3.2.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 70/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Eanáir 2012
maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí de bhóthar
(athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe mír 1 d'Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1172/98 ón gComhairle an 25 Bealtaine 1998 maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí de bhóthar (2) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht. |
(2) |
Chun na cúraimí atá air i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh fáil ag an gCoimisiún ar shonraí staidrimh atá inchomparáide, iontaofa, sioncrónaithe, rialta agus cuimsitheach i dtaobh fairsinge agus forbairt iompair earraí de bhóthar ag feithiclí atá cláraithe san Aontas agus i dtaobh a mhéid a bhaintear úsáid as feithiclí atá i mbun an iompair sin. |
(3) |
Is gá staidreamh réigiúnach cuimsitheach a thiomsú maidir le hiompar earraí agus turais feithiclí araon. |
(4) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, a áirithiú go ndéanfar tionscnamh agus ceann scríbe réigiúnach an iompair a dhéantar laistigh den Aontas a thuairisciú ar an mbonn céanna leis an iompar náisiúnta, agus go ndéanfar nasc idir iompar earraí agus turais feithiclí trí bhíthin a mhéid a bhaintear úsáid as feithiclí atá i mbun an iompair sin a thomhas. |
(5) |
I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, is ar leibhéal an Aontais, agus ar an leibhéal sin amháin, is fearr is féidir cruthú caighdeán comhchoiteann staidrimh a bhaint amach d'fhonn faisnéis chomhchuibhithe a sholáthar, agus sonraí á mbailiú i ngach Ballstát faoi údarás na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí sin atá freagrach as staidreamh oifigiúil a thiomsú. |
(6) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach (3), déantar creat tagartha a sholáthar do na forálacha atá leagtha síos leis an Rialachán seo, go háirithe na forálacha sin a bhaineann le rochtain ar fhoinsí sonraí riaracháin, le héifeachtacht costais na n-acmhainní atá ar fáil agus le rúndacht staidrimh. |
(7) |
Is gá sonraí leithleacha a chur in iúl, chomh luath agus a dhéanfar díthainmneach iad, chun meastachán a dhéanamh ar chruinneas foriomlán na dtorthaí. |
(8) |
Tá sé tábhachtach a áirithiú go scaipfear an fhaisnéis staidrimh go leormhaith. |
(9) |
I bhfianaise suíomh geografach sonrach Mhálta, a thurais gearr-raoin iompair de bhóthar, a líonra teoranta bóithre agus an t-ualach díréireach a bheadh ar údaráis Mhálta dá mbeadh orthu sonraí den sórt sin a bhailiú, ba cheart maolú a dheonú do Mhálta. |
(10) |
Chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le Cuid 1 d'Iarscríbhinn I a nuashonrú, ach amháin i gcás aon mhodhnú ar chineál roghnach na faisnéise is gá, agus maidir le hIarscríbhinn II go Iarscríbhinn VII a oiriúnú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. |
(11) |
Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Tiomsóidh gach Ballstát staidreamh don Aontas maidir le hiompar earraí de bhóthar trí bhíthin feithiclí bóthair iompair earraí atá cláraithe sa Bhallstát sin, agus maidir leis na turais a dhéanfaidh feithiclí den sórt sin.
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiompar earraí de bhóthar trí bhíthin na nithe seo a leanas:
(a) |
feithiclí bóthair iompair earraí a dtéann a meáchan údaraithe nó a dtoisí údaraithe thar na teorainneacha a cheadaítear de ghnáth sna Ballstáit i dtrácht; |
(b) |
feithiclí talmhaíochta, feithiclí míleata agus feithiclí ar leis na riaracháin phoiblí lárnacha nó áitiúla iad, cé is moite d'fheithiclí bóthair iompair earraí ar le gnóthais phoiblí iad, agus go háirithe gnóthais iarnróid. |
Féadfaidh gach Ballstát a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo feithiclí bóthair iompair earraí a bhfuil a n-acmhainn ualaigh nó a n-uasmheáchan is incheadaithe faoi bhun teorann áirithe. Ní fhéadfaidh an teorainn sin dul thar acmhainn ualaigh 3,5 tona nó thar an uasmheáchan údaraithe 6 thona i gcás mótarfheithiclí aonair.
3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Málta, fad agus nach rachaidh an líon feithiclí bóthair iompair earraí a bheidh cláraithe i Málta agus a bheidh ceadúnaithe chun dul i mbun iompair earraí de bhóthar go hidirnáisiúnta thar 400 feithicil. Chun na críche sin, déanfaidh Málta an líon feithiclí bóthair iompair earraí a bheidh ceadúnaithe chun dul i mbun iompair earraí de bhóthar go hidirnáisiúnta a chur faoi bhráid Eurostat go bliantúil agus, ar a dhéanaí, faoi dheireadh mhí Márta den bhliain tar éis na bliana a dtagraíonn an líon feithiclí bóthair iompair earraí di.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) “iompar earraí de bhóthar”: gach cineál iompair earraí trí bhíthin feithicle bóthair iompair earraí;
(b) “feithicil bhóthair iompair”: feithicil bhóthair a bhfuil inneall feistithe uirthi agus a ghluaistear trí bhíthin an innill sin amháin, agus a úsáidtear de ghnáth chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar, nó chun feithiclí a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar a tharraingt ar an mbóthar;
(c) “feithicil bhóthair chun earraí a iompar”: feithicil bhóthair atá ceaptha go heisiach nó go príomha chun earraí a iompar (leoraí, leantóir, leathleantóir);
(d) “feithicil bhóthair iompair earraí”: aon fheithicil bhóthair iompair aonair, nó aon chónasc feithiclí bóthair, eadhon traein bhóthair nó feithicil altach, atá ceaptha chun earraí a iompar;
(e) “leoraí”: feithicil bhóthair dhocht atá ceaptha go heisiach nó go príomha chun earraí a iompar;
(f) “tarracóir bóthair”: feithicil bhóthair iompair atá ceaptha go heisiach nó go príomha chun feithiclí bóthair eile, nach bhfuil cumhacht-tiomáinte (leathleantóirí den chuid is mó), a tharlú;
(g) “leantóir”: feithicil bhóthair chun earraí a iompar atá ceaptha chun bheith tarlaithe ag feithicil bhóthair iompair;
(h) “leathleantóir”: feithicil bhóthair chun earraí a iompar, nach bhfuil aon acastóir tosaigh uirthi agus atá ceaptha ar an tslí sin go mbeidh cuid den fheithicil agus cuid mhór dá meáchan ualaithe ina luí ar an tarracóir bóthair;
(i) “feithicil altach”: tarracóir bóthair atá cúpláilte le leathleantóir;
(j) “traein bhóthair”: feithicil bhóthair iompair earraí atá cúpláilte le leantóir nó feithicil altach a bhfuil leantóir breise ceangailte de;
(k) “cláraithe”: bheith taifeadta i gclár feithiclí bóthair iompair, arna choimeád ag comhlacht oifigiúil i mBallstát, cibé acu a eisítear pláta clárúcháin leis sin nó nach n-eisítear.
I gcás iompair ina n-úsáidtear cónasc feithiclí bóthair iompair, eadhon traein bhóthair nó feithicil altach, agus ina bhfuil an fheithicil bhóthair iompair agus an leantóir nó an leathleantóir cláraithe i dtíortha éagsúla, measfar go mbeidh an fheithicil iomlán cláraithe sa tír sin ina bhfuil an fheithicil bóthair iompair cláraithe;
(l) “acmhainn ualaigh”: uasmheáchan na n-earraí is incheadaithe arna dhearbhú ag an údarás inniúil sa tír ina bhfuil an fheithicil cláraithe.
I gcás gur traein bhóthair comhdhéanta de leoraí agus leantóir í an fheithicil bhóthair iompair earraí, is é acmhainn ualaigh na traenach bóthair iomlán acmhainní ualaigh an leoraí agus an leantóra;
(m) “an t-uasmheáchan incheadaithe”: iomlán mheáchan na feithicle (nó an chónaisc feithiclí) nuair atá sí ina stad agus réidh chun an bhóthair agus mheáchan an ualaigh is incheadaithe arna dhearbhú ag an údarás inniúil sa tír ina bhfuil an fheithicil cláraithe;
(n) “Eurostat”: roinn an Choimisiúin atá freagrach as na cúraimí atá curtha ar an gCoimisiún a chomhlíonadh sa réimse a bhaineann le staidreamh Aontais a sholáthar.
Airteagal 3
Sonraí a bhailiú
1. Tiomsóidh na Ballstáit sonraí staidrimh a bhaineann leis na réimsí seo a leanas:
(a) |
an fheithicil; |
(b) |
an turas; |
(c) |
na hearraí. |
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn I go dtí Iarscríbhinn VII na hathróga staidrimh i ngach réimse, a sainmhínithe agus leibhéil an aicmithe a úsáidtear chun iad a mhiondealú.
3. Nuair a bheidh an modh á shocrú atá le húsáid chun sonraí staidrimh a thiomsú, staonfaidh na Ballstáit ó aon fhoirmiúlachtaí a chur i gcrích ag na teorainneacha idir na Ballstáit.
4. Cumhachtófar don Choimisiún, i gcás inar gá sin, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 a bhaineann le Cuid 1 d'Iarscríbhinn I a nuashonrú, chun go ndéanfaí forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, agus chuige sin amháin, ach amháin i gcás aon mhodhnuithe ar chineál roghnach na faisnéise a cheanglaítear a thabhairt.
Cumhachtófar chomh maith don Choimisiún, i gcás inar gá sin, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 a bhaineann le hIarscríbhinn II go dtí Iarscríbhinn VII a oiriúnú chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh.
Déanfaidh an Coimisiún, le linn dó a chumhacht a fheidhmiú de bhun na míre seo, a áirithiú nach gcuireann aon ghníomhartha tarmligthe a ghlactar ualaí suntasacha breise riaracháin ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.
Airteagal 4
Beachtas torthaí staidrimh
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a modhanna bailithe agus próiseála sonraí staidrimh deartha ar shlí go n-áiritheofar go mbeidh na torthaí staidrimh a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo beacht a ndóthain chun go mbeidh sé de chumas ag an gCoimisiún sonraí staidrimh a bheith ar fáil dó a bheidh inchomparáide, iontaofa, sioncrónaithe, rialta agus cuimsitheach, agus aird á tabhairt ar shaintréithe struchtúracha an iompair de bhóthar sna Ballstáit.
Chun críche na chéad mhíre, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, rialacha teicniúla mionsonraithe a ghlacadh maidir le beachtas na sonraí staidrimh a cheanglófar a thabhairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2).
Airteagal 5
Torthaí staidrimh a tharchur chuig Eurostat
1. Tarchuirfidh na Ballstáit chuig Eurostat gach ráithe sonraí leithleacha a bheidh fíoraithe go cuí agus a chomhfhreagróidh do na hathróga dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a liostaítear in Iarscríbhinn I, gan an t-ainm, an seoladh ná an chláruimhir a thabhairt le fios.
Áireofar sa tarchur sin, i gcás inarb iomchuí, sonraí staidrimh a bhaineann le ráithí roimhe sin nuair a bhí na sonraí sin a tugadh sealadach.
2. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, na socruithe maidir le tarchur na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na táblaí staidrimh a bheidh bunaithe ar na sonraí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2).
3. Déanfar tarchur na sonraí dá dtagraítear i mír 1 laistigh de chúig mhí ó dheireadh gach tréimhse ráithiúla breathnadóireachta.
Folófar sa chéad tarchur an chéad ráithe de 1999.
Airteagal 6
Torthaí staidrimh a scaipeadh
Déanfar na torthaí staidrimh maidir le hearraí a iompar de bhóthar a scaipeadh tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis na tréimhse a dtagraíonn na torthaí di.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, rialacha a ghlacadh i ndáil leis na torthaí staidrimh a scaipeadh maidir le hiompar earraí de bhóthar, lena n-áirítear struchtúr agus inneachar na dtorthaí a bheidh le scaipeadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2).
Airteagal 7
Tuarascálacha
1. Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar na modhanna a úsáidtear chun sonraí staidrimh a thiomsú a chur ar aghaidh chuig Eurostat ar an dáta a chuirfear an chéad fhaisnéis ráithiúil ar aghaidh nó roimh an dáta sin.
Déanfaidh na Ballstáit mionsonraí maidir le haon athruithe substaintiúla a dhéanfar ar na modhanna a úsáidtear chun sonraí staidrimh a bhailiú a chur ar aghaidh chuig Eurostat freisin.
2. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil do Eurostat gach bliain maidir le méideanna na samplaí, rátaí neamhfhreagartha agus faisnéis, i bhfoirm earráide caighdeánaí nó eatramh muiníne, maidir le chomh hiontaofa agus atá na príomhthorthaí staidrimh.
3. Faoin 31 Nollaig 2014, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Déanfaidh an tuarascáil sin meastóireacht go háirithe ar cháilíocht na sonraí staidrimh a tharchuirfear, na modhanna bailithe sonraí mar aon leis na hualaí riaracháin ar na Ballstáit agus ar na freagróirí. Más iomchuí, cuirfear i dteannta na tuarascála tograí maidir le modhnú liosta na n-athróg, agus fionnachtana na dtionscadal gaolmhar á gcur san áireamh, go háirithe iad sin maidir le hastaíochtaí truailliú aeir arb é is cúis leo iompar earraí de bhóthar.
Airteagal 8
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 23 Feabhra 2012. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 9
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 10
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/98.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IX.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 18 Eanáir 2012.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. WAMMEN
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2011.
(2) IO L 163, 6.6.1998, lch. 1.
(3) IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.
(4) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
IARSCRÍBHINNÍ
Iarscríbhinn I |
LIOSTA ATHRÓG AGUS FOSCRÍBHINN MODHEOLAÍOCHTAÍ |
Iarscríbhinn II |
AINMNÍOCHT CUMRAÍOCHTAÍ ACASTÓIRÍ |
Iarscríbhinn III |
AINMNÍOCHT CINEÁLACHA TURAIS |
Iarscríbhinn IV |
AINMNÍOCHT EARRAÍ |
Iarscríbhinn V |
AINMNÍOCHT CATAGÓIRÍ EARRAÍ CONTÚIRTEACHA |
Iarscríbhinn VI |
AINMNÍOCHT CINEÁLACHA LASTA |
Iarscríbhinn VII |
NA hIONAID LUCHTAITHE AGUS DÍLUCHTAITHE A CHÓDÚ DE RÉIR TÍORTHA AGUS RÉIGIÚN |
Iarscríbhinn VIII |
RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR |
Iarscríbhinn IX |
TÁBLA COMHGHAOIL |
IARSCRÍBHINN I
Cuid 1
LIOSTA ATHRÓG
A1. |
athróga a bhaineann leis an bhfeithicil; |
A2. |
athróga a bhaineann leis an turas; |
A3. |
athróga a bhaineann leis na hearraí (san oibríocht bhunúsach iompair). |
A1. ATHRÓGA A BHAINEANN LEIS AN bhFEITHICIL
De bhun an tsainmhínithe a thugtar in Airteagal 2, pointe (d), is é atá i gceist le feithicil bhóthair iompair earraí aon fheithicil bhóthair iompair aonair, nó aon chónasc feithiclí bóthair, eadhon traein bhóthair nó feithicil altach atá ceaptha chun earraí a iompar.
Is iad seo a leanas na hathróga atá le tabhairt maidir leis an bhfeithicil:
1. |
cibé acu is féidir na feithiclí a úsáid le haghaidh iompair chomhcheangailte nó nach féidir (roghnach); |
2. |
cumraíocht acastóirí de réir Iarscríbhinn II (roghnach); |
3. |
aois na feithicle bóthair iompair (leoraí nó tarracóir bóthair) i mblianta (ó céadchláraíodh an fheithicil); |
4. |
an t-uasmheáchan is incheadaithe, i 100 kg; |
5. |
an acmhainn ualaigh, i 100 kg; |
6. |
NACE Rev. 2 de chuid an oibreora feithicle ar leibhéal an rannáin (leibhéal cheithre dhigit) (roghnach) (1); |
7. |
an cineál iompair (ar fruiliú nó luaíocht/ar a chuntas féin); |
8. |
iomlán na gciliméadar a cuireadh i gcrích i rith na tréimhse suirbhé;
|
9. |
ualú feithicle, le húsáid chun torthaí iomlána a fháil ó shonraí leithleacha más rud é go mbeidh na sonraí á mbailiú ar bhonn na samplála randamaí. |
Cumraíochtaí leantacha
Nuair is feithicil bhóthair iompair atá á húsáid ina haonar, eadhon gan leantóir, í an fheithicil bhóthair iompair bhóthair a roghnaítear don suirbhé, i rith na tréimhse suirbhé, is ionann í inti féin agus an fheithicil bhóthair chun earraí a iompar.
Nuair is tarracóir bóthair, áfach, í an fheithicil bhóthair iompair a roghnaítear don suirbhé — agus leathleantóir a bheith cúpláilte léi, sa chás sin — nó nuair is leoraí í lena bhfuil leathleantóir cúpláilte, bainfidh na sonraí a cheanglaítear a thabhairt faoin Rialachán seo leis an bhfeithicil bhóthair iompair earraí arna glacadh ina hiomláine. Sa chás sin, féadfaidh sé go dtiocfaidh athrú ar an gcumraíocht i rith na tréimhse suirbhé (nuair a dhéantar leantóir a chúpláil le leoraí nó nuair a athraítear leantóir i rith na tréimhse sin, nó nuair a athraítear an leathleantóir ar tharracóir bóthair). I gcás den sórt sin, ní mór na cumraíochtaí leantacha sin a thaifeadadh, agus ní mór sonraí na feithicle a thabhairt le haghaidh gach turais. Mura féidir, áfach, na cumraíochtaí leantacha sin a thaifeadadh, comhaontaítear go dtaifeadfar, i dtaca leis na hathróga feithicilghaolmhara, na cumraíochtaí sin a bheidh ag comhfhreagairt don chumraíocht i dtosach an chéad turais ualaithe a dhéanfar i rith na tréimhse suirbhé nó a bheidh ag comhfhreagairt don chumraíocht is mó úsáid i rith na tréimhse sin.
Athrú ar chineál iompair
Ar an dóigh chéanna, ag brath ar an turas, féadfar an t-iompar a dhéanamh ar mhodh atá ar a chuntas féin nó ar fruiliú nó luaíocht, agus ní mór an cineál iompair a thaifeadadh le haghaidh gach turais. Mura féidir na hathruithe sin a thaifeadadh, áfach, comhaontaítear gurb é “an cineál iompair” a thaifeadfar an cineál iompair sin a bheidh ag comhfhreagairt don phríomh-mhodh úsáide.
A2. ATHRÓGA A BHAINEANN LEIS AN TURAS
I rith na tréimhse suirbhé, cuireann an fheithicil bhóthair iompair earraí turais i gcrích nuair atá sí díluchtaithe (níl aon earraí ná aon phacáistíocht fholamh ar an leoraí, ar an leantóir ná ar an leathleantóir, agus tá siad “iomlán folamh” dá bhrí sin) nó nuair atá sí luchtaithe (tá earraí nó pacáistíocht fholamh ar an leoraí, ar an leantóir nó ar an leathleantóir ós rud é gur cineál earraí ar leith í an phacáistíocht fholamh). Is é achar luchtaithe na feithicle bóthair iompair earraí an t-achar idir an chéad phointe luchtaithe agus an pointe deiridh díluchtaithe (an t-ionad ina bhfolmhaítear an fheithicil bhóthair iompair earraí go hiomlán). Is féidir, dá bhrí sin, roinnt oibríochtaí bunúsacha iompair a bheith folaithe leis an turas ualaithe.
Is iad seo a leanas na hathróga atá le tabhairt le haghaidh gach turais:
1. |
an cineál turais i gcomhréir leis an ainmníocht atá in Iarscríbhinn III; |
2. |
meáchan na n-earraí arna n-iompar le linn an turais nó le linn gach céime den turas, ollmheáchan i 100 kg; |
3. |
ionad luchtaithe (na feithicle bóthair iompair earraí, i gcás turais ualaithe):
|
4. |
ionad díluchtaithe (na feithicle bóthair iompair earraí, i gcás turais ualaithe):
|
5. |
achar an turais a dhéantar: an t-achar iarbhír gan achar an turais a rinne an fheithicil bhóthair iompair earraí a chur san áireamh nuair atá sí á hiompar ag modh eile iompair; |
6. |
tonaí/ciliméadair curtha i gcrích le linn an turais; |
7. |
tíortha a thrasnaítear faoi bhealach (cúig thír ar a mhéad), arna gcódú de réir Iarscríbhinn VII; |
8. |
ionad luchtaithe, más ann dó, na feithicle bóthair iompair ar mhodh eile iompair i gcomhréir le hIarscríbhinn VII (roghnach); |
9. |
ionad díluchtaithe, más ann dó, na feithicle bóthair iompair as modh eile iompair i gcomhréir le hIarscríbhinn VII (roghnach); |
10. |
an cás ina bhfuil an fheithicil bhóthair iompair earraí “lánluchtaithe” (nós imeachta 2) nó “nach bhfuil sí lánluchtaithe” (nós imeachta 1) le linn an turais i dtrácht, maidir le huasmhéid spáis a úsáidtear le linn an turais (nós imeachta 0 = de réir an ghnáis maidir le turais neamhualaithe) (roghnach). |
A3. ATHRÓGA A BHAINEANN LE hEARRAÍ (mar chuid den oibríocht bhunúsach iompair)
Le linn turais ualaithe, is féidir roinnt oibríochtaí bunúsacha iompair a chur i gcrích agus is é an sainmhíniú atá ar oibríocht bhunúsach iompair gur iompar cineál amháin earraí é (a shainmhínítear le tagairt do leibhéal áirithe aicmíochta) idir a ionad luchtaithe agus a ionad díluchtaithe.
Is iad seo a leanas na hathróga atá le tabhairt maidir le hoibríocht bhunúsach iompair le linn turais ualaithe:
1. |
na cineálacha earraí, de réir leibhéal an rannáin a thagraíonn d'aicmiú iomchuí (féach Iarscríbhinn IV); |
2. |
meáchan na n-earraí: ollmheáchan i 100 kg; |
3. |
más gá, déanfar na hearraí a aicmiú mar earraí contúirteacha de réir phríomhchatagóirí Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (2) atá sonraithe in Iarscríbhinn V den Rialachán seo; |
4. |
an cineál lasta mar atá sonraithe in Iarscríbhinn VI (roghnach); |
5. |
ionad luchtaithe na n-earraí, arna chódú i gcomhréir le hIarscríbhinn VII; |
6. |
ionad díluchtaithe na n-earraí, arna chódú i gcomhréir le hIarscríbhinn VII; |
7. |
achar an turais a dhéantar, an t-achar iarbhír gan an t-achar a rinne an fheithicil bhóthair iompair earraí a chur san áireamh nuair atá sí á hiompar ag modh eile iompair. |
Oibríochtaí iompair arna gcur i gcrích le linn turais atá ionann le “cuairteanna bailiúcháin nó cuairteanna dáileacháin” (Modh 3, Ainmníocht Cineálacha Turais)
I gcás turais den chineál sin, ina bhfuil roinnt ionad luchtaithe agus/nó díluchtaithe, tá sé ionann is dodhéanta a iarraidh ar na hoibreoirí iompair cur síos a dhéanamh ar na hoibríochtaí bunúsacha iompair.
I gcás na dturas sin, nuair a aithnítear iad amhlaidh, cruthaítear oibríocht bhunúsach iompair bharúlach aonair, de ghnáth, ar bhonn na faisnéise a bhaineann leis an turas.
Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún an sainmhíniú atá aige ar an gcineál sin turais agus míneoidh sé na toimhdí simpliúcháin a bhfuil sé de dhualgas air a chur i bhfeidhm le linn na sonraí a bhailiú faoi na hoibríochtaí iompair comhfhreagracha.
Cuid 2
FOSCRÍBHINN MODHEOLAÍOCHTAÍ
Turais ualaithe agus oibríochtaí bunúsacha iompair
Ag brath ar an mBallstát i dtrácht, baileofar an fhaisnéis a bhaineann le hiompar:
— |
ar bhonn tuairisce ar gach oibríocht bhunúsach iompair earraí (agus sonraí breise a bhaineann le turais neamhualaithe), |
— |
nó ar bhonn tuairisce ar na turais a rinne an fheithicil chun na hoibríochtaí bunúsacha iompair earraí sin a chur i gcrích. |
I bhformhór mór na gcásanna, nuair a dhéantar turas ualaithe, léiríonn sé sin aon oibríocht bhunúsach iompair amháin ina gcuimsítear:
— |
cineál amháin earraí a luchtaítear (trí thagairt a dhéanamh don ainmníocht earraí atá in úsáid, mar atá na 20 rannán, sa chás seo, arna mbaint as ainmníocht NST) (3), |
— |
ionad amháin luchtaithe do na hearraí, |
— |
ionad amháin díluchtaithe do na hearraí. |
Sa chás sin, tá an dá mhodh a úsáidtear lánchoibhéiseach, agus déanann an fhaisnéis a bhailítear trí cheachtar den dá mhodh sin cur síos ar an dá ní seo a leanas:
— |
iompar earraí (na hoibríochtaí bunúsacha iompair earraí go léir), |
— |
na turais arna ndéanamh ag na feithiclí a chuireann an t-iompar sin i gcrích, agus sonraí faoi acmhainn feithiclí agus úsáid na hacmhainne sin (turas ualaithe agus comhéifeacht úsáide; turas neamhualaithe). |
Faoin Rialachán seo, ní foláir cur síos a dhéanamh ar iompar earraí agus ar na turais araon a dhéanfaidh na feithiclí, ach níl sé inmhianaithe méadú iomarcach ar ualach an staidrimh a chur ar na hoibreoirí iompair trína iarraidh orthu tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar iompar earraí agus ar thurais na bhfeithiclí.
Dá réir sin, ní mór do na hOifigí Staidrimh Náisiúnta sna Ballstáit, nuair a chódóidh siad na ceistneoirí, na sonraí nach gceanglaítear go sainráite ar na hoibreoirí iompair a thabhairt a athbhunú as na sonraí sin a bhaileoidh siad ar bhonn “na hoibríochta bunúsaí iompair”, nó ar bhonn “an turais feithicle”.
Tiocfaidh an fhadhb chun cinn nuair a dhéanfar roinnt oibríochtaí bunúsacha iompair i rith aon turais ualaithe amháin, rud a d'fhéadfadh tarlú de bharr na nithe seo a leanas:
— |
roinnt ionad luchtaithe agus/nó díluchtaithe earraí a bheith ann (ach an líon díobh teoranta mar, mura mbeadh, bheadh cuairteanna bailiúcháin nó dáileacháin i gceist nach mór déileáil leo ar chaoi speisialta). Sa chás sin, taifeadfar na hionaid éagsúla luchtaithe agus/nó díluchtaithe seo, chun na tonaí/cileaméadair a ríomh i gceart atá curtha i gcrích le linn an turais, agus is féidir leis an oifig staidrimh na hoibríochtaí bunúsacha iompair a athbhunú, agus/nó |
— |
roinnt cineálacha earraí éagsúla a bheith ann a bhítear a iompar le linn an turais ualaithe, rud nach dtaifeadtar sa staidreamh de ghnáth, ós rud é nach n-iarrtar ach amháin na cineálacha earraí (earraí aonair nó príomhearraí) a thabhairt le fios. Sa chás sin, glactar leis an gcaillteanas faisnéise agus cuirfidh na Ballstáit a dhéanfaidh an cineál seo simpliúcháin é sin in iúl don Choimisiún go sainráite. |
(1) Ainmníocht staidrimh do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach.
(2) IO L 260, 30.9.2008, lch. 13.
(3) NST: Ainmníocht aonfhoirmeach earraí chun críche staidrimh iompair.
IARSCRÍBHINN II
AINMNÍOCHT CUMRAÍOCHTAÍ ACASTÓIRÍ
I gcás ina n-úsáidtear cónasc feithiclí, déanfaidh an chumraíocht acastóirí líon iomlán na n-acastóirí a ríomh, eadhon na hacastóirí ar an leoraí nó ar an tarracóir bóthair, móide na hacastóirí ar an leantóir nó ar an leathleantóir.
Is iad seo a leanas na catagóirí acastóirí atá san áireamh:
|
Códú |
||
1. Líon acastóirí ar fheithiclí aonair (leoraithe): |
|||
2 |
120 |
||
3 |
130 |
||
4 |
140 |
||
eile |
199 |
||
2. Líon acastóirí ar chónaisc fheithiclí: leoraí agus leantóir |
|||
2+1 |
221 |
||
2+2 |
222 |
||
2+3 |
223 |
||
3+2 |
232 |
||
3+3 |
233 |
||
eile |
299 |
||
3. Líon acastóirí ar chónaisc feithiclí: tarracóir bóthair agus leathleantóir |
|||
2+1 |
321 |
||
2+2 |
322 |
||
2+3 |
323 |
||
3+2 |
332 |
||
3+3 |
333 |
||
eile |
399 |
||
|
499 |
IARSCRÍBHINN III
AINMNÍOCHT CINEÁLACHA TURAIS
1. |
Turas ualaithe ina bhfuil oibríocht bhunúsach iompair aonair. |
2. |
Turas ualaithe ina bhfuil roinnt oibríochtaí iompair, ach nach measfar gur cuairt bhailiúcháin ná dháileacháin é. |
3. |
Turas ualaithe de chineál na cuairte bailiúcháin nó dáileacháin. |
4. |
Turais neamhualaithe. |
IARSCRÍBHINN IV
AINMNÍOCHT EARRAÍ
Rannán |
Tuairisc |
01 |
Táirgí talmhaíochta, fiaigh agus foraoise; iasc agus táirgí eile iascaireachta |
02 |
Gual agus lignít; peitriliam amh agus gás nádúrtha |
03 |
Mianta miotail agus táirgí eile mianadóireachta agus cairéalúcháin; móin; úráiniam agus tóiriam |
04 |
Táirgí bia, deochanna agus tobac |
05 |
Teicstílí agus táirgí teicstíleacha; leathar agus táirgí leathair |
06 |
Adhmad agus táirgí adhmaid agus coirc (seachas troscán); earraí tuí agus ábhar fite; laíon, páipéar agus táirgí páipéir; ábhar clóite agus meáin thaifeadta |
07 |
Táirgí cóic agus peitriliam scagtha |
08 |
Ceimiceáin, táirgí ceimiceacha, agus snáithíní saorga; táirgí rubair agus plaistigh; breosla núicléach |
09 |
Tairgí mianta neamh-mhiotalacha eile |
10 |
Miotail bhunúsacha; táirgí déanta as miotal, seachas innealra agus trealamh |
11 |
Innealra agus trealamh gan aicmiú in áit ar bith eile; innealra agus ríomhairí oifige; innealra agus gléasra leictreach gan aicmiú in áit ar bith eile; trealamh agus gairis raidió, teilifíse agus cumarsáide; uirlisí míochaine, uirlisí mionchruinnis agus uirlisí optúla; uaireadóirí agus cloig |
12 |
Trealamh iompair |
13 |
Troscán; earraí monaraithe eile gan aicmiú in áit ar bith eile |
14 |
Amhábhair thánaisteacha; dramhaíl bhardasach agus dramhaíl eile |
15 |
Post, bearta |
16 |
Trealamh agus ábhar atá á n-úsáid chun earraí a iompar |
17 |
Earraí atá á n-iompar le linn aistriú go teaghais eile nó go hoifig eile; bagáiste atá á iompar ar leithligh ó na paisinéirí; mótarfheithiclí atá á n-iompar le haghaidh deisiúcháin; earraí eile neamh-mhargaidh gan aicmiú in áit ar bith eile |
18 |
Earraí grúpáilte: meascán de chineálacha earraí atá á n-iompar le chéile |
19 |
Earraí neamh-inaitheanta; earraí, ar cibé cúis, nach féidir a aithint agus, dá dheasca sin, nach féidir a shannadh do ghrúpaí 1–16. |
20 |
Earraí eile gan aicmiú in áit ar bith eile |
IARSCRÍBHINN V
AINMNÍOCHT CATAGÓIRÍ EARRAÍ CONTÚIRTEACHA
1 |
Pléascáin |
2 |
Gáis atá comhbhrúite, leachtaithe nó tuaslagtha faoi bhrú |
3 |
Ábhar leachtach inadhainte |
4.1 |
Solaid inadhainte |
4.2 |
Substaintí a d’fhéadfadh uathdhó |
4.3 |
Substaintí a astaíonn gáis inadhainte nuair a thagann siad i dteagmháil le huisce |
5.1 |
Substaintí ocsaídeacha |
5.2 |
Sárocsaídí orgánacha |
6.1 |
Substaintí tocsaineacha |
6.2 |
Substaintí a d’fheádfadh a bheith ionfhabhtaíoch |
7 |
Ábhar radaighníomhach |
8 |
Ábhar creimneach |
9 |
Substaintí contúirteacha ilghnéitheacha |
IARSCRÍBHINN VI
AINMNÍOCHT CINEÁLACHA LASTA (1)
0 |
Builcearraí leachtacha (gan mar aonad lasta) |
1 |
Builcearraí soladacha (gan mar aonad lasta) |
2 |
Coimeádáin mhóra lastais |
3 |
Coimeádáin eile lastais |
4 |
Earraí ar phailléad |
5 |
Earraí atá curtha i gcrocháin roimh ré |
6 |
Aonaid shoghluaiste fhéintiomáinte |
7 |
Aonaid shoghluaiste eile |
8 |
(Forchoimeádta) |
9 |
Cineálacha eile lasta |
(1) Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip — Cóid le haghaidh cineálacha lasta, pacáistí agus ábhair phacáistíochta, Moladh 21 arna ghlacadh ag an Meitheal um Nósanna Imeachta Trádála Idirnáisiúnta a Éascú, An Ghinéiv, Márta 1986.
IARSCRÍBHINN VII
NA hIONAID LUCHTAITHE AGUS DÍLUCHTAITHE A CHÓDÚ DE RÉIR TÍORTHA AGUS RÉIGIÚN
1. |
Déanfar na hionaid luchtaithe agus díluchtaithe a chódú mar seo a leanas:
|
2. |
Maidir le códú na dtíortha sin a thrasnaítear faoi bhealach (Roinn 7 d'Iarscríbhinn I, Cuid A2), bainfear úsáid as na cóid tíortha seo a leanas:
TÁBLA DE CHÓID NA dTÍORTHA (a) Ballstáit (a chomhfhreagraíonn do chóid tíortha dhá litir NUTS)
(b) Tíortha eile (cóid dhá litir ISO 3166)
|
(1) Cód sealadach nach dtugann aon bhreith roimh ré ar an ainmníocht chríochnaitheach don tír seo, rud a chomhaontófar nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair ar an ábhar seo sna Náisiúin Aontaithe.
IARSCRÍBHINN VIII
AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR
Rialachán (CE) Uimh. 1172/98 ón gComhairle |
|
Rialachán (CE) Uimh. 2691/1999 ón gCoimisiún |
|
Pointe 10.15 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 |
|
Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
Iarscríbhinn II, pointe 27, agus an pointe sin amháin |
Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle |
Pointe 8.5 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin |
Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
Airteagal 13, agus an tAirteagal sin amháin |
Rialachán (CE) Uimh. 1304/2007 ón gCoimisiún |
Airteagal 2, agus an tAirteagal sin amháin |
Rialachán (CE) Uimh. 399/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|
IARSCRÍBHINN IX
AN TÁBLA COMHGHAOIL
Rialachán (CE) Uimh. 1172/98 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
Airteagal 2, an chéad fhleasc go dtí an ceathrú fleasc déag |
Airteagal 2, pointe (a) go pointe (n) |
Airteagal 3 |
Airteagal 3 |
Airteagal 4 |
Airteagal 4 |
Airteagal 5(1), (2) agus (3) |
Airteagal 5(1), (2) agus (3) |
Airteagal 5(4) |
— |
Airteagal 5(5) |
— |
Airteagal 6 |
Airteagal 6 |
Airteagal 7(1) agus (2) |
Airteagal 7(1) agus (2) |
Airteagal 7(3) |
— |
Airteagal 8 |
— |
— |
Airteagal 8 |
Airteagal 10(1) agus (2) |
Airteagal 9(1) agus (2) |
Airteagal 10(3) |
— |
Airteagal 11 |
— |
— |
Airteagal 10 |
Airteagal 12 |
Airteagal 11 |
Iarscríbhinn A go hIarscríbhinn G |
Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn VII |
— |
Iarscríbhinn VIII |
— |
Iarscríbhinn IX |