|
9.12.2010 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
4 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE EORPACH
an 29 Deireadh Fómhair 2010
maidir le stádas oileán Saint-Barthélemy i leith an Aontais Eorpaigh a leasú
(2010/718/AE)
TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpach, agus go háirithe Airteagal 335(6) de,
Ag féachaint don tionscnamh ó Phoblacht na Fraince,
Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ceadaítear don Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh ón mBallstát i dtrácht, cinneadh a ghlacadh lena leasófar an stádas i leith an Aontais atá ag tír nó ag críoch de chuid na Danmhairge, na Fraince nó na hÍsiltíre dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 355, ag gníomhú di d’aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. |
|
(2) |
Le litir ó Uachtarán Phoblacht na Fraince dár dháta an 30 Meitheamh 2010, d’iarr Poblacht na Fraince (dá ngairtear “an Fhrainc” anseo feasta) ar an gComhairle Eorpach cinneadh den sórt sin dá dtagraítear in Airteagal 355(1) CFAE a ghlacadh maidir le hoileán Saint-Barthélemy. Tá an Fhrainc ag iarraidh go n-athrófaí stádas an oileáin seo óna stádas mar cheann de na réigiúin is forimeallaí, arna rialú le hAirteagal 349 CFAE, go dtí stádas tíre nó críche thar lear, stádas dá dtagraítear i gCuid a Ceathair CFAE. |
|
(3) |
Is léiriú é an iarraidh seo ón bhFrainc gur mian le hionadaithe tofa oileán Saint-Barthélemy, oileán ar comhroinn Fhrancach thar lear laistigh de Phoblacht na Fraince é a rialaítear le hAirteagal 74 de Bhunreacht na Fraince agus a bhfuil uathriail aici, stádas i leith an Aontais a fháil is fearr a d’oirfeadh don stádas atá aige faoin dlí baile, go mór mór ó tharla go bhfuil sé i bhfad i bhfarraige ón mórthír, ó tharla gur geilleagar beag oileáin atá ann, bunaithe a bheag nó a mhór ar an tuarasóireacht, agus go mbíonn deacrachtaí soláthair ann a thagann idir an t-oileán agus cur i bhfeidhm cuid de chaighdeáin an Aontais. |
|
(4) |
Tá sé geallta ag an bhFrainc go dtabharfaidh sí i gcrích na comhaontuithe is gá chun a áirithiú go ndéanfar leasanna an Aontais a chaomhnú nuair a tharlóidh an t-athrú seo. Ba cheart go mbainfeadh na comhaontuithe sin le cúrsaí airgeadaíochta ar an gcéad dul síos, mar go bhfuil rún ag an bhFrainc an euro a choinneáil mar airgeadra aonair ar Saint-Barthélemy agus mar go gcaithfear a áirithiú go leanfar de chur i bhfeidhm dhlí an Aontais i réimsí bunriachtanacha oibriú rianúil an Aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Ba cheart go mbainfeadh siad freisin le cúrsaí cánachais agus go mbeadh sé d’aidhm acu a ráthú go leanfadh sásraí Threoir 77/799/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1977 maidir le cúnamh frithpháirteach ó údaráis inniúla na mBallstát i réimse an chánachais dhírigh agus i réimse na gcánacha ar phréimheanna árachais (1) agus sásraí Threoir 2003/48/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le Cánachas ar Ioncam ó Choigiltis i bhFoirm Íocaíochtaí Úis (2), arb é is aidhm dóibh go háirithe an chalaois cánach thrasteorann agus an imghabháil cánach trasteorann a chomhrac, d’fheidhm a bheith acu amach anseo maidir le críoch Saint-Barthélemy. Ba cheart go leanfadh saoránaigh Saint-Barthélemy de bheith ina saoránaigh den Aontas Eorpach agus go mbeadh na cearta céanna agus na saoirsí céanna laistigh den Aontas acu agus atá ag saoránaigh eile na Fraince, agus ba cheart go leanfadh saoránaigh uile an Aontais de thairbhiú de na cearta céanna agus de na saoirsí céanna ar Saint-Barthélemy a dtairbhíonn siad anois díobh ann. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfadh an t-athrú seo ar stádas oileán Saint-Barthélemy i leith an Aontais, athrú atá á dhéanamh mar fhreagairt ar mhian ionadaithe tofa an oileáin, mian a cuireadh in iúl go daonlathach, dochar do leasanna an Aontais agus ba cheart gur chéim chomhleanúnach a bheadh san athrú seo i dtreo stádas uathrialach a bhaint amach don oileán faoin dlí náisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le héifeacht ón 1 Eanáir 2012, scoirfidh oileán Saint-Barthélemy de bheith ina cheann de na réigiúin is forimeallaí den Aontas Eorpach agus beidh stádas tíre nó críche comhlachaithe thar lear aige, stádas dá bhforáiltear i gCuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
Airteagal 2
Déantar CFAE a leasú, dá bhrí sin, mar a leanas:
|
(1) |
sa chéad mhír d’Airteagal 349, scriostar na focail ‘Saint-Barthélemy’; |
|
(2) |
in Airteagal 355(1), scriostar na focail ‘le Saint-Barthélemy’; |
|
(3) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach fleasc, idir an fhleasc a bhaineann le Saint Pierre agus Miquelon agus an fhleasc a bhaineann le hArúba, mar a leanas:
|
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a nglacfar é.
Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2012.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2010.
Thar ceann na Comhairle hEorpaí
An tUachtarán
H. VAN ROMPUY