15.12.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1092/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an chobhsaíocht airgeadais ina réamhchoinníoll nach mór a bheith ann chun go bhféadfaidh an fíorgheilleagar poist, creidmheas agus forás a sholáthar. Mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais, tá léiriú faighte ar easnaimh mhóra sa mhaoirseacht airgeadais, ar theip uirthi forbairtí dochracha ar an macraileibhéal a thuar agus carnadh rioscaí iomarcacha laistigh den chóras airgeadais a chosc.

(2)

D’éiligh Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile go neartófaí an chothromaíocht do na gníomhaithe go léir ar leibhéal an Aontais agus, ag an am céanna, thug sí chun suntais teipeanna suntasacha i dtaca le maoirseacht ag an Aontas ar na margaí airgeadais atá níos comhtháite ná mar a bhí riamh (i rúin de chuid na Parlaiminte, eadhon, rún an 13 Aibreán 2000 maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gcreat do mhargaí airgeadais a chur chun feidhme: Plean Gníomhaíochta (4), rún an 21 Samhain 2002 maidir le rialacha maoirseachta stuamachta san Aontas Eorpach (5), rún an 11 Iúil 2007 maidir leis an mbeartas seirbhísí airgeadais (2005-2010) - Páipéar Bán (6), rún an 23 Meán Fómhair 2008 maille le moltaí don Choimisiún ar chistí fálaithe agus ar chothromas príobháideach (7) agus rún an 9 Deireadh Fómhair 2008 maille le moltaí don Choimisiún ar bhearta leantacha Lamfalussy: an struchtúr maoirseachta amach anseo (8), agus ina cuid seasamh, an 22 Aibreán 2009, maidir leis an togra leasaithe le haghaidh treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin, (Sócmhainneacht II) (9) agus rún an 23 Aibreán 2009 maidir leis an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa (10)).

(3)

I Samhain 2008, shainordaigh an Coimisiún do Ghrúpa Ardleibhéil faoi chathaoirleacht Jacques de Larosière moltaí a dhéanamh maidir le conas socruithe maoirseachta Eorpacha a neartú d’fhonn cosaint níos fearr a thabhairt do na saoránaigh agus muinín a chothú arís sa chóras airgeadais.

(4)

Ina thuarascáil chríochnaitheach a tíolacadh an 25 Feabhra 2009 (Tuarascáil de Larosière), mhol an Grúpa Ardleibhéal, inter alia, go mbunófaí comhlacht ar leibhéal an Aontais ar comhlacht é a mbeadh sé de chúraim aige formhaoirseacht a dhéanamh ar rioscaí sa chóras airgeadais ina iomláine.

(5)

Ina Theachtaireacht an 4 Márta 2009 dar teideal “Driving European Recovery”, d’fháiltigh an Coimisiún roimh mholtaí Thuarascáil de Larosière agus thacaigh siad ar an iomlán leo. Ag an gcruinniú a bhí aici an 19 agus an 20 Márta 2009, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach gur ghá rialáil agus maoirseacht institiúidí airgeadais laistigh den Aontas a fheabhsú agus go n-úsáidfidís Tuarascáil de Larosière mar bhonn don ghníomhaíocht sin.

(6)

Ina Theachtaireacht an 27 Bealtaine 2009 dar teideal “European Financial Supervision”, mhol an Coimisiún sraith athchóirithe ar na socruithe reatha chun cobhsaíocht airgeadais ar leibhéal an Aontais a choimirciú, lena n-áirítear, go háirithe, Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) a chruthú, ar bord é a bheadh freagrach as formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal. Thacaigh an Chomhairle, an 9 Meitheamh 2009, agus an Chomhairle Eorpach, ag an gcruinniú a bhí aici an 18 agus an 19 Meitheamh 2009, le moltaí an Choimisiúin agus d’fháiltigh siad roimh a rún tograí reachtacha a chur ar aghaidh ionas go gcuirfí an creat nua i bhfeidhm i rith na bliana 2010. I gcomhréir le dearcadh an Choimisiúin, tháinig an Chomhairle ar an tátal, inter alia, gur cheart don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) “tacaíocht anailíseach, staidrimh, riaracháin agus loighistiúil a thabhairt don BERS, agus leas á bhaint freisin as comhairle theicniúil ó bhainc cheannais náisiúnta agus ó mhaoirseoirí náisiúnta”. Ba cheart go mbeadh an tacaíocht a sholáthraíonn an BCE don BERS, chomh maith leis na cúraimí a shanntar don BERS, gan dochar do phrionsabal neamhspleáchas an BCE le linn dó a chuid cúraimí a chomhlíonadh de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(7)

I bhfianaise chomhtháthú na margaí airgeadais idirnáisiúnta agus an riosca go bhféadfadh géarchéimeanna a bheith tógálach, tá gá le tiomantas láidir ó thaobh an Aontais de ar an leibhéal domhanda. Ba cheart don BERS leas a bhaint as oilteacht coiste eolaíoch ardleibhéil agus na freagrachtaí domhanda go léir a ghlacadh chuige féin de réir mar is gá lena áirithiú go mbeidh guth an Aontais ar shaincheisteanna a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais le cloisteáil, go háirithe trí dhlúthchomhar leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF) agus leis an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB), a bhfuiltear ag súil ina leith go solathróidh siad rabhaidh go luath maidir le rioscaí stuamachta ar an macraileibhéal, agus le comhpháirtithe uile Ghrúpa an Fhichead (G-20).

(8)

Ba cheart go rannchuideodh an BERS, inter alia, le cur chun feidhme na moltaí ón IMF, ón FSB agus ón mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS) don G-20.

(9)

Luaitear freisin i dtuarascáil an 28 Deireadh Fómhair 2009 ón IMF, ón BIS agus ón FSB, a tíolacadh d’Airí Airgeadais an G-20 agus do Ghobharnóirí na mBanc Ceannais, agus dar teideal “Treoir chun Tábhacht Shistéamach na nInstitiúidí na Margaí agus na nIonstraimí Airgeadais a Mheasúnú: Smaointe Tosaigh”, gur dócha go n-athróidh an measúnú ar riosca sistéamach i gcomhréir leis an timpeallacht eacnamaíochta atá ann aon tráth áirithe. Beidh sé ag brath freisin ar an mbonneagar airgeadais agus ar na socruithe bainistithe géarchéime, agus, chomh maith leis sin, ar an acmhainneacht chun déileáil le teipeanna nuair a tharlaíonn siad. D’fhéadfadh na hinstitiúidí airgeadais a bheith tábhachtach go sistéamach do na córais airgeadais agus do na geilleagair ar leibhéal áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta. Is iad na critéir thábhachtacha ar dá réir a fhaightear cabhair maidir le tábhacht shistéamach na margaí agus na n-institiúidí a shainaithint, ná méid (toirt na seirbhísí airgeadais arna soláthar ag an gcomhchuid aonair den chóras airgeadais), inionadaitheacht (a mhéad atá na comhchodanna eile den chóras in ann na seirbhísí céanna a sholáthar i gcás ina dtarlaíonn cliseadh) agus idircheangailteacht (naisc leis na comhchodanna eile den chóras). Ba cheart go ndéanfaí aon mheasúnú atá bunaithe ar na trí chritéar sin a fhorlíonadh le tagairt do leochaileachtaí airgeadais agus d’acmhainneacht an chreata institiúidigh chun déileáil le teipeanna airgeadais agus ba cheart go ndéanfaí raon leathan gnéithe breise a bhreithniú sa mheasúnú amhail, inter alia, castacht struchtúr sonrach agus samhlacha gnó, méid na huathrialach airgeadais, déine agus scóip na maoirseachta, trédhearcacht na socruithe airgeadais agus naisc a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do riosca foriomlán na n-institiúidí.

(10)

Ba cheart go mbeadh sé de chúram ar an mBERS faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an riosca sistéamach faoi ghnáthdhálaí chun maolú a dhéanamh ar an méid atá an córas faoi lé an riosca go dtarlóidh teip sna comhchodanna sistéamacha agus chun feabhas a chur ar chumas an chórais airgeadais déileáil le turraingí. Ina leith sin, ba cheart don BERS rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus maidir leis na tionchair dhiúltacha ar an margadh inmheánach agus ar an bhfíorgheilleagar a mhaolú. Chun a chuspóirí a bhaint amach, ba cheart don BERS anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis ábhartha go léir.

(11)

Leagann socruithe reatha an Aontais béim róbheag ar fhormhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal agus ar idirnaisc idir forbairtí sa timpeallacht leathan mhaicreacnamaíoch agus sa chóras airgeadais. Maidir leis an bhfreagracht as anailís stuamachta ar an macraileibhéal, is freagracht ilroinnte í fós, agus seolann údaráis éagsúla ar leibhéil éagsúla í gan aon sásra chun a áirithiú go sainaithnítear rioscaí stuamachta ar an marcraileibhéal go leordhóthanach agus go n-eisítear rabhaidh agus moltaí go soiléir agus go leantar iad, agus go gcuirtear i ngníomh iad. D’fhonn go bhfeidhmeodh córas airgeadais an Aontais agus na córais airgeadais dhomhanda mar is cuí agus d’fhonn go maolófaí na bagairtí ar na córais sin, is gá comhsheasmhacht fheabhsaithe idir maoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal agus maoirseacht stuamachta ar an micrileibhéal.

(12)

Is gá ceannaireacht inchreidte agus ceannaireacht ardphróifíle le haghaidh córais nuacheaptha formhaoirseachta stuamachta ar an macraileibhéal. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise an róil thábhachtaigh atá aige agus na hinchreidteachta idirnáisiúnta agus inmheánaí atá aige, agus de réir mheon mholtaí Thuarascáil de Larosière, ba cheart gurb é Uachtarán an BCE a bheadh ina Chathaoirleach ar an BERS do chéad téarma cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. De bhreis air sin, ba cheart na ceanglais chuntasachta a mhéadú agus ba cheart go mbeadh comhlachtaí BERS in ann leas a bhaint as raon leathan taithí, cúlra agus tuairimí.

(13)

Luaitear i dTuarascáil de Larosière freisin nach bhfuil aon chiall le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal mura rud é go mbeidh tionchar ar bhealach éigin aici ar mhaoirseacht ar an micrileibhéal agus nach féidir le maoirseacht stuamachta ar an micrileibhéal coimirciú éifeachtach a thabhairt don chobhsaíocht airgeadais gan aird dhóthanach a thabhairt ar na forbairtí ar an macraileibhéal.

(14)

Ba cheart Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA) a bhunú, trí na gníomhaithe sa mhaoirseacht airgeadais ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon a thabhairt le chéile chun gníomhú mar ghréasán. De bhun phrionsabal an chomhair dhílis, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ba cheart go rachadh na páirtithe sa CEMA i gcomhar lena chéile go hiontaobhach agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, chun a áirithiú, go háirithe, go bhfuil sreabh faisnéise iomchuí agus iontaofa ann eatarthu. Ar leibhéal an Aontais, ba cheart go mbeadh an gréasán comhdhéanta den BERS agus de thrí údarás maoirseachta ar an micrileibhéal: an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), (dá ngairtear “ÚMEanna” le chéile anseo feasta).

(15)

Tá gá ag an Aontas le comhlacht sonrach a bheidh freagrach as formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ar fud a chórais airgeadais, ar comhlacht é a shainaithneodh rioscaí do chobhsaíocht airgeadais agus, i gcás inar gá, a d’eiseodh rabhaidh faoi rioscaí agus moltaí le haghaidh gníomhaíochta chun déileáil leis na rioscaí sin. Dá dhroim sin, ba cheart an BERS a bhunú mar chomhlacht nua neamhspleách lena gcumhdófaí gach earnáil airgeadais chomh maith le scéimeanna ráthaíochta. Ba cheart go mbeadh an BERS freagrach as formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ba cheart nach mbeadh aon phearsantacht dhlítheanach aige.

(16)

Ba cheart go mbeadh an BERS comhdhéanta de Bhord Ginearálta, de Choiste Stiúrtha, de Rúnaíocht, de Choiste Comhairleach Eolaíoch agus de Choiste Comhairleach Teicniúil. Maidir le ceapadh an Choiste Chomhairligh Eolaíoch, ba cheart go gcuirfí san áireamh rialacha dóthanacha coimhlinte leasanna, arna nglacadh ag an mBord Ginearálta. Le linn an Coiste Comhairleach Teicniúil a bhunú, ba cheart go gcuirfí na struchtúir atá ann cheana féin san áireamh d’fhonn aon dúbailt a sheachaint..

(17)

Ba cheart don BERS rabhaidh a eisiúint agus, i gcás ina measfaidh sé go bhfuil gá leis, moltaí de chineál ginearálta nó de chineál sonrach a eisiúint, ar moltaí iad a bheidh dírithe go háirithe chuig an Aontas ina iomláine nó chuig Ballstát amháin nó níos mó, nó chuig ceann amháin nó níos mó de na ÚMEanna, nó chuig údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó agus ba cheart go mbeadh amlíne shonraithe ag gabháil leo maidir leis an bhfreagairt ábhartha bheartais.

(18)

Ba cheart don BERS dathchód a fhorbairt chun gur fearr a bheadh sé ar chumas na bpáirtithe leasmhara an cineál riosca a mheasúnú.

(19)

D’fhonn a dtionchar agus a ndlisteanacht a mhéadú, ba cheart na rabhaidh agus na moltaí sin a tharchur freisin, faoi réir rialacha dochta rúndachta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus, i gcás iad a bheith dírithe chuig údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó, chuig na ÚMEanna, i gcomhréir leis na rialacha rúndachta is doichte. Ba cheart go n-ullmhódh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA) plé na Comhairle i gcomhréir leis an ról atá aige agus de réir mar a shainmhínítear é sa CFAE. D’fhonn plé na Comhairle a ullmhú agus d’fhonn comhairle thráthúil bheartais a sholáthar don Chomhairle, ba cheart go gcuirfeadh an BERS an CEA ar an eolas go tráthrialta faoi na rabhaidh agus faoi na moltaí agus ba cheart go seolfadh sé téacsanna aon rabhadh agus aon mholtaí a luaithe a ghlacfar iad.

(20)

Ar bhonn tuarascálacha ó na seolaithe, ba cheart don BERS faireachán a dhéanamh freisin ar chomhlíonadh a rabhadh agus a mholtaí chun a áirithiú go ndéantar de réir a rabhadh agus a mholtaí go héifeachtach. Ba cheart do na seolaithe ar díríodh moltaí chucu gníomhú dá réir agus ba cheart dóibh cosaint leordhóthanach a thabhairt i gcás nach ndéantar aon ghníomh (an sásra “gníomhaigh nó mínigh”). Má mheasann an BERS nach bhfuil an fhreagairt leordhóthanach, ba cheart dó, faoi réir rialacha diana ar rúndacht, an méid sin a chur in iúl do na seolaithe, don Chomhairle agus, i gcás inarb iomchuí, don Údarás Maoirseachta Eorpach lena mbaineann.

(21)

De réir gach cáis ar leith, agus tar éis an Chomhairle a chur ar an eolas sách luath roimh ré le go bhféadfaidh sí freagairt, ba cheart don BERS cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar cheart moladh a choimeád faoi rún nó a phoibliú, á chur san áireamh go bhféadfadh sé, in imthosca áirithe, go mbeadh nochtadh poiblí ina chabhair maidir le comhlíonadh na moltaí a chothú.

(22)

Más rud é go mbraitheann an BERS riosca a d’fhéadfadh feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht chóras iomlán airgeadais an Aontais, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i gcontúirt, ba cheart dó an Chomhairle a chur ar an eolas faoin staid sin go pras. Má chinneann an BERS go bhféadfadh staid éigeandála teacht chun cinn, ba cheart dó teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle agus measúnú ar an staid sin a thabhairt di. Ba cheart go ndéanfadh an Chomhairle measúnú ansin i dtaobh an bhfuil gá le cinneadh a ghlacadh a bheidh dírithe chuig na ÚMEanna agus lena gcinnfear go bhfuil staid éigeandála ann. I rith an phróisis sin, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí cosaint chuí don rúndacht.

(23)

Ba cheart don BERS tuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás cruacháis fhorleathain airgeadais. I gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann a iarraidh ar an mBERS saincheisteanna sonracha a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais a scrúdú.

(24)

Ba cheart go mbeadh ról ceannasach ag an BCE agus ag na bainc cheannais náisiúnta i dtaca le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal mar gheall ar a saineolas agus ar na freagrachtaí atá orthu cheana i réimse na cobhsaíochta airgeadais. Ba cheart go mbeadh maoirseoirí náisiúnta rannpháirteach trína saineolas sonrach a sholáthar. Tá sé riachtanach go mbeadh maoirseoirí stuamachta ar an micrileibhéal rannpháirteach in obair an BERS chun a áirithiú go mbeidh an measúnú ar riosca stuamachta ar an macraileibhéal bunaithe ar fhaisnéis iomlán chruinn faoi fhorbairtí sa chóras airgeadais. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh cathaoirligh na ÚMEanna ina gcomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Ba cheart go mbeadh ionadaí amháin ó údaráis inniúla maoirseachta náisiúnta gach Ballstáit i láthair ag cruinnithe an Bhoird Ghinearálta ach gan cearta vótála acu. De mheon na hoscailteachta, ba cheart go mbeadh cúig dhuine dhéag neamhspleácha ann chun saineolas seachtrach a sholáthar don BERS tríd an gCoiste Comhairleach Eolaíoch.

(25)

Cuideoidh rannpháirtíocht Chomhalta den Choimisiún sa BERS le nasc a bhunú le faireachas maicreacnamaíoch agus airgeadais an Aontais, agus, trí Uachtarán an CEA a bheith i láthair, léireofar ról aireachtaí na mBallstát atá freagrach as airgeadas agus ról na Comhairle i dtaca le cobhsaíocht airgeadais a choimirciú agus formhaoirseacht eacnamaíoch agus airgeadais a dhéanamh.

(26)

Tá sé riachtanach go gcomhlíonfadh comhaltaí an BERS a ndualgais go neamhchlaonta agus nach ndéanfaidís ach cobhsaíocht airgeadais an Aontais ina iomláine a bhreithniú. I gcás nach féidir teacht ar chomhthoil, níor cheart go mbeadh an vótáil ar rabhaidh agus ar mholtaí laistigh den BERS ualaithe agus ba cheart, de ghnáth, gur trí thromlach simplí a dhéanfaí cinntí.

(27)

Tá sé intuigthe, mar gheall ar idircheangailteacht institiúidí agus margaí airgeadais, go mbeadh faireachán agus measúnú rioscaí sistéamacha ionchasacha bunaithe ar shraith leathan sonraí agus táscairí ábhartha maicreacnamaíocha agus miocrairgeadais. Áirítear ar na rioscaí sistéamacha sin, rioscaí go dtarlódh suaitheadh sna seirbhísí airgeadais de bharr lagaithe shuntasaigh ar chóras airgeadais an Aontais ina iomláine, nó ar chodanna den chóras sin, ar rioscaí iad a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith acu don mhargadh inmheánch agus don fhíorgheilleagar. Is maith a d’fhéadfadh aon chineál institiúide airgeadais agus idirghabhálaí airgeadais, agus aon chineál margaidh, bonneagair agus ionstraime a bheith suntasach go sistéamach. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh rochtain ag an BERS ar an bhfaisnéis go léir is gá chun go bhféadfaidh sé a dhualgais a chomhlíonadh agus, ag an am céanna, rúndacht na faisnéise sin a chaomhnú de réir mar is gá.

(28)

Maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo chun faisnéis a bhailiú, tá gá leo chun cúraimí an BERS a chomhlíonadh agus ba cheart go mbeidís gan dochar do chreat dlíthiúil an Chórais Eorpaigh Staidrimh i réimse an staidrimh. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach (14) ná do Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le bailiú faisnéise staidrimh ag an mBanc Ceannais Eorpach (15).

(29)

Is féidir le rannpháirtithe sa mhargadh ionchur luachmhar a sholáthar maidir leis an tuiscint atá ann ar na héabhlóidí a dhéanann difear don chóras airgeadais. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don BERS, dá bhrí sin, dul i gcomhairle le geallsealbhóirí san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear ionadaithe na hearnála airgeadais, comhlachais tomhaltóirí, grúpaí úsáideoirí i réimse na seirbhísí airgeadais arna mbunú ag an gCoimisiún nó le reachtaíocht an Aontais, agus deis chothrom a thabhairt dóibh a mbarúlacha a sholáthar.

(30)

Ba cheart, le bunú an BERS, go rannchuideofaí ar bhealach díreach le cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach. Is cuid dhílis de na socruithe maoirseachta nua foriomlána san Aontas í formhaoirseacht stuamachta an Aontais ar an macraileibhéal ar an gcóras airgeadais ós rud é go bhfuil dlúthnasc ann idir gné na stuamachta ar an macraileibhéal agus na cúraimí maoirseachta stuamachta ar an micrileibhéal a shanntar do na hÚEManna. Ní féidir leis na geallsealbhóirí a bheith sách muiníneach maidir le dul i mbun gníomhaíochtaí airgeadais trasteorann ach amháin i gcás socruithe a bheith ann lena dtugtar aitheantas cuí don idirspleáchas idir rioscaí stuamachta ar an micrileibhéal agus rioscaí stuamachta ar an macraileibhéal. Ba cheart go ndéanfadh an BERS faireachán agus measúnú ar rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a éiríonn as forbairtí ar féidir leo tionchar a bheith acu ar leibhéal earnála nó ar leibhéal an chórais airgeadais ina iomláine. Trí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, ba cheart go rannchuideodh an BERS go díreach le struchtúr maoirseachta chomhtháite Aontais atá riachtanach chun freagairtí beartais a bheadh tráthúil agus comhsheasmhach a chur chun cinn i measc na mBallstát agus, ar an mbealach sin, chuirfí cosc le héagsúlacht sa chur chuige agus chuirfí feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(31)

Ina breithiúnas dar dáta an 2 Bealtaine 2006, i gCás C-217/04 (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann v. Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh), chinn an Chúirt Bhreithiúnais “nach intuigthe as aon ní i bhfoclaíocht Airteagal 95 CE [Airteagal 114 CFAE anois] gurb iad na Ballstáit aonair, agus iad sin amháin, seolaithe na mbeart arna nglacadh ag reachtas an Chomhphobail ar bhonn na forála sin. Féadfaidh an reachtas a mheas gur gá foráil a dhéanamh maidir le comhlacht Comhphobail a bhunú a bheidh freagrach as rannchuidiú le cur chun feidhme próisis comhchuibhiúcháin i gcásanna ina dealraitheach gurb iomchuí bearta neamhcheangailteacha tacaíochta agus creata a ghlacadh chun cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na ngníomhartha atá bunaithe ar an bhforáil sin a éascú” (16). Ba cheart don BERS rannchuidiú leis an gcobhsaíocht airgeadais atá riachtanach chun tuilleadh comhtháthaithe airgeadais a bhaint amach sa mhargadh inmheánach trí fhaireachán a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha agus trí rabhaidh agus moltaí a eisiúint i gcás inarb iomchuí sin. Tá dlúthbhaint idir na cúraimí sin agus cuspóirí reachtaíocht an Aontais maidir leis an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais. Ba cheart, dá bhrí sin, an BERS a bhunú ar bhonn Airteagal 114 CFAE.

(32)

Mar a mholtar i dTuarascáil de Larosière, tá cur chuige céim ar chéim ag teastáil agus ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an CEMA, ar an BERS agus ar na ÚMEanna faoin 17 Nollaig 2013.

(33)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon formhaoirseacht éifeachtacht stuamachta ar an macraileibhéal ar chóras airgeadais an Aontais, a bhaint amach go leordhóthanach mar gheall ar chomhtháthú na margaí airgeadais Eorpacha, agus gur fearr dá bhrí sin é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Bunú

1.   Bunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS). Is in Frankfurt am Main a bheidh a shuíomh.

2.   Beidh an BERS ina chuid den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA), arb é an cuspóir atá leis an gcóras sin ná maoirseacht ar chóras airgeadais an Aontais a áirithiú.

3.   Beidh an CEMA comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

an BERS;

(b)

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

(c)

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(d)

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(e)

Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (Comhchoiste) dá bhforáiltear le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(f)

na húdaráis inniúla nó maoirseachta sna Ballstáit mar a shonraítear i ngníomhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   De bhun phrionsabal an chomhair dhílis i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, rachaidh páirtithe sa CEMA i gcomhar lena chéile go hiontaobhach agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, chun a áirithiú, go háirithe, go bhfuil sreabh faisnéise iomchuí agus iontaofa ann eatarthu.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “institiúid airgeadais” aon ghnóthas a thagann faoi réim raon feidhme na reachataíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, mar aon le haon ghnóthas nó eintiteas eile san Aontas ar de chineál comhchosúil a phríomhghnó;

(b)

ciallaíonn “córas airgeadais” na hinstitiúidí airgeadais go léir, na margaí airgeadais go léir, na táirgí airgeadais go léir agus na bonneagair mhargaidh airgeadais go léir;

(c)

ciallaíonn “riosca sistéamach” riosca go mbeidh suaitheadh ann sa chóras airgeadais ar suaitheadh é a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige don mhargadh inmheánach agus don fhíorgheilleagar. Is maith a d’fhéadfadh, go pointe áirithe, gach cineál idirghabhálaí airgeadais, margaidh airgeadais agus bonneagair airgeadais a bheith suntasach go sistéamach.

Airteagal 3

Misean, cuspóirí agus cúraimí

1.   Beidh an BERS freagrach as formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar an gcóras airgeadais laistigh den Aontas chun rannchuidiú le rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais san Aontas a éiríonn as forbairtí laistigh den chóras airgeadais a chosc nó a mhaolú, agus forbairtí maicreacnamaíocha á gcur san áireamh ionas go ndéanfar tréimhsí ina dtarlaíonn cruachás forleathan airgeadais a sheachaint. Rannchuideoidh sé le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus, ar an mbealach sin, áiritheoidh sé rannchuidiú inbhuanaithe ón earnáil airgeadais i leith an fhoráis eacnamaíoch.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh an BERS na cúraimí seo a leanas a chomhall:

(a)

chun na cuspóirí a thuairiscítear i mír 1 a bhaint amach, an fhaisnéis go léir atá ábhartha agus riachtanach a chinneadh agus/nó a bhailiú agus a anailísiú;

(b)

rioscaí sistéamacha a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta;

(c)

rabhaidh a eisiúint i gcás ina measfar rioscaí sistéamacha den sórt sin a bheith suntasach agus, i gcás inarb iomchuí, na rabhaidh sin a phoibliú;

(d)

moltaí le haghaidh gníomhaíochta feabhais a eisiúint mar fhreagairt ar na rioscaí a shainaithnítear agus, i gcás inarb iomchuí, na moltaí sin a phoibliú;

(e)

nuair a chinneann an BERS go bhféadfadh staid éigeandála teacht chun cinn de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, moladh rúnda, agus é dírithe chuig an gComhairle, a eisiúnt agus measúnú a sholáthar don Chomhairle ar an staid, ionas go gcuirfear ar chumas na Comhairle measúnú a dhéanamh i dtaobh an gá cinneadh arna dhíriú chuig na ÚMEanna a ghlacadh, lena gcinnfear go bhfuil staid éigeandála ann;

(f)

faireachán a dhéanamh ar bhearta a dhéantar mar thoradh ar rabhaidh agus ar mholtaí;

(g)

comhoibriú go dlúth leis na páirtithe go léir eile sa CEMA; nuair is iomchuí, an fhaisnéis faoi rioscaí sistéamacha a sholáthar do na ÚMEanna arb í an fhaisnéis í is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh; agus, go háirithe, i gcomhar leis na ÚMEanna, sraith chomhchoiteann de tháscairí cainníochtúla agus de tháscairí cáilíochtúla (clár rioscaí) a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas;

(h)

páirt a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, sa Chomhchoiste;

(i)

a ghníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí eagraíochtaí airgeadais idirnáisiúnta, go háirithe leis an CAI agus leis an BCA, chomh maith le comhlachtaí ábhartha i dtríú tíortha i dtaca le nithe a bhaineann le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal;

(j)

cúraimí gaolmhara eile a chomhlíonadh de réir mar a shonraítear i reachtaíocht an Aontais.

CAIBIDIL II

EAGRÚCHÁN

Airteagal 4

Struchtúr

1.   Beidh Bord Ginearálta, Coiste Stiúrtha, Rúnaíocht, Coiste Comhairleach Eolaíoch agus Coiste Comhairleach Teicniúil ag an BERS.

2.   Déanfaidh an Bord Ginearálta na cinntí is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na cúraimí a chuirfear ar an BERS de bhun Airteagal 3(2).

3.   Tabharfaidh an Coiste Stiúrtha cúnamh maidir le próiseas cinnteoireachta an BERS trí chruinnithe an Bhoird Ghinearálta a ullmhú, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na doiciméid a bheidh le plé agus trí fhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn obair leanúnach an BERS.

4.   Beidh an Rúnaíocht freagrach as gnó an BERS ó lá go lá. Tabharfaidh sí tacaíocht ard-cháilíochta anailíseach, staidrimh, riaracháin agus loighistiúil don BERS faoi stiúir an Chathaoirligh agus an Choiste Stiúrtha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle (17). Bainfidh sí leas freisin as comhairle theicniúil ó na ÚMEanna, ó na bainc cheannais náisiúnta agus ó na maoirseoirí náisiúnta.

5.   Tabharfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch agus an Coiste Comhairleach Teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13 comhairle agus cúnamh maidir le saincheisteanna is ábhartha d’obair an BERS.

Airteagal 5

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh an BERS

1.   Is é Uachtarán an BCE a bheidh mar chathaoirleach ar an BERS ar feadh téarma cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir leis na téarmaí ina dhiaidh sin, déanfar Cathaoirleach an BERS a ainmniú i gcomhréir leis na modúlachtaí a chinnfear ar bhonn an athbhreithnithe dá bhforáiltear in Airteagal 20.

2.   Déanfaidh comhaltaí Chomhairle Ghinearálta an BCE an chéad Leas-Chathaoirleach a thoghadh as measc a gcomhaltaí féin ar feadh téarma cúig bliana, ag féachaint don ghá le hionadaíocht chothromúil ó na Ballstáit san iomlán agus idir na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus iad siúd nach bhfuil an euro mar airgeadra acu. Féadfar an chéad Leas-Chathaoirleach a atoghadh uair amháin.

3.   Is é a bheidh sa dara Leas-Chathaoirleach ná Cathaoirleach an Chomhchoiste, arna cheapadh de bhun Airteagal 55(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Cuirfidh an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh in iúl do Pharlaimint na hEorpa, le linn éisteachta poiblí, conas a bheartaíonn siad a gcuid dualgas a chomhall faoin Rialachán seo.

5.   Beidh an Cathaoirleach i gceannas ag cruinnithe an Bhoird Ghinearálta agus an Choiste Stiúrtha.

6.   Beidh na Leas-Chathaoirligh, in ord tosaíochta, i gceannas ag cruinnithe an Bhoird Ghinearálta agus/nó an Choiste Stiúrtha nuair nach bhfuil an Cathaoirleach in ann páirt a ghlacadh iontu.

7.   Má chríochnaíonn téarma oifige comhalta de Bhord Ginearálta an BCE a toghadh mar Chéad Leas-Chathaoirleach roimh dheireadh an téarma cúig bliana, nó más rud é, ar aon chúis, nach féidir leis an gCéad Leas-Chathaoirleach a dhualgais a chomhall, toghfar Chéad Leas-Chathaoirleach nua i gcomhréir le mír 2.

8.   Déanfaidh an Cathaoirleach ionadaíocht sheachtrach ar an BERS.

Airteagal 6

An Bord Ginearálta

1.   Beidh siad seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Ginearálta agus beidh cearta vótála acu:

(a)

Uachtarán agus Leas-Uachtarán an BCE;

(b)

Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta;

(c)

Comhalta den Choimisiún;

(d)

Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach);

(e)

Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);

(f)

Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);

(g)

Cathaoirleach agus beirt Leas-Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíoch;

(h)

Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil.

2.   Beidh siad seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Ginearálta gan cearta vótála acu:

(a)

ionadaí ardleibhéil amháin in aghaidh gach Ballstáit ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla, i gcomhréir le mír 3;

(b)

Uachtarán an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA).

3.   I dtaca le hionadaíocht na n-údarás maoirseachta náisiúnta faoi phointe (a) de mhír 2, déanfaidh ionadaithe ardleibhéil faoi seach gach Ballstáit uainíocht ag brath ar an ítim a bheidh á plé, mura rud é go mbeidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ó Bhallstát áirithe tar éis comhaontú ar ionadaí comhchoiteann.

4.   Bunóidh an Bord Ginearálta na rialacha nós imeachta le haghaidh an BERS.

Airteagal 7

Neamhchlaontacht

1.   Nuair a bheidh páirt á glacadh acu i ngníomhaíochtaí an Bhoird Ghinearálta agus an Choiste Stiúrtha, nó nuair a bheidh siad i mbun aon ghníomhaíochta eile a bhaineann leis an BERS á seoladh acu, comhlíonfaidh comhaltaí an BERS siad a ndualgais go neamhchlaonta agus d’aon toisc ar mhaithe le leas an Aontais ina iomláine. Ní dhéanfaidh siad treoracha a lorg ná a ghlacadh ó na Ballstáit, ó institiúidí an Aontais ná ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile.

2.   Ní bheidh feidhm sa tionscal airgeadais ag aon chomhalta den Bhord Ginearálta (cibé acu atá, nó nach bhfuil, cearta vótála aige).

3.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an BERS le linn dóibh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 3(2) a chomhlíonadh.

Airteagal 8

Sicréideacht ghairmiúil

1.   Ní dhéanfaidh aon chomhaltaí den Bhord Ginearálta ná duine ar bith eile a oibríonn nó a d’oibrigh don BERS nó a dhéanann nó a rinne obair a bhaineann leis an BERS (lena n-áirítear foireann ábhartha na mbanc ceannais, an Choiste Chomhairligh Eolaíoch, an Choiste Chomhairligh Theicniúil, na ÚMEanna agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla na mBallstát) faisnéis atá faoi réir na sicréideachta gairmiúla a nochtadh, fiú amháin tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

2.   Ní fhéadfar faisnéis a gheobhaidh comhaltaí den BERS a úsáid ach amháin i gcúrsa a ndualgas agus le linn na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 3(2) a chomhlíonadh.

3.   Gan dochar d’Airteagal 16 agus do chur i bhfeidhm an dlí choiriúil, ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine dá dtagraítear i mír 1 le linn a ndualgais a chomhlíonadh a nochtadh d’aon duine nó d’aon údarás, ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán de chineál a fhágann nach féidir institiúidí airgeadais aonair a aithint.

4.   Déanfaidh an BERS, in éineacht leis na ÚMEanna, nósanna imeachta sonracha rúndachta a chomhaontú agus a bhunú chun coimirciú a dhéanamh ar fhaisnéis faoi institiúidí airgeadais aonair agus ar fhaisnéis inar féidir institiúidí airgeadais aonair a aithint, agus bunóidh sé na nósanna imeachta sin.

Airteagal 9

Cruinnithe an Bhoird Ghinearálta

1.   Comórfaidh Cathaoirleach an BERS gnáthchruinnithe iomlánacha an Bhoird Ghinearálta agus beidh na cruinnithe sin ann ceithre huaire sa bhliain ar a laghad. Féadfar cruinnithe urghnácha a chomóradh ar thionscnamh Chathaoirleach an BERS nó arna iarraidh sin do thrian, ar a laghad, de chomhaltaí an Bhoird Ghinearálta a bhfuil cearta vótála acu.

2.   Beidh gach comhalta i láthair go pearsanta ag cruinnithe an Bhoird Ghinearálta agus ní dhéanfar ionadaíocht ar aon chomhalta.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh comhalta nach féidir leis freastal ar na cruinnithe ar feadh tréimhse trí mhí ar a laghad malartach a cheapadh. Féadfaidh duine a cheapfar go foirmiúil faoi na rialacha lena rialaítear an institiúid lena mbaineann maidir le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann ionadaithe ar bhonn sealadach ionad an chomhalta sin a ghlacadh freisin.

4.   I gcás inarb iomchuí, féadfar a iarraidh ar ionadaithe ardleibhéil ó eagraíochtaí airgeadais idirnáisiúnta a sheolann gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le cúraimí an BERS a leagtar amach in Airteagal 3(2), freastal ar chruinnithe an Bhoird Ghinearálta.

5.   D’fhéadfadh sé go mbeidh rannpháirtíocht in obair an BERS oscailte d’ionadaithe ardleibhéil na n-údarás ábhartha ó thríú tíortha, go háirithe ó thíortha LEE, ach an rannpháirtíocht sin a bheith teoranta go daingean do shaincheisteanna a bhaineann go sonrach leis na tríú tíortha sin. Féadfaidh an BERS socruithe a dhéanamh lena sonrófar, go háirithe, cineál, raon feidhme agus gnéithe nós imeachta rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin in obair an BERS. Féadfar foráil a dhéanamh le socruithe den sórt sin maidir le hionadaíocht ar bhonn ad hoc, mar bhreathnadóir, ar an mBord Ginearálta agus níor cheart go mbainfeadh na socruithe sin ach amháin le nithe atá ábhartha do na tíortha sin, gan aon chás ina bhféadfadh plé a bheith ann faoi staid institiúidí airgeadais aonair nó staid Bhallstáit aonair a áireamh.

6.   Beidh imeachtaí na gcruinnithe rúnda.

Airteagal 10

Modúlachtaí vótála an Bhoird Ghinearálta

1.   Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Ginearálta a bhfuil cearta vótála aige.

2.   Gan dochar do na nósanna imeachta vótála a leagtar amach in Airteagal 18(1), gníomhóidh an Bord Ginearálta trí thromlach simplí na gcomhaltaí atá i láthair agus a bhfuil cearta vótála acu. I gcás comhionannais vótaí, beidh an vóta réitigh ag Cathaoirleach an BERS.

3.   De mhaolú ar mhír 2, beidh tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear ag teastáil chun moladh a ghlacadh nó chun rabhadh nó moladh a phoibliú.

4.   Córam dhá thrian na gcomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu a bheidh ag teastáil i gcomhair aon vótála a bheidh le déanamh ag an mBord Ginearálta. Más rud é nach bhfuil an córam ann, féadfaidh Cathaoirleach an BERS cruinniú urghnách a chomóradh agus féadfar cinntí a ghlacadh ag an gcruinniú sin ar bhonn chóram aon triain. Beidh foráil sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(4) maidir le fógra leordhóthanach chun cruinniú urghnách a chomóradh.

Airteagal 11

An Coiste Stiúrtha

1.   Beidh an Coiste Stiúrtha comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

Cathaoirleach agus chéad Leas-Cathaoirleach an BERS;

(b)

Leas-Úachtarán an BCE;

(c)

ceathrar comhaltaí eile ón mBord Ginearálta atá ina gcomhaltaí freisin de Chomhairle Ghinearálta an BCE, ag féachaint don ghá atá le hionadaíocht chothromúil ar na Ballstáit san iomlán agus idir na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus na iad siúd nach bhfuil an euro mar airgeadra acu. Is iad comhaltaí an Bhoird Ghinearálta atá ina gcomhaltaí de Chomhairle Ginearálta an BCE freisin a thoghfaidh na comhaltaí sin as measc a gcomhaltaí féin ar feadh tréimhse trí bliana;

(d)

Comhalta den Choimisiún;

(e)

Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach);

(f)

Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);

(g)

Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);

(h)

Uachtarán an CEA;

(i)

Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíoch; agus

(j)

Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil.

Líonfar aon fholúntas le haghaidh comhalta tofa den Choiste Stiúrtha trí thoghadh comhalta nua ag an mBord Ginearálta.

2.   Comórfaidh Cathaoirleach an BERS cruinnithe an Choiste Stiúrtha uair amháin in aghaidh na ráithe ar a laghad, agus roimh gach cruinniú den Bhord Ginearálta. Féadfaidh Cathaoirleach an BERS cruinnithe ad hoc a chomóradh freisin.

Airteagal 12

Coiste Comhairleach Eolaíoch

1.   Beidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhdhéanta de Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil agus de 15 saineolaí a bheidh ionadaíoch do raon leathan scileanna agus taithí agus arna moladh ag an gCoiste Stiúrtha agus arna bhformheas ag an mBord Ginearálta le haghaidh tréimhse oifige inathnuaite ceithre bliana. Ní bheidh na hainmnithigh ina gcomhaltaí de na ÚMEanna agus roghnófar iad ar bhonn a n-inniúlachta ginearálta mar aon lena dtaithí ilchineálach sa saol acadúil nó in earnálacha eile, go háirithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, nó i gceardchumainn nó mar sholáthraithe nó mar thomhaltóirí seirbhísí airgeadais.

2.   Is é an Bord Ginearálta a cheapfaidh Cathaoirleach agus an bheirt Leas-Chathaoirleach de chuid an Choiste Chomhairligh Eolaíoch tar éis do Chathaoirleach an BERS iad a mholadh agus beidh ard léibhéal saineolais agus eolais ábhartha acu faoi seach, mar shampla de bhua a gcúlra acadúil in earnáil na baincéireachta, in earnáil na margaí urrúis nó in earnáil an árachais agus na bpinsean ceirde. Ba cheart róil an Chathaoirligh agus na Leas-Cathaoirleach a shocrú ar bhonn uainíochta idir an triúr sin.

3.   Déanfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhairle agus cúnamh a sholáthar don BERS i gcomhréir le hAirteagal 4(5) arna iarraidh sin do Chathaoirleach an BERS.

4.   Tacóidh Rúnaíocht an BERS le hobair an Choiste Chomhairligh Eolaíoch agus glacfaidh ceann na Rúnaíochta páirt ina chruinnithe.

5.   I gcás inarb iomchuí, eagróidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhairliúcháin, ag céim luath, le geallsealbhóirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh, comhlachtaí tomhaltóra agus saineolaithe acadúla, agus déanfar amhlaidh ar shlí oscailte thrédhearcach agus aird á tabhairt ar cheanglas na rúndachta.

6.   Soláthrófar gach rud is gá don Choiste Comhairleach Eolaíoch lena chur ar a chumas a chuid cúraimí a thabhairt chun críche go rathúil.

Airteagal 13

Coiste Comhairleach Teicniúil

1.   Beidh an Coiste Comhairleach Teicniúil comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

ionadaí ó gach banc ceannais náisiúnta agus ionadaí ón BCE;

(b)

ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla, i gcomhréir leis an dara fomhír;

(c)

ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach);

(d)

ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);

(e)

ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);

(f)

beirt ionadaithe ón gCoimisiún;

(g)

ionadaí ón CEA; agus

(h)

ionadaí ón gCoiste Comhairleach Eolaíoch.

Roghnóidh údaráis mhaoirseachta gach Ballstáit ionadaí amháin ar an gCoiste Comhairleach Teicniúil. I dtaca le hionadaíocht na n-údarás maoirseachta náisiúnta faoi phointe (b) den chéad fhomhír, déanfaidh na hionadaithe faoi seach uainíocht ag brath ar an ítim a bheidh á plé, mura rud é go mbeidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta de chuid Ballstáit áirithe tar éis comhaontú ar ionadaí comhchoiteann.

2.   Is é an Bord Ginearálta a cheapfaidh Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil tar éis do Chathaoirleach an BERS é a mholadh.

3.   Déanfaidh an Coiste Comhairleach Teicniúil comhairle agus cúnamh a sholáthar don BERS i gcomhréir le hAirteagal 4(5) arna iarraidh sin do chathaoirleach an BERS.

4.   Tacóidh Rúnaíocht an BERS le hobair an Choiste Chomhairligh Theicniúil agus glacfaidh ceann na Rúnaíochta páirt ina chruinnithe.

5.   Soláthrófar gach rud is gá don Choiste Comhairleach Teicniúil lena chur ar a chumas a chuid cúraimí a thabhairt chun críche go rathúil.

Airteagal 14

Foinsí eile comhairle

Le linn na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 3(2) a chomhlíonadh, déanfaidh an BERS, i gcás inarb iomchuí, tuairimí na ngeallsealbhóirí ábhartha san earnáil phríobháideach a lorg.

CAIBIDIL III

CÚRAIMÍ

Airteagal 15

Faisnéis a bhailiú agus a mhalartú

1.   Déanfaidh an BERS an fhaisnéis faoi rioscaí a sholáthar do na ÚMEanna de réir mar is gá ionas gur féidir leis na ÚMEanna a gcúraimí a chomhlíonadh.

2.   Comhoibreoidh na ÚMEanna, an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC), an Coimisiún, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus na húdaráis staidrimh náisiúnta go dlúth leis an BERS agus soláthróidh siad an fhaisnéis uile dó atá riachtanach chun go gcomhallfaidh an BERS a chúraimí i gcomhréir le gníomhartha reachtacha an Aontais.

3.   Faoi réir Airteagal 36(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh an BERS faisnéis a iarraidh ar na ÚMEanna i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán, de ghnáth, ar foirm í a fhágfaidh nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint.

4.   Sula n-iarrfaidh an BERS faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh sé san áireamh ar dtús an staidreamh arna tháirgeadh, arna scaipeadh agus arna fhorbairt cheana ag an gCóras Staidrimh Eorpach agus ag an CEBC.

5.   Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ar fáil, nó más rud é nach gcuirtear ar fáil í ar shlí thráthúil, féadfaidh an BERS an fhaisnéis a iarraidh ar an CEBC, ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta nó ar na húdaráis staidrimh náisiúnta. Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis sin fós ar fáil, féadfaidh an BERS í a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann, ach sin gan dochar do na sainchumais a thugtar, faoi seach, don Chomhairle, don Choimisiún (Eurostat), don BCE, don Eurochóras agus don CEBC i réimse an staidrimh agus an bhailithe sonraí.

6.   Más rud é go n-iarrann an BERS faisnéis nach bhfuil i bhfoirm achomair ná i bhfoirm chomhiomlán, míneofar san iarraidh réasúnaithe cén fáth a meastar go bhfuil na sonraí maidir leis an institiúid airgeadais aonair faoi seach ábhartha go sistéimeach, agus riachtanach, ag féachaint do staid an mhargaidh atá i réim.

7.   Sula ndéanfar gach iarraidh ar fhaisnéis nach bhfuil i bhfoirm achomair ná i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán, rachaidh an BERS i gcomhairle go cuí leis an Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha chun a áirithiú go bhfuil cosaint mhaith leis an iarraidh agus go bhfuil sí comhréireach. Más rud é nach measann an tÚdarás Maoirseachta Eorpach ábhartha go bhfuil cosaint mhaith leis an iarraidh agus go bhfuil sí comhréireach, cuirfidh sé an iarraidh ar ais, gan mhoill, chuig an BERS agus iarrfaidh sé cosaint bhreise. Tar éis don BERS an chosaint bhreise sin a thabhairt don Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha, déanfaidh na seolaithe ar díríodh an iarraidh chucu an fhaisnéis a iarrtar a tharchur chuig an BERS, ar choinníoll go mbeidh rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha.

Airteagal 16

Rabhaidh agus moltaí

1.   Nuair a shainaithnítear rioscaí suntasacha maidir le baint amach an chuspóra in Airteagal 3(1), tabharfaidh an BERS rabhaidh agus, i gcás inarb iomchuí, eiseoidh sé moltaí le haghaidh gníomhaíochta feabhais, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, moltaí le haghaidh tionscnamh reachtach.

2.   Maidir le rabhaidh nó moltaí arna n-eisiúint ag an BERS i gcomhréir le pointe (c) agus le pointe (d) d’Airteagal 3(2), féadfaidh siad a bheith de chineál ginearálta nó de chineál sonrach agus díreofar iad, go háirithe, chuig an Aontas ina iomláine nó chuig Ballstát amháin nó níos mó, nó chuig ÚME amháin nó níos mó, nó chuig údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó. Más rud é go mbeidh rabhadh nó moladh dírithe chuig ceann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, cuirfear an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir leis freisin. Áireofar sna moltaí amlíne shonraithe le haghaidh na freagartha beartais. Féadfar moltaí a dhíriú freisin chuig an gCoimisiún i ndáil le reachtaíocht ábhartha an Aontais.

3.   An tráth chéanna a ndéantar na rabhaidh agus na moltaí a tharchur chuig na seolaithe i gcomhréir le mír 2, déanfar iad a tharchur freisin, i gcomhréir le rialacha dochta rúndachta, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus, i gcás ina ndírítear iad chuig údaráis maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó, tarchuirfear chuig na ÚMEanna iad chomh maith.

4.   Chun feabhas a chur ar an bhfeasacht faoi rioscaí i ngeilleagar an Aontais agus chun na rioscaí sin a chur in ord tosaíochta, déanfaidh an BERS, i ndlúthchomhar leis na páirtithe eile sa CEMA, córas dathchódaithe a leagan amach a comhfhreagróidh do staideanna ina bhfuil leibhéil éagsúla riosca ann.

Nuair a bheidh critéir an aicmiúcháin sin leagtha amach, léireoidh rabhaidh an BERS agus a mholtaí, ar bhonn gach cáis ar leith, agus i gcás inarb iomchuí, cén chatagóir a mbaineann an riosca léi.

Airteagal 17

Bearta a leanann as moltaí ón BERS

1.   Más rud é go ndírítear moladh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) chuig an gCoimisiún, chuig Ballstát amháin nó níos mó, chuig Údarás Maoirseachta Eorpach amháin nó níos mó, nó chuig údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó, déanfaidh na seolaithe na gníomhaíochtaí, a rinne siad mar fhreagairt ar na moltaí, a chur in iúl don BERS agus don Chomhairle agus tabharfaidh siad cosaint leordhóthanach i gcás nach ndéantar aon ghníomhaíocht. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an BERS, faoi réir rialacha dochta rúndachta, na freagraí a fuair sé in iúl do na ÚMEanna gan mhoill.

2.   Má chinneann an BERS nár gníomhaíodh de réir a mholta nó gur mhainnigh an seolaí nó na seolaithe cosaint leordhóthanach a thabhairt i leith na neamhghníomhaíochta, déanfaidh sé, faoi réir rialacha dochta rúndachta, an méid sin a chur in iúl do na seolaithe, don Chomhairle agus, i gcás inarb ábhartha, don Údarás Maoirseachta Eorpach lena mbaineann.

3.   I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an BERS faoi mhír 2 maidir le moladh a poiblíodh de réir an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 18(1), féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach an BERS an cinneadh sin a thíolacadh agus féadfaidh na seolaithe iarraidh a dhéanamh chun bheith rannpháirteach i malartú tuairimí.

Airteagal 18

Rabhaidh phoiblí agus moltaí poiblí

1.   Déanfaidh an Bord Ginearálta, ar bhonn gach cáis ar leith, agus tar éis dó an Chomhairle a chur ar an eolas sách luath roimh ré le go bhféadfaidh sí freagairt, a chinneadh ar cheart rabhadh nó moladh a phoibliú nó nár cheart. D’ainneoin Airteagal 10(3), beidh feidhm i gcónaí ag córam dhá thrian maidir le cinntí arna ndéanamh ag an mBord Ginearálta faoin mír seo.

2.   Más rud é go gcinnfidh an Bord Ginearálta rabhadh nó moladh a phoibliú, cuirfidh sé na seolaithe ar an eolas roimh ré.

3.   Maidir le seolaithe rabhadh agus moltaí arna bpoibliú ag an BERS, beidh an ceart acu a gcuid tuairimí féin agus an réasúnú atá acu a phoibliú mar fhreagra ar na rabhaidh agus ar na moltaí.

4.   I gcás ina gcinneann an Bord Ginearálta gan rabhadh nó moladh a phoiblíu, déanfaidh na seolaithe agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Chomhairle agus na ÚMEanna, na bearta go léir is gá chun rúndacht an rabhaidh nó an mholta a chosaint.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 19

Cuntasacht agus oibleagáidí maidir le tuairisciú

1.   Uair sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás cruacháis fhorleathain airgeadais, tabharfar cuireadh do Chathaoirleach an BERS a bheith i láthair ag éisteacht bhliantúil i bParlaimint na hEorpa ag an tráth a dtíolactar tuarascáil bhliantúil an BERS do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfar an éisteacht sin a sheoladh ar leithligh ó na comhráite airgeadaíochta idir Parlaimint na hEorpa agus Uachtarán an BCE.

2.   Beidh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis a chinnfidh Bord Ginearálta an BERS a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 18. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar fáil don phobal.

3.   Scrúdóidh an BERS saincheisteanna sonracha freisin arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach an BERS freastal ar éisteacht de chuid na gCoistí inniúla de Pharlaimint na hEorpa.

5.   Déanfaidh Cathaoirleach an BERS, dhá uair sa bhliain ar a laghad agus níos minice ná sin má mheastar gurb iomchuí sin, pléití rúnda ó bhéal faoi ghníomhaíocht leanúnach an BERS a sheoladh i seomra iata le Cathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Déanfar comhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an BERS maidir leis na modúlachtaí mionsonraithe chun na cruinnithe sin a eagrú, d’fhonn lán-rúndacht i gcomhréir le hAirteagal 8 a áirithiú. Tabharfaidh an BERS cóip den chomhaontú sin don Chomhairle.

Airteagal 20

Athbhreithniú

Faoin 17 Nollaig 2013, scrúdóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Rialachán seo ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún agus, tar éis dóibh tuairim a fháil ón BCE agus ó na ÚMEanna, cinnfidh siad an gá misin agus eagrú an BERS a athbhreithniú.

Déanfaidh siad, go háirithe, athbhreithniú ar na modúlachtaí chun Cathaoirleach an BERS a ainmniú nó a thoghadh.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Samhain 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)   IO C 270, 11.11.2009, lch. 1.

(2)  Tuairim an 22 Eanáir 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Samhain 2010.

(4)   IO C 40, 7.2.2001, lch. 453.

(5)   IO C 25 E, 29.1.2004, lch. 394.

(6)   IO C 175 E, 10.7.2008, lch. 392.

(7)   IO C 8 E, 14.1.2010, lch. 26.

(8)   IO C 9 E, 15.1.2010, lch. 48.

(9)   IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 214.

(10)   IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 292.

(11)  Féach ar leathanach 12 den Iris Oifigiúil seo

(12)  Féach ar leathanach 48 den Iris Oifigiúil seo

(13)  Féach ar leathanach 84 den Iris Oifigiúil seo

(14)   IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(15)   IO L 318, 27.11.1998, lch. 8.

(16)  Tuairiscí na Cúirte Eorpaí 2006 Leathanach I-03771, mír 44.

(17)  Féach ar leathanach 162 den leagan Béarla den Iris Oifigiúil seo.