31.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 330/1


CINNEADH ÓN mBIÚRÓ

an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 (1)

maidir le bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa

(2022/C 330/01)

CLÁR NA nÁBHAR

TEIDEAL I.

FEIDHMIÚ AN tSAINORDAITHE PHARLAIMINTIGH 4

Caibidlí:

1.

Tuarastal 4

2.

Speansais leighis 5

3.

Árachas in aghaidh na rioscaí a bhaineann le feidhmiú an tsainordaithe pharlaimintigh 6

4.

Aisíocaíocht ar speansais 8

5.

Cúnamh ó fhoireann phearsanta 18

6.

Soláthar trealaimh agus saoráidí 26

TEIDEAL II.

DEIREADH AN tSAINORDAITHE PHARLAIMINTIGH 27

Caibidlí:

1.

Liúntas idirthréimhseach 27

2.

Pinsean seanaoise 28

3.

Pinsean easláine 29

4.

Pinsean marthanóra agus pinsean dílleachta 31

TEIDEAL III.

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA 33

Caibidlí:

1.

Socruithe íocaíochta 33

2.

Tabhairt chun rialtachta agus aisghabháil 35

3.

Forálacha ginearálta airgeadais eile 36

4.

Forálacha críochnaitheacha 36

TEIDEAL IV.

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA 38

TÁ BIÚRÓ PHARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 190(5) de,

ag féachaint do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (2) (dá ngairtear “an Reacht” anseo ina dhiaidh seo),

ag féachaint do Riail 8 agus Riail 23(2) de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an Reacht leagtar síos na rialacha agus na coinníollacha ginearálta a rialaíonn feidhmiú oifige ag Feisire Parlaiminte. Sa bhreis ar na forálacha a bhaineann le gnéithe institiúideacha de chearta na bhFeisirí, leagtar síos leis an Reacht rialacha airgeadais aonfhoirmeacha atá infheidhme maidir le Feisirí le linn a dtéarma oifige agus freisin tar éis dóibh a ngníomhaíochtaí parlaiminteacha a thabhairt chun críche. Is é an Biúró amháin atá freagrach as gnéithe airgeadais an Reachta a chur chun feidhme.

(2)

Is é cuspóir na mbeart cur chun feidhme seo ná an Reacht a fhorlíonadh, ní hamháin sna cásanna ina luann na forálacha go sonrach go bhfuil socruithe i dtaca lena gcur chun feidhme le leagan síos ag an bParlaimint ach freisin sna cásanna inar gá na bearta cur chun feidhme a tharraingt suas roimh ré mar gheall ar an gcur chun feidhme sin.

(3)

Gabhann na bearta cur chun feidhme seo freisin ionad na Rialacha a rialaíonn íocaíocht ar speansais agus liúntais na bhFeisirí (dá ngairtear “Rialacha PEAM” anseo ina dhiaidh seo) (4), a ndéanfar iad a aisghairm an lá a dtiocfaidh an Reacht i bhfeidhm.

(4)

Maidir le haisíocaíocht ar speansais leighis, rinneadh cinneadh, i bpáirt d’fhonn costais riaracháin a laghdú, an córas atá infheidhme do Bhreithiúna ag an gCúirt Bhreithiúnais agus do Chomhaltaí den Choimisiún a úsáid, go háirithe trí bhíthin na n-oifigí socraíochta den Chomhscéim Árachais Breoiteachta arna bunú ag institiúidí na gComhphobal Eorpach (5), agus na coinníollacha sonracha arna leagan síos ag an Reacht a chomhlíonadh ag an am céanna.

(5)

Maidir le haisíocaíocht ar speansais a bhaineann le feidhmiú an tsainordaithe, lena n-áirítear speansais taistil, tá na bearta cur chun feidhme seo bunaithe ar rialacha arna bhformheas ag an mBiúró an 28 Bealtaine 2003 lena mbunaítear prionsabal na haisíocaíochta ar bhonn na speansas a thabhaítear go hiarbhír. Ag an am céanna, agus ag teacht leis na rialacha sin agus leis an gcásdlí ábhartha (6), leanfaidh cuid theoranta de na speansais atá nasctha le feidhmiú an tsainordaithe de bheith aisíoctha trí íocaíocht chnapshuime.

(6)

Maidir leis an bParlaimint a bheith ag íoc speansais a thabhaíonn Feisirí go hiarbhír i bhfostú cúntóirí pearsanta, ba cheart go leagfaí síos rialacha soiléire chun fostú na gcúntóirí a oibríonn sna Ballstáit inar toghadh na Feisirí a rialú agus ní mór go mbeidh conarthaí na gcúntóirí á mbainistiú ag gníomhairí íocaíochta. Ag an am céanna, ba cheart aird chuí a thabhairt ar athrú is dócha a tharlóidh ar stádas dlíthiúil cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe, atá le bheith faoi réir socruithe dlí ar leith arna nglacadh ar bhonn Airteagal 283 den Chonradh. I bhfianaise rún na Parlaiminte an 22 Aibreán 2008 (7), is iomchuí cistiú conarthaí arna gcur i gcrích le daoine de theaghlach Feisirí a thoirmeasc.

(7)

Thairis sin, sna forálacha idirthréimhseacha, ba cheart céimeanna a ghlacadh chun a áirithiú maidir le daoine a fhaigheann sochair áirithe faoi Rialacha PEAM, go leanfaidh siad dá bhfáil tar éis aisghairm na rialacha sin, rud atá ag teacht le prionsabal an ionchais dhlisteanaigh. Ba cheart céimeanna a ghlacadh freisin chun cothabháil na gceart pinsin a ráthú, ar cearta iad a bheidh faighte ar bhonn Rialacha PEAM roimh theacht i bhfeidhm an Reachta. Sa bhreis air sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar shocruithe sonracha a rialaíonn Feisirí atá, le linn idirthréimhse agus i ndáil leis na rialacha airgeadais chun feidhmiú an tsainordaithe a rialú, cumhdaithe ag córais náisiúnta sna Ballstáit inar toghadh iad, de bhun Airteagal 25 nó Airteagal 29 den Reacht,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FEIDHMIÚ AN tSAINORDAITHE PHARLAIMINTIGH

CAIBIDIL 1

Tuarastal

Airteagal 1

Teidlíocht tuarastail

Amhail ón dáta a rachaidh siad i mbun a ndualgas go dtí an lá deireanach den mhí ina scoirfidh siad de na dualgais sin, beidh Feisirí i dteideal an tuarastail dá dtagraítear in Airteagal 10 den Reacht.

Airteagal 2

Toirmeasc ar thuarastail chomhthráthacha a fháil

1.   Déanfar fritháireamh ar thuarastal arna fháil ag Feisire mar gheall ar fheidhmiú sainordaithe i bparlaimint eile i gcomhthráth leis sin i bParlaimint na hEorpa, agus déanfar an fritháireamh sin in aghaidh an tuarastail dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht.

2.   Ciallóidh “parlaimint eile” amhail dá dtagraítear i mír 1 aon pharlaimint atá bunaithe i mBallstát a bhfuil cumhachtaí reachtacha aici agus nach bhfuil feidhm ag Airteagal 7(2) den Ionstraim maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (8) maidir leo.

3.   Beidh an ríomh bunaithe ar iomlán an dá thuarastal sula ndéanfar an cháin a asbhaint.

4.   Luafaidh Feisirí ina ndearbhuithe maidir le leasanna airgeadais aon sainordú a shealbhaíonn siad de réir bhrí mhír 1 thuas, agus aon tuarastal a fhaigheann siad mar thoradh ar an sainordú sin.

CAIBIDIL 2

Speansais leighis

Airteagal 3

Faighteoirí aisíocaíochtaí agus nósanna imeachta aisíocaíochta

1.   De bhun Airteagal 18 den Reacht, agus a bhfuil feidhm mutatis mutandis aige maidir leis na rialacha arna dtarraingt suas idir institiúidí na gComhphobal de chomhthoil (9), agus de bhun a bhforálacha ginearálta cur chun feidhme (10), beidh na daoine seo a leanas i dteideal aisíocaíochta ar dhá thrian de na costais a thabhaítear mar thoradh ar bhreoiteacht, ar thoircheas nó ar bhreith linbh:

(a)

Feisirí agus iar-Fheisirí a bhfuil an liúntas idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 13 den Reacht á fháil acu nó a bhfuil pinsean de bhun Airteagal 14 nó Airteagal 15 den Reacht á fháil acu i leith a gcuid speansas féin agus i leith na speansas a thabhaíonn:

(i)

a gcéile nó a bpáirtí seasta neamhphósta de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 58(2) agus

(ii)

a leanaí cleithiúnacha de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 58(3), go dtí go sroicheann an leanbh 21 bhliain d’aois nó, 25 bliana d’aois má tá siad in oideachas nó oiliúint ghairmiúil lánaimseartha, nó gan teorainn aoise má tá siad ag fulaingt ó bhreoiteacht nó éiglíocht thromchúiseach a chuireann cosc orthu fónamh dá gcuid riachtanas féin,

i gcás nach bhfuil na céilí, na páirtithe seasta neamhphósta agus na leanaí cleithiúnacha incháilithe le haghaidh sochair den chineál céanna agus den leibhéal céanna agus atá ag an bhFeisire nó ag an iar-Fheisire de bhua aon fhoráil dhlíthiúil eile nó aon rialacháin eile;

(b)

daoine atá i dteideal pinsean marthanóra de bhun Airteagal 17 den Reacht.

Beidh saorchead ag na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a gcleachtóirí agus a n-ospidéil nó a gclinicí a roghnú, mar a leagtar amach in Airteagal 19(1) de na rialacha réamhráite.

2.   Cuirfear na haisíocaíochtaí dá bhforáiltear i mír 1 chun dochair do bhuiséad na Parlaiminte. Beidh feidhm ag Airteagal 72(3) agus (4) de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach (11) agus Airteagal 20(6) de na rialacha réamhráite.

3.   Ní fhéadfar réamhíocaíochtaí de réir bhrí Airteagal 30 de na rialacha réamhráite a thabhairt ach amháin i bhfoirm billeáil dhíreach ar speansais ospidéalaithe. Tar éis chur i bhfeidhm an scála aisíocaíochta, déanfar an chuid de na speansais atá le híoc ag na tairbhithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aisíoc leis an bParlaimint i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 30(2) agus (3) de na rialacha sin.

4.   Féadfaidh Feisirí agus iar-Fheisirí a bhfuil an liúntas idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 13 den Reacht á fháil acu nó a bhfuil pinsean de bhun Airteagal 14 nó Airteagal 15 den Reacht á fháil acu a dteidlíocht maidir le haisíocaíocht speansas leighis dá bhforáiltear i mír 1 a tharscaoileadh le héifeacht ón gcéad lá den mhí féilire i ndiaidh dháta thíolacadh an iarratais. Sa chás sin, beidh siad i dteideal aisíocaíocht de dhá thrian den rannaíocht atá dlite le haghaidh árachas sláinte ar choinníoll nach rachaidh méid iomlán na haisíocaíochta thar EUR 400 in aghaidh na míosa.

5.   Ní fhéadfaidh Feisirí ná iar-Fheisirí a tharscaoileann, de bhun mhír 4, a theidlíocht nó a teidlíocht maidir le haisíocaíocht speansas leighis filleadh ar an gcóras chun go mbeidís i dteideal aisíocaíocht ar speansais leighis dá bhforáiltear i mír 1 a fháil go dtí go mbeidh 12 mhí caite ón tráth a ghabh éifeacht leis an tarscaoileadh. Ar an gcaoi chéanna, aon athrú ina dhiaidh sin, má bhaineann sé le filleadh ar an gcóras chun go mbeidís i dteideal aisíocaíocht ar speansais leighis dá bhforáiltear i mír 1 nó má bhaineann sé le tarscaoileadh teidlíochta den sórt sin, ní fhéadfar an t-athrú sin a dhéanamh ach amháin i ndiaidh íostréimhse 12 mhí.

6.   Féadfaidh an Biúró oiriúnú a dhéanamh go bliantúil ar an méid, dá dtagraítear i mír 4, suas go dtí an ráta méadaithe bliantúil den mheánmhéid a aisíocann an Chomhscéim Árachais Breoiteachta d’oifigigh na gComhphobal Eorpach (JSIS) in aghaidh an fhaighteora.

7.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le hiar-Fheisirí a fhaigheann an liúntas idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 45 don tréimhse ón gcéad lá tar éis dóibh éirí as a gcuid dualgas go dtí dáta tosaithe a dteidlíochta ar an liúntas idirthréimhseach.

8.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le hiar-Fheisirí a fhaigheann an pinsean seanaoise dá dtagraítear in Airteagal 49 don tréimhse ón gcéad lá tar éis dóibh éirí as a gcuid dualgas go dtí dáta tosaithe a dteidlíochta ar an bpinsean seanaoise, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha arna leagan amach in Airteagal 49(1) comhlíonta acu sula n-éiríonn siad as a gcuid dualgas.

Airteagal 4

Nós Imeachta

Déanfar iarratais ar aisíocaíocht a thíolacadh do roinn ábhartha na Parlaiminte nó go díreach d’Oifig Socraíochta an Choimisiúin, ag úsáid foirmeacha caighdeánacha a mbeidh doiciméid tacaíochta ag gabháil leo.

Airteagal 5

Maoiniú

Déanfar maoiniú an chórais aisíocaíochta agus na socruithe chun speansais a ghlanadh a rialú le comhaontú um chomhar idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach bunaithe ar fhorálacha an Reachta agus ar fhorálacha Chomhscéim Árachais Breoiteachta institiúidí na gComhphobal Eorpach. Thar ceann na Parlaiminte, síneoidh an tUachtarán an comhaontú sin tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin leis na Caestóirí.

Airteagal 6

Gearáin

D’ainneoin Airteagal 72, déanfar aon díospóid a eascraíonn as an léirmhíniú ar an gcaibidil seo i gcásanna sonracha a thíolacadh don Ard-Rúnaí, a ghlacfaidh cinneadh i ndiaidh dó tuairim a fháil ón gCoiste Bainistíochta de Chomhscéim Árachais Breoiteachta institiúidí na gComhphobal Eorpach agus i ndiaidh dó dul i mbun comhairliúcháin leis na Caestóirí.

CAIBIDIL 3

Árachas in aghaidh na rioscaí a bhaineann le feidhmiú an tsainordaithe pharlaimintigh

Airteagal 7

Forálacha ginearálta

1.   Faoi na coinníollacha a leagtar síos sna conarthaí árachais, beidh Feisirí i dteideal:

(a)

árachas in aghaidh tionóiscí a d’fhéadfadh a bheith acu le linn fheidhmiú a sainordaithe;

(b)

árachas in aghaidh gadaíocht nó caillteanas maoine agus sealúchais phearsanta le linn fheidhmiú a sainordaithe.

2.   Déanfar dhá thrian de na préimheanna árachais a chur chun muirir do bhuiséad na Parlaiminte agus déanfar an trian atá fágtha a chur chun muirir do na Feisirí. Asbhainfear ranníocaíocht gach Feisire go díreach ón tuarastal dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht.

3.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gach Feisire ó thús a shainordaithe nó a sainordaithe mura rud é go dtugann siad fógra i scríbhinn don Ard-Rúnaí á rá gur mian leis nó léi go sainráite an cumhdach árachais a sheachligean. I gcás inarb infheidhme, titfidh a gceart ar chumhdach árachais ar lár ar an lá deireanach den mhí inar tugadh fógra faoin mian sin.

Airteagal 8

Árachas tionóisce

1.   Déanfaidh an polasaí árachais tionóisce foráil maidir le cumhdach in aghaidh tionóiscí d’Fheisirí aon áit ar domhan le linn ré a sainordaithe.

2.   Déanfaidh forálacha an pholasaí árachais tionóisce foráil do na cásanna seo a leanas:

(a)

bás: íocaíocht chnapshuime leis na daoine a liostaítear thíos a bheidh comhionann le cúig oiread an tuarastail bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht:

leis an gcéile agus le leanaí an Fheisire éagtha i gcomhréir le dlí an chomharbais a rialaíonn eastát an Fheisire; ní bheidh an méid a bheidh le híoc leis an gcéile, áfach, níos lú ná 25 % den chnapshuim,

i gcás nach mbeidh aon duine sa chatagóir thuas, leis na sliochtaigh eile, i gcomhréir le dlí an chomharbais a rialaíonn eastát an Fheisire,

i gcás nach mbeidh aon duine sa dá chatagóir thuas, leis na sinsir, i gcomhréir le dlí an chomharbais a rialaíonn eastát an Fheisire,

i gcás nach mbeidh aon duine sna trí chatagóir thuas, leis an bParlaimint;

(b)

buaneasláine iomlán: íocaíocht chnapshuime leis na daoine i dtrácht a bheidh comhionann le hocht n-oiread an tuarastail dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht;

(c)

buaneasláine pháirteach: íocaíocht leis na daoine i dtrácht ar sciar í den mhéid dá bhforáiltear i bpointe (b) arna ríomh trí thagairt don scála a leagtar síos leis na rialacha arna dtarraingt suas idir institiúidí na gComhphobal de chomhthoil (12), amhail dá bhforáiltear in Airteagal 73(1) de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha dá bhforáiltear i mír 2, pointe (c), i leith na bhFeisirí. Ní bheidh feidhm ag na forálacha maidir le galair cheirde agus le blianachtaí saoil agus ag aon fhoráil a bhfuil a feidhmiú doscartha ó stádas an oifigigh. Beidh feidhm ag an nós imeachta gearán dá bhforáiltear in Airteagal 72.

Maidir le cumhachtaí an Udaráis Ceapacháin de réir mar a leagtar síos sna hionstraimí thuas iad, déanfaidh Uachtarán na Parlaiminte iad a fheidhmiú i dtaca leis na Feisirí.

Ní chuirfidh aitheantas ar bhuaneasláine iomlán nó pháirteach, de bhun an Airteagail seo agus na n-ionstraimí thuasluaite, bac in aon slí ar fheidhmiú Airteagal 15 den Reacht, agus a mhalairt.

4.   I gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), déanfar cumhdach a leathnú chun go gclúdóidh sé speansais leighis agus chógaisíochta, costais ospidéalaithe, cóireáil mháinliachta, próistéisí, radagrafaíocht, suathaireacht agus ortaipéidic, sonraisc ó chlinicí, costais iompair agus aon speansais chomhchosúla eile atá riachtanach de bharr na tionóisce. Ní dhéanfar an aisíocaíocht seo áfach ach amháin i ndiaidh don chlúdach a fhaigheann an duine i dtrácht de bhun na bhforálacha maidir le haisíocaíocht ar speansais leighis a leagtar síos in Airteagal 18 den Reacht a bheith ídithe agus mar fhorlíonadh ar an gclúdach sin.

Airteagal 9

Árachas in aghaidh caillteanais agus gadaíochta

1.   Déanfaidh polasaí árachais in aghaidh gadaíochta nó caillteanas maoine agus sealúchas pearsanta foráil le haghaidh:

(a)

cumhdach domhanda;

(b)

uasmhéid de EUR 5 000 faoi árachas in aghaidh na gadaíochta nó an chaillteanais;

(c)

EUR 50 de bharrachas le híoc ag an bhFeisire i gcás ina n-éiríonn le héileamh;

(d)

cumhdach do shealúchas pearsanta agus do mhaoin;

(e)

céatadán le haghaidh dímheas a chur i bhfeidhm ar phraghas an tsealúchais nó na maoine tráth a dhéantar an aisíocaíocht.

2.   I gcás gadaíocht nó caillteanas a tharlaíonn lasmuigh d’áitribh na Parlaiminte, ní chuirfear cumhdach ar fáil ach amháin má tá an Feisire i dtrácht ag taisteal de bharr gnó oifigiúil ag an am. Má tharlaíonn an ghadaíocht ar áitribh na Parlaiminte, cuirfear cumhdach ar fáil má bhí an sealúchas nó an mhaoin á choinneáil nó á coinneáil in áit shábháilte.

3.   I gcás gadaíocht nó caillteanas airgid a tharlaíonn lasmuigh d’áitribh na Parlaiminte agus a thuairiscítear do na póilíní, cumhdófar é suas go dtí EUR 250 ar a mhéad má bhí an t-airgead caillte nó goidte mar chuid de shealúchas pearsanta eile a bhí caillte nó goidte. Ní chumhdófar gadaíocht nó caillteanas airgid a tharlaíonn in áitribh na Parlaiminte.

4.   I gcás bagáiste a bheith caillte ag iompróir nó é a bheith curtha amú ag an iompróir ar feadh níos mó ná 12 uair an chloig nuair atá Feisire ag taisteal de bharr gnó oifigiúil go dtí ceann scríbe seachas a áit chónaithe nó a háit chónaithe, cumhdófar sealúchas pearsanta nó an mhaoin is gá don Fheisire a cheannach nó a fhruilliú suas le huasteorainn EUR 500.

5.   Tuairisceoidh an Feisire aon ghadaíocht nó aon chaillteanas ar shealúchas pearsanta nó ar mhaoin do na póilíní má tharlaíonn sé lasmuigh d’áitribh na Parlaiminte. Má tharlaíonn sé in áitribh na Parlaiminte, tuairisceofar an méid sin don Aonad um Shlándáil.

6.   Tuairisceofar gadaíocht agus caillteanais don Ard-Rúnaí laistigh de 8 lá. Beidh sonrasc don earra atá caillte nó goidte ag gabháil le foirm na tuairisce, nó, dá éagmais sin, sonrasc don earra ionaid má tá luach níos mó ná EUR 700 air.

7.   Ní chumhdófar gadaíochtaí agus caillteanais atá cumhdaithe ag polasaí príobháideach árachais an Fheisire.

CAIBIDIL 4

Aisíocaíocht ar speansais

Roinn 1

Aisíocaíocht ar speansais taistil

Foroinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 10

Teidlíocht ar aisíocaíocht le haghaidh taisteal dualgais

1.   Beidh Feisirí i dteideal aisíocaíocht a fháil ar speansais iarbhír a thabhaítear le linn dóibh gabháil do:

(a)

thurais go dtí agus ó áiteanna oibre na Parlaiminte nó ionaid chruinnithe ceann dá comhlachtaí oifigiúla, mar a shainmhínítear i mír 3, dá ngairtear “gnáthspeansais taistil” anseo ina dhiaidh seo;

(b)

thurais a dtugtar fúthu i bhfeidhmiú a ndualgas lasmuigh den Bhallstát inar toghadh iad, ag teacht leis na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 22, dá ngairtear “speansais taistil bhreise” anseo ina dhiaidh seo;

(c)

thurais a dtugtar fúthu sa Bhallstát inar toghadh iad, ag teacht leis na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 23.

2.   Measfar freisin gur gnáthspeansais taistil iad seo a leanas: speansais taistil a thabhaíonn Feisirí agus iad ag tabhairt faoi mhisean sonrach atá údaraithe ag an Uachtarán, ag an mBiúró nó ag Comhdháil na nUachtarán.

2a.   Measfar freisin gur gnáthspeansais taistil iad seo a leanas: speansais taistil a thabhaíonn Cathaoirligh na gcoistí nó na bhfochoistí agus iad ag freastal ar chruinnithe den Chomhairle.

3.   Ciallóidh “comhlachtaí oifigiúla na Parlaiminte” comhlachtaí Parlaiminte, mar a shainmhínítear i dTeideal I, Caibidil 3, de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, mar aon leis na coistí parlaiminteacha, na toscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus toscaireachtaí eile arna gcomhdhéanamh ar bhonn na Rialacha Nós Imeachta sin, na grúpaí polaitiúla agus comhlachtaí eile atá údaraithe ag an mBiúró nó ag Comhdháil na nUachtarán.

Airteagal 11

Nós Imeachta

Aisíocfar speansais taistil bunaithe ar fhianú tinrimh agus ar na doiciméid taistil ábhartha a thabhairt ar aird, agus, i gcás inarb iomchuí, doiciméid tacaíochta eile mar a leagtar síos in Airteagal 14.

Airteagal 12

Fianú tinrimh

1.   Déanfar tinreamh Feisire a fhianú lena shíniú nó lena síniú sa taifead tinrimh atá ar fáil sa Seomra Tionóil nó sa seomra cruinnithe, nó trína shíniú nó a síniú sa clár tinrimh lárnach le linn a uaireanta oscailte mar atá leagtha síos ag an mBiúró. Féadfar fianú digiteach ar thinreamh Feisire a úsáid in ionad a shínithe nó a sínithe.

2.   Mar eisceacht, féadfar tinreamh a fhianú le doiciméid eile a chruthaíonn go raibh an Feisire i láthair ag an ionad cruinnithe le linn gnáthuaireanta cruinnithe. Ní fhéadfar an rogha sin a úsáid níos mó ná cúig huaire in aon leath-théarma parlaiminteach.

3.   Ní mheasfar dearbhuithe ón bhFeisire nó ó dhuine eile mar fhianaise ar thinreamh de réir bhrí mhír 1 agus mhír 2. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (b) agus pointe (c), agus in Airteagal 10(2), áfach, déanfar tinreamh a fhianú le dearbhú an Fheisire.

Airteagal 13

Doiciméid taistil

1.   Ní mór go mbeidh doiciméid tacaíochta ag gabháil le hiarratas aisíocaíochta ar speansais taistil, a léiríonn an praghas a íocadh, an bealach a glacadh agus grád, dáta agus am an taistil, agus go sonrach:

(a)

i gcás aerthaistil: ticéid ar a mbeidh ainm an Fheisire agus gach cárta bordála nó cruthúnas leictreonach ar úsáid na dticéad sin;

(b)

i gcás taisteal iarnróid nó taisteal ar bhád: na ticéid uile.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás taisteal i gcarr, déanfaidh Feisirí dearbhú a thíolacadh a léiríonn cláruimhir an chairr a úsáideadh don turas agus, i gcás turas i gcarr sa Bhallstát inar toghadh an Feisire, léireofar an t-achar a taistealaíodh, agus an áit imeachta agus ceann scríbe, nó, do gach turas eile i gcarr, an míleáiste ag an áit imeachta agus ag an gceann scríbe. I gcás ina bhfuil achar an turais níos mó ná 800 km, beidh doiciméid tacaíochta ag gabháil leis an dearbhú lenar féidir an dáta ar a ndearnadh an turas a chinneadh (e.g. admháil ar bhreosla ceannaithe a bhaineann le hidirbheart ag an áit imeachta nó le linn an turais, duillín dola-bhóthair, conradh nó sonrasc do charr ar cíos, etc.).

I gcás turas idir an Bhruiséil agus Strasbourg, ní mór doiciméid tacaíochta lenar féidir dáta an turais a fhionnadh a thíolacadh i gcónaí.

3.   Maidir le costas ticéad séasúir nó cárta lena dtugtar táille na dturas ar ráta laghdaithe don duine ainmnithe, féadfar iad a aisíoc i bhfoirm réamhíocaíochta. Tabharfar an réamhíocaíocht chun rialtachta ag deireadh bhailíocht an ticéid séasúir nó an chárta.

4.   Feisire a cheannaíonn ticéid ó ghníomhaireacht taistil na Parlaiminte, ar a phriacal nó a priacal féin, agus tar éis dó nó di admháil a shíniú á rá go bhfuil na ticéid faighte, féadfaidh sé nó sí a iarraidh ar an roinn ábhartha an costas a aisíoc go díreach leis an ngníomhaireacht taistil. Sna cásanna sin, féadfaidh an roinn ábhartha na doiciméid tacaíochta a liostaítear faoi mhír 1 a aisghabháil ó chóras áirithinte na gníomhaireachta taistil.

Airteagal 14

Doiciméid tacaíochta eile

Maidir le hiarratais aisíocaíochta ar speansais taistil, ní mór go mbeidh na doiciméid seo a leanas ag gabháil leo:

(a)

sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (b): cuireadh chuig an imeacht nó clár an imeachta ar fhreastail an Feisire air nó doiciméid tacaíochta eile ag cruthú go ndearnadh an turas i bhfeidhmiú shainordú an Fheisire, nó sa chás dá dtagraítear in Airteagal 22(2a), dearbhú ón bhFeisire go ndearnadh an turas i bhfeidhmiú a shainordaithe nó a sainordaithe;

(b)

sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (c): dearbhú ón bhFeisire ina luaitear cuspóir an turais a rinneadh i bhfeidhmiú a shainordaithe nó a sainordaithe;

(c)

sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2): i gcás inarb iomchuí, údarú ón Uachtarán, ón mBiúró nó ó Chomhdháil na nUachtarán;

(d)

sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2a): cuireadh ón gComhairle.

Airteagal 15

Méideanna aisíoctha

Aisíocfar speansais taistil ar bhonn na speansas a thabhaítear go hiarbhír, suas go dtí uasmhéid is ionann agus:

(a)

i gcás aerthaistil: taraif an ghráid gnó;

(b)

i gcás taisteal iarnróid nó taisteal ar bhád: an táille chéadghráid;

(c)

i gcás turas i gcarr, le huasteorainn aisíocaíochta 1 000 km in aghaidh an turais amach nó isteach: EUR 0,56/km, móide costas aon turais ar bhád farantóireachta nó modh iompair comhchosúil eile.

Foroinn 2

Forálacha is infheidhme maidir le gnáthspeansais taistil

Airteagal 16

Laethanta ar a ndéantar taisteal

1.   Ní mór go ndéanfar na turais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 10(1) chun freastal ar ghníomhaíochtaí oifigiúla a tharlaíonn ar na laethanta atá curtha ar leataobh dóibh i bhféilire ghnó oifigiúil na Parlaiminte, agus chun na críche sin amháin.

2.   Ní mór go ndéanfar na turais dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus (2a) ar na laethanta atá socraithe ag an gcomhlacht a bhfuil an chumhacht aige taisteal a údarú.

Airteagal 17

Bealaí

1.   Déanfar aisíocaíocht ar speansais taistil a thabhaítear i ndáil le turas a dhéanamh go dtí ceann d’áiteanna oibre nó ionaid chruinnithe na Parlaiminte a ríomh bunaithe ar an mbealach is dírí idir é agus áit chónaithe an Fheisire, mar a shainmhínítear i mír 2, nó idir é agus príomhchathair an Bhallstáit inar toghadh an Feisire.

2.   Ciallóidh “áit chónaithe” an áit, suite ar chríoch an Chomhphobail, ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhFeisire, i.e. an áit ina bhfuil cónaí air nó uirthi go hiarbhír ar bhonn réasúnach leanúnach, gan dochar d’fheidhmiú a dhualgas nó a dualgas parlaiminteach. Cuirfidh an Feisire an roinn ábhartha ar an eolas faoin áit chónaithe sin.

3.   Déanfar an bealach is dírí a chinneadh trí aird a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(a)

i gcás turas aerthaistil: an t-aerfort is gaire do phointe imeachta an Fheisire atá in ann aerthicéad a eisiúint ar an taraif dá dtagraítear in Airteagal 15 agus an t-achar idir an t-aerfort sin agus an ceann scríbe;

(b)

i gcás turas iarnróid: an stáisiún is gaire do phointe imeachta an Fheisire agus an t-achar idir an stáisiún sin agus an ceann scríbe;

(c)

i gcás turas i gcarr nó ar bhád: an t-achar idir pointe imeachta an Fheisire agus an ceann scríbe.

4.   Nuair a rachaidh Feisire i mbun dualgais nó má athraíonn sé nó sí a áit chónaithe nó a háit chónaithe, cuirfear in iúl dó nó di cad é an t-aerfort agus an stáisiún agus cad iad na bealaí is dírí, i.e. is gaire, a úsáidfear chun na bearta cur chun feidhme seo a chur i bhfeidhm.

5.   Féadfaidh an Feisire, ag am ar bith, a mholadh don roinn ábhartha, i scríbhinn agus ag lua a chúiseanna nó a cúiseanna leis, bealach éagsúil a thógáil toisc go bhfuil buntáiste ag baint leis ó thaobh ama nó caoithiúlachta de agus nach bhfuil costais bhreise is mó ná 20 % ag baint leis. Má ghlactar leis an mbealach sin, tiocfaidh sé in ionad an bhealaigh is dírí mar a cinneadh i gcomhréir le mír 3.

Mura nglactar leis an mbealach nó más é tionchar an bhealaigh a mhol an Feisire go mbeadh costas is mó ná 20 % ar an turas, tarchuirfear an t-ábhar chuig an Ard-Rúnaí, a fhéadfaidh dul i bun comhairliúcháin leis na Caestóirí sula ndéanfaidh sé cinneadh.

6.   I gcás briseadh sa turas, aisíocfar speansais taistil ón áit imeachta dheireanach. Is é atá i gceist le briseadh sa turas, briseadh is faide ná oíche amháin, gan Satharn, Domhnach ná laethanta saoire poiblí a chur san áireamh, agus a tharlaíonn ar bhealach an Fheisire go dtí agus ó áiteanna oibre na Parlaiminte nó ionad cruinnithe oifigiúil.

7.   Murab ionann an pointe imeachta nó an ceann scríbe agus áit chónaithe an Fheisire nó príomhchathair an Bhallstáit inar toghadh é nó í, aisíocfar na speansais taistil go huasmhéid na speansas a bheadh tabhaithe ag an bhFeisire dá mbeadh an turas déanta aige nó aici ón áit chónaithe sin ar an mbealach is dírí i.e. an bealach is giorra.

8.   I gcás turas a dhéanfar idir dhá áit oibre agus/nó ionad cruinnithe, beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 3 agus ag mír 7.

9.   Déanfar nuashonrú tráthrialta agus ar a laghad faoi dhó sa bhliain ar na taraifí a úsáidtear chun críche na mbeart cur chun feidhme seo.

Airteagal 18

Socruithe

1.   Beidh Feisirí i dteideal aisíocaíocht ar na speansais a thabhaítear chun turas fillte amháin a dhéanamh in aghaidh gach seachtaine oibre Parlaiminte idir a n-áit chónaithe nó príomhchathair an Bhallstáit inar toghadh iad agus áit oibre nó ionad cruinnithe (dá ngairtear “príomhthuras” anseo ina dhiaidh seo).

2.   Seachas le linn na seachtainí a chuirtear ar leataobh i bhféilire ghnó oifigiúil na Parlaiminte le haghaidh gníomhaíochtaí lasmuigh dá hionaid oibre, beidh Feisirí i dteideal aisíocaíocht ar na speansais a thabhaítear chun turas fillte amháin a dhéanamh i lár seachtaine oibre Parlaiminte idir áit oibre nó ionad cruinnithe agus a n-áit chónaithe nó príomhchathair an Bhallstáit inar toghadh iad (dá ngairtear “turais idirmheánacha” anseo ina dhiaidh seo).

3.   Beidh an teidlíocht aisíocaíochta ar speansais a thabhaítear i ndáil le turais idirmheánacha a dhéanamh neamhspléach ón teidlíocht aisíocaíochta ar na speansais taistil a thabhaítear i ndáil le turais a dhéanamh laistigh den Bhallstáit inar toghadh an Feisire, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (c).

4.   Ní bheidh Feisirí i dteideal aon aisíocaíocht maidir le turais nuair a úsáidtear modh iompair atá curtha ar fáil ag an bParlaimint.

5.   Beidh Feisirí nach raibh in ann carr oifigiúil a úsáid i dteideal, ar dhoiciméid tacaíochta a thabhairt ar aird, aisíocaíocht a fháil ar tháillí tacsaí a thabhaítear mar gheall ar thurais idir an t-aerfort nó an stáisiún ag an áit imeachta nó ceann scríbe agus an áit oibre nó ionad cruinnithe. Déanfaidh an Biúró na rialacha lena rialaítear aisíocaíochtaí ar tháillí tacsaí, agus na huasteorainneacha aisíocaíochta, a leagan síos.

Airteagal 19

Teidlíocht i leith liúntas achair agus ré taistil

1.   Maidir le turais laistigh den Aontas Eorpach, beidh Feisirí i dteideal liúntas achair agus ré taistil d’fhonn na speansais taistil uile a chumhdach. Ní bheidh feidhm ag an teidlíocht sin ach i gcás an phríomhthurais de réir bhrí Airteagal 18(1).

2.   Scriostar mír 2.

3.   Ní bheidh teidlíocht ar liúntais achair agus ré taistil i gceist i leith na dturas dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (b) agus pointe (c), ná sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 18(4). Ní chruthóidh briseadh sa turas dá dtagraítear in Airteagal 17(6) nó aon bhriseadh eile, aon teidlíocht bhreise i leith liúntais achair agus ré taistil.

4.   Na méideanna i leith liúntas achair agus ré taistil:

(a)

don taisteal go dtí áiteanna oibre na Parlaiminte, socrófar iad ag tús théarma oifige an Fheisire agus go ceann an téarma sin, agus ní dhéanfar athbhreithniú orthu ach i gcás athrú ar sheoladh, gan beann ar aon athrú ar an mbealadh iarbhír a thógtar;

(b)

don taisteal go dtí ionaid eile le haghaidh cruinnithe de réir bhrí Airteagal 10(1)(a), (2) agus (2a), socrófar iad do gach turas ceann ar cheann.

5.   I gcás ina sáraíonn na speansais taistil bhreise a thabhaíonn an Feisire méid an liúntais don achar taistil, féadfaidh sé nó sí iarratas a chur isteach go n-aisíocfar an difríocht, ar choinníoll go ndéantar doiciméid tacaíochta a thabhairt ar aird.

6.   Is í an íostréimhse ama is gá a chaitheamh ag an áit oibre nó ionad cruinnithe chun go mbeadh Feisirí i dteideal íocaíocht ar na liúntais ré agus achair ná ceithre huair an chloig.

Airteagal 20

Méid an liúntais achair

1.   Ríomhfar an liúntais achair mar a leanas:

(a)

don chuid den turas idir 0 agus 50 km: EUR 25,01

(b)

don chuid den turas idir 51 agus 250 km: EUR 0,14/km

(c)

don chuid den turas idir 251 agus 1 000 km: EUR 0,07/km

(d)

don chuid den turas de bhreis ar 1 000 km: EUR 0,03/km.

2.   Ríomhfar na méideanna bunaithe ar an mbealach amach nó fillte is giorra idir lár an bhaile ag áit chónaithe an Fheisire agus áit fáilte an ionaid cruinnithe.

Mura fios bonn an ríofa do thuras traenach nó más deacair é a fháil amach, úsáidfear bonn an ríofa do thuras i gcarr.

Airteagal 21

Méid an liúntais ré

1.   Ríomhfar an liúntais ré mar a leanas:

(a)

do thuras atá idir dhá agus ceithre huair an chloig ar fhad ar an iomlán: méid atá coibhéiseach le haon ochtú den liúntas dá bhforáiltear in Airteagal 24;

(b)

do thuras atá idir ceithre agus sé huair an chloig ar fhad ar an iomlán: méid atá coibhéiseach le haon cheathrú den liúntas dá bhforáiltear in Airteagal 24;

(c)

do thuras atá níos faide ná sé huair an chloig ar an iomlán ach nach bhfuil fanacht thar oíche i gceist leis: méid atá coibhéiseach le leath an liúntais dá bhforáiltear in Airteagal 24;

(d)

do thuras atá níos faide ná sé huair an chloig ar an iomlán agus a bhfuil gá le fanacht thar oíche, ar chúiseanna cuí-réasúnaithe: méid atá coibhéiseach leis an liúntas iomlán dá bhforáiltear in Airteagal 24, ar choinníoll go ndéanfar doiciméid tacaíochta a thabhairt ar aird.

2.   Ríomhfar ré an turais mar a leanas:

(a)

i gcás turas aerthaistil, i dtraein nó ar bhád:

ré an turais idir áit chónaithe an Fheisire agus an t-aerfort nó an stáisiún do thuras a dhéantar ag luas 60 km/h;

ré an turais aerthaistil, i dtraein nó ar bhád ar bhonn an amchláir;

uair an chloig ag an mbordáil, nó ag imeacht na traenach nó an bháid, 30 nóiméad ag an díbhordáil nó ag teacht isteach chuig an gceann scríbe;

30 nóiméad don aistriú idir an t-aerfort nó an stáisiún agus foirgnimh na Parlaiminte sa Bhruiséil, in Lucsamburg agus in Strasbourg (Entzheim).

Cinnfidh an Biúró ré na dturas go Strasbourg trí aerfoirt eile bunaithe ar an bhfáil atá ar an modh iompair (13).

(b)

i gcás turas i gcarr: ré an turais idir áit chónaithe an Fheisire agus an áit oibre nó ionad cruinnithe, do thuras a dhéantar ag luas 70 km/h.

Foroinn 3

Forálacha lena rialaítear turais bhreise agus turais sa Bhallstát inar toghadh an Feisire

Airteagal 22

Speansais taistil bhreise

1.   Is é EUR 4 716 an t-uasmhéid bliantúil a fhéadfaidh a bheith i gceist le haisíocaíochtaí speansas taistil a thabhaítear sna cásanna dá dtagraitear in Airteagal 10(1), pointe (b).

2.   Ar an mbonn sin, agus ar an mbille bunaidh ábhartha nó an sonrasc a thabhairt ar aird, féadfaidh Feisire cur isteach ar aisíocaíocht ar tháillí tacsaí, costais chíosa cairr, billí óstáin agus speansais ghaolmhara eile a thabhaítear le linn thréimhse na ngníomhaíochtaí oifigiúla. Cumhdóidh an teidlíocht seo freisin an lá roimh thús thréimhse na ngníomhaíochtaí oifigiúla agus an lá i ndiaidh na tréimhse sin.

2a.   I gcás ina dtaistealaíonn Feisire go dtí ceann d’áiteanna oibre na Parlaiminte le linn seachtain nach bhfuil gníomhaíochtaí oifigiúla de chuid Pharlaimint na hEorpa ar siúl lena linn, déanfar aisíocaíocht na speansas taistil breise a theorannú do chostais taistil, lena n-áirítear táillí tacsaí laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos i rialacha an Bhiúró lena rialaítear úsáid carranna oifigiúla ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, agus costais óstáin.

2b.   I gcás iarrataí ar aisíocaíocht do thurais a dtugtar fúthu chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht ar chuireadh a fháil ó Fheisire nó ó ghrúpa polaitiúil de chuid Pharlaimint na hEorpa, beidh doiciméid tacaíochta eile ag gabháil leo freisin, ag cruthú go ndearnadh an turas i bhfeidhmiú shainordú an Fheisire.

2c.   Féadfaidh Feisirí gnáth-thaisteal a chónascadh le taisteal breise.

I gcás ina dtarlaíonn an taisteal cónasctha uile laistigh den Aontas Eorpach, déanfar an chuid den turas a thosaíonn nó a chríochnaíonn ag ceann d’áiteanna oibre nó ionaid chruinnithe na Parlaiminte a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 10(1)(a).

I gcás ina dtarlaíonn cuid den taisteal cónasctha lasmuigh den Aontas Eorpach, déanfar an costas breise a thagann chun cinn toisc nár ghlac an Feisire an bealach is dírí mar gheall ar an turas breise a chur chun dochair do liúntas taistil breise an Fheisire, amhail dá bhforáiltear i mír 1.

2d.   Is féidir le Feisirí taisteal breise a chónascadh le foghníomhaíochtaí neamhoifigiúla ar choinníoll nach n-ardaíonn sé sin méid na speansas taistil agus cothaithe atá le haisíoc.

2e.   Ní fhéadfaidh foirm eile d’aisíocaíocht phoiblí nó phríobháideach ar na speansais a thabhaítear teacht as na gníomhaíochtaí ar ina leith a rinneadh taisteal breise.

3.   Is é EUR 4 716 an t-uasmhéid bliantúil a fhéadfaidh a bheith i gceist le haisíocaíochtaí speansas taistil a thabhaíonn cathaoirligh choiste nó fochoiste go hiarbhír agus iad ag taisteal le freastal ar chomhdhálacha nó ar imeachtaí ag a bhfuil ábhar leasa Eorpaigh faoi chaibidil agus a thagann faoi raon freagrachta a choiste nó a fhochoiste agus a bhfuil gné pharlaiminteach ag gabháil leis. Beidh gá le húdarú roimh ré ó Uachtarán na Parlaiminte i gcás rannpháirteachas den sórt sin, tar éis fíorú a dhéanamh go bhfuil leithreasuithe suas go dtí an t-uasmhéid thuasluaite le fáil.

Féadfaidh cathaoirleach an choiste nó an fhochoiste duine de na leas-chathaoirligh, nó, mura féidir é sin a dhéanamh, comhalta den choiste nó den fhochoiste, a údarú i scríbhinn le hionadaíocht a dheanamh air nó uirthi ag comhdháil nó ag imeacht den sórt sin.

Beidh na speansais sin faoi réir na gcoinníollacha céanna lena rialaítear aisíocaíocht agus atá i bhfeidhm ar speansais taistil bhreise.

Airteagal 23

Speansais taistil a thabhaítear sa Bhallstát inar toghadh an Feisire

1.   Maidir leis an teidlíocht aisíocaíochta ar speansais taistil a thabhaítear sa Bhallstát inar toghadh an Feisire, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (c), ní rachaidh sé, in aghaidh na bliana féilire, thar an méid seo a leanas:

(a)

24 thuras (fillte) aerthaistil, iarnróid nó ar bhád; Ní bheidh sé de chead ag Feisirí a toghadh i mórthír na Fraince níos mó ná dhá thuras a dhéanamh go dtí na ranna agus réigiúin thar lear, go dtí na húdaráis áitiúla thar lear, go dtí an Nua-Chaladóin agus go dtí Críoch Theas na Fraince agus Críoch na Fraince san Antartach;

(b)

maidir le turais i gcarr, ní rachfar thar achar is ionann agus:

24 000 km d’fheisirí arna dtoghadh sa Ghearmáin, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, sa Pholainn, sa Rómáin, san Fhionlainn, sa tSualainn nó sa Ríocht Aontaithe;

16 000 km d’fheisirí arna dtoghadh sa Bhulgáir, i bPoblacht na Seice, in Éirinn, sa Ghréig, san Ungáir, san Ostair, sa Phortaingéil nó sa tSlóvaic;

8 000 km d’fheisirí arna dtoghadh sa Bheilg, sa Danmhairg, san Eastóin, sa Chróit, sa Chipir, sa Laitvia, sa Liotuáin, i Lucsamburg, i Málta, san Ísiltír nó sa tSlóivéin.

1a.   Ar iarraidh i scríbhinn, aon Fheisire a bhfuil a liúntas do thuras aeir, iarnróid nó ar bhád ídithe aige nó aici, mar a leagtar síos i bpointe (a) de mhír 1, féadfaidh sé nó sí a liúntas do thuras i gcarr, mar a leagtar síos i bpointe (b) de mhír 1, a aistriú ina liúntas aeir, iarnróid nó ar bhád, ar ráta ina mbeidh turas aonbhealaigh aeir, iarnróid nó báid coibhéiseach le 2 % d’uasmhéid na gciliméadar a cheadaítear don Bhallstát inar toghadh an Feisire i dtrácht.

Beidh an rud céanna i bhfeidhm mutatis mutandis, d’aon Fheisire a bhfuil a liúntas do thuras i gcarr ídithe aige nó aici.

2.   Déanfar speansais taistil a thabhaítear i gceantar uirbeach trí úsáid an chórais iompair phoiblí (lena n-áirítear tacsaithe) a aisíoc ar bhonn na ngnáthdhoiciméad tacaíochta don mhodh iompair a úsáideadh. Déanfar an méid a aisíocfar a roinnt ar an méid is iníoctha in aghaidh an chiliméadair do thurais i gcarr, agus déanfar an toradh air sin a asbhaint ó líon na gciliméadar dá dtagraítear i mír 1(b).

3.   I gcás Feisire, a bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 17(2) i mBallstáit nach é an ceann é inar toghadh é nó í, a thaistealaíonn idir an áit chónaithe sin agus an Ballstát inar toghadh é nó í i bhfeidhmiú a shainordaithe nó a sainordaithe, measfar na turais arna ndéanamh mar thurais laistigh den Bhallstát inar toghadh é nó í chun críoch mhír 1(a) agus (b).

Roinn 2

Aisíocaíocht ar speansais chothaithe

Airteagal 24

Liúntas cothaithe

1.   Beidh Feisirí i dteideal liúntas cothaithe do gach lá a mbeidh siad i láthair:

(a)

in áit oibre nó ionad cruinnithe, atá fianaithe go cuí i gcomhréir le hAirteagal 12, agus a bhfuil taisteal i gceist leis atá cumhdaithe leis na forálacha lena rialaítear aisíocaíocht ar ghnáthspeansais taistil;

(b)

ag cruinnithe coiste nó comhlachta eile de chuid parlaimint náisiúnta, a reáchtáilltear in áit eile seachas áit chónaithe an Fheisire, bunaithe ar fhianú tinrimh arna tharraingt suas ag an gcoiste nó ag an gcomhlacht sin a thabhairt ar aird.

Le linn na seachtainí a chuirtear ar leataobh do ghníomhaíochtaí parlaiminteacha seachtracha, beidh Feisirí i dteideal liúntais chothaithe a fháil ar feadh 3 lá ar a mhéad, ach i gcás ina bhfuil an liúntas iníoctha de bhun phointe (a) agus phointe (b) agus i gcás na n-imthosca sonracha arna gcinneadh ag an mBiúró an 19 Deireadh Fómhair 2009.

2.   Má tharlaíonn an ghníomhaíocht oifigiúil ar chríoch an Aontais, gheobhaidh an Feisire liúntas cnapshuime dar luach EUR 338.

3.   Má tharlaíonn an ghníomhaíocht oifigiúil lasmuigh de chríoch an Chomhphobail, gheobhaidh an Feisire:

(a)

liúntas cnapshuime is comhionann le leath an mhéid dá bhforáiltear i mír 2 don tréimhse idir am imeachta na heitilte deireanaí is áisiúla roimh thús an chruinnithe agus am teachta na chéad eitilte is áisiúla i ndiaidh an chruinnithe, nó idir am imeachta agus am teachta aon aerárthaigh ar leith atá cairtfhostaithe ag an bParlaimint, de réir mar is iomchuí. Áireofar tréimhsí is faide ná 12 uair an chloig mar lá iomlán. Áireofar tréimhsí is faide ná 6 huair an chloig ach níos lú ná 12 uair an chloig mar leath lae;

(b)

ar an mbille bunaidh a thabhairt ar aird, aisíocaíocht ar speansais réasúnacha lóistín a thabhaítear ag an ionad cruinnithe;

(ba)

ar dhoiciméad tacaíochta a thabhairt ar aird, aisíocaíocht ar chostais víosa agus ar speansais ghaolmhara;

(c)

in imthosca eisceachtúla cuí-réasúnaithe, aisíocaíocht ar speansais réasúnacha chothaithe a thabhaítear le linn an turais féin.

4.   Má bhíonn seomraí dúbailte i gceist leis na billí óstáin, ní rachaidh an aisíocaíocht thar 85 % den bhille iomlán.

5.   Má mhaireann tréimhse fanachta an Fheisire ag an áit oibre níos lú ná ceithre huair an chloig agus má dhéantar na turais go dtí an áit oibre agus uaithi in aon lá amháin, laghdófar an liúntas cothaithe faoina leath.

Roinn 3

Liúntas do chaiteachas ginearálta

Airteagal 25

Teidlíocht ar an liúntais

Beidh Feisirí i dteideal liúntas do chaiteachas ginearálta i bhfoirm cnapshuime chun speansais a thagann chun cinn le linn a ngníomhaíochtaí parlaiminteacha a chumhdach. Ní bheidh Feisirí i dteideal an liúntas do chaiteachas ginearálta a úsáid do ghníomhaíochtaí atá cumhdaithe le liúntais eile faoi na bearta cur chun feidhme seo ná faoi rialacha eile de chuid na Parlaiminte, ach i gcás ina bhfuil na méideanna dá bhforáiltear faoi na liúntais sin ídithe acu.

Airteagal 26

An tréimhse a chumhdaítear

1.   Beidh an liúntas do chaiteachas ginearálta iníoctha ar feadh ré théarma oifige an Fheisire.

2.   Is é EUR 4 778 méid míosúil an liúntais faoi Airteagal 25.

3.   Ní bhfaighidh Feisirí a dtosaíonn a dtéarma oifige tar éis an chúigiú lá dhéag den mhí ach leath an liúntais don mhí sin.

4.   Beidh leath an liúntais iníoctha freisin ar feadh tréimhse 3 mhí tar éis na míosa ina dtagann deireadh le téarma oifige an Fheisire, ar choinníoll go raibh an Feisire in oifig ar feadh 6 mhí ar a laghad agus nach ndéantar é nó í a atoghadh.

Airteagal 27

Íocaíochtaí

Déanfar gach íocaíocht faoin liúntas do chaiteachas ginearálta a íoc go díreach leis na Feisirí.

Airteagal 28

Na liúntais a chumhdaítear

1.   Tá sé beartaithe go gcumhdóidh an liúntas do chaiteachas ginearálta speansais amhail:

costais a bhaineann le hoifig a riar agus a chothabháil,

soláthairtí oifige agus doiciméadú,

costais trealamh oifige,

gníomhaíochtaí ionadaíochta,

costais riaracháin.

2.   Glacfaidh an Biúró liosta neamh-uileghabhálach de speansais a fhéadfar a íoc ón liúntas do chaiteachas ginearálta (14).

Roinn 4

Forálacha ginearálta

Airteagal 29

Cúnamh d’Fheisirí ar thurais oifigiúla

1.   Má éiríonn Feisire tinn nó más íospartach i dtionóisc nó in imthosca gan choinne é nó í, le linn turas oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a), (2) agus (2a), a chuireann cosc ar an turas dul ar aghaidh go réidh, beidh an Feisire sin i dteideal cúnamh a fháil ón bParlaimint. Áireofar sa chúnamh sin aisdúichiú a eagrú agus freagracht a ghlacadh as íocaíocht aon chostas gaolmhar. Féadfaidh an Feisire nó, i gcás inarb iomchuí, ionadaí an Fheisire, aisdúichiú a iarraidh go dtí ceann d’áiteanna oibre na Parlaiminte nó go dtí a áit chónaithe nó a háit chónaithe.

2.   I gcás bhás an Fheisire le linn turas oifigiúil den sórt sin, féadfar aisíocaíocht a fháil freisin ar na speansais a thabhaítear chun an t-éagach a thabhairt ar ais go dtí a áit chónaithe nó a háit chónaithe.

3.   Comhlíonfaidh an Pharlaimint a freagrachtaí cúnaimh trí bhíthin polasaí árachais. Déanfar cearta na bhFeisirí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a fheidhmiú faoi na coinníollacha a leagtar síos sa pholasaí.

4.   Cumhdóidh an polasaí árachais inter alia na costais a bhaineann leis an gcúnamh seo a leanas a sholáthar:

cúnamh i gcás breoiteacht thromchúiseach, tionóisce nó bhás an Fheisire,

cúnamh agus filleadh luath má tharlaíonn tubaiste nádúrtha, díshocrachtaí móra oird phoiblí nó breoiteacht thromchúiseach, tionóisc nó bás duine gaoil de chuid an Fheisire,

cúnamh riaracháin agus lóistíochta i gcás gadaíocht nó caillteanas doiciméid,

cúnamh i gcás ina dtógtar caingean dlí i gcoinne an Fheisire,

árachas saoil forlíontach agus easláine (méid gan íoc).

Airteagal 30

Cúnamh d’Fheisirí faoi mhíchumas

Féadfaidh na Caestóirí, ar mholadh ón Ard-Rúnaí agus i ndiaidh dóibh dul i mbun comhairliúcháin le dochtúir na Parlaiminte, a údarú go n-íocfaidh an Pharlaimint speansais ar leith chun an cúnamh is gá d’Fheisire atá faoi mhíchumas tromchúiseach a fháil, chun go bhféadfadh sé nó sí a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh. Beidh an céatadán easláine agus oiriúnacht an chúnaimh a mholtar faoi réir dheimhniú tréimhsiúil dhochtúir na Parlaiminte. San údarú a thabharfaidh na Caestóirí, leagfar amach na socruithe maidir le cúnamh a sholáthar agus an tréimhse ar lena linn a chuirfear an cúnamh sin ar fáil.

Airteagal 31

Tréimhsí neamhláithreachta

1.   Beidh laghdú 50 % ar an liúntas cothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 24 le haghaidh gach lá a mbeidh an Feisire as láthair ar feadh níos mó ná leath de na vótaí trí ghlao rolla a dhéantar ar an Máirt, ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin le linn na bpáirtseisiún in Strasbourg agus an dara lá de na páirtseisiúin sa Bhruiséil.

2.   Aon Fheisire a bheidh as láthair 50 % de na laethanta atá socraithe ag an mBiúró le haghaidh sheisiúin iomlánacha Pharlaimint na hEorpa le linn bliain pharlaiminteach (ón 1 Meán Fómhair go 31 Lúnasa), aisíocfaidh sé nó sí leis an bParlaimint 50 % den liúntas do chaiteachas ginearálta, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 25, a bhaineann leis an tréimhse sin.

3.   Féadfaidh an tUachtarán Feisire a scaoileadh ó aon tréimhse neamhláithreachta dá dtagraítear i mír 2 ar fhorais drochshláinte nó imthosca tromchúiseacha teaghlaigh, nó mar gheall ar an bhFeisire i dtrácht a bheith ar mhisean in áit eile thar ceann na Parlaiminte. Déanfar na doiciméid tacaíochta a thíolacadh do na Caestóirí laistigh de 2 mhí ar a mhéad ó dháta tosaithe na tréimhse neamhláithreachta.

4.   Déanfar Feisire atá ag súil le leanbh a scaoileadh óna láithreacht ag cruinnithe oifigiúla na Parlaiminte ar feadh tréimhse 3 mhí roimh bhreith an linbh. Ní mór don Fheisire deimhniú liachta a thíolacadh a léiríonn dáta dóchúil bhreith an linbh. Tar éis bhreith an linbh, déanfar an Feisire a scaoileadh óna láithreacht ag cruinnithe oifigiúla na Parlaiminte ar feadh tréimhse 6 mhí. Ní mór don Fheisire cóip de theastas breithe an linbh a thíolacadh.

Airteagal 32

Pionóis airgid

1.   Feisirí a rinneadh a eisiamh ón Seomra Tionóil, faoi Riail 152 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, forghéillfidh siad a dteidlíocht ar an liúntas cothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 24, ar feadh a n-eisiaimh.

2.   Forghéillfidh Feisirí a dteidlíocht ar an liúntas cothaithe sna cásanna dá dtagraítear i Riail 153 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.

CAIBIDIL 5

Cúnamh ó fhoireann phearsanta

Airteagal 33

Íocaíocht speansas um chúnamh parlaiminteach

1.   Beidh Feisirí i dteideal cúnamh a fháil ó fhoireann phearsanta agus beidh saorchead acu an fhoireann sin a roghnú. Íocfaidh an Pharlaimint na speansais a thabhaítear go hiarbhír agus a thagann chun cinn go huile agus go hiomlán as cúntóir amháin nó níos mó a fhostú nó as soláthraithe seirbhíse a úsáid i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme seo agus leis na coinníollacha arna leagan síos ag an mBiúró.

2.   Ní íocfar ach speansais ar chúnamh atá riachtanach agus a bhfuil baint dhíreach acu le feidhmiú shainordú parlaiminteach an Fheisire. Ní fhéadfar speansais a bhaineann le saol príobháideach an Fheisire a íoc ar aon chúis.

3.   Beidh na liúntais iníoctha ar feadh ré théarma oifige an Fheisire. Ní fhéadfar a íoc ach speansais a thabhaítear 30 lá ar a mhéad roimh thíolacadh an iarratais ar íocaíocht, i gcomhréir leis an gcaibidil seo.

4.   Is é EUR 26 734 an t-uasmhéid míosúil is iníoctha i leith na foirne pearsanta uile dá dtagraítear in Airteagal 34 le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.

5.   I gcás nach dtosaíonn téarma oifige an Fheisire ar an gcéad lá den mhí nó nach gcríochníonn sé ar an lá deireanach de mhí, ríomhfar na speansais iníoctha um chúnamh parlaiminteach don mhí sin ar bhonn pro rata.

6.   Déanfar an t-iarmhéid nach n-úsáidtear den mhéid míosúil dá bhforáiltear i mír 4 agus atá carntha ag deireadh na bliana airgeadais a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile, suas go dtí an uasíocaíocht mhíosúil dá dtagraítear sa mhír sin.

Airteagal 34

Prionsabail ghinearálta

1.   Bainfidh Feisirí úsáid as:

(a)

cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 5a de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, agus

(b)

daoine nádúrtha atá le cúnamh a thabhairt d’Fheisirí sna Ballstáit inar toghadh iad agus a bhfuil conradh seirbhíse nó fostaíochta tugtha i gcrích acu leis na Feisirí de réir an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chaibidil seo, dá ngairtear “cúntóirí áitiúla” anseo ina dhiaidh seo.

2.   Féadfaidh roinnt Feisirí, trí chomhaontú i scríbhinn, dul i ngrúpáil le chéile chun cúntóir amháin nó níos mó, dá dtagraítear i mír 1, a earcú nó chun a seirbhísí a úsáid, nó chun seirbhísí oiliúnaí amháin nó níos mó a úsáid. Sa chás sin, ainmneoidh na Feisirí i dtrácht as a measc féin an Feisire nó na Feisirí a dhéanfar a údarú chun na conarthaí a shíniú, nó chun iarraidh earcaíochta a thíolacadh, thar ceann na grúpála.

Déanfaidh Feisirí dearbhú i scríbhinn a thíolacadh don roinn ábhartha lena leagtar síos na sciartha faoi seach atá le hasbhaint ón méid dá bhforáiltear in Airteagal 33(4).

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 35 go hAirteagal 42 i leith cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe.

4.   Speansais a thabhaítear i ndáil le comhaontuithe maidir le seal oiliúna, arna mbunú ar bhonn na gcoinníollacha arna leagan síos ag an mBiúró, féadfar iad a íoc freisin.

5.   Féadfaidh Feisirí freisin úsáid a bhaint as daoine nádúrtha nó dlítheanacha a sholáthraíonn seirbhísí chun seirbhísí ócáideacha agus atá sainaitheanta go soiléir a fháil, a bhfuil baint dhíreach acu le feidhmiú shainordú parlaiminteach an Fheisire, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chaibidil seo.

6.   Ní fhéadfaidh soláthar foirne a bheith san áireamh i soláthar na seirbhísí, ach amháin i gcás seirbhísí sealadacha ó sholáthraithe seirbhíse a chuireann na seirbhísí sin ar fáil ar bhonn gairmiúil agus rialta agus atá údaraithe faoin dlí náisiúnta na seirbhisí sin a sholáthar.

7.   Glacfaidh an Biúró liosta speansas a fhéadfar a íoc chun críche cúnaimh pharlaimintigh (15).

8.   Foilseofar ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa ainmneacha na gcúntóirí agus na n-oiliúnaithe, chomh maith le hainmneacha nó ainmneacha corparáideacha na soláthraithe seirbhíse agus na ngníomhairí íocaíochta, go ceann ré a gconarthaí, mar aon le hainm an Fheisire nó le hainmneacha na bhFeisirí a dtugann siad cúnamh dóibh.

Féadfaidh na cúntóirí, na hoiliúnaithe, na soláthraithe seirbhíse agus na gníomhairí íocaíochta sin, ar fhorais a bhfuil údar cuí leo chun a sábháilteacht a chosaint, a iarraidh i scríbhinn nach bhfoilseofar a n-ainm nó a n-ainm corparáideach ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa. Déanfaidh an tArd-Rúnaí cinneadh an nglacfar leis an iarraidh sin.

9.   Ní rachaidh líon na gconarthaí atá i bhfeidhm ag am ar bith idir Feisire agus cúntóirí creidiúnaithe thar thrí cinn, gan beann ar ré na hoibre dá bhforáiltear sna conarthaí sin. Féadfar an teorainn sin a ardú go dtí ceithre cinn má dheonaíonn Uachtarán na Parlaiminte díolúine go sainráite tar éis don roinn ábhartha fíorú a dhéanamh go bhfuil a dhóthain nó a dóthain spáis oifige ag an bhFeisire i dtrácht chun na caighdeáin is infheidhme maidir le húsáid fhoirgnimh na Parlaiminte a chomhlíonadh, agus líon na n-oiliúnaithe a d’fhéadfadh a bheith i láthair á chur san áireamh.

10.   Déanfar ar a laghad 25 % den mhéid dá bhforáiltear in Airteagal 33(4) a leithghabháil do chostais chruinnithe a thagann chun cinn faoi Theideal VII de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh na costais uile i leith speansais um chúnamh parlaiminteach, seachas na cinn a thagann chun cinn faoi Theideal VII de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, dul thar 75 % den mhéid dá bhforáiltear in Airteagal 33(4).

Thairis sin, ní fhéadfadh na speansais maidir le seirbhísí a sholáthar, dá dtagraítear in Airteagal 34, dul thar 25 % den mhéid dá bhforáiltear in Airteagal 33(4).

Ríomhfar na teorainneacha sin ar an mbonn carnach in aghaidh na bliana airgeadais de na teidlíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 33(4), móide aon iarmhéid nach n-úsáidtear agus a thugtar anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile faoi Airteagal 33(6), ar bhonn pro rata.

11.   Íocfaidh an Pharlaimint speansais na gcúntóirí áitiúla maidir le holltuillimh nó le táillí glan ó CBL suas go dtí uasteorainn mhíosúil a dhéanfaidh an Biúró a leagan síos i gcomhréir le mír 12. Féadfaidh an Biúró na huasteorainneacha a oiriúnú go bliantúil. Foilseofar na huasteorainneacha is infheidhme ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

12.   Beidh na huasteorainneacha comhionann le trí oiread an mhéid tagartha. Beidh sa mhéid tagartha aon dódhéagú den mhéid arna fhoilsiú ag Eurostat mar an meánphá comhlán bliantúil atá ag duine atá fostaithe go lánaimseartha sa Bhallstát inar toghadh an Feisire i dtrácht.

Ní fhéadfadh na huasteorainneacha arna ríomh ar an gcaoi sin, áfach, a bheith níos lú ná bunphá cúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe ar ghrád 6 nó níos mó ná bunphá cúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe ar ghrád 19.

Ní íocfar aon bhónas ach suas leis an uasteorainn réamhráite arna ríomh ar bhonn bliantúil.

Laghdófar na huasteorainneacha ar bhonn pro rata i gcás ina n-oibríonn cúntóir áitiúil go páirtaimseartha nó i gcás nach n-oibríonn an cúntóir áitiúil an mhí iomlán.

Airteagal 34a

Iarmhairtí airgeadais ar chás cruthaithe ciaptha cúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe

Más rud é, tar éis nós imeachta inmheánach maidir le ciapadh inar tugadh éisteacht don dá pháirtí, go suíonn an tUachtarán go bhfuil Feisire ciontach i gciapadh síceolaíoch nó gnéasach cúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe, déanfaidh an Pharlaimint, de mhaolú ar Airteagal 33, oibleagáidí airgeadais uile an Fheisire faoi chonradh an chúntóra chreidiúnaithe sin, go háirithe pá an chúntóra, a asbhaint ó íoc speansas cúnaimh pharlaimintigh an Fheisire sin, agus ní bheidh an Feisire i dteideal aon seirbhísí a bheith á soláthar a thuilleadh ag an gcúntóir sin.

Airteagal 35

Gníomhairí íocaíochta

1.   Maidir le gach conradh fostaíochta agus seirbhíse, mar aon le haon chomhaontú maidir le sealanna oiliúna i dtaca le hoiliúnaithe atá lonnaithe sa Bhallstát inar toghadh an Feisire, arna thabhairt i gcrích ag Feisire nó ag grúpáil d’Fheisirí, déanfaidh gníomhaire íocaíochta atá bunaithe i mBallstát é a riar.

2.   Is duine nádúrtha nó dlítheanach atá údaraithe laistigh de Bhallstát chun gníomhaíocht ghairmiúil a fheidhmiú maidir le gnéithe cánach agus slándála sóisialaí de chonarthaí fostaíochta nó de chonarthaí seirbhíse faoin dlí náisiúnta a dhéanfaidh seirbhísí gníomhaire íocaíochta.

3.   Déanfaidh Feisire conradh aonair a thabhairt i gcrích le gníomhaire íocaíochta dá rogha féin, ar gníomhaire é a chomhlíonann an riachtanas a leagtar síos i mír 2.

Speansais a thabhaítear in úsáid seirbhísí gníomhaire íocaíochta i gcomhréir le mír 1, beidh siad cumhdaithe leis an méid dá bhforáiltear in Airteagal 33(4) agus ní bheidh siad faoi réir na teorann a leagtar síos in Airteagal 34(10) i leith seirbhísí.

Ní rachaidh táillí na ngníomhairí íocaíochta thar 10 % de chostais tuarastail, de tháillí agus de liúntais na gcúntóirí áitiúla, na soláthraithe seirbhíse agus na n-oiliúnaithe, ar íocaíochtaí iad a thagann faoina bhfreagracht, agus ní rachaidh táillí na ngníomhairí íocaíochta thar 4 % den mhéid dá bhforáiltear in Airteagal 33(4).

Déanfar athbhreithniú ar theorainneacha uasta tháillí na ngníomhairí íocaíochta ar bhonn carnach sa bhliain féilire i gcomhréir le ré a gconarthaí.

4.   Déanfar an conradh idir an Feisire agus an gníomhaire íocaíochta a thabhairt i gcrích bunaithe ar chonradh caighdeánach arna fhormheas ag an mBiúró.

Leagfar síos sa chonradh caighdeánach, i gcomhréir leis an gcaibidil seo, na socruithe íocaíochta i leith na gconarthaí dá dtagraítear i mír 1 agus luach saothair agus dliteanas an ghníomhaire íocaíochta.

Airteagal 36

Socruithe chun conarthaí le foireann phearsanta a bhainistiú

1.   Áiritheoidh an gníomhaire íocaíochta go ndéantar an dlí náisiúnta agus dlí an Chomhphobail, go háirithe maidir le hoibleagáidí slándála sóisialta agus cánach, a chomhlíonadh go cuí i ndáil leis na conarthaí a ndéanann sé nó sí bainistíocht orthu.

2.   Íocfar táillí na ngníomhairí íocaíochta nuair a thíolacfar na sonraisc ábhartha nó na ráitis táille ábhartha.

3.   Déanfaidh na Feisirí na doiciméid agus an fhaisnéis go léir a theastaíonn óna ngníomhairí íocaíochta chun dlíthiúlacht agus bainistiú fónta na gconarthaí a bhfuil siad freagrach astu a áirithiú a sholáthar dá ngníomhairí íocaíochta, go háirithe na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37(2), Airteagal 38(1), pointe (a), Airteagal 40, Airteagal 41(1), pointe (a) agus Airteagal 42.

4.   Déanfaidh an Pharlaimint na méideanna atá dlite don ghníomhaire íocaíochta faoi na conarthaí, lena n-áirítear comhaontuithe maidir le sealanna oiliúna, a bhfuil sé nó sí freagrach astu, a íoc leis nó léi, nuair a thíolacfar na doiciméid tacaíochta riachtanacha.

5.   Arna iarraidh sin don Fheisire, déanfaidh an Pharlaimint, ar bhonn eisceachtúil, tuarastail ghlana a íoc thar ceann an Fheisire go díreach leis na cúntóirí sin a bhfuil conradh fostaíochta tugtha i gcrích ag an bhFeisire leo. Cuirfidh an gníomhaire íocaíochta an roinn ábhartha ar an eolas gan mhoill faoi na méideanna atá iníoctha i ndáil le slándáil shóisialta agus le cáin, agus déanfaidh sé na duillíní tuarastail a tharraingt suas.

6.   Nuair is gá de réir imthosca, féadfaidh an Pharlaimint, i gcomhthéacs conradh fostaíochta agus arna iarraidh sin d’Fheisire, réamhíocaíochtaí a dhéanamh ar na híocaíochtaí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5.

Féadfar réamhíocaíochtaí a úsáid chomh maith chun na speansais arna dtabhú ag cúntóirí áitiúla nuair a dhéanann siad turais ghairide a chlúdach. Sa chás sin, déanfar íocaíocht leo ar bhonn ráta comhréidh suas le huasmhéid EUR 100 in aghaidh an chúntóra in aghaidh na míosa. I gcás ina sáróidh na speansais an t-uasmhéid sin, déanfaidh an gníomhaire íocaíochta doiciméid tacaíochta a thíolacadh ar bhonn ráithiúil lena dtabharfar bunús leis na speansais a tabhaíodh. I gcásanna eisceachtúla féadfar dearbhú a chur in áit na ndoiciméad tacaíochta sin.

Fanfaidh an fhreagracht chun na réamhíocaíochtaí sin a thabhairt chun rialtachta go hiomlán mar mhortabháil ar na gníomhairí íocaíochta agus déanfar é sin de réir na mbeart cur chun feidhme seo agus an dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 37

Iarratas ar speansais um chúnamh parlaiminteach a íoc

1.   Maidir le hiarratais ar speansais um chúnamh parlaiminteach a íoc de bhun Airteagal 34(1), pointe (b), (2), (4) agus (5), lena sonraítear na tairbhithe agus méideanna na n-íocaíochtaí atá le déanamh, deanfaidh an Feisire nó a ghníomhaire íocaíochta iad a thíolacadh don roinn ábhartha, agus déanfaidh gach Feisire lena mbaineann agus, ach amháin sa chás dá bhforáiltear in Airteagal 36(5a)(b), an gníomhaire íocaíochta, na hiarratais sin a chomhshíniú go cuí. Beidh na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 38 maidir le conarthaí fostaíochta agus iad sin dá dtagraítear in Airteagal 41 maidir le conarthaí seirbhíse ag gabháil leo.

2.   Déanfaidh na Feisirí a ngníomhairí íocaíochta agus an roinn ábhartha a chur ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar a gcaidreamh conarthach agus ar na treoracha a bhaineann le híocaíochtaí, agus na hathruithe a rinneadh ar an gconradh á léiriú acu.

Déanfaidh gníomhairí íocaíochta an fhaisnéis sin agus na doiciméid tacaíochta chomhfhreagracha a chur ar aghaidh láithreach chuig an roinn ábhartha.

Airteagal 38

Doiciméid atá le tíolacadh i ndáil le conradh fostaíochta

Beidh an méid seo a leanas in iarratais ar speansais a íoc i leith conradh fostaíochta:

(a)

an conradh fostaíochta bunaidh atá tugtha i gcrích ag an bhFeisire lena chúntóir áitiúil nó lena cúntóir áitiúil;

(b)

tuairisc mhionsonraithe ar an bpost agus an seoladh beacht ag a bhfuil na dualgais le comhlíonadh;

(c)

bileog ríomha ar a sonrófar na tuarastail, na ranníocaíochtaí slándála sóisialta ó fhostóirí agus ó fhostaithe agus na speansais eile is dóigh a íocfar le linn na bliana féilire agus ar fhoirceannadh an chonartha agus lena gcuirfear forálacha an dlí náisiúnta san áireamh, lena n-áirítear na forálacha sin lena rialaítear íosphá, agus oibleagáidí conarthacha, lena n-áirítear aon íocaíochtaí a dhéantar i leith speansais mhisin;

(d)

fíorchóip dheimhnithe de dhoiciméad aitheantais bailí an chúntóra áitiúil;

(e)

cruthúnas ar ghnátháit chónaithe an chúntóra áitiúil;

(f)

cruthúnas ar cháilíochtaí agus ar thaithí ghairmiúil an chúntóra áitiúil; agus

(g)

dearbhú, comhshínithe go cuí ag an bhFeisire, nach dtabharfaidh an cúntóir áitiúil le linn ré chonradh an chúntóra áitiúil, go díreach ná go hindíreach, faoi aon ghníomhaíochtaí eile – fiú na gníomhaíochtaí sin nach mbeidh an cúntóir i dteideal aon luach saothair dá mbarr – d’eagraíocht ar bith a bhfuil cuspóir polaitiúil á shaothrú aici, amhail páirtí polaitiúil, fondúireacht, gluaiseacht nó grúpa polaitiúil parlaiminteach, más gníomhaíochtaí iad a chuirfeadh isteach ar an gcúntóir a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh sa cháil sin, nó a bheadh ina gcúis le coinbhleacht leasa.

Airteagal 39

Cuntais a thabhairt chun rialtachta

1.   Le haghaidh gach cúntóra áitiúil a fhostófar, déanfaidh na gníomhairí íocaíochta a chur ar aghaidh chuig an roinn ábhartha, ar a dhéanaí faoi 31 Márta na bliana tar éis bhliain airgeadais na Parlaiminte i dtrácht, ráitis ar na speansais arna dtabhú i leith tuarastal, asbhaintí cánach agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta ó fhostóirí agus ó fhostaithe agus aon speansais iníoctha eile, go háirithe chun críoch na réamhíocaíochtaí atá íoctha a thabhairt chun rialtachta. Déanfaidh siad, sa bhreis air sin, fianaise a sholáthar lena léireofar go bhfuil na cúntóirí áitiúla i scéim slándála sóisialta, agus an Feisire á léiriú san fhaisnéis mar an fostóir, agus deimhniú árachais in aghaidh tionóiscí a bhaineann leis an obair, i gcás ina a n-éilítear an t-árachas sin leis an dlí náisiúnta is infheidhme. Deimhneoidh siad chomh maith go bhfuil gach oibleagáid a eascraíonn as an dlí náisiúnta is infheidhme comhlíonta.

I gcás ina ndéanfar an conradh idir an gníomhaire íocaíochta agus an Feisire a fhoirceannadh ag deireadh théarma oifige an Fheisire, comhlíonfar na hoibleagáidí sin laistigh de 3 mhí ar a mhéad.

Déanfar na ráitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharraingt suas i gcomhréir le sonraíochtaí na Parlaiminte.

2.   Tar éis fíorú a bheith déanta ar na ráitis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an roinn ábhartha fógra ar aghaidh chuig na gníomhairí íocaíochta, mar aon le cóipeanna chuig an bhFeisire, ina sonrófar cé acu is íocaíochtaí rialta iad nó nach íocaíochtaí rialta iad na híocaíochtaí a dhéantar agus, i gcás inarb iomchuí, cad iad na doiciméid atá ar iarraidh agus ar gá fós iad a thíolacadh.

Más rud é go ndeimhneoidh an fógra sin nach íocaíochtaí rialta iad na híocaíochtaí a dhéantar, déanfar na doiciméid is gá chun iad a thabhairt chun rialtachta a thíolacadh chuig an roinn ábhartha laistigh de 1 mhí tar éis dháta an fhógra. Mura ndéanfar é sin, chuirfidh an Pharlaimint Airteagal 67 agus Airteagal 68 i bhfeidhm.

Airteagal 39a

Oibleagáidí maidir le conarthaí fostaíochta

1.   Déanfaidh gníomhairí íocaíochta, ar feadh na tréimhse a leagtar síos leis an dlí náisiúnta is infheidhme, agus ar feadh bliana ar a laghad ó dheireadh an téarma pharlaimintigh i dtrácht, leabhar taifeadta de ráitis phá a choimhéad ina miondealófar suimeanna a íoctar mar luach saothair agus cáin agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta ó fhostóirí agus ó fhostaithe. Más rud é go ndéanfar conradh le gníomhaire íocaíochta a fhoirceannadh roimh dheireadh théarma oifige an Fheisire, déanfar fíorchóip dheimhnithe den leabhar taifeadta de ráitis phá a chur ar aghaidh láithreach chuig an ngníomhaire íocaíochta nua arna roghnú ag an bhFeisire, amhail dá dtagraítear in Airteagal 35(3).

2.   Staonfaidh cúntóirí ó aon bhearta a dhéanamh lena gcothófar coinbhleacht idir a leasanna féin agus leasanna na bhFeisirí a gcuidíonn siad leo agus leasanna na Parlaiminte. Cuirfidh siad an Feisire i dtrácht ar an eolas gan mhoill i gcás ina bhfuil rún acu tabhairt faoi aon ghníomhaíocht sheachtrach, bíodh an ghníomhaíocht sin ar luach saothair nó gan luach saothair, nó seasamh i dtoghchán.

Ceanglófar orthu a bheith ina gcónaí fad áirithe óna n-áit oibre atá comhoiriúnach i dtaca lena gcuid dualgas a chomhlíonadh go cuí.

3.   Déanfaidh an Feisire an roinn ábhartha a chur ar an eolas láithreach maidir le haon athruithe ar na coinníollacha fostaíochta a bhfuil tionchar acu ar speansais um chúnamh parlaiminteach agus maidir le haon phleananna ag cúntóirí chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí seachtracha nó seasamh i dtoghachán. Ní mór don Fheisire a áirithiú nach gcuirfidh gníomhaíochtaí seachtracha agus seasamh i dtoghchán isteach ar chomhlíonadh a gcuid dualgas ag na cúntóirí agus nach mbeidh gníomhaíochtaí seachtracha contrártha do leasanna airgeadais an Aontais. Féadfaidh an roinn ábhartha fianaise a éileamh i dtaca leis na socruithe atá déanta leis na cúntóirí i dtrácht chun na críche sin.

4.   Maidir le cúntóirí áitiúla a bhfuil rún acu seasamh i dtoghchán, comhlíonfaidh siad na dlíthe náisiúnta maidir le feachtais toghcháin. Ar feadh thréimhse an fheachtais oifigiúil ar a laghad, ní mór do chúntóirí a bheith ar saoire bliantúil nó ar saoire gan phá. Má thoghtar iad, cuirfear deireadh le híoc na speansas a bhaineann leo mura rud é go bhféadfaidh siad fianaise a sholáthar go bhfuil a sainordú i gcomhréir le comhlíonadh a gcuid dualgas mar chúntóirí parlaiminteacha.

5.   Ní mór na hoibleagáidí a fhorchuirtear le mír 2 agus le mír 4 a bheith i gconarthaí a thugtar i gcrích idir Feisirí agus cúntóirí.

Airteagal 40

Speansais maidir le conradh fostaíochta a fhoirceannadh

1.   De mhaolú ar Airteagal 33(3), féadfar speansais bhreise arna dtabhú nuair a dhéantar conarthaí a thugtar i gcrích ag Feisirí lena gcúntóirí áitiúla a fhoirceannadh mar gheall ar dheireadh a bheith tagtha le téarma oifige na bhFeisirí a íoc, ar choinníoll go n-eascraíonn na speansais sin ó chomhlíonadh an dlí saothair náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear comhaontuithe cómhargála.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás:

(a)

ina n-atoghfar an Feisire láithreach chuig an bParlaimint ina dhiaidh sin;

(b)

ina bhfuil téarma is lú ná 6 mhí curtha isteach ag an bhFeisire i dtrácht;

(c)

nach bhfuil oibleagáidí dlíthiúla maidir leis an gconradh fostaíochta a fhoirceannadh, lena n-áirítear fógra dífhostaithe, comhlíonta ag an bhFeisire i dtrácht in am trátha roimh dheireadh a théarma oifige nó a téarma oifige, ach amháin i gcásanna nárbh féidir deireadh an téarma oifige a thuar roimh ré;

(d)

ina bhfuil luach saothair eile ó institiúid de chuid an Chomhphobail á fháil ag an gcúntóir nó ina bhfuil sé nó sí fostaithe ag Feisire eile nó ag grúpáil Feisirí le linn na tréimhse atá i gceist;

(e)

gur ann do na speansais atá i gceist mar thoradh ar chomhaontú sonrach idir na páirtithe nó ar chinneadh chun bónas a dhámhachtain, sa bhreis ar oibleagáidí atá comhaontaithe ar bhonn reachtach nó i gcomhpháirtíocht le chéile, ag tráth foirceannta an chonartha fostaíochta.

3.   Déanfaidh gníomhairí íocaíochta iarratas ar íoc na speansas dá dtagraítear i mír 1, iad comhshínithe go cuí ag an bhFeisire agus ar a sonrófar an bunús dlí don íocaíocht sin, a thíolacadh chuig an roinn ábhartha laistigh de 3 mhí tar éis dheireadh théarma oifige an Fheisire.

4.   I gcás ina bhfuil ceangal faoin dlí náisiúnta is infheidhme ar Fheisirí méid is airde ná trí oiread an mhéid dá dtagraítear in Airteagal 33(4) a íoc i leith speansais a thagann faoi raon feidhme mhír 1, féadfar na speansais sin a íoc ar bhonn eisceachtúil nuair a thíolacfar doiciméid tacaíochta arna mbunú go cuí agus is gá a bheith deimhnithe ag na húdaráis inniúla náisiúnta. Déanfar iarratais ar íocaíocht a thíolacadh faoin nós imeachta a leagtar síos i mír 3.

5.   Chun speansais a bhaineann le conradh fostaíochta a fhoirceannadh agus nach féidir a íoc faoi mhír 1 go dtí mír 4 a chlúdach, féadfaidh na Feisirí teagasc a thabhairt dá ngníomhaire íocaíochta cistí ón méid dá dtagraítear in Airteagal 33(4) a chur i leataobh agus a thabhairt ar aghaidh go dtí na blianta airgeadais ina dhiaidh sin ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an Feisire tar éis a shuí, trí dhoiciméadacht chuí i scríbhinn, gur ann, lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa agus gan rannpháirtíocht Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, do chleachtas seanbhunaithe san earnáil lena mbaineann an conradh fostaíochta trína ndéantar íocaíochtaí iomarcaíochta os cionn an íosmhéid reachtúil;

(b)

tá méideanna iomarcaíochta a fhreagraíonn don chleachtas a shainaithnítear faoi phointe (a) comhaontaithe i gconradh fostaíochta an chúntóra áitiúil. Ní fhéadfar in imthosca ar bith na méideanna iomarcaíochta a bheidh níos mó ná tuarastal míosa le haghaidh gach bliana fostaíochta;

(c)

déantar na méideanna a chuirtear i leataobh a dhearbhú in aghaidh an fhostaí le linn an nós imeachta bhliantúil um thabhairt chun rialtachta faoi Airteagal 39. Osclóidh an gníomhaire íocaíochta cuntas bainc ar leith le haghaidh na gcistí agus soláthróidh sé nó sí ráiteas bainc le haghaidh tabhairt chun rialtachta. I ngach bliain airgeadais, ní fhéadfaidh an gníomhaire íocaíochta méideanna a chur i leataobh a fhreagraíonn do thréimhsí fostaíochta ó thús an téarma pharlaimintigh reatha go dtí deireadh na bliana airgeadais sin nó, i gcás ina rachaidh an conradh in éag le linn na bliana sin, go dtí deireadh an chonartha. Dearbhófar ús a bhaileofar ar na méideanna a chuirtear i leataobh tráth an nós imeachta bhliantúil um thabhairt chun rialtachta. Déanfar aon mhéideanna barrachais nó aon mhéideanna nár úsáideadh a íoc ar ais leis an bParlaimint ar bhonn bliantúil ag deireadh an chonartha fostaíochta i dtrácht.

Airteagal 41

Doiciméid le tíolacadh i ndáil le conradh seirbhíse

1.   Seachas i gcás seirbhísí ócáideacha nach bhfuil costas os coinn EUR 500 lena n-áiritear CBL ag gabháil leo, ní mór iarratas ar íocaíochtaí speansas a thíolacadh roimh dheireadh an chonartha chun seirbhísí a sholáthar agus ní mór na nithe seo a leanas a bheith ann:

(a)

meastachán agus dréacht den chonradh atá beartaithe ag an bhFeisire a thabhairt chun críche le soláthraí seirbhíse agus ina sonrófar go soiléir cineál na seirbhísí atá le soláthar;

(b)

i gcás seirbhísí a bhfuil costas is mó ná EUR 60 000, lena n-áiritear CBL, ag gabháil leo, an bonn cirt leis an tairiscint a roghnaíodh, nach mór dó a bheith ar an gceann is tairbhí ó thaobh na heacnamaíochta de as trí thairiscint ar a laghad ó sholáthraithe atá go hiomlán neamhspleách, agus, lasmuigh den phraghas, aird á tabhairt ar chaighdeán agus gnéithe sóisialta na tairiscinte; beidh feidhm ag an tairseach sin ar bhonn carnach i gcás ina ndéanfar conarthaí i ndiaidh a chéile le haghaidh seirbhísí comhchosúla ón soláthraí céanna;

(c)

i gcás soláthraithe seirbhíse ar daoine dlítheanacha iad, cóip dá n-iontráil sa chlár tráchtála nó i ndoiciméad coibhéiseach, mar aon le hairteagail corpraithe, nó i gcás soláthraithe seirbhíse ar daoine nádúrtha iad, na doiciméid a liostaítear faoi phointe (d) go dtí pointe (f) d’Airteagal 38, agus, seachas i gcás conarthaí sealadacha, faoi phointe (8) den Airteagal sin;

(d)

i gcás soláthraithe seirbhíse ar daoine dlítheanacha iad, dearbhú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann agus á dheimhniú nach bhfuil duine a bith a bhfuil baint aige nó aici leis na seirbhísí a sholáthar ina chúntóir nó ina cúntóir de réir bhrí Airteagal 34 nó i gceann ar bith de na catagóirí a luaitear i bpointe (d) d’Airteagal 43.

2.   Déanfar costas na seirbhísí arna soláthar a íoc nuair a thíolacfaidh an Feisire sonrasc nó ráiteas ar tháillí ina mbeidh tuairisc mhionsonraithe ar na seirbhísí arna soláthar go hiarbhír agus cóip den chonradh arna thabhairt chun críche leis an soláthraí seirbhíse. Beidh dearbhú ón bhFeisire á rá gur soláthraíodh an tseirbhís go hiarbhír ag gabháil leis an sonrasc nó leis an ráiteas ar tháillí. Arna iarraidh sin don roinn ábhartha, déanfaidh an Feisire na príomhdhoiciméid tacaíochta a thíolacadh chomh maith.

I gcás ina bhfuil seirbhísí díolmhaithe go páirteach nó go hiomlán ó CBL, féadfaidh an roinn ábhartha ceangal a chur ar an ngníomhaire íocaíochta an bunús dlí leis an díolúine sin a dhearbhú.

Airteagal 42

Speansais urghnácha

I gcás ina mbeidh cúntóir áitiúil a bhfuil conradh fostaíochta aige nó aici as láthair ar feadh tréimhse is faide ná 3 mhí, bíodh sin ar shaoire mháithreachais nó mar gheall ar bhreoiteacht throm, féadfar an sciar den chostas chun duine a fhostú ina áit nó ina háit, amhail ón tríú mí den neamhláithreacht, nach bhfuil clúdaithe leis na sochair fostaithe atá á n-íoc faoin scéim náisiúnta slándála sóisialta is infheidhme, a íoc sa bhreis ar an méid dá dtagraítear in Airteagail 33(4). Déanfaidh gníomhairí íocaíochta iarratais ar íoc na speansas sin, arna gcomhshíniú go cuí ag an bhFeisire, a thíolacadh chuig an roinn ábhartha.

Airteagal 43

Speansais neamh-inaisíoctha

Ní fhéadfar na suimeanna a íocfar de bhun na caibidle seo a úsáid go díreach nó go hindíreach:

(a)

chun cistiú a dhéanamh ar chonarthaí airgeadais a thabharfar i gcrích le heagraíocht a bhfuil cuspóirí polaitiúla á saothrú aici, amhail páirtí polaitiúil, fondúireacht, gluaiseacht nó grúpa polaitiúil parlaiminteach;

(b)

chun speansais a chlúdach a fhéadfar a aisíoc faoi liúntais eile a bhforáiltear dóibh leis na bearta cur chun feidhme seo nó le forálacha eile de chuid Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte;

(c)

chun speansais arna dtabhú i dtaca le conradh chun soláthar seirbhísí a chlúdach i gcás ina bhféadfadh sé sin a bheidh ina chúis le coinbhleacht leasa, go háirithe i gcásanna gur fíor faoin bhFeisire nó faoi dhuine de na daoine dá dtagraítear i bpointe (d):

go bhfuil sé nó sí ina úinéir nó ina húinéir ar chuideachta nó ar eagraíocht bhrabúsach a ghníomhaíonn mar a sholáthraí seirbhíse nó mar a soláthraí seirbhíse,

go bhfuil sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de bhord stiúrthóirí nó de chomhlacht feidhmiúcháin eile cuideachta brabúsaí nó eagraíochta brabúsaí a ghníomhaíonn mar a sholáthraí seirbhíse nó mar a soláthraí seirbhíse,

go bhfuil rochtain aige nó aici ar chuntas bainc a sholáthraí seirbhíse nó a soláthraí seirbhíse,

go bhfuil leas aige nó aici i ngníomhaíochtaí a sholáthraí seirbhíse nó a soláthraí seirbhíse nó a fhaigheann leas airgeadais d’aon chineál as na gníomhaíochtaí sin;

(d)

chun conarthaí a chistiú lena ndéantar foráil do chéilí nó páirtithe seasmhacha Feisirí nó a dtuismitheoirí, a leanaí, a ndeartháireacha nó a ndeirfiúracha a fhostú nó a seirbhísí a úsáid nó, go ginearálta, a bheadh ina gcúis le coinbhleacht leasa mar a shainmhínítear in Airteagal 62(1a).

CAIBIDIL 6

Trealamh agus saoráidí a sholáthar

Airteagal 44

Rochtain ar sheirbhísí inmheánacha agus trealamh agus saoráidí a sholáthar

1.   Glacfaidh an Biúró na rialacha lena rialaítear rochtain na bhFeisirí ar sheirbhísí inmheánacha na Parlaiminte agus soláthar trealaimh agus saoráidí d’Fheisirí, go háirithe maidir le:

carranna oifigiúla a úsáid,

troscán le haghaidh oifigí na bhFeisirí,

trealamh TF agus teileachumarsáide a sholáthar,

soláthar páipéarachais,

an úsáid a bhaineann na Feisirí agus na grúpaí polaitiúla as an spás oifige a chuirtear ar fáil dóibh in oifigí eolais na Parlaiminte,

próiseáil a dhéanamh ar pháipéir de chuid na bhFeisirí a thugtar ar lámh mar bhronntanas nó leagáid d’institiúid, do chomhlachas nó d’fhondúireacht,

socruithe trína bhféadfaidh Feisirí a bhainfidh deireadh a dtéarma oifige amach le linn téarma parlaiminteach a gcuid earraí pearsanta a aistriú óna n-oifigí sa Bhruiséil agus in Strasbourg go dtí a dtír thionscnaimh,

rothair oifigiúla a úsáid,

cúrsaí teanga agus ríomhaireachta d’Fheisirí,

seirbhísí arna soláthar ag an tSeirbhís Liachta a úsáid.

2.   Féadfaidh an Biúró forálacha a ghlacadh freisin lena ndeonófar rochtain ar shaoráidí na Parlaiminte d’iar-Uachtaráin na Parlaiminte, le linn a dtéarma oifige, agus d’iar-Fheisirí.

TEIDEAL II

DEIREADH AN tSAINORDAITHE PHARLAIMINTIGH

CAIBIDIL 1

Liúntas idirthréimhseach

Airteagal 45

Teidlíocht ar an liúntas idirthréimhseach

Le héifeacht ón gcéad lá den mhí tar éis dóibh éirí as a gcuid dualgas, beidh iar-Fheisirí i dteideal an liúntais idirthréimhsigh dá dtagraítear in Airteagail 13 den Reacht.

Airteagal 46

Dul in éag

1.   Beidh iar-Fheisirí i dteideal an liúntais idirthréimhsigh. I gcás ina bhfuil sainordú acu i bparlaimint eile nó ina sealbhaíonn siad oifig phoiblí, déanfar an tuarastal atá siad i dteideal a fháil a fhritháireamh in aghaidh an liúntais idirthréimhsigh.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 2(3) maidir leis an liúntas idirthréimhseach.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh “parlaimint eile” parlaimint ar bith a bhfuil cumhachtaí reachtacha aici agus atá bunaithe i mBallstát.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh “oifig phoiblí” aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

poist thofa le pá lena mbaineann sainchumais údaráis phoiblí a fheidhmiú;

(b)

comhaltas i rialtas náisiúnta nó réigiúnach;

(c)

post mar oifigeach sinsearach a fheidhmíonn údarás poiblí nó post mar oifigeach nó Comhalta d’institiúid de chuid an Aontais.

Airteagal 47

Íocaíochtaí a fhritháireamh

1.   I gcás ina bhfuil iar-Fheisire i dteideal liúntas idirthréimhseach agus i dteideal pinsean seanaoise nó pinsean easláine amhail dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 faoi seach den Reacht ag an am céanna, gheobhaidh an t-iar-Fheisire cibé acu den dá íocaíocht a roghnaíonn sé nó sí a fháil. Tabharfaidh sé nó sí fógra faoina chinneadh nó faoina cinneadh don Ard-Rúnaí tráth nach déanaí na 3 mhí tar éis dheireadh a shainordaithe nó a sainordaithe. Beidh an cinneadh sin neamh-inchúlghairthe.

2.   Má roghnaíonn an t-iar-Fheisire íocaíocht an liúntais idirthréimhsigh, is é an toradh a bheidh air sin ná go gcuirfear íocaíochtaí an phinsin seanaoise nó an phinsin easláine ar fionraí go ceann thréimhse íocaíochta an liúntais idirthréimhsigh.

Airteagal 48

Nós Imeachta

1.   Chun an liúntas idirthréimhseach a fháil, cuirfidh an t-iar-Fheisire iarratas isteach chuig an Ard-Rúnaí tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh a shainordaithe nó a sainordaithe, agus cuirfidh sé nó sí ráiteas i scríbhinn i gceangal leis an iarratas lena léireofar an bhfuil aon cheann de na dualgais dá dtagraítear in Airteagal 46 á chomhlíonadh aige nó aici.

2.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 47(1), beidh an cinneadh dá dtagraítear ansin ag gabháil leis an ráiteas sin.

3.   Tabharfar fógra gan mhoill don Ard-Rúnaí faoi aon athrú ar na himthosca as ar eascair dámhachtain an liúntais idirthréimhsigh agus a bhféadfadh sé gur gá an teidlíocht sin a athrú dá bharr. I gcás ina mbíonn aon amhras ann, féadfaidh an tArd-Rúnaí a iarraidh ar an duine i dtrácht a bharúlacha nó a barúlacha a thíolacadh.

4.   Más rud é, ar bhonn fíorais atá infhíoraithe ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, go bhfaighidh an tArd-Rúnaí amach go bhfuil na dualgais dá dtagraítear in Airteagal 46 á gcomhlíonadh ag an iar-Fheisire, cuirfidh sé íocaíocht an liúntais idirthréimhsigh ar fionraí agus cuirfidh sé an duine i dtrácht ar an eolas dá réir sin.

5.   Féadfaidh iar-Fheisire a theidlíocht nó a teidlíocht ar an liúntas idirthréimhseach a thréigean am ar bith. Tabharfaidh sé nó sí fógra faoin gcinneadh sin don Ard-Rúnaí.

CAIBIDIL 2

Pinsean seanaoise

Airteagal 49

Teidlíocht ar phinsean seanaoise

1.   Tar éis dóibh scor dá dtéarma oifige, beidh na Feisirí a bhfuil a sainordú feidhmithe acu ar feadh bliain iomlán ar a laghad i dteideal, fad a mhairfidh siad, pinsean seanaoise a bheidh iníoctha ón gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina slánóidh siad 63 bliana d’aois.

Déanfaidh iar-Fheisirí nó a n-ionadaithe dlíthiúla, ach amháin i gcásanna force majeure, a n-iarratas ar íoc an phinsin seanaoise a thíolacadh laistigh de 6 mhí ó thús na teidlíochta. Tar éis an sprioc-ama sin is é an chéad lá den mhí ina bhfaighfear an t-iarratas a bheidh sa dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an bpinsean seanaoise.

2.   Cuirfear íocaíocht an phinsin seanaoise ar fionraí i gcás aon éilitheora phinsin a atoghfar chuig an bParlaimint. Cuirfear teidlíochtaí pinsin seanaoise a gheobhaidh sé nó sí mar thoradh ar a shainordú nua nó a sainordú nua leis na teidlíochtaí pinsin seanaoise a fuarthas sular atoghadh é nó í. Cuirfear tús le híoc an phinsin seanaoise in athuair nuair a thréigfidh an Feisire a shainordú nó a sainordú sa Pharlaimint.

3.   I gcás ina mbeidh tréimhse ama idir sainorduithe Feisire, déanfar tréimhsí na sainorduithe ar fad a chur le chéile chun an pinsean seanaoise a ríomh.

Airteagal 50

Toirmeasc ar phinsin a fháil i gcomhthráth

1.   Maidir le pinsean seanaoise a fhaigheann iar-Fheisire de bhua sainordú a bhí á fheidhmiú aige nó aici i bparlaimint eile i gcomhthráth lena shainordú nó lena sainordú i bParlaimint na hEorpa a fheidhmiú, déanfar an pinsean sin a fhritháireamh in aghaidh an phinsin seanaoise.

2.   Ciallóidh “parlaimint eile” amhail dá dtagraítear i mír 1 an pharlaimint a shainmhínítear in Airteagal 2(2).

3.   Beidh an ríomh bunaithe ar iomlán an dá thuarastal sula ndéantar cáin a asbhaint.

4.   Aon iar-Fheisire a bhfuil sainordú feidhmithe aige nó aici i bparlaimint eile i gcomhthráth leis an sainordú i bParlaimint na hEorpa, dearbhóidh sé nó sí an pinsean seanaoise a bhfuil sé nó sí ina theideal de bhua an tsainordaithe sa pharlaimint eile sin.

CAIBIDIL 3

Pinsean easláine

Airteagal 51

Teidlíocht ar phinsean easláine

1.   Maidir le Feisire a bhfuil sé aitheanta ina leith, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 55, go bhfuil sé nó sí faoi easláine iomlán sa chaoi nach bhfuil sé nó sí in ann a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh agus a éireoidh as oifig dá bharr, beidh sé nó sí i dteideal pinsean easláine ón dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an éirí as oifig, gan dochar do mhír 3.

2.   Titfidh an teidlíocht ar phinsean easláine ar lár mura dtabharfaidh an Feisire fógra faoina éirí as oifig nó faoina héirí as oifig laistigh de 3 mhí ón dáta a ndearnadh an cinneadh lenar suíodh go bhfuil sé nó sí faoi easláine a chur in iúl dó nó di go hoifigiúil.

3.   Cuirfear tús leis an teidlíocht ar phinsean easláine ag deireadh an téarma pharlaimintigh inar tharla an easláine:

(a)

mura bhfuil an Feisire in ann éirí as oifig mar gheall ar a easláine nó a heasláine, nó

(b)

má ghlactar an cinneadh lenar suíodh an easláine tar éis dheireadh an téarma pharlaimintigh ar cuireadh tús leis an nós imeachta dá dtagraítear san Airteagal seo lena linn, nó

(c)

mura bhfuil an teorainn ama dá dtagraítear i mír 2 caite.

Airteagal 52

Pinsin easláine a ríomh

1.   Is é an méid a bheidh sa phinsean easláine ná 3,5 % den tuarastal dá dtagraítear in Airteagal 10 den Reacht le haghaidh gach bliana iomláine inar feidhmíodh an sainordú agus, le haghaidh gach míosa iomláine sa bhreis, an dóú cuid déag den tsuim sin, ach is 35 % den tuarastal sin ar a laghad a bheidh ann agus ní rachaidh sé thar 70 % san iomlán.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha i ndáil le ríomh an phinsin seanaoise maidir le ríomh an phinsin easláine.

Airteagal 53

Toirmeasc ar phinsin a fháil i gcomhthráth

1.   Maidir le pinsean easláine a fhaigheann iar-Fheisire de bhua sainordú a bhí á fheidhmiú aige nó aici i bparlaimint eile i gcomhthráth lena shainordú nó lena sainordú i bParlaimint na hEorpa a fheidhmiú, déanfar é a fhritháireamh in aghaidh an phinsin easláine.

2.   Ciallóidh “parlaimint eile” amhail dá dtagraítear i mír 1 an pharlaimint a shainmhínítear in Airteagal 2(2).

3.   Aon iar-Fheisire a bhfuil sainordú feidhmithe aige nó aici i bparlaimint eile i gcomhthráth leis an sainordú i bParlaimint na hEorpa a fheidhmiú, dearbhóidh sé nó sí an pinsean easláine a bhfuil sé nó sí ina theideal de bhua an tsainordaithe sa pharlaimint eile sin.

Airteagal 54

Íocaíochtaí a fhritháireamh

Má bhíonn iar-Fheisire i dteideal pinsean easláine agus pinsean seanaoise i gcomhthráth, gheobhaidh sé nó sí an pinsean seanaoise. Ní fhéadfaidh méid an phinsin seanaoise, áfach, a bheith níos lú ná méid an phinsin easláine.

Airteagal 55

Nós Imeachta

1.   Déanfaidh an Feisire nó a ionadaí dlíthiúil nó a hionadaí dlíthiúil an t-iarratas ar éirí as oifig ar fhorais easláine a thíolacadh chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus beidh deimhniú leighis ag gabháil leis an iarratas sin, ar a léireofar ainm an dochtúra a bhfuil sé iarrtha air nó uirthi ionadaíocht a dhéanamh don Fheisire ar an gcoiste easláine dá dtagraítear in Airteagal 56.

2.   Laistigh de 3 mhí tar éis don Ard-Rúnaí an coiste easláine dá dtagraítear in Airteagal 56 a chomóradh, déanfaidh an coiste easláine, i gcomhréir leis na téarmaí tagartha arna n-éisiúint ag Parlaimint na hEorpa, tuarascáil liachta a thíolacadh ina sonrófar na cúiseanna leis an easláine agus lena ndéanfar measúnú an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 51 comhlíonta. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an tArd-Rúnaí an teorainn ama sin a fhadú.

3.   Ar mholadh ón gcoiste easláine, deimhneoidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa go bhfuil an Feisire i dtrácht cáilithe chun éirí as oifig ar fhorais easláine agus cuirfidh sé nó sí an cinneadh in iúl dó nó di, á iarraidh air nó uirthi éirí as oifig. I gcás ina ndéanfar cinneadh diúltach, cuirfidh an tUachtarán an Feisire ar an eolas faoi na nósanna imeachta achomhairc atá ar fáil.

Airteagal 56

An coiste easláine

1.   Beidh an coiste easláine comhdhéanta de thriúr dochtúirí:

an chéad dochtúir arna cheapadh ag an bhFeisire i dtrácht,

an dara dochtúir arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa, agus

an tríú dochtúir arna cheapadh trí chomhaontú idir an chéad bheirt dochtúirí.

I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir leis an tríú dochtúir a cheapadh laistigh de 2 mhí tar éis don dara dochtúir a bheith ceaptha, déanfaidh Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach an tríú dochtúir a cheapadh ar bhonn ex officio arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa.

2.   Maidir leis na speansais a eascróidh ó obair an choiste easláine, lena n-áirítear speansais taistil, is í Parlaimint na hEorpa a íocfaidh iad.

3.   Féadfaidh an Feisire gach tuarascáil nó deimhniú arna eisiúint ag an dochtúir atá ag cur cóir leighis air nó uirthi, nó arna eisiúint ag na cleachtóirí sin ar roghnaigh an Feisire dul i gcomhairle leo, a chur faoi bhráid an choiste easláine.

4.   Beidh imeachtaí an choiste easláine faoi rún.

Airteagal 57

Athbhreithniú ar easláine

1.   Iar-Fheisirí nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 51 á gcomhlíonadh a thuilleadh acu, forghéillfidh siad a dteidlíocht ar phinsean easláine.

2.   Go dtí go slánóidh an t-iar-Fheisire 63 bliana d’aois, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a éileamh go gcuirfear é nó í faoi scrúdú leighis gach cúig bliana ag dochtúir arna cheapadh chun a sheiceáil an bhfuil na coinníollacha riachtanacha maidir le hincháilitheacht ar phinsean easláine fós á gcomhlíonadh aige nó aici.

3.   Féadfar an scrúdú sin a dhéanamh chomh maith roimh an am a léirítear i mír 2, go háirithe más rud é go bhfuil faisnéis faighte ag Parlaimint na hEorpa a thugann le fios go bhfuil dualgais ar íocaíocht a gcomhlíonadh ag an bhFeisire. I gcás ina dtarlaíonn sé sin, déanfar an staid sin a mheas ar bhonn fíorais atá infhíoraithe ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, i bhfianaise imthosca gach cáis agus tar éis fiosrúchán a bheith déanta ina mbeidh an deis ag gach páirtí a chás nó a cás a thíolacadh agus freagra a thabhairt ar chás an pháirtí eile.

4.   Ar mholadh ón dochtúir a bhfuil an scrúdú leighis a dhéanamh aige nó aici, féadfaidh an coiste easláine a shuí go bhfuil an oiread sin feabhais tagtha ar shláinte an iar-Fheisire a fhágann nach bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 51 á gcomhlíonadh a thuilleadh aige nó aici.

5.   Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a dhéanfaidh an cinneadh chun an pinsean easláine a fhoirceannadh, ar bhonn na dtátal ón gcoiste easláine. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 55 agus ag Airteagal 56. Má mhainníonn an t-iar-Fheisire dochtúir a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh dó nó di ar an gcoiste easláine, beidh feidhm ag Airteagal 56(1), an dara fomhír.

CAIBIDIL 4

Pinsean marthanóra agus pinsean dílleachta

Airteagal 58

Teidlíocht ar phinsean marthanóra nó ar phinsean dílleachta

1.   Maidir leis an céile marthanach agus leanaí ar bith a bhí, an tráth a bhásaigh Feisire nó iar-Fheisire a bhí i dteideal pinsean seanaoise nó a raibh beart á dhéanamh acu chun teidlíocht ar phinsean easláine a fháil, agus a bhí cleithiúnach ar an bhFeisire sin, beidh siad i dteideal pinsean marthanóra agus pinsean dílleachta faoi seach.

2.   Chun forálacha na caibidle seo a chur i bhfeidhm, caithfear le páirtithe seasta neamhphósta ar an mbealach céanna agus a chaithfear le céilí, ar choinníoll go gcuirfidh an lánúin doiciméad oifigiúil ó Bhallstát nó ó aon údarás inniúil i mBallstát a thugann aitheantas dá stádas mar pháirtithe neamhphósta ar fáil ina dtugtar aitheantas don stádas sin.

3.   Ciallaíonn an téarma “leanbh cleithiúnach” leanbh dlisteanach, leanbh nádúrtha nó leanbh uchtaithe de chuid Feisire, nó céile Feisire, a bhí á chothabháil go hiarbhír ag an bhFeisire nó ag an iar-Fheisire. Ciallaíonn an téarma “leanbh cleithiúnach” freisin leanbh sa bhroinn nó leanbh a bhfuil tús curtha le nós imeachta uchtaithe ag an bhFeisire nó ag an iar-Fheisire ina leith agus a gcuirtear a uchtú nó a huchtú i gcrích tar éis bhás an Fheisire.

Airteagal 59

An pinsean marthanóra agus an pinsean dílleachta a ríomh

1.   Ní fhéadfaidh uasmhéid an phinsin marthanóra agus an phinsin dílleachta a bheith níos mó ná méid an phinsin seanaoise a mbeadh an Feisire ina theideal ag deireadh an téarma pharlaimintigh, agus an tréimhse ama idir dáta an bháis agus dáta dheireadh an téarma pharlaimintigh á cur san áireamh.

2.   I gcás iar-Fheisirí, ní fhéadfaidh uasmhéid an phinsin marthanóra agus an phinsin dílleachta a bheith níos mó ná méid an phinsin seanaoise a bhí á fháil ag an bhFeisire nó a mbeadh sé nó sí ina theideal.

3.   Is é a bheidh i méid an phinsin marthanóra don chéile marthanach ná 60 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2 agus, ar a laghad, 30 % den tuarastal dá dtagraítear in Airteagal 10 den Reacht, fiú más mó an méid deireanach sin ná na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Ní dhéanfaidh athphósadh difear don teidlíocht ar phinsean marthanóra don chéile marthanach. Ní bheidh aon teidlíocht ar phinsean marthanóra ann más léir thar aon amhras réasúnach ó imthosca an cháis aonair go ndearnadh conradh an phósta chun an pinsean a fháil, agus chun na críche sin amháin. I gcás ina dtarlaíonn sé sin, déanfar an staid sin a mheas ar bhonn fíorais atá infhíoraithe ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, i bhfianaise imthosca gach cáis agus tar éis fiosrúchán a bheith déanta ina mbeidh an deis ag gach páirtí a chás nó a cás a thíolacadh agus freagra a thabhairt ar chás an pháirtí eile.

4.   Is é a bheidh i méid an phinsin dílleachta le haghaidh leanbh cleithiúnach ná 20 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2.

5.   I gcás ina bhfuil níos mó ná beirt leanaí ann, déanfar uasmhéid na bpinsean dílleachta is féidir a dhámhachtain a roinnt go cothrom i measc na ndílleachtaí atá ina dteideal.

6.   I gcás inarb infheidhme, déanfar uasmhéid an phinsin atá le híoc a roinnt idir an céile agus na leanaí cleithiúnacha i gcomhréir leis na céatadáin a leagtar síos i mír 3, i mír 4 agus i mír 5.

Airteagal 60

Dul in éag

1.   Déanfar pinsean marthanóra nó pinsean dílleachta a dhámhachtain le héifeacht ón gcéad lá den mhí féilire i ndiaidh an bháis.

2.   I gcás ina bhfaighidh an tairbhí bás, titfidh an teidlíocht ar phinsean marthanóra ar lár ag deireadh na míosa ina bhfaigheann an tairbhí bás.

3.   Titfidh an teidlíocht ar phinsean dílleachta ar lár ag deireadh na míosa ina slánóidh an dílleachta 21 bhliain d’aois.

Déanfar an teidlíocht sin a fhadú, áfach, ar feadh thréimhse oideachais nó ghairmoiliúna an dílleachta agus, ar a mhéad, go dtí deireadh na míosa ina slánóidh sé nó sí 25 bliana d’aois.

Leanfar ar aghaidh le pinsean dílleachta a íoc le dílleachta nach bhfuil in ann é féin nó í féin a chothú de bharr breoiteachta nó éiglíochta. Ní mór an bhreoiteacht nó an éiglíocht a bheith aitheanta ag dochtúir de chuid Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh an tairbhí cinneadh an dochtúra a chonspóid trí chruinniú a iarraidh le coiste arna bhunú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos le haghaidh an choiste easláine dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, roinn 3, a ghabhann le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68.

Titfidh an teidlíocht sin ar lár i gcás ina mbíonn an leanbh in ann é féin nó í féin a chothú arís. Chun na críche sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a éileamh go ndéanfar é nó í a chur faoi scrúdú leighis ag dochtúir arna cheapadh nó arna ceapadh chun a sheiceáil an bhfuil na coinníollacha maidir le hincháilitheacht ar phinsean fós á gcomhlíonadh aige nó aici.

TEIDEAL III

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL 1

Socruithe íocaíochta

Airteagal 61

An Rialachán Airgeadais a Chomhlíonadh

1.   Beidh cur chun feidhme na mbeart cur chun feidhme seo agus aon iarratas ar íocaíocht a thíolacfar faoi na Bearta Cur Chun Feidhme seo i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus le Rialachán an Tharmligean (AE) ón gCoimisiún Uimh. 1268/2012 (17).

2.   I gcás ina ndéantar foráil leis na bearta cur chun feidhme sin do chonarthaí a thabhairt i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus tríú páirtithe, cumhachtófar don oifigeach údarúcháin iad a shíniú.

Airteagal 62

An prionsabal maidir le húsáid cistí

1.   Maidir leis na suimeanna a íoctar de bhun na mbeart chun feidhme seo, ar bhonn fhorálacha Theideal 1, Caibidil 4, Caibidil 5 agus Caibidil 6, forchoimeádfar iad go heisiach chun cistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le sainordú Feisire a fheidhmiú agus ní fhéadfar iad a úsáid chun speansais phearsanta a chlúdach ná chun cistiú a dhéanamh ar dheontais ná ar thabhartais de chineál polaitiúil.

1a.   Ní dhéanfaidh Feisirí a bhfuil baint acu le buiséid a chur chun feidhme aon bheart a d’fhéadfadh coinbhleacht a chothú idir a leasanna féin agus leasanna airgeadais an Aontais.

Bíonn coinbhleacht leasa ann i gcásanna ina bhfuil tionchar míchuí ar ghníomhaíochtaí na bhFeisirí ar chúiseanna a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh, le cúrsaí mothúcháin, le leas eacnamaíoch nó le haon leas eile ar leas atá i gcoiteann ag an bhFeisire agus ag an bhfaighteoir.

2.   Déanfaidh na Feisirí aon mhéideanna nach n-úsáidtear a íoc ar ais le Parlaimint na hEorpa ach amháin i gcás ina n-íocfar mar chnapshuim iad.

Airteagal 63

Aistriú bainc, airgeadraí agus ráta comhshó

1.   Déanfar íocaíochtaí faoi na bearta chun feidhme seo trí bhíthin aistriú bainc i gcomhréir le forálacha Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (18). Is í Parlaimint na hEorpa a íocfaidh na táillí atá iníoctha ag an íocóir. Is ar an íocaí a bheidh sé gach táille eile a íoc.

2.   Déanfar íocaíochtaí in euro, mura rud é go ndéanfaidh an faighteoir, a toghadh i mBallstát nach bhfuil ina chuid den limistéar euro nó a bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe i mBallstát nach bhfuil ina chuid den limistéar euro, íocaíocht iomlán nó páirt-íocaíocht in airgeadra an Bhallstát sin a iarraidh.

3.   Déanfar comhshó idir an euro agus airgeadraí eile trí úsáid a bhaint as an ráta cuntasaíochta míosúil le haghaidh an euro arna shocrú i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an Rialachán Airgeadais a chur chun feidhme (19).

4.   I ndáil le híocaíochtaí speansas le haghaidh cúnamh parlaiminteach, agus de mhaolú ar mhír 3, déanfar comhshó idir an euro agus airgeadraí eile trí úsáid a bhaint as an ráta cuntasaíochta míosúil do mhí na Nollag den bhliain roimhe sin. I gcaitheamh téarma parlaiminteach, áfach, ní fhéadfaidh an uasíocaíocht mhíosúil in airgeadra náisiúnta a dhéanfar le Feisire, i ndiaidh innéacsnascadh bliantúil agus aon mhéadú arna chinneadh ag an mBiúró a chur san áireamh, a bheith níos ísle ná an méid a socraíodh don bhliain roimhe sin.

Airteagal 64

Cuntais bhainc

1.   Ar dhul i mbun dualgas dó nó di, déanfaidh gach Feisire na nithe seo a leanas a chur ar aghaidh chuig roinn ábhartha Pharlaimint na hEorpa: mionsonraí (uimhir IBAN, cód BIC (SWIFT) agus seoladh an bhainc) ar cheann amháin nó níos mó de chuntais atá ina ainm nó ina hainm agus a bhfuil sé beartaithe íocaíochtaí a fháil isteach ann i leith an tuarastail dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht agus i leith na liúntas eile agus na haisíocaíochta speansas eile.

Mura rud é go n-eiseoidh an Feisire nó an t-iar-Fheisire, nó a chomharbaí nó a comharbaí, treoracha dá mhalairt, bainfear úsáid as an gcuntas arna oscailt chun an tuarastal dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht a ghlacadh chun íocaíochtaí i leith an liúntais idirthréimhsigh agus i leith an phinsin a ghlacadh chomh maith.

2.   Beidh aon íocaíocht le duine eile seachas an Feisire ag brath ar dhoiciméad arna eisiúint ag banc an fhaighteora a bheith curtha isteach roimh ré agus ar doiciméad é ina ndeimhnítear gurb é nó í an duine sin sealbhóir an chuntais a bhfuil an íocaíocht le déanamh isteach ann agus ina leagtar amach uimhir IBAN an chuntais, an cód BIC (SWIFT) agus seoladh an bhainc.

3.   Maidir le híocaíochtaí a bhaineann le cúnamh parlaiminteach, cuirfidh an Feisire mionsonraí de chuntas bainc an duine den fhoireann phearsanta ar aghaidh chuig an ngníomhaire íocaíochta nó, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 36(5), chuig an roinn ábhartha. Osclófar cuntas bainc an duine den fhoireann phearsanta sa Bhallstát is mó ina gcomhlíonann sé nó sí a chuid dualgas nó a cuid dualgas ann. Déanfar na híocaíochtaí san airgeadra ina bhfuil tuarastal nó táillí an duine den fhoireann phearsanta socraithe.

Déanfaidh an gníomhaire íocaíochta sonraí a chuntais bainc a chur ar aghaidh chuig an roinn ábhartha.

Airteagal 65

Dáta íocaíochta

1.   Déanfar an tuarastal dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht, an liúntas idirthréimhseach agus pinsin a íoc ar an 15ú lá den mhí don mhí reatha. Déanfar an liúntas caiteachais ghinearálta a íoc ar an gcéad lá den mhí don mhí reatha.

2.   Déanfar íocaíochtaí i leith speansais le haghaidh cúnamh parlaiminteach leis an ngníomhaire íocaíochta nó, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 36(4) agus (5), leis an gcúntóir áitiúil ar an 15ú lá den mhí don mhí reatha.

Beidh na híocaíochtaí sin i gcomhréir leis na treoracha a bheidh tugtha ag na Feisirí suas go dtí an 25ú lá den mhí roimhe sin.

3.   Déanfar speansais eile a aisíoc nuair a dhéanfar na doiciméid a éilítear leis na bearta cur chun feidhme sin a thíolacadh.

4.   Is iad seo a leanas na sprioc-amanna a bheidh ann le haghaidh na ndoiciméad a éilítear leis na bearta cur chun feidhme seo a thíolacadh:

(a)

i leith speansais agus liúntais taistil agus chothaithe: ar a dhéanaí faoin 31 Deireadh Fómhair sa bhliain féilire i ndiaidh na bliana inar cuireadh tús leis an turas i dtrácht;

(b)

i leith speansais le haghaidh cúnamh parlaiminteach agus speansais eile: roimh an dáta deiridh a leagtar síos leis na forálacha is infheidhme agus ar a dhéanaí faoin 7 Nollaig den bhliain bhuiséadach a bhfuil íocaíocht á hiarraidh ina leith.

5.   Féadfaidh an tArd-Rúnaí socruithe sonracha a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí i leith gnáthspeansais taistil agus gnáthspeansais chothaithe.

CAIBIDIL 2

Tabhairt chun rialtachta agus aisghabháil

Airteagal 66

Doiciméid tacaíochta malartacha

I gcás ina gcaillfear na doiciméid tacaíochta riachtanacha, ní mór d’Fheisire dearbhú caillteanais a thíolacadh lena ngabhfaidh doiciméid tacaíochta malartacha i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sna bearta cur chun feidhme seo.

Airteagal 67

Íocaíocht a fhionraí

Má mhainníonn Feisire nó gníomhaire íocaíochta a chuid dualgas nó a cuid dualgas faoi na bearta cur chun feidhme seo nó faoin gconradh arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 35 a chomhlíonadh, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin inniúil a ordú go ndéanfar íocaíocht iomlán an liúntais i dtrácht nó cuid den liúntas i dtrácht a chur ar fionraí, agus aird chuí á tabhairt ar aon leasanna dlisteanacha de chuid tríú páirtithe, ar feadh na tréimhse is gá chun a chur ar a chumas don Fheisire nó don ghníomhaire íocaíochta measúnú a dhéanamh i ndáil lena inmhianaithe atá sé Airteagal 68 a chur i bhfeidhm.

Sula ndéanfar aon chinneadh den sórt sin, tabharfar fógra i scríbhinn don Fheisire nó don ghníomhaire íocaíochta agus beidh mí amháin aige nó aici chun na bearta cur chun feidhme seo nó an conradh a chomhlíonadh. Cuirfear cóipeanna den litir ar aghaidh chuig na Caestóirí agus, i gcás inarb iomchuí, chuig aon tríú páirtí lena mbaineann.

Airteagal 68

Íocaíochtaí míchuí a aisghabháil

1.   Déanfar aon tsuim a íocfar go míchuí de bhun na mbeart cur chun feidhme seo a aisghabháil. Eiseoidh an tArd-Rúnaí treoracha d’fhonn na suimeanna atá i gceist a aisghabháil ón bhFeisire i dtrácht.

2.   Beidh aon chinneadh maidir le haisghabháil íocaíochtaí míchuí i gcomhréir leis an riachtanas gur cheart go mbeadh na Feisirí in ann a sainordú a fheidhmiú go héifeachtach agus i gcomhréir le riar rianúil Pharlaimint na hEorpa. Sula ndéanfar aon chinneadh, tabharfaidh an tArd-Rúnaí éisteacht don Fheisire.

3.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le hiar-Fheisirí agus le tríú páirtithe.

CAIBIDIL 3

Forálacha ginearálta airgeadais eile

Airteagal 69

Innéacsnascadh

1.   Maidir leis na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 15, pointe (c), agus in Airteagal 20, in Airteagal 22(1) agus (3), agus in Airteagal 24(2) agus Airteagal 26(2), féadfaidh an Biúró iad a innéacsnascadh suas go dtí uasmheadú arb ionann é agus an ráta boilscithe bliantúil san Aontas Eorpach i mí Dheireadh Fómhair den bhliain roimhe sin, arna fhoilsiú ag Eurostat.

2.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Biúró an méid dá dtagraítear in Airteagal 33(4) a innéacsnascadh go bliantúil ar bhonn an innéacs chomhpháirtigh arna bhunú ag Eurostat, trí chomhaontú le hoifigí staidrimh náisiúnta na mBallstát, de bhun Airteagal 65 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68. Féadfaidh an t-innéacsnascadh sin a bheith siardhátaithe go dtí mí Iúil sa bhliain lena mbaineann an t-innéacs.

Airteagal 70

Cánachas

I gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 den Reacht, beidh feidhm maidir leis na Feisirí ag Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos na coinníollacha agus an nós imeachta maidir leis an gcáin a chur i bhfeidhm chun tairbhe na gComhphobal Eorpach (20).

Airteagal 71

Astú

1.   Féadfaidh an tuarastal dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht, an liúntas idirthréimhseach nó an pinsean seanaoise a bheith faoi réir ordú astaithe, suas go dtí uasmhéid arb ionann é agus an tríú cuid den tsuim atá i gceist, ar bhonn cinneadh ó na cúirteanna nó ón údarás inniúil riaracháin.

2.   Eiseoidh an tArd-Rúnaí treoracha d’fhonn an beart sin a chur chun feidhme. Beidh na treoracha sin i gcomhréir leis an riachtanas gur cheart go mbeadh na Feisirí in ann a sainordú a fheidhmiú go héifeachtach agus i gcomhréir le riar rianúil Pharlaimint na hEorpa. Sula n-eiseofar aon treoracha den sórt sin, tabharfar éisteacht don Fheisire i gceist.

CAIBIDIL 4

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 72

Gearáin

1.   Feisire atá den tuairim nach ndearna an tseirbhís inniúil na bearta cur chun feidhme seo a chur i bhfeidhm mar is ceart ina leith, féadfaidh sé nó sí gearán i scríbhinn a dhíriú chuig an Ard-Rúnaí.

Déanfar na cúiseanna ar ar bunaíodh an cinneadh ón Ard-Rúnaí ar an ngearán a lua sa chinneadh.

2.   Féadfaidh Feisire nach n-aontaíonn leis an gcinneadh ón Ard-Rúnaí, laistigh de 12 mhí tar éis don chinneadh ón Ard Rúnaí a bheith fógartha, a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a tharchur chuig na Caestóirí, a dhéanfaidh cinneadh tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Ard-Rúnaí.

3.   Mura n-aontóidh páirtí sa nós imeachta gearáin leis an gcinneadh arna ghlacadh ag na Caestóirí, féadfaidh sé nó sí, laistigh de 12 mhí tar éis don chinneadh a bheith fógartha, a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a tharchur chuig an mBiúró, agus is é an Biúró a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach.

4.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le comharba dlíthiúil na bhFeisirí agus maidir leis na hiar-Fheisirí agus a gcomharbaí dlíthiúla.

Airteagal 72a

Doiciméid tacaíochta a ndéantar scanadh leictreonach orthu

1.   I gcás ina dtagraítear d’iarratais ar aisíocaíocht nó ar íocaíocht a thíolacadh sna bearta cur chun feidhme seo, féadfar na hiarratais sin a thíolacadh i bhfoirm leictreonach agus síniú digiteach a bheith ag gabháil léi.

2.   I gcás ina n-éileofar sna bearta cur chun feidhme seo go ndéanfar doiciméid tacaíochta a thíolacadh, féadfar na doiciméid sin a thíolacadh mar chóipeanna scannta, ar choinníoll go ndearbhóidh an Feisire ar a onóir nó ar a honóir gurb ionann na doiciméid atá á dtíolacadh agus na doiciméid bhunaidh.

3.   Chun go bhféadfar seiceálacha a dhéanamh ag féachaint an bhfuil cóipeanna scannta ag teacht leis na doiciméid bhunaidh, coimeádfaidh na Feisirí na doiciméid bhunaidh go dtí an 31 Nollaig den bhliain féilire inar tíolacadh an t-iarratas ar aisíocaíocht nó ar íocaíocht.

Déanfaidh na ranna ábhartha i bParlaimint na hEorpa córas spotseiceála a chur chun feidhme chun a áirithiú gurb ionann na cóipeanna scannta de na doiciméid tacaíochta agus na doiciméid bhunaidh.

Airteagal 73

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh na bearta cur chun feidhme seo i bhfeidhm an dáta céanna a thiocfaidh an Reacht i bhfeidhm.

Airteagal 74

Aisghairm

Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i dTeideal IV, scoirfidh rialacha PEAM de bheith bailí ar an dáta a thiocfaidh an Reacht i bhfeidhm.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 75

Pinsean marthanóra, pinsean easláine agus pinsean seanaoise

1.   Maidir leis an pinsean marthanóra, an pinsean easláine, an pinsean breise easláine arna dheonú le do leanaí cleithiúnacha agus an pinsean seanaoise arna íoc de bhun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a gabhann le Rialacha PEAM, leanfaidh siad de bheith á n-íoc de bhun na n-iarscríbhinní sin leis na daoine sin a raibh na sochair atá i gceist á bhfáil acu roimh dháta theacht i bhfeidhm an Reachta.

I gcás iar-Fheisire a fhaigheann bás tar éis an 14 Iúil 2009 agus a raibh an pinsean easláine á fháil aige nó aici ag an am sin, íocfar an pinsean marthanóra lena chéile nó lena céile, lena pháirtí seasta neamhphósta nó lena páirtí seasta neamhphósta, nó lena leanaí cleithiúnacha, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialacha PEAM.

2.   Déanfar na cearta pinsin seanaoise a fuarthas roimh dháta theacht i bhfeidhm an Reachta de bhun Iarscríbhinn III réamhráite a choimeád. Daoine a bhfuil cearta faighte acu faoin scéim pinsean sin, gheobhaidh siad pinsean a dhéanfar a ríomh bunaithe ar a gcearta faighte de bhun Iarscríbhinn III thuasluaite a luaithe a bheidh na coinníollacha a leagtar síos le dlí náisiúnta an Bhallstáit i dtrácht comhlíonta acu, agus a luaithe a bheidh an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 3(2) d’Iarscríbhinn III thuasluaite tíolactha acu.

Airteagal 76

Pinsean breise

1.   Maidir le pinsean breise a thiocfaidh chun bheith iníoctha, roimh an 1 Eanáir 2019, le hiar-Fheisirí nó le tairbhithe eile de bhun Airteagail 1, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, leanfar de bheith á íoc i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin de réir mar is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2018.

2.   Maidir le haon phinsean breise nach raibh iníoctha go fóill an 1 Eanáir 2019, déanfar é a chinneadh agus a íoc de bhun Airteagail 1 agus 2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM faoi réir na gcoinníollacha agus na maoluithe seo a leanas:

(a)

beidh an pinsean iníoctha ón gcéad lá den mhí féilire tar éis an dáta a shlánóidh an Feisire 65 bliana d’aois;

(b)

beidh an pinsean faoi réir tobhach speisialta arb ionann é agus 5 % de mhéid ainmniúil an phinsin. Beidh an tobhach iníoctha go díreach leis an gCiste Pinsin (Deonach) Breise.

2a.   Maidir leis an pinsean (deonach) breise do thairbhithe eile de bhun Airteagail 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM nach raibh iníoctha go fóill an 1 Eanáir 2019, beidh sé faoi réir tobhach speisialta arb ionann é agus 5 % de mhéid ainmniúil an phinsin. Beidh an tobhach iníoctha go díreach leis an gCiste Pinsin (Deonach) Breise.

3.   Maidir leis na Feisirí a toghadh in 2009:

(a)

a bhí ina bhFeisire le linn téarma parlaiminteach roimhe sin, agus

(b)

a bhfuil cearta sa chiste pinsin breise faighte acu nó a bhí i mbun cearta sa chiste pinsin breise a fháil, agus

(c)

a bhfuil maolú de bhun Airteagal 29 den Reacht glactha ag an mBallstát inar toghadh iad ina leith, nó a bhfuil, de bhun Airteagal 25 den Reacht, scéim náisiúnta roghnaithe acu, agus

(d)

nach bhfuil i dteideal pinsean náisiúnta nó pinsean Eorpach a dhíorthaíonn as a sainordú mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú

féadfaidh siad cearta nua a fháil tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Reachta de bhun Iarscríbhinn VII thuasluaite.

4.   Ní mór do na Feisirí a ranníocaíochtaí a íoc isteach sa chiste pinsin breise óna n-ioncam féin.

Airteagal 77

Liúntas idirthréimhseach

1.   An liúntas idirthréimhseach arna dheonú de bhun Iarscríbhinn V a gabhann le Rialacha PEAM, leanfaidh sé de bheith á íoc, de bhun na hiarscríbhinne sin, leis na daoine sin a raibh an liúntas á fháil acu roimh dháta theacht i bhfeidhm an Reachta.

2.   Maidir leis na Feisirí a scoireann go cinntitheach dá sainordú parlaiminteach a fheidhmiú ag deireadh an séú téarma parlaiminteach, íocfar an liúntas idirthréimhseach dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V réamhráite leo.

3.   Maidir leis na Feisirí sin a bhfuil an tuarastal dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Reacht á fháil acu agus a dtiocfaidh a dtéarma oifige chun críche tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Reachta, déanfar an tréimhse a raibh a sainordú á fheidhmiú acu roimh an dáta sin a chur san áireamh nuair a bhíonn méid an liúntais idirthréimhsigh arna dheonú de bhun Airteagal 13 den Reacht á ríomh.

4.   Féadfaidh na Feisirí dá dtagraítear i mír 3, áfach, a iarraidh go ndéanfar an méad pro rata den liúntas idirthréimhseach a ríomh, i leith na coda den téarma oifige a thagann roimh dháta theacht i bhfeidhm an Reachta, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialacha PEAM. Déanfar an méid a chuirfear san áireamh nuair a bhíonn an méid pro rata á ríomh a asbhaint den uastréimhse a leagtar síos in Airteagal 13(2) den Reacht.

Airteagal 78

Socruithe idirthréimhseacha a bhfuil feidhm acu maidir le conarthaí cúntóirí áitiúla agus gníomhairí íocaíochta

1.   Maidir le forálacha Airteagal 34 agus Airteagal 35, arna leasú le cinneadh ón mBiúró an 26 Deireadh Fómhair 2015 i ndáil le líon na gcúntóirí agus le luach saothair na gcúntóirí agus na ngníomhairí íocaíochta, ní dhéanfaidh siad difear do chonarthaí atá fós bailí, ar choinníoll go raibh iarratais ar íocaíocht na speansas a eascraíonn ó na forálacha sin tíolactha chuig an roinn ábhartha roimh an 27 Deireadh Fómhair 2015.

2.   Ní fhéadfar conarthaí den sórt dá dtagraítear i mír 1 a athnuachan nó a mhodhnú ach i gcomhréir le forálacha Theideal I, Caibidil 5.

Airteagal 79

Árachas saoil

I gcás scor de dhualgais, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a bhaineann le leanúint le polasaithe árachais saoil, le polasaithe árachais saoil a chomhshó nó le luach géilliúna airgid polasaí árachais saoil a íoc mar a leagtar síos in Airteagal 19(2) de Rialacha PEAM faoi théarmaí an pholasaí árachais, maidir le gach Feisire reatha go dtí deireadh an séú téarma parlaiminteach, ar choinníoll go bhfuil préimheanna íoctha acu ar feadh thréimhse 2 bhliain ar a laghad.

Airteagal 80

Cúnamh do leanaí faoi mhíchumas trom

Leanfaidh na sochair a íoctar de bhun Airteagal 21b de Rialacha PEAM de bheith á n-íoc de bhun an Airteagail sin leis na Feisirí sin a raibh siad á bhfáil acu agus a atogadh in 2009.

Airteagal 81

Na Feisirí a chumhdaítear le hAirteagal 25 nó le hAirteagail 29 den Reacht

1.   Na Feisirí a atogadh in 2009 agus a bhfuil an ceart a thugtar dóibh le hAirteagail 25 den Reacht feidhmithe acu, ní dhéanfar an tuarastal, an liúntas idirthréimhseach, an pinsean seanaoise, an pinsean easláine ná an pinsean marthanóra a íoc leo i leith na tréimhse tar éis theacht i bhfeidhm an Reachta ach i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos lena ndlíthe náisiúnta, agus déanfar an costas a chur chun dochair do bhuiséad an Bhallstáit agus é sin amháin.

Sa bhreis air sin, féadfaidh na Feisirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa an liúntas idirthréimhseach a íoc don chuid dá dtéarma a thagann roimh theacht i bhfeidhm an Reachta; i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialacha PEAM.

2.   Beidh feidhm ag an socrú sin chomh maith maidir leis na Feisirí a bhfuil maolú de bhun Airteagal 29 den Reacht glactha ag an mBallstát inar toghadh iad ina leith.

3.   De mhaolú ar Airteagal 7(2), i gcás na bhFeisirí a bhfuil maolú de bhun Airteagal 29 den Reacht glactha ag an Ballstát inar toghadh iad ina leith nó a bhfuil, de bhun Airteagal 25 den Reacht, scéim náisiúnta roghnaithe acu féin, déanfar an tríú cuid den phréimh aráchais atá iníoctha ag na Feisirí a íoc go díreach agus ar bhonn aonair ó chuntas pearsanta.

4.   De mhaolú ar Airteagal 3(1), na hiar-Fheisirí a bhfuil pinsean náisiúnta á fháil acu, de bhun Airteagal 25 nó Airteagal 29 den Reacht, beidh siad i dteideal aisíocaíocht a fháil i leith dhá thriain dá speansais leighis, dá speansais a bhaineann le toircheas nó dá speansais a bhaineann le breith linbh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna bearta cur chun feidhme seo mura bhfuil clúdach príomhúil in aghaidh baol breoiteachta acu.

5.   Na hiar-Fheisirí a bhfuil pinsean náisiúnta á fháil acu, de bhun Airteagal 25 nó Airteagal 29 den Reacht, agus a bhfuil breoiteacht throm aitheanta orthu, beidh siad i dteideal aisíocaíocht a fháil i leith a speansas leighis a bhaineann le leanúint le cóir leighis leanúnach, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna bearta cur chun feidhme seo, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil an bhreoiteacht throm air nó uirthi de bharr teagmhas a tharla le linn an tsainordaithe agus nach raibh Feisire in ann an chuid dheireanach den sainordú sin a fheidhmiú dá bharr sin;

(b)

go raibh an bhreoiteacht aitheanta mar bhreoiteacht throm ag Parlaimint na hEorpa le linn shainordú an Fheisire; agus,

(c)

gur cuireadh tús le cóir leighis in aghaidh na breoiteachta le linn shainordú an Fheisire.

Más rud é go bhfuil clúdach príomhúil ag an iar-Fheisire, beidh feidhm ag an teidlíocht sin ar bhonn comhlántach, i.e. ní beidh feidhm ag an teidlíocht ach amháin maidir leis na costais sin nach bhfuil á gclúdach ag an gclúdach príomhúil.

Airteagal 82

Réim idirthréimhseach chun aisíocaíocht speansas leighis a tharscaoileadh

Maidir leis na Feisirí a dhéanfaidh, faoi Airteagal 3(4), a gceart ar aisíocaíocht a fháil i leith speansais leighis a tharscaoileadh faoin 15 Márta 2011, déanfar aisíocaíocht leo faoi na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin, le héifeacht shiarghabhálach ón 14 Iúil 2009 nó ag tosú ón gcéad mhí tar éis dháta na chéad aisíocaíochta speansas leighis a rinneadh faoi Airteagal 3(1).


(1)  Arna leasú ag cinntí ón mBiúró an 11 Samhain 2009, an 23 Samhain 2009, an 14 Nollaig 2009, an 19 Aibreán 2010, an 5 Iúil 2010, an 13 Nollaig 2010, an 14 Feabhra 2011, an 23 Márta 2011, an 14 Samhain 2011, an 12 Nollaig 2012, an 1 Iúil 2013, an 16 Meitheamh 2014, an 15 Meán Fómhair 2014, an 15 Nollaig 2014, an 26 Deireadh Fómhair 2015, an 14 Nollaig 2015, an 12 Nollaig 2016, an 13 Nollaig 2017, an 11 Meitheamh 2018, an 2 Iúil 2018, an 10 Nollaig 2018, an 1 Iúil 2019, an 16 Nollaig 2019, an 16 Nollaig 2020, an 13 Nollaig 2021 agus an 6 Meitheamh 2022.

(2)  Cinneadh 2005/684/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 ag glacadh Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO L 262, 7.10.2005, lch. 1).

(3)  Baineann na tagairtí do na Rialacha Nós Imeachta leis an leagan atá i bhfeidhm le linn an seachtú téarma parlaiminteach.

(4)  Doc. PE 113.116/BUR./rev. XXVI/04-2009.

(5)  Rinne Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach taifead ar chomhaontú comhchoiteann an 24 Samhain 2005, maidir le comhrialacha árachais breoiteachta d’oifigigh na gComhphobal Eorpach, arna nglacadh le gach institiúid.

(6)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 15 Meán Fómhair 1981 i gCás 208/80 Bruce of Donington v Aspden [1981] ECR 2205.

(7)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2008 ina bhfuil barúlacha atá ina ndlúthchuid dá cinneadh maidir le tarscaoileadh i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2006, Roinn I — Parlaimint na hEorpa (IO L 88, 31.3.2009, lch. 3).

(8)  IO L 278, 8.10.1976, lch. 5.

(9)  Comhrialacha árachais breoiteachta d’oifigigh na gComhphobal Eorpach, arna nglacadh ag gach institiúid, a raibh taifead déanta ag Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach an 24 Samhain 2005 ar chomhaontú comhchoiteann ina dtaobh, dá dtagraítear in Airteagal 72 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(10)  Cinneadh ón gCoimisiún an 2 Iúil 2007 lena leagtar síos na forálacha cur chun feidhme ginearálta maidir le haisíocaíocht speansas leighis.

(11)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(12)  Rinne Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach taifead ar chomhaontú comhchoiteann ar an 13 Nollaig 2005, maidir le comhrialacha árachais d’oifigigh na gComhphobal Eorpach in aghaidh riosca tionóisce agus galair cheirde, arna nglacadh ag gach institiúid.

(13)  Féach ítim 15 de na Miontuairiscí de Chruinniú an Bhiúró an 4 Bealtaine 2009 agus fógra ó na Caestóirí 23/09.

(14)  Féach an liosta speansas a fhéadfar a íoc ón Liúntas do Chaiteachas Ginearálta (GEA) arna ghlacadh ag an mBiúró an 2 Iúil 2018.

(15)  Féach an liosta speansas a fhéadfar a íoc chun críche cúnaimh pharlaimintigh, arna ghlacadh ag an mBiúró an 5 Iúil 2010 agus 26 Deireadh Fómhair 2015

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298 26.10.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(18)  IO L 319, 5.12.2007, lch. 1.

(19)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.

(20)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 8.