31.3.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/157


RIALACHÁN (CE) UIMH. 221/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 maidir le staidreamh dramhaíola, i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 (2) go bhfuil bearta áirithe le glacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (3).

(2)

Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE (4), lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha d'ionstraim bhunaidh arna glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a leasú, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

(3)

I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (5) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana, ní mór na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

(4)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na critéir chuí i dtaca le meastóireacht cáilíochta, chomh maith le hinneachar na dtuarascálacha cáilíochta, a shainiú, torthaí na dtreoirstaidéar a chur chun feidhme agus inneachar na n-iarscríbhinní a oiriúnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhféachtar le heilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 a leasú leo, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 mar a leanas:

1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(5):

‘5.   Bunóidh an Coimisiún tábla coibhéise idir ainmníocht staidrimh Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus an liosta dramhaíola a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE (6). Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3) den Rialachán seo.’;

2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1):

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit, agus iad ag comhlíonadh na gcoinníollacha cáilíochta agus cruinnis atá le sainiú i gcomhréir leis an dara fomhír, na sonraí is gá le haghaidh shonrú na saintréithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a fháil ar na modhanna seo a leanas:

suirbhéanna,

foinsí riaracháin nó foinsí eile, amhail na hoibleagáidí tuairiscithe faoi reachtaíocht an Chomhphobail maidir le bainistíocht dramhaíola,

nósanna imeachta meastacháin staidrimh, ar bhonn samplaí nó ar bhonn meastóirí a bhaineann le dramhaíl, nó

teaglaim de na modhanna sin.

Saineoidh an Coimisiún na coinníollacha cáilíochta agus cruinnis. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).

D'fhonn na hualaí freagartha a laghdú, beidh rochtain ag na húdaráis náisiúnta agus ag an gCoimisiún ar fhoinsí na sonraí riaracháin, ach sin faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha arna socrú ag gach Ballstát agus ag an gCoimisiún ina réimsí inniúlachta faoi seach.’;

3)

In Airteagal 4(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Maoineoidh an Coimisiún suas go dtí 100 % de na costais a bhaineann leis na treoirstaidéir a sheoladh. Ar bhonn chonclúidí na dtreoirstaidéar, glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme is gá. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3) den Rialachán seo.’;

4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(4):

‘4.   Ar bhonn chonclúidí na dtreoirstaidéar, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar an eolas i dtaobh na bhféidearthachtaí maidir le staidreamh a thiomsú le haghaidh na ngníomhaíochtaí agus na saintréithe a chuimsítear sna treoirstaidéir ar allmhairiú agus onnmhairiú dramhaíola. Glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme is gá. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’;

5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Bearta cur chun feidhme

1.   Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

Áireofar ar na bearta sin, go háirithe:

(a)

bearta chun torthaí a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3(2), (3) agus (4) agus na struchtúir eacnamaíochta agus na coinníollacha teicniúla atá i mBallstát á gcur san áireamh. Féadfaidh sé, trí na bearta sin, go mbeidh deis ag Ballstát aonair gan tuairisciú a dhéanamh ar ítimí áirithe atá sa mhiondealú, ar choinníoll go dtaispeántar nach bhfuil ach tionchar teoranta aige sin ar cháilíocht an staidrimh. I ngach cás ina dtugtar díolúintí, tiomsófar sonraí faoin méid iomlán dramhaíola do gach ítim a liostaítear i Roinn 2(1) agus i Roinn 8(1) d'Iarscríbhinn I;

(b)

bearta chun an fhormáid cuí a leagan amach le haghaidh tharchur na dtorthaí ag Ballstáit laistigh de dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Maidir le bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, áfach, inter alia trína fhorlíonadh, ar bearta iad a bhaineann go háirithe leis na cuspóirí seo a leanas, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3):

(a)

coigeartú i gcomhair forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla maidir le bailiú agus próiseáil staitistiúil sonraí, chomh maith le próiseáil agus tarchur na dtorthaí;

(b)

oiriúnú na sonraíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III;

(c)

sainiú na gcritéar cuí i dtaca le meastóireacht cáilíochta agus inneachar na dtuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear i Roinn 7 d'Iarscríbhinn I agus d'Iarscríbhinn II;

(d)

cur chun feidhme thorthaí na dtreoirstaidéar, faoi mar a shonraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 5(1).’;

6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh, a bunaíodh le hAirteagal 1 de Chinneadh 89/382/CEE, Euratom (7), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   Déanfaidh an Coimisiún na dréachtbhearta a bheartaíonn sé a chur faoi bhráid an Choiste um an gClár Staidrimh a tharchur chuig an gCoiste arna chur ar bun le Treoir 2006/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le dramhaíl (8).’;

7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

‘3.   Déanfaidh an Coimisiún, laistigh de dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an dul chun cinn ar na treoirstaidéir dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 5(1). Más gá, molfaidh sé athbhreithnithe a dhéanamh ar na treoirstaidéir sin, rud a chinnfear i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’;

8)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 2(2):

‘2.

I gcomhréir leis an oibleagáid tuairiscithe faoi Threoir 94/62/CE, tarraingeoidh an Coimisiún suas clár i gcomhair treoirstaidéar a bheidh le déanamh ar bhonn deonach ag Ballstáit d'fhonn measúnú a dhéanamh ar cé chomh hábhartha atá sé iontrálacha dramhaíola pacáistithe (EWC-Stat Leagan 3) a áireamh sa liosta miondealaithe a leagtar amach i bpointe 1. Maoineoidh an Coimisiún suas go dtí 100 % de na costais a bhaineann leis na treoirstaidéir sin a sheoladh. Ar bhonn chonclúidí na dtreoirstaidéar, glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme is gá. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 7(1):

‘1.

Maidir leis na hítimí go léir a liostaítear i Roinn 8 (gníomhaíochtaí agus teaghlaigh), léireoidh na Ballstáit an céatadán den dramhaíl iomlán ar dó a fhreagraíonn an staidreamh a tiomsaíodh maidir le gach ítim faoi seach. Saineoidh an Coimisiún an riachtanas íosta maidir le cuimsiú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’;

9)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 7(1):

‘1.

Maidir leis na saintréithe a liostaítear i Roinn 3 agus maidir leis na hítimí go léir de na cineálacha oibríochtaí a liostaítear i Roinn 8(2), léireoidh na Ballstáit an céatadán den dramhaíl iomlán ar dó a fhreagraíonn an staidreamh a tiomsaíodh maidir le gach ítim faoi seach. Saineoidh an Coimisiún an riachtanas íosta maidir le cuimsiú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 8(3):

‘3.

Tarraingeoidh an Coimisiún suas clár i gcomhair treoirstaidéar a bheidh le seoladh ar bhonn deonach ag Ballstáit. Beidh sé mar aidhm ag na treoirstaidéir measúnú a dhéanamh ar cé chomh hábhartha agus cé chomh hindéanta is atá sé sonraí a fháil faoi na méideanna dramhaíola ar a ndéantar cóireáil le réamhoibríochtaí, faoi mar a shainítear in Iarscríbhinn II.A agus in Iarscríbhinn II.B de Threoir 2006/12/CE. Maoineoidh an Coimisiún suas go dtí 100 % de na costais a bhaineann leis na treoirstaidéir sin a sheoladh. Ar bhonn chonclúidí na dtreoirstaidéar, glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme is gá. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VONDRA


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Feabhra 2009.

(2)  IO L 332, 9.12.2002, lch. 1.

(3)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(4)  IO L 200, 22.7.2006, lch. 11.

(5)  IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.

(6)  IO L 226, 6.9.2000, lch. 3.

(7)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(8)  IO L 114, 27.4.2006, lch. 9.