4.2.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

32


RIALACHÁN (CE) Uimh. 79/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Eanáir 2009

maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil. Chuige sin, tá córas cuimsitheach cineál-cheadaithe Comhphobail le haghaidh mótarfheithiclí curtha ar bun. Ba cheart na ceanglais theicniúla maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí i ndáil le tiomáint hidrigine a chomhchuibhiú ionas go seachnófaí ceanglais éagsúla a ghlacadh sna Ballstáit éagsúla agus go n-áiritheofaí feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus foráil á déanamh d’ardleibhéal sábháilteachta poiblí agus cosanta comhshaoil ag an am céanna.

(2)

Is rialachán ar leithligh an Rialachán seo chun críocha nós imeachta cineál-cheadaithe an Chomhphobail dá bhforáiltear le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat d’fhormheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus d’fhormheas chóras, chomhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach atá ceaptha d’fheithiclí den sórt sin (Treoir Réime (3)). Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV, Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir sin a leasú dá réir.

(3)

Tar éis iarratas a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, cuireadh cur chuige rialúcháin nua i bhfeidhm maidir le reachtaíocht feithiclí an CE. Ba cheart, dá bhrí sin, nach leagfaí síos sa Rialachán seo ach amháin na forálacha bunúsacha maidir le ceanglais i leith cineál-cheadú córas agus comhpháirteanna hidrigine, cé gur cheart na sonraíochtaí teicniúla a leagan síos trí bhearta cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4).

(4)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí an chumhacht don Choimisiún na ceanglais agus na nósanna imeachta tástála a bhunú a bhaineann le modhanna nua stórála nó úsáide hidrigine, a bhaineann le breis comhpháirteanna hidrigine agus a bhaineann leis an gcóras tiomána. Ba cheart go dtabharfaí an chumhacht don Choimisiún freisin nósanna imeachta sonracha, tástálacha sonracha agus ceanglais shonracha a bhunú maidir le cosaint feithiclí faoi thiomáint hidrigine ar thuairt agus maidir le ceanglais sábháilteachta do chórais lánpháirtithe. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(5)

San earnáil iompair, ba cheart go mbeadh sé ar cheann de na príomhaidhmeanna go mbeadh cion ní ba mhó feithiclí ann a bheadh neamhdhíobhálach don chomhshaol. Ba cheart iarrachtaí breise a dhéanamh chun breis feithiclí den sórt sin a chur ar an margadh. Trí fheithiclí ina n-úsáidtear breoslaí malartacha a thabhairt isteach, is féidir cáilíocht an aeir uirbigh a fheabhsú go suntasach agus, dá thoradh sin, is féidir an tsláinte phoiblí a fheabhsú go suntasach freisin.

(6)

Meastar gur modh glan don todhchaí chun feithiclí a thiomáint é hidrigin, modh a théann i dtreo geilleagar saor ó thruailliú a chruthú a bheidh bunaithe ar athúsáid amhábhar agus ar acmhainní fuinnimh in-athnuaite, toisc nach n-astaíonn feithiclí faoi thiomáint hidrigine truailleáin charbónbhunaithe ná gás ceaptha teasa. Ós rud é gur veicteoir fuinnimh an hidrigin agus nach foinse fuinnimh í, braitheann luach bheartas aeráide na cumhachta hidrigine ar an bhfoinse as a bhfaightear an hidrigin. Ba cheart a bheith cúramach dá bhrí sin go dtáirgtear an hidrigin ar bhealach inbhuanaithe, ó acmhainní fuinnimh in-athnuaite a mhéid is féidir, sa chaoi is go mbeidh an comhardú ó thaobh an chomhshaoil de bharr hidrigin a thabhairt isteach mar bhreosla le haghaidh mótarfheithiclí dearfach tríd is tríd.

(7)

Tá sé ráite ag an nGrúpa Ard-Leibhéil CARS 21 ina thuarascáil dheiridh gur cheart “gach dícheall i ndáil le méadú ar chomhchuibhiú idirnáisiúnta na rialachán mótarfheithicle a chothabháil i gcás inar cuí, d’fhonn na príomh-mhargaí feithiclí a chuimsiú agus an comhchuibheas a leathnú go dtí réimsí nach bhfuil cumhdaithe go dtí seo, faoi chuimsiú Chomhaontú 1958 agus Chomhaontú 1998 an UNECE go háirithe”. Ag teacht leis an moladh sin, ba cheart don Choimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt cheanglais chomhchuibhithe idirnáisiúnta do mhótarfheithiclí faoi choimirce an UNECE. Go háirithe, má ghlactar le Rialachán Teicniúil Domhanda (GTR) maidir le feithiclí hidrigine agus breosla-chille, ba cheart don Choimisiún smaoineamh ar an bhféidearthacht ceanglais an Rialacháin seo a oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos sa GTR.

(8)

D’fhéadfaí meascáin hidrigine a úsáid mar idirbhreosla go dtí go mbainfí úsáid as hidrigin inti féin, chun tabhairt isteach feithiclí faoi thiomáint hidrigine a éascú i dtíortha ina bhfuil bonneagar maith gás nádúrtha. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, ceanglais maidir le húsáid meascán de hidrigin agus de ghás nádúrtha/bithmheatán a fhorbairt, go háirithe cóimheas measctha de hidrigin agus de ghás a chuireann an fhéidearthacht theicniúil agus na tairbhí comhshaoil san áireamh.

(9)

Chuirfeadh sainmhíniú ar an gcreat cineál-cheadaithe le haghaidh feithiclí faoi thiomáint hidrigine le muinín úsáideoirí nua agus an phobail i gcoitinne as an teicneolaíocht nua.

(10)

Ní foláir, dá bhrí sin, creat leordhóthanach a chruthú chun dlús a chur le feithiclí le teicneolaíochtaí nuálacha tiomána agus feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha ar beag a dtionchar ar an gcomhshaol a chur ar an margadh.

(11)

Tá infheistíochtaí tábhachtacha i bhforbairt teicneolaíochta hidrigine á ndéanamh ag tromlach na monaróirí agus tá siad tosaithe cheana féin ar fheithiclí den sórt sin a chur ar an margadh. Amach anseo, is dóigh go dtiocfaidh méadú ar líon na bhfeithiclí faoi thiomáint hidrigine san fhlít iomlán. Ní foláir, dá bhrí sin, ní foláir ceanglais choiteanna maidir le sábháilteacht feithiclí faoi thiomáint hidrigine a shonrú. De bhrí go bhféadfadh sé nach ionann an cur chuige maidir le forbairt feithiclí faoi thiomáint hidrigine atá á leanúint ag monaróirí éagsúla, ní foláir ceanglais sábháilteachta a bhunú ar shlí a bheidh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.

(12)

Ní foláir na ceanglais sábháilteachta sin a bhunú le haghaidh na gcóras hidrigine agus le haghaidh a gcomhpháirteanna ar ceanglais iad is gá d’fhonn cineál-cheadú a fháil.

(13)

Ní foláir ceanglais a bhunú maidir le suiteáil na gcóras hidrigine agus a gcomhpháirteanna san fheithicil i dtaca le cineál-cheadú feithiclí faoi thiomáint hidrigine.

(14)

Mar gheall ar shaintréithe an bhreosla, féadfaidh sé go mbeidh cóireáil shonrach ó sheirbhísí tarrthála de dhíth ag feithiclí faoi thiomáint hidrigine. Ní foláir, dá bhrí sin, ceanglais maidir le feithiclí den sórt sin a shainaithint go soiléir agus go mear a leagan síos lena ligfear an breosla atá stóráilte ar bord na feithicle a chur in iúl do na seirbhísí tarrthála. Cé gur cheart go mbeadh modh an tsainaitheanta sin oiriúnach don chuspóir, ba cheart, a mhéid is féidir, nach mbeadh sé de chineál ar dóigh dó a bheith ina ábhar imní i measc an phobail.

(15)

Tá sé tábhachtach freisin go leagfar amach oibleagáidí na monaróirí maidir le bearta iomchuí a ghlacadh chun cosc a chur le míbhreoslú feithiclí faoi thiomáint hidrigine.

(16)

Is ar éigean a éireoidh le feithiclí faoi thiomáint hidrigine ar an margadh mura gcuirfear bonneagar leordhóthanach stáisiún líonta breosla ar fáil san Eoraip. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, bearta oiriúnacha a bhreithniú chun tacú le líonra stáisiún líonta breosla i gcomhair feithiclí faoi thiomáint hidrigine a bhunú ar fud na hEorpa.

(17)

Meastar go mbeidh feithiclí beaga nuálacha, arna n-ainmniú faoi reachtaíocht chineál-cheadaithe an CE mar fheithiclí de chatagóir L, ina bhfeithiclí a bhféadfar hidrigin a úsáid mar bhreosla iontu go luath. Is lú díchill atá de dhíth chun hidrigin a chur ar fáil do na feithiclí sin, mar nach bhfuil an dúshlán teicniúil agus an leibhéal infheistíochta a bheidh riachtanach chomh hard agus atá i gcás feithiclí de chatagóir M agus de chatagóir N, a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE. Ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2010, meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir le cineál-cheadú feithiclí hidrigine de chatagóir L a rialáil.

(18)

Os rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an margadh inmheánach a bhaint amach trí cheanglais theicniúla choiteanna a thabhairt isteach i dtaca le mótarfheithiclí a úsáideann hidrigin, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear na ceanglais maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí i dtaca le tiomáint hidrigine, agus maidir le cineál-cheadú na gcomhpháirteanna hidrigine agus na gcóras hidrigine. Leis an Rialachán seo bunaítear freisin ceanglais maidir le suiteáil comhpháirteanna agus córas den sórt sin.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

1.

feithiclí faoi thiomáint hidrigine de chatagóir M agus de chatagóir N, faoi mar a shainmhínítear iad i Roinn A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, lena n-áirítear cosaint ar thuairt agus sábháilteacht leictreach feithiclí den sórt sin;

2.

comhpháirteanna hidrigine a cheaptar le haghaidh mótarfheithiclí de chatagóir M agus de chatagóir N, a liostaítear in Iarscríbhinn I;

3.

córais hidrigine a cheaptar le haghaidh mótarfheithiclí de chatagóir M agus de chatagóir N, lena n-áirítear modhanna nua stórála nó úsáide hidrigine.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(a)

ciallaíonn “feithicil faoi thiomáint hidrigine” mótarfheithicil ar bith a bhaineann úsáid as hidrigin mar bhreosla chun an fheithicil a thiomáint;

(b)

ciallaíonn “córas tiomána” an t-inneall dócháin inmheánaigh nó an córas breosla-chille a úsáidtear chun an fheithicil a thiomáint;

(c)

ciallaíonn “comhpháirt hidrigine” an coimeádán hidrigine agus na páirteanna eile go léir den fheithicil faoi thiomáint hidrigine a bhíonn i dteagmháil dhíreach le hidrigin nó ar cuid de chóras hidrigine iad;

(d)

ciallaíonn “córas hidrigine” cóimeáil de chomhpháirteanna hidrigine agus de pháirteanna cónascacha a fheistítear ar fheithiclí faoi thiomáint hidrigine, seachas córais tiomána nó na haonaid chumhachta chúnta;

(e)

ciallaíonn “Uasbhrú Incheadaithe Oibre” (UBIO) an t-uasbhrú a gceaptar comhpháirt a bheith faoina réir agus atá ina bhunús le neart na comhpháirte atá faoi bhreithniú a dheimhniú;

(f)

ciallaíonn “Brú Oibre Ainmniúil” (BOA), maidir le coimeádáin, an brú socraithe ag teocht aonfhoirmeach de 288K (15 °C) i gcás coimeádáin láin, nó maidir le comhpháirteanna eile, an leibhéal brú ag a bhfeidhmíonn comhpháirt go hiondúil;

(g)

ciallaíonn “umar laistigh” an chuid sin den choimeádán hidrigine a cheaptar le haghaidh úsáid hidrigine leachtaí ina bhfuil hidrigin chrióigineach.

2.   Chun críocha phointe (d) de mhír 1, áirítear, iad seo a leanas, inter alia, ar “córais hidrigine”:

(a)

córais monatóireachta úsáide agus córais rialaithe;

(b)

córais comhéadáin feithicle;

(c)

córais róshreafa;

(d)

córais cosanta róbhrú;

(e)

córais braite i gcás ina gcliseann an malartóir teasa.

Airteagal 4

Oibleagáidí na monaróirí

1.   Léireoidh monaróirí go mbeidh na feithiclí nua uile faoi thiomáint hidrigine a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís laistigh den Chomhphobal agus na comhpháirteanna hidrigine nó na córais hidrigine uile a dhíolfar nó a chuirfear i seirbhís laistigh den Chomhphobail cineál-cheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme.

2.   Chun críocha chineál-cheadú na feithicle, feisteoidh na monaróirí na feithiclí faoi thiomáint hidrigine le comhpháirteanna hidrigine agus le córais lena gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme agus a shuiteálfar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme.

3.   Chun críocha chineál-cheadú na gcomhpháirteanna agus na gcóras, áiritheoidh na monaróirí go gcomhlíonfaidh na comhpháirteanna agus na córais hidrigine na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus ina bhearta cur chun feidhme.

4.   Cuirfidh monaróirí faisnéis iomchuí faoi shonraíochtaí na feithicle agus faoi na coinníollacha tástála ar fáil do na húdaráis formheasa.

5.   Cuirfidh na monaróirí faisnéis ar fáil chun críocha iniúchadh na gcóras agus na gcomhpháirteanna hidrigine i gcaitheamh shaol seirbhíse na feithicle.

Airteagal 5

Ceanglais ghinearálta maidir le comhpháirteanna agus córais hidrigine

Áiritheoidh na monaróirí:

(a)

go bhfeidhmeoidh na comhpháirteanna agus na córais hidrigine ar bhealach ceart agus sábháilte agus go seasfaidh siad go hiontaofa in aghaidh na gcoinníollacha oibriúcháin leictreacha, meicniúla, teirmeacha agus ceimiceacha gan sceitheadh agus gan dífhoirmiú infheicthe;

(b)

go mbeidh na córais hidrigine cosanta in aghaidh ró-bhrúchóirithe;

(c)

go mbeidh na hábhair a úsáidtear le haghaidh na gcodanna sin de na comhpháirteanna agus de na córais hidrigine a bheidh díreach i dteagmháil le hidrigin comhoiriúnach do hidrigin;

(d)

go seasfaidh comhpháirteanna agus córais hidrigine go hiontaofa in aghaidh an raoin teochta agus brú a mbeifí ag súil leis ar feadh a saolré ionchasaigh;

(e)

go seasfaidh comhpháirteanna agus córais hidrigine go hiontaofa in aghaidh an raoin teochta oibríochta a leagtar síos sna bearta cur chun feidhme;

(f)

go marcálfar comhpháirteanna hidrigine i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme;

(g)

go mbeidh treo an tsreafa curtha in iúl go soiléir ar na comhpháirteanna hidrigine a bhfuil sreabhadh treoch acu.

(h)

go ndéanfar na comhpháirteanna agus na córais hidrigine ar shlí ina bhféadfar iad a shuiteáil i gcomhréir le na ceanglais Iarscríbhinn VI.

Airteagal 6

Ceanglais maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid

Déanfar tástálacha i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn II ar na coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid.

Airteagal 7

Ceanglais maidir le comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid

1.   Déanfar tástálacha i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ag féachaint dá gcineál, ar na comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid.

2.   Déanfar gléasanna faoisimh chun a áirithiú nach rachaidh an brú san umar laistigh nó in aon chomhpháirt hidrigine ar bith eile thar luach incheadaithe. Socrófar na luachanna i gcomhréir le hUasbhrú Incheadaithe Oibre (UBIO) an chórais hidrigine. Cuirfear córas sábháilteachta ar fáil le haghaidh malartóirí teasa lena gcliseadh a bhrath.

Airteagal 8

Ceanglais maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid

1.   Aicmeofar na coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn IV.

2.   Tástálfar na coimeádáin dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, ag féachaint dá gcineál.

3.   Déanfar cur síos mionsonraithe ar phríomhairíonna uile an ábhair agus ar na phríomhlamháltais uile a úsáidtear i ndearadh an choimeádáin a chur ar fáil, lena n-áirítear torthaí tástálacha a rinneadh ar an ábhar.

Airteagal 9

Ceanglais maidir le comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid

Déanfar tástálacha, ag féachaint dá gcineál, i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar chomhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid.

Airteagal 10

Ceanglais ghinearálta maidir le comhpháirteanna agus córais hidrigine a shuiteáil

Suiteálfar na comhpháirteanna agus na córais hidrigine i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VI.

Airteagal 11

Amchlár le haghaidh cur i bhfeidhm

1.   Le héifeacht ón 24 Feabhra 2011, diúltóidh na húdaráis náisiúnta:

(a)

cineál-cheadú CE nó cineál-cheadú náisiúnta i leith cineálacha nua feithiclí a dheonú ar fhorais a bhaineann le tiomáint hidrigine, i gcás nach gcomhlíonfaidh an fheithicil sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme; agus

(b)

cineál-cheadú CE a dheonú i leith cineálacha nua comhpháirte nó córais hidrigine, i gcás nach gcomhlíonfaidh an chomhpháirt nó an córas sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme.

2.   Le héifeacht ón 24 Feabhra 2012, déanfaidh na húdaráis náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

ar fhorais a bhaineann le tiomáint hidrigine, measfaidh siad nach mbeidh na deimhnithe comhréireachta d’fheithiclí nua bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE, agus cuirfidh siad toirmeasc ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís na bhfeithiclí sin, i gcás nach gcomhlíonfaidh na feithiclí sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme; agus

(b)

cuirfidh siad toirmeasc ar dhíol agus ar chur i seirbhís comhpháirteanna nua hidrigine nó córas nua hidrigine, i gcás nach gcomhlíonfaidh na comhpháirteanna sin nó na córais sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme.

3.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2, agus faoi réir theacht i bhfeidhm na mbearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 12(1), má iarrann monaróir amhlaidh ní dhéanfaidh na húdaráis náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

ar fhorais a bhaineann le tiomáint hidrigine, cineál-cheadú CE nó cineál-cheadú náisiúnta a dhiúltú le haghaidh cineálacha nua feithicle nó cineál-cheadú CE le haghaidh cineálacha nua comhpháirteanna nó córas hidrigine a dhiúltú, i gcás ina gcomhlíonfaidh na feithiclí sin, na comhpháirteanna sin nó na córais sin ceanglais an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme; nó

(b)

toirmeasc a chur ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís feithiclí nua nó toirmeasc a chur ar dhíol agus ar chur i seirbhís comhpháirteanna nua nó córas nua hidrigine, i gcás ina gcomhlíonfaidh na feithiclí sin, na comhpháirteanna sin nó na córais sin ceanglais an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme.

Airteagal 12

Bearta cur chun feidhme

1.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

forálacha riaracháin le haghaidh chineál-cheadú feithiclí CE i dtaca le tiomáint hidrigine, agus le haghaidh chineál-cheadú comhpháirteanna agus córas hidrigine;

(b)

rialacha maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil ag monaróirí chun críocha cineál-cheadaithe agus iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus (5);

(c)

rialacha mionsonraithe le haghaidh na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn V;

(d)

rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh suiteáil comhpháirteanna agus córas hidrigine a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

(e)

rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na ceanglais maidir le feidhmiú sábháilte agus iontaofa comhpháirteanna agus córas hidrigine a leagtar amach in Airteagal 5;

(f)

rialacha mionsonraithe maidir le lipéadú nó le bealaí eile chun feithiclí faoi thiomáint hidrigine dá dtagraítear i bpointe 16 d’Iarscríbhinn VI a shainaithint go soiléir agus go mear.

Na bearta sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

2.   Feadfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme seo a leanas a ghlacadh:

(a)

sonraíochtaí le haghaidh na gceanglas a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

hidrigin íon nó meascán de hidrigin agus gás nádúrtha/bithmheatáin a úsáid;

modhanna nua stórála nó úsáide hidrigine;

cosaint na feithicle ar thuairt maidir le sláine na gcomhpháirteanna agus na gcóras hidrigine;

ceanglais sábháilteachta le haghaidh córas lánpháirtithe, lena gcumhdaítear ar a laghad an brath sceite agus na ceanglais a bhaineann le gás sciúrtha;

aonrú leictreachais agus sábháilteacht leictreachais;

(b)

bearta eile is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Airteagal 13

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste Teicniúil — Mótarfheithiclí (CTMF), a bunaíodh le hAirteagal 40(1) de Threoir 2007/46/CE, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1)go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 14

Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

Leasaítear Iarscríbhinn IV, Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir 2007/46/CE i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 15

Pionóis mar gheall ar neamh-chomhlíonadh

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na forálacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme i gcás ina sáróidh monaróirí forálacha an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme agus déanfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforálfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 24 Lúnasa 2010, agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Beidh na cineálacha sáruithe seo a leanas, ar a laghad, faoi réir pionóis:

(a)

dearbhuithe bréagacha a dhéanamh le linn nós imeachta cineál-cheadaithe nó le linn nós imeachta as a dtagann aisghlaoch;

(b)

torthaí tástála le haghaidh cineál-cheadú nó le haghaidh comhlíonadh in-usáide a fhalsú;

(c)

sonraí nó sonraíochtaí teicniúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le haisghlaoch nó le haistarraingt cineál-cheadaithe a choinneáil siar;

(d)

rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú;

(e)

feistí sáraithe a úsáid.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 24 Feabhra 2011, cé is moite d’Airteagal 11(3) agus d’Airteagal 12, a mbeidh feidhm acu ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus Airteagal 11(2), a mbeidh feidhm aige ón dáta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Eanáir 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VONDRA


(1)  Tuairim a tugadh an 9 Iúil 2008.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2008.

(3)   IO L 263, 9.10.2007, lch. 1.

(4)   IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.


IARSCRÍBHINN I

Liosta na gcomhpháirteanna hidrigine a bheidh le cineál-cheadú

I gcás ina bhfeistítear iad le feithicil faoi thiomáint hidrigine, ní mór na comhpháirteanna hidrigine seo a leanas a chineál-cheadú:

(a)

comhpháirteanna a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid:

(1)

coimeádán;

(2)

comhla stoptha uathoibríoch;

(3)

comhla choiscthe nó comhla neamhchúlaithe (más in úsáid mar fheiste sábháilteachta atá sí);

(4)

píobán solúbtha breosla (más feistithe roimh an gcéad chomhla stoptha uathoibríoch nó roimh fheistí sábháilteachta eile atá sé);

(5)

malartóir teasa;

(6)

comhla láimhe nó uathoibríoch;

(7)

rialtóir brú;

(8)

comhla faoisimh brú;

(9)

braiteoirí brú, teochta agus sreafa (más in úsáid mar fheiste sábháilteachta atá siad);

(10)

cónascaire nó gabhdán athbhreoslaithe;

(11)

braiteoirí chun sceitheadh hidrigine a bhrath.

(b)

comhpháirteanna arna gceapadh chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid agus a bhfuil brú oibre ainmniúil d’os cionn 3,0 MPa acu:

(1)

coimeádán;

(2)

comhla stoptha uathoibríoch;

(3)

cóimeáil coimeádáin;

(4)

feistis;

(5)

píobán breosla solúbtha;

(6)

malartóir teasa;

(7)

scagaire hidrigine;

(8)

comhla láimhe nó uathoibríoch;

(9)

comhla neamhchúlaithe;

(10)

rialtóir brú;

(11)

feiste faoisimh brú;

(12)

comhla faoisimh brú;

(13)

cónascaire nó gabhdán athbhreoslaithe;

(14)

cónascaire córais stórála inbhainte;

(15)

braiteoirí brú, teochta, hidrigine agus sreafa (más in úsáid mar fheiste sábháilteachta atá siad);

(16)

braiteoirí chun sceitheadh hidrigine a bhrath.


IARSCRÍBHINN II

Nósanna imeachta is infheidhme maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid

Cineál tástála

Tástáil pléasctha

Tástáil tine chnámh

Tástáil an uasleibhéil líonta

Tástáil brú

Tástáil sceite

Ní mór iad seo a leanas a áireamh ar na nósanna imeachta tástála a chuirfear i bhfeidhm le haghaidh chineál-cheadú na gcoimeádán hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid:

(a)

Tástáil pléasctha: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil nach gclisfidh ar an gcoimeádán hidrigine sula mbeidh leibhéal sonraithe ardbhrú, an brú pléasctha (an UBOI arna mhéadú faoin bhfachtóir sábháilteachta), sáraithe. Le cineál-cheadú a fháil, ní mór go mbeidh luach an bhrú phléasctha réadúil i rith na tástála níos airde ná an t-íosbhrú pléasctha a éilítear.

(b)

Tástáil tine chnámh: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bpléascann an coimeádán lena chóras cosanta dóiteáin nuair a thástáiltear é faoi na coinníollacha sonraithe dóiteáin.

(c)

Tástáil an uasleibhéil líonta: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go n-oibríonn an córas a choscann rólíonadh an choimeádáin go sásúil agus nach gcuireann an leibhéal hidrigine faoi deara choíche go n-osclófaí na feistí faoisimh brú le linn an líonta.

(d)

Tástáil brú: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann leibhéal sonraithe ardbhrú a sheasamh. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi bhrú de mhéid áirithe ar feadh achar sonraithe. Tar éis na tástála, ní mór nach mbeidh aon chomhartha dífhoirmithe nó aon sceitheadh infheicthe le sonrú ar an gcoimeádán.

(e)

Tástáil sceite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bhfuil comhartha sceite ar bith le sonrú ar an gcoimeádán hidrigine faoi na coinníollacha sonraithe. Leis sin a chruthú, teannfar an coimeádán go brú arb ionann é agus a bhrú oibre ainmniúil. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha sceite a bhraithfí trí scoilteanna, trí phiocháin nó trí fhabhtanna comhchosúla eile le sonrú air.


IARSCRÍBHINN III

Nósanna imeachta tástála is infheidhme le haghaidh comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid

 

AN CINEÁL TÁSTÁLA

COMHPHÁIRT HIDRIGINE

Tástáil brú

Tástáil sceite sheachtraigh

Tástáil seasmhachta

Tástáil oibríochtúil

Tástáil ar an seasamh in aghaidh creimthe

Tástáil ar an seasamh in aghaidh teasa thirim

Tástáil aosú ózóin

Tástáil timthriall teochta

Tástáil timthriall brú

Tástáil comhoiriúnachta le hidrigin

Tástáil sceite suite

Feistí faoisimh brú

Image 1

Image 2

 

Image 3

Image 4

 

 

Image 5

 

Image 6

 

Comhlaí

Image 7

Image 8

Image 9

 

Image 10

Image 11

Image 12

Image 13

 

Image 14

Image 15

Malartóirí teasa

Image 16

Image 17

 

 

Image 18

Image 19

Image 20

Image 21

 

Image 22

 

Cónascairí nó gabhdáin athbhreoslaithe.

Image 23

Image 24

Image 25

 

Image 26

Image 27

Image 28

Image 29

 

Image 30

Image 31

Rialtóirí brú

Image 32

Image 33

Image 34

 

Image 35

Image 36

Image 37

Image 38

 

Image 39

Image 40

Braiteoirí

Image 41

Image 42

 

 

Image 43

Image 44

Image 45

Image 46

 

Image 47

 

Píobáin bhreosla sholúbtha

Image 48

Image 49

 

 

Image 50

Image 51

Image 52

Image 53

Image 54

Image 55

 

Faoi réir ceanglas sonrach maidir le haon cheann de na comhpháirteanna hidrigine, ní mór go n-áireofar ar na nósanna imeachta tástála a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le cineál-cheadú comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid:

(a)

Tástáil brú: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann brú a sheasamh atá níos airde ná brú oibre na comhpháirte. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha sceite, dífhoirmiú, réabadh nó scoilteanna ann nuair a mhéadaítear an brú go dtí ráta áirithe le sonrú ar chomhpháirt hidrigine.

(b)

Tástáil sceite sheachtraigh: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine saor ó aon sceitheadh seachtrach. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha póiriúlachta le sonrú.

(c)

Tástáil seasmhachta: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann oibriú go hiontaofa ar bhonn leanúnach. Is éard atá i gceist leis an tástáil go ndéanfar líon sonrach de thimthriallta tástála maidir leis an gcomhpháirt hidrigine faoi choinníollacha sonraithe teochta agus brú. Is éard is ciall le timthriall tástála gnáthoibriú na comhpháirte hidrigine (i.e. aon oscailt amháin agus aon dúnadh amháin).

(d)

Tástáil oibríochtúil: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann oibriú go hiontaofa.

(e)

Tástáil ar an seasamh in aghaidh creimthe: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann seasamh in aghaidh creimthe. Leis sin a chruthú, cuirfear na comhpháirteanna i dteagmháil le ceimiceáin shonraithe.

(f)

Tástáil ar an seasamh in aghaidh teasa thirim: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine neamh-mhiotalacha in ann ardteocht a sheasamh. Leis sin a chruthú, nochtfar na comhpháirteanna d’aer ag an uasteocht oibriúcháin.

(g)

Tástáil aosú ózóin: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine neamh-mhiotalacha in ann aosú de bharr ózóin a sheasamh. Leis sin a chruthú, nochtfar na comhpháirteanna d’aer le tiúchan ard ozóin.

(h)

Tástáil teocht-timthriallta: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann mórathruithe teochta a sheasamh. Leis sin a chruthú, cuirfear na comhpháirteanna hidrigine faoi thimthriall teochta ar feadh achar sonraithe ón íosteocht oibriúcháin go dtí an uasteocht oibriúcháin.

(i)

Tástáil brú-thimthriallta: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann mórathruithe brú a sheasamh. Leis sin a chruthú, nochtfar na comhpháirteanna hidrigine d’athrú brú ó bhrú an atmaisféir go dtí an tUasbhrú Oibre Incheadaithe (UBOI) agus laghdófar an brú arís go dtí brú an atmaisféir laistigh d’achar gearr ama.

(j)

Tástáil comhoiriúnachta le hidrigin: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach mbeidh na comhpháirteanna hidrigine miotalacha (i.e. sorcóirí agus comhlaí) so-ghabhálach i leith brioscú hidrigine. I gcomhpháirteanna hidrigine a chuirtear faoi thimthriallta minice ualaithe, seachnófar coinníollacha as a dtiocfaidh strustuirse logánta agus tionscnamh agus scaipeadh scoilteanna strustuirse sa struchtúr.

(k)

Tástáil sceite suite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh comhpháirteanna hidrigine saor ó sceitheadh le linn dóibh a bheith suiteáilte sa chóras hidrigine.


IARSCRÍBHINN IV

Nósanna imeachta is infheidhme maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid

Cineál tástála

Infheidhme maidir le Coimeádán de Chineál

1

2

3

4

Tástáil Pléasctha

Image 56

Image 57

Image 58

Image 59

Tástáil Bhrú-Timthriallta Teochta Comhthimpeallaí

Image 60

Image 61

Image 62

Image 63

Tástáil Feidhmíochta SRB

Image 64

Image 65

Image 66

Image 67

Tástáil Tine Chnámh

Image 68

Image 69

Image 70

Image 71

Tástáil Treáite

Image 72

Image 73

Image 74

Image 75

Tástáil um Nochtadh do Cheimiceáin

 

Image 76

Image 77

Image 78

Tástáil Lamháltas Fabhtanna Ilchodacha

 

Image 79

Image 80

Image 81

Tástáil Réabtha Struis Luathaithe

 

Image 82

Image 83

Image 84

Tástáil Bhrú-Thimthriallta Teochta Foircní

 

Image 85

Image 86

Image 87

Tástáil Damáiste Tuairte

 

 

Image 88

Image 89

Tástáil Sceite

 

 

 

Image 90

Tástáil Tréscaoilte

 

 

 

Image 91

Tástáil Casmhóiminte Cabhra

 

 

 

Image 92

Tástáil Ghás-Timthriallta Hidrigine

 

 

 

Image 93

1.   Aicmiú coimeádán hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid:

Cineál 1

Coimeádán miotalach gan uaim

Cineál 2

Coimeádán fonsathimpeallaithe le líneáil mhiotalach gan uaim

Cineál 3

Coimeádán lánchlúdaithe le líneáil mhiotalach gan uaim nó táthaithe

Cineál 4

Coimeádán lánchlúdaithe le líneáil neamh-mhiotalach.

2.   Ní mór a áireamh ar na nósanna imeachta tástála a chuirfear i bhfeidhm maidir le cineál-cheadú coimeádán hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid:

(a)

Tástáil pléasctha: is é cuspóir na tástála luach an bhrú ag a bpléascann an coimeádán a chur ar fáil. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi bhrú de mhéid áirithe ar cheart dó a bheith níos mó ná brú oibre ainmniúil an choimeádáin. Ní mór go mbeidh brú pléasctha an choimeádáin níos mó ná brú sonraithe. Ní mór don mhonaróir brú pléasctha an choimeádáin a thaifeadadh agus an taifead a choimeád ar feadh shaolré seirbhíse an choimeádáin.

(b)

Tástáil bhrú-thimthriallta teochta comhthimpeallaí: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann mórathruithe brú a sheasamh. Leis sin a chruthú, déanfar brú-thimthriallta ar an gcoimeádán go dtí go dtarlaíonn cliseadh nó go dtí go sroichtear líon sonraithe timthriallta tríd an mbrú a mhéadú agus a laghdú go méid sonraithe. Ní mór nach gclisfidh ar na coimeádáin go dtí go sroichfear líon sonraithe timthriallta. Ní mór líon na dtimthriallta go dtí an cliseadh, maille le suíomh an chliste agus tuairisc ar an gcliseadh, a dhoiciméadú. Ní mór don mhonaróir na torthaí a choimeád ar feadh shaolré seirbhíse an choimeádáin.

(c)

Tástáil feidhmíochta sceitheadh roimh bhriseadh (SRB): is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go gcliseann ar an gcoimeádán hidrigine trí sceitheadh roimh réabadh. Leis sin a chruthú, déanfar brú-thimthriallta ar an gcoimeádán tríd an mbrú a mhéadú agus a laghdú go luach sonraithe. Ní mór nach gclisfidh ar na coimeádáin a ndéanfar tástáil orthu trí sceitheadh, sin nó ní mór nach ngabhfaidh siad thar líon sonraithe timthriallta tástála gan cliseadh. Ní mór líon na dtimthriallta go cliseadh, maille le suíomh an chliste agus tuairisc ar an gcliseadh a thaifeadadh.

(d)

Tástáil tine chnámh: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bpléascann an coimeádán lena chóras cosanta dóiteáin nuair a thástáiltear é faoi na coinníollacha sonraithe dóiteáin. Ní mór nach scaoilfidh an coimeádán, arna theannadh go brú oibre, ach tríd an fheiste faoisimh brú agus ní mór nach réabfaidh sé.

(e)

Tástáil treáite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach réabfaidh an coimeádán nuair a threáitear le piléar é. Leis sin a chruthú, teanntar an coimeádán iomlán lena bhratú cosanta agus treáitear le piléar é. Ní mór nach réabfaidh an coimeádán.

(f)

Tástáil um nochtadh do cheimiceáin: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán in ann nochtadh do shubstaintí sonraithe ceimiceacha a sheasamh. Leis sin a chruthú, beidh an coimeádán nochta do thuaslagáin éagsúla cheimiceacha. Méadófar an brú sa choimeádán go luach áirithe agus déanfar tástáil pléasctha. Ní mór go sroichfidh an coimeádán brú pléasctha sonraithe agus ní mór an brú sin a thaifeadadh.

(g)

Tástáil lamháltas fabhtanna ilchodacha: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann nochtadh d’ardbhrú a sheasamh. Leis sin a chruthú, gearrfar fabhtanna de chruth sonraithe i dtaobh-bhalla an choimeádáin agus cuirfear líon sonraithe brú-thimthriallta i gcrích. Ní mór nach sceithfidh nó nach réabfaidh an coimeádán laistigh de líon timthriallta, ach féadfaidh sé cliseadh trí sceitheadh le linn na dtimthriallta tástála ina dhiaidh sin. Ní mór líon na dtimthriallta go cliseadh maille le suíomh an chliste agus tuairisc ar an gcliseadh a thaifeadadh.

(h)

Tástáil réabtha struis luathaithe: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann nochtadh d’ardbhrú agus d’ardteocht ag teorainn an raon oibriúcháin incheadaithe a sheasamh ar feadh tréimhse fhada ama. Leis sin a chruthú, nochtfar an coimeádán ar feadh tréimhse sonraithe do choinníollacha sonraithe brú agus teochta agus ina dhiaidh sin gabhfaidh sé faoi thástáil phléasctha dá dtagraítear faoi phointe (a). Ní mór go sroichfidh an coimeádán brú pléasctha sonraithe.

(i)

Tástáil bhrú-thimthriallta teochta foircní: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann athruithe brú a sheasamh faoi choinníollacha difriúla teochta. Leis sin a chruthú, déanfar tástáil timthriallta go hidreastatach ar an gcoimeádán, a bheidh saor ó aon bhratú cosanta, trína nochtadh do choinníollacha comhthimpeallacha foircneacha agus ansin tástáil sceite agus tástáil phléasctha a dhéanamh faoi mar a dtagraítear dóibh faoi phointe (a) agus faoi phointe (k). Le linn tástáil timthriallta ar na coimeádáin ní mór nach mbeidh comhartha ar bith de réabadh, sceitheadh nó roiseadh snáithín le sonrú orthu. Ní mór nach bpléascfaidh na coimeádáin ag brú sonraithe.

(j)

Tástáil damáiste tuairte: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go bhfanfaidh an coimeádán hidrigine de bheith oibríochtúil tar éis é a nochtadh do na tuairteanna sonraithe meicniúla. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi thástáil titime agus déanfar líon sonraithe brú-thimthriallta. Ní mór nach sceithfidh nó nach réabfaidh an coimeádán laistigh de líon sonraithe timthriallta, ach féadfaidh sé cliseadh trí sceitheadh le linn na dtimthriallta tástála ina dhiaidh sin.

(k)

Tástáil sceite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bhfuil comhartha sceite ar bith le sonrú ar an gcoimeádán hidrigine faoi na coinníollacha sonraithe. Leis sin a chruthú, teannfar an coimeádán go brú arb ionann é agus a bhrú oibre ainmniúil. Ní mór nach mbeidh comhartha ar bith de sceitheadh arna bhrath trí scoilteanna, trí phiocháin nó trí fhabhtanna comhchosúla eile le sonrú air.

(l)

Tástáil tréscaoilte: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach dtréscaoileann an coimeádán hidrigine níos mó ná ráta sonraithe. Leis sin a chruthú, teannfar an coimeádán le gás hidrigine go brú oibre ainmniúil agus déantar faireachán air ansin i dtaca le tréscaoileadh i seoimrín iata ar feadh achar sonraithe faoi choinníollacha sonraithe teochta.

(m)

Tástáil casmhóiminte cabhra: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann an chasmhóimint shonraithe a sheasamh. Leis sin a chruthú, cuirfear casmhóimint leis an gcoimeádán ó threonna éagsúla. Ansin, déanfar tástáil sceite agus tástáil pléasctha dá dtagraítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (k) thuas. Ní mór don choimeádán na ceanglais maidir leis an tástáil sceite agus leis an tástáil phléasctha a chomhlíonadh. Ní mór an chasmhóimint, an brú sceite agus an brú pléasctha a chuirfear leis a thaifeadadh.

(n)

Tástáil ghás-timthriallta hidrigine: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann mórathruithe brú a sheasamh nuair a bhaintear úsáid as gás hidrigine. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi roinnt brú-thimthriallta trí úsáid a bhaint as gás hidrigine agus tástáil sceite dá dtagraítear faoi phointe (k) thuas. Déanfar iniúchadh ar an meathlú, amhail scoilteadh strustuirse nó diúscairt leictreastatach an choimeádáin. Ní mór go dtiocfaidh an coimeádán leis na ceanglais maidir leis an tástáil sceite. Ní mór go mbeidh an coimeádán saor ó mheathlú ar bith, amhail scoilteadh strustuirse nó diúscairt leictreastatach.


IARSCRÍBHINN V

Nósanna imeachta is infheidhme maidir le comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid

 

AN CINEÁL TÁSTÁLA

COMHPHÁIRT HIDRIGINE

Tástálacha ábhair

Tástáil ar an seasamh in aghaidh creimthe

Tástáil seasmhachta

Tástáil bhrú-thimthriallta hiodrálaigh

Tástáil sceite inmheánaigh

Tástáil sceite sheachtraigh

Feistí faoisimh brú

Image 94

Image 95

Image 96

Image 97

Image 98

Image 99

Comhlaí uathoibríocha

Image 100

Image 101

Image 102

Image 103

Image 104

Image 105

Comhlaí láimhe

Image 106

Image 107

Image 108

Image 109

Image 110

Image 111

Comhlaí neamhchúlaithe

Image 112

Image 113

Image 114

Image 115

Image 116

Image 117

Comhlaí faoisimh brú

Image 118

Image 119

Image 120

Image 121

Image 122

Image 123

Malartóirí teasa

Image 124

Image 125

 

Image 126

 

Image 127

Cónascairí nó gabhdáin athbhreoslaithe

Image 128

Image 129

Image 130

Image 131

Image 132

Image 133

Rialtóirí brú

Image 134

Image 135

Image 136

Image 137

Image 138

Image 139

Braiteoirí le haghaidh córais hidrigine

Image 140

Image 141

Image 142

Image 143

 

Image 144

Píobáin bhreosla sholúbtha

Image 145

Image 146

Image 147

Image 148

 

Image 149

Feistí

Image 150

Image 151

Image 152

Image 153

 

Image 154

Scagairí hidrigine

Image 155

Image 156

 

Image 157

 

Image 158

Cónascairí córais stórála inbhainte

Image 159

Image 160

Image 161

Image 162

 

Image 163

Faoi réir ceanglas sonrach maidir le haon cheann de na comhpháirteanna hidrigine, ní mór a áireamh ar na nósanna imeachta tástála a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le cineál-cheadú comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin:

1.   Tástálacha ábhair:

1.1.

Tástáil comhoiriúnachta le hidrigin mar atá leagtha amach i bpointe (j) d’Iarscríbhinn III.

1.2.

Tástáil aosaithe: is é cuspóir na tástála a sheiceáil cibé an mbeidh an t-ábhar a mbaintear úsáid as i gcomhpháirt hidrigine neamh-mhiotalach in ann aosú a sheasamh. Ní cheadaítear aon scoilteadh infheicthe ar na samplaí tástála.

1.3.

Tástáil comhoiriúnachta le hózón: is é cuspóir na tástála a sheiceáil cibé an mbeidh an t-ábhar leaistiméire sa chomhpháirt hidrigine comhoiriúnach le nochtadh d’ózón. Ní cheadaítear aon scoilteadh infheicthe ar na samplaí tástála.

2.   An tástáil ar sheasamh in aghaidh creimthe atá leagtha amach i bpointe (e) d’Iarscríbhinn III.

3.   An tástáil seasmhachta atá leagtha amach i bpointe (c) d’Iarscríbhinn III.

4.   An tástáil bhrú-thimthriallta hiodrálaigh atá leagtha amach i bpointe (i) d’Iarscríbhinn III. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha infheicthe de dhífhoirmiú nó d’easbhrú le sonrú ar na comhpháirteanna hidrigine agus ní mór go gcomhlíonfaidh siad ceanglais na tástála sceite sheachtraigh agus inmheánaigh.

5.   Tástáil sceite inmheánaigh: is é cuspóir na tástála sceite inmheánaigh fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine sonraithe saor ó sceitheadh inmheánach. Leis sin a chruthú, teannfar na comhpháirteanna hidrigine faoi choinníollacha éagsúla teochta agus beifear ag faire amach do sceitheadh. Ní mór go bhfanfaidh an chomhpháirt hidrigine saor ó shúilíní agus ní mór nach mbeidh sceitheadh inmheánach ann ag ráta níos airde ná uimhir shonraithe.

6.   An tástáil sceite sheachtraigh atá leagtha amach i bpointe (b) d’Iarscríbhinn III.


IARSCRÍBHINN VI

Ceanglais ghinearálta maidir le comhpháirteanna agus córais hidrigine a shuiteáil

1.   Suiteálfar an córas hidrigine sa chaoi is go mbeidh sé cosanta ar dhamáiste.

Ní mór go mbeadh sé scoite ó fhoinsí teochta san fheithicil.

2.   Ní fhéadfar an coimeádán hidrigine a aistriú, ach amháin chun coimeádán hidrigine eile a chur in áit, chun críche athbhreoslaithe nó le haghaidh obair chothabhála.

I gcás inneall dócháin inmheánaigh, ní mór nach suiteálfar an coimeádán in urrann inneall na feithicle.

Ní mór go mbeidh a leordhóthain cosanta aige in aghaidh creimthe de chineál ar bith.

3.   Ní foláir bearta a ghlacadh chun míbhreoslú na feithicle agus sceitheadh hidrigine a chosc le linn athlíonta agus le deimhin a dhéanamh de go n-aistreofar córas stórála hidrigine inaistrithe go sábháilte.

4.   Ní mór go ndaingneofar an cónascaire nó an gabhdán athbhreoslaithe in aghaidh an mhíchoigeartaithe agus ní mór go ndéanfar é a chosaint ó shalachar agus ó uisce. Ní mór go mbeidh an cónascaire nó an gabhdán athbhreoslaithe lánpháirtithe le comhla neamhchúlaithe nó le comhla a bhfuil an fheidhm chéanna aici. Mura mbeidh an cónascaire athbhreoslaithe suite go díreach ar an gcoimeádán, ní mór go ndéanfar an píobán athbhreoslaithe a dhaingniú le comhla neamhchúlaithe nó le comhla a bhfuil an fheidhm chéanna aici, a bheidh suite go díreach ar an gcoimeádán nó a bheidh laistigh den choimeádán.

5.   Ní mór go suiteálfar agus go bhfosófar an coimeádán hidrigine sa dóigh gur féidir na luasghéaruithe sonraithe a shú gan damáiste do na comhpháirteanna a bhaineann le sábháilteacht nuair a bhíonn na coimeádáin hidrigine lán.

6.   Ní mór go ndaingneofar na píobáin soláthair breosla hidrigine le comhla stoptha uathoibríoch a bheidh suite go díreach ar an gcoimeádán nó a bheidh laistigh den choimeádán. Dúnfaidh an chomhla má éilíonn mífheidhmiú an chórais hidrigine go ndúnfaidh sí nó má tharlaíonn aon rud eile a mbeidh sceitheadh hidrigine de thoradh air. Nuair a chasfar an córas tiomána as, ní mór go gcasfar an soláthar breosla ón gcoimeádán go dtí an córas tiomána as agus ní mór go bhfanfaidh sé dúnta go dtí go gcaithfear an córas a oibriú arís.

7.   I gcás tionóiscí, cuirfidh an chomhla stoptha uathoibríoch a bheidh suite go díreach ar an gcoimeádán, nó a bheidh laistigh den choimeádán, bac ar an sreabhadh gáis ón gcoimeádán.

8.   Ní ghobfaidh aon chomhpháirt hidrigine, lena n-áirítear aon ábhar cosanta ar cuid de chomhpháirteanna den sórt sin é, amach thar imeall na feithicle nó thar an struchtúr cosanta. Ní bheidh feidhm aige sin má bhíonn comhpháirt hidrigine cosanta go leordhóthanach agus mura mbíonn aon chuid den chomhpháirt hidrigine suite lasmuigh den struchtúr cosanta sin.

9.   Ní mór go suiteálfar an córas hidrigine sa chaoi is go mbeidh sé cosanta ó dhamáiste, amhail damáiste de bharr comhpháirteanna feithicle faoi ghluaiseacht, tuairteanna, griothal nó de bharr luchtú nó folmhú na feithicle nó luchtanna a aistriú, a oiread agus is praiticiúil go réasúnta.

10.   Ní mór nach suiteálfar aon chomhpháirt hidrigine in aice le píobán sceite innill dócháin inmheánaigh nó in aice le haon fhoinse eile teasa, mura mbeidh comhpháirt den sórt sin go leordhóthanach á cosaint ar theas.

11.   Ní mór go gceapfar an córas aerála nó teasa don urrann phaisinéara agus d’áiteanna inar féidir le sceitheadh nó bailiú hidrigine tarlú sa chaoi is nach mbeidh hidrigin á tarraingt isteach san fheithicil.

12.   I gcás tionóisce, ní mór a áirithiú a mhéid is féidir ar bhonn réasúnta go mbeidh an fheiste faoisimh brú agus an córas scaoilte a bhaineann leis in ann feidhmiú. Ní mór go mbeidh córas scaoilte na feiste faoisimh brú cosanta leordhóthanach i gcoinne salachair agus uisce.

13.   Ní mór go mbeidh urrann phaisinéara na feithicle scartha ón gcóras hidrigine le go seachnófar bailiú hidrigine san urrann sin. Ní mór go gcinnteofar nach n-éalóidh aon bhreosla a sceitheann ón gcoimeádán nó óna chuid chomhghabhálas go dtí urrann phaisinéara na feithicle.

14.   Ní mór go mbeidh comhpháirteanna hidrigine a d’fhéadfadh hidrigin a sceitheadh laistigh den urrann phaisinéara nó d’urrann an bhagáiste nó laistigh d’aon urrann neamhaeraithe eile imfhálaithe le feireadh gás-obach nó lena choibhéis ó thaobh éifeachta mar atá sonraithe sna bearta cur chun feidhme.

15.   Ní mór go n-insleofar feistí faoi oibriú leictreach ina bhfuil hidrigin sa dóigh nach mbeidh aon sruth ag dul trí na codanna ina bhfuil hidrigin d’fhonn cosc a chur ar spréacha leictreacha i gcás briste.

Ní mór go mbeidh nasc leanúnach leictreach ag comhpháirteanna miotalacha an chórais hidrigine le talmhú na feithicle.

16.   Ní mór go ndéanfar lipéid nó modhanna aitheanta eile a úsáid lena chur in iúl do sheirbhísí tarrthála gur le cumhacht hidrigine a thiomáintear an fheithicil agus go n-úsáidtear hidrigin leachtach nó chomhbhrúite (gásach).


IARSCRÍBHINN VII

Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

Leasaítear Treoir 2007/46/CE leis seo mar a leanas:

1.   I gCuid I d’Iarscríbhinn IV, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

Tagairt don Iris Oifigiúil

Infheidhmeacht

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

“62.

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

L 35, 4.2.2009, lch. 32

X

X

X

X

X

X”

 

 

 

 

2.   San Aguisín a ghabhann le Cuid I d’Iarscríbhinn IV, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:

 

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

An tagairt don Iris Oifigiúil

M1

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

L 35, 4.2.2009, lch. 32

X”

3.   San Aguisín a ghabhann le hIarscríbhinn VI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:

 

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin (1)

Arna leasú le

Infheidhme maidir le leaganacha

“62.

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009”

 

 

4.   In Aguisín 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

M1 ≤ 2 500 (1) kg

M1 > 2 500 (1) kg

M2

M3

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

Q

G + Q

G + Q

G + Q”

5.   In Aguisín 2 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

A

A

A

A

A

A”

 

 

 

 

6.   In Aguisín 3 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

M1

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

X”

7.   In Aguisín 4 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

Q

Q

Q

Q

Q”

 

 

 

 

8.   In Aguisín 5 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ionstraim rialúcháin

Crann tógála soghluaiste de chatagóir N3

“62

Córas hidrigine

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009

X”