8.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/26


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1232/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras (2), ceanglaítear ítimí dé-úsáide (lena n-áirítear bogearraí agus teicneolaíocht) a bheith faoi réir rialaithe éifeachtaigh agus iad á n-onnmhairiú ón Aontas nó nuair a dhéanann siad idirthuras tríd an Aontas, nó nuair a dhéantar iad a sheachadadh chuig tríú tír mar thoradh ar sheirbhísí bróicéireachta arna soláthar ag bróicéir atá ina chónaí nó atá bunaithe san Aontas.

(2)

Is inmhianaithe cur i bhfeidhm comhionann agus comhsheasmhach rialuithe a bhaint amach ar fud an Aontais, chun iomaíocht éagórach a sheachaint i measc onnmhaireoirí Aontais, raon feidhme na nÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas agus coinníollacha a n-úsáide a chomhchuibhiú i measc onnmhaireoirí Aontais agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht na rialuithe slándála a áirithiú san Aontas.

(3)

Ina Theachtaireacht dar dáta 18 Nollaig 2006, mhol an Coimisiún Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin nua ón Aontas a chruthú d’fhonn cumas iomaíochta an tionscail a fheabhsú, agus machaire réidh a bhaint amach i gcomhair onnmhaireoirí uile an Aontais Eorpaigh le linn dóibh ítimí dé-úsáide sonracha áirithe a onnmhairiú chuig cinn scríbe sonracha áirithe agus ag an am céanna, ardleibhéal slándála a áirithiú agus comhlíonadh iomlán oibleagáidí idirnáisiúnta a áirithiú.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1334/2000 ón gComhairle an 22 Meitheamh 2000 lena mbunaítear córas Comhphobail chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú ítimí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide (3) a aisghairm le héifeacht ón 27 Lúnasa 2009. Leanfaidh na forálacha ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2000 d’fheidhm a bheith acu i gcás iarratais ar údaruithe onnmhairiúcháin a rinneadh roimh an dáta sin, áfach.

(5)

Chun Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin nua ón Aontas a chruthú le haghaidh ítimí dé-úsáide sonracha áirithe a onnmhairiú chuig cinn scríbe sonracha áirithe, is gá forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú trí bhíthin Iarscríbhinní nua a chur leis.

(6)

Ba cheart go gcuirfí an fhéidearthacht ar fáil d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe toirmeasc a chur ar na hÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas a úsáid faoi na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 arna leasú leis an Rialachán seo.

(7)

Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, déantar trádbhaic arm faoi chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a ghlacadh le Cinntí ón gComhairle. De bhun Airteagal 9 de Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha, táthar chun éifeachtaí dlíthiúla comhsheasamh a ghlac an Chomhairle faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin a chaomhnú go dtí go ndéanfar iad a aisghairm, a neamhniú nó a leasú agus na Conarthaí á gcur chun feidhme.

(8)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:

“9.

ciallóidh ‘Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas’ údarú onnmhairiúcháin le haghaidh onnmhairí chuig tíortha ceann scríbe áirithe, ar údarú é atá ar fáil do na honnmhaireoirí uile a chomhlíonann a choinníollacha agus a cheanglais maidir le húsáid de réir mar a liostaítear iad in Iarscríbhinní IIa go IIf.”;

(2)

in Airteagal 4(2), cuirtear na focail “arna fhorchur le cinneadh nó le comhsheasamh” in ionad “arna chinneadh le comhsheasamh nó le comhghníomhaíocht”;

(3)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas le haghaidh onnmhairí áirithe mar atá leagtha amach in Iarscríbhinní IIa go IIf.

Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe toirmeasc a chur ar an onnmhaireoir na húdaruithe sin a úsáid más rud é go bhfuil amhras réasúnta ann i leith a chumais údarú den sórt sin nó foráil de chuid na reachtaíochta um rialú onnmhairiúcháin a chomhlíonadh.

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú i leith onnmhaireoirí ar baineadh an ceart Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin a úsáid díobh, mura ndéanann siad a chinneadh nach ndéanfaidh an t-onnmhaireoir iarracht ar ítimí dé-úsáide a onnmhairiú trí Bhallstát eile. Úsáidfear an córas dá dtagraítear in Airteagal 19(4) chun na críche sin.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn IIg a eisiamh óna raon feidhme”;

(c)

i mír 4(c), cuirtear na focail “arna fhorchur le cinneadh nó le comhsheasamh” in ionad na bhfocal “arna chinneadh le comhsheasamh nó le comhghníomhaíocht”;

(4)

sa chéad abairt d’Airteagal 11(1), cuirtear tagairt do “Iarscríbhinn IIa” in ionad na tagartha do “Iarscríbhinn II”;

(5)

in Airteagal 12(1)(b), cuirtear na focail “cinneadh nó comhsheasamh” in ionad “comhsheasamh nó comhghníomhaíocht”;

(6)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Déanfar na fógraí uile a cheanglaítear faoin Airteagal seo trí bhíthin meán slán leictreonach lena n-áirítear an córas dá dtagraítear in Airteagal 19(4).”;

(7)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

i mír 2(a), cuirtear na focail “Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas” in ionad “Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón gComhphobal”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Córas atá slán agus criptithe i gcomhair malartaithe faisnéise idir Ballstáit agus, nuair is iomchuí, déanfaidh an Coimisiún an Coimisiún a chur ar bun, i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid arna chur ar bun faoi Airteagal 23. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le buiséad, forbairt agus leagan amach sealadach agus críochnaitheach an chórais, mar aon le feidhmiú agus costais líonra an chórais.”;

(8)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 23:

“3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa maidir le gníomhaíochtaí, scrúduithe agus comhairliúcháin an Ghrúpa Comhordúcháin um Dhé-úsáid, a bheidh faoi réir Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, de chuid na Comhairle agus de chuid an Choimisiúin (4).

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

“Airteagal 25

1.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin arna nglacadh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 24. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar aghaidh chuig na Ballstáit eile.

2.   Gach trí bliana déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil chuimsitheach um chur chun feidhme agus um measúnú tionchair faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus féadfaidh sé go mbeidh tograí san áireamh sa tuarascáil i ndáil leis an Rialachán a leasú. Tabharfaidh Ballstáit an fhaisnéis uile is iomchuí don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú.

3.   I ranna speisialta de chuid na tuarascála déileálfar leis na nithe seo a leanas:

(a)

an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-úsáid agus a chuid gníomhaíochtaí. Déileálfar go rúnda le faisnéis a sholáthraíonn an Coimisiún maidir le scrúduithe agus comhairliúcháin an Ghrúpa Comhordúcháin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. I ngach cás, measfar go bhfuil faisnéis rúnda más rud é gur dóigh go mbeadh éifeacht dhíobhálach ar shlí shuntasach ag a nochtadh ar sholáthróir nó ar fhoinse faisnéise den sórt sin;

(b)

cur chun feidhme Airteagal 19(4), agus déanfar tuairisc ar an gcéim atá sroichte maidir leis an gcóras a chur ar bun, ar córas é atá slán agus criptithe, i gcomhair malartaithe faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún;

(c)

cur chun feidhme Airteagal 15(1);

(d)

cur chun feidhme Airteagal 15(2);

(e)

faisnéis chuimsitheach arna soláthar maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit faoi Airteagal 24 agus ar ina leith a cuireadh fógra chuig an gCoimisiún faoi mhír 1 den Airteagal seo.

4.   Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2013, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar tuarascáil í lena ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus díreofar léi go speisialta ar chur chun feidhme Iarscríbhinn IIb, Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin Uimh. EU002 ón Aontas, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú, go háirithe maidir leis an tsaincheist i dtaobh lastais ar luach íseal.”;

(10)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 25a

Gan dochar do na forálacha a bhaineann le comhaontuithe um chúnamh frithpháirteach riaracháin nó le prótacail i gcúrsaí custaim arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha, féadfaidh an Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún comhaontuithe a chaibidil le tríú tíortha lena bhforálfar d’aitheantas frithpháirteach maidir le rialuithe onnmhairiúcháin i ndáil le hítimí dé-úsáide arna gcumhdach leis an Rialachán seo agus go háirithe chun na ceanglais údarúcháin i leith athonnmhairí laistigh de chríoch an Aontais a dhíchur. Déanfar an chaibidlíocht seo a sheoladh i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú in Airteagal 207(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, de réir mar is iomchuí.”;

(11)

athuimhrítear Iarscríbhinn II mar Iarscríbhinn IIa agus leasaítear mar a leanas í:

(a)

déantar an méid seo a chur in ionad an teidil:

ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN UIMH. EU001 ÓN AONTAS

(dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo)

Onnmhairí chuig an Astráil, Ceanada, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, lena n-áirítear Lichtinstéin, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

An t-údarás eisiúna: An tAontas Eorpach”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 1:

Cuid 1

Leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo, cumhdaítear gach ítim dhé-úsáide atá sonraithe in aon cheann de na hiontrálacha atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, seachas iad siúd atá liostaithe in Iarscríbhinn IIg.”;

(c)

scriostar Cuid 2;

(d)

athuimhrítear Cuid 3 mar Chuid 2 agus leasaítear mar a leanas í:

(i)

sa chéad mhír, cuirtear na focail “an Aontais” in ionad na bhfocal “an Chomhphobail”;

(ii)

cuirtear na focail “an Eilvéis, lena n-áirítear Lichtinstéin” in ionad na bhfocal “an Eilvéis”;

(iii)

cuirtear “an t-údarú seo” in ionad na bhfocal “Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón gComhphobal” agus”an tÚdarú Ginearálta Onnmhairiúcháin seo ón gComhphobal”;

(iv)

cuirtear na focail “arna fhorchur le cinneadh nó le comhsheasamh” in ionad “arna chinneadh le comhsheasamh nó le comhghníomhaíocht”;

(12)

cuirtear isteach Iarscríbhinní IIb go IIg mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

W. SZCZUKA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2011.

(2)  IO L 134, 29.5.2009, lch. 1.

(3)  IO L 159, 30.6.2000, lch. 1.

(4)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.”;


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN IIb

ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN Uimh. EU 002 ÓN AONTAS

(dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo)

Ítimí áirithe dé-úsáide a onnmhairiú chuig cinn scríbe áirithe

An t-údarás eisiúna: An tAontas Eorpach

Cuid 1 —   Ítimí

Leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo, déantar na hítimí dé-úsáide seo a leanas atá sonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chumhdach:

1A001,

1A003,

1A004,

1C003 b-c,

1C004,

1C005,

1C006,

1C008,

1C009,

2B008,

3A001a3,

3A001a6-12,

3A002c-f,

3C001,

3C002,

3C003,

3C004,

3C005,

3C006.

Cuid 2 —   Cinn scríbe

Tá an t-údarú seo bailí ar fud an Aontais le haghaidh onnmhairí chuig na cinn scríbe seo a leanas:

An Airgintín,

An Chróit,

An Íoslainn,

An Afraic Theas,

An Chóiré Theas,

An Tuirc.

Cuid 3 —   Coinníollacha agus ceanglais úsáide

1.

Ní údaraítear leis an údarú seo ítimí a onnmhairiú sna cásanna seo a leanas:

(1)

más rud é gur chuir údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe de réir mar a shainítear é in Airteagal 9(6) den Rialachán seo in iúl don onnmhaireoir sin go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach:

(a)

lena n-úsáid chun airm cheimiceacha, bhitheolaíocha nó núicléacha, nó feistí pléascáin núicléacha eile, a fhorbairt, a tháirgeadh, a láimhseáil, a oibriú, a chothabháil, a stóráil, a bhrath, a shainaithint nó a scaipeadh, nó chun diúracáin a fhorbairt, a tháirgeadh, a chothabháil nó a stóráil, ar diúracáin iad ar féidir leo airm den chineál sin a sheachadadh;

(b)

le haghaidh úsáide deiridh míleata, de réir mar a shainítear í in Airteagal 4(2) den Rialachán seo, i dtír atá faoi réir trádbhaic arm arna fhorchur le cinneadh nó le comhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle nó le cinneadh ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip nó le trádbhac arm arna fhorchur le rún ceangailteach ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó

(c)

lena n-úsáid mar pháirteanna nó mar chomhpháirteanna ítimí míleata atá liostaithe i liostaí náisiúnta míleata agus a onnmhairíodh ó chríoch an Bhallstáit i dtrácht gan údarú nó de shárú ar údarú arna fhorordú le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin;

(2)

más rud é go bhfuil a fhios ag an onnmhaireoir, faoina oibleagáid dícheall cuí a fheidhmiú, go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear i bhfomhír (1);

(3)

más rud é go n-onnmhairítear na hítimí ábhartha chuig limistéar saor ó chustaim nó chuig stóras saor atá suite i gceann scríbe atá cumhdaithe leis an údarú seo.

2.

Ní mór d’onnmhaireoirí an uimhir thagartha AE X002 a lua i mbosca 44 den Doiciméad Riaracháin Aonair agus a shonrú go bhfuil na hítimí á n-onnmhairiú faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin EU002 ón Aontas sa bhosca céanna.

3.

Ní mór d’aon onnmhaireoir a úsáideann an t-údarú seo fógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe maidir le céad-úsáid an údaraithe seo tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú nó, ina mhalairt de chás, agus i gcomhréir le ceanglas údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe, tabharfar an fógra roimh chéad-úsáid an údaraithe seo. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh an tsásra fógrúcháin arna roghnú don údarú seo. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ar ina leith a tugadh fógra dó a fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a chuirtear ag gabháil le húsáid an údaraithe seo agus is iad a shainíonn aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo.

Féadfaidh Ballstát a cheangal ar onnmhaireoirí atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an t-údarú seo a úsáid den chéad uair. Beidh an clárú uathoibríoch, agus déanfaidh na húdaráis inniúla admháil i ndáil leis an gclárú a thabhairt don onnmhaireoir gan mhoill, agus i ngach cás laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh ar chlárú a fháil, faoi réir Airteagal 9(1) den Rialachán seo.

I gcás inarb infheidhme, beidh na ceanglais a leagtar amach sa dara mír agus sa tríú mír bunaithe ar na ceanglais sin a shainítear le haghaidh úsáid údaraithe ginearálta náisiúnta onnmhairiúcháin arna ndeonú ag na Ballstáit sin a dhéanann foráil d’údaruithe den sórt sin.

IARSCRÍBHINN IIc

ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN Uimh. EU 003 ÓN AONTAS

(dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo)

Onnmhairiú tar éis deisiúcháin/athsholáthair

An t-údarás eisiúna: An tAontas Eorpach

Cuid 1 —   Ítimí

1.

Leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo, cumhdaítear na hítimí dé-úsáide uile atá sonraithe in aon cheann de na hiontrálacha atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, seachas na hítimí sin atá liostaithe i mír 2 thíos:

(a)

más ítimí iad a athallmhairíodh isteach i gcríoch chustaim an Aontais Eorpaigh chun críocha cothabhála, deisiúcháin nó athsholáthair, agus a ndéantar a onnmhairiú nó a athonnmhairiú, gan aon athrú a bheith déanta ar a saintréithe bunaidh, chuig tír an choinsínithe laistigh de thréimhse cúig bliana i ndiaidh an dáta a ndearnadh an t-údarú bunaidh onnmhairiúcháin a dheonú; nó

(b)

más ítimí iad a onnmhairítear chuig tír an choinsínithe mar mhalairt ar ítimí atá ar aon cháilíocht agus ar aon líon leo agus a ndearnadh, laistigh de chúig bliana tar éis an dáta a ndearnadh an t-údarú bunaidh onnmhairiúcháin a dheonú, iad a athallmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais Eorpaigh, lena gcothabháil, lena ndeisiú nó lena n-athsholáthar.

2.

Ítimí atá eisiata:

(a)

gach ítim a shonraítear in Iarscríbhinn IIg;

(b)

gach ítim atá i Roinn D agus i Roinn E atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

na hítimí seo a leanas a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:

1A002a,

1C012a,

1C227,

1C228,

1C229,

1C230,

1C231,

1C236,

1C237,

1C240,

1C350,

1C450,

5A001b5,

5A002a2 go 5A002a9,

5B002 Trealamh mar a leanas:

a.

trealamh arna cheapadh go speisialta le haghaidh ‘forbairt’ nó ‘táirgeadh’ trealaimh atá sonraithe le 5A002a2 go 5A002a9;

b.

trealamh tomhais arna cheapadh go speisialta chun meastóireacht agus bailíochtú a dhéanamh ar fheidhmeanna ‘slándáil faisnéise’ trealaimh atá sonraithe le 5A002a2 go 5A002a9,

6A001a2a1,

6A001a2a5,

6A002a1c,

6A008l3,

8A001b,

8A001d,

9A011.

Cuid 2 —   Cinn scríbe

Tá an t-údarú seo bailí ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh onnmhairí chuig na cinn scríbe seo a leanas:

 

An Albáin

 

An Airgintín

 

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

 

An Bhrasaíl

 

An tSile

 

An tSín (lena n-áirítear Hong Cong agus Macao)

 

An Chróit

 

Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine

 

Críocha Thar Lear na Fraince

 

An Íoslainn

 

An India

 

An Chasacstáin

 

Meicsiceo

 

Montainéagró

 

Maracó

 

An Rúis

 

An tSeirbia

 

Singeapór

 

An Afraic Theas

 

An Chóiré Theas

 

An Túinéis

 

An Tuirc

 

An Úcráin

 

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Cuid 3 —   Coinníollacha agus ceanglais maidir le húsáid

1.

Ní fhéadfar an t-údarú seo a úsáid ach i gcás ina ndearnadh an t-onnmhairiú tosaigh faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas nó nuair a dheonaigh údaráis inniúla an Bhallstáit ina raibh an bun-onnmhaireoir bunaithe údarú tosaigh onnmhairiúcháin chun ítimí a onnmhairiú a ndearnadh a athallmhairiú ina dhiaidh sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais Eorpaigh lena gcothabháil, lena ndeisiú nó lena n-athsholáthar agus sna cásanna sin amháin. Is le haghaidh onnmhairí chuig an úsáideoir deiridh bunaidh, agus lena n-aghaidh sin amháin, atá an t-údarú ginearálta sin bailí.

2.

Ní údaraítear leis an údarú seo ítimí a onnmhairiú sna cásanna seo a leanas:

(1)

más rud é gur chuir údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe arna shainmhíniú in Airteagal 9(6) den Rialachán seo an t-onnmhaireoir sin ar an eolas go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach,

(a)

lena n-úsáid chun airm cheimiceacha, bhitheolaíocha nó núicléacha, nó feistí pléascáin núicléacha eile, a fhorbairt, a tháirgeadh, a láimhseáil, a oibriú, a chothabháil, a stóráil, a bhrath, a shainaithint nó a scaipeadh, nó chun diúracáin a fhorbairt, a tháirgeadh, a chothabháil, nó a stóráil, ar diúracáin iad ar féidir leo airm den chineál sin a sheachadadh;

(b)

le haghaidh úsáide deiridh míleata arna sainmhíniú in Airteagal 4(2) den Rialachán seo más rud é go bhfuil an tír is ceannaitheoir nó an tír cinn scríbe faoi réir trádbhaic arm arna fhorchur le cinneadh nó le comhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle nó le cinneadh ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip nó faoi réir trádbhaic arm arna fhorchur le rún ceangailteach ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó

(c)

lena n-úsáid mar pháirteanna nó mar chomhpháirteanna d’ítimí míleata atá liostaithe sa liosta náisiúnta míleata agus a onnmhairíodh ó chríoch an Bhallstáit lena mbaineann gan údarú nó de shárú ar údarú arna fhorordú le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin;

(2)

más rud é go bhfuil a fhios ag an onnmhaireoir go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear i bhfomhír (1);

(3)

más rud é go n-onnmhairítear na hítimí ábhartha chuig limistéar saor ó chustaim nó chuig stóras saor atá suite i gceann scríbe atá cumhdaithe leis an údarú seo;

(4)

más rud é go ndearnadh an t-údarú tosaigh a neamhniú, a fhionrú, a mhodhnú nó a chúlghairm;

(5)

más rud é go bhfuil a fhios ag an onnmhaireoir, faoina oibleagáid dícheall cuí a fheidhmiú, go bhfuil úsáid deiridh na n-ítimí atá i dtrácht éagsúil leis an úsáid atá sonraithe san údarú bunaidh onnmhairiúcháin.

3.

Ar aon cheann de na hítimí a onnmhairiú dóibh de bhun an údaraithe seo, ní mór d’onnmhaireoirí:

(1)

uimhir thagartha an údaraithe onnmhairiúcháin tosaigh a lua ar an dearbhú onnmhairíochta do na custaim mar aon le hainm an Bhallstáit a dheonaigh an t-údarú, an uimhir thagartha AE X002 agus sonrú go bhfuil na hítimí á n-onnmhairiú faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas EU003, a lua i mbosca 44 den Doiciméad Aonair Riaracháin;

(2)

fianaise dhoiciméadach a thabhairt d’oifigigh chustaim, má iarrtar é, maidir leis an dáta a allmhairíodh na hítimí isteach san Aontas, maidir le haon chothabháil, deisiúchán nó athsholáthar a rinneadh ar na hítimí san Aontas agus maidir leis an bhfíoras go bhfuil na hítimí á seoladh ar ais chuig an úsáideoir deiridh agus chuig an tír ónar allmhairíodh iad isteach san Aontas.

4.

Ní mór d’aon onnmhaireoir a úsáideann an t-údarú seo fógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe maidir le céad-úsáid an údaraithe seo tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú nó ina mhalairt de chás, agus i gcomhréir le ceanglas de chuid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe, tabharfar an fógra roimh chéad-úsáid an údaraithe seo. Déanfaidh Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh an tsásra fógrúcháin arna roghnú don údarú seo. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ar ina leith a tugadh fógra dó a fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a ghabhann le húsáid an údaraithe seo agus is iad a shainíonn aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo.

Féadfaidh Ballstát a cheangal ar an onnmhaireoir atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an t-údarú seo a úsáid den chéad uair. Beidh an clárú uathoibríoch, agus déanfaidh na húdaráis inniúla admháil i ndáil leis an gclárú a thabhairt don onnmhaireoir gan mhoill, agus i ngach cás laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh ar chlárú a fháil faoi réir Airteagal 9(1) den Rialachán seo.

I gcás inarb infheidhme, beidh na ceanglais a leagtar amach sa dara fomhír agus sa tríú fomhír bunaithe ar na ceanglais sin a shainítear le haghaidh úsáid na n-údaruithe ginearálta náisiúnta onnmhairiúcháin arna ndeonú ag na Ballstáit sin a dhéanann foráil d’údaruithe den sórt sin.

5.

Cuimsítear leis an údarú seo ítimí atá ceaptha do ‘deisiú’, ‘athsholáthar’ agus do ‘cothabháil’. D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist leis sin feabhsú teagmhasach a dhéanamh ar na hearraí bunaidh, mar shampla, feabhsuithe a éiríonn as páirteanna spártha nua-aimseartha a úsáid nó a éiríonn as caighdeáin tógála níos úire a chur i bhfeidhm ar mhaithe le hiontaofacht nó sábháilteacht, ar an gcoinníoll nach bhfeabhsófar leo cumas feidhmeach na n-ítimí ná nach gcuirfidh siad feidhmeanna breise leo.

IARSCRÍBHINN IId

ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN Uimh. EU004 ÓN AONTAS

(dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo)

Onnmhairiú sealadach le haghaidh taispeántais nó aonaigh

An t-údarás eisiúna: An tAontas Eorpach

Cuid 1 —   Ítimí

Leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo, cumhdaítear na hítimí dé-úsáide uile atá sonraithe in aon cheann de na hiontrálacha atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, seachas:

(a)

gach ítim a liostaítear in Iarscríbhinn IIg;

(b)

gach ítim atá i Roinn D agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo (ní áirítear leis seo bogearraí atá riachtanach do fheidhmiú cuí an trealaimh chun críocha léirithe);

(c)

gach ítim atá i Roinn E a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(d)

na hítimí seo a leanas a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:

1A002a,

1C002.b.4,

1C010,

1C012.a,

1C227,

1C228,

1C229,

1C230,

1C231,

1C236,

1C237,

1C240,

1C350,

1C450,

5A001b5,

5A002a2 go 5A002a9,

5B002 Trealamh mar a leanas:

a.

trealamh arna cheapadh go speisialta le haghaidh ‘forbairt’ nó ‘táirgeadh’ trealaimh ar trealamh é atá sonraithe le 5A002a2 go 5A002a9;

b.

trealamh tomhais arna cheapadh go speisialta chun meastóireacht agus bailíochtú a dhéanamh ar fheidhmeanna ‘slándála faisnéise’ trealaimh atá sonraithe le 5A002a2 go 5A002a9,

6A001,

6A002a,

6A008l3,

8A001b,

8A001d,

9A011.

Cuid 2 —   Cinn scríbe

Tá an t-údarú seo bailí ar fud an Aontais le haghaidh onnmhairí chuig na cinn scríbe seo a leanas:

An Albáin, an Airgintín, an Chróit, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhrasaíl, an tSile, an tSín (lena n-áirítear Hong Cong agus Macao), Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Críocha Thar Lear na Fraince, an Íoslainn, an India, an Chasacstáin, Meicsiceo, Montainéagro, Maracó, an Rúis, an tSeirbia, Singeapór, an Afraic Theas, an Chóiré Theas, an Túinéis, an Tuirc, an Úcráin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Cuid 3 —   Coinníollacha agus ceanglais maidir le húsáid

1.

Údaraítear leis an údarú seo na hítimí atá liostaithe i gCuid 1 a onnmhairiú ar an gcoinníoll gur onnmhairiú sealadach le haghaidh taispeántais nó aonaigh, arna shainmhíniú i bpointe 6, atá san onnmhairiú agus go ndéantar na hítimí, i riocht iomlán gan mhodhnú, a athallmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais Eorpaigh laistigh de thréimhse 120 lá tar éis an onnmhairiúcháin tosaigh.

2.

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe de réir mar a shainítear in Airteagal 9(6) den Rialachán seo, an ceanglas ar dá réir nach mór na hítimí a athallmhairiú mar atá luaite i mír 1 a tharscaoileadh arna iarraidh sin don onnmhaireoir. Chun an ceanglas a tharscaoileadh, beidh feidhm dá réir sin ag an nós imeachta um údaruithe aonair a leagtar síos in Airteagal 9(2) agus in Airteagal 14(1) den Rialachán seo.

3.

Ní údaraítear leis an údarú seo ítimí a onnmhairiú sna cásanna seo a leanas:

(1)

más rud é gur chuir údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe an t-onnmhaireoir sin ar an eolas go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach:

(a)

lena n-úsáid chun airm cheimiceacha, bhitheolaíocha nó núicléacha, nó feistí pléascáin núicléacha eile, a fhorbairt, a tháirgeadh, a láimhseáil, a oibriú, a chothabháil, a stóráil, a bhrath, a shainaithint nó a scaipeadh, nó chun diúracáin a fhorbairt, a tháirgeadh, a chothabháil nó a stóráil, ar diúracáin iad ar féidir leo airm den chineál sin a sheachadadh;

(b)

le haghaidh úsáide deiridh míleata arna sainmhíniú in Airteagal 4(2) den Rialachán seo más rud é go bhfuil an tír is ceannaitheoir nó an tír cinn scríbe faoi réir trádbhaic arm arna fhorchur le cinneadh nó le comhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle nó le cinneadh ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip nó faoi réir trádbhaic arm arna fhorchur le rún ceangailteach ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó

(c)

lena n-úsáid mar pháirteanna nó mar chomhpháirteanna d’ítimí míleata atá liostaithe sa liosta náisiúnta míleata agus a onnmhairíodh ó chríoch an Bhallstáit lena mbaineann gan údarú nó de shárú ar údarú arna fhorordú le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin;

(2)

más rud é gur eol don onnmhaireoir go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear i bhfomhír (1);

(3)

más rud é go n-onnmhairítear na hítimí ábhartha chuig limistéar saor ó chustaim nó chuig stóras saor atá suite i gceann scríbe atá cumhdaithe leis an údarú seo;

(4)

más rud é gur chuir údarás inniúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe an onnmhaireoir ar an eolas, nó gur feasach don onnmhaireoir ar shlí eile é (e.g. de bharr na faisnéise a fuair sé ón monaróir), go ndearna an t-údarás inniúil na hítimí i dtrácht a rúnaicmiú mar ítimí a bhfuil leibhéal cosanta rúnaicmithe slándála náisiúnta acu atá coibhéiseach le CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL, nó is airde ná é;

(5)

más rud é nach féidir leis an onnmhaireoir a ráthú go gcuirfear ar ais ina riocht bunaidh iad, gan aon chomhpháirt nó bogearra a asbhaint, a chóipeáil ná a scaipeadh, nó más rud é go bhfuil aistriú teicneolaíochta ag baint le cur i láthair;

(6)

más rud é gur le haghaidh cur i láthair nó léiriú príobháideach (e.g. i seomraí taispeántais intí) na hítimí atá le honnmhairiú;

(7)

más rud é go bhfuil na hítimí ábhartha le cumasc in aon phróiseas táirgíochta;

(8)

más rud é go bhfuil na hítimí ábhartha le húsáid chun a gcríocha beartaithe, taobh amuigh den mhéid úsáide íosta is gá chun cur i láthair éifeachtach a dhéanamh, ach gan aschuir shainiúla tástála a chur ar fáil do thríú páirtithe;

(9)

más rud é go bhfuiltear chun an t-onnmhairiú a dhéanamh mar thoradh ar idirbheart tráchtála, go háirithe i ndáil leis na hítimí ábhartha a dhíol, a ligean ar cíos nó a ligean ar léas;

(10)

más rud é gur chun a ndíola, a ligean ar cíos nó a ligean ar léas, agus chun na críche sin amháin, atá sé beartaithe na hítimí ábhartha a stóráil ag taispeántas nó aonach agus nach bhfuil sé i gceist iad a chur i láthair ná a léiriú;

(11)

más rud é go ndéanann an t-onnmhaireoir aon socrú a d’fhágfadh nach mbeadh na hítimí ábhartha i gcónaí faoina rialú an t-achar a mhairfidh an t-onnmhairiú sealadach.

4.

I mbosca 44 den Doiciméad Riaracháin Aonair, ní mór d’onnmhaireoirí an uimhir thagartha AE X002 a lua agus beidh orthu a shonrú go bhfuil na hítimí á n-onnmhairiú faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin EU004 ón Aontas.

5.

Aon onnmhaireoir a úsáideann an t-údarú seo, ní mór dó fógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe maidir le céad-úsáid an údaraithe seo tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú nó, mar mhalairt air sin, agus i gcomhréir le ceanglas údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe, tabharfar an fógra roimh chéad-úsáid an údaraithe seo. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh an tsásra fógrúcháin arna roghnú don údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a gcuirfear fógra ina leith chuige a fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a ghabhann le húsáid an údaraithe seo agus is iad a shainíonn an fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo.

Féadfaidh Ballstát a cheangal ar onnmhaireoirí atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an t-údarú a úsáid den chéad uair. Beidh an clárú uathoibríoch, agus déanfaidh na húdaráis inniúla admháil i ndáil leis an gclárú a thabhairt don onnmhaireoir gan mhoill, agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh ar chlárú a fháil, faoi réir Airteagal 9(1) den Rialachán seo.

I gcás inarb infheidhme, beidh na ceanglais a leagtar amach sa dara fomhír agus sa tríú fomhír bunaithe ar na ceanglais sin a shainítear le haghaidh úsáid na n-údaruithe náisiúnta ginearálta onnmhairiúcháin arna ndeonú ag na Ballstáit sin a fhorálann d’údaruithe den sórt sin.

6.

Chun críocha an údaraithe seo, ciallaíonn ‘taispeántas nó aonach’ imeachtaí tráchtála a mhaireann ar feadh tréimhse ar leith mar a ndéanann roinnt taispeántóirí éagsúla cur i láthair ar a gcuid táirgí os comhair cuairteoirí trádála nó os comhair an phobail i gcoitinne.

IARSCRÍBHINN IIe

ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN Uimh. EU005 ÓN AONTAS

(dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo)

Teileachumarsáid

An t-údarás eisiúna: An tAontas Eorpach

Cuid 1 —   Ítimí

Leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo, cumhdaítear na hítimí dé-úsáide seo a leanas atá sonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:

(a)

na hítimí a leanas a bhaineann le Catagóir 5, Cuid l:

(i)

ítimí, lena n-áirítear comhpháirteanna agus gabhálais dá gcuid a ceapadh nó a forbraíodh go speisialta agus atá sonraithe in 5A001b2 agus 5A001c agus d;

(ii)

ítimí atá sonraithe in 5B001 agus 5D001, i gcás trealaimh tástála, cigireachta agus táirgthe, agus bogearraí i gcás ítimí atá sonraithe faoi i);

(b)

teicneolaíocht atá á rialú ag 5E001a, nuair atá gá léi chun ítimí a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil nó a dheisiú agus atá ceaptha don úsáideoir deiridh céanna.

Cuid 2 —   Cinn Scríbe

Tá an t-údarú seo bailí ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh onnmhairí chuig na cinn scríbe seo a leanas:

An Airgintín, an tSín (lena n-áirítear Hong Cong agus Macao), an Chróit, an India, an Rúis, an Afraic Theas, an Chóiré Theas, an Tuirc, an Úcráin.

Cuid 3 —   Coinníollacha agus ceanglais maidir le húsáid

1.

Ní údaraítear leis an údarú seo ítimí a onnmhairiú:

(1)

más rud é gur chuir údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe arna shainmhíniú in Airteagal 9(6) den Rialachán seo in iúl don onnmhaireoir sin go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach:

(a)

lena n-úsáid chun airm cheimiceacha, bhitheolaíocha nó núicléacha nó feistí pléascáin núicléacha eile a fhorbairt, a tháirgeadh, a láimhseáil, a oibriú, a chothabháil, a stóráil, a bhrath, a shainaithint nó a scaipeadh, nó chun diúracáin a fhorbairt, a tháirgeadh, a chothabháil, nó a stóráil ar diúracáin iad ar féidir leo airm den chineál sin a sheachadadh;

(b)

le haghaidh úsáide deiridh míleata (arna sainmhíniú in Airteagal 4(2) den Rialachán seo) más rud é go bhfuil an tír is ceannaitheoir nó an tír cinn scríbe faoi réir trádbhaic arm arna fhorchur le cinneadh nó le comhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle nó le cinneadh ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip) nó faoi réir trádbhaic arna fhorchur le rún ceangailteach ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó

(c)

lena n-úsáid mar pháirteanna nó mar chomhpháirteanna d’ítimí míleata atá liostaithe sa liosta náisiúnta míleata agus a onnmhairíodh ó chríoch an Bhallstáit i dtrácht gan údarú nó de shárú ar údarú arna fhorordú le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin; nó

(d)

lena n-úsáid maidir le sárú ar chearta an duine, prionsabail dhaonlathacha nó saoirse cainte mar a shainítear iad le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, trí theicneolaíochtaí um thascradh agus feistí um aistriú sonraí digiteacha a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar fhóin phóca agus teachtaireachtaí téacs agus chun faireachas spriocdhírithe a dhéanamh ar úsáid an idirlín (e.g. trí Ionaid Faireacháin agus trí Gheataí um Thascradh Dleathach);

(2)

más rud é go bhfuil a fhios ag an onnmhaireoir, faoina oibleagáid dícheall cuí a fheidhmiú, go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, d’aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear i bhfomhír 1;

(3)

más rud é go bhfuil a fhios ag an onnmhaireoir, faoina oibleagáid dícheall cuí a fheidhmiú, go ndéanfar na hítimí i dtrácht a athonnmhairiú chuig aon cheann scríbe seachas na cinn scríbe a liostaítear i gCuid 2 den údarú seo, na cinn scríbe a liostaítear i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo nó i gCuid 2 d’Iarscríbhinn IIa nó chuig Ballstáit;

(4)

más rud é go n-onnmhairítear na hítimí ábhartha chuig limistéar saor ó chustaim nó chuig stóras saor atá suite i gceann scríbe atá cumhdaithe faoin údarú seo.

2.

I mbosca 44 den Doiciméad Riaracháin Aonair, ní mór do na honnmhaireoirí an uimhir thagartha AE X002 a lua agus a shonrú go bhfuil na hítimí á n-onnmhairiú faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin EU005 ón Aontas.

3.

Aon onnmhaireoir a úsáideann an t-údarú seo, ní mór dó fógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe maidir le céad-úsáid an údaraithe sin tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú nó, mar mhalairt air sin, agus i gcomhréir le ceanglas de chuid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe, tabharfar an fógra roimh chéad-úsáid an údaraithe seo. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh an tsásra fógrúcháin arna roghnú don údarú seo. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a gcuirfear fógra chuige ina leith a fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a ghabhann le húsáid an údaraithe seo agus is iad a shainíonn an fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo.

Féadfaidh Ballstát a cheangal ar onnmhaireoirí atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an t-údarú seo a úsáid den chéad uair. Beidh an clárú uathoibríoch agus déanfaidh na húdaráis inniúla admháil i ndáil leis an gclárú a thabhairt don onnmhaireoir gan mhoill, agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh ar chlárú a fháil, faoi réir Airteagal 9(1) den Rialachán seo.

I gcás inarb infheidhme, beidh na ceanglais a leagtar amach sa dara fomhír agus sa tríú fomhír bunaithe ar na ceanglais sin a shainítear le haghaidh úsáid na n-údaruithe náisiúnta ginearálta onnmhairiúcháin arna ndeonú ag na Ballstáit sin a dhéanann foráil d’údaruithe den sórt sin.

IARSCRÍBHINN IIf

ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN Uimh. EU006 ÓN AONTAS

(dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo)

Ceimiceáin

Cuid 1 —   Ítimí

Leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo, cumhdaítear na hítimí dé-úsáide seo a leanas a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo:

 

1C350:

1.

Tiadéghliocól (111-48-8);

2.

Ocsaclóiríd fosfair (10025-87-3);

3.

Meitiolfosfónáit démheitile (756-79-6);

5.

Déchlóiríd mheitilfosfóinil (676-97-1);

6.

Foisfít démheitile (DMP) (868-85-9);

7.

Tríchlóiríd fosfair (7719-12-2);

8.

Foisfít Trímheitile (TMP) (121-45-9);

9.

Clóiríd tiainile (7719-09-7);

10.

3-Hiodrocsa-1-meitilphipiridín (3554-74-3);

11.

Clóiríd N,N-Dé-íseapróipil-(béite)-aimíneitile (96-79-7);

12.

Tiól N,N-Dé-íseapróipil-(béite)-amíneatán (5842-07-9);

13.

Cuinuclidín-3-ol (1619-34-7);

14.

Fluairíd photaisiam (7789-23-3);

15.

2-Clóireatánól (107-07-3);

16.

Démheitiolaimín (124-40-3);

17.

Eitiolfosfonáit dé-eitile (78-38-6);

18.

Dé-eitil-N,N-démheitiolfosfaramadáid (2404-03-7);

19.

Foisfít dé-eitile (762-04-9);

20.

Hidreaclóiríd démheitiolaimín (506-59-2);

21.

Déchlóiríd foisfíonail eitile (1498-40-4);

22.

Déchlóiríd foisfíonail eitile (1066-50-8);

24.

Fluairíd hidrigine (7664-39-3);

25.

Beinsíoláit mheitile (76-89-1);

26.

Déchlóiríd foisfíonail meitile (676-83-5);

27.

Eatánól N,N-Dé-iseapróipil-(béite)-aimín (96-80-0);

28.

Alcól pineacóilile (464-07-3);

30.

Foisfít Trí-eitile (122-52-1);

31.

Tríchlóiríd arsanaice (7784-34-1);

32.

Aigéad beinsíleach (76-93-7);

33.

Meitilfosfóinít dé-eitile (15715-41-0);

34.

Eitilfosfónáit démheitile (6163-75-3);

35.

Défhluairíd foisfíonail eitile (430-78-4);

36.

Défhluairíd foisfónail meitile (753-59-3);

37.

3-Cuinicliodón (3731-38-2);

38.

Peinteaclóiríd fosfair (10026-13-8);

39.

Pineacólón (75-97-8);

40.

Ciainíd photaisiam (151-50-8);

41.

Défhluairíd photaisiam (7789-29-9);

42.

Fluairíd hidrigine amóiniam nó défhluairíd amóiniam (1341-49-7);

43.

Fluairíd sóidiam (7681-49-4);

44.

Défhluairíd sóidiam (1333-83-1);

45.

Ciainíd sóidiam (143-33-9);

46.

Trí-eatánólaimín (102-71-6);

47.

Peinteasuilfíd fosfair (1314-80-3);

48.

Dé-iseapróipiolaimín (108-18-9);

49.

Dé-eitiolaimíneatánól (100-37-8);

50.

Suilfíd sóidiam (1313-82-2);

51.

Monachlóiríd sulfair (10025-67-9);

52.

Déchlóiríd sulfair (10545-99-0);

53.

Hidreaclóiríd Trí-eatánólaimín (637-39-8);

54.

Hidreaclóiríd N,N-Dé-iseapróipil-(Béite)-aimíneitile-clóiríde (4261-68-1);

55.

Aigéad Meitilfosfónach (993-13-5);

56.

Meitilfosfónáit dé-eitile (683-08-9);

57.

Déchlóiríd N,N-Démheitilaimíneafosforal (677-43-0);

58.

Foisfít Trí-iseaprópaile (116-17-6);

59.

Eitildé-eatánólaimín (139-87-7);

60.

Fosfaraitiáit O,O-Dé-eitil (2465-65-8);

61.

Fosfaraidéthiáit O,O-Dé-eitile (298-06-6);

62.

Heicseafluaraisileacáit sóidiam (16893-85-9);

63.

Déchlóiríd meitolfosfónaitiach (676-98-2).

 

1C450 a:

4.

Foisgéin: Déchlóiríd charbóinile (75-44-5);

5.

Clóiríd cianaigine (506-77-4);

6.

Ciainíd hidrigine (74-90-8);

7.

Clóraipicrin: Tríchlórainítrimeatán (76-06-2).

 

1C450 b:

1.

Ceimiceáin, seachas iad siúd atá sonraithe sna Rialuithe maidir le hEarraí Míleata nó in 1C350, a bhfuil adamh fosfair iontu a bhfuil grúpa amháin meitile, eitile nó próipile (gnáth nó isea-) nasctha leis ach gan aon adaimh bhreise charbóin ann;

2.

Fosfaraimidáití Déailicile [meitil, eitil nó próipil (gnáth nó isea-) N,N-Déailcile seachas Déchlóiríd N,N-démheitilaimíneafosforaile atá sonraithe in 1C350.57;

3.

Fosfaramadáid dé-ailicile [meitil, eitil nó próipil (gnáth nó isea-)] N,N-Déailcile [meitile eitil nó próipil (gnáth nó isea-)], seachas Dé-eitil-N,N-démheitiolfosfaramadáid atá sonraithe in 1C350

4.

Aimíneitil-2-clóirídí N,N-Dé-ailcile [meitil, eitil nó próipil (gnáth nó isea-)] agus salainn chomhfhreagracha phrótónáitithe; seachas clóiríd N,N-Dé-iseapróipil-(béite) aimíneitile nó hídreachlóiríd N,N-Dé-iseapróipil-(béite)-aimíneitile clóiríde atá sonraithe in 1C350;

5.

Aimíneitil-2-clóirídí N,N-Dé-ailcile [meitil, eitil nó próipil (gnáth nó isea-)] agus salainn chomhfhreagracha phrótónáitithe; seachas N,N-Dé-iseapróipil-(béite) aimíneaeatánól (96-80-0) agus N,N-Dé-eitilaimíneaeatánól (100-37-8) atá sonraithe in 1C350;

6.

Aimíneatán-2-tiól N,N-Dé-ailcile [meitil, eitil nó próipil (gnáth nó isea-)] agus na salainn chomhfhreagracha phrótónáitithe, seachas tiól N,N-Dé-íseapróipil-(béite)-amíneatán atá sonraithe in 1C350;

8.

Meitildé-eatánólaimín (105-59-9).

Cuid 2 —   Cinn Scríbe

Tá an t-údarú seo bailí ar fud an Aontais le haghaidh onnmhairí chuig na cinn scríbe seo a leanas:

An Airgintín, an Chróit, an Íoslainn, an Chóiré Theas, an Tuirc, an Úcráin.

Cuid 3 —   Coinníollacha agus ceanglais maidir le húsáid

1.

Ní údaraítear leis an údarú seo ítimí a onnmhairiú sna cásanna seo a leanas:

(1)

más rud é gur chuir údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe arna shainmhíniú in Airteagal 9(6) den Rialachán seo in iúl don onnmhaireoir sin go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfaidh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach,

(a)

lena n-úsáid chun airm cheimiceacha, bhitheolaíocha nó núicléacha nó feistí pléascáin núicléacha eile a fhorbairt, a tháirgeadh, a láimhseáil, a oibriú, a chothabháil, a stóráil, a bhrath, a shainaithint nó a scaipeadh, nó chun diúracáin a fhorbairt, a tháirgeadh, a chothabháil, nó a stóráil ar diúracáin iad ar féidir leo airm den chineál sin a sheachadadh;

(b)

le haghaidh úsáide deiridh míleata arna sainmhíniú in Airteagal 4(2) den Rialachán seo más rud é go bhfuil an tír ceannaigh nó an tír cinn scríbe faoi réir trádbhaic arm arna fhorchur le cinneadh nó comhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle nó le Cinneadh ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip nó faoi réir trádbhaic arna fhorchur le rún ceangailteach ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó

(c)

lena n-úsáid mar pháirteanna nó mar chomhpháirteanna d’ítimí míleata atá liostaithe sa liosta náisiúnta míleata agus a onnmhairíodh ó chríoch an Bhallstáit i dtrácht gan údarú nó de shárú ar údarú arna fhorordú le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit;

(2)

más rud é gur eol don onnmhaireoir, faoina oibleagáid dícheall cuí a fheidhmiú, go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, d’aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear i bhfomhír 1;

(3)

más rud é gur eol don onnmhaireoir, faoina oibleagáid dícheall cuí a fheidhmiú, go ndéanfar na hítimí a athonnmhairiú chuig aon cheann scríbe seachas na cinn scríbe a liostaítear i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo nó i gCuid 2 d’Iarscríbhinn IIa nó chuig Ballstáit; nó

(4)

onnmhairítear na hítimí ábhartha chuig limistéar saor ó chustaim nó chuig stóras saor atá suite i gceann scríbe atá cumhdaithe leis an údarú seo.

2.

I mbosca 44 den Doiciméad Riaracháin Aonair, ní mór do na honnmhaireoirí an uimhir thagartha AE X002 a lua agus a shonrú go bhfuil na hítimí á n-onnmhairiú faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin EU006 ón Aontas.

3.

Aon onnmhaireoir a úsáideann an t-údarú seo, ní mór dó fógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe maidir le céad-úsáid an údaraithe sin tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú nó, mar mhalairt air sin, agus i gcomhréir le ceanglas de chuid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe, tabharfar an fógra roimh chéad-úsáid an údaraithe seo. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh an tsásra fógrúcháin a bheidh roghnaithe don údarú seo. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a gcuirfear fógra chuige ina leith a fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a ghabhann le húsáid an údaraithe seo agus is iad a shainíonn an fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo.

Féadfaidh Ballstát a cheangal ar onnmhaireoirí atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an tÚdarú seo a úsáid den chéad uair. Beidh an clárú uathoibríoch, agus déanfaidh na húdaráis inniúla admháil i ndáil leis an gclárú a thabhairt don onnmhaireoir gan mhoill, agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh ar chlárú a fháil, faoi réir Airteagal 9(1) den Rialachán seo.

I gcás inarb infheidhme, beidh na ceanglais a leagtar amach sa dara fomhír agus sa tríú fomhír bunaithe ar na ceanglais sin a shainítear le haghaidh úsáid na n-údaruithe náisiúnta ginearálta onnmhairiúcháin arna ndeonú ag na Ballstáit sin a dhéanann foráil d’údaruithe den sórt sin.

IARSCRÍBHINN IIg

(Liosta dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn IIa, Iarscríbhinn IIc agus Iarscríbhinn IId a ghabhann leis an Rialachán seo)

Ní i gcónaí a bhíonn tuairisc iomlán sna hiontrálacha ar na hítimí agus ar na nótaí gaolmhara in Iarscríbhinn I. Is in Iarscríbhinn I amháin atá tuairisc iomlán ar na hítimí sin.

Ní dhéantar aon difear do chur i bhfeidhm an Nóta Ghinearálta Bogearraí (GSN) in Iarscríbhinn I má luaitear ítim san Iarscríbhinn seo.

Gach ítim atá sonraithe in Iarscríbhinn IV.

0C001 ‘úráiniam nádúrtha’ nó ‘úráiniam laghdaithe’ nó tóiriam i bhfoirm miotail, cóimhiotail, cumaisc cheimicigh nó tiúcháin agus aon ábhar eile ina bhfuil aon cheann de na nithe sin.

0C002 ‘Ábhar speisialta inscoilte’ amach uathu sin atá sonraithe in Iarscríbhinn IV.

0D001 ‘Bogearraí’ a ceapadh nó a coigeartaíodh go speisialta chun earraí atá sonraithe i gCatagóir 0 a ‘forbairt’, a ‘táirgeadh’ nó a ‘úsáid’, a mhéid a bhaineann siad le 0C001 nó leis na hearraí sin in 0C002 atá eisiata ó Iarscríbhinn IV.

0E001 ‘Teicneolaíocht’ i gcomhréir leis an Nóta Teicneolaíochta Núicléach chun earraí atá sonraithe i gCatagóir 0 a ‘forbairt’, a ‘táirgeadh’ nó a ‘úsáid’, a mhéid a bhaineann siad le 0C001 nó leis na hearraí sin in 0C002 atá eisiata ó Iarscríbhinn IV.

1A102 Comhghabhálais charbóin-carbóin phirealaithe athsáitithe a ceapadh i gcomhair feithiclí láinseála spásárthaí atá sonraithe in 9A004 nó i gcomhair roicéad sondála atá sonraithe in 9A104.

1C351 Pataiginí daonna, zónóisí agus ‘tocsainí’.

1C352 Pataiginí ainmhithe.

1C353 Eilimintí géiniteacha agus orgánaigh ghéinathraithe.

1C354 Pataiginí plandaí.

1C450a.1. amiton: O,O-Dé-eitil S-[2-(Dé-eitilaimínea)eitil] fosfórataláid (78-53-5) agus na salainn alcaileachta nó prótónáitithe chomhfhreagracha.

1C450a.2. PFIB: 1,1,3,3,3-Peinteafluara-2-(trífhluaraimeitil)-1-próipéin (382-21-8).

7E104 ‘Teicneolaíocht’ chun sonraí maidir le rialú eitilte, treoraíocht, agus tiomáint a chomhtháthú i gcóras bainistíochta eitilte chun córas rothaig roicéid a optamú.

9A009.a. Córais hibride tiomána roicéad ar mó ná 1.1MN a n-acmhainn iomlán ríge.

9A117 Meicníocht ceann réime, meicníochtaí deighilte agus idirchéimeanna is féidir a úsáid i ‘diúracáin’.


RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún an Rialachán seo a athbhreithniú faoin 31 Nollaig 2013, go háirithe i ndáil le measúnú a dhéanamh le féachaint an bhféadfaí Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm le haghaidh lastas ar luach íseal.


RÁITEAS Ó PHARLAIMINT NA hEORPA, ÓN gCOMHAIRLE AGUS ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LE LASTAIS AR LUACH ÍSEAL

Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo d'Údaruithe Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin le haghaidh lastas ar luach íseal, ar údaruithe iad arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.