29.2.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/3


RIALACHÁN (AE) Uimh. 154/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Feabhra 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ní foláir na rialacha maidir le hidirthurais trí limistéir idirnáisiúnta aerfort a shoiléiriú d’fhonn an chinnteacht dhlíthiúil agus an trédhearcacht a áirithiú.

(2)

Maidir le náisiúnaigh tríú tíortha atá faoi réir an cheanglais i ndáil le víosa idirthurais aerfoirt faoi Airteagal 3(1) agus Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (2), agus a bhfuil víosa bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Ballstát, ag Ceanada, ag an tSeapáin nó ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Ballstát, ag Andóra, ag Ceanada, ag an tSeapáin, ag San Mairíne nó ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá siad díolmhaithe ón gceanglas maidir le víosa idirthurais aerfoirt. Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag an díolúine sin maidir le sealbhóirí víosaí bailí nó ceadanna cónaithe arna n-eisiúint ag Ballstáit nach raibh rannpháirteach i nglacadh Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 agus ag na Ballstáit nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill.

(3)

Maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil víosa bailí ar seilbh acu, ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine nuair a thaistealaíonn siad chuig an tír eisiúna nó chuig aon tríú tír eile, agus nuair a fhilleann siad ón tír eisiúna tar éis an víosa a úsáid.

(4)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na rialacha maidir le hidirthurais trí limistéir idirnáisiúnta aerfort a shoiléiriú, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(5)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (3), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin (4).

(6)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm, agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (6).

(7)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (8).

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(9)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (9); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(10)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (10); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(11)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(12)

Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c):

“(b)

náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Ballstát nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo nó ag Ballstát nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill, nó náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Andóra, ag Ceanada, ag an tSeapáin, ag San Mairíne nó ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus a liostaítear in Iarscríbhinn V, lena ráthaítear go nglacfar isteach an athuair an sealbhóir gan choinníoll;

(c)

náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil víosa bailí ar seilbh acu do Bhallstát nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, do Bhallstát nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill, nó do Cheanada, don tSeapáin nó do Stáit Aontaithe Mheiriceá, nuair a thaistealaíonn siad chuig an tír eisiúna nó chuig aon tríú tír eile, nó nuair a fhilleann siad ón tír eisiúna tar éis an víosa a úsáid;”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 15 Feabhra 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Feabhra 2012.

(2)  IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.

(3)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(4)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(5)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

(7)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(8)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.

(9)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(10)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.