|
31.12.2010 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1235/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 15 Nollaig 2010
lena leasaítear, maidir le cógas-aireachas ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach, agus Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus pointe (c) d’Airteagal 168(4) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (3),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (5), cruthaítear nós imeachta údarúcháin ar fud an Aontais le haghaidh catagóirí áirithe táirgí íocshláinte (an nós imeachta láraithe), leagtar síos rialacha um chógas-aireachas ar na táirgí sin agus bunaítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (an Ghníomhaireacht). |
|
(2) |
Tá rialacha um chógas-aireachas riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint le go ndéanfar frithghníomhartha díobhálacha in aghaidh táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a chuirtear ar mhargadh an Aontais a chosc, a bhrath agus a mheasúnú, toisc nach féidir a bheith ar an eolas faoi phróifíl iomlán sábháilteachta na dtáirgí íocshláinte sin lena n-úsáid ag an duine go dtí go mbeifear tar éis iad a chur ar an margadh. |
|
(3) |
Fadhb chomhshaoil atá ag teacht chun cinn is ea truailliú uiscí agus ithreacha le hiarmhair ó ábhair chógaisíochta. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhearta lena ndéanfaí faireachán agus meastóireacht ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na táirgí íocshláinte sin lena n-úsáid ag an duine ar an gcomhshaol, lena n-áirítear na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte phoiblí. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú ar mhéid na faidhbe, agus í bunaithe, inter alia, ar shonraí a gheofaí ón nGníomhaireacht, ón nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach, agus ó na Ballstáit, agus ba cheart go mbeadh measúnú ann freisin i dtaobh an mbeadh gá le leasuithe ar reachtaíocht Aontais maidir le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine nó ar reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais. |
|
(4) |
I bhfianaise na taithí a fuarthas agus tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chóras cógas-aireachais an Aontais, is léir anois go bhfuil gá le bearta chun feabhas a chur ar oibriú dhlí an Aontais maidir le cógas-aireachas ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine. |
|
(5) |
Ba cheart na príomhchúraimí atá ag an nGníomhaireacht i réimse an chógas-aireachais agus atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a choimeád agus ba cheart iad a fhorbairt tuilleadh, go háirithe maidir le bainistiú bhunachar sonraí cógas-aireachais agus ghréasán próiseála sonraí an Aontais (bunachar sonraí Eudravigilance), maidir le comhordú na bhfógairtí sábháilteachta ó na Ballstáit agus maidir le faisnéis faoi cheisteanna sábháilteachta a sholáthar don phobal. |
|
(6) |
Ionas go mbeidh gach údarás inniúil in ann, ag an am céanna, faisnéis a fháil faoi chógas-aireachas le haghaidh táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, ar táirgí iad atá údaraithe san Aontas, agus rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin agus í a pháirtiú, ba cheart bunachar sonraí Eudravigilance a choimeád ar bun agus a neartú mar an t-aon phointe fála don fhaisnéis sin. Dá bhrí sin, níor cheart go leagfadh na Ballstáit aon ceanglais bhreise um thuairisciú ar shealbhóirí na n-údaruithe margaíochta. Ba cheart go mbeadh rochtain iomlán agus rochtain bhuan ag na Ballstáit, ag an nGníomhaireacht agus ag an gCoimisiún ar an mbunachar sonraí, agus ba cheart go mbeadh rochtain ag sealbhóirí na n-údaruithe margaíochta agus ag an bpobal air a oiread agus is iomchuí. |
|
(7) |
Chun trédhearcacht a mhéadú i dtaobh saincheisteanna cógas-aireachais, ba cheart don Ghníomhaireacht tairseach Gréasáin Eorpach um Leigheasra a chruthú agus a choimeád ar bun. |
|
(8) |
Chun a áirithiú go mbeidh teacht ar an saineolas agus ar na hacmhainní atá riachtanach le haghaidh measúnuithe cógas-aireachais ar leibhéal an Aontais, is iomchuí coiste eolaíochta nua a chruthú mar chuid den Ghníomhaireacht: an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí. Ba cheart go mbeadh an coiste sin comhdhéanta de chomhaltaí arna gceapadh ag na Ballstáit, ar comhaltaí iad atá inniúil maidir le sábháilteacht leigheasra, lena n-áirítear rioscaí a bhrath, a mheasúnú, a íoslaghdú agus a chur in iúl, maidir le staidéir sábháilteachta iar-údarúcháin agus iniúchtaí cógas-aireachais a dhearadh, agus de chomhaltaí arna gceapadh ag an gCoimisiún, ar saineolaithe eolaíochta neamhspleácha nó ionadaithe de chuid gairmithe cúraim sláinte agus othar iad. |
|
(9) |
Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha ar Choistí Eolaíochta na Gníomhaireachta, mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, maidir leis an gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí. |
|
(10) |
Chun freagairtí comhchuibhithe ar fud an Aontais a áirithiú i leith ábhar imní maidir le sábháilteacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, ba cheart don Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine agus don ghrúpa comhordúcháin a bunaíodh le Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (6), brath ar mholtaí an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí i dtaobh aon cheiste a bhaineann le cógas-aireachas ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine. Mar sin féin, ar mhaithe le comhsheasmhacht agus leanúnachas na measúnuithe sábháilteachta, ba cheart go bhfanfadh an fhreagracht chríochnaitheach as tuairim a eisiúint i leith an mheasúnaithe rioscaí-tairbhí ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, ar an gCoiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine agus ar na húdaráis atá inniúil chun údaruithe margaíochta a dheonú. |
|
(11) |
Is iomchuí gur cheart don Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí moladh a dhéanamh mar chuid d’aon mheasúnú iar-údarúcháin ar fud an Aontais atá bunaithe ar shonraí cógas-aireachais a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus ba cheart go mbeadh an coiste sin freagrach as moltaí a dhéanamh maidir le córais bainistithe rioscaí agus as faireachán a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht. Ba cheart, sna measúnuithe sin ar fud an Aontais, go ndéanfaí de réir na nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir 2001/83/CE freisin maidir le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine ar táirgí iad a údaraíodh tríd an nós imeachta láraithe. |
|
(12) |
I gcomhréir le Treoir 2001/83/CE, soláthraíonn an Ghníomhaireacht an rúnaíocht don ghrúpa comhordúcháin. I bhfianaise shainordú méadaithe an ghrúpa comhordúcháin i réimse an chógas-aireachais, ba cheart an tacaíocht theicniúil agus riaracháin a chuireann rúnaíocht na Gníomhaireachta ar fáil don ghrúpa comhordúcháin a threisiú. Ba cheart foráil a dhéanamh chun go n-áiritheodh an Ghníomhaireacht go mbeadh comhordú iomchuí ann idir an grúpa comhordúcháin agus Coistí Eolaíochta na Gníomhaireachta. |
|
(13) |
Chun an tsláinte phoiblí a chosaint, ba cheart go mbeadh maoiniú leordhóthanach ann do ghníomhaíochtaí cógas-aireachais na Gníomhaireachta. Ba cheart a áirithiú go bhféadfar gníomhaíochtaí cógas-aireachais a mhaoiniú go leordhóthanach trína chumhachtú don Ghníomhaireacht táillí a ghearradh ar shealbhóirí údaruithe margaíochta. Chun neamhspleáchas na Gníomhaireachta a ráthú, áfach, ba cheart go mbeadh bainistiú na gcistí sin faoi bhuanrialú an Bhoird Bainistíochta. |
|
(14) |
Chun na leibhéil saineolais is airde agus oibriú an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí a áirithiú, ba cheart gur tríd an nGníomhaireacht a thabharfaí íocaíocht do na rapóirtéirí a sholáthraíonn measúnuithe do nósanna imeachta cógas-aireachais an Aontais, tuairiscí tréimhsiúla sábhailteachta cothrom le dáta, prótacail do staidéir shábháilteachta iar-údarúcháin agus córais bhainistithe rioscaí. |
|
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart go gcumhachtófaí don Ghníomhaireacht táillí a ghearradh in éiric gníomhaíochtaí an ghrúpa comhordúcháin a dhéanamh laistigh de chóras cógas-aireachais an Aontais, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir 2001/83/CE, agus, ina dhiaidh sin, ba cheart go n-íocfadh an Ghníomhaireacht na rapóirtéirí laistigh den ghrúpa comhordúcháin. |
|
(16) |
Ó thaobh na sláinte poiblí de, is gá na sonraí atá ar fáil tráth an údarúcháin a chomhlánú le sonraí breise maidir le sábháilteacht agus freisin, i gcásanna áirithe, maidir le héifeachtúlacht, táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, ar táirgí iad a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcumhachtófaí don Choimisiún an oibleagáid a fhorchur ar shealbhóir an údaraithe margaíochta staidéir iar-údarúcháin a dhéanamh maidir le sábháilteacht agus maidir le héifeachtúlacht. Ba cheart go mbeadh sé indéanta an oibleagáid sin a fhorchur tráth deonaithe an údaraithe margaíochta nó tráth is déanaí ná sin, agus ba cheart go mbeadh an oibleagáid sin ina coinníoll a ghabhann leis an údarú margaíochta. Féadfar staidéir den sórt sin a dhíriú ar shonraí a bhailiú chun measúnú a chumasú i ndáil le sábháilteacht nó éifeachtúlacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine i ngnáthchleachtadh laethúil na míochaine. |
|
(17) |
Is den riachtanas é nach é a leanfadh as córas neartaithe cógas-aireachais ná go ndéanfaí údaruithe margaíochta a dheonú roimh am. Déantar roinnt táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a údarú, áfach, faoi réir an choinníll go ndéanfar faireachán breise orthu. Áirítear ina measc sin gach táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine a bhfuil substaint ghníomhach nua ann agus táirgí íocshláinte bitheolaíochta lena n-áirítear bithshamhlacha ar tosaíochtaí iad don chógas-aireachas. Féadfaidh na húdaráis inniúla freisin a cheangal go ndéanfar faireachán breise maidir le táirgí sonracha íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, ar táirgí iad atá faoi réir na hoibleagáide staidéar sábháilteachta iar-údarúcháin a dhéanamh nó faoi réir coinníollacha nó srianta maidir le húsáid shábháilte éifeachtach an táirge íocshláinte, ar coinníollacha nó srianta iad a shonrófar sa phlean bainistithe rioscaí. De ghnáth, tá gá le pleananna bainistithe rioscaí a bheith ann maidir le substaintí gníomhacha nua, bithshamhlacha, táirgí íocshláinte le haghaidh úsáide péidiatraice agus maidir le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine lena mbaineann athrú suntasach san údarú margaíochta, lena n-áirítear próiseas nua monaraíochta trína ndéantar táirge íocshláinte arna dhíorthú ón mbiteicneolaíocht. Ba cheart táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a bhfuil faireachán breise le déanamh orthu a shainaithint mar tháirgí den sórt sin trí shiombail dhubh a chur orthu ar siombail í a roghnóidh an Coimisiún ar bhonn molta ón gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, agus trí abairt ábhartha chaighdeánach mhíniúcháin a chur san áireamh san achoimre ar shaintréithe an táirge agus ar an mbileog pacáiste. Ba cheart don Ghníomhaireacht liosta cothrom le dáta de na táirgí íocshláinte sin a choimeád ar fáil don phobal. |
|
(18) |
Leis an taithí a fuarthas, léirítear gur gá soiléiriú a dhéanamh ar fhreagrachtaí shealbhóirí údaruithe margaíochta i leith cógas-aireachas a dhéanamh ar tháirgí údaraithe íocshláinte lena n-úsáid ag an duine. Ba cheart go mbeadh sealbhóir an údaraithe margaíochta freagrach as faireachán leanúnach a dhéanamh ar shábháilteacht a chuid táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, as na húdaráis a chur ar an eolas faoi aon athruithe a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an údarú margaíochta, agus as a áirithiú go gcoimeádtar faisnéis an táirge cothrom le dáta. Toisc go bhféadfaí táirgí íocshláinte a úsáid lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta, ba cheart go n-áireofaí ar fhreagrachtaí shealbhóir an údaraithe margaíochta an fhaisnéis uile atá ar fáil a sholáthar, lena n-áirítear torthaí trialacha cliniciúla nó staidéar eile, mar aon le tuairisc a dhéanamh ar aon chás ina ndéanfaí an táirge íocshláinte a úsáid ar shlí nach dtagann faoi réim an údaraithe margaíochta. Is iomchuí freisin go n-áiritheofaí go ndéanfaí an fhaisnéis ábhartha ar fad arna bailiú maidir le sábháilteacht an táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine a chur san áireamh nuair atá an t-údarú margaíochta á athnuachan. |
|
(19) |
Tá litríocht eolaíochta agus leighis ina foinse thábhachtach faisnéise i leith tuairiscí ar chásanna a bhaineann le frithghníomhartha díobhálacha amhrasta. I láthair na huaire, i gcás substaintí gníomhacha atá i mbreis agus aon táirge íocshláinte amháin lena úsáid ag an duine, déantar cásanna litríochta a thuairisciú, ar bhealach dúblach, i dtuairiscí ar chásanna a bhaineann le frithghníomhartha díobhálacha. Chun éifeachtúlacht an tuairiscithe a fheabhsú, ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht faireachán ar liosta sainithe litríochta le haghaidh liosta shainithe substaintí gníomhacha atá in úsáid i dtáirgí íocshláinte a bhfuil roinnt údaruithe margaíochta ann ina leith. |
|
(20) |
Ós rud é go ndéantar na sonraí uile maidir le frithghníomhartha díobhálacha amhrasta a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá údaraithe ag na Ballstáit a sheoladh go díreach chuig bunachar sonraí Eudravigilance, ní gá foráil a dhéanamh maidir le rialacha éagsúla um thuairisciú do na táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Dá bhrí sin, maidir leis na rialacha um thaifeadadh agus um thuairisciú na bhfrithghníomhartha díobhálacha amhrasta atá leagtha síos i dTreoir 2001/83/CE, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, ar táirgí iad atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. |
|
(21) |
Is gá comhúsáid na n-acmhainní a mhéadú idir na húdaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh ar thuairiscí tréimhsiúla sábháilteachta cothrom le dáta. Dá bhrí sin, maidir leis na nósanna imeachta a bhaineann le measúnú agus dá bhforáiltear i dTreoir 2001/83/CEE, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le measúnú aonair ar thuairiscí tréimhsiúla sábháilteachta cothrom le dáta le haghaidh táirgí íocshláinte éagsúla lena n-úsáid ag an duine ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach chéanna nó ina bhfuil an cumasc céanna táirgí gníomhacha, lena n-áirítear cóimheasúnuithe ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá údaraithe ar bhonn náisiúnta agus tríd an nós imeachta láraithe araon. |
|
(22) |
Is iomchuí an ról maoirseachta a neartú i leith táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a údaraítear tríd an nós imeachta láraithe trína fhoráil gur cheart gurb é an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil máistirchomhad chóras an chógas-aireachais de chuid shealbhóir an údaraithe margaíochta suite a bheidh mar údarás maoirseachta don chógas-aireachas. |
|
(23) |
Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (7), agus gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (8). Chun frithghníomhartha díobhálacha a bhrath, a mheasúnú, a thuiscint agus a chosc, agus chun na rioscaí a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a shainaithint agus bearta a dhéanamh chun na rioscaí sin a laghdú agus na tairbhí a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a mhéadú le go ndéanfar an tsláinte phoiblí a chosaint, ba cheart go mbeadh sé indéanta sonraí pearsanta a phróiseáil laistigh den chóras Eudravigilance agus reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cosaint sonraí á hurramú ag an am céanna. Leas poiblí substaintiúil atá sa chuspóir go ndéanfaí an tsláinte phoiblí a chosaint agus, dá dhroim sin, is féidir próiseáil sonraí pearsanta a chosaint más rud é nach ndéantar sonraí inaitheanta sláinte a phróiseáil ach amháin nuair is gá sin agus nach ndéantar sin ach amháin i gcás ina ndéanann páirtithe a bhfuil baint acu leis an bpróiseáil an gá sin a mheasúnú ag gach céim den phróiseas cógas-aireachais. |
|
(24) |
Leis an Rialachán seo agus le Treoir 2010/84/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear, maidir le cógas-aireachas, Treoir 2001/83/EC maidir le cód an Chomhphobail i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (9), déantar cúraimí na Gníomhaireachta a leathnú maidir le cógas-aireachas, lena n-áirítear faireachán ar chásanna sa litríocht, úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus breis faisnéise a sholáthar don phobal i gcoitinne. Ba cheart go gcumasófaí don Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú ó tháillí a ghearrfaí ar shealbhóirí údaruithe margaíochta. Ba cheart nach gcumhdódh na táillí sin cúraimí a chuireann na húdaráis inniúla náisiúnta i gcrích agus a ngearrann na húdaráis sin táillí ina leith i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE. |
|
(25) |
De bharr na ngníomhaíochtaí cógas-aireachais dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ceanglaítear go mbunófar coinníollacha aonfhoirmeacha i ndáil le hinneachar agus le cothabháil mháistirchomhad chóras an chógas-aireachais, chomh maith le riachtanais íosta an chórais cáilíochta a bhaineann le feidhmiú gníomhaíochtaí cógas-aireachais ag an nGníomhaireacht, i ndáil le húsáid téarmaíochta, formáidí agus caighdeán chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a chur i gcrích atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta, agus i ndáil leis na riachtanais íosta i gcomhair faireachán a dhéanamh ar na sonraí a áirítear sa bhunachar sonraí Eudravigilance chun a chinneadh an bhfuil rioscaí nua ann nó an bhfuil athrú tagtha ar rioscaí. Ba cheart freisin go mbunófaí formáid agus inneachar an ábhair maidir le frithghníomhartha díobhálacha amhrasta a tharchuireann na Ballstáit agus sealbhóirí na n-údaruithe margaíochta go leictreonach, formáid agus inneachar tuairiscí tréimhsiúla sábháilteachta cothrom le dáta agus pleananna bainistithe rioscaí a sheoltar go leictreonach, agus formáid na bprótacal, na n-achomaireachtaí agus na dtuarascálacha críochnaitheacha do na staidéir shábháilteachta iar-údarúcháin. I gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá rialacha agus prionsabail ghinearálta maidir leis na sásraí trína ndéanfaidh na Ballstáit rialú ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an Coimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme le leagan síos roimh ré le Rialachán a ghlacfar i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Go dtí go nglacfar an Rialachán nua sin, beidh feidhm i gcónaí ag Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (10), cé is moite den nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ar nós imeachta é nach bhfuil infheidhme. |
|
(26) |
Chun na forálacha i bpointe (cc) d’Airteagal 9(4) agus i bpointe (b) d’Airteagal 10a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a fhorlíonadh, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE. Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún bearta forlíontacha a ghlacadh lena leagfaí síos na staideanna ina bhféadfadh gá a bheith ann le staidéir éifeachtúlachta iar-údarúcháin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go seolfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn dó a chuid oibre ullmhúcháin a chur i gcrích, lena n-áirítear comhairliúchán ar leibhéal saineolaithe. |
|
(27) |
Is é atá sna forálacha maidir le faireachán ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine i Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ná forálacha sonracha de réir bhrí Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú (11). |
|
(28) |
Ba cheart comhordú cuí a áirithiú idir an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí nuabhunaithe agus na Coistí eile de chuid na Gníomhaireachta, go háirithe an Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine, an Coiste um Tháirgí Íocshláinte Dílleachta agus an Coiste um Ardteiripí a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 (12). |
|
(29) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 726/2004
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 leis seo mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 5(2), cuirtear an abairt seo a leanas leis: “Chun a cuid cúraimí cógas-aireachais a chomhall, lena n-áirítear na córais bhainistithe rioscaí dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a fhormheas, agus faireachán a dhéanamh orthu, braithfidh an Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine ar mheasúnú eolaíoch agus ar mholtaí an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí dá dtagraítear i bpointe (aa) d’Airteagal 56(1).”. |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 9(4) mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(4) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: “Airteagal 10a 1. Tar éis di údarú margaíochta a dheonú, féadfaidh an Ghníomhaireacht oibleagáid a fhorchur ar shealbhóir an údaraithe margaíochta:
Maidir le forchur oibleagáide den sórt sin, tabharfar údar cuí ina leith, tabharfar fógra ina leith i scríbhinn, agus áireofar san oibleagáid cuspóirí an staidéir agus an t-amchlár ar dá réir a thíolacfar agus a sheolfar an staidéar. 2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht deis do shealbhóir an údaraithe margaíochta barúlacha i scríbhinn a thíolacadh mar fhreagairt ar fhorchur na hoibleagáide laistigh d’amchlár a shonróidh sé, má iarrann sealbhóir an údaraithe margaíochta amhlaidh laistigh de 30 lá tar éis dó fógra i scríbhinn faoin oibleagáid a fháil. 3. Ar bhonn na mbarúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh ag sealbhóir an údaraithe margaíochta, agus ar bhonn thuairim na Gníomhaireachta, déanfaidh an Coimisiún an oibleagáid a tharraingt siar nó a dhaingniú. I gcás ina ndaingneoidh an Coimisiún an oibleagáid, déanfar an t-údarú margaíochta a athrú le go n-áireofar an oibleagáid mar choinníoll a ghabhann leis an údarú margaíochta agus déanfar an córas bainistithe rioscaí a thabhairt cothrom le dáta dá réir. Airteagal 10b 1. Chun na staideanna a chinneadh ina bhféadfaí a cheangal go ndéanfar staidéir éifeachtúlachta iar-údarúcháin faoi phointe (cc) d’Airteagal 9(4) agus faoi phointe (b) d’Airteagal 10a(1) den Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 87b, agus faoi réir choinníollacha Airteagal 87c agus Airteagal 87d, bearta a ghlacadh lena ndéanfar na forálacha i bpointe (cc) d’Airteagal 9(4) agus i bpointe (b) d’Airteagal 10a(1) a fhorlíonadh. 2. Le linn dó na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.”. |
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
|
(6) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 14a Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta aon choinníollacha dá dtagraítear i bpointí (c), (ca), (cb) agus (cc) d’Airteagal 9(4) nó in Airteagal 10a, in Airteagal 14(7) agus (8) a chorprú ina chóras bainistithe rioscaí.”. |
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16: “Airteagal 16 1. Tar éis údarú margaíochta a dheonú i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta, i leith na modhanna monaraíochta agus rialaithe dá bhforáiltear i bpointe (d) agus i bpointe (h) d’Airteagal 8(3) de Threoir 2001/83/CE, an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh agus tabharfaidh sé isteach aon athruithe a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun a chumasú an táirge íocshláinte a mhonarú agus a sheiceáil trí mhodhanna eolaíocha a bhfuil glacadh leo go ginearálta. Déanfaidh sé iarratas i gcomhréir leis an Rialachán seo chun formheas a fháil maidir le hathruithe comhfhreagracha. 2. Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta aon fhaisnéis nua a sholáthar don Ghníomhaireacht, don Choimisiún agus do na Ballstáit, ar faisnéis í a bhféadfadh leasú a bheith riachtanach dá barr ar na sonraí nó ar na doiciméid dá dtagraítear in Airteagail 8(3), 10, 10a, 10b agus 11, nó in Airteagal 32(5) de Threoir 2001/83/CE, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, nó in Airteagal 9(4) den Rialachán seo. Go háirithe, cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon toirmeasc nó srian arna fhorchur ag údaráis inniúla aon tíre ina margaítear an táirge íocshláinte agus faoi aon fhaisnéis nua eile a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar mheastóireacht na dtairbhí agus na rioscaí a bhaineann leis an táirge íocshláinte lena mbaineann. Áireofar san fhaisnéis sin idir thorthaí dearfacha agus thorthaí diúltacha trialacha cliniciúla nó staidéar eile i ngach tásc agus i ngach daonra, bídís ar áireamh san údarú margaíochta nó ná bíodh, chomh maith le sonraí ar úsáid an táirge íocshláinte i gcás an úsáid sin a bheith lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta. 3. Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe margaíochta go gcoimeádfar an fhaisnéis faoin táirge cothrom le dáta leis an eolas reatha eolaíoch lena n-áirítear conclúidí an mheasúnaithe agus na moltaí arna bpoibliú tríd an tairseach gréasáin Eorpach um leigheasra arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 26. 4. Chun gur féidir measúnú leanúnach a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir rioscaí agus tairbhí, féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh ar shealbhóir an údaraithe margaíochta aon tráth sonraí a chur ar aghaidh lena dtaispeánfar go bhfuil an chothromaíocht idir na rioscaí agus na tairbhí fabhrach fós. Freagróidh sealbhóir an údaraithe margaíochta aon iarraidh den sórt sin go hiomlán agus go pras. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, aon tráth, a iarraidh ar shealbhóir an údaraithe margaíochta cóip de mháistirchomhad chóras an chógas-aireachais a chur faoina bráid. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an chóip faoi bhráid na Gníomhaireachta seacht lá, ar a dhéanaí, tar éis dó an iarraidh a fháil.”. |
|
(8) |
Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
|
(9) |
Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
|
|
(10) |
Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 3 de Theideal II: “CAIBIDIL 3 CÓGAS-AIREACHAS Airteagal 21 1. Maidir le hoibleagáidí shealbhóirí údaraithe margaíochta mar atá leagtha síos in Airteagal 104 de Threoir 2001/83/CE, beidh feidhm acu maidir le sealbhóirí údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, ar táirgí iad atá údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Gan dochar do mhír 2, do mhír 3 agus do mhír 4 den Airteagal seo, ní dhéanfar, de mhaolú ar phointe (c) d’Airteagal 104(3) den Treoir sin, a cheangal ar shealbhóirí údaruithe margaíochta a deonaíodh roimh 2 Iúil córas bainistithe rioscaí a oibriú i gcomhair gach táirge íocshláinte ar leith. 2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht oibleagáid a fhorchur ar shealbhóir údaraithe margaíochta córas bainistithe rioscaí a fheidhmiú dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 104(3) de Threoir 2001/83/CE, má tá imní ann faoi na rioscaí a dhéanann difear don chothromaíocht idir rioscaí agus tairbhí a bhaineann le táirge íocshláinte údaraithe. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht freisin oibleagáid a fhorchur ar shealbhóir an údaraithe margaíochta tuairisc mhionsonraithe a chur faoina bráid maidir leis an gcóras bainistithe rioscaí a bheartaíonn sé a thabhairt isteach don táirge íocshláinte lena mbaineann. Maidir le forchur oibleagáidí den sórt sin, tabharfar údar cuí ina leith, tabharfar fógra ina leith i scríbhinn, agus áireofar ann an t-amchlár le haghaidh an tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras bainistithe rioscaí a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta. 3. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht deis do shealbhóir an údaraithe margaíochta barúlacha i scríbhinn a chur faoina bráid mar fhreagairt ar fhorchur na hoibleagáide laistigh d’amchlár a shonróidh sé, má iarrann sealbhóir an údaraithe margaíochta amhlaidh laistigh de 30 lá tar éis dó an fógra i scríbhinn faoin oibleagáid a fháil. 4. Ar bhonn na mbarúlacha i scríbhinn a chuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta faoi bhráid na Gníomhaireachta, agus ar bhonn thuairim na Gníomhaireachta, déanfaidh an Coimisiún an oibleagáid a tharraingt siar nó a dhaingniú. I gcás ina ndaingneoidh an Coimisiún an oibleagáid, déanfar an t-údarú margaíochta a athrú dá réir sin le go n-áireofar na bearta atá le déanamh mar chuid den chóras bainistithe rioscaí mar choinníollacha a ghabhann leis an údarú margaíochta dá dtagraítear i bpointe (ca) d’Airteagal 9(4). Airteagal 22 Maidir le hoibleagáidí shealbhóirí údaraithe margaíochta mar atá leagtha síos in Airteagal 106a de Threoir 2001/83/CE, agus maidir le hoibleagáidí na mBallstát, na Gníomhaireachta agus an Choimisiúin mar atá leagtha síos i mír (2), i mír (3) agus i mír (4) den Airteagal sin, beidh feidhm acu maidir leis na fógairtí sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (e) Airteagal 57(1) den Rialachán sin agus a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, ar táirgí iad atá údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Airteagal 23 1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit, liosta táirgí íocshláinte atá faoi réir faireacháin breise a chur ar bun, a choimeád ar bun agus a phoibliú. Sa liosta sin, áireofar ainmneacha agus substaintí gníomhacha na dtáirgí seo a leanas:
2. Arna iarraidh sin don Choimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, féadfar táirgí íocshláinte atá údaraithe de bhun an Rialacháin seo, faoi réir coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (c), (ca), (cb) agus (cc) d’Airteagal 9(4), nó in Airteagail 10a, in Airteagal 14(7) agus (8) agus in Airteagal 21(2), a áireamh freisin ar an liosta. Arna iarraidh sin d’údarás náisiúnta inniúil, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, féadfar táirgí íocshláinte atá údaraithe de bhun Threoir 2001/83/CE, faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagail 21a, 22, 22a agus 104a den Treoir sin, a áireamh freisin ar an liosta. 3. Áireofar ar an liosta nasc leictreonach leis an bhfaisnéis faoin táirge agus leis an achoimre ar an bplean bainistithe rioscaí. 4. Bainfidh an Ghníomhaireacht táirge íocshláinte ón liosta cúig bliana tar éis dháta tagartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 107c (5) de Threoir 2001/83/CE. Féadfaidh an Coimisiún nó an t-údarás inniúil náisiúnta, áfach, de réir mar is iomchuí, tar éis moladh a fháil ón gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, an tréimhse sin a fhadú go dtí cibé tráth a chinnfidh siad go bhfuiltear tar éis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 14a agus in Airteagal 21(2) den Rialachán seo nó in Airteagal 22b agus in Airteagal 104a de Threoir 2001/83/CE a chomhlíonadh. 5. I gcás táirgí íocshláinte atá ar an liosta sin, beidh an ráiteas ‘Tá an táirge íocshláinte seo faoi réir faireacháin bhreise’ ar áireamh san achoimre ar shaintréithe an táirge agus ar an mbileog pacáiste. Roimh an ráiteas sin, beidh siombail dhubh ann a roghnóidh an Coimisiún tar éis moladh a fháil ón gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, faoin 2 Eanáir 2012, agus beidh abairt chaighdeánach iomchuí mhíniúcháin ann ina diaidh. Airteagal 24 1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, bunachar sonraí agus gréasán próiseála sonraí (‘bunachar sonraí Eudravigilance’ anseo feasta) a chur ar bun chun faisnéis chógas-aireachais a chomhthiomsú i leith táirgí íocshláinte atá údaraithe san Aontas agus chun go mbeidh rochtain ag údaráis inniúla ar an bhfaisnéis sin i gcomhthráth agus go mbeidh siad in ann í a pháirtiú. Áireofar i mbunachar sonraí Eudravigilance, faisnéis faoi fhrithghníomhartha díobhálacha amhrasta i ndaoine, ar frithghníomhartha iad a éiríonn as úsáid an táirge íocshláinte faoi théarmaí an údaraithe margaíochta agus freisin as úsáidí atá lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta, agus faisnéis faoi fhrithghníomhartha díobhálacha amhrasta a tharlaíonn le linn staidéar iar-údarúcháin ar an táirge íocshláinte nó a bhaineann le teacht faoi lé an táirge lena mbaineann le linn slí bheatha a shaothrú. 2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, na sonraíochtaí feidhmiúla, mar aon le hamchlár i gcomhair chur chun feidhme na sonraíochtaí sin, a tharraingt suas do bhunachar sonraí Eudravigilance. Ullmhóidh an Ghníomhaireacht tuarascáil bhliantúil ar bhunachar sonraí Eudravigilance agus cuirfidh sí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún í. Déanfar an chéad tuarascáil bhliantúil a ullmhú faoin 2 Eanáir 2013. Ar bhonn tuarascála iniúchóireachta neamhspleáiche ina gcuirfear san áireamh moladh an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, daingneoidh agus fógróidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta an tráth a mbeidh lánfheidhmiúlacht bainte amach ag bunachar sonraí Eudravigilance agus a mbeidh na sonraíochtaí feidhmiúla arna dtarraingt suas de bhun na chéad fhomhíre á gcomhlíonadh ag an gcóras. Cuirfear moltaí an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí san áireamh sula ndéanfar aon athrú substaintiúil ar bhunachar sonraí Eudravigilance agus ar na sonraíochtaí feidhmiúla. Beidh bunachar sonraí Eudravigilance inrochtana go hiomlán d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún. Beidh sé inrochtana freisin do shealbhóirí údaruithe margaíochta a mhéid is gá le go bhféadfaidh siad a gcuid oibleagáidí cógas-aireachais a chomhlíonadh. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh leibhéil iomchuí rochtana ar fáil do ghairmithe cúraim sláinte agus don phobal ar bhunachar sonraí Eudravigilance, agus cosaint sonraí pearsanta á ráthú ag an am céanna. Oibreoidh an Ghníomhaireacht in éineacht leis na geallsealbhóirí go léir, lena n-áirítear institiúidí taighde, gairmithe cúraim sláinte, agus eagraíochtaí na n-othar agus na dtomhaltóirí, chun ‘an leibhéal iomchuí rochtana’ do ghairmithe cúraim sláinte agus don phobal ar bhunachar sonraí Eudravigilance a shainmhíniú. Déanfar na sonraí a choimeádtar ar bhunachar sonraí Eudravigilance a chur ar fáil go poiblí i bhformáid chomhiomlánaithe agus beidh míniú ann ar conas na sonraí a léiriú. 3. Beidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar le sealbhóir an údaraithe margaíochta nó leis an mBallstát a chuir tuarascáil maidir le frithghníomh díobhálach amhrasta ar leith faoi bhráid bhunachar sonraí Eudravigilance, freagrach as nósanna imeachta a oibriú lena n-áiritheofar cáilíocht agus iomláine na faisnéise a bhailítear i mbunachar sonraí Eudravigilance. 4. Déanfar tuairiscí maidir le frithghníomhartha díobhálacha amhrasta ar leith agus aon tuairiscí leantacha a chuirfidh sealbhóirí údaruithe margaíochta faoi bhráid bhunachar sonraí Eudravigilance a tharchur go leictreonach, a luaithe a gheofar iad, chuig údarás inniúil an Bhallstáit inar tharla an frithghníomh. Airteagal 25 Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit, foirmeacha struchtúrtha caighdeánacha gréasán-bhunaithe a fhorbairt le gur féidir le gairmithe cúraim sláinte agus le hothair tuairisciú a dhéanamh ar fhrithghníomhartha díobhálacha amhrasta i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 107a de Threoir 2001/83/CE. Airteagal 25a Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta agus leis an gCoimisiún, taisclann a chur ar bun agus a choimeád ar bun i gcomhair tuairiscí tréimhsiúla sábháilteachta cothrom le dáta (‘an taisclann’ anseo feasta) agus i gcomhair na dtuarascálacha comhfhreagracha measúnaithe ionas go mbeidh rochtain iomlán, bhuan orthu ag an gCoimisiún, ag na húdaráis inniúla náisiúnta, ag an gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, ag an gCoiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine agus ag an ngrúpa comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2001/83/CE (‘an grúpa comhordúcháin’ anseo feasta). Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta agus leis an gCoimisiún, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, na sonraíochtaí feidhmiúla don taisclann a tharraingt suas. Ar bhonn tuarascála iniúchóireachta neamhspleáiche ina gcuirfear san áireamh moltaí an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, daingneoidh agus fógróidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta an tráth a mbeidh lánfheidhmiúlacht bainte amach ag an taisclann agus a mbeidh na sonraíochtaí feidhmiúla arna dtarraingt suas de bhun an dara mír á gcomhlíonadh aici. Cuirfear moltaí an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí san áireamh i gcónaí sula ndéanfar aon athrú substaintiúil ar an taisclann agus ar na sonraíochtaí feidhmiúla. Airteagal 26 1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, tairseach Gréasáin Eorpach um Leigheasra a chur ar bun agus a choimeád ar bun chun faisnéis a scaipeadh faoi tháirgí íocshláinte atá údaraithe san Aontas. Trí mheán na tairsí sin, poibleoidh an Ghníomhaireacht na nithe seo a leanas ar a laghad:
2. Sula seolfar an tairseach sin, agus le linn na n-athbhreithnithe a dhéanfar ina dhiaidh sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha (lena n-áirítear grúpaí na n-othar agus na dtomhaltóirí, gairmithe cúraim sláinte agus ionadaithe an tionscail). Airteagal 27 1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar litríocht roghnaithe leighis chun teacht ar thuairiscí i leith frithghníomhartha díobhálacha amhrasta in aghaidh táirgí íocshláinte a bhfuil substaintí gníomhacha áirithe iontu. Foilseoidh sí an liosta de shubstaintí gníomhacha a bhfuil faireachán á dhéanamh orthu agus liosta den litríocht a thagann faoi réim an fhaireacháin a dhéanann sí. 2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis ábhartha ón litríocht roghnaithe leighis sin a iontráil i mbunachar sonraí Eudravigilance. 3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara, treoir mhionsonraithe a tharraingt suas maidir le faireachán a dhéanamh ar litríocht leighis agus maidir le faisnéis ábhartha a iontráil i mbunachar sonraí Eudravigilance. Airteagal 28 1. Beidh feidhm ag oibleagáidí shealbhóirí údaraithe margaíochta agus ag oibleagáidí na mBallstát, mar atá leagtha síos in Airteagal 107 agus in Airteagal 107a de Threoir 2001/83/CE, maidir le taifeadadh agus tuairisciú frithghníomhartha díobhálacha amhrasta i gcás táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, ar táirgí iad atá údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. 2. Beidh feidhm ag oibleagáidí shealbhóirí údaraithe margaíochta, mar atá leagtha síos in Airteagal 107b de Threoir 2001/83/CE, agus ag na nósanna imeachta faoi Airteagal 107b agus faoi Airteagal 107c den Treoir sin, maidir le tuairiscí tréimhsiúla sábháilteachta cothrom le dáta a thíolacadh, maidir le dátaí tagartha Aontais a bhunú agus maidir le hathruithe ar a mhinice a thíolactar tuairiscí tréimhsiúla sábháilteachta cothrom le dáta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, ar táirgí iad atá údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maidir leis na forálacha is infheidhme ar thíolacadh tuairiscí tréimhsiúla sábháilteachta cothrom le dáta atá leagtha síos sa dara fomhír d’Airteagal 107c(2) den Treoir sin, beidh feidhm acu maidir le sealbhóirí údaruithe margaíochta a deonaíodh roimh an 2 Iúil 2012, agus nach bhfuil an mhinicíocht agus na dátaí i ndáil le tíolacadh tuairiscí tréimhsiúla sábháilteachta cothrom le dáta leagtha síos dóibh mar choinníoll a ghabhann leis an údarú margaíochta agus beidh an fheidhm sin acu go dtí cibé tráth a dhéanfar minicíocht eile nó dátaí eile i ndáil le tíolacadh na dtuairiscí a leagan síos san údarú margaíochta nó go dtí go gcinnfear na nithe sin i gcomhréir le hAirteagal 107c den Treoir sin. 3. Déanfaidh rapóirtéir arna cheapadh ag an gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí an measúnú ar na tuairiscí tréimhsiúla sábháilteachta cothrom le dáta a sheoladh. Comhoibreoidh an rapóirtéir go dlúth leis an rapóirtéir a cheapfaidh an Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine nó leis an mBallstát Tagartha do na táirgí íocshláinte lena mbaineann. Ullmhóidh an rapóirtéir tuarascáil an mheasúnaithe laistigh de 60 lá ón tuairisc thréimhsiúil sábháilteachta cothrom le dáta a fháil agus cuirfidh sé í chuig an nGníomhaireacht agus chuig comhaltaí an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil chuig sealbhóir an údaraithe margaíochta. Laistigh de 30 lá ó thuarascáil an mheasúnaithe a fháil, féadfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta agus comhaltaí an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí nótaí tráchta a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus faoi bhráid an rapóirtéara. Tar éis na nótaí tráchta dá dtagraítear sa tríú fomhír a fháil, déanfaidh an rapóirtéir tuarascáil an mheasúnaithe a thabhairt cothrom le dáta laistigh de 15 lá, agus aon nótaí tráchta a cuireadh faoina bhráid á gcur san áireamh, agus cuirfidh sé ar aghaidh í chuig an gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí. Glacfaidh an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí tuarascáil an mheasúnaithe, maille le hathruithe breise nó gan athruithe breise, ag a chéad chruinniú eile agus eiseoidh sé moladh. Déanfar na seasaimh éagsúla, mar aon leis na forais ar a bhfuil siad bunaithe, a lua sa mholadh. Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil an mheasúnaithe a glacadh agus an moladh isteach sa taisclann arna cur ar bun faoi Airteagal 25a, agus cuirfidh sí iad araon ar aghaidh chuig sealbhóir an údaraithe margaíochta. 4. Más rud é, maidir le tuarascáil an mheasúnaithe, go moltar aon ghníomh inti i leith an údaraithe margaíochta, déanfaidh an Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine, laistigh de 30 lá tar éis tuarascáil an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí a fháil, an tuarascáil a bhreithniú agus tuairim a ghlacadh i leith an t-údarú margaíochta lena mbaineann a choimeád ar bun, a athrú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear amchlár i gcomhair an tuairim a chur chun feidhme. I gcás ina mbeidh tuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine éagsúil le moladh an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, déanfaidh an Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine míniú mionsonraithe ar fhorais eolaíocha na ndifríochtaí, mar aon leis an moladh, a chur ag gabháil lena thuairim. I gcás ina luafar sa tuairim go bhfuil gá le gníomh rialála i leith an údaraithe margaíochta, glacfaidh an Coimisiún cinneadh go ndéanfar an t-údarú margaíochta a athrú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm. Beidh feidhm ag Airteagal 10 den Rialachán seo maidir le glacadh an chinnidh sin. I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún cinneadh den sórt sin, féadfaidh sé cinneadh a dhírítear chuig na Ballstáit de bhun Airteagal 127a de Threoir 2001/83/CE a ghlacadh freisin. 5. I gcás measúnaithe aonair ar thuairiscí tréimhsiúla sábháilteachta cothrom le dáta maidir le níos mó ná údarú margaíochta amháin i gcomhréir le hAirteagal 107e(1) de Threoir 2001/83/CE lena n-áirítear ar a laghad údarú margaíochta amháin a deonaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 107e agus in Airteagal 107g den Treoir sin. 6. Déanfar na moltaí, na tuairimí agus na cinntí deiridh dá dtagraítear i mír 3 go mír 5 den Airteagal seo a phoibliú trí mheán na tairsí gréasáin Eorpaí um leigheasra dá dtagraítear in Airteagal 26. Airteagal 28a 1. Maidir le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, ar táirgí iad atá údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit, na bearta seo a leanas:
2. Is é an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí a dhéanfaidh an anailís tosaigh ar chomharthaí maidir le rioscaí nua nó ar na rioscaí atá tar éis athrú nó ar na hathruithe ar an gcothromaíocht idir rioscaí agus tairbhí, agus a chuirfidh na nithe sin in ord tosaíochta. I gcás ina measfaidh sé go bhféadfadh gníomh leantach a bheith ag teastáil, déanfar an measúnú ar na comharthaí sin agus an comhaontú maidir le haon ghníomh ina dhiaidh sin i ndáil leis an údarú margaíochta a sheoladh de réir amscála a d’oirfeadh do mhéid agus do thromchúis na saincheiste. 3. Cuirfidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta, agus sealbhóir an údaraithe margaíochta, a chéile ar an eolas i gcás ina dtiocfaidh rioscaí nua nó rioscaí a bheidh tar éis athrú chun cinn nó i gcás ina mbraithfear aon athruithe ar an gcothromaíocht idir rioscaí agus tairbhí. Airteagal 28b 1. Maidir le staidéir shábháilteachta iar-údarúcháin neamh-idirghabhálacha a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine ar táirgí iad atá údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a chomhlíonann ceann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 10a den Rialachán seo, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 3 go mír 7 d’Airteagal 107m, in Airteagal 107n go hAirteagal 107p agus in Airteagal 107q (1) de Threoir 2001/83/CE. 2. I gcás ina ndéanfaidh an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, moltaí a eisiúint maidir le húdarú margaíochta a athrú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, glacfaidh an Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine tuairim, agus an moladh á chur san áireamh, agus glacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10. I gcás ina mbeidh tuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine éagsúil le moladh an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, déanfaidh an Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine míniú mionsonraithe ar fhorais eolaíocha na ndifríochtaí, mar aon leis an moladh, a chur i gceangal lena thuairim. Airteagal 28c 1. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le nithe a bhaineann le cógas-aireachas agus déanfaidh sí na bearta riachtanacha chun faisnéis oiriúnach agus leordhóthanach maidir leis na bearta a glacadh san Aontas agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chosaint na sláinte poiblí i dtríú tíortha a chur faoi bhráid na heagraíochta sin go pras. Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach tuairisc ar fhrithghníomh díobhálach amhrasta a tharlaíonn san Aontas a chur ar fáil go pras don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. 2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí faisnéis a fhaigheann siad faoi mhí-úsáid táirgí íocshláinte, lena n-áirítear faisnéis maidir le drugaí mídhleathacha, a mhalartú. Airteagal 28d Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le comhchuibhiú agus caighdeánú idirnáisiúnta beart teicniúil i ndáil le cógas-aireachas. Airteagal 28e Oibreoidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit i gcomhar le chéile chun forbairt leanúnach a dhéanamh ar chórais chógas-aireachais a bheidh in ann caighdeáin arda a bhaint amach i ndáil le cosaint na sláinte poiblí i gcás gach táirge íocshláinte, gan spleáchas do na bealaí údaraithe margaíochta, lena n-áirítear cur chuige comhoibritheach a úsáid chun an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil laistigh den Aontas. Airteagal 28f Déanfaidh an Ghníomhaireacht iniúchadh neamhspleách agus rialta ar a cuid cúraimí cógas-aireachais agus tabharfaidh sí tuairisc ar na torthaí dá Bord Bainistíochta gach dhá bhliain. Airteagal 29 Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chomhlíonadh cúraimí cógas-aireachais ag an nGníomhaireacht a phoibliú ar an 2 Eanáir 2014 ar a dhéanaí agus gach trí bliana ina dhiaidh sin.”. |
|
(12) |
Leasaítear Airteagal 56(1) mar a leanas:
|
|
(13) |
Leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:
|
|
(14) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 61a 1. Beidh an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
Nuair a bheidh comhaltaí as láthair, is iad na comhaltaí malartacha a bheidh mar ionadaithe orthu agus a vótálfaidh thar a gceann. Féadfar na comhaltaí malartacha dá dtagraítear i bpointe (a) a cheapadh chun gníomhú mar rapóirtéirí i gcomhréir le hAirteagal 62. 2. Féadfaidh Ballstát a chúraimí sa Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí a tharmligean chuig Ballstát eile. Ní fhéadfaidh Ballstát ionadaíocht a dhéanamh thar ceann níos mó ná Ballstát amháin eile. 3. Ceapfar comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí ar bhonn a gcuid saineolais ábhartha ar ábhair chógas-aireachais agus ar mheasúnú rioscaí i gcás táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, chun na leibhéil is airde saincháilíochtaí agus réimse leathan saineolais ábhartha a ráthú. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit idirchaidreamh leis an mBord Bainistíochta agus leis an gCoimisiún chun a áirithiú go gclúdóidh comhdhéanamh deiridh an Choiste na réimsí eolaíochta atá ábhartha dá chúraimí. 4. Ceapfar comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí ar feadh téarma trí bliana, agus féadfar an téarma sin a fhadú aon uair amháin agus a athnuachan ina dhiaidh sin de réir na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh an Coiste an Cathaoirleach a thoghadh as measc a chomhaltaí, ar feadh téarma trí bliana, agus féadfar an téarma sin a fhadú aon uair amháin. 5. Beidh feidhm ag míreanna 3, 4, 6, 7 agus 8 d’Airteagal 61 maidir leis an gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí. 6. Clúdóidh sainordú an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí gach gné de bhainistíocht rioscaí i leith úsáide táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le frithghníomhartha díobhálacha a bhrath, a mheasúnú, a íoslaghdú agus a chur in iúl, ag féachaint go cuí d’éifeacht theiripeach an táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, do dhearadh agus do mheastóireacht staidéar sábháilteachta iar-údarúcháin agus d’iniúchóireacht chógas-aireachais.”. |
|
(15) |
Leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
|
|
(16) |
Leasaítear Airteagal 64(2) mar a leanas:
|
|
(17) |
In Airteagal 66(g), cuirtear “Airteagal 68” in ionad “Airteagal 67”. |
|
(18) |
Leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:
|
|
(19) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 82(3): “3. Gan dochar do chineál uathúil Aontais inneachar na ndoiciméad dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 9(4) agus i bpointe (a) go pointe (e) d’Airteagal 34(4), ní thoirmiscfidh an Rialachán seo dhá dhearadh tráchtála nó níos mó a úsáid le haghaidh táirge íocshláinte ar leith lena úsáid ag an duine, ar táirge é atá cumhdaithe ag aon údarú margaíochta amháin.”. |
|
(20) |
In Airteagal 83(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara habairte: “Beidh feidhm ag Airteagal 28(1) agus (2) mutatis mutandis.”. |
|
(21) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: “Airteagal 87a Chun comhlíonadh na ngníomhaíochtaí cógas-aireachais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhchuibhiú, glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 108 de Threoir 2001/83/CE lena gcumhdaítear na réimsí seo a leanas:
Leis na bearta sin, cuirfear san áireamh an obair a rinneadh cheana maidir leis an gcomhchuibhiú idirnáisiúnta i réimse an chógas-aireachais agus déanfar na bearta sin a athbhreithniú más gá chun dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 87(2). Airteagal 87b 1. Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10b a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Eanáir 2011. Tráth nach déanaí ná 6 mhí sula rachaidh an tréimhse 5 bliana in éag, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir leis na cumhachtaí tarmligthe. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 87c. 2. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna. 3. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 87c agus in Airteagal 87d a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Airteagal 87c 1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10b a chúlghairm aon tráth. 2. Féachfaidh an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach lena gcinnfear an ndéanfar tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm le fógra a thabhairt ina leith sin don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula nglacfar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin. 3. Cuirfidh an cinneadh chun an tarmligean a chúlghairm deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh an cinneadh sin difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é. Airteagal 87d 1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a thugtar an fógra. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí. 2. Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann. Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh. 3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna leis an agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.”. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007:
“3. Áiritheoidh Stiúrthóir Feidhmeannach na Gníomhaireachta go ndéanfar comhordú iomchuí idir an Coiste um Ardteiripí agus Coistí eile na Gníomhaireachta, go háirithe an Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine, an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí, agus an Coiste um Tháirgí Íocshláinte Dílleachta, a gcuid meithleacha agus aon ghrúpaí comhairleacha eolaíocha eile.”.
Airteagal 3
Forálacha idirthréimhseacha
1. Maidir leis an oibleagáid atá ar shealbhóir an údaraithe margaíochta chun máistirchomhad chóras an chógas-aireachais i leith táirge íocshláinte amháin nó níos mó lena úsáid ag an duine a chothabháil agus é a chur ar fáil é arna iarraidh sin air, de réir mar a fhoráiltear i bpointe (b) d’Airteagal 104(3) de Threoir 2001/83/CE, arna leasú le Treoir 2010/84/AE, a bhfuil feidhm aici maidir le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 de bhua Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le húdaruithe margaíochta a deonaíodh roimh 2 Iúil 2012:
|
a) |
amhail ón dáta a ndéantar na húdaruithe margaíochta sin a athnuachan; nó |
|
b) |
amhail ó dheireadh tréimhse trí bliana dár tosach 2 Iúil 2012, |
cibé acu is luaithe.
2. Maidir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 107m go hAirteagal 107q de Threoir 2001/83/CE arna leasú le Treoir 2010/84/AE, a bhfuil feidhm acu de bhua Airteagal 28b de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le staidéir ar cuireadh tús leo tar éis 2 Iúil 2012.
3. Maidir le hoibleagáid na Gníomhaireachta faoin dara fomhír d’Airteagal 28c(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag an oibleagáid sin a luaithe a fhógróidh an Bord Bainistíochta go bhfuil Eudravigilance lánfheidhmiúil.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige amhail ón 2 Iúil 2012.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Nollaig 2010.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
O. CHASTEL
(1) IO C 306, 16.12.2009, lch. 22.
(2) IO C 79, 27.3.2010, lch. 50.
(3) IO C 229, 23.9.2009, lch. 19.
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 29 Samhain 2010.
(5) IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.
(6) IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.
(7) IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.
(8) IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.
(9) Féach leathanach 74 den Iris Oifigiúil seo.
(10) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.