9.12.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1090/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

lena leasaítear Treoir 2009/42/CE maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí agus paisinéirí de mhuir

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear leis an dara mír d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Treoir 2009/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) go ndéanfaidh an Chomhairle na coinníollacha maidir le bailiú shraith sonraí B1 (sonraí a bhaineann le ‘Iompar ar muir sna príomhchalafoirt Eorpacha, de réir calafoirt, cineáil lasta, earraí agus gaolmhaireacht’) a chinneadh ar thogra ón gCoimisiún i bhfianaise thorthaí an staidéir phíolótaigh arna dhéanamh le linn tréimhse eatramhaí trí bliana, dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Threoir 95/64/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 1995 maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí agus paisinéirí de mhuir (3).

(2)

De réir na Tuarascála ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le taithí a fuarthas tríd an obair a rinneadh de bhun Threoir 95/64/CE (‘Tuarascáil an Choimisiúin’), is dealraitheach go bhféadfaí faisnéis mhionsonraithe a bhailiú, agus é sin ar chostas réasúnach, i gcás bulclasta agus leath-bhulclasta. Bhí an deacracht is mó ann, áfach, le linn na sonraí sin a thiomsú le haghaidh coimeádán agus tráchta rolladh ann – rolladh as. B’iomchuí scrúdú a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go leathnófaí raon feidhme Threoir 95/64/CE go hítimí faisnéise eile atá liostaithe in Airteagal 10(2)(a) den Treoir sin ach nach ndéanfaí an leathnú sin go dtí go mbeadh tuilleadh taithí faighte ar na hathróga reatha a bhailiú agus go dtí go mbeadh an córas reatha bunaithe go maith. Maidir le bailiú faisnéise a bhaineann le tráchtearraí, ba cheart na hathbhreithnithe ionchasacha ar an aicmiú NST/R (Aicmiú Caighdeánach Earraí le haghaidh Staidrimh Iompair/Athbhreithnithe, 1967) a chur san áireamh.

(3)

Tá feidhmiú an chórais bailithe reatha bunaithe go maith, lena n-áirítear cur chun feidhme na modhnuithe arna dtabhairt isteach le Cinneadh 2005/366/CE ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 lena ndéantar Treoir 95/64/CE ón gComhairle maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí agus paisinéirí de mhuir a chur chun feidhme agus lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann léi (4) agus leathnú geografach an chórais de thoradh mhéadú an Aontais sa bhliain 2004 agus mhéadú an Aontais sa bhliain 2007.

(4)

Tá líon mór Ballstát a tharchuireann sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat (Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach)) faoi réim raon feidhme Threoir 95/64/CE tar éis a bheith ag soláthar shraith sonraí B1 don Choimisiún (Eurostat (Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach)) go rialta ar bhonn deonach i gcomhréir le haicmiú NST/R.

(5)

Le Rialachán (CE) 1304/2007 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2007 maidir le bunú NST 2007 mar an t-aon aicmiú amháin le haghaidh earraí arna n-iompar ar mhodhanna áirithe iompair (5), tugadh isteach NST 2007 (Aicmiú Caighdeánach Earraí le haghaidh Staidrimh Iompair, 2007) mar an t-aon aicmiú amháin le haghaidh earraí arna n-iompar de mhuir, de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre. Tá an t-aicmiú sin infheidhme amhail ón mbliain tagartha 2008, lena gcumhdaítear sonraí 2008. Táthar tar éis na príomhfhadhbanna a bhain le sonraí a thiomsú de réir cineáil earraí i gcomhréir le haicmiú NST/R, mar atá luaite i dTuarascáil an Choimisiúin, a réiteach le tabhairt isteach NST 2007. Dá bhrí sin, den chuid is mó, ní chuirfidh bailiú shraith sonraí B1 aon ualach breise ar fhreagróirí.

(6)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1172/98 ón gComhairle an 25 Bealtaine 1998 maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí de bhóthar (6), le Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh ar iompar d’iarnród (7) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le staidreamh ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre (8), tá bailiú sonraí de réir cineáil earraí éigeantach i gcás staidrimh Eorpaigh i ndáil le hiompar de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre faoi seach ach tá sé deonach i gcás iompair mhuirí. Ba cheart staidreamh Eorpach i ndáil le gach modh iompair a bhailiú i gcomhréir le coincheapa coiteanna agus caighdeáin choiteanna, ionas go bhféadfaí an inchomparáideacht is iomláine is féidir idir modhanna iompair a bhaint amach.

(7)

Mar thoradh ar an oibleagáid a thabharfar isteach sa bhliain 2011 i ndáil le sraith sonraí B1 a sholáthar don Choimisiún (EUROSTAT (Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach)), soláthraítear tréimhse ama leordhóthanach do na Ballstáit ar lena linn a bhféadfaí tiomsú deonach a úsáid do na tástálacha agus na hoiriúnuithe is gá.

(8)

Maidir le rialacha mionsonraithe áirithe i ndáil le Treoir 2009/42/EC a chur chun feidhme, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal saineolaithe.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/42/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2009/42/CE leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfaidh an Coimisiún na bearta sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10a agus faoi réir choinníollacha Airteagal 10b agus Airteagal 10c.’;

(2)

in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfaidh an Coimisiún na bearta sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10a agus faoi réir choinníollacha Airteagal 10b agus Airteagal 10c.’;

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Féadfaidh an Coimisiún na bearta sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10a agus faoi réir choinníollacha Airteagal 10b agus Airteagal 10c.’

(4)

in Airteagal 10, scriostar mír 3;

(5)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 10a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(4), in Airteagal 4(1) agus sa tríú mír d’Airteagal 5, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse chúig bliana ón 29 Nollaig 2010 Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an gcumhacht tarmligthe a tharraingt suas sé mhí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 10b.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 10b agus 10c a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 10b

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an chumhacht dá dtagraítear in Airteagal 3(4), in Airteagal 4(1) agus sa tríú mír d’Airteagal 5 a chúlghairm aon tráth.

2.   Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach chun a chinneadh an ndéanfar tarmligean cumhachta a chúlghairm le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse ama réasúnach sula ndéantar an cinneadh críochnaitheach agus luafaidh sí an chumhacht tarmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm.

3.   Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 10c

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra.

Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí.

2.   Mas rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag na tréimhse sin más rud é go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach bhfuil sé beartaithe acu agóid a dhéanamh.

3.   Más rud é go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.’;

(6)

scriostar an dara mír d’Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is í an bhliain 2011 an chéad bhliain tagartha i gcomhair chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena gcumhdaítear sonraí 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 24 Samhain 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Samhain 2010.

(2)  IO L 141, 6.6.2009, lch. 29.

(3)  IO L 320, 30.12.1995, lch. 25. Rinneadh Treoir 95/64/CE a aisghairm le Treoir 2009/42/CE.

(4)  IO L 123, 17.5.2005, lch. 1.

(5)  IO L 290, 8.11.2007, lch. 14.

(6)  IO L 163, 6.6.1998, lch. 1.

(7)  IO L 14, 21.1.2003, lch. 1.

(8)  IO L 264, 25.9.2006, lch. 1.