tráchtála faoi rún.

8.   Ní bheidh tionchar ag an gcinneadh maidir le leithdháileadh na gcostas sin ar cheart OCTanna táillí a chur i bhfeidhm ná ar údaráis rialála náisiúnta táillí a fhormheas le haghaidh rochtana ar ghréasáin i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2009/72/CE agus de Threoir 2009/73/CE, le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, agus le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

9.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tionscadail leasa choitinn:

(a)

a mbeidh díolúine faighte acu ó Airteagal 32, Airteagal 33 agus Airteagal 34 agus ó Airteagal 41(6), (8) agus (10) de Threoir 2009/73/CE de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE;

(b)

a mbeidh díolúine faighte acu ó Airteagal 16(6) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 nó a mbeidh díolúine faighte acu ó Airteagal 32 agus ó Airteagal 37(6) agus (10) de Threoir 2009/72/CE de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(c)

a mbeidh díolúine faighte acu faoi Airteagal 22 de Threoir 2003/55/CE (20); nó

(d)

a mbeidh díolúine faighte acu faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (21).

Airteagal 13

Dreasachtaí

1.   I gcás ina n-iompaíonn tionscnóir tionscadail rioscaí níos airde maidir le forbairt, tógáil, feidhmíocht nó cothabháil tionscadail leasa choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1(a), (b) agus (d) agus in Iarscríbhinn II.2 i gcomparáid leis na rioscaí a thabhódh tionscadal bonneagair incomparáide de ghnáth, áiritheoidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála náisiúnta go ndeonófar dreasachtaí iomchuí ar an tionscadal sin i gcomhréir le hAirteagal 37(8) de Threoir 2009/72/CE, Airteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE, Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, agus Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le tionscadal leasa choitinn:

(a)

a mbeidh díolúine faighte aige ó Airteagal 32, Airteagal 33 agus Airteagal 34 agus ó Airteagal 41(6), (8) agus (10) de Threoir 2009/73/CE de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE;

(b)

a mbeidh díolúine faighte aige ó Airteagal 16(6) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 nó a mbeidh díolúine faighte aige ó Airteagal 32 agus ó Airteagal 37(6) agus (10) de Threoir 2009/72/CE de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(c)

a mbeidh díolúine faighte aige faoi Airteagal 22 de Threoir 2003/55/CE; nó

(d)

a mbeidh díolúine faighte aige faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003.

2.   Agus cinneadh á dhéanamh ag na húdaráis rialála náisiúnta na dreasachtaí dá dtagraítear i mír 1 a dheonú, cuirfidh siad torthaí na hanailíse costais is tairbhe san áireamh ar bhonn na modheolaíochta a tarraingíodh suas de bhun Airteagal 11 agus cuirfear san áireamh go háirithe na seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó uile-Aontais a thiocfaidh as an tionscadal. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuillleadh anailíse ar na rioscaí sonracha arna n-iompar ag na tionscnóirí tionscadail, ar na bearta maolaithe riosca arna ndéanamh agus ar an údar leis an bpróifíl riosca i bhfianaise an ghlantionchair dhearfaigh atá mar thoradh ar an tionscadal, i gcomparáid le rogha eile lena mbaineann riosca níos ísle. Áireofar i measc rioscaí incháilithe go sonrach rioscaí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua tarchuir, ar an tír mhór agus amach ón gcósta araon, rioscaí a bhaineann le hathghabháil neamhiomlán costas agus rioscaí forbartha.

3.   Tabharfaidh an dreasacht arna deonú faoin gcinneadh aird ar chineál sonrach an riosca a iompraítear agus féadfar na nithe seo a leanas inter alia a chumhdach sa chinneadh sin:

(a)

na rialacha maidir le hinfheistíocht oirchilleach; nó

(b)

na rialacha maidir le sainaithint costas a thabhaítear go héifeachtúil roimh an tionscadal a choimisiúnú; nó

(c)

na rialacha lena ndéantar foráil maidir le toradh breise a fháil ar an gcaipiteal arna infheistiú don tionscadal; nó

(d)

aon bheart eile a mheastar a bheith riachtanach agus iomchuí.

4.   Faoin 31 Iúil 2013, cuirfidh gach údarás rialála náisiúnta faoi bhráid na Gníomhaireachta a mhodheolaíocht agus na critéir arna n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair leictreachais agus gáis agus ar na rioscaí níos airde a bhaineann leo, má tá sin ar fáil.

5.   Faoin 31 Nollaig 2013, agus aird chuí á tabhairt ar an bhfaisnéis a fuarthas de bhun mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhroinnt dea-chleachtas agus moltaí a éascú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009:

(a)

maidir leis na dreasachtaí dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn thagarmharcáil an dea-chleachtais arna déanamh ag údaráis rialála náisiúnta;

(b)

maidir le modheolaíocht choiteann chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí níos airde a iompraítear i gcás infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair leictreachais agus gáis.

6.   Faoin 31 Márta 2014, foilseoidh gach údarás rialála náisiúnta a mhodheolaíocht agus na critéir arna n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair leictreachais agus gáis agus ar na rioscaí níos airde a thabhaítear leo.

7.   Nuair nach leordhóthanach iad na bearta dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 chun cur chun feidhme tráthúil na dtionscadal leasa choitinn a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint maidir leis na dreasachtaí a leagtar síos san Airteagal seo.

CAIBIDIL V

MAOINIÚ

Airteagal 14

Incháilitheacht tionscadal do chúnamh airgeadais ón Aontas

1.   Tá tionscadail leasa choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1, 2 agus 4 incháilithe do chúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontas le haghaidh staidéar agus i bhfoirm ionstraimí airgeadais.

2.   Aon tionscadail leasa choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1(a) go (d) agus in Iarscríbhinn II.2, cé is moite de thionscadail a bhaineann le stóráil leictreachais arna hidreaphumpáil, beidh siad incháilithe freisin do chúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontas d’oibreacha má chomhlíonann siad na critéir uile seo a leanas:

(a)

cuireann an anailís costais is tairbhe tionscadal-oiriúnaithe arna déanamh de bhun Airteagal 12(3)(a), fianaise ar fáil maidir le seachtrachtaí suntasacha dearfacha a bheith ann, amhail cinnteacht an tsoláthair, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht;

(b)

tá cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann faighte ag an tionscadal de bhun Airteagal 12; nó, maidir le tionscadail leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir a leagtar amach in Iarscríbhinn II.1(c) agus nach bhfaigheann dá bhrí sin cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann, déanfaidh an tionscadal iarracht seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha, an nuálaíocht theicneolaíoch a thabhairt isteach agus sábháilteacht oibriú na heangaí trasteorann a áirithiú;

(c)

níl an tionscadal inmharthana ó thaobh na tráchtála de réir an phlean gnó ná de réir measúnuithe eile arna ndéanamh ag creidiúnaithe nó ag infheisteoirí féideartha nó ag an údarás rialála náisiúnta go háirithe. Cuirfear an cinneadh maidir le dreasachtaí agus an t-údar leo dá dtagraítear in Airteagal 13(2) san áireamh nuair atá inmharthanacht an tionscadail ó thaobh na tráchtála de á mheas.

3.   Maidir leis na tionscadail leasa choitinn a dhéantar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7)(d), beidh siad incháilithe freisin do chúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontas le haghaidh oibreacha má chomhlíonann siad na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Aon tionscadail leasa choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1(e) agus 4, beidh siad incháilithe freisin do chúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontas d’oibreacha más féidir leis na tionscnóirí tionscadail i gceist na seachtrachtaí suntasacha dearfacha a thagann as na tionscadail a léiriú go soiléir i dteannta leis an easpa inmharthanachta ó thaobh na tráchtála de a bhaineann leo, de réir an phlean gnó agus na measúnuithe eile arna ndéanamh ag infheisteoirí nó ag creidiúnaithe féideartha go háirithe nó, i gcás inarb iomchuí, ag údarás rialála náisiúnta.

Airteagal 15

Treoir maidir leis na critéir dámhachtana do chúnamh airgeadais ón Aontas

Comhlíonfaidh na critéir shonracha a leagtar amach in Airteagal 4(2) agus na paraiméadair a leagtar amach in Airteagal 4(4) ról na gcuspóirí freisin chun críche critéir dámhachtana a bhunú do chúnamh airgeadais ón Aontas sa Rialachán ábhartha maidir le Saoráid um Chónascadh na hEorpa.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse ceithre bliana amhail ón 15 Bealtaine 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

Tuairisciú agus meastóireacht

Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur chun feidhme tionscadal leasa choitinn tráth nach déanaí ná an bhliain 2017 agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn atá déanta maidir le pleanáil, forbairt, le tógáil agus le coimisiúnú tionscadal leasa choitinn a roghnaíodh de bhun Airteagal 3, agus, nuair is ábhartha, moilleanna ó thaobh cur chun feidhme agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;

(b)

na cistí arna n-úsáid agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh tionscadal leasa choitinn i gcomparáid le luach iomlán na dtionscadal leasa choitinn atá cistithe;

(c)

maidir leis na hearnálacha leictreachais agus gáis, éabhlóid forbairt ar leibhéal an idirnaisc idir na Ballstáit, forbairt chomhfhreagrach na bpraghsanna fuinnimh agus líon na n-uaireanta a chlis ar an gcóras gréasáin, na cúiseanna leis na clistí sin agus an costas gaolmhar eacnamaíoch;

(d)

deonú ceadanna agus rannpháirtíocht phoiblí, go háirithe:

(i)

méantréimhse iomlán agus uastréimhse iomlán na bpróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadal leasa choitinn, lena n-áirítear fad tréimhse gach céime den nós imeachta réamhiarratais, i gcomparáid leis an uainiú a fhoráiltear leis na mór-gharspriocanna tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(4);

(ii)

an leibhéal freasúra i gcoinne tionscadal leasa choitinn (go háirithe líon na n-agóidí scríofa le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí, líon na gcaingne dlí);

(iii)

léargas ginearálta ar na cleachtais is fearr agus is nuálaí maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus maidir le maolú ar iarmhairt ar an gcomhshaol le linn próiseas deonaithe ceadanna agus cur chun feidhme tionscadal;

(iv)

éifeachtacht na scéimeanna dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) maidir le comhlíonadh na dteorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 10;

(e)

cóir rialála, go háirithe:

(i)

líon na dtionscadal leasa choitinn ar deonaíodh cinneadh maidir le leithdháileadh trasteorann na gcostas orthu de bhun Airteagal 12;

(ii)

líon agus cineál na dtionscadal leasa choitinn a fuair dreasachtaí sonracha de bhun Airteagal 13;

(f)

éifeachtacht an Rialacháin seo maidir le cur le spriocanna do chomhtháthú an mhargaidh faoi 2014 agus faoi 2015, maidir le cur leis na spriocanna aeráide agus fuinnimh faoi 2020, agus, amach anseo, leis an ngluaiseacht i dtreo geilleagair ísealcharbóin faoi 2050.

Airteagal 18

Faisnéis agus poiblíocht

Bunóidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh ghlacadh an chéad liosta Aontais, clár oibre trédhearcachta bonneagair a mbeidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne air go héasca, lena n-áirítear tríd an idirlíon. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sa chlár oibre sin:

(a)

faisnéis ghinearálta a thabharfar cothrom le dáta, lena n-áirítear faisnéis gheografach, do gach tionscadal leasa choitinn;

(b)

an plean cur chun feidhme arna leagan amach in Airteagal 5(1) le haghaidh gach tionscadail leasa choitinn;

(c)

príomhthorthaí na hanailíse costais is tairbhe ar bhonn na modheolaíochta a tarraingíodh suas de bhun Airteagal 11 maidir leis na tionscadail leasa choitinn lena mbaineann, seachas aon fhaisnéis tráchtála íogair;

(d)

an liosta Aontais;

(e)

na cistí arna leithdháileadh agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh gach tionscadail leasa choitinn.

Airteagal 19

Forálacha idirthréimhseacha

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do dheonú, leanúint ná modhnú an chúnaimh airgeadais arna deonú ag an gCoimisiún ar bhonn na nglaonna ar thograí a seoladh faoi Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh (22) do thionscadail atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 1364/2006/CE nó i bhfianaise na spriocanna, bunaithe ar na catagóirí ábhartha caiteachais do GTE-F, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe (23).

Maidir le tionscadail leasa choitinn sa phróiseas deonaithe ceadanna a ndearna tionscnóir tionscadail comhad iarratais a thíolacadh ina leith roimh an 16 Samhain 2013, ní bheidh feidhm ag forálacha Chaibidil III.

Airteagal 20

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 713/2009

I Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d’Airteagal 22:

“1.   Dlífear táillí a íoc leis an nGníomhaireacht as cinneadh díolúine a iarraidh de bhun Airteagal 9(1) agus maidir le cinntí maidir le leithdháileadh costas trasteorann arna soláthar ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh (24).

Airteagal 21

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 714/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 leis seo mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

uirlisí coiteanna d’oibriú an ghréasáin, lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar oibriú an ghréasáin i ngnáthdhálaí agus i ndálaí éigeandála, lena n-áirítear scála coiteann chun teagmhais a aicmiú agus pleananna taighde. Déanfaidh na huirlisí seo a shonrú, inter alia:

(i)

an fhaisnéis, lena n-áirítear faisnéis iomchuí an chéad lae eile, ionlae agus fíorama, a bheadh úsáideach chun comhordú oibríochtúil a fheabhsú, chomh maith leis an minicíocht bharrmhaith le haghaidh an fhaisnéis sin a bhailiú agus a roinnt;

(ii)

clár oibre teicneolaíochta le haghaidh faisnéis a mhalartú i bhfíoram agus i gcás inarb iomchuí, na cláir oibre teicneolaíochta le haghaidh an fhaisnéis eile dá dtagraítear i bpointe (i) a bhailiú, a phróiseáil agus a tharchur, agus chomh maith leis sin le haghaidh chur chun feidhme na nósanna imeachta atá ábalta comhordú oibríochtúil idir na hoibreoirí córais tarchurtha a mhéadú d’fhonn go dtiocfaidh an comhordú sin i réim fud an Aontais;

(iii)

an tslí a gcuireann oibreoirí córais tarchurtha an fhaisnéis oibríochtúil ar fáil d’oibreoirí eile córais tarchurtha nó d’aon eintiteas a bheidh sainordaithe go cuí chun tacú leo comhordú oibríochtúil a bhaint amach, agus don Ghníomhaireacht; agus

(iv)

go n-ainmníonn na hoibreoirí córas tarchurtha pointe teagmhála a bheidh freagrach as fiosruithe a fhreagairt ó oibreoirí eile córais tarchurtha nó ó aon eintiteas eile a bheidh sainordaithe go cuí amhail dá dtagraítear i bpointe (iii), nó ón nGníomhaireacht lena mbaineann an fhaisnéis sin.

Cuirfidh an ENTSO le haghaidh Leictreachais na sonraíochtaí arna glacadh maidir le pointe (i) go dtí pointe (iv) thuasluaite faoi bhráid na Gníomhaireachta agus faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Bealtaine 2015.

Laistigh de 12 mhí ó ghlacadh na sonraíochtaí, eiseoidh an Ghníomhaireacht tuairim ina mbreithneoidh sé an gcuidíonn na sonraíochtaí sin go leordhóthanach leis an trádáil trasteorann a chur chun cinn agus le bainistíocht barrmhaith, oibriú comhordaithe, úsáid éifeachtúil agus éabhlóid fhónta theicniúil an ghréasáin tarchurtha Eorpaigh don leictreachas a áirithiú.”;

(b)

i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

cuirfidh sé le pleananna infheistíochta náisiúnta, agus aird á tabhairt ar phleananna infheistíochta réigiúnacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus, más iomchuí, ar ghnéithe Aontais de phleanáil gréasáin mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh (25); déanfar anailís costas tairbhe air de réir na modheolaíochta bunaithe mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Rialachán sin.

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Costais

Seasfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ENTSO le haghaidh Leictreachais dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 12 den Rialachán seo agus in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus cuirfear na costais sin i gcuntas le linn na taraifí a bheith á ríomh. Ní fhormheasfaidh na húdaráis rialála na costais sin ach amháin má bhíonn siad réasúnta agus iomchuí.”;

(3)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 18:

“4a.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir leis an gcomhordú oibríochtúil a chur chun feidhme idir na hoibreoirí córais tarchurtha ar leibhéal an Aontais. Beidh na treoirlínte sin comhsheasmhach leis na cóid ghréasáin agus cuirfidh na treoirlínte sin leis na cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo agus cuirfidh na treoirlínte sin leis na sonraíochtaí arna nglacadh agus leis an tuairim ón nGníomhaireacht dá dtagraítear in Airteagal 8(3)(a) den Rialachán seo. Le linn don Choimisiún na treoirlínte sin a ghlacadh, déanfaidh sé ceanglais oibríochtúla réigiúnacha agus náisiúnta éagsúla a chur san áireamh.

Déanfar na treoirlínte sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(3).”;

(4)

in Airteagal 23, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (26).

Airteagal 22

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8(10), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

cuirfidh sé le pleananna infheistíochta náisiúnta, agus aird á tabhairt ar phleananna infheistíochta réigiúnacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 12(1), agus, más iomchuí, ar ghnéithe Aontais de phleanáil gréasáin mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh (27); déanfar anailís costas tairbhe air de réir na modheolaíochta bunaithe mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Rialachán sin.

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Costais

Seasfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ENTSO le haghaidh Gáis dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 12 den Rialachán seo agus in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus cuirfear na costais sin i gcuntas le linn na taraifí a bheith á ríomh. Ní fhormheasfaidh na húdaráis rialála na costais sin ach amháin má bhíonn siad réasúnta agus iomchuí.”.

Airteagal 23

Aisghairm

Déantar Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE a aisghairm leis seo amhail ón 1 Eanáir 2014. Ní thiocfaidh aon chearta aníos faoin Rialachán seo i gcás tionscadal atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Meitheamh 2013 cé is moite d’Airteagal 14 agus Airteagal 15 a mbeidh feidhm acu ó dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin ábhartha maidir le Saoráid um Chónascadh na hEorpa.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 17 Aibreán 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 143, 22.5.2012, lch. 125.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 137.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Márta 2013.

(4)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2011 maidir le tosaíochtaí maidir le bonneagar fuinnimh don bhliain 2020 agus ina dhiaidh sin (IO C 33 E, 5.2.2013, lch. 46).

(5)  IO L 262, 22.9.2006, lch. 1.

(6)  Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).

(7)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 55.

(8)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 94.

(9)  IO L 345, 23.12.2008, lch. 75.

(10)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 15.

(11)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(12)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 1.

(13)  IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.

(14)  IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.

(15)  IO L 26, 28.1.2012, lch. 1.

(16)  IO L 197, 21.7.2001, lch. 30.

(17)  IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(18)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 36.

(19)  IO L 200, 31.7.2009, lch. 31.

(20)  Treoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (IO L 176, 15.7.2003, lch. 57).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas (IO L 176, 15.7.2003, lch. 1).

(22)  IO L 162, 22.6.2007, lch. 1.

(23)  IO L 210, 31.7.2006, lch. 25.

(24)  IO L 115, 25.4.2013, lch. 39.”.

(25)  IO L 115, 25.4.2013, lch. 39.”;

(26)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.”.

(27)  IO L 115, 25.4.2013, lch. 39.”;


IARSCRÍBHINN I

CONAIRÍ AGUS RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA MAIDIR LE BONNEAGAR FUINNIMH

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na conairí agus réimsí tosaíochta seo a leanas i ndáil le bonneagar fuinnimh tras-Eorpach:

1.   CONAIRÍ TOSAÍOCHTA LEICTREACHAIS

(1)

Eangach amach ón gcósta sna Mara Thuaidh (“EACMT”): forbairt eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann, i Muir nIocht, i Muir Bhailt agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála agus chun malartú leictreachais trasteorann a mhéadú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, Lucsamburg, an Ríocht Aontaithe, an tSualainn;

(2)

Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (“ITT leictreachas an Iarthair”): idirnaisc idir Ballstáit na réigiún agus an limistéar Meánmhara lena n-áirítear leithinis na hIbéire, go háirithe chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú agus bonneagair eangaí inmheánaí a atreisiú chun comhtháthú margaidh sa réigiún a chothú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe, an Spáinn;

(3)

Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (“ITT leictreachas an Oirthir”): idirnaisc agus línte inmheánacha Thuaidh-Theas agus Soir-Siar chun an margadh inmheánach a chur i gcrích agus chun giniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit (1), an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ostair, an Pholainn, Poblacht na Seice, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Ungáir;

(4)

Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa leictreachas (“Leictreachas PIMBF”): idirnaisc idir na Ballstáit sa réigiún Baltach agus bonneagair eangaí inmheánacha á dtreisiú dá réir, chun deireadh a chur le haonrú na Stát Baltach agus chun comhtháthú an mhargaidh a chothú inter alia trí oibriú chun comhtháthú fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach sa réigiún.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an tSualainn.

2.   CONAIRÍ TOSAÍOCHTA GÁIS

(5)

Idirnaisc gáis Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (“ITT Ghás an Iarthair”): bonneagar gáis le haghaidh sreabh gáis Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa chun bealaí soláthair a éagsúlú tuilleadh agus chun inseachadacht ghearrthéarmach gáis a mhéadú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, Málta, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe, an Spáinn;

(6)

Idirnaisc gáis Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (“ITT Ghás an Oirthir”): bonneagar gáis le haghaidh nasc réigiúnach idir agus i réigiún Mhuir Bhailt, Mhuir Aidriad agus an Mhuir Aeigéach, an Mheánmhuir Thoir agus an Mhuir Dhubh, agus chun éagsúlú agus cinnteacht an tsoláthair gáis a fheabhsú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit (1), an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ostair, an Pholainn, Poblacht na Seice, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Ungáir;

(7)

Conair Gáis an Deiscirt (“CGD”): bonneagar don tarchur gáis ó Imchuach Chaisp, ón Áise Láir, ón Meánoirthear agus ó Imchuach na Meánmhara Thoir chuig an Aontas chun éagsúlú an tsoláthair gáis a bhreisiú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit (2), an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ostair, an Pholainn, Poblacht na Seice, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Ungáir;

(8)

Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa ghás (“Gás PIMBF”): bonneagar gáis chun deireadh a chur le haonrú na dtrí Stát Bhaltacha agus na Fionlainne agus chun deireadh a chur lena spleáchas ar sholáthraí aonair, bonneagair eangaí inmheánaí a atreisiú dá réir sin agus chun éagsúlú agus slándáil soláthairtí i réigiún Mhuir Bhailt a mhéadú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an tSualainn.

3.   CONAIR OLA TOSAÍOCHTA

(9)

Naisc soláthair ola i Lár na hEorpa Thoir (“NSO”): idir-inoibritheacht an ghréasáin píblínte ola i Lár na hEorpa Thoir chun cinnteacht an tsoláthair a mhéadú agus chun rioscaí comhshaoil a laghdú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Chróit (2), an Ghearmáin, an Ostair, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an Ungáir.

4.   RÉIMSÍ TÉAMACHA TOSAÍOCHTA

(10)

Úsáid eangach cliste: teicneolaíochtaí eangaí cliste a ghlacadh ar fud an Aontais chun iompar agus gníomhaíochtaí na n-úsáideoirí uile atá nasctha leis an ngréasán leictreachais a chomhtháthú go héifeachtúil, go háirithe giniúint méideanna móra leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh nó leithdháilte agus freagairt ar éileamh ó thomhaltóirí.

Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát;

(11)

Mórbhealaí leictreachais: na chéad mhórbhealaí leictreachais faoi 2020, d’fhonn córas mórbhealaí leictreachais a thógáil ar fud an Aontais atá in ann:

(a)

freastal do ghiniúint barrachais ghaoithe atá ag méadú i gcónaí sa Mhuir Thuaidh agus sa Mhuir Bhailt agus mórthimpeall orthu agus giniúint in-athnuaite atá ag méadú san Eoraip Thoir agus san Eoraip Theas agus san Afraic Thuaidh freisin;

(b)

na moil nua ghiniúna a nascadh le móracmhainneacht stórála sna tíortha Nordacha, sna hAlpa agus i réigiúin eile a nascadh le láithreacha mórthomhaltais; agus

(c)

déileáil le soláthair leictreachais atá inathraitheach agus díláraithe níos mó agus níos mó agus le héileamh leictreachais solúbtha.

Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát;

(12)

Gréasán dé-ocsaíd charbóin trasteorann: bonneagar iompair dé-ocsaíd charbóin a fhorbairt idir na Ballstáit agus le tríú tíortha comharsanachta i bhfianaise úsáid ghabháil agus stóráil dé-ocsaíd charbóin.

Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát.


(1)  Faoi réir dháta aontachais na Cróite agus ón dáta sin.

(2)  Faoi réir dháta aontachais na Cróite agus ón dáta sin.


IARSCRÍBHINN II

CATAGÓIRÍ BONNEAGAIR FUINNIMH

Is iad seo a leanas na catagóirí bonneagair fuinnimh atá le forbairt chun na tosaíochtaí bonneagair fuinnimh atá liostaithe in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme:

(1)

maidir le leictreachas:

(a)

línte tarchurtha lasnairde ardvoltais, má ceapadh iad le haghaidh voltas 220 kV nó níos mó, agus cáblaí tarchurtha faoi thalamh agus faoi uisce, má ceapadh iad le haghaidh voltas 150 kV nó níos mó;

(b)

maidir le mórbhealaí leictreachais go háirithe; aon trealamh fisiciúil a ceapadh chun leictreachas a iompar ar leibhéal ardvoltais agus ar leibhéal voltais an-ard, d’fhonn méideanna móra giniúna nó stórála leictreachais a nascadh atá lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó nó i dtríú tíortha agus a úsáidtear ar scála mór i mBallstát amháin eile nó níos mó;

(c)

saoráidí stórála leictreachais a úsáidtear chun leictreachas a stóráil ar bhonn buan nó ar bhonn sealadach i mbonneagar os cionn talún nó faoi thalamh nó ar láithreáin gheolaíocha, ar choinníoll go bhfuil siad ceangailte go díreach le línte tarchurtha ardvoltais a ceapadh le haghaidh voltas 110 kV nó níos mó;

(d)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil na gcóras atá sainithe in (a) go (c), lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe ar gach leibhéal voltais agus fostáisiúin;

(e)

aon trealamh nó suiteáil, ar leibhéal tarchuir agus ar leibhéal dáilte mheánvoltais araon, atá dírithe ar chumarsáid dhigiteach in dhá threo, i bhfíor-am nó gar d’fhíor-am, faireachán agus bainistíocht idirghníomhach agus cliste ar ghiniúint, ar tharchur, ar dháileadh agus ar ídiú leictreachais laistigh de ghréasán leictreachais d’fhonn gréasán a fhorbairt a chomhtháthaíonn iompar agus gníomhaíochtaí na n-úsáideoirí uile atá nasctha leis go héifeachtúil — gineadóirí, tomhaltóirí agus iad siúd a dhéanann an dá rud — d’fhonn córas leictreachais a áirithiú atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de agus inbhuanaithe agus a bhfuil caillteanais ísle agus ardleibhéal cáilíochta, cinnteachta soláthair agus sábháilteachta ag baint leis;

(2)

maidir le gás:

(a)

píblínte tarchuir chun gás nádúrtha agus bithghás a iompar ar cuid de ghréasán iad a úsáideann píblínte ardbhrú go príomha, cé is moite de phíblínte ardbhrú a úsáidtear chun gás nádúrtha a dháileadh in aghaidh srutha nó a dháileadh go háitiúil;

(b)

saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte gáis ardbhrú thuasluaite;

(c)

saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe nó dí-chomhbhrúite le haghaidh gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) nó le haghaidh gáis nádúrtha chomhbhrúite (GNC);

(d)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais nó atá riachtanach chun acmhainneacht dhéthreoch a chumasú, lena n-áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora;

(3)

maidir le hola:

(a)

píblínte a úsáidtear chun amhola a iompar;

(b)

stáisiúin chaidéalúcháin agus saoráidí stórála is gá d’oibriú píblínte amhola;

(c)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais i dtrácht, lena n-áirítear córais cosanta, faireacháin agus rialaithe agus feistí cúltreo;

(4)

maidir le dé-ocsaíd charbóin:

(a)

píblínte tiomnaithe, seachas gréasán píblínte in aghaidh srutha, a úsáidtear chun dé-ocsaíd charbóin antrapaigineach a iompar ó níos mó ná foinse amháin, i.e. suiteálacha tionsclaíocha (lena n-áirítear gléasraí cumhachta) a tháirgeann gás dé-ocsaíde carbóin ó dhóchán nó ó imoibrithe ceimiceacha eile lena ngabhann comhpháirteanna iontaise nó neamhiontaise a bhfuil carbón iontu chun críocha stórála buaine geolaíche dé-ocsaíde carbóin de bhun Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(b)

saoráidí chun dé-ocsaíd charbóin a leachtú agus a stóráil go maolánach ag féachaint dá iompar ina dhiaidh sin. Ní áirítear leis seo bonneagar laistigh d’fhoirmíocht gheolaíoch a úsáidtear chun críocha stórála buaine geolaíche dé-ocsaíde carbóin de bhun Threoir 2009/31/CE ná saoráidí dromchla agus insteallta a bhaineann leis sin;

(c)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais i dtrácht, lena n-áirítear córais cosanta, faireacháin agus rialaithe.


(1)  IO L 140, 5.6.2009, lch. 114.


IARSCRÍBHINN III

LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA TIONSCADAL LEASA CHOITINN

1.   RIALACHA DO GHRÚPAÍ

(1)

I gcás na dtionscadal leictreachais a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1, cuimseofar i ngach Grúpa ionadaithe ó na Ballstáit, údaráis rialála náisiúnta, OCTanna, chomh maith leis an gCoimisiún, an Ghníomhaireacht agus an ENTSO le haghaidh Leictreachais.

I gcás na dtionscadal gáis a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.2, cuimseofar i ngach Grúpa ionadaithe ó na Ballstáit, údaráis rialála náisiúnta, OCTanna, chomh maith leis an gCoimisiún, an Ghníomhaireacht agus an ENTSO le haghaidh Gáis.

Maidir le tionscadail ola agus dé-ocsáide carbóin a thig faoi na catagóirí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.3 agus 4, beidh i ngach Grúpa ionadaithe ó na Ballstáit, tionscnóirí tionscadail a bhaineann le gach ceann de na tosaíochtaí ábhartha atá ainmnithe in Iarscríbhinn I agus an Coimisiún.

(2)

Féadfaidh comhlachtaí cinnteoireachta na ngrúpaí cumascú. Tiocfaidh na Grúpaí nó na comhlachtaí cinnteoireachta uile le chéile, nuair is ábhartha, chun ábhair is coiteann do na Grúpaí uile a phlé; féadfar a áireamh leis na nithe sin saincheisteanna atá ábhartha do chomhsheasmhacht thrasréigiúnach nó an líon tionscadal beartaithe atá san áireamh ar na dréachtliostaí réigiúnacha a bheith i mbaol éirí doláimhsithe.

(3)

Déanfaidh gach Grúpa a chuid oibre a eagrú i gcomhréir le hiarrachtaí comhair réigiúnaigh de bhun Airteagal 6 de Threoir 2009/72/CE, Airteagal 7 de Threoir 2009/73/CE, Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, agus Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus struchtúir comhair réigiúnaigh eile atá ann cheana.

(4)

Tabharfaidh gach grúpa cuireadh, de réir mar is cuí i bhfianaise na tosaíochta ábhartha arna hainmniú in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme, do thionscóirí de thionscadal a d’fhéadfadh a bheith incháilithe le haghaidh roghnúcháin mar thionscadal leasa choitinn chomh maith le d’ionadaithe ó rialtais náisiúnta agus ó údaráis rialála, agus d’OCTanna ó thíortha is iarrthóirí agus ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, do na balltíortha den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, d’ionadaithe ó institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail Fuinnimh, do thíortha a chumhdaítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus do thíortha a bhfuil comhar sonrach fuinnimh bunaithe ag an Aontas leo. Beidh an cinneadh cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó thríú tíortha bunaithe ar chomhthoil.

(5)

Rachaidh gach grúpa i gcomhairle leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ábhartha — agus má mheastar é a bheith iomchuí, leis na geallsealbhóirí go díreach — lena n-áirítear táirgeoirí, oibreoirí córais dáileacháin, soláthraithe, tomhaltóirí, agus eagraíochtaí cosanta comhshaoil. Féadfaidh an Grúpa éisteachtaí nó comhairliúcháin a eagrú, i gcás inarb ábhartha ar mhaithe lena chúraimí a chur i gcrích.

(6)

I dtaca leis na rialacha inmheánacha, liosta nuashonraithe de bhalleagraíochtaí, faisnéis arna tabhairt suas chun dáta go tráthrialta maidir le dul chun cinn na hoibre, cláir oibre cruinnithe, chomh maith le conclúidí agus cinntí deiridh gach Grúpa, foilseoidh an Coimisiún iad maidir leis an gclár oibre trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 18.

(7)

Féachfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Grúpaí le comhsheasmhacht a bhaint amach idir na Grúpaí éagsúla. Chun na críche sin, áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, nuair is ábhartha, malairtí faisnéise den obair go léir atá in ionannas le leas idir-réigiúnach idir na Grúpaí lena mbaineann.

Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht na n-údarás rialála náisiúnta agus na Gníomhaireachta sna Grúpaí dochar do chomhlíonadh a gcuspóirí agus a ndualgas faoin Rialachán seo nó faoi Airteagal 36 agus faoi Airteagal 37 de Threoir 2009/72/CE agus faoi Airteagal 40 agus faoi Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE, nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 713/2009.

2.   PRÓISEAS CHUN LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA A BHUNÚ

(1)

Déanfaidh tionscnóirí de thionscadal a d’fhéadfadh a bheith incháilithe le haghaidh roghnúcháin mar thionscadal leasa choitinn a bhfuil sé i gceist leis stádas tionscadal leasa choitinn a bhaint amach, iarratas a chur faoi bhráid an Ghrúpa lena roghnú mar thionscadal leasa choitinn lena n-áireofar:

measúnú ar a dtionscadail maidir leis an dóigh a gcuireann sé le cur chun feidhme na dtosaíochtaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I,

anailís maidir le comhlíonadh na gcritéar ábhartha a shainítear in Airteagal 4,

do thionscadail a bhfuil céim leordhóthanach aibíochta sroichte acu, anailís costais is tairbhe a bheadh sonrach do thionscadal ar leith i gcomhréir le hAirteagal 21 agus Airteagal 22 bunaithe ar na modheolaíochtaí arna bhforbairt ag an ENTSO le haghaidh Leictreachais nó ag an ENTSO le haghaidh Gáis de bhun Airteagal 11, agus

aon fhaisnéis ábhartha eile le haghaidh mheastóireacht an tionscadail.

(2)

Coinneoidh gach faighteoir aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.

(3)

Tar éis chéad liosta an Aontais a ghlacadh, do na liostaí Aontais go léir a ghlacfar ina dhiaidh sin, beidh tionscadail bheartaithe tarchurtha agus stórála leictreachais a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1(a), (b) agus (d) ina gcuid den phlean 10 mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin do leictreachas, arna fhorbairt ag an ENTSO le haghaidh Leictreachais de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

(4)

Tar éis chéad liosta an Aontais a ghlacadh, do na liostaí Aontais go léir a ghlacfar ina dhiaidh sin, beidh na tionscadail bheartaithe bonneagair gáis a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.2 ina gcuid den phlean 10 mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin do ghás, arna fhorbairt ag an ENTSO le haghaidh Gáis de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

(5)

Maidir leis na tograí tionscadail arna gcur isteach lena n-áireamh sa chéad liosta Aontais, nach ndearnadh meastóireacht cheana orthu de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, déanfar iad a mheasúnú ar leibhéal an chórais uile-Aontais ag:

an ENTSO le haghaidh Leictreachais i gcomhréir leis an modheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm sa phlean 10 mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin le haghaidh tionscadal a thig faoi Iarscríbhinn II.1(a), (b) agus (d),

an ENTSO le haghaidh Gáis nó ag tríú páirtí ar mhodh comhsheasmhach bunaithe ar mhodheolaíocht oibiachtúil le haghaidh tionscadal a thig faoi Iarscríbhinn II.2.

Faoin 16 Eanáir 2014, eiseoidh an Coimisiún Treoirlínte maidir leis na critéir a bheidh le cur i bhfeidhm ag an ENTSO le haghaidh Leictreachais agus ag an ENTSO le haghaidh Gáis nuair a bheidh a bpleananna 10 mbliana le haghaidh forbairt gréasáin faoi seach dá dtagraítear i bpointe (3) agus i bpointe (4) á bhforbairt acu, chun cóir chomhionann agus trédhearcacht an phróisis a áirithiú.

(6)

Maidir le tionscadail bheartaithe iompair dé-ocsaíde carbóin a thig faoin gcatagóir atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.4, beidh siad ina gcuid de phlean, arna fhorbairt ag dhá Bhallstát ar a laghad, d’fhonn bonneagar trasteorann iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a fhorbairt, a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann nó na heintitis arna n-ainmniú ag na Ballstáit sin faoi bhráid an Choimisiúin.

(7)

Do na tionscadail atá beartaithe a thig faoi na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn II.1 agus 2, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, agus más gá sin an Ghníomhaireacht, i gcás inar féidir sin agus i gcomhthéacs an chomhair réigiúnaigh (Airteagal 6 de Threoir 2009/72/CE, Airteagal 7 de Threoir 2009/73/CE), seiceáil ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar/na modheolaíochta costais is tairbhe agus meastóireacht a dhéanamh ar an ábharthacht thrasteorann. Déanfaidh siad a measúnú a thíolacadh don Ghrúpa.

(8)

I gcás tionscadal iompair ola agus dé-ocsaíde carbóin atá beartaithe a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.3 agus 4, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm na gcritéar atá leagtha amach in Airteagal 4. I gcás tionscadal iompair dé-ocsaíde carbóin atá beartaithe a thig faoin gcatagóir atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.4, cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin go bhféadfaí na tionscadail a leathnú amach chun Ballstáit eile a chur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a thíolacadh don Ghrúpa.

(9)

Maidir le gach Ballstát nach mbaineann tionscadal atá beartaithe lena chríoch, ach a bhféadfadh an tionscadal atá beartaithe glantionchar dearfach ionchasach nó éifeacht shuntasach ionchasach a bheith air, amhail maidir leis an gcomhshaol nó maidir le hoibriú an bhonneagair fuinnimh ina chríoch, féadfaidh sé tuairim lena sonraítear a chúiseanna imní a thíolacadh don Ghrúpa.

(10)

Déanfaidh comhlacht cinnteoireachta an Ghrúpa scrúdú, arna iarraidh sin ó Bhallstát an Ghrúpa, na cúiseanna a bhfuil bunús sách maith acu a bheidh tíolactha ag Ballstát de bhun Airteagal 3(3) gan tionscadal leasa choitinn a bhfuil baint aige lena chríoch a fhormheas.

(11)

Tiocfaidh an Grúpa le chéile chun na tionscadail atá beartaithe a scrúdú agus a rangú, agus measúnú na rialálaithe, nó measúnú an Choimisiúin le haghaidh tionscadal iompair ola agus dé-ocsaíde carbóin á gcur san áireamh.

(12)

Déanfar dréachtliostaí réigiúnacha na dtionscadal atá molta a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1 agus 2 arna dtarraingt suas ag na grúpaí, i dteannta aon tuairimí mar a shonraítear i bpointe (9), a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta sé mhí roimh dháta glactha liosta an Aontais. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na dréachtliostaí réigiúnacha a chur isteach laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighfear iad. Soláthróidh an Ghníomhaireacht tuairim maidir leis na dréachtliostaí réigiúnacha, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar agus anailís costais is tairbhe thar réigiúin. Déanfar tuairim na Gníomhaireachta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009.

(13)

Laistigh de mhí amháin ón dáta a bhfaighfear tuairim na Gníomhaireachta, déanfaidh comhlacht cinnteoireachta gach Grúpa a liosta réigiúnach críochnaitheach a ghlacadh, lena n-urramaítear na forálacha a leagtar amach in Airteagal 3(3), bunaithe ar an togra ón nGrúpa agus tuairim na Gníomhaireachta agus measúnú na n-údarás rialála náisiúnta arna gcur isteach i gcomhréir le pointe (7), nó measúnú an Choimisiúin le haghaidh tionscadal iompair ola agus dé-ocsaíde carbóin atá beartaithe i gcomhréir le pointe (8), á gcur san áireamh. Cuirfidh na Grúpaí na liostaí réigiúnacha críochnaitheacha faoi bhráid an Choimisiúin, i dteannta aon tuairimí mar a shonraítear i bpointe (9).

(14)

Más rud é, bunaithe ar na liostaí réigiúnacha a bheidh faighte, agus tar éis an tuairim ón nGníomhaireacht a chur san áireamh, go rachadh líon iomlán na dtionscadal leasa choitinn atá beartaithe thar líon inláimhseáilte, déanfaidh an Coimisiún a bhreithniú, tar éis dul i gcomhairle le gach Grúpa lena mbaineann gan an tionscadal a raibh an rangú is ísle tugtha dóibh ar liosta an Aontais ag an nGrúpa lena mbaineann, de réir an rangaithe arna bhunú de bhun Airteagal 4(4), a chur san áireamh.


IARSCRÍBHINN IV

RIALACHA AGUS TÁSCAIRÍ MAIDIR LE CRITÉIR LE hAGHAIDH TIONSCADAL LEASA CHOITINN

(1)

Tionscadal a bhfuil tionchar suntasach trasteorann aige is ea tionscadal ar chríoch Ballstáit a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

maidir le tarchur leictreachais, méadaíonn an tionscadal acmhainneacht aistrithe na heangaí nó an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh sreafaí trádála, ag teorainn an Bhallstáit sin le Ballstát eile nó le roinnt Ballstát eile, nó ag aon trasghearradh ábhartha eile den chonair tarchurtha céanna a mbeidh d’éifeacht aige acmhainneacht aistrithe na heangaí trasteorann seo a mhéadú de 500 MV ar a laghad i gcomparáid leis an acmhainneacht aistrithe a bheadh ann mura ndéanfaí an tionscadal a choimisiúnú;

(b)

maidir le stóráil leictreachais, cuirtear ar a laghad acmhainneacht shuiteáilte 225 Meigeavata ar fáil leis agus tá acmhainneacht stórála aige a cheadaíonn 250 gigea-vatuair ghlan de leictreachas a ghiniúint in aghaidh na bliana;

(c)

maidir le tarchur gáis, baineann an tionscadal le hinfheistíocht in acmhainní sreibhe cúltreo nó athraíonn sé an cumas gás a tharchur thar theorainneacha na mBallstát lena mbaineann faoi 10 % ar a laghad i gcomparáid leis an gcumas mar a bhí roimh an tionscadal a choimisiúnú;

(d)

maidir le stóráil gáis nó maidir le gás nádúrtha leachtaithe/comhbhrúite, tá sé d’aidhm ag an tionscadal gás a sholáthar go díreach nó go hindíreach do dhá Bhallstát ar a laghad nó an caighdeán bonneagair (riail N-1) a chomhlíonadh ar an leibhéal réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(e)

maidir le heangacha cliste, tá an tionscadal ceaptha le haghaidh trealamh agus suiteálacha ar leibhéal ardvoltais agus meánvoltais a ceapadh le haghaidh voltas 10 kV nó níos mó. Tá baint aige le hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin ó dhá Bhallstát ar a laghad, faoina gcuimsítear 50 000 úsáideoir ar a laghad a ghineann nó a ídíonn leictreachas nó a dhéanann an dá rud i limistéar ídithe de 300 gigea-vatuair in aghaidh na bliana ar a laghad, a dtagann ar a laghad 20 % de ó acmhainní in-athnuaite atá de chineál athraitheach.

(2)

Maidir le tionscadail a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1(a) go (d), déanfar na critéir atá liostaithe in Airteagal 4 a mheas mar a leanas:

(a)

Déanfar comhtháthú margaidh, íomaíochas agus solúbthacht an chórais a thomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean uile-Aontais 10 mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

i gcás tionscadal trasteorann, an tionchar ar acmhainn aistrithe na heangaí sa dá threo den sreabhadh cumhachta a ríomh, agus é sin a dhéanamh i dtéarmaí mhéid na cumhachta (i meigeavata), agus a rannchuidiú chun an acmhainneacht idirnaisc íosta 10 % den acmhainneacht táirgthe suiteáilte a shroicheadh nó, i gcás tionscadal a bhfuil tionchar suntasach trasteorann acu, an tionchar ar acmhainn aistrithe na heangaí a ríomh ag teorainneacha idir Ballstáit ábhartha, idir Ballstáit ábhartha agus tríú tíortha nó laistigh de Bhallstáit ábhartha agus an tionchar ar chothromú éilimh-soláthair agus ar oibríochtaí gréasáin a ríomh sna Ballstáit ábhartha,

measúnú a dhéanamh ar an tionchar, don limistéar anailíse atá sainithe in Iarscríbhinn V.10, maidir le giniúint uile-chórais fuinnimh agus costais tarchuir agus éabhlóid agus cóineasú na margadhphraghsanna a ndéanann an tionscadal foráil ina leith faoi chásanna pleanála éagsúla, ag cur na n-athrúchán a spreagtar ar an ord fiúntais san áireamh go háirithe.

(b)

Déanfar tarchur giniúna fuinnimh in-athnuaite chuig mórionaid ídithe agus chuig láithreáin stórála a thomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean 10 mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

maidir le tarchur leictreachais, tríd an acmhainneacht giniúna ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a mheas (de réir teicneolaíochta, i meigeavata), atá nasctha agus tarchurtha i ngeall ar an tionscadal, i gcomparáid leis an acmhainn iomlán bheartaithe giniúna ó na cineálacha foinsí in-athnuaite fuinnimh sin sa Bhallstát lena mbaineann in 2020 de réir na bpleananna gníomhaíochta náisiúnta um fhuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2009/28/CE,

maidir le stóráil leictreachais, trí chomparáid a dhéanamh idir an acmhainneacht nua a ndéanann an tionscadal foráil ina leith agus an acmhainn iomlán reatha don teicneolaíocht stórála chéanna i limistéar na hanailíse atá sainithe in Iarscríbhinn V.10.

(c)

Déanfar cinnteacht an tsoláthair idir-inoibritheacht agus slándáil na hoibríochta córais a thomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean 10 mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar an tionscadail ar chaillteanas an ionchais ualaigh don limistéar anailíse atá sainithe in Iarscríbhinn V.10 maidir le leordhóthanacht giniúna agus tarchuir i sraith tréimhsí ualaigh saintréitheacha, ag cur san áireamh aon athruithe a bhfuiltear ag súil leo i dteagmhais aimsire crua a bhaineann leis an aeráid agus an tionchar a bheadh acu sin ar sheasmhacht an bhonneagair. I gcás inarb infheidhme, déanfar tionchar an tionscadail ar rialú neamhspleách agus iontaofa na n-oibríochtaí córais agus na seirbhísí a thomhas.

(3)

Maidir le tionscadail a thig faoi na catagóirí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.2, déanfar na critéir atá liostaithe in Airteagal 4 a mheas mar a leanas:

(a)

Déanfar comhtháthú margaidh agus idir-inoibritheacht a thomhas trí luach breise an tionscadail a ríomh i dtaca le comhtháthú na limistéar margaidh agus cóineasú praghsanna agus le solúbthacht fhoriomlán an chórais, lena n-áirítear an leibhéal acmhainneachta a bhfuil foráil déanta ina leith maidir le sreafaí cúltreo i gcásanna éagsúla.

(b)

Déanfar iomaíochas a thomhas ar bhonn éagsúlaithe, lena n-áirítear rochtain ar fhoinsí dúchasacha soláthair a éascú, ag cur san áireamh ina gceann: éagsúlú foinsí; éagsúlú contrapháirteanna; éagsúlú bealaí; tionchar na hacmhainneachta nua ar threoiruimhir Herfindahl-Hirschmann (HHI) a ríomhtar ar leibhéal acmhainneachta don limistéar atá sainithe in Iarscríbhinn V.10.

(c)

Déanfar cinnteacht an tsoláthair gáis a thomhas trí luach breise an tionscadail a ríomh i dtaca le seasmhacht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach chóras gáis an Aontais agus i dtaca le solúbthacht iarmhair an chórais a bhreisiú chun dul i ngleic le bristeacha soláthair chuig na Ballstáit i gcásanna éagsúla, agus tríd an acmhainneacht bhreise a ndéanann an tionscadal foráil ina leith a thomhas i ndáil leis an gcaighdeán bonneagair (riail N-1) ar leibhéal réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 994/2010.

(d)

Déanfar inbhuanaitheacht a thomhas mar a mhéid a chuidíonn tionscadal le hastaíochtaí a laghdú, le tacú le cúltacú giniúna leictreachais in-athnuaite nó le tacú le hiompar gáis a fhaightear ó leictreachas agus iompar bithgháis, ag cur san áireamh athruithe a bhfuiltear ag súil leo ar dhálaí aeráide.

(4)

Maidir le tionscadail a thig faoin gcatagóir atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.1(e), déanfar meastóireacht ar gach feidhm atá liostaithe in Airteagal 4 i gcoinne na gcritéar seo a leanas:

(a)   An leibhéal inbhuanaitheachta: Déanfar an critéar seo a thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an laghdú atá tagtha ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa, agus ar an tionchar comhshaoil atá ag bonneagar eangaí leictreachais.

(b)   Cumas na n-eangach tarchurtha agus dáileacháin leictreachas a nascadh le húsáideoirí agus leictreachas a thabhairt ó úsáideoirí agus chuig úsáideoirí: Déanfar an critéar seo a thomhas trí acmhainneacht shuiteáilte acmhainní fuinnimh dáilte i ngréasáin dáilte a mheas, an t-uas-instealladh ceadaithe leictreachais gan rioscaí cúngaigh i ngréasáin tarchuir a mheas, agus an fuinneamh nach bhfaightear ó fhoinsí in-athnuaite i ngeall ar chúngach nó ar rioscaí slándála a mheas.

(c)   Nascacht an ghréasáin agus rochtain ar gach catagóir úsáideoirí gréasáin: Déanfar an critéar seo a thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar na modhanna arna nglacadh chun muirir agus taraifí a ríomh, chomh maith lena struchtúr, le haghaidh gineadóirí, tomhaltóirí agus iad siúd ar gineadóirí agus tomhaltóirí iad, agus trí mheasúnú a dhéanamh ar an tsolúbthacht oibríochtúil atá ann chun cothromú dinimiciúil a dhéanamh ar leictreachas sa ghréasán.

(d)   Cinnteacht agus cáilíocht an tsoláthair: Déanfar an critéar seo a thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcóimheas idir an acmhainneacht giniúna atá ar fáil go hiontaofa agus buaicéileamh, ar an sciar leictreachais a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite, ar chobhsaíocht an chórais leictreachais, ar fhad tréimhse agus ar mhinicíocht na mbristeacha in aghaidh an chustaiméara, lena n-áirítear bristeacha a bhaineann leis an aeráid, agus ar fheidhmíocht cáilíochta voltais.

(e)   Éifeachtúlacht agus cáilíocht seirbhíse i soláthar leictreachais agus i bhfeidhmiú eangaí: Déanfar an critéar seo a thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal na gcaillteanas i ngréasáin tarchurtha agus dáileacháin, ar an gcóimheas idir íoséileamh agus uaséileamh leictreachais laistigh de thréimhse shonraithe ama, ar rannpháirtíocht ar thaobh an éilimh i margaí leictreachais agus i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh, ar an úsáid i gcéatadáin (i.e. meánualú) a bhaintear as comhpháirteanna gréasáin leictreachais, ar infhaighteacht comhpháirteanna gréasáin (a bhaineann le cothabháil bheartaithe agus neamhbheartaithe) agus an tionchar atá aige sin ar fheidhmíochtaí gréasáin, agus ar infhaighteacht iarbhír na hacmhainneachta gréasáin maidir lena luach caighdeánach.

(f)   Rannchuidiú le margaí leictreachais trasteorann trí bhíthin sreabhadh ualaigh a rialú chun lúbshreafaí a mhaolú agus chun acmhainní idirnaisc a mhéadú: Déanfar an critéar seo a mheas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcóimheas idir acmhainneacht idirnaisc Ballstáit agus éileamh an Bhallstáit sin ar leictreachas, trí mheasúnú a dhéanamh ar shaothrú acmhainní idirnaisc, agus ar na cíosanna plúchta thar na hidirnaisc.

(5)

Maidir le tionscadail iompair ola a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.3, déanfar na critéir atá liostaithe in Airteagal 4 a mheas mar a leanas:

(a)

Déanfar cinnteacht an tsoláthair ola a thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar luach breise na hacmhainneachta nua tionscadail i dtaca le seasmhacht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach an chórais agus i dtaca le solúbthacht iarmhair an chórais a bhreisiú chun dul i ngleic le bristeacha soláthair i gcásanna éagsúla.

(b)

Déanfar idir-inoibritheacht a thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid a fheabhsaíonn an tionscadal feidhmiú an ghréasáin ola, go háirithe trí fhoráil a dhéanamh go bhféadfaidh sreafaí cúltreo a bheith ann.

(c)

Déanfar tomhas ar úsáid éifeachtúil agus inbhuanaithe acmhainní trí mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid a bhaineann an tionscadal úsáid as bonneagar atá ann cheana agus ar a mhéid a chuireann sé le hualach agus le rioscaí comhshaoil agus aeráide a íoslaghdú.


(1)  IO L 295, 12.11.2010, lch. 1.


IARSCRÍBHINN V

ANAILÍS UILE-CHÓRAIS COSTAIS IS TAIRBHE AR FHUINNEAMH

Déanfaidh an mhodheolaíocht le haghaidh anailíse chomhchuibhithe uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh do thionscadail leasa choitinn na prionsabail atá leagtha síos san Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.

(1)

Beidh an mhodheolaíocht bunaithe ar thacar comhchoiteann sonraí ionchuir a léiríonn córais leictreachais agus gáis an Aontais sna blianta n + 5, n + 10, n + 15, agus n + 20, mar a bhfuil n cothrom leis an mbliain a rinneadh an anailís. Cuimseofar iad seo a leanas ar a laghad sa tacar sonraí sin:

(a)   maidir le leictreachas: cásanna maidir le héileamh, acmhainní giniúna de réir cineálacha breosla (bithmhais, fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh hidrileictreach, gás, fuinneamh núicléach, ola, breoslaí soladacha, gaoth, grianfhuinneamh fótavoltach, dian-ghrianfhuinneamh, teicneolaíochtaí in-athnuaite eile) agus a suíomh tíreolaíoch, praghsanna breosla (lena n-áirítear bithmhais, gual, gás agus ola), praghsanna dé-ocsaíd charbóin, comhdhéanamh an ghréasáin tarchurtha agus, más ábhartha, an gréasáin dáileacháin, agus a fhorbairt, ag cur gach giniúna nua suntasaí san áireamh (lena n-áirítear acmhainn chun dé-ocsaíd charbóin a ghabháil), tionscadail tarchurtha agus stórála a ndearnadh cinneadh deiridh infheistíochta ina leith agus atá le coimisiúnú faoi dheireadh na bliana n + 5;

(b)   maidir le gás: cásanna maidir le héileamh, allmhairí, praghsanna breosla (lena n-áirítear gual, gás agus ola), praghsanna dé-ocsaíd charbóin, comhdhéanamh an ghréasáin tarchurtha, agus a fhorbairt, ag cur gach tionscadal nua a ndearnadh cinneadh deiridh infheistíochta ina leith agus atá le coimisiúnú faoi dheireadh na bliana n + 5 san áireamh.

(2)

Léireofar sa tacar sonraí dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta atá i bhfeidhm ag dáta na hanailíse. Beidh na cineálacha tacar sonraí a úsáidtear le haghaidh leictreachais agus gáis faoi seach comhoiriúnach dá chéile, go háirithe maidir le toimhdí faoi phraghsanna agus faoi mhéideanna i ngach margadh. Leagfar amach an tacar sonraí i ndiaidh dul i gcomhairle go foirmiúil leis na Ballstáit agus leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na ngeallsealbhóirí ábhartha uile. Áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht go bhfuil rochtain ar na sonraí tráchtála is gá ó thríú páirtithe nuair is infheidhme.

(3)

Tabharfar treoir sa mhodheolaíocht maidir le forbairt a dhéanamh ar an samhaltú gréasáin agus margaidh is gá le haghaidh na hanailíse costais is tairbhe agus maidir le húsáid an tsamhaltaithe sin.

(4)

Beidh an anailís costais is tairbhe bunaithe ar mheastóireacht chomhchuibhithe ar na costais agus na tairbhí a bhaineann leis na catagóirí éagsúla tionscadal arna n-anailísiú, agus cuimseoidh sí an tréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (1) ar a laghad.

(5)

Cuirfear na costais seo a leanas ar a laghad san áireamh san anailís costais is tairbhe: caiteachas caipitiúil, feidhmíochta agus cothabhála thar shaolré theicniúil an tionscadail agus costais díchoimisiúnaithe agus bainistíochta dramhaíola, i gcás inarb ábhartha. Tabharfar treoir sa mhodheolaíocht maidir le rátaí lascaine atá le húsáid sna ríomhanna.

(6)

Maidir le tarchur agus stóráil leictreachais, áireofar san anailís costais is tairbhe ar a laghad an tionchar agus na cúitimh mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, na tionchair ar na táscairí atá sainithe in Iarscríbhinn IV, agus na tionchair seo a leanas:

(a)

astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus caillteanais tarchuir thar shaolré theicniúil an tionscadail;

(b)

costais sa todhchaí a bhainfidh le hinfheistíocht nua giniúna agus tarchuir thar shaolré teicniúil an tionscadail;

(c)

solúbthacht feidhmíochta, lena n-áirítear barrfheabhsú seirbhísí rialála cumhachta agus seirbhísí coimhdeacha;

(d)

seasmhacht an chórais, lena n-áirítear seasmhacht i leith tubaistí agus i leith na haeráide, agus slándáil an chórais, go háirithe i gcás bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha mar atá sainithe i dTreoir 2008/114/CE.

(7)

Maidir le gás, cuirfear san áireamh ar a laghad san anailís costais is tairbhe torthaí na tástála margaidh ar na tionchair ar na táscairí atá sainithe in Iarscríbhinn IV agus na tionchair seo a leanas:

(a)

seasmhacht i leith tubaistí agus i leith na haeráide, agus slándáil an chórais, go háirithe i gcás bonneagar ríthábhachtach Eorpach mar atá sainithe i dTreoir 2008/114/CE;

(b)

cúngach sa ghréasán gáis.

(8)

Maidir le heangacha cliste, cuirfear na tionchair ar na táscairí san áireamh san anailís costais is tairbhe a shainmhínítear in Iarscríbhinn IV.

(9)

Leagfar amach an modh mionsonraithe arna úsáid chun na táscairí dá dtagraítear i bpointe (6) go pointe (8) a chur san áireamh i ndiaidh dul i gcomhairle go foirmiúil leis na Ballstáit agus na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na ngeallsealbhóirí uile.

(10)

Saineofar sa mhodheolaíocht an anailís atá le déanamh, bunaithe ar an tacar sonraí ionchuir ábhartha, trí na tionchair a chinneadh le gach tionscadal agus dá n-uireasa. Cuimseofar sa limistéar sin ina ndéanfar anailís ar thionscadal ar leith, gach Ballstát agus tríú tír ar a dtógfar an tionscadal, gach Ballstát comharsanachta agus gach Ballstát eile a mbeidh tionchar suntasach ag an tionscadal orthu.

(11)

Sainaithneofar san anailís na Ballstáit a bhfuil glantionchair dhearfacha ag an tionscadal orthu (tairbhithe) agus na Ballstáit sin a bhfuil glantionchar diúltach ag an tionscadal orthu (iompróirí costais). Áireofar i ngach anailís costais is tairbhe anailísí íogaireachta a bhaineann leis an tacar sonraí ionchuir, dáta coimisiúnaithe na dtionscadal difriúil sa limistéar céanna anailíse agus paraiméadair ábhartha eile.

(12)

Malartóidh oibreoirí córais tarchurtha, stórála agus oibreoirí críochfoirt gháis nádúrtha chomhbhrúite agus leachtaithe agus oibreoirí córais dáileacháin an fhaisnéis a theastaíonn chun an mhodheolaíocht a leagan amach, lena n-áirítear an samhaltú gréasáin agus margaidh ábhartha. Aon oibreoir córais tarchurtha nó dáileacháin atá ag bailiú faisnéise thar ceann oibreoirí córais tarchurtha nó dáileacháin eile, tabharfaidh sé na torthaí ó bhailiú na sonraí ar ais do na hoibreoirí rannpháirteacha córais tarchurtha agus dáileacháin.

(13)

Maidir leis an gcómhargadh leictreachais agus gáis agus an samhaltú gréasáin atá leagtha amach i mír 8 d’Airteagal 11, cuimseoidh an tacar sonraí ionchuir dá dtagraítear i bpointe (1) na blianta n + 10, n + 20 agus n + 30 agus ceadóidh an samhaltú go ndéanfar measúnú iomlán ar thionchair eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, lena n-áirítear go háirithe costais sheachtracha amhail na costais sin a bhaineann le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa agus gnáthastaíochtaí truailleáin aeir agus iad sin a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair.


IARSCRÍBHINN VI

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT PHOIBLÍ

(1)

Sonrófar na nithe seo a leanas ar a laghad sa lámhleabhar nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1):

(a)

an dlí ábhartha ar a mbunaítear cinntí agus tuairimí maidir leis na cineálacha difriúla tionscadal ábhartha leasa choitinn, lena n-áirítear dlí comhshaoil;

(b)

na cinntí agus na tuairimí ábhartha atá le fáil;

(c)

ainmneacha agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil, údarás eile agus na ngeallsealbhóirí móra lena mbaineann;

(d)

an sreabhadh oibre, ina gcuirtear síos ar gach céim sa phróiseas, lena n-áirítear tréimhse ama tháscach agus léargas achomair ar an bpróiseas cinnteoireachta;

(e)

faisnéis faoi raon feidhme, faoi struchtúr agus faoi leibhéal mionsonraithe doiciméad atá le cur isteach leis an iarratas ar chinntí, lena n-áirítear seicliosta;

(f)

na céimeanna agus na modhanna trína mbeidh an pobal i gcoitinne rannpháirteach sa phróiseas.

(2)

Déanfar a shonrú sa sceideal mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 10(4)(b) an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

na cinntí agus na tuairimí atá le fáil;

(b)

na húdaráis, na geallsealbhóirí agus an pobal ar dóigh dóibh a bheith i gceist;

(c)

na céimeanna aonair den nós imeachta agus an fad tréimhse a bhaineann leo;

(d)

garspriocanna móra atá le baint amach agus na spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le déanamh;

(e)

na hacmhainní atá pleanáilte ag na húdaráis agus riachtanais acmhainní breise a d’fhéadfadh a bheith ann.

(3)

Chun rannpháirtíocht phoiblí sa phróiseas deonaithe ceadanna a mhéadú agus chun faisnéis agus comhphlé leis an bpobal a áirithiú roimh ré, cuirfear i bhfeidhm na prionsabail seo a leanas:

(a)

Na geallsealbhóirí a bhfuil tionchar ag tionscadal leasa choitinn orthu, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, úinéirí talún agus saoránaigh atá ina gcónaí i gcóngar an tionscadail, an pobal i gcoitinne agus a gcomhlachais, a n-eagraíochtaí nó a ngrúpaí, cuirfear ar an eolas iad go forleathan agus rachfar i gcomhairle leo ag an tús, nuair is féidir ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ag an bpobal fós a chur san áireamh, ar bhealach oscailte agus trédhearcach. I gcás inarb ábhartha, tacóidh an t-údarás inniúil go gníomhach leis na gníomhaíochtaí a ghabhann an tionscnóir tionscadail ar láimh.

(b)

Áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar nósanna imeachta comhairliúcháin phoiblí do thionscadail leasa choitinn a ghrúpáil le chéile nuair is féidir. Cumhdófar faoi gach comhairliúchán poiblí gach ábhar a bhaineann le céim áirithe den nós imeachta, agus ní thabharfar aghaidh ar ábhar amháin a bhaineann le céim áirithe den nós imeachta i níos mó ná comhairliúchán poiblí amháin; féadfaidh comhairliúchán poiblí amháin, áfach, tarlú i níos mó ná láthair gheografach amháin. Cuirfear na hábhair a dtabharfar aghaidh orthu sa chomhairliúchán poiblí in iúl go soiléir san fhógra maidir leis an gcomhairliúchán poiblí.

(c)

Ní bheidh barúlacha agus agóidí inghlactha ach ó thús an chomhairliúcháin phoiblí go dtí go rachaidh an spriocdháta in éag.

(4)

Áireofar sa choincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí faisnéis faoi na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

na geallsealbhóirí lena mbaineann agus a bhfuil teagmháil déanta leo;

(b)

na bearta á mbeartú, lena n-áirítear láithreacha ginearálta atá beartaithe agus dátaí cruinnithe tiomnaithe;

(c)

an amlíne;

(d)

na hacmhainní daonna atá leithdháilte ar na cúraimí faoi seach.

(5)

I gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí atá le déanamh roimh an gcomhad iarratais a chur isteach, déanfaidh na comhpháirtithe ábhartha na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

foilseofar bileog faisnéise nach mó ná 15 leathanach ina dtabharfar, ar bhealach soiléir agus achomair, léargas ar chuspóir agus ar dhréacht-tráthchlár an tionscadail, plean forbartha na heangaí náisiúnta agus bealaí malartacha breithnithe, na tionchair a mheastar a bheidh ag an tionscadal, lena n-áirítear tionchair trasteorann, agus bearta maolaithe féideartha, a fhoilseofar roimh thús an chomhairliúcháin; Liostófar sa bhileog faisnéise ina theannta sin liosta sheoltaí gréasáin an chláir oibre trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 18 agus i lámhleabhar na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (1);

(b)

cuirfear na páirtithe leasmhara uile a mbeidh tionchar ag an tionscadal orthu ar an eolas faoin tionscadal tríd an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 9(7) agus trí mhodhanna ábhartha faisnéise eile;

(c)

tabharfar cuireadh i scríbhinn do gheallsealbhóirí ábhartha a mbeidh tionchar ag an tionscadal orthu chuig cruinnithe tiomanta, agus pléifear aon imní a bheidh orthu lena linn.

(6)

Cuirfear na nithe seo a leanas ar a laghad ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail:

(a)

an bhileog faisnéise dá dtagraítear i bpointe (5);

(b)

achoimre neamhtheicniúil a thugtar cothrom le dáta go rialta agus nach mó ná 50 leathanach ina léirítear stádas reatha an tionscadail agus ina gcuirtear in iúl go soiléir, i gcás faisnéise a tugadh cothrom le dáta, athruithe ar leaganacha roimhe sin;

(c)

pleanáil an tionscadail agus an chomhairliúcháin phoiblí, ag léiriú go soiléir dátaí agus láithreacha do chomhairliúcháin phoiblí agus na hábhair ar dóigh dóibh a bheith ábhartha do na héisteachtaí sin;

(d)

sonraí teagmhála d’fhonn an tacar iomlán de dhoiciméid iarratais a fháil;

(e)

sonraí teagmhála d’fhonn barúlacha agus agóidí a chur in iúl le linn na gcomhairliúchán poiblí.


Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir le hincháilitheacht na dtionscadal leasa choitinn do chúnamh airgeadais an AE i gcomhthéacs na n-infrastruchtúr fuinnimh tras-Eorpach (Caibidil V de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1))

Cuireann an Coimisiún i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach ina thuairim siúd go gcuimseofar sa tacaíocht ó fhoinsí náisiúnta agus AE deontais le haghaidh oibreacha lena n-éascaítear cur i bhfeidhm na dtionscadal ar tionscadail leasa choitinn iad agus lena bhfeabhsófar éagsúlú na bhfoinsí i ndáil le soláthar fuinnimh, bealaí soláthair agus leis na contrapháirtithe. Cosnaíonn an Coimisiún an ceart chun tograí a dhéanamh chuige sin bunaithe ar an taithí atá aige mar gheall ar a fhaireachán ar chur i bhfeidhm na dtionscadal ar tionscadail leasa choitinn iad i gcomhthéacs na tuarascála a bhí le tabhairt in Airteagal 17 den Rialachán maidir le treoirlínte um infrastruchtúir thras-Eorpacha i ndáil le fuinneamh.


(1)  Féach leathanach 39 den Iris Oifigiúil seo.