8.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/24


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1231/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 378/2007 ón gComhairle maidir leis na rialacha le haghaidh chur chun feidhme an mhodhnaithe dheonaigh ar íocaíochtaí díreacha faoin gcomhbheartas talmhaíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 378/2007 ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena leagtar síos rialacha maidir le modhnú deonach ar íocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna le haghaidh scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna tacaíochta áirithe le haghaidh feirmeoirí (3), tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun forálacha áirithe den Rialachán sin a chur chun feidhme.

(2)

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 378/2007 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(3)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 378/2007 a chur chun feidhme sna Ballstáit lena mbaineann, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(4)

Maidir leis na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le forálacha sonracha a ghlacadh i ndáil le modhnú deonach a lánpháirtiú sa chláreagrú forbartha tuaithe agus i ndáil le bainistiú airgeadais an mhodhnaithe dheonaigh sin, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (4).

(5)

Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus, ag féachaint dá gcineál speisialta, ag gníomhú dóibh gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm, na glanmhéideanna atá ann de thoradh chur i bhfeidhm an mhodhnaithe dheonaigh a shocrú.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 378/2007 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 378/2007 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

“1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan Airteagal 6a a chur i bhfeidhm, na glanmhéideanna atá ann de thoradh chur i bhfeidhm an mhodhnaithe dheonaigh a shocrú ar bhonn na nithe seo a leanas:”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha sonracha a ghlacadh chun modhnú deonach a lánpháirtiú sa chláreagrú forbartha tuaithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6a(1).

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha sonracha a ghlacadh chun bainistiú airgeadais a dhéanamh ar an modhnú deonach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6a(2).”;

(3)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 6a

1.   Déanfaidh an Coiste um Fhorbairt Tuaithe, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Tá an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (5).

I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Déanfaidh an Coiste um chistí talmhaíochta, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Tá an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

W. SZCZUKA


(1)  IO C 132, 3.5.2011, lch. 87.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2011.

(3)  IO L 95, 5.4.2007, lch. 1.

(4)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.).”.