8.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

17


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1228/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2011

lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 429/73 ón gComhairle lena ndéantar forálacha speisialta maidir le hearraí áirithe a allmhairiú isteach sa Chomhphobal, ar earraí iad a thagann faoi réim Rialachán (CEE) Uimh. 1059/69 agus ar earraí de thionscnamh na Tuirce iad

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá feabhsú thrédhearcacht dhlí an Aontais ina ghné shár-riachtanach den straitéis um reachtóireacht níos fearr atá á cur chun feidhme ag institiúidí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí na gníomhartha sin nach bhfuil fíoréifeacht acu a thuilleadh a bhaint as an reachtaíocht atá i bhfeidhm.

(2)

Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 429/73 ón gComhairle (2) a ghlacadh chun an chomhchuid sheasta laghdaithe de na dleachtanna allmhairiúcháin a chinneadh i leith táirgí talmhaíochta próiseáilte de thionscnamh na Tuirce agus arna n-allmhairiú faoi chuimsiú an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc, a síníodh an 23 Samhain 1970.

(3)

Le Cinneadh Uimh. 1/95 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce an 22 Nollaig 1995 maidir leis an gcéim dheireanach den Aontas Custaim a chur chun feidhme (3), leagtar síos na rialacha chun na dleachtanna custaim a chinneadh i leith táirgí talmhaíochta próiseáilte de thionscnamh na Tuirce agus arna n-allmhairiú isteach san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, tá Rialachán (CEE) Uimh. 429/73 imithe i seandacht.

(4)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus soiléireachta, ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 429/73 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 429/73.

2.   Beidh aisghairm an ghnímh dá dtagraítear i mír 1 gan dochar don mhéid seo a leanas:

(a)

gníomhartha Aontais arna nglacadh ar bhonn an ghnímh dá dtagraítear i mír 1 a choimeád i bhfeidhm; agus

(b)

bailíocht leantach leasuithe arna ndéanamh leis an ngníomh dá dtagraítear i mír 1, ar leasuithe iad ar ghníomhartha eile de chuid an Aontais nach n-aisghairtear leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

W. SZCZUKA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2011.

(2)   IO L 59, 5.3.1973, lch. 85.

(3)   IO L 35, 13.2.1996, lch. 1.