|
29.6.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
26 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 546/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Meitheamh 2009
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 maidir le bunú an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe don tríú mír d’Airteagal 159 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) bunaíodh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (‘CECD’) chun a chumasú don Chomhphobal tacaíocht a thabhairt d’oibrithe agus dlúthpháirtíocht a thaispeáint d’oibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar mhórathruithe struchtúrtha i bpatrúin na trádála domhanda mar gheall ar dhomhandú. |
|
(2) |
Ina Theachtaireacht an 2 Iúil 2008, thíolaic an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006, a chéad tuarascáil bhliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Tháinig an Coimisiún ar an tátal gurbh iomchuí tionchar an CECD ar chruthú post agus deiseanna oiliúna d’oibrithe na hEorpa a threisiú. |
|
(3) |
Cuireann ‘Prionsabail Chomhchoiteanna na Leas-Solúbthachta’ a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 14 Nollaig 2007 agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Scileanna nua do phoist nua: Riachtanais an mhargaidh saothair agus riachtanais scileanna a bhrath agus a chomhoiriúnú’ araon béim ar an gcuspóir inoiriúnaitheacht agus infhostaitheacht leanúnach oibrithe a chothú trí dheiseanna feabhsaithe foghlama ar gach leibhéil agus trí straitéisí forbartha scileanna a bheidh in ann freagairt do riachtanais an gheilleagair, lena n-áirítear, mar shampla, na scileanna atá riachtanach don aistriú go dtí geilleagar ísealcharbóin agus eolasbhunaithe. |
|
(4) |
An 26 Samhain 2008, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht ar ‘Phlean Eorpach um Théarnamh Eacnamaíoch’ atá bunaithe ar phrionsabail bhunúsacha na dlúthpháirtíochta agus an cheartais shóisialta. Mar chuid dá fhreagairt ar an ngéarchéim, ní mór rialacha an CECD a athbhreithniú chun foráil do mhaolú d’fhonn raon feidhme an CECD a leathnú amach go sealadach agus lena chur ar a chumas freagairt ar bhealach níos éifeachtaí. Ní mór do na Ballstáit a chuireann isteach ar ranníocaíocht CECD faoin maolú seo nasc díreach agus inléirithe a shuíomh idir na hiomarcaíochtaí agus an ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíochta. |
|
(5) |
Chun a áirithiú go gcuirfear na critéir idirghabhála i bhfeidhm go trédhearcach, ní mór sainmhíniú ar an teagmhas arb ionann é agus iomarcaíocht a thabhairt isteach. D’fhonn tuilleadh solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun iarratais a thíolacadh agus chun cuspóir na dlúthpháirtíochta a bhaint amach ar bhealach níos fearr, ba cheart an tairseach iomarcaíochta a ísliú. |
|
(6) |
I gcomhréir le cuspóir na córa cothroime agus neamh-idirdhealaithí, ba cheart go mbeadh na hoibrithe go léir ar féidir nasc soiléir a dhéanamh idir a n-iomarcaíocht agus an teagmhas iomarcaíochta céanna i dteideal tairbhe a bhaint as pacáiste na seirbhísí pearsantaithe a tíolacadh le haghaidh ranníocaíocht CECD. |
|
(7) |
Ba cheart go n-úsáidfí cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin chun cur chun feidhme an CECD a éascú. |
|
(8) |
D’fhonn tacaíocht bhreise CECD a sholáthar i rith tréimhse na géarchéime airgeadais agus eacnamaíochta, ba cheart an ráta cómhaoinithe a mhéadú go sealadach. |
|
(9) |
D’fhonn cáilíocht na ngníomhaíochtaí a fheabhsú agus d’fhonn dóthain ama a chinntiú ionas go mbeidh éifeacht leis na bearta chun na daoine is leochailí a ath-lánpháirtiú san fhostaíocht, ní mór an tréimhse ina gcaithfear na gníomhaíochtaí incháilithe a dhéanamh a fhadú agus a shóiléiriú. |
|
(10) |
Is cuí feidhmiú an CECD a athbhreithniú, lena n-áiritear an maolú sealadach chun tacú le hoibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíochta. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 leis seo mar a leanas:
|
1. |
cuirtear an mhír seo a leanas isteach in Airteagal 1: ‘1a. De mhaolú ar mhír 1, tabharfaidh an CECD tacaíocht freisin d’oibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh díreach ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann na hiarratais na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(a), (b) nó (c). Déanfaidh Ballstáit a chuireann isteach ar ranníocaíocht CECD faoin maolú seo nasc díreach agus inléirithe a shuíomh idir na hiomarcaíochtaí agus an ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíochta. Beidh feidhm ag an maolú seo i dtaca le gach iarratas a chuirfear isteach roimh an 31 Nollaig 2011.’; |
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 Critéir idirghabhála Cuirfear ranníocaíocht airgeadais ón CECD ar fáil i gcás suaite eacnamaíoch thromchúisigh a tharlaíonn mar thoradh ar mhórathruithe struchtúracha i bpátrúin na trádála domhanda, go háirithe méadú substaintiúil ar allmhairí chuig an Aontas Eorpach, an meath ar sciar mhargadh an AE in earnáil ar leith nó an dí-chomhchruinniú tionscal go tríú tíortha, agus arb é an méid seo a leanas a bheidh mar thoradh air:
Chun líon na n-iomarcaíochtaí dá bhforáiltear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) thuas a ríomh, comhairfear iomarcaíocht:
I gcás gach gnóthais atá i gceist, sonróidh an Ballstát nó na Ballstáit san iarratas an tslí a gcomhairtear na hiomarcaíochtaí. |
|
3. |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 3a Daoine incháilithe Féadfaidh Ballstáit seirbhísí pearsantaithe, arna gcómhaoiniú ag an CECD, a chur ar fáil d’oibrithe dá ndéantar difear, a bhféadfaidh iad seo a leanas a bheith orthu:
|
|
4. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2)(a):
|
|
5. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: ‘Airteagal 8 Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún
|
|
6. |
cuirtear méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(1): ‘1. Ar bhonn an mheasúnaithe a chuirtear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 5(5), agus líon na n-oibrithe atá le tacú, na gníomhartha atá beartaithe agus na costais mheasta á gcur san áireamh go háirithe, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus moladh a luaithe is féidir ar mhéid na rannaíocaíochta airgeadais, más ann, a fhéadfar a dhéanamh de réir na n-acmhainní atá ar fáil. Ní fhéadfaidh an méid dul thar 50 % den chostas measta iomlán dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(d). I gcás iarratas a chuirtear isteach roimh an dáta atá luaite in Airteagal 1(1a), ní fhéadfaidh an méid dul thar 65 %.’; |
|
7. |
in Airteagal 11, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘I gcás deontas, beidh costais neamhdhíreacha, a fhógraítear ar bhonn cothromráta, incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ón CECD de suas le 20 % de chostais dhíreacha oibríochta, ar choinníoll go dtabhaítear na costais neamhdhíreacha i gcomhréir le rialacha náisiúnta, lena n-áirítear rialacha cuntasaíochta.’; |
|
8. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(2): ‘2. Déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit gach gníomhaíocht incháilithe a áirítear i bpacáiste comhordaithe na seirbhísí pearsantaithe a chomhlíonadh chomh luath agus is féidir, ach tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis dáta an iarratais de bhun Airteagal 5, nó tar éis dáta tosaithe na mbeart sin ar choinníoll nach déanaí an dáta deireanach sin ná trí mhí tar éis dáta an iarratais.’; |
|
9. |
in Airteagal 20, cuirtear isteach an mhír seo a leanas i ndiaidh na chéad fhomhíre: ‘Ar bhonn togra ón gCoimisiún, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo, lena n-áirítear athbhreithniú ar an maolú sealadach dá bhforáiltear in Airteagal 1(1a).’. |
Airteagal 2
Forálacha idirthréimhseacha
Beidh feidhm ag an Rialachán seo i dtaca le gach iarratas ar chúnamh ón CECD a gheofar ón 1 Bealtaine 2009. Maidir le hiarratais a gheofar roimh an dáta sin, is iad na rialacha a bheidh i bhfeidhm ar dháta an iarratais a mbeidh feidhm i gcónaí acu i rith thréimhse iomlán an chúnaimh CECD.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2009.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Š. FÜLE
(1) Tuairim an 24 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2) Tuairim an 22 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(3) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009.