24.11.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
51 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1108/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Deireadh Fómhair 2009
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 i réimse na n-aeradróm, an bhainistithe aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/23/CE
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Ina Theachtaireacht an 15 Samhain 2005 chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Cúraimí Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa a leathnú – clár don bhliain 2010, d’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige cúraimí Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (an Ghníomhaireacht) a leathnú de réir a chéile, d’fhonn dul i dtreo ‘cur chuige córais iomláin’, maidir le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht aeradróm/aerfort, Seirbhísí Aerloingsoireachta (SAL) agus Bainistiú Aerthráchta (BAT). |
(2) |
Is iomaí dúshlán a eascraíonn as fás leanúnach na heitlíochta san Eoraip, go háirithe i ndáil le príomhthosca sábháilteachta aeradróm agus BAT/SAL. Is gá, dá bhrí sin, bearta maolaithe riosca a bhunú chun sábháilteacht a áirithiú trí chur chuige comhchuibhithe iomlánaíoch ar fud na mBallstát. |
(3) |
Is gá an méid atá bainte amach tríd an tionscnamh ‘aerspás Eorpach aonair’ a chomhlánú tríd an ngné sábháilteachta comhchuibhithe a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le haeradróim agus BAT/SAL. Chuige sin, ba cheart an creat rialála sábháilteachta cuí a fhorbairt freisin maidir le teicneolaíochtaí nua a úsáid sa réimse seo. |
(4) |
Ba cheart don Chomhphobal, i gcomhréir leis na caighdeáin agus leis na cleachtais mholta a socraíodh leis an gCoinbhinsiún ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, arna shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944 (Coinbhinsiún Chicago), ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan síos a bheadh infheidhme maidir le táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, aeradróim agus soláthar BAT/SAL; ceanglais fhíor-riachtanacha a bheadh infheidhme maidir le pearsanra agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le haeradróim a oibriú agus BAT/SAL a sholáthar; agus ceanglais fhíor-riachtanacha a bheadh infheidhme maidir le pearsanra agus táirgí a bhfuil baint acu le hoiliúint rialtóirí aerthráchta agus le measúnú liachta a dhéanamh orthu. Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún na rialacha riachtanacha gaolmhara cur chun feidhme a fhorbairt. |
(5) |
Á chur san áireamh go bhfuil seirbhísí ina ndéantar tionscnamh agus próiseáil sonraí agus formáidiú agus soláthar sonraí chun críche aerloingseoireachta éagsúil le seirbhísí SAL mar atá sainmhínithe i Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (4) ba cheart don Choimisiún ceanglais shonracha a fhorbairt agus iad oiriúnaithe do sheirbhísí den sórt sin. |
(6) |
Níorbh iomchuí go mbeadh na haeradróim uile faoi réir rialacha comhcoiteanna. Ba cheart, go háirithe, maidir le haeradróim nach bhfuil ar oscailt i gcomhair úsáide poiblí agus aeradróim a úsáidtear go formhór i gcomhair eitilte áineasa nó chun fónamh d’aeriompar tráchtála seachas i gcomhréir le nósanna imeachta um eitilt ionstraimíochta agus ag a bhfuil rúidbhealaí pábháilte ar lú ná 800 méadar a bhfad, go bhfanfaidís faoi rialú rialála na mBallstát gan aon oibleagáid a bheith ar Bhallstáit eile faoin Rialachán seo aitheantas a thabhairt do shocruithe náisiúnta den sórt sin. Ba cheart do na Ballstáit, áfach, bearta comhréireacha a dhéanamh chun leibhéal sábháilteachta na heitlíochta áineasa agus an aeriompair tráchtála uile a mhéadú i gcoitinne. Déanfaidh an Coimisiún, in am agus i dtráth, athscrúdú i dtaobh an raon feidhme a leathnú chuig aeradróim atá eisiata faoi láthair ar mhodh modúlach, agus tabharfaidh sé aird iomlán ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar aeradróim den sórt sin. |
(7) |
Agus an éagsúlacht mhór aeradróm agus leibhéal ard leithleachas a mbonneagar agus a dtimpeallacht á gcur san áireamh, ba cheart go ndéanfaí foráil leis na rialacha coiteanna sábháilteachta aeradróim maidir leis an tsolúbthacht atá riachtanach i ndáil le comhlíonadh saincheaptha, trí chothromaíocht chuí idir rialacha cur chun feidhme, sonraíochtaí deimhniúcháin agus modhanna inghlactha maidir le comhlíonadh. Ba cheart go mbeadh na rialacha sin comhréireach le méid, trácht, catagóir agus castacht an aeradróim agus le cineál agus líon na n-oibríochtaí a sheoltar ann, agus ar an gcaoi sin seachnófar ualaí maorlathacha agus eacnamaíocha nach bhfuil gá leo go háirithe aeradróim bheaga nach bhfuil ach trácht paisinéirí an-teoranta acu. |
(8) |
Ba cheart bonneagar agus oibríochtaí aeradróim a dheimhniú trí dheimhniú aonair. Féadfaidh Ballstáitbonneagar agus oibríochtaí aeradróim a dheimhniú go leithleach, áfach. Sa chás sin, ba cheart go soláthródh an t-údarás céanna na deimhnithe. Féadfaidh oibreoirí a oibríonn níos mó ná aeradróm amháin, agus a bhfuil oibríochtaí lárnacha cuí bunaithe acu, deimhniú aonair a iarraidh lena gclúdófaí na hoibríochtaí agus an bhainistíocht ag na haeradróim go léir atá faoina bhfreagracht. |
(9) |
Ba cheart táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, aeradróim agus a dtrealamh, oibreoirí atá bainteach le haeriompar tráchtála agus le hoibriú aeradróm, córais agus soláthraithe BAT/SAL, chomh maith le píolótaí agus rialtóirí aerthráchta, agus pearsana, táirgí agus eagraíochtaí atá bainteach lena n-oiliúint agus lena gcur faoi mheasúnú liachta, a bheith deimhnithe nó ceadúnaithe a luaithe a shuífear go gcomhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagfaidh an Comhphobal síos i gcomhréir le caighdeáin agus cleachtais mholta a socraíodh le Coinbhinsiún Chicago. Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún na rialacha cur chun feidhme a bhfuil gá leo a fhorbairt chun na coinníollacha maidir le heisiúint deimhnithe a bhunú nó chun na coinníollacha a bhunú maidir le dearbhú inniúlachta a chur in ionad an deimhnithe, agus na rioscaí a ghabhann leis na cineálacha éagsúla oibríochtaí nó seirbhísí á gcur san áireamh. |
(10) |
Níor cheart rialacha cur chun feidhme a bhaineann le dearadh, monarú agus cothabháil córas agus comhpháirteanna BAT/SAL, agus, chomh maith leis sin, a bhaineann le heagraíochtaí a dhéanann an dearadh, an monarú agus an chothabháil, a leagan síos ach amháin nuair a bhaineann siad le saincheisteanna is sonrach don tsábháilteacht arna sainaithint tar éis staidéar mionsonraithe um measúnú tionchair a dhéanamh. |
(11) |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tús a chur, in am trátha, le scrúdú ar an bhfeidearthacht agus ar an riachtanas a bhaineann le comhlachtaí creidiúnaithe a thabhairt isteach chun córais BAT/SAL a dheimhniú agus le meastóireacht ar na roghanna agus ar na tionchair uile a d’fhéadfadh a bheith ann. D’fhéadfadh an Coimisiún, i gcás inarbh iomchuí, togra a dhéanamh chun an Rialachán seo a athbhreithniú tuilleadh ar bhonn measúnaithe tionchair iomláin. |
(12) |
Faoi chóras institiúideach an Chomhphobail, is ar na Ballstáit go príomha atá an fhreagracht maidir le dlí an Chomhphobail a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, tá na cúraimí deimhniúcháin a éilítear faoin Rialachán seo agus faoi rialacha cur chun feidhme an Rialacháin seo le forghníomhú ar an leibhéal náisiúnta. I gcásanna áirithe a shaineofar go soiléir, áfach, ba cheart go gcumhachtófaí don Ghníomhaireacht cúraimí deimhniúcháin a sheoladh mar a shonraítear sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh cead ag an nGníomhaireacht, ar an ábhar céanna, na bearta is gá a bhaineann leis na réimsí atá clúdaithe leis an Rialachán seo a ghlacadh i gcás inarb é sin an modh is fearr chun an aonfhoirmeacht a áirithiú agus chun oibriú an mhargaidh inmheánaigh a éascú. |
(13) |
Ba cheart na rialacha cur chun feidhme atá le forbairt ag an nGníomhaireacht i réimse BAT/SAL a ullmhú i gcomhréir le torthaí phróiseas comhairliúcháin na Gníomhaireachta ar bhonn ar cheart a chur in oiriúint do gheallsealbhóirí nua, agus ba cheart go gcuirfidís le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san Aerspás Eorpach Aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (5), Rialachán CE Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san Aerspás Eorpach aonair (an Rialachán aerspáis) (6), Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta (an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht) (7), agus go háirithe Ceanglais Rialála Eurocontrol um Shábháilteacht mar atá arna dtrasuí. Ba cheart don Choimisiún rialacha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004. Ba cheart sásraí idirthréimhseacha a cheapadh chun foráil a dhéanamh maidir le leanúnachas na bhformheasanna a deonaíodh cheana féin faoi rialacha na Rialachán sin. |
(14) |
Áirítear forálacha maidir le roinnt feidhmeanna rialála BAT i Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, i Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus i Rialachán (CE) Uimh. 552/2004, amhail idir-inoibritheacht agus bainistiú sreabh aerthráchta agus an aerspáis ach gan a bheith teoranta dóibh sin. Baineann na réimsí sin uile le gnéithe sábháilteachta ar gá aghaidh a thabhairt orthu go cuí. Dá bhrí sin, le linn rialáil a dhéanamh ar na hábhair seo, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go gclúdófaí gnéithe sábháilteachta den sért seo go cuí trí chomhordú iomchuí a dhéanamh leis an nGníomhaireacht. |
(15) |
Is cuspóir ginearálta é go ndéanfaí aistriú feidhmeanna agus cúraimí ó na Ballstáit, lena n-áirítear na feidhmeanna agus na cúraimí sin a eascraíonn as an gcomhar idir na Ballstáit trí Choimisiún Rialála Sábháilteachta Eurocontrol, chuig an nGníomhaireacht a chur i gcrích ar bhealach éifeachtúil, gan aon laghdú ar na hardleibhéil sábháilteachta atá ann faoi láthair agus gan aon tionchar diúltach ar na sceidil deimhniúcháin. Ba cheart bearta iomchuí a ghlacadh chun foráil a dhéanamh maidir leis an athrú is gá. Ba cheart go mbeadh acmhainní leordhóthanacha ag an nGníomhaireacht maidir lena cúraimí nua agus ba cheart go mbeadh uainiú agus leithdháileadh na n-acmhainní sin bunaithe ar riachtanas sainmhínithe agus ar sceideal maidir le glacadh agus infheidhmeacht faoi seach na rialacha gaolmhara cur chun feidhme. |
(16) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), bunaítear creat cuí cuimsitheach chun ceanglais theicniúla choiteanna agus nósanna imeachta riaracháin coiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta a shainiú agus a chur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, go n-aisghairfí Treoir 2006/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le ceadúnas Comhphobail i gcomhair rialtóirí aerthráchta (9), ach sin gan dochar do dheimhniú nó do cheadúnú táirgí, pearsan agus eagraíochtaí a rinneadh cheana féin i gcomhréir leis an dTreoir sin. |
(17) |
Maidir le gairmeacha nach bhfuil clúdaithe faoin Rialachán seo a rialáil, ba cheart go gcoinneofaí inniúlacht na mBallstát maidir le ceanglais deimhniúcháin nó ceadúnúcháin an pheasanra, inter alia, a bhunú nó a chothabháil dá rogha féin. |
(18) |
Ba cheart na rialacha cur chun feidhme atá le forbairt ag an nGníomhaireacht i réimse BAT/SAL a fhorbairt i gcomhthéacs athbhreithnithe chuimsithigh ar na ceanglais sábháilteachta sa reachtaíocht faoin aerspás Eorpach aonair, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004. Chun dúblú i ndáil le ceanglais sábháilteachta atá infheidhme maidir le seirbhísí BAT/SAL a sheachaint agus, os a choinne sin, chun folús dlíthiúil gan ceanglais sábháilteachta infheidhme a sheachaint, ba cheart go mbeadh dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe ar an reachtaíocht faoin aerpás Eorpach aonair i gcomhréir leis na leasuithe ar na bearta nua sábháilteachta a dhéantar faoin Rialachán seo. |
(19) |
Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go nglacfaí iad i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún. (10) |
(20) |
Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le ceadúnú rialtóirí aerthráchta agus formheasanna gaolmhara, maidir le haeradróim agus oibríochtaí aeradróm, maidir le bainistiú aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta, agus maidir le deimhnithe gaolmhara, maoirseacht agus forfheidhmiú, agus go gcumhachtófaí dó rialachán a ghlacadh maidir le táillí agus muirir na Gníomhaireachta. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(21) |
Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát, d’fhéadfadh an Coimisiún, más gá, moltaí a dhéanamh don Chomhairle chun creat comhordúcháin a bhunú idir an Comhphobal agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) i ndáil le hiniúchtaí sábháilteachta, d’fhonn dúbailt a sheachaint agus ar mhaithe le hacmhainní a úsáid go héifeachtúil. |
(22) |
Agus rialacha sábháilteachta á ndréachtú, ba cheart don Ghníomhaireacht rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara uile a áirithiú. Ba cheart go mbeadh tuairimí ceaptha rialacha bunaithe ar chomhairliúchán lánscála leis na geallsealbhóirí go léir, lena n-áirítear na hoibreoirí is lú de chuid an tionscail, chomh maith lena mbunú ar mheasúnú cuí ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar na réimsí infheidhme. Mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, ba cheart go rachadh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le comhlacht comhairleach na bpáirtithe leasmhara sula ndéanfadh sí cinntí, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 leis seo mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 Raon feidhme 1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo leanas:
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
3. Áiritheoidh Ballstáit, a mhéid is indéanta, go gcuirfidh aon saoráidí míleata atá oscailte d’úsáid phoiblí agus dá dtagraítear i mír 2(b) nó seirbhísí a sholáthraíonn pearsanra míleata don phobal agus dá dtagraítear i mír 2(c), leibhéal sábháilteachta ar fáil atá chomh héifeachtach ar a laghad leis an leibhéal a éilitear leis na ceanglais bhunriachtanacha mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn Va agus in Iarscríbhinn Vb.’; |
2. |
Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
3. |
in Airteagal 4, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas: ‘3a. Maidir le haeradróim, lena n-áirítear trealamh, atá suite sa chríoch atá faoi réir fhorálacha an Chonartha, atá ar oscailt d’úsáid phoiblí agus a fhónann d’aeriompar tráchtála agus i gcás ina soláthraítear oibríochtaí a úsáideann nósanna imeachta ionstraimíochta i ndáil le teacht agus imeacht, agus
comhlíonfaidh siad an Rialachán seo. Comhlíonfaidh an pearsanra agus na heagraíochtaí a bhfuil baint acu le hoibriú na n-aeradróm sin an Rialachán seo. 3b. De mhaolú ar mhír 3a, féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh aeradróm a dhíolmhú ó fhorálacha an Rialacháin seo, ar aeradróm é:
Más rud é nach gcomhlíonfaidh díolúine den sórt sin ó Bhallstát cuspóirí sábháilteachta ginearálta an Rialacháin seo nó aon riail eile de chuid dhlí an Chomhphobail, glacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta coimirce dá dtagraítear in Airteagal 65(7) gan an díolúine i dtrácht a cheadú. I gcás den sórt sin, cúlghairfidh an Ballstát lena mbaineann an díolúine. 3c. Maidir le BAT/SAL a sholáthraítear in aerspás na críche a bhfuil feidhm ag an gConradh seo maidir leoleis, mar aon le haon aerspás eile ina ndéanann Ballstáit Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san Aerspás Eorpach aonair (an Rialachán aerspáis) (*2) a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 1(3) den Rialachán sin, comhlíonfaidh siad an Rialachán seo. Maidir le córais agus comhpháirteanna, pearsanra agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le BAT/SAL den sórt seo a sholáthar, comhlíonfaidh siad an Rialachán seo. |
4. |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, pointe (b) agus pointe (c):
|
5. |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Beidh gá le deimhniú i gcás gach feiste oiliúna insamhalta eitilte a úsáidfear chun píolótaí a oiliúint. Eiseofar an deimhniú nuair a bheidh sé léirithe ag an iarratasóir go gcomhlíonann an feiste na rialacha arna mbunú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.’; |
6. |
Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
7. |
cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: ‘Airteagal 8a Aeradróim 1. Comhlíonfaidh aeradróim agus trealamh aeradróim, mar aon le hoibriú aeradróm, na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn Va, agus, más infheidhme, in Iarscríbhinn Vb. 2. Déanfar comhlíonadh na gceanglas bunriachtanacha ag aeradróim, trealamh aeradróim agus oibriú aeradróm a shuíomh i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
3. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil forálacha i bhfeidhm chun aeradróim a choimirciú i gcoinne gníomhaíochtaí agus forbairtí sa limistéar thart orthu a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le rioscaí neamh-inghlactha ar aerárthaí a úsáideann an t-aeradróm. 4. Déanfaidh oibreoirí aeradróim faireachán ar ghníomhaíochtaí agus ar fhorbairtí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le rioscaí neamh-inghlactha ar an eitlíocht sa limistéar thart ar aeradróim agus, laistigh dá n-inniúlacht, déanfaidh siad bearta maolaitheacha, de réir mar is iomchuí. 5. Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de na ceanglais dá dtagraítear san Airteagal seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(4). Déanfar na nithe seo a leanas, go háirithe, a shonrú sna bearta sin:
6. Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 5:
Airteagal 8b BAT/SAL 1. Comhlíonfaidh soláthar BAT/SAL na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn Vb agus, a mhéid is indéanta, in Iarscríbhinn Va. 2. Beidh ceangal ar sholáthraithe BAT/SAL deimhniú a shealbhú. Eiseofar an deimhniú nuair a bheidh sé léirithe ag an soláthraí go bhfuil sé ar a chumas agus ar a acmhainn na freagrachtaí a ghabhann le pribhléidí an tsoláthraí a chomhall. Déanfar na pribhléidí a dheonaítear agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthrófar a shonrú ar an deimhniú. 3. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh cead ag soláthraithe seirbhísí faisnéise eitiltí a gcumas agus a n-acmhainn a dhearbhú maidir leis na freagrachtaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear a chomhall. 4. Féadfar, leis na bearta dá dtagraítear i mír 6, ceanglas deimhniúcháin a leagan síos maidir le heagraíochtaí a ghabhann do chórais agus do chomhpháirteanna BAT/SAL a dhearadh, a mhonarú agus a chothabháil, is córais agus comhpháirteanna is sonrach don tsábháilteacht. Eiseofar an deimhniú do na heagraíochtaí sin nuair a bheidh sé léirithe acu go bhfuil sé ar a gcumas agus ar a n-acmhainn na freagrachtaí a ghabhann lena gcuid pribhléidí a chomhall. Déanfar na pribhléidí a dheonaítear a shonrú ar an deimhniú. 5. Féadfar, leis na bearta dá dtagraítear i mír 6, ceanglas maidir le deimhniúcháin a leagan síos, nó de rogha air sin, ceanglas maidir le bailíochtú ag an soláthraí BAT/SAL, i ndáil le córais agus comhpháirteanna BAT/SAL is sonrach don tsábháilteacht. Eiseofar an deimhniú do na córais agus do na comhpháirteanna sin, nó bronnfar bailíochtú, nuair a bheidh sé léirithe ag an iarratasóir go gcomhlíonann na córais agus na comhpháirteanna na sonraíochtaí mionsonraithe arna mbunú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais bhunriachtanacha dá dtagraítear i mír 1. 6. Maidir leis na bearta is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhreir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004. Déanfar na nithe seo a leanas, go háirithe, a shonrú sna bearta sin:
7. Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 6:
Airteagal 8c Rialtóirí aerthráchta 1. Déanfaidh rialtóirí aerthráchta, chomh maith le daoine agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le hoiliúint, le tástáil, le seiceáil nó le measúnú liachta i dtaca le rialtóirí aerthráchta, na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn Vb a chomhlíonadh. 2. Beidh de cheangal ar rialtóirí aerthráchta ceadúnas agus deimhniú liachta a shealbhú atá oiriúnach don tseirbhís a sholáthraítear. 3. Ní eiseofar an ceadúnas dá dtagraítear i mír 2 ach amháin nuair a bheidh sé léirithe ag an iarratasóir ar an gceadúnas go gcomhlíonann sé nó sí na rialacha a bunaíodh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais bhunriachtanacha maidir le heolas teoiriciúil, scil phraiticiúil, inniúlacht teanga agus taithí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn Vb iad. 4. Ní eiseofar an deimhniú liachta dá dtagraítear i mír 2 ach amháin nuair a chomhlíonann an rialtóir aerthráchta na rialacha a bunaíodh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais bhunriachtanacha maidir le feidhmiúlacht liachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn Vb iad. Féadfaidh scrúdaitheoirí aerliachta nó ionaid aerliachta an deimhniú liachta a eisiúint. 5. Déanfar na pribhléidí a dheonófar don rialtóir aerthráchta agus raon feidhme an cheadúnais agus an deimhnithe liachta a shonrú ar an gceadúnas nó ar an deimhniú liachta sin. 6. Is trí dheimhniú a eisiúint a thabharfar aitheantas do chumas na n-eagraíochtaí a oiliúna rialtóirí aerthráchta, do chumas scrúdaitheoirí aerliachta agus do chumas ionad aerliachta na freagrachtaí a ghabhann lena gcuid pribhléidí a chomhall maidir le ceadúnais agus deimhnithe liachta a eisiúint. 7. Eiseofar deimhniú chuig eagraíochtaí oiliúna, chuig scrúdaitheoirí aerliachta agus chuig ionaid aerliachta i ndáil le rialtóirí aerthráchta a bhfuil léirithe acu go gcomhlíonann siad na rialacha arna mbunú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn Vb. Déanfar na pribhléidí a dheonaítear leis an deimhniú a shonrú air. 8. Maidir le daoine atá freagrach as oiliúint phraiticiúil a sholáthar nó as scil rialtóirí aerthráchta a mheas, sealbhóidh siad deimhniú. Eiseofar an deimhniú nuair a bheidh sé léirithe ag an duine lena mbaineann go gcomhlíonann sé nó sí na rialacha arna mbunú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn Vb. Déanfar na pribhléidí a dheonaítear leis an deimhniú a shonrú air. 9. Comhlíonfaidh feistí sintéiseacha oiliúna na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn Vb. 10. Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Airteagal seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(4). Déanfar na nithe seo a leanas, go háirithe, a shonrú sna bearta sin:
11. Léireoidh na bearta dá dtagraítear i mír 10 an úrscothacht, lena n-áirítear na cleachtais is fearr agus an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, i réimse oiliúint na rialtóirí aerthráchta. Forbrófar i dtosach iad ar bhonn fhorálacha Treoir 2006/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le ceadúnas Comhphobail i gcomhair rialtóirí aerthráchta (*5). (*3) IO L 96, 31.3.2004, lch. 10." |
8. |
Leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:
|
9. |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1): ‘1. Oibreoidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht i gcomhar le chéile d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus a rialacha cur chun feidhme.’ |
10. |
Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
11. |
cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 13: ‘Ní dhéanfaidh eintitis cháilithe deimhnithe a eisiúint.’; |
12. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus phointe (d) in Airteagal 18:
|
13. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) in Airteagal 19(2):
|
14. |
cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: ‘Airteagal 22a BAT/SAL Maidir le BAT agus SAL dá dtagraítear in Airteagal 4(3c), déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:
Airteagal 22b Deimhniúchán Rialtóirí Aerthráchta Maidir leis na daoine agus leis na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8c(1), déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:
|
15. |
cuirtear an dáta ‘30 Samhain’ in ionad an dáta ‘30 Meán Fómhair’ in Airteagal 33(2)(c); |
16. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 in Airteagal 44: ‘1. Féadfar achomharc a thionscnamh in aghaidh cinntí de chuid na Gníomhaireachta arna nglacadh de bhun Airteagail 20, 21, 22, 22a, 22b, 23, 55 nó 64.’; |
17. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 in Airteagal 50: ‘2. Ní fhéadfar caingne chun neamhniú a dhéanamh ar chinntí de chuid na Gníomhaireachta, arna nglacadh de bhun Airteagail 20,21, 22, 22a, 22b, 23, 55 nó 64, a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ach amháin tar éis úsáid a bheith bainte as na nósanna imeachta achomhairc uile laistigh den Ghníomhaireacht.’; |
18. |
Leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:
|
19. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte i mír 1 d’Airteagal 55: ‘Féadfaidh an Ghníomhaireacht féin na himscrúduithe uile is gá a dhéanamh ar ghnóthais i gcomhréir le hAirteagail 7, 20, 21, 22, 22a, 22b, 23 agus 24(2) a sheoladh nó féadfaidh sí iad a shannadh chuig údaráis náisiúnta eitlíochta nó ar eintitis cháilithe.’; |
20. |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 65a Leasuithe I gcomhréir le forálacha an Chonartha, molfaidh an Coimisiún go ndéanfar leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, ar Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, ar Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus ar Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 chun ceanglais an Rialacháin seo a chur san áireamh.’; |
21. |
cuirfear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn V: ‘Critéir le haghaidh eintiteas cáilithe dá dtagraítear in Airteagal 13 (“eintiteas cáilithe” nó “eintiteas”)’; |
22. |
Cuirtear isteach Iarscríbhinn Va agus Iarscríbhinn Vb mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Aisghairtear leis seo Treoir 2006/23/CE.
Leanfaidh forálacha Threoir 2006/23/CE d’fheidhm a bheith acu, ar bhonn idirthréimhseach, go dtí dáta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 8c(10) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, arna leasú leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Déanfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8a(5) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, arna leasú leis an Rialachán seo, a ghlacadh roimh an 31 Nollaig 2013. Beidh feidhm ag Airteagal 8a ó na dátaí a shonraítear sna bearta sin.
Déanfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8b(6) agus in Airteagal 8c(10) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, arna leasú leis an Rialachán seo, a ghlacadh roimh an 31 Nollaig 2012. Beidh feidhm ag Airteagal 8b agus ag Airteagal 8c ó na dátaí a shonraítear sna bearta sin.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 21 Deireadh Fómhair 2009.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. MALMSTRÖM
(1) IO C 182, 4.8.2009, lch. 50.
(2) IO C 120, 28.5.2009, lch. 52.
(3) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2009.
(4) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.
(5) IO L 96, 31.3.2004, lch. 10.
(6) IO L 96, 31.3.2004, lch. 20.
(7) IO L 96, 31.3.2004, lch. 26.
(8) IO L 79, 19.3.2008, lch. 1.
(9) IO L 114, 27.4.2006, lch. 22.
(10) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN Va
CEANGLAIS FHÍOR-RIACHTANACHA MAIDIR LE HAERADRÓIM
A — Saintréithe fisiceacha, bonneagar agus trealamh
1. Limistéar gluaiseachta
(a) |
Beidh limistéar ainmnithe i ngach aeradróm ina bhféadfaidh aerárthaí tuirlingt agus éirí de thalamh, is limistéar a chomhlíonfaidh na coinníollacha seo a leanas:
|
(b) |
Sa chás go mbeidh níos mó ná limistéar ainmnithe amháin tuirlingthe agus éirí de thalamh ann, beidh siad leagtha amach sa chaoi is nach gcruthófar riosca do-ghlactha d’oibríochtaí na n-aerárthaí. |
(c) |
Beidh an limistéar ainmnithe tuirlingthe agus éirí de thalamh mórthimpeallaithe ag limistéir shainithe. Is éard atá beartaithe leis na limistéir seo aerárthaí a bheidh ag eitilt os a gcionn a chosaint le linn oibríochtaí éirí de thalamh nó oibríochtaí tuirlingthe nó na hiarmhairtí a mhaolú i gcás gearrthuirlingthe, nó i gcás imeacht ó thaobh nó imeacht ó dheireadh an limistéir éirí de thalamh agus tuirlingthe, agus comhlíonfaidh na limistéir sin na coinníollacha seo a leanas:
|
(d) |
Déanfar na limistéir sin in aeradróm, mar aon lena ngarthimpeallachtaí, a bheidh in úsáid ag aerárthaí agus iad á n-innliú nó á bpáirceáil, a dhearadh ionas go bhféadfar na haerárthaí a bhfuiltear ag súil ina leith go n-úsáidfidh siad an tsaoráid áirithe lena mbaineann a oibriú go sábháilte faoi na dálaí go léir a bhfuil pleanáil déanta ina leith agus sásóidh siad na coinníollacha seo a leanas:
|
(e) |
Déanfar bonneagar eile atá beartaithe chun críocha úsáide na n-aerárthaí a dhearadh sa chaoi is nach gcruthóidh úsáid an bhonneagair sin riosca do-ghlactha do na haerárthaí a bheidh á n-úsáid. |
(f) |
Beidh déanmhais, foirgnimh, limistéir threalaimh nó réimsí stórála lonnaithe agus deartha sa chaoi is nach gcruthófar riosca do-ghlactha d’oibríochtaí na n-aerárthaí. |
(g) |
Déanfar meáin oiriúnacha a sholáthar ionas nach bhféadfaidh daoine neamhúdaraithe, feithiclí neamhúdaraithe ná ainmhithe atá mór a ndóthain chun riosca do-ghlactha a chruthú d’oibríochtaí aerárthaí dul isteach sa limistéar gluaiseachta, ach sin gan dochar d’fhorálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le cosaint ainmhithe. |
2. Glanspásanna ó chonstaicí
(a) |
Déanfar bealaí nó limistéir isteach agus amach a bhunú chun aerárthaí atá ar tí tuirlingt in aeradróm, nó ar tí imeacht ó aeradróm a chosaint. Déanfaidh na bealaí nó na limistéir sin an glanspás riachtanach ó chonstaicí atá lonnaithe sa cheantar timpeall ar an aeradróm a sholáthar agus lánaird á tabhairt ar na saintréithe fisiciúla áitiúla. |
(b) |
Beidh na glanspásanna sin ó chonstaicí oiriúnach don chéim den eitilt agus don chineál oibríochta atá á cur i gcrích. Déanfar an trealamh atá á úsáid chun suíomh an aerárthaigh a dhéanamh amach a chur san áireamh freisin. |
3. Áiseanna amhairc agus neamhamhairc agus trealamh aeradróim
(a) |
Beidh na háiseanna oiriúnach don chuspóir atá beartaithe dóibh, beidh siad inaitheanta agus déanfaidh siad faisnéis gan athbhrí a sholáthar d’úsáideoirí faoi na dálaí oibríochta go léir atá beartaithe. |
(b) |
Feidhmeoidh an trealamh aeradróim mar a bheidh beartaithe faoi na dálaí oibríochta réamh-mheasta. Ní dhéanfaidh trealamh aeradróim riosca do-ghlactha a chruthú do shábháilteacht eitlíochta faoi dhálaí oibríochta ná i gcás teipe. |
(c) |
Déanfar na háiseanna agus a gcóras soláthair cumhachta leictreachais a dhearadh sa chaoi is nach mbeidh sé mar thoradh orthu, i gcás teipe, go dtabharfar faisnéis mhí-oiriúnach, mhíthreorach nó uireasach d’úsáideoirí ná go gcuirfear isteach ar sheirbhís fhíor-riachtanach. |
(d) |
Déanfar meáin oiriúnacha cosanta a sholáthar chun damáiste d’áiseanna den sórt sin, nó cur isteach orthu, a sheachaint. |
(e) |
Ní chuirfidh foinsí radaíochta ná nithe gluaiseachta ná nithe seasta isteach ar fheidhmíocht na gcóras cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais aerloingseoireachta. |
(f) |
Déanfar faisnéis faoi oibriú agus faoi úsáid trealaimh aeradróim a chur ar fáil don fhoireann ábhartha, lena n-áireofar cur síos soiléir ar na dálaí a d’fhéadfadh rioscaí do-ghlactha a chruthú maidir le sábháilteacht eitlíochta. |
4. Sonraí aeradróim
(a) |
Déanfar sonraí ábhartha maidir leis an aeradróm agus leis na seirbhísí atá ar fáil a bhunú agus a choimeád cothrom le dáta. |
(b) |
Beidh na sonraí cruinn, inléite, iomlán agus gan athbhrí. Déanfar leibhéil chuí sláine a choimeád. |
(c) |
Déanfar na sonraí a chur ar fáil do na húsáideoirí agus do na soláthraithe ábhartha ANS ar shlí thráthúil, agus modh cumarsáide atá slán agus gasta á úsáid. |
B — Oibríochtaí agus bainistiú
1. Is é an t-oibreoir aeradróim atá freagrach as oibriú an aeradróim. Seo a leanas freagrachtaí an oibreora aeradróim:
(a) |
beidh an acmhainn is gá ag an oibreoir aeradróim, go díreach nó faoi chonarthaí, chun oibriú sábháilte na n-aerárthaí ag an aeradróm a áirithiú. Áireofar ar na hacmhainní sin saoráidí, pearsanra, trealamh agus ábhar, doiciméadacht cúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin; |
(b) |
déanfaidh an t-oibreoir aeradróim a fhíorú go mbeidh ceanglais Roinn A á gcomhlíonadh i gcónaí nó glacfaidh sé bearta iomchuí chun na rioscaí a bhaineann le neamhchomhlíonadh a mhaolú. Déanfar nósanna imeachta a bhunú agus a chur i bhfeidhm chun na húsáideoirí go léir a chur ar an eolas ar shlí thráthúil maidir le bearta den sórt sin; |
(c) |
bunóidh an t-oibreoir aeradróim clár oiriúnach aeradróim maidir le bainistiú riosca ar fhiadhúlra agus cuirfidh sé an clár sin chun feidhme; |
(d) |
áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim go ndéanfar gluaiseacht feithiclí agus gluaiseacht daoine sa limistéar gluaiseachta agus i limistéir eile oibríochta a chomhordú i gcomhar le gluaiseachtaí aerárthaí d’fhonn imbhuailtí nó damáiste d’aerárthaí a sheachaint; |
(e) |
áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim go mbunófar nósanna imeachta, más iomchuí, chun go maolófar na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí aeradróim a tharlaíonn sa gheimhreadh, le linn drochaimsire, nuair a bhíonn laghdú ar léargas agus ar infheictheacht nó san oíche, agus go gcuirfear na nósanna imeachta sin chun feidhme; |
(f) |
déanfaidh an t-oibreoir aeradróim socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha seo a bhaineann le haeradróim ar bhonn leanúnach. Beidh ar áireamh i measc na n-eagraíochtaí seo, ach gan a bheith teoranta dóibh, oibreoirí aerárthaí, soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, soláthraithe seirbhísí láimhseála ar an talamh agus eagraíochtaí eile a bhféadfadh a ngníomhaíochtaí nó a dtáirgí difear a dhéanamh do shábháilteacht aerárthaí; |
(g) |
áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim, bíodh sin uaidh féin nó trí chonarthaí le tríú páirtithe, go mbeidh nósanna imeachta ann chun breosla nach bhfuil éillithe agus atá ceart de réir na sonraíochta a sholáthar d’aerárthaí; |
(h) |
cuirfear lámhleabhair maidir le cothabháil trealaimh aeradróim ar fáil, beidh na lámhleabhair sin i bhfeidhm i gcleachtas agus clúdófar iontu treoracha cothabhála agus deisiúcháin, faisnéis maidir le seirbhísiú, fabhtcheartú agus nósanna imeachta cigireachta; |
(i) |
bunóidh an t-oibreoir aeradróim plean éigeandála don aeradróm, lena gclúdófar cásanna éigeandála a d’fhéadfadh titim amach ag an aeradróm nó ina thimpeallacht, agus cuirfidh sé an plean sin chun feidhme. Déanfar an plean sin a chomhordú, de réir mar is cuí, i gcomhar le plean éigeandála an phobail áitiúil; |
(j) |
áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim go soláthrófar seirbhísí tarrthála agus dóiteáin aeradróim leormhaithe. Déanfaidh na seirbhísí sin freagairt do theagmhas nó do thionóisc go pras agus cuimseoidh siad, ar a laghad, trealamh, oibreáin mhúchta dóiteáin agus líon dóthanach pearsanra; |
(k) |
déanfaidh an t-oibreoir aeradróim pearsanra cuícháilithe agus cuí-oilte, agus iad sin amháin, a fhostú i gcomhair oibríochtaí aeradróim agus oibríochtaí cothabhála agus déanfaidh sé cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a chothabháil chun a áirithiú go leanfaidh an pearsanra ábhartha uile de bheith inniúil; |
(l) |
áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim go mbeidh aon duine a gceadaítear rochtain gan tionlacan dó ar limistéar gluaiseachta nó ar limistéir oibríochta eile cuí-oilte agus cuícháilithe le haghaidh na rochtana sin; |
(m) |
beidh an pearsanra tarrthála agus an pearsanra comhraic dóiteáin cuí-oilte agus cuícháilithe chun oibriú i dtimpeallacht aeradróim. Déanfaidh an t-oibreoir aeradróim cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a chothabháil chun a áirithiú go leanfaidh an pearsanra seo de bheith inniúil; agus |
(n) |
déanfaidh an pearsanra tarrthála agus an pearsanra comhraic dóiteáin go léir, a bhféadfadh sé go mbeadh gá leo gníomhú in éigeandálaí eitlíochta, a bhfeidhmiúlacht liachta chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go sásúil a léiriú go tráthrialta, agus cineál na gníomhaíochta á chur san áireamh. Sa chomhthéacs seo, ciallaíonn feidhmiúlacht liachta, lena gcuimsítear feidhmiúlacht fhisiceach agus mheabhrach, nach bhfuil aon ghalar ná aon mhíchumas ar an duine seo den phearsanra a d’fhágfadh nach mbeadh sé in ann:
|
2. Córais bhainistíochta
(a) |
Déanfaidh an t-oibreoir aeradróim córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a chothabháil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha seo le haghaidh aeradróm agus beidh sé mar aidhm ag an gcóras sin feabhas leanúnach agus forghníomhach a chur ar shábháilteacht. Áireofar struchtúir eagrúcháin, cuntasacht, freagrachtaí, beartais agus nósanna imeachta sa chóras bainistíochta. |
(b) |
Áireofar clár um chosc ar thionóiscí agus ar theagmhais, lena n-áirítear scéim thuairiscithe agus anailísithe teagmhas, sa chóras bainistíochta. Beidh na páirtithe atá liostaithe i bpointe 1(f) thuas, de réir mar is cuí, i gceist san anailís sin. |
(c) |
Déanfaidh an t-oibreoir aeradróim lámhleabhar a fhorbairt don aeradróm agus oibreoidh sé i gcomhréir leis an lámhleabhar sin. Beidh sna lámhleabhair sin na treoracha, an fhaisnéis agus na nósanna imeachta uile is gá don aeradróm, don chóras bainistíochta agus chun gur féidir leis an bpearsanra oibríochtaí a gcuid dualgas a chomhlíonadh. |
C — Timpeallachtaí aeradróim
1. |
Déanfar an t-aerspás timpeall ar limistéir gluaiseachta aeradróim a chosaint ó chonstaicí ionas go bhféadfar na hoibríochtaí aerárthaí atá beartaithe a dhéanamh ag na haeradróim gan riosca do-ghlactha a chruthú mar thoradh ar chonstaicí a thiocfadh chun cinn mórthimpeall an aeradróim. Déanfar dromchlaí faireacháin constaicí a fhorbairt agus a chur chun feidhme, dá bhrí sin, agus déanfar faireachán orthu go leanúnach chun aon chur isteach ar na dromchlaí sin a shainaithint.
|
2. |
Déanfar faireachán ar ghuaiseacha a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine agus le húsáid talún, amhail na míreanna ar an liosta seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. Déanfar an riosca a chruthóidh siad a mheasúnú agus a mhaolú de réir mar is iomchuí:
|
3. |
Déanfar plean éigeandála an phobail áitiúil a bhunú i gcomhair cásanna éigeandála eitlíochta a d’fhéadfadh teacht chun cinn i limistéar áitiúil an aeradróim. |
D — Eile
Ní bhainfidh aerárthaí nach bhfuil dearadh agus nósanna imeachta oibríochta an aeradróim sin beartaithe dóibh i gcoitinne úsáid as aeradróm ná codanna den aeradróm céanna ach amháin i gcásanna éigeandála aerárthaigh, nuair a chuirtear aerárthach ar mhalairt slí chuig aeradróm eile, nó faoi dhálaí eile a bheidh sonraithe i ngach cás ar leith.
IARSCRÍBHINN Vb
CEANGLAIS FHÍOR-RIACHTANACHA MAIDIR LE BAT/SAL AGUS RIALTÓIRÍ AERTHRÁCHTA
1. Úsáid an Aerspáis
(a) |
Déanfar gach aerárthach, seachas na haerárthaí sin atá ag gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a), le linn gach céim den eitilt nó le linn dóibh a bheith ar limistéar gluaiseachta aeradróim, a oibriú i gcomhréir le comhrialacha ginearálta oibríochta agus i gcomhréir le haon nós imeachta infheidhme a bheidh sonraithe maidir le húsáid an aerspáis sin. |
(b) |
Beidh gach aerárthach, seachas na haerárthaí sin atá ag gabháil do na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a), feistithe leis na comhpháirteanna is gá agus oibreofar dá réir iad. Comhlíonfaidh na comhpháirteanna a úsáidtear sa chóras BAT/SAL na ceanglais i bpointe 3 freisin. |
2. Seirbhísí
(a) Faisnéis aerloingseoireachta agus sonraí d’úsáideoirí aerspáis chun críche aerloingseoireachta
(i) |
Beidh na sonraí a úsáidfear mar fhoinse faisnéise aerloingseoireachta de cháilíocht leordhóthanach, iomlán agus cothrom le dáta agus soláthrófar iad ar shlí thráthúil. |
(ii) |
Beidh an fhaisnéis aerloingseoireachta cruinn, iomlán, cothrom le dáta, gan athbhrí agus slán a dhóthain agus beidh sí i bhformáid a bheidh oiriúnach d’úsáideoirí. |
(iii) |
Déanfar faisnéis aerloingseoireachta den sórt sin a scaipeadh ar úsáideoirí aerspáis ar shlí thráthúil agus bainfear úsáid as modh cumarsáide a bheidh iontaofa agus gasta a dhóthain, ar modh é a bheidh cosanta ó chur isteach agus ó éilliú. |
(b) Faisnéis mheitéareolaíochta
(i) |
Beidh na sonraí a úsáidfear mar fhoinse faisnéise meitéareolaíochta aerloingseoireachta de cháilíocht leordhóthanach, iomlán agus cothrom le dáta. |
(ii) |
A mhéid is féidir, beidh an fhaisnéis mheitéareolaíochta aerloingseoireachta cruinn, iomlán, cothrom le dáta, slán a dhóthain agus gan athbhrí d’fhonn riachtanais úsáideoirí an aerspáis a chomhlíonadh. |
(iii) |
Déanfar faisnéis mhéitéareolaíochta aerloingseoireachta den sórt sin a scaipeadh ar úsáideoirí aerspáis ar shlí thráthúil agus bainfear úsáid as modh cumarsáide iontaofa a dhóthain agus gasta a bheidh cosanta ó chur isteach agus ó éilliú. |
(c) Seirbhísí aerthráchta
(i) |
Beidh na sonraí a úsáidfear mar fhoinse chun seirbhísí aerthráchta a sholáthar ceart, iomlán agus cothrom le dáta; |
(ii) |
Beidh na seirbhísí aerthráchta cruinn, iomlán, cothrom le dáta agus gan athbhrí a ndóthain chun riachtanais sábháilteachta na n-úsáideoirí a chomhlíonadh. |
(iii) |
Déanfar uirlisí uathoibrithe a thugann faisnéis nó comhairle d’úsáideoirí a dhearadh, a mhonarú agus a chothabháil go cuí chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach don sprioc atá leo; |
(iv) |
Forálfaidh seirbhísí rialaithe aerthráchta agus próisis ghaolmhara do spás leormhaith idir aerárthaí agus, i gcás ionarb iomchuí, cabhróidh siad lena gcosaint ar chonstaicí agus ar ghuaiseanna aerbheirthe eile agus áiritheoidh siad go ndéanfar comhordú pras agus tráthúil i gcomhar leis na húsáideoirí ábhartha go léir agus leis na méideanna aerspáis cóngaracha go léir; |
(v) |
Beidh an chumarsáid idir na seirbhísí aerthráchta agus aerárthaí agus idir na haonaid ábhartha seirbhísí aerthráchta tráthúil, soiléir, ceart agus gan athbhrí agus beidh siad cosanta ó chur isteach agus beidh siad sothuigthe gan dua agus, más infheidhme, aitheanta ag na gníomhairí go léir lena mbaineann; |
(vi) |
Beidh modhanna ann chun cásanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath agus, nuair is cuí, chun gníomhaíocht chuardaigh agus tarrthála éifeachtach a chur ar bun. Cuimseoidh na modhanna sin, ar a laghad ar bith, meicníochtaí cuí rabhaidh, bearta agus nósanna imeachta comhordaithe, modhanna agus pearsanra chun an réimse freagrachta a chuimsiú go héifeachtúil; |
(d) Seirbhísí cumarsáide
Déanfaidh na seirbhísí cumarsáide feidhmíocht leordhóthanach a bhaint amach agus a chothabháil chomh fada agus a bhaineann lena n–infhaighteacht, lena sláine, lena leanúnachas agus lena dtráthúlacht. Beidh siad gasta agus cosanta ó éilliú.
(e) Seirbhís aerloingseoireachta
Déanfaidh an tseirbhís aerloingseoireachta leibhéal leordhóthanach feidhmíochta a bhaint amach agus a chothabháil maidir le treoir, aimsiú suímh agus, nuair atá sé ar fáil, faisnéis uainiúcháin. Áirítear ar na critéir feidhmíochta beachtas, sláine, infhaighteacht agus leanúnachas na seirbhíse.
(f) Seirbhís faireachais
Déanfaidh na seirbhísí faireachais amach cá bhfuil suímh na n-aerárthaí faoi seach atá san aer, mar aon le suímh aerárthaí eile agus feithiclí talún ar dhromchla an aeradróim, agus déanfaidh siad an méid sin ar leibhéal feidhmíochta leordhóthanach chomh fada agus a bhaineann le beachtas, sláine, leanúnachas agus dóchúlacht brathadóireachta na suíomh sin.
(g) Bainistiú na sreibhe aerthráchta
Úsáidfidh agus soláthróidh an bainistiú oirbheartaíochta ar shreabha aerthráchta ar leibhéal an Chomhphobail faisnéis atá beacht a dhóthain agus cothrom le dáta faoi mhéid agus faoi chineál an aerthráchta bheartaithe a dhéanfaidh difear do sholáthar seirbhísí agus déanfaidh sé comhordú agus caibidlíocht ar athródú nó moilliú na sreabh aerthráchta d’fhonn an riosca go dtarlódh ró-ualú san aer nó sna haeradróim a laghdú;
(h) Bainistiú an aerspáis
Maidir le méideanna sonracha aerspáis a ainmniú chun críche usáide áirithe, déanfar faireachán ar an ainmniú sin agus déanfar é a chomhordú agus a fhógairt ar shlí thráthúil d’fhonn go ndéanfaí an riosca go gcaillfí aon spás idir aerárthaí i ngach uile chúinse a laghdú;
(i) Dearadh an aerspáis
Déanfar struchtúir aerspáis agus nósanna imeachta eitiltí a dhearadh go cuí agus déanfar suirbhéireacht go cuí orthu agus déanfar iad a bhailíochtú go cuí sula bhféadfar iad a imlonnú agus sula bhféadfaidh aerárthaí iad a úsáid.
3. Córais agus comhpháirteanna
(a) Ginearálta
Maidir leis na córais agus na comhpháirteanna BAT/SAL a sholáthraíonn faisnéis ghaolmhar don aerárthach agus ón aerárthach agus ar an talamh, beidh siad deartha, monaraithe, suiteáilte, cothabháilte agus oibrithe go cuí chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach don chuspóir atá beartaithe dóibh.
(b) Sláine, feidhmíocht agus iontaofacht na gcóras agus na gcomhpháirteanna
Maidir le sláine na gcóras agus na gcomhpháirteanna agus maidir lena bhfeidhmíocht ó thaobh na sábháilteachta de, cibé ar aerárthach, ar an talamh nó sa spás, beidh siad oiriúnach don chuspóir atá beartaithe dóibh. Déanfaidh siad an leibhéal feidhmíochta oibríochta is gá maidir lena gcoinníollacha intuartha oibríochta go léir agus maidir lena saol oibríochta iomlán a chomhlíonadh.
(c) Córais agus comhpháirteanna a dhearadh
(i) |
Déanfar córais agus comhpháirteanna a dhearadh chun go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais sábháilteachta is infheidhme; |
(ii) |
Maidir le córais agus le comhpháirteanna, arna mbreithniú i dteannta a chéile, ar leithligh agus ag féachaint don ghaol atá eatarthu, déanfar iad a dhearadh sa chaoi is go mbeidh gaol inbhéartach ann idir an dóchúlacht gur cliseadh ar an gcóras iomlán a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar aon chliseadh agus déine a éifeachta ar shábháilteacht na seirbhísí; |
(iii) |
Déanfar na teorainneacha a bhaineann le hinniúlachtaí agus feidhmíocht an duine a chur san áireamh agus na córais agus na comhpháirteanna, arna mbreithniú ar leithligh agus i gcomhcheangal lena chéile, á ndearadh; |
(iv) |
Déanfar na córais agus na comhpháirteanna a dhearadh sa chruth agus go gcosnófar iad ó idirghníomhaíochtaí dochracha neamhbheartaithe le gnéithe seachtracha; |
(v) |
Déanfar faisnéis atá riachtanach chun na córais agus na comhpháirteanna a mhonarú, a shuiteáil, a oibriú agus a chothabháil, mar aon le faisnéis maidir le coinníollacha neamhshábháilte, a chur ar fáil do phearsanra ar bhealach soiléir, comhsheasmhach agus gan athbhrí; |
(d) Leibhéal leanúnach seirbhíse
Déanfar leibhéil sábháilteachta na gcóras agus na gcomhpháirteanna a chothabháil le linn seirbhíse agus tráth a ndéantar aon mhodhnuithe ar an tseirbhís;
4. Cáilíochtaí rialtóirí aerthráchta
(a) Ginearálta
Beidh duine a bhfuil oiliúint á chur air mar rialtóir aerthráchta nó mar ábhar rialtóra aerthráchta chomh haibí ó thaobh oideachais, coirp agus meabhrach de chun go mbeidh sé in ann an t-eolas ábhartha teoiriciúil agus an scil phraiticiúil a shealbhú, a choimeád agus a léiriú.
(b) Eolas teoiriciúil
(i) |
Déanfaidh rialtóir aerthráchta leibhéal eolais a shealbhú agus a chothabháil, ar leibhéal eolais é a oirfidh do na feidhmeanna a dhéanfar agus a bheidh i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann leis an gcineál seirbhíse a shealbhú agus a chothabháil; |
(ii) |
Léireofar go bhfuil eolas teoiriciúil á shealbhú agus á choimeád trí mheasúnú leanúnach le linn na hoiliúna, nó trí scrúduithe iomchuí; |
(iii) |
Déanfar leibhéal iomchuí eolais theoiriciúil a chothabháil. Léireofar go bhfuil sé sin á chomhlíonadh trí mheasúnuithe rialta nó trí scrúduithe rialta. Beidh rialtacht na scrúduithe i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an gcineál seirbhíse i dtrácht; |
(c) Scil phraiticiúil
(i) |
Gheobhaidh agus cothabhálfaidh rialtóir aerthráchta na scileanna praiticiúla is iomchuí chun a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a chur i gcrích. Beidh na scileanna sin i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann leis an gcineál seirbhíse agus déanfaidh siad, más iomchuí i gcás na bhfeidhmeanna a fheidhmeofar, an méid seo a leanas a chumhdach:
|
(ii) |
Léireoidh rialtóir aerthráchta go bhfuil sé ar a chumas na nósanna imeachta agus na cúraimí gaolmhara a chur i gcrích de réir leibhéil inniúlachta is iomchuí do na feidhmeanna a fheidhmítear. |
(iii) |
Déanfar leibhéal sásúil inniúlachta i scil phraiticiúil a chothabháil. Fíordheimhneofar go bhfuil sé sin á chomhlíonadh trí mheasúnuithe rialta. Beidh minicíocht na measúnuithe seo i gcomhréir leis an gcastacht agus leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an gcineál seirbhíse agus leis na cúraimí a chomhlíontar. |
(d) Inniúlacht teanga
(i) |
Léireoidh rialtóir aerthráchta go bhfuil sé ar a chumas Béarla a labhairt agus a thuiscint a dhóthain chun go mbeidh sé nó sí ábalta cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i gcásanna guthchumarsáide amháin (guthán/raidió-theileafón) agus i gcásanna cumarsáide ‘duine le duine’ i dtaobh ábhar nithiúil agus ábhar a bhaineann leis an obair, lena n-áirítear cásanna éigeandála. |
(ii) |
Sa chás go mbíonn gá leis chun seirbhís rialaithe ATS a sholáthar, beidh ar chumas rialtóra aerthráchta an teanga náisiúnta nó na teangacha náisiúnta a labhairt agus a thuiscint go dtí an leibhéal a bhfuil tuairisc tugtha thuas air. |
(e) Feistí sintéiseacha (STD)
Nuair a bhaintear úsáid as STD chun oiliúint phraiticiúil a thabhairt san fheasacht ar dhálaí éagsúla agus i dtosca an duine nó chun a léiriú go bhfuil scileanna faighte nó cothabháilte, beidh leibhéal feidhmíochta ag an bhfearas sin le go bhféadfar samhaltú leordhóthanach a dhéanamh ar an timpeallacht oibre agus ar na dálaí oibríochta atá oiriúnach don oiliúint atá á soláthar.
(f) Cúrsa oiliúna
(i) |
Tabharfar an oiliúint i bhfoirm cúrsa oiliúna, ina bhféadfar teagasc teoiriciúil agus teagasc praiticiúil a chuimsiú, lena n-áirítear oiliúint ar STD, más infheidhme. |
(ii) |
Déanfar cúrsa a shainiú agus a fhormheas i gcomhair gach cineál oiliúna. |
(g) Teagascóirí
(i) |
Is teagascóirí cuícháilithe amháin a thabharfaidh teagasc teoiriciúil. Maidir leis na teagascóirí seo:
|
(ii) |
Is teagascóirí cuícháilithe, a mbeidh na cáilíochtaí seo a leanas acu, a dhéanfaidh scileanna praiticiúla a theagasc:
|
(iii) |
Beidh teagascóirí i scileanna praiticiúla i dteideal gníomhú mar rialtóirí aerthráchta freisin, nó ní mór go raibh siad i dteideal gníomhú amhlaidh tráth. |
(h) Measúnóirí
(i) |
Maidir leis na daoine a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh ar scil na rialtóirí aerthráchta:
|
(ii) |
Beidh measúnóirí ar scileanna praiticiúla i dteideal gníomhú mar rialtóirí aerthráchta sna réimsí ina bhfuil an measúnú le déanamh, nó ní mór go raibh siad i dteideal gníomhú amhlaidh tráth. |
(i) Feidhmiúlacht liachta rialtóra aerthráchta
(i) Critéir liachta
i. |
Beidh ar gach rialtóir aerthráchta a fheidhmiúlacht liachta chun a fheidhmeanna a fheidhmiú go sásúil a léiriú go tráthrialta. Déanfar comhlíonadh a léiriú trí mheasúnú iomchuí trína gcuirfear an meath meabhrach agus fisiceach a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr aoise san áireamh; |
ii. |
Maidir le feidhmiúlacht liachta a léiriú, arb éard atá ann feidhmiúlacht fhisiceach agus mheabhrach, áireofar ann gur léiríodh nach bhfuil aon ghalar ná aon mhíchumas ar an duine a sholáthraíonn seirbhís aerthráchta (ATC), a d’fhágfadh nach mbeadh sé in ann:
|
(ii) I gcás nach féidir feidhmiúlacht liachta a léiriú go hiomlán, féadfar bearta maolaithe a chur i bhfeidhm lena gcuirfear sábháilteacht choibhéiseach ar fáil.
5. Soláthraithe seirbhísí agus eagraíochtaí oiliúna
(a) Ní rachfar i mbun soláthair seirbhísí mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(i) |
beidh an acmhainn is gá le haghaidh scála agus raon na seirbhíse ag an soláthraí seirbhíse, go díreach nó go hindíreach trí chonarthaí. Ar na hacmhainní sin, beidh na hacmhainní seo a leanas, cé nach mbeidh siad teoranta dóibh sin amháin: córais, saoráidí, lena n-áirítear soláthar cumhachta, struchtúr bainistíochta, pearsanra, trealamh agus cothabháil an trealaimh sin, doiciméadacht ar chúraimí, ar fhreagrachtaí agus ar nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead; |
(ii) |
déanfaidh an soláthraí seirbhíse lámhleabhair bhainistíochta agus lámhleabhair oibríochtaí a fhorbairt agus a choimeád cothrom le dáta maidir le soláthar a chuid seirbhísí agus beidh air oibriú i gcomhréir leis na lámhleabhair sin. Beidh sna lámhleabhair sin na treoracha uile, an fhaisnéis uile agus na nósanna imeachta uile is gá do na hoibríochtaí, don chóras bainistíochta agus chun gur féidir leis an bpearsanra oibríochtaí a gcuid dualgas a chomhlíonadh; |
(iii) |
déanfaidh an soláthraí seirbhíse córas bainistíochta riosca–bhunaithe a chur chun feidhme agus a chothabháil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha atá san Iarscríbhinn seo agus beidh sé mar aidhm ag an soláthraí feabhsúchán leanúnach gníomhach a chur ar an gcóras sin; |
(iv) |
is pearsanra cuícháilithe agus cuí-oilte, agus iad sin amháin, a úsáidfidh an soláthraí seirbhíse agus déanfaidh sé cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a chothabháil don phearsanra; |
(v) |
déanfaidh an soláthraí seirbhíse idirphléití foirmiúla a bhunú leis na rannpháirtithe eile go léir a chuidíonn leis an tseirbhís a sholáthar chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha seo; |
(vi) |
bunóidh an soláthraí seirbhíse plean teagmhasach ina gcuimseofar cásanna éigeandála agus dálaí neamhghnácha a d’fhéadfadh titim amach maidir lena sheirbhísí, agus cuirfidh sé an plean sin chun feidhme; |
(vii) |
bunóidh agus cothabhálfaidh an soláthraí seirbhíse clár coiscthe tionóiscí agus tarluithe mar aon le clár sábháilteachta, lena n-áirítear clár tuairiscithe agus anailísithe teagmhas, agus bainfidh an córas bainistíochta feidhm as chun cur leis an aidhm feabhsú leanúnach a dhéanamh ar shábháilteacht; agus |
(viii) |
déanfaidh an soláthraí seirbhíse socruithe chun a fhíorú go bhfuil ceanglais feidhmíochta sábháilteachta aon chórais agus aon chomhpháirt a oibríonn sé á gcomhlíonadh tráth ar bith. |
(b) Ní rachfar i mbun soláthair seirbhíse ATC mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(i) |
trí chóras uainchláir, déanfar bainistiú ar chosc tuirse an phearsanra sin a sholáthraíonn seirbhís ATC. Caithfidh an córas uainchláir sin déileáil le tréimhsí dualgais, am dualgais agus tréimhsí scíthe oiriúnaithe. Maidir leis na srianta a bhunaítear laistigh den chóras uainchláir, tabharfar lánaird ar na tosca ábhartha a chuireann le tuirse amhail, go háirithe, easpa codlata, cur isteach ar thimthriallta laethúla, uaireanta oíche, am dualgais carnach ar feadh tréimhsí ama áirithe agus cúraimí leithdháilte a roinntear ar phearsanra; |
(ii) |
trí chláir oideachais agus trí chláir um chosc, déanfar bainistiú ar chosc struis an phearsanra sin a sholáthraíonn seirbhís ATC; |
(iii) |
beidh nósanna imeachta curtha i ngníomh ag an soláthraí seirbhíse ATC chun a fhíorú nach lagaítear breithiúnas cognaíoch an phearsanra sin a sholáthraíonn seirbhísí ATC nó nach bhfuil siad easpach ó thaobh feidhmiúlacht liachta de; |
(iv) |
mar chuid den phleanáil agus de na hoibríochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse ATC srianta oibríochtúla agus teicniúla, mar aon le prionsabail a bhaineann le tosca an duine, a chur san áireamh. |
(c) Ní rachfar i mbun soláthair seirbhíse cumarsáide, loingseoireachta agus/nó faireachais (S) mura rud é go gcomhlíontar an coinníoll seo a leanas:
Déanfaidh an soláthraí seirbhíse úsáideoirí ábhartha an aerspáis agus na haonaid ATS a choimeád ar an eolas ar bhonn tráthúil maidir le stádas oibríochta a sheirbhísí (agus aon athruithe ar an stádas sin) a sholáthraítear chun críocha ATS.
(d) Eagraíochtaí oiliúna
Déanfaidh eagraíocht oiliúna a chuireann oiliúint ar phearsanra a sholáthraíonn seirbhís ATC na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
(i) |
beidh gach acmhainn is gá aici maidir le raon na bhfreagrachtaí a bhaineann lena gníomhaíocht. Ar na hacmhainní sin, beidh na hacmhainní seo a leanas, cé nach mbeidh siad teoranta dóibh seo amháin: saoráidí, pearsanra, trealamh, modheolaíocht, doiciméadacht ar chúraimí, ar fhreagrachtaí agus ar nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead; |
(ii) |
córas bainistíochta a bhaineann le sábháilteacht agus le caighdeán na hoiliúna a chur chun feidhme agus a chothabháil agus féachaint leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach; agus |
(iii) |
socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile a bhunú, de réir mar is gá, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha seo ar bhonn leanúnach. |