31.3.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/155


RIALACHÁN (CE) UIMH. 220/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifileapaití spúinseacha intarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú, maidir leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 152(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil bearta áirithe le glacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4).

(2)

Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle (5) lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha d'ionstraim bhunaidh arna glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a leasú, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

(3)

I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (6) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana, ní mór na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

(4)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, ní dhearnadh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach le Rialachán (CE) Uimh. 1923/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ach amháin maidir le bearta cur chun feidhme áirithe ar bhain na leasuithe leo. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 a oiriúnú don chuid eile de na cumhachtaí cur chun feidhme.

(5)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún mearthástálacha a fhormheas, forálacha áirithe a leathnú chuig táirgí eile de bhunadh ainmhíoch, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-áirítear an modh chun einceifileapaite spúinseach bhólachta (BSE) in ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair a dhaingniú, na hiarscríbhinní a mhodhnú agus bearta idirthréimhseacha a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(6)

Is iomchuí freisin, tar éis a dhaingniú gurb ann d'einceifileapaite spúinseach intarchurtha (TSE), go ndéanfar an fhéidearthacht go gcuirfidh na Ballstáit bearta eile i bhfeidhm a theorannú do chásanna ina bhfuil formheas na mbeart sin ag an gCoimisiún bunaithe ar mheasúnú riosca fabhrach agus aird ar leith á tabhairt ar na bearta rialaithe sa Bhallstát sin agus i gcás ina dtugann na bearta sin leibhéal comhionann cosanta.

(7)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 leis seo mar a leanas:

1.

In Airteagal 5(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Déanfar na mearthástálacha a fhormheas chun na críche sin i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(3) agus déanfar iad a thaifeadadh ar an liosta atá leagtha amach i bpointe 4 de Chaibidil C d'Iarscríbhinn X.’;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(3):

‘3.   I bhfianaise na gcritéar atá leagtha amach i bpointe 5 d'Iarscríbhinn V, ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le hathchogantaigh a ndearnadh tástáil mhalartach orthu, ar tástáil í a aithnítear i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(3), ar an gcoinníoll go bhfuil an tástáil sin liostaithe in Iarscríbhinn X, sa chás go mbeidh torthaí na tástála diúltach.’;

3.

In Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘De mhaolú ar an mír seo, féadfaidh Ballstát bearta eile a chur i bhfeidhm, ar bearta iad a thugann leibhéal comhionann cosanta atá bunaithe ar mheasúnú riosca fabhrach de bhun Airteagal 24a agus Airteagal 25, agus aird ar leith á tabhairt ar na bearta rialaithe sa Bhallstát sin, más rud é go mbeidh na bearta sin formheasta don Bhallstát sin i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(2).’;

4.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(7):

‘7.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(3), féadfar forálacha mhír 1 go mír 6 a leathnú chuig táirgí eile de bhunadh ainmhíoch. Maidir leis na rialacha chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).’;

5.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2):

‘2.   Nuair is gá sin, chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go comhionann, glacfar rialacha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2). Déanfar an modh chun a dhaingniú gurb ann do BSE in ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(3).’;

6.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 23:

‘Tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí maidir le haon cheist a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar an tsláinte phoiblí, déanfar na hiarscríbhinní a leasú nó a fhorlíonadh agus glacfar aon bhearta idirthréimhseacha iomchuí i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 24(3).’;

7.

Leasaítear Airteagal 23a mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

formheas na mearthástálacha dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 5(3) agus in Airteagal 6(1), in Airteagal 8(2) agus in Airteagal 9(3),’;

(b)

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(k)

forálacha mhír 1 go mír 6 d'Airteagal 16 a leathnú chuig táirgí eile de bhunadh ainmhíoch;

(l)

glacadh an mhodha chun BSE in ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair, dá dtagraítear in Airteagal 20(2), a dhaingniú;

(m)

na hiarscríbhinní a leasú, nó cur leis na hIarscríbhinní, agus aon bhearta idirthréimhseacha iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 23 a ghlacadh.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2009

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VONDRA


(1)  IO C 211, 19.8.2008, lch. 47.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Feabhra 2009.

(3)  IO L 147, 31.5.2001, lch. 1.

(4)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(5)  IO L 200, 22.7.2006, lch. 11.

(6)  IO C 255, 21.10.2006, lch 1.

(7)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 1.