22.7.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 691/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Iúil 2011

maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil, inter alia, le hAirteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go n-oibreoidh “an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ar ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht”.

(2)

Dearbhaíodh i gCinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 lena leagtar síos an Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Chomhphobail (2) go bhfuil faisnéis fhónta ar staid an chomhshaoil agus ar na príomhthreochtaí, ar na príomhbhrúnna agus ar na príomhghníomhaithe i ndáil le hathrú comhshaoil, sár-riachtanach chun beartas éifeachtach a fhorbairt agus an beartas sin a chur chun feidhme, agus chun saoránaigh a chumhachtú ar shlí níos ginearálta. Ba cheart ionstraimí a fhorbairt d’fhonn cur le feasacht an phobail maidir leis na hiarmhairtí comhshaoil a ghabhann le gníomhaíocht eacnamaíoch.

(3)

Beidh cur chuige fónta ó thaobh na heolaíochta de i leith ganntanas acmhainní a thomhas rí-thábhachtach sa todhchaí maidir le forbairt inbhuanaithe an Aontais.

(4)

I gCinneadh Uimh. 1578/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 maidir leis an gClár Staidrimh Comhphobail 2008 go 2012 (3), déantar tagairt shoiléir don ghá atá ann le staidreamh ardchaighdeáin agus cuntais ardchaighdeáin i réimse an chomhshaoil. Thairis sin, faoi na príomhthionscnaimh i gcomhair 2008 go 2012, sonraítear gur cheart bunúis dlí a fhorbairt, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh príomhréimsí um bailiú sonraí comhshaoil ar príomhréimsí iad nach gcumhdaítear faoi láthair faoi ghníomhartha dlí.

(5)

D’aithin an Coimisiún ina Theachtaireacht an 20 Lúnasa 2009, dar teideal: “OTI agus dul thairsti: an dul chun cinn a thomhas”, an gá atá ann maidir leis na táscairí atá ann cheana a fhorlíonadh le sonraí lena n-ionchorpraítear gnéithe comhshaoil agus sóisialta chun gur féidir ceapadh beartais a dhéanamh ar shlí níos comhtháite agus níos cuimsithí. Chuige sin, tugtar deis le cuntais eacnamaíocha chomhshaoil, faireachán a dhéanamh ar na brúnna a chuireann an geilleagar ar an gcomhshaol agus tá deis ann freisin féachaint ar conas arbh fhéidir na brúnna sin a mhaolú. Léirítear le cuntais eacnamaíocha chomhshaoil an idirghníomhaíocht idir fachtóirí eacnamaíocha, teaghlaigh agus comhshaoil, agus is mó faisnéis a thugtar leo, dá bhrí sin, ná mar a thugtar le cuntais náisiúnta amháin. Is foinse shuntasach sonraí iad le haghaidh cinntí comhshaoil agus ba cheart don Choimisiún breathnú orthu agus measúnuithe iarmharta á ndréachtú aige. I gcomhréir le dearbhphrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus leis an gcuspóir geilleagar íseal-truaillithe atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a ghnóthú, ar dearbhphrionsabail iad atá neadaithe sa Straitéis Eoraip 2020 agus i mórthionscnaimh éagsúla eile, is móide an ríthábhacht a bhaineann le creat sonraí a fhorbairt lena ndéantar saincheisteanna comhshaoil mar aon le saincheisteanna eacnamaíocha a áireamh go comhsheasmhach.

(6)

Is é Córas Eorpach na gCuntas (CEC), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir leis an gCóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal (4) (“CEC 95”), ar córas é atá ar comhréir le Córas na gCuntas Náisiúnta (CCN), arna ghlacadh ag Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe i mí Feabhra 1993, an phríomhuirlis i leith staidreamh eacnamaíoch an Aontais mar aon le go leor táscairí eacnamaíocha eile (lena n-áirítear OTI). Féadtar creat CEC a úsáid chun anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den gheilleagar (e.g. struchtúr an gheilleagair, codanna sonracha de, forbairt an gheilleagair le himeacht ama), ach i gcás roinnt riachtanas sonrach sonraí, amhail anailís ar an idirghníomhaíocht idir an comhshaol agus an geilleagar, is í an réiteach is fearr cuntais satailíte ar leithligh a tharraingt suas.

(7)

Ina conclúidí i mí an Mheithimh 2006, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an Aontas agus ar a Bhallstáit na cuntais náisiúnta a shíneadh chun príomhghnéithe na forbartha inbhuanaithe a áireamh. Ba cheart cuntais náisiúnta a fhorlíonadh, dá bhrí sin, le cuntais chomtháite eacnamaíocha chomhshaoil lena soláthrófar sonraí atá comhsheasmhach go hiomlán.

(8)

Tá sé an-tábhachtach, a luaithe is a bheidh an córas i bhfeidhm go hiomlán go ndéanfaí cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil a úsáid go gníomhach agus go cruinn i ngach Ballstát agus le linn beartais ábhartha uile an Aontais a cheapadh, mar ionchur lárnach i measúnuithe iarmharta, i bpleananna gníomhaíochta, i dtograí reachtacha agus i dtorthaí suntasacha eile an phróisis um beartais.

(9)

D’fhéadfaí sonraí ní ba thráthúla a tháirgeadh trí gar-réamhaisnéis a dhéanamh, ina mbaintear leas as teicnící staidrimh amhail na cinn a úsáidtear sa réamhaisnéis chun meastúcháin iontaofa a dhéanamh.

(10)

Tugtar le cuntais satailíte an deis, ar shlí sholúbtha, cumas anailíseach na cuntasaíochta náisiúnta a leathnú maidir le réimsí ar leithligh is cúis le hábhar imní sóisialta amhail brúnna ar an gcomhshaol de bharr gníomhaíochtaí daonna agus é sin gan ualach ró-mhór a chur ar an gcóras lárnach ná gan cur isteach air. Ba cheart cuntais satailíte a chur ar fáil don phobal go rialta agus i bhfoirm sothuigthe.

(11)

Is córas satailíte de chuid CCN é Córas na gCuntas Comhtháite Eacnamaíoch Comhshaoil (CCEC), arna fhorbairt ag na Náisiúin Aontaithe, an Coimisiún Eorpach, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus an Banc Domhanda i dteannta a chéile. Cruinnítear leis faisnéis eacnamaíoch agus chomhshaoil i gcreat coiteann chun rannchuidiú an chomhshaoil leis an ngeilleagar agus tionchar an gheilleagair ar an gcomhshaol a thomhas. Soláthraítear leis táscairí agus staidreamh tuairiscithe do lucht ceaptha beartas chun faireachán a dhéanamh ar na hidirghníomhaíochtaí sin, mar aon le bunachar sonraí le haghaidh pleanála straitéisí agus anailíse beartais chun bealaí forbartha níos inbhuanaithe a aimsiú.

(12)

Déantar le CCEC catagóirí éagsúla na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil a shintéisiú agus a chomhtháthú a mhéid is féidir. Go ginearálta, déantar leis na catagóirí sin ar fad coincheapa CCN atá ann cheana maidir le costas, foirmiú caipitil agus stoc caipitil a leathnú tríd na coincheapa sin a fhorlíonadh le sonraí breise i dtéarmaí fisiciúla chun an costas comhshaoil agus úsáid sócmhainní nádúrtha i dtáirgeadh a chuimsiú, nó trí leasú a dhéanamh orthu tríd na hiarmhairtí sin a ionchorprú i dtéarmaí airgeadaíochta. Laistigh den treoshuíomh ginearálta sin, tá difríochtaí suntasacha idir na catagóirí éagsúla atá ann cheana ó thaobh na modheolaíochta de agus ó thaobh na n-ábhar imní comhshaoil a dtugtar fúthu.

(13)

Rinne an Coimisiún a chéad straitéis ar “cuntasaíocht ghlas” a thíolacadh i 1994. Ó shin i leith, tá modhanna cuntasaíochta forbartha agus tástáilte ag an gCoimisiún (Eurostat) agus ag na Ballstáit a mhéid sin go soláthraíonn roinnt Ballstát céad thacair cuntas eacnamaíoch comhshaoil go rialta. Is iad na cuntais ar shreabhadh fisiciúil i leith astaíochtaí aeir (lena n-áirítear gáis cheaptha teasa) agus ar thomhaltas ábhair, agus na cuntais airgeadaíochta maidir le caiteachas cosanta comhshaoil agus cánacha comhshaoil na cuntais is coitianta.

(14)

Mar cheann de na cuspóirí don tréimhse a chumhdaítear faoi Chlár Staidrimh an Chomhphobail 2008 go 2012, beartaítear tionscnaimh a ghlacadh chun reachtaíocht de chuid an Aontais a chur in ionad chomhaontuithe i réimsí áirithe ina ndéantar staidreamh Eorpach a tháirgeadh go rialta, ar staidreamh é a bhfuil aibíocht leordhóthanach bainte amach aige.

(15)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach (5) déantar creat tagartha a sholáthar le haghaidh cuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil. Ceanglaítear go háirithe go gcomhlíontar le staidreamh Eorpach, prionsabail um neamhspleáchas gairmiúil, neamhchlaontacht, oibiachtúlacht, iontaofacht, rúndacht staidrimh agus cost-éifeachtacht.

(16)

Ós rud é go bhfuil na tacair éagsúla de chuid na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil á bhforbairt agus go bhfuil siad ag céimeanna éagsúla aibíochta, ba cheart struchtúr modúlach lena soláthrófar solúbthacht leordhóthanach, lena gcumasófar inter alia tuilleadh modúl a thabhairt isteach, a ghlacadh.

(17)

Ba cheart clár staidéar piolóta a bhunú chun cáilíocht an tuairiscithe agus cáilíocht na sonraí a fheabhsú, chun cur le modheolaíochtaí agus chun ullmhú do thuilleadh forbairtí.

(18)

Ba cheart measúnú indéantachta a dhéanamh sula dtabharfar isteach ceanglais bhreise maidir le tuairisciú.

(19)

Ba cheart go mbeadh an Coimisiún i dteideal maoluithe a dheonú ar Ballstáit i rith na n-idirthréimhsí sa mhéid go bhfuil gá le hoiriúnuithe móra ar a gcuid córas náisiúnta staidrimh.

(20)

Ba cheart go spreagfadh an tAontas tabhairt isteach cuntas eacnamaíoch comhshaoil i dtríú tíortha, go háirithe sna tíortha sin a roinneann acmhainní comhshaoil (uisce go príomha) le Ballstáit.

(21)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon creat coiteann a bhunú um bailiú, thiomsú, tharchur agus mheastóireacht na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(22)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na modúil a chur in oirúint d’fhorbairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus teicniúla, mar aon le treoir mhodheolaíochta a sholáthar. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, nuair a dhéanann sé gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(23)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (6).

(24)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo comhchreat i gcomhair bhailiú, thiomsú, tharchur agus mheastóireacht na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil chun cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a bhunú mar chuntais satailíte i leith CEC 95, trí mhodheolaíocht, chomhchaighdeáin, chomhshainmhínithe, chomhaicmithe agus chomhrialacha cuntasaíochta a sholáthar atá ceaptha chun cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a thiomsú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “astaíocht aeir” sreabh fisiciúil ábhar gásach nó cáithníneach ón ngeilleagar náisiúnta (próisis táirgthe nó tomhaltais) go dtí an t-atmaisféar, (mar chuid den chóras comhshaoil);

(2)

ciallaíonn “cáin a bhaineann leis an gcomhshaol” cáin ar aonad fisiciúil é a bhonn cánach (nó seachaonad d’aonad fisiciúil) agus is aonad é sin de ní éigin a bhfuil tionchar cruthaithe, sonrach, diúltach aige ar an gcomhshaol agus ar ní é a shainaithnítear in CEC 95 mar cháin;

(3)

ciallaíonn “cuntais ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair (EW-MFA)” ionchuir ábhar i ngeilleagair náisiúnta, athruithe ar an stoc ábhar laistigh den gheilleagar agus aschuir ábhar go dtí geilleagair eile nó go dtí an comhshaol a thiomsú go comhsheasmhach.

Airteagal 3

Modúil

1.   Déanfar na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil atá le tiomsú laistigh den chreat coiteann dá dtagraítear in Airteagal 1 a ghrúpáil sna modúil seo a leanas:

(a)

modúl le haghaidh cuntas ar astaíochtaí aeir, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I;

(b)

modúl le haghaidh cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíochta eacnamaíche, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II;

(c)

modúl le haghaidh cuntas ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas i ngach Iarscríbhinn:

(a)

na cuspóirí a bhfuil na cuntais le tiomsú ina leith;

(b)

an méid atá cumhdaithe sna cuntais;

(c)

liosta na saintréithe a bhfuil sonraí le tiomsú agus le tarchur ina leith;

(d)

an chéad bhliain tagartha, an mhinicíocht agus na spriocanna tarchuir le haghaidh thiomsú na gcuntas;

(e)

na táblaí tuairiscithe;

(f)

uasré na n-idirthréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 8 a bhféadfadh an Coimisiún maoluithe a dheonú lena linn.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcás inar gá sin chun forbairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 9:

(a)

chun treoir mhodheolaíochta a sholáthar; agus

(b)

chun na hIarscríbhinní dá dtagraítear i mír 1 a nuashonrú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2(c) go (e).

Le linn dó a chumhacht a fheidhmiú de bhun na míre seo, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh a ghníomhartha tarmligthe ualaigh suntasacha breise riaracháin ar na Ballstáit agus ar na haonaid is freagróirí.

Airteagal 4

Staidéir phíolóta

1.   Déanfaidh an Coimisiún clár a dhreachtú le haghaidh staidéar píolóta atá le déanamh ag na Ballstáit ar bhonn deonach chun an tuairisciú a fhorbairt agus cáilíocht na sonraí a fheabhsú, sraitheanna ama fada a bhunú agus an mhodheolaíocht a fhorbairt. Áireofar sa chlár seo staidéir píolóta chun tástáil a dhéanamh ar a indéanta atá sé modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach. Áiritheoidh an Coimisiún, agus an clár á tharraingt suas aige, nach gcuirfear aon ualaigh breise riaracháin ná airgeadais ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thorthaí na staidéar piolóta agus déanfaidh sé iad a fhoilsiú, agus na sochair a bhaineann le fáil a bheith ar shonraí i ndáil le costas bailithe agus a bhaineann leis an ualach riaracháin a bhaineann le freagairtí a thabhairt á gcur san áireamh. Cuirfear na torthaí seo san áireamh sna tograí le haghaidh modúl nua cuntas comhshaoil a thabhairt isteach, ar tograí iad a fhéadfaidh an Coimisiún a chur isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10.

Airteagal 5

Sonraí a bhailiú

1.   I gcomhréir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, baileoidh na Ballstáit na sonraí is gá chun na saintréithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c) a bhreathnú.

2.   Baileoidh na Ballstáit na sonraí is gá trí theaglam de chuid na bhfoinsí éagsúla a shonraítear thíos a úsáid, agus cuirfear prionsabal an tsimplithe riaracháin i bhfeidhm:

(a)

suirbhéanna;

(b)

nósanna imeachta um meastachán staidrimh i gcásanna nár breathnaíodh cuid de na saintréithe le haghaidh na n-aonad ar fad;

(c)

foinsí riaracháin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas agus soláthróidh siad mionsonraí maidir leis na modhanna agus na foinsí a úsáideadh.

Airteagal 6

Tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat)

1.   Déanfaidh Ballstáit na sonraí atá leagtha amach sna hIarscríbhinní, lena n-áirítear na sonraí rúnda, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe sna hIarscríbhinní sin.

2.   Tarchuirfear na sonraí i bhformáid theicniúil chuí, atá le leagan síos ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 7

Measúnú cáilíochta

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis na sonraí atá le tarchur.

2.   Déanfaidh Ballstáit tuarascáil ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur a sholáthar don Choimisiún (Eurostat).

3.   Le linn na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme d’fhonn modhanna, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta a shainiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

4.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí arna dtarchur a mheasúnú agus féadfaidh sé, laistigh d’aon mhí amháin tar éis na sonraí a fháil, iarraidh ar an mBallstát i dtrácht faisnéis bhreise maidir leis na sonraí nó tacar sonraí athbhreithnithe a thíolacadh, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 8

Maoluithe

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh d’fhonn maoluithe a dheonú do na Ballstáit le linn na n-idirthréimhsí dá dtagraítear sna hIarscríbhinní, a mhéid a cheanglaítear mór-oiriúnuithe a dhéanamh ar chórais staidrimh náisiúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

2.   Chun maolú a fháil faoi mhír 1, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Samhain 2011.

Airteagal 9

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 11 Lúnasa 2011. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth chéanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 10

Tuarascáil agus athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2013 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Leis an tuarascáil sin déanfar meastóireacht go háirithe ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí, ar an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit agus ar na haonaid is freagróirí, mar aon le hindéantacht agus le héifeachtacht an staidrimh sin chomh maith.

Déanfar an méid seo a leanas a chur i dteannta na tuarascála, más iomchuí sin, agus na torthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) á gcur san áireamh:

tograí chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach, amhail Caiteachas agus Ioncam i leith Chosaint an Chomhshaoil (CICC)/Cuntais ar Chaiteachas i leith Chosaint an Chomhshaoil (CCCC), An Earnáil um Earraí agus um Sheirbhísí Comhshaoil (EESC), Cuntais Fuinnimh, Aistrithe a bhaineann leis an gComhshaol (fóirdheontais), Cuntais ar Chaiteachas i leith Úsáid agus Bainistiú Acmhainní (CCUBA), Cuntais Uisce (cainníochtúil agus cáilíochtúil), Cuntais Dramhaíle, Cuntais Fhoraoiseacha, Cuntais sheirbhísí Éiceachórais, Cuntais Stoc Ábhair Uile-Gheilleagair (EW-MSA) agus maidir le hábhair chré thochailte nár úsáideadh (lena n-áirítear ithir) a thomhas,

tograí atá ceaptha chun cáilíocht sonraí agus modhanna bailithe sonraí a fheabhsú tuilleadh, ionas go ndéantar ar an tslí sin cumhdach agus inchomparáideacht na sonraí a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin atá ar ghnó agus ar riarachán a laghdú.

Airteagal 11

Coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Iúil 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. DOWGIELEWICZ


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011.

(2)   IO L 242, 10.9.2002, lch. 1.

(3)   IO L 344, 28.12.2007, lch. 15.

(4)   IO L 310, 30.11.1996, lch. 1.

(5)   IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(6)   IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.


IARSCRÍBHINN I

MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR ASTAÍOCHTAÍ AEIR

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar sonraí ar astaíochtaí aeir a thaifeadadh agus a thíolacadh ar shlí atá comhoiriúnach do chóras na gcuntas náisiúnta. Déantar astaíochtaí aeir na ngeilleagar náisiúnta a thaifeadadh leo, agus déantar na hastaíochtaí sin a mhiondealú leo de réir gníomhaíochtaí astaithe eacnamaíocha mar atá sonraithe in CEC 95. Cumhdaítear táirgeadh agus tomhaltas i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit le haghaidh na gcuntas ar astaíochtaí aeir, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit chuige sin. Forbrófar na sonraí sin ar shlí lena nascfar astaíochtaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha táirgthe agus tomhaltais de chuid na dtionscal agus na dteaghlach. Comhcheanglófar na sonraí maidir le hastaíochtaí díreacha, ar sonraí iad a thuairiscítear faoin Rialachán seo, leis na táblaí ionchuir-aschuir eacnamaíoch, leis na táblaí soláthair agus úsáide agus leis na sonraí faoi thomhaltas teaghlaigh, ar sonraí iad sin a thuairiscítear cheana don Choimisiún (Eurostat) mar chuid de thuairisciú CEC 95.

Roinn 2

CUMHDACH

Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar astaíochtaí aeir agus atá ag CEC 95, agus tá siad bunaithe ar phrionsabal an chónaithe freisin.

I gcomhréir le CEC 95, tá coincheap an chónaithe bunaithe ar an bprionsabal seo a leanas: deirtear gurb ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad leasa eacnamaíoch an aonaid i gcríoch eacnamaíoch na tíre sin, is é a rá, nuair a bhíonn sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin.

Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar astaíochtaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh a thaifeadadh, gan spleáchas don áit as a dtagann na hastaíochtaí sin go geografach.

Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar sreafaí ábhar gásach iarmharach agus ábhar cáithníneach iarmharach de thionscnamh an gheilleagair náisiúnta agus a shreabhann isteach san atmaisféar a thaifeadadh. Chun críche an Rialacháin seo, tagraítear leis an téarma “atmaisféar” do chomhpháirt an chórais comhshaoil. Baineann teorainn an chórais leis an líne teorann idir an geilleagar náisiúnta (mar chuid den chóras eacnamaíoch) agus an t-atmaisféar (mar chuid den chóras comhshaoil). Tar éis teorainn an chórais a thrasnú, níl na substaintí astaithe faoi smacht daonna a thuilleadh agus tagann siad chun bheith ina gcuid de thimthriallacha na n-ábhar nádúrtha agus féadfaidh siad a bheith ina gcúis le roinnt cineál iarmhairtí comhshaoil.

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Cuirfidh na Ballstáit staidreamh ar fáil maidir le hastaíochtaí na dtruailleán aeir seo a leanas:

Ainm astaíochta aeir

Siombal astaíochta aeir

Aonad tuairiscithe

Dé-ocsaíd charbóin gan astaíochtaí ó bhithmhais

CO2

1 000 tona (Gg)

Dé-ocsaíd charbóin ó bhithmhais

CO2 ó bhithmhais

1 000 tona (Gg)

Ocsaíd nítriúil

N2O

tonaí (Mg)

Meatán

CH4

tonaí (Mg)

Sárfhluaracarbóin

PFCanna

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Hidreafluaracarbóin

HFCanna

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Heicseafluairíd sulfair

SF6

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Ocsaídí nítrigine

NOX

tonaí (Mg) coibhéisí NO2

Comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin

NMVOCanna

tonaí (Mg)

Aonocsaíd charbóin

CO

tonaí (Mg)

Ábhar cáithníneach < 10 μm

PM10

tonaí (Mg)

Ábhar cáithníneach < 2,5 μm

PM2,5

tonaí (Mg)

Dé-ocsaíd sulfair

SO2

tonaí (Mg)

Amóinia

NH3

tonaí (Mg)

Tuairisceofar na sonraí ar fad go dtí an chéad ionad deachúlach.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1.

Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2.

Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mí ó dheireadh na bliana tagartha.

3.

Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin an AE-27 ar fáil do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.

4.

Is é an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

5.

Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh na Ballstáit freisin sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha.

6.

I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1.

I gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, táirgfear sonraí trí a aicmiú de réir ordlathais ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, is é sin le rá NACE Rev.2 (leibhéal comhiomlán A*64), rud a luíonn go hiomlán le CEC 95. Chomh maith leis sin, soláthrófar sonraí le haghaidh an méid seo a leanas:

astaíochtaí aeir a thagann ó theaghlaigh,

ítimí nasctha. is é sin le rá ítimí tuairiscithe lena réitítear go soiléir na difríochtaí idir na cuntais ar astaíochtaí aeir arna dtuairisciú faoin Rialachán seo agus na sonraí sin arna dtuairisciú sna fardail oifigiúla náisiúnta maidir le hastaíochtaí aeir.

2.

Is mar seo a leanas atá an t-aicmiú de réir ordlathais dá dtagraítear i mír 1:

Astaíochtaí aeir de réir tionscail — NACE Rev.2 (A*64)

Astaíochtaí aeir a thagann ó theaghlaigh

Iompar

Téamh/Fuarú

Eile

Ítimí nasctha

Iomlán na gcuntas ar astaíochtaí aeir (tionscal + teaghlaigh)

 

Lúide na cónaitheoirí náisiúnta atá thar lear

Soithigh iascaireachta náisiúnta a oibríonn thar lear

Iompar de thalamh

Iompar d’uisce

Iompar d’aer

 

Móide neamhchónaitheoirí ar an gcríoch

+

Iompar de thalamh

+

Iompar d’uisce

+

Iompar d’aer

 

(+ nó –) Coigeartuithe eile agus neamhréireachtaí staidrimh

 

= Iomlán na n-astaíochtaí de thruailleán X mar a thuairiscítear do UNFCCC (1)/CLRTAP (2)

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.


(1)  Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide.

(2)  Coinbhinsiún ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin.


IARSCRÍBHINN II

MODÚL LE hAGHAIDH CÁNACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL, DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Leis an staidreamh maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, déantar sonraí a thaifeadadh agus a thíolacadh, agus an méid sin á dhéanamh ó thaobh pheirspictíocht na n-eintiteas a íocann na cánacha, agus déantar an méid sin ar shlí a luíonn go hiomlán leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC 95. Déantar ioncam cánach na ngeilleagar náisiúnta, ar ioncaim é a bhaineann leis an gcomhshaol, a thaifeadadh leo de réir gníomhaíochta eacnamaíche. Cumhdaítear táirgeadh agus tomhaltas le gníomhaíochtaí eacnamaíocha.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh ag na Ballstáit orthu, maidir le hioncaim chánach a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíochta eacnamaíche.

Féadtar, leis an staidreamh cánach a bhaineann leis an gcomhshaol, úsáid a bhaint go díreach as an staidreamh cánach agus as staidreamh maidir le hairgeadas rialtais, ach tá roinnt buntáistí ann ag baint le húsáid na sonraí cánach a thuairiscítear faoi CEC 95 más féidir é sin.

Bunaítear an staidreamh cánach a bhaineann leis an gcomhshaol ar na suimeanna arna bhfianú le measúnuithe agus dearbhuithe nó le fáltais airgid arna gcoigeartú de réir ama, chun comhsheasmhacht le CEC 95 a áirithiú agus chun inchomparáideacht idirnáisiúnta a fheabhsú.

Áirítear chomh maith in CEC 95 faisnéis i dtaobh cén tionscadail agus cén earnálacha a íocann na cánacha. Féadtar teacht ar fhaisnéis maidir le cánacha a thuairiscítear faoi CEC 95 sna cuntais earnála institiúideacha agus sna táblaí soláthair agus úsáide.

Roinn 2

CUMHDACH

Tá na teorainneacha córais céanna ag cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol agus atá ag CEC 95, agus is ionann na cánacha sin agus íocaíochtaí éigeantacha, gan chomaoin, in airgead tirim nó i gcomhchineál, arna dtobhach ag rialtas ginearálta nó ag institiúidí an Aontais.

Tagann na cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol faoi réim na gcatagóirí CEC 95 seo a leanas:

cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí (D.2),

cánacha reatha ar ioncam, ar rachmas, etc. (D.5),

cánacha caipitiúla (D.91).

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Déanfaidh Ballstáit staidreamh a tháirgeadh maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol de réir na saintréithe seo a leanas:

cánacha fuinnimh,

cánacha iompair,

cánacha truaillithe,

cánacha acmhainne.

Tuairisceofar na sonraí ar fad san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1.

Déanfar staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2.

Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 21 mí ó dheireadh na bliana tagartha.

3.

Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin AE-27 a tháirgeadh do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.

4.

Is í an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

5.

Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh.

6.

Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

I gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí ó thaobh pheirspictíocht na n-eintiteas a íocann na cánacha.

I gcás táirgeoirí, tuairisceofar sonraí i bhfoirm miondealaithe de réir aicmithe ordlathais na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, is é sin le rá NACE Rev.2 (leibhéal comhiomlánaithe A*64 mar a leagtar amach in CEC 95).

I gcás tomhaltóirí, tuairisceofar sonraí i leith na nithe seo a leanas:

teaghlaigh,

neamhchónaitheoirí.

I gcás nach féidir an cháin a chur i leith ceann amháin de na grúpaí gníomhaíochtaí thuasluaite, tuairisceofar na sonraí mar shonraí nach ndearnadh cionroinnt ina leith.

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha, uasré na hidirthréimhse.


IARSCRÍBHINN III

MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH ÁBHAR UILE-GHEILLEAGAIR (EW-MFA)

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Le EW-MFA, déantar gach ábhar soladach, gásach agus leachtach a chumhdach, seachas sreafaí aeir agus uisce, arna dtomhas in aonaid mhaise in aghaidh na bliana. Dála chóras na gcuntas náisiúnta, tá dhá phríomhchuspóir ag gabháil le EW-MFA. Soláthraítear le sreafaí ábhair mionsonraithe bunachar sonraí saibhir eimpíreach le haghaidh staidéar anailíseach iomadúil. Úsáidtear iad freisin chun táscairí éagsúla maidir le sreabhadh ábhair uile-gheilleagair a thiomsú le haghaidh geilleagar náisiúnta.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh EW-MFA.

Roinn 2

CUMHDACH

Tá an t-idirdhealú idir stoic agus sreafaí ina bhunphrionsabal de chuid an chórais um shreabhadh ábhar. Go ginearálta, is athróg é sreabhadh lena dtomhaistear cainníocht áirithe in aghaidh tréimhse ama, ach is éard is stoc ann ná athróg lena dtomhaistear cainníocht ag pointe áirithe ama. Is coincheap sreabha é EW-MFA. Tomhaistear leis sreafaí ionchuir ábhair agus aschuir ábhair agus athruithe ar an stoc laistigh den gheilleagar in aonaid mhaise in aghaidh na bliana.

Tá EW-MFA comhsheasmhach le prionsabail chóras na gcuntas náisiúnta, amhail prionsabal an chónaithe. Áirítear leis sreafaí ábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh ar fad atá i ngeilleagar náisiúnta, gan spleáchas do shuíomh geografach na n-aonad sin.

In EW-MFA, tá dhá chineál sreafaí ábhair thar theorainneacha córais atá ábhartha:

1.

sreafaí ábhair idir an geilleagar náisiúnta agus a thimpeallacht nádúrtha. Is ionann sin agus eastóscadh ábhar (i.e., amhábhair, garbhábhair, ógh-ábhair) ón gcomhshaol nádúrtha agus sceitheadh ábhar (dá ngairtear iarmharaigh go minic) isteach sa chomhshaol nádúrtha;

2.

sreafaí ábhair idir an geilleagar náisiúnta agus an chuid eile de gheilleagar an domhain. Áirítear allmhairí agus onnmhairí leis seo.

Áirítear in EW-MFA na sreafaí go léir a thrasnaíonn na teorainneacha córais sin, mar aon leis na méideanna a chuirtear le stoic de dhéantús an duine. Ní léirítear aon sreafaí ábhair eile laistigh den gheilleagar in EW-MFA. Ciallaíonn sé sin go ndéantar plé sa EW-MFA leis an ngeilleagar náisiúnta ina iomláine agus nach ndéantar, mar shampla, cur síos ar sheachadtaí táirgí idir thionscail. Ar an tslí chéanna, déantar sreafaí nádúrtha laistigh den chomhshaol nádúrtha a eisiamh chomh maith.

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Déanfaidh Ballstáit staidreamh a tháirgeadh i ndáil leis na saintréithe atá liostaithe i Roinn 5 le haghaidh EW-MFA, i gcás inarb infheidhme.

1.

Cumhdaítear le heastóscadh intíre (EI) méid bliantúil ábhar soladach, leachtach agus gásach (gan aer ná uisce a áireamh) a eastósctar as an gcomhshaol nádúrtha le húsáid mar ionchur sa gheilleagar.

2.

Cumhdaítear le hallmhairí fisiciúla agus le honnmhairí fisiciúla gach tráchtearra allmhairithe nó onnmhairithe in aonaid mhaise. Áirítear le tráchtearraí trádáilte, earraí ag gach céim phróiseála ó amhtháirgí go hearraí críochnaithe.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1.

Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2.

Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.

3.

Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin AE-27 a tháirgeadh do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.

4.

Is í an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

5.

Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh.

6.

Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

Déanfar sonraí, arna sloinneadh in aonaid mhaise, a tháirgeadh le haghaidh na saintréithe atá liostaithe sna táblaí seo a leanas.

Tábla A — Eastóscadh intíre (EI)

1   Bithmhais

1.1   Barra (gan barra farae a áireamh)

1.1.1   Gránbharra

1.1.2   Fréamhacha, tiúbair

1.1.3   Barra siúcra

1.1.4   Barra piseánacha

1.1.5   Cnónna

1.1.6   Barra olúla

1.1.7   Glasraí

1.1.8   Torthaí

1.1.9   Snáithíní

1.1.10   Barra eile g.a.e.

1.2   Iarmhair barr (úsáidte), barra farae agus bithmhais innilte

1.2.1   Iarmhair barr (úsáidte)

1.2.1.1   Tuí

1.2.1.2   Iarmhair barr eile (duilleoga biatais siúcra agus duilleoga biatais farae, nithe eile)

1.2.2   Barra farae agus bithmhais innilte

1.2.2.1   Barra farae (lena n-áirítear fómhar bithmhaise ó thalamh féaraigh)

1.2.2.2   Bithmhais innilte

1.3   Adhmad (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar ghlanincrimint an stoic adhmaid)

1.3.1   Adhmad (lomáin chruinne thionsclaíoch)

1.3.2   Adhmad tine agus eastóscadh eile

1.4   Gabháil éisc fiáin, plandaí uisceacha/ainmhithe uisceacha, fiach agus cnuasach

1.4.1   Gabháil éisc fiáin

1.4.2   Na hainmhithe uisceacha agus plandaí uisceacha eile ar fad

1.4.3   Fiach agus cnuasach

2   Mianta miotail (ollmhianta)

2.1   Iarann

2.2   Miotal neamhfheiriúil

2.2.1   Copar (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar an gcion miotail)

2.2.2   Nicil (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar an gcion miotail)

2.2.3   Luaidhe (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar an gcion miotail)

2.2.4   Sinc (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar an gcion miotail)

2.2.5   Stán (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar an gcion miotail)

2.2.6   Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara eile

2.2.7   Báicsít agus alúmanam eile

2.2.8   Úráiniam agus tóiriam

2.2.9   Eile g.a.e.

3   Mianraí neamh-mhiotalacha

3.1   Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt, cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn a áireamh)

3.2   Cailc agus dolaimít

3.3   Slinn

3.4   Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin

3.5   Salann

3.6   Aolchloch agus gipseam

3.7   Créanna agus caoilín

3.8   Gaineamh agus gairbhéal

3.9   Eile g.a.e.

3.10   Ábhair chré thochailte (lena n-áirítear ithir), ach amháin i gcás ina n-úsáidtear iad (tuairisciú roghnach)

4   Ábhair fuinnimh iontaise/iompróirí fuinnimh iontaise

4.1   Gual agus ábhair/iompróirí fuinnimh sholadaigh eile

4.1.1   Lignít (gual donn)

4.1.2   Gual crua

4.1.3   Sceall ola agus gainimh tharra

4.1.4   Móin

4.2   Ábhair fuinnimh leachtaigh agus ghásaigh

4.2.1   Amhola, comhdhlútháin agus leachtanna gáis nádúrtha

4.2.2   Gás nádúrtha

Tábla B (Allmhairí — Trádáil iomlán), Tábla C (Allmhairí — Trádáil lasmuigh den AE), Tábla D (Onnmhairí — Trádáil iomlán), Tábla E (Onnmhairí — Trádáil lasmuigh den AE)

1   Bithmhais agus táirgí bithmhaise

1.1   Barra, amh agus próiseáilte

1.1.1   Gránaigh, amh agus próiseáilte

1.1.2   Fréamhacha, tiúbair, amh agus próiseáilte

1.1.3   Barra siúcra, amh agus próiseáilte

1.1.4   Barra piseánacha amh agus próiseáilte

1.1.5   Cnónna, amh agus próiseáilte

1.1.6   Barra olúla, amh agus próiseáilte

1.1.7   Glasraí, amh agus próiseáilte

1.1.8   Torthaí, amh agus próiseáilte

1.1.9   Snáithíní, amh agus próiseáilte

1.1.10   Barra eile g.a.e., amh agus próiseáilte

1.2   Iarmhair barr agus barra farae

1.2.1   Iarmhair barr (úsáidte), amh agus próiseáilte

1.2.1.1   Tuí

1.2.1.2   Iarmhair eile barr

1.2.2   Barra farae

1.2.2.1   Barra farae

1.3   Adhmad agus táirgí adhmaid

1.3.1   Adhmad, amh agus próiseáilte

1.3.2   Adhmad tine agus eastóscadh eile, amh agus próiseáilte

1.4   Gabháil éisc agus ainmhithe uisceacha agus plandaí uisceacha eile, amh agus próiseáilte

1.4.1   Gabháil éisc

1.4.2   Na hainmhithe uisceacha agus na plandaí uisceacha eile ar fad

1.5   Ainmhithe beo seachas na hainmhithe atá in 1.4, agus táirgí ainmhithe

1.5.1   Ainmhithe beo seachas na hainmhithe atá in 1.4

1.5.2   Feoil agus ullmhóidí feola

1.5.3   Táirgí déiríochta, uibheacha éan agus mil

1.5.4   Táirgí eile a fhaightear ó ainmhithe (snáithíní ainmhithe, seithí, fionnadh, leathar, etc.)

1.6   Táirgí a fhaightear go príomha ó bhithmhais

2   Mianta miotail agus comhdhlúthúcháin, amh agus próiseáilte

2.1   Mianta iarainn agus comhdhlúthúcháin iarainn, iarann agus cruach, amh agus próiseáilte

2.2   Mianta miotail neamhfheiriúla agus comhdhlúthúcháin miotail neamhfheiriúla, amh agus próiseáilte

2.2.1   Copar

2.2.2   Nicil

2.2.3   Luaidhe

2.2.4   Sinc

2.2.5   Stán

2.2.6   Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara eile

2.2.7   Báicsít agus alúmanam eile

2.2.8   Úráiniam agus tóiriam

2.2.9   Eile g.a.e.

2.3   Táirgí a fhaightear go príomha ó mhiotail

3   Mianraí neamh-mhiotalacha, amh agus próiseáilte

3.1   Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt agus cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn a áireamh)

3.2   Cailc agus dolaimít

3.3   Slinn

3.4   Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin

3.5   Salann

3.6   Aolchloch agus gipseam

3.7   Créanna agus caoilín

3.8   Gaineamh agus gairbhéal

3.9   Eile g.a.e.

3.10   Ábhair chré thochailte (lena n-áirítear ithir), ach amháin i gcás ina n-úsáidtear iad (tuairisciú roghnach)

3.11   Táirgí a fhaightear go príomha ó mhianraí neamh-mhiotalacha

4   Ábhair fuinnimh iontaise/iompróirí fuinnimh iontaise, amh agus próiseáilte

4.1   Gual agus táirgí fuinnimh sholadaigh eile, amh agus próiseáilte

4.1.1   Lignít (gual donn)

4.1.2   Gual crua

4.1.3   Sceall ola agus gainimh tharra

4.1.4   Móin

4.2   Táirgí fuinnimh leachtaigh agus ghásaigh eile, amh agus próiseáilte

4.2.1   Amhola, comhdhlútháin agus leachtanna gáis nádúrtha

4.2.2   Gás nádúrtha

4.3   Táirgí a fhaightear go príomha ó tháirgí fuinnimh iontaise

5   Táirgí eile

6   Dramhaíl allmhairithe (Tábla B agus Tábla C)/onnmhairithe (Tábla D agus Tábla E) le haghaidh cóireála deiridh agus diúscairte

Áireofar i dTábla B agus i dTábla D na coigeartuithe seo a leanas de bharr phrionsabal an chónaithe:

Breosla atá stóráilte ag aonaid chónaitheacha thar lear (le cur le hallmhairí Thábla B) agus breosla atá stóráilte ag aonaid neamhchónaitheacha ar an gcríoch náisiúnta (le cur le honnmhairí Thábla D)

1

Breosla le haghaidh iompair de thalamh

2

Breosla le haghaidh iompair d’uisce

3

Breosla le haghaidh iompair d’aer

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.