26.11.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/9


RIALACHÁN (AE, EURATOM) Uimh. 1081/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, i dtaca leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i dteannta leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (3) (an “Rialachán Airgeadais” anseo feasta), leagtar síos na prionsabail bhuiséadacha agus na rialacha airgeadais ar cheart a urramú i ngach gníomh reachtach. Is gá forálacha áirithe den Rialachán Airgeadais a leasú chun na leasuithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin agus bunú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, de bhun Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (4), a chur san áireamh.

(2)

Le Conradh Liospóin bunaítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (an “SEGS” anseo feasta). Le Cinneadh 2010/427/AE, foráiltear gur seirbhís de chineál sui generis is ea an SEGS agus gur cheart déileáil léi mar institiúid chun críocha an Rialacháin Airgeadais.

(3)

I gcomhthéacs an urscaoilte, agus ó tharla gur cheart déileáil leis an SEGS mar institiúid chun críocha an Rialacháin Airgeadais, ba cheart go mbeadh an SEGS go hiomlán faoi réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 145 go hAirteagal 147 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart go gcomhoibreodh an SEGS go hiomlán leis na hinstitiúidí atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus, de réir mar is iomchuí, go soláthródh sí aon fhaisnéis bhreise is gá, lena n-áirítear trí fhreastal ar chruinnithe de chuid na gcomhlachtaí ábhartha. I gcomhréir le hAirteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart go leanfadh an Coimisiún de bheith freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid, lena n-áirítear leithreasaí oibríochtúla arna gcur chun feidhme ag Cinn Toscaireachtaí atá ina n-oifigigh údarúcháin fho-tharmligthe de chuid an Choimisiúin. Chun a chumasú don Choimisiún a chuid freagrachtaí a chomhall, ba cheart do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais an fhaisnéis is gá a sholáthar. Ba cheart Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí” anseo feasta) a chur ar an eolas an tráth céanna agus ba cheart go n-éascódh an tArdionadaí comhar idir Toscaireachtaí an Aontais agus rannóga an Choimisiúin. I bhfianaise úrnuacht an struchtúir seo, is gá forálacha ardchaighdeáin a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht agus cuntasacht bhuiséadach agus airgeadais.

(4)

Laistigh den SEGS, ba cheart go mbeadh Ardstiúrthóir um an mbuiséad agus um riarachán freagrach don Ardionadaí maidir le bainistiú riaracháin agus bainistiú buiséadach inmheánach an SEGS. Ba cheart go n-oibreodh an tArdstiúrthóir laistigh den leagan amach atá ann cheana agus go ndéanfadh sé nó sí de réir na rialacha riaracháin céanna is infheidhme i leith an chuid de Roinn III de bhuiséad an Aontais a thagann faoi cheannteideal 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil.

(5)

Ba cheart go ndéanfaí an SEGS a chur ar bun i gcomhréir leis na prionsabail arna bhfógairt ag an gComhairle Eorpach an 29 agus an 30 Deireadh Fómhair 2009, go háirithe prionsabal na cost-éifeachtúlachta a bhfuil neodracht bhuiséadach mar aidhm aige.

(6)

Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go dtiocfaidh Toscaireachtaí an Choimisiúin chun bheith ina gcuid den SEGS ina gcáil mar Thoscaireachtaí an Aontais. Chun a áirithiú go ndéanfar bainistíocht éifeachtúil orthu, ba cheart go ndéanfadh seirbhís tacaíochta amháin caiteachas riaracháin agus tacaíochta uile Thoscaireachtaí an Aontais trína maoinítear costais choiteanna. Chuige sin, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán Airgeadais maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh socruithe mionsonraithe ann chun cur chun feidhme leithreasaí riaracháin Thoscaireachtaí an Aontais a éascú, ar socruithe iad a bheadh le comhaontú leis an gCoimisiún.

(7)

Is gá leanúnachas fheidhmiú Thoscaireachtaí an Aontais agus, go háirithe, leanúnachas agus éifeachtúlacht na bainistíochta a dhéanann na Toscaireachtaí ar chabhair sheachtrach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart a údarú don Choimisiún a chumhachtaí maidir le cur chun feidhme buiséadach caiteachais oibríochtúil a fho-tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais ar cuid den SEGS mar institiúid ar leithligh iad. Ina theannta sin, i gcás ina gcuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach láraithe, ba cheart gur cheadmhach dó déanamh amhlaidh trí fho-tharmligean a dhéanamh chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais freisin. Ba cheart go leanfadh na hoifigigh údarúcháin, trí tharmligean ón gCoimisiún, de bheith freagrach as córais inmheánacha bainistíochta agus rialaithe a shainiú, agus ba cheart, ag an am céanna go mbeadh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais freagrach as cur ar bun agus feidhmiú leormhaith córas inmheánach bainistíochta agus rialaithe agus as bainistiú na gcistí agus na n-oibríochtaí arna dhéanamh laistigh dá dToscaireachtaí. Ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt ina leith sin dhá uair in aghaidh na bliana. Féadfar an tarmligean sin a tharraingt siar i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme ar an gCoimisiún.

(8)

Chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh, ba cheart do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais agus iad ag gníomhú mar oifigigh údarúcháin fho-tharmligthe de chuid an Choimisiúin rialacha an Choimisiúin a chur i bhfeidhm agus ba cheart go mbeidís faoi réir na ndualgas, na n-oibleagáidí agus na cuntasachta céanna le haon oifigeach údarúcháin fo-tharmligthe eile de chuid an Choimisiúin. Chun na gcríoch sin, ba cheart gurb é an Coimisiún an institiúid a mbeidís bainteach léi.

(9)

Ba cheart go leanfadh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin de bheith freagrach i gcónaí as roinn an Choimisiúin den bhuiséad ina hiomláine, lena n-áirítear oibríochtaí cuntasaíochta a bhaineann le leithreasaí arna bhfo-tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú, chun aon fhorluí freagrachtaí a sheachaint, gur cheart go mbainfeadh freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta SEGS le roinn SEGS den bhuiséad, agus leis an roinn sin amháin. Ba cheart d'Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin gníomhú mar Oifigeach Cuntasaíochta an SEGS freisin maidir le cur chun feidhme buiséadach roinn SEGS den bhuiséad, ach an méid sin a bheith faoi réir a athbhreithnithe.

(10)

Chun comhchuibheas agus cóir chomhionann a áirithiú idir oifigigh údarúcháin fho-tharmligthe, ar daoine d'fhoireann SEGS iad, agus iad siúd ar daoine d'fhoireann an Choimisiúin iad, agus chun a áirithiú go ndéantar an Coimisiún a choimeád ar an eolas go cuí, ba cheart go mbeadh sainphainéal an Choimisiúin um mírialtachtaí airgeadais freagrach freisin as mírialtachtaí laistigh den SEGS a láimhseáil i gcás ina mbeidh an Coimisiún tar éis cumhachtaí cur chun feidhme a tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais. Mar sin féin, chun an nasc a choinneáil idir freagracht as bainistíocht airgeadais agus gníomhaíocht araíonachta, ba cheart go mbeadh an Coimisiún i dteideal a iarraidh ar an Ardionadaí imeachtaí a thionscnamh más rud é go n-aimsíonn an painéal mírialtachtaí maidir le hinniúlachtaí sin an Choimisiúin a fo-tharmligeadh chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais. I gcás den sórt sin ba cheart don Ardionadaí an ghníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne (5).

(11)

Ba cheart d'iniúchóir inmheánach an Choimisiúin gníomhú mar iniúchóir inmheánach an SEGS freisin maidir le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin agus roinn SEGS den bhuiséad ar aon, ach an méid sin a bheith faoi réir a athbhreithnithe.

(12)

Chun grinnscrúdú daonlathach ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais a áirithiú, ba cheart do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais dearbhú a sholáthar, maille le tuarascáil ina mbeidh faisnéis maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe ina dToscaireacht, chomh maith le faisnéis maidir le bainistíocht na n-oibríochtaí arna bhfo-tharmligean chucu. Ba cheart go mbeadh tuarascálacha Chinn Thoscaireachtaí an Aontais i gceangal, mar iarscríbhinn, le tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta an oifigigh údarúcháin atá freagrach de bhíthin tarmligin agus ba cheart go gcuirfí ar fáil don údarás buiséadach iad.

(13)

Chun críocha an Rialacháin Airgeadais, ba cheart an téarma “Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála” a léiriú i gcomhréir le feidhmeanna éagsúla an Ardionadaí faoi Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir le bunú agus cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (an “buiséad”) agus maidir le tíolacadh agus iniúchadh na gcuntas.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo:

tagraíonn an téarma “institiúid” do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, don Choimisiún Eorpach, do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, do Choiste na Réigiún, don Ombudsman Eorpach, don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (dá ngairtear an “SEGS” anseo feasta);

ní mheasfar gur institiúid de chuid an Aontais é an Banc Ceannais Eorpach.

3.   Tuigfear gur tagairt don Aontas Eorpach agus/nó don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach aon tagairt do “na Comhphobail” nó do “an tAontas”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs.’

(2)

Cuirtear na focail ‘an Choimisiúin agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí’ in ionad ‘Sheirbhís Sheachtrach an Choimisiúin’ sa dara fomhír d'Airteagal 16.

(3)

In Airteagal 28(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.   Maidir le haon togra nó tionscnamh a thíolacfaidh an Coimisiún, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí” anseo feasta) nó Ballstát don údarás reachtach agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar an mbuiséad, lena n-áirítear athruithe ar líon na bpost, ní mór ráiteas airgeadais a bheith ag gabháil leis, mar aon leis an mheastóireacht dá bhforáiltear in Airteagal 27(4).’

(4)

In Airteagal 30(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘3.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis faoi thairbhithe cistí a eascróidh ón mbuiséad agus a bheidh ina sheilbh aige agus an buiséad á chur chun feidhme ar bhonn láraithe agus go díreach ag a rannóga nó ag Toscaireachtaí an Aontais i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, agus faisnéis faoi thairbhithe cistí arna soláthar ag na heintitis a ndéantar cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chucu faoi mhodhanna eile bainistíochta a chur ar fáil, ar mhodh iomchuí.’

(5)

Sa chéad mhír d'Airteagal 31, cuirtear na focail ‘an Chomhairle Eorpach agus’ isteach roimh na focail ‘an Chomhairle’ agus cuirtear na focail ‘agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí’ isteach roimh na focail ‘meastachán ar a n-ioncam agus a gcaiteachas’.

(6)

In Airteagal 31, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh na chéad míre:

‘Déanfaidh an SEGS meastachán ar a hioncam agus ar a caiteachas a tharraingt suas agus seolfaidh sé an meastachán sin chuig an gCoimisiún roimh an 1 Iúil gach bliain. Rachaidh an tArdionadaí i gcomhairle leis na Comhaltaí den Choimisiún atá freagrach as an mbeartas forbartha, as an mbeartas comharsanachta agus as an gcomhar idirnáisiúnta, an gcabhair dhaonnúil agus as freagairt ar ghéarchéimeanna, maidir lena bhfreagrachtaí faoi seach.’

(7)

In Airteagal 33, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3.   I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (6), agus chun trédhearcacht bhuiséadach a áirithiú i réimse gníomhaíochta seachtraí an Aontais, déanfaidh an Coimisiún doiciméad oibre a tharchur chuig an údarás buiséadach in éineacht leis an dréachtbhuiséad, ar doiciméad oibre é ina léireofar an méid seo a leanas ar shlí chuimsitheach:

gach uile chaiteachas riaracháin agus oibríochtúil a bhaineann le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, lena n-áirítear cúraimí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála /an Bheartais Eorpaigh Cosanta agus Slándála (CBES/BECS), agus a mhaoinítear as buiséad an Aontais;

caiteachas riaracháin foriomlán an SEGS don bhliain roimhe sin, arna mhiondealú go dtí caiteachas de réir Toscaireachta agus caiteachas ar riarachán lárnach SEGS; mar aon le caiteachas oibríochtúil arna mhiondealú de réir limistéir gheografaigh (réigiúin, tíortha), de réir réimsí téamúla, de réir Toscaireachta Aontais agus de réir misin.

Déanfar freisin sa doiciméad oibre:

léiriú a thabhairt ar an líon post do gach grád i ngach catagóir, mar aon leis an líon post buan agus an líon post sealadach, lena n-áirítear an fhoireann ar conradh agus an fhoireann áitiúil ar líon í atá údaraithe, laistigh de theorainneacha leithreasaí an bhuiséid, i ngach ceann de Thoscaireachtaí an Aontais agus i riarachán lárnach an SEGS;

léiriú a thabhairt ar aon mhéadú nó laghdú sa líon post, de réir gráid agus catagóire, i riarachán lárnach an SEGS agus i dToscaireachtaí uile an Aontais, agus an méid sin a bheith bunaithe ar an mbliain roimhe sin;

léiriú a thabhairt ar an líon post a údaraíodh don bhliain airgeadais, ar an líon post a údaraíodh don bhliain roimhe sin, agus an líon post atá líonta ag taidhleoirí ar iasacht ó na Ballstáit, ag foireann ón gComhairle agus ag foireann ón gCoimisiún; mionchur síos a thabhairt ar an bhfoireann go léir atá ann i dToscaireachtaí an Aontais tráth tíolactha an dréachtbhuiséid, lena n-áirítear miondealú de réir limistéir gheografaigh, tíre aonair agus misean, agus idirdhealú á dhéanamh idir poist atá ann de réir an phlean bunaíochta, gníomhairí ar conradh, gníomhairí áitiúla agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus ar leithreasaí a iarradh sa dréachtbhuiséad do chineálacha eile pearsanra den sórt sin maille leis na meastacháin chomhfhreagracha ar an líon cóibhéiseach foirne lánaimseartha a fhéadtar a fhostú laistigh de theorainneacha na leithreasaí a iarradh.

(8)

In Airteagal 46(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(5a)

Déanfar méid iomlán an chaiteachais ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) a iontráil i gcaibidil amháin den bhuiséad, dar teideal CBES agus beidh airteagail shonracha bhuiséadacha ann. Cumhdóidh na hairteagail sin caiteachas CBES agus beidh línte buiséadacha sonracha ann ina sainaithneofar, ar a laghad, na mórmhisin aonair.’

(9)

In Airteagal 50, cuirtear isteach na habairtí seo a leanas:

‘Féadfar socruithe mionsonraithe a chomhaontú leis an gCoimisiún, áfach, chun cur chun feidhme leithreasaí riaracháin Thoscaireachtaí an Aontais a éascú. Ní bheidh aon mhaolú ar fhorálacha an Rialacháin Airgeadais ná ar rialacha cur chun feidhme an Rialacháin sin sna socruithe sin.’

(10)

In Airteagal 51, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘Féadfaidh an Coimisiún, áfach, na cumhachtaí cur chun feidhme buiséid atá aige maidir le leithreasaí oibríochtúla a roinne féin a tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais. Cuirfidh sé an tArdionadaí ar an eolas ina thaobh sin ag an am céanna. Nuair a ghníomhaíonn Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin fho-tharmligthe de chuid an Choimisiúin, déanfaidh siad rialacha an Choimisiúin le haghaidh chur chun feidhme an bhuiséid a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na ndualgas, na n-oibleagáidí agus na cuntasachta céanna le haon oifigeach údarúcháin fo-tharmligthe eile de chuid an Choimisiúin.

Féadfaidh an Coimisiún an tarmligean sin a tharraingt siar i gcomhréir lena rialacha féin.

Chun críocha an dara mír, déanfaidh an tArdionadaí na bearta is gá chun comhar a éascú idir Toscaireachtaí an Aontais agus rannóga an Choimisiúin.’

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 53a:

‘Airteagal 53a

I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme ar bhonn láraithe, déanfaidh rannóga an Choimisiúin nó Toscaireachtaí an Aontais cúraimí cur chun feidhme a fheidhmiú go díreach i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51 nó feidhmeofar go hindíreach iad i gcomhréir le hAirteagal 54 go hAirteagal 57.’

(12)

In Airteagal 59, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘5.   I gcás ina ngníomhaíonn Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, beidh siad faoi réir an Choimisiúin mar an institiúid a bheidh freagrach as sainiú, feidhmiú, rialú agus breithmheas a gcuid dualgas agus a gcuid freagrachtaí mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin. Déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna, an tArdionadaí a chur ar an eolas ina thaobh sin.’

(13)

Ag deireadh an dara fomhír d'Airteagal 60(7), cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

‘Déanfar tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta na n-oifigeach údarúcháin trí bhíthin tarmligin a chur ar fáil don údarás buiséadach freisin.’

(14)

I roinn 2, cuirtear isteach an tAirteagal breise seo:

‘Airteagal 60a

1.   I gcás ina ngníomhaíonn Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, comhoibreoidh siad go dlúth leis an gCoimisiún ar mhaithe le cur chun feidhme cuí na gcistí, chun go n-áiritheofar, go háirithe, dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheart airgeadais, urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais i dtaca le bainistiú na gcistí agus cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais.

Chuige sin, déanfaidh siad na bearta is gá chun cosc a chur ar aon staid ina bhféadfaí freagracht an Choimisiúin as cur chun feidhme an bhuiséid arna fho-tharmligean chucu a chur i mbaol chomh maith le cosc a chur ar aon choimhlint tosaíochtaí ar dóigh di tionchar a bheith aici ar chur chun feidhme na gcúraimí bainistíochta airgeadais arna bhfo-tharmligean chucu.

I gcás ina dtiocfaidh staid nó coimhlint den chineál dá dtagraítear sa dara fomhír chun cinn, cuirfidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais an méid sin in iúl gan mhoill do na hArdstiúrthóirí den Choimisiún agus den SEGS ar a bhfuil an fhreagracht. Déanfaidh na hArdstiúrthóirí sin bearta iomchuí chun an staid a leigheas.

2.   I gcás ina bhfuil Cinn Thoscaireachtaí an Aontais i staid dá dtagraítear in Airteagal 60(6), tarchuirfidh siad an t-ábhar chuig an sainphainéal um mírialtachtaí airgeadais arna bhunú de bhun Airteagal 66(4). I gcás aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí nó aon chalaoise nó aon éillithe a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, déanfaidh siad na húdaráis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme a chur ar an eolas.

3.   Déanfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, tuarascáil a thabhairt dá n-oifigeach údarúcháin trí bhíthin tarmligin ionas go bhféadfaidh an t-oifigeach údarúcháin is déanaí atá luaite a dtuarascálacha a chomhtháthú ina thuarascáil bhliantúil gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 60(7). Cuimseoidh na tuarascálacha ó Chinn Toscaireachtaí an Aontais faisnéis maidir le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe atá i bhfeidhm ina dToscaireacht, chomh maith le faisnéis maidir le bainistiú na n-oibríochtaí arna bhfo-tharmligean chucu, agus déanfar an dearbhú de bhun Airteagal 66(3a) a sholáthar iontu. Déanfar na tuarascálacha sin a chur i gceangal, mar iarscríbhinn, le tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta an oifigigh údarúcháin trí bhíthin tarmligin agus déanfar iad a chur ar fáil don údarás buiséadach agus aird á tabhairt ar rúndacht na dtuarascálacha sin i gcás inarb iomchuí sin.

Comhoibreoidh Cinn Toscaireachta an Aontais go hiomlán leis na hinstitiúidí atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh siad, de réir mar is iomchuí, aon fhaisnéis bhreise is gá. Sa chomhthéacs sin, d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí orthu freastal ar chruinnithe de chuid na gcomhlachtaí ábhartha agus cúnamh a thabhairt don oifigeach údarúcháin trí bhíthin tarmligin atá freagrach.

4.   Déanfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, freagra a thabhairt ar aon iarraidh a dhéanfaidh oifigeach údarúcháin an Choimisiúin trí bhíthin tarmligin, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún é féin nó, i gcomhthéacs an urscaoilte, arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa.

5.   I gcomhréir le hAirteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanann na cumhachtaí fo-tharmligin dochar don nós imeachta um urscaoileadh.’

(15)

In Airteagal 61(1), cuirtear isteach na fomhíreanna breise seo a leanas i ndiaidh phointe (f):

‘Ní bhainfidh freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta an SEGS ach le roinn an SEGS den bhuiséad, arna cur chun feidhme ag an SEGS. Leanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin de bheith freagrach i gcónaí as roinn an Choimisiúin den bhuiséad ina hiomláine, lena n-áirítear oibríochtaí cuntasaíochta a bhaineann le leithreasaí arna bhfo-tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais.

Gníomhóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar oifigeach cuntasaíochta an SEGS freisin maidir le cur chun feidhme roinn an SEGS den bhuiséad, ach sin faoi réir Airteagal 186a.’

(16)

Leasaítear Airteagal 66 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3a.   I gcás ina ndéantar fo-tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, beidh an t-oifigeach údarúcháin trí bhíthin tarmligin freagrach as sainiú na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe a bheidh ann, agus as éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras sin. Beidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais freagrach as cur ar bun agus feidhmiú leormhaith na gcóras sin, i gcomhréir le treoracha an oifigigh údarúcháin trí bhíthin tarmligin, agus as bainistiú na gcistí agus na n-oibríochtaí a sheolann siad laistigh de Thoscaireacht an Aontais atá faoina bhfreagracht. Sula rachaidh siad i mbun a ndualgas, ní mór dóibh cúrsaí oiliúna sonracha a chríochnú ar na cúraimí agus na freagrachtaí a bhaineann le hoifigigh údarúcháin agus le cur chun feidhme an bhuiséid, i gcomhréir le hAirteagal 50 de na Rialacha Cur chun Feidhme.

I gcomhréir le hAirteagal 60a(3), déanfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais tuarascáil maidir lena bhfreagrachtaí de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

Gach bliain, déanfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais an dearbhú maidir leis na córais inmheánacha bainistíochta agus rialaithe atá ann ina dToscaireacht, chomh maith leis an dearbhú ar bhainistiú na n-oibríochtaí arna bhfo–tharmligean chucu agus ar thorthaí na n-oibríochtaí sin, a sholáthar d'oifigeach údarúcháin an Choimisiúin trí bhíthin tarmligin chun a chur ar chumas an oifigigh údarúcháin a ráiteas dearbhaithe, dá bhforáiltear in Airteagal 60(7), a dhéanamh.’

(b)

cuirtear isteach an mhír bhreise seo a leanas:

‘5.   I gcás ina ngníomhaíonn Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, beidh an sainphainéal um mírialtachtaí airgeadais arna chur ar bun ag an gCoimisiún de bhun mhír 4 den Airteagal seo inniúil le haghaidh cásanna dá dtagraítear sa mhír sin.

Má bhraitheann an painéal fadhbanna sistéamacha, seolfaidh sé tuarascáil, maille le moltaí, chuig an oifigeach údarúcháin, chuig an Ardionadaí agus chuig oifigeach údarúcháin an Choimisiúin trí bhíthin tarmligin, ar choinníoll nach é ná í oifigeach údarúcháin an Choimisiúin trí bhíthin tarmligin atá i gceist, agus seolfaidh sé an méid sin chuig an iniúchóir inmheánach freisin.

Ar bhonn thuairim an phainéil, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an Ardionadaí, i gcáil an Ardionadaí mar údarás ceapacháin, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh oifigeach údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin má bhaineann na mírialtachtaí le hinniúlachtaí an Choimisiúin arna bhfo-tharmligean chucu, ar imeachtaí iad a bhféadfadh gníomh araíonachta nó íoc cúitimh leanúint astu. I gcás den sórt sin déanfaidh an tArdionadaí an ghníomhaíocht iomchuí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne chun na cinntí maidir le gníomhaíocht araíonachta agus/nó íoc cúitimh, de réir mar a mholfaidh an Coimisiún, a fhorfheidhmiú.

Tabharfaidh na Ballstáit lántacaíocht don Aontas le linn aon dliteanas faoi Airteagal 22 de na Rialacháin Foirne i leith na foirne sealadaí a bhfuil feidhm ag Airteagal 2(e) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach maidir leo a fhorfheidhmiú.’

(17)

In Airteagal 85, cuirtear isteach na míreanna breise seo a leanas:

‘Chun críocha iniúchóireacht inmheánach an SEGS, beidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, faoi réir chumhachtaí fíorúcháin iniúchóir inmheánach an Choimisiúin i gcomhair na bainistíochta airgeadais arna fo-tharmligean chucu.

Gníomhóidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin mar iniúchóir inmheánach an SEGS freisin i leith chur chun feidhme roinn SEGS den bhuiséad, ach sin faoi réir Airteagal 186a.’

(18)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 147a

Beidh an SEGS go hiomlán faoi réir ag na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 145 go hAirteagal 147 den Rialachán seo. Comhoibreoidh an SEGS go hiomlán leis na hinstitiúidí atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh sí, de réir mar is iomchuí, aon fhaisnéis bhreise is gá, lena n-áirítear trí fhreastal ar chruinnithe de chuid na gcomhlachtaí ábhartha.’

(19)

In Airteagal 163, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Féadfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Teideal seo a chur chun feidhme ar bhonn láraithe de bhun Airteagal 53a, trí bhainistíocht roinnte, ar bhonn díláraithe ag tríú tír is tairbhí nó ag tríú tíortha is tairbhithe, nó i gcomhpháirt le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhlíonadh fhorálacha ábhartha Airteagal 53 go hAirteagal 57.’

(20)

In Airteagal 165, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Beidh cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ag tríú tíortha is tairbhithe nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi réir a ghrinnscrúdaithe ag an gCoimisiún agus ag Toscaireachtaí an Aontais i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51.’

(21)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 186a

Déanfar an tríú fomhír d'Airteagal 61(1) agus an tríú fomhír d'Airteagal 85 a athbhreithniú sa bhliain 2013 agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlacht an SEGS agus go háirithe ar shainiúlacht Thoscaireachtaí an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, ar acmhainn leormhaith bainistíochta airgeadais an SEGS.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 24 Samhain 2010

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  IO C 145, 3.6.2010, lch 4.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Samhain 2010.

(3)  IO L 248, 16.9.2002, lch 1.

(4)  IO L 201, 3.8.2010, lch 30.

(5)  Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(6)  IO L 201, 3.8.2010, lch. 30.’