31.12.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

82


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1339/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2008

lena mbunaítear an Foras Eorpach Oiliúna

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 150 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D'iarr an Chomhairle Eorpach ag an gcruinniú a bhí aici in Strasbourg an 8 agus an 9 Nollaig 1989 ar an gComhairle na cinntí is gá a ghlacadh ag tús na bliana 1990, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, maidir le Foras Eorpach Oiliúna a bhunú le haghaidh Lár agus Oirthear na hEorpa. Chun na críche sin, ghlac an Chomhairle an 7 Bealtaine 1990 Rialachán (CEE) Uimh. 1360/90.

(2)

Rinneadh leasuithe substainteacha arís agus arís eile ar Rialachán (CEE) Uimh. 1360/90 ón gComhairle an 7 Bealtaine 1990 lena mbunaítear Foras Eorpach Oiliúna (3). Ós rud é go bhfuil leasuithe breise le déanamh, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(3)

An 18 Nollaig 1989 ghlac an Chomhairle Rialachán (CEE) Uimh. 3906/89 maidir le cabhair eacnamaíoch do Phoblacht na hUngáire agus do Dhaonphoblacht na Polainne (4) lenar foráladh do chabhair i réimsí lena n-áirítear an oiliúint chun tacaíocht a thabhairt don phróiseas athchóirithe eacnamaíoch agus shóisialta san Ungáir agus sa Pholainn.

(4)

Rinne an Chomhairle cabhair den sórt sin a leathnú ina dhiaidh sin do thíortha eile i Lár agus in Oirthear na hEorpa faoi ghníomhartha dlíthiúla ábhartha.

(5)

An 27 Iúil 1994 ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2063/94 (5) lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1360/90 d'fhonn na Stáit a fhaigheann cúnamh faoi Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 2053/93 an 19 Iúil 1993 maidir leis an gcúnamh teicniúil d'athchóiriú eacnamaíoch agus do théarnamh eacnamaíoch a sholáthar i Stáit neamhspleácha an Iar-Aontais Shóivéadaigh agus sa Mhongóil (6) (an Clár TACIS) a áireamh i ngníomhaíochtaí an Fhorais Eorpaigh Oiliúna.

(6)

An 17 Iúil 1998 ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1572/98 (7) lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1360/90 d'fhonn na tíortha agus na críocha Meánmhara nach Ballstáit iad agus atá ina dtairbhithe de na bearta airgeadais agus na bearta teicniúla a bheidh ag gabháil leis an athchóiriú ar a geilleagair agus ar a struchtúir shóisialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1488/96 an 23 Iúil 1996 maidir le bearta airgeadais agus bearta teicniúla chun gabháil le hathchóiriú (MEDA) struchtúr eacnamaíoch agus sóisialta i réim na comhpháirtíochta Eora-Mheánmhara (8) a áireamh i ngníomhaíochtaí an Fhorais Eorpaigh Oiliúna.

(7)

An 5 Nollaig 2000 ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2666/2000 maidir le cúnamh don Albáin, do Bhoisnia agus don Heirseagaivéin, don Chróit, do Phoblacht Chónaidhme na hIúgslaive agus d'Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine (9) agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1360/90 d'fhonn na Stáit Bhalcánacha Thiar a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 2666/2000 a áireamh i ngníomhaíochtaí an Fhorais Eorpaigh Oiliúna.

(8)

Tá ionstraimí nua maidir le beartas caidrimh sheachtraigh le cur in ionad na gclár cúnaimh sheachtraigh a bhaineann le tíortha a chumhdaítear le gníomhaíochtaí an Fhorais Eorpaigh Oiliúna, go príomha, an ionstraim a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 an 17 Iúil 2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) (10) agus an ionstraim a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht (11).

(9)

Trí thacaíocht a thabhairt d'fhorbairt caipitil dhaonna i gcomhthéacs a bheartais chaidrimh sheachtraigh, rannchuidíonn an tAE le forbairt eacnamaíoch sna tíortha sin trí na scileanna is gá a sholáthar chun táirgiúlacht agus fostaíocht a chothú agus tacaíonn sé le comhtháthú sóisialta trí rannpháirtíocht shibhialta a chur chun cinn.

(10)

I gcomhthéacs iarrachtaí na tíortha sin a struchtúir eacnamaíocha agus a struchtúir shóisialta a athchóiriú, tá forbairt caipitil dhaonna riachtanach chun cobhsaíocht fhadtéarmach agus saibhreas fadtéarmach a bhaint amach agus go háirithe chun cothromas socheacnamaíoch a bhaint amach.

(11)

D'fhéadfadh an Foras Eorpach Oiliúna rannchuidiú tábhachtach a dhéanamh, i gcomhthéacs bheartais an AE um chaidreamh sheachtrach, le forbairt caipitil dhaonna a fheabhsú, go háirithe maidir le hoideachas agus le hoiliúint ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil.

(12)

Chun rannchuidiú a dhéanamh, beidh ar an bhForas Eorpach Oiliúna leas a bhaint as an taithí a fuair sé laistigh den AE maidir le hoideachas agus le hoiliúint ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil agus leas a bhaint as taithí na n-institiúidí sin dá chuid a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht sin.

(13)

Tá saoráidí réigiúnacha agus/nó náisiúnta agus saoráidí poiblí agus/nó príobháideacha ann sa Chomhphobal agus i dtríú tíortha, lena n-áirítear na tíortha a chumhdaítear le gníomhaíochtaí an Fhorais Eorpaigh Oiliúna, ar féidir iarraidh orthu comhoibriú maidir le soláthar éifeachtach cabhrach i réimse na forbartha caipitil dhaonna, go háirithe maidir le hoideachas agus le hoiliúint ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil.

(14)

Ba cheart do stádas agus do struchtúr an Fhorais Eorpaigh Oiliúna cuidiú le freagairt sholúbtha a thabhairt ar riachtanais shonracha éagsúla na dtíortha aonair a dtabharfar cúnamh dóibh, agus a chur ar chumas an Fhorais a fheidhmeanna a chur i gcrích i ndlúthchomhar leis na comhlachtaí náisiúnta agus na comhlachtaí idirnáisiúnta atá ann.

(15)

Ba cheart go dtabharfaí pearsantacht dhlítheanach don Fhoras Eorpach Oiliúna, agus dlúthchaidreamh corparáideach á chothabháil aige leis an gCoimisiún agus freagrachtaí foriomlána polaitiúla agus oibríochtúla an Chomhphobail agus a insititiúidí á n-urramú aige.

(16)

Ba cheart go mbeadh dlúthnaisc ag an bhForas Eorpach Oiliúna leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), leis an Scéim Thraseorpach um Shoghluaisteacht i Staidéar Ollscoile (Tempus) agus le haon scéimeanna eile arna dtionscnamh ag an gComhairle chun cabhair a sholáthar i réimse na hoiliúna do na tíortha sin a chumhdaítear lena chuid gníomhaíochtaí.

(17)

Ba cheart go mbeadh an Foras Eorpach Oiliúna oscailte do rannpháirtíocht tíortha nach Ballstáit den Chomhphobal iad agus atá tiomanta mar atá an Comhphobal agus na Ballstáit cabhair a sholáthar do thíortha a chumhdaítear le gníomhaíochtaí an Fhorais Eorpaigh Oiliúna i réimse na forbartha caipitil dhaonna, go háirithe maidir le hoideachas agus le hoiliúint ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil, páirt a ghlacadh faoi shocruithe a leagfar síos i gcomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tíortha sin.

(18)

Ba cheart go ndéanfaí ionadaíocht ar na Ballstáit go léir, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gCoimisiún ar Bhord Rialaithe chun rialú éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmeanna an Fhorais.

(19)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán an Fhorais a ráthú, ba cheart buiséad uathrialach a thabhairt dó a dtiocfaidh a ioncam go príomha as ranníocaíocht an Chomhphobail. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséid an Chomhphobail a mhéid a bhaineann sé le ranníocaíocht an Chomhphobail agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirir ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Is í an Chúirt Iniúchóirí ar cheart di bheith freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais.

(20)

Is comhlacht é an Foras a bhunaigh na Comhphobail de réir bhrí Airteagal 185(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (12) (dá ngairfear ‘an Rialachán Airgeadais’ anseo feasta) agus ba cheart dó rialacha airgeadais an Rialacháin sin a ghlacadh dá réir.

(21)

Ba cheart go mbeadh feidhm maidir leis an bhForas ag Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an Rialachán Réime Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (13) (dá ngairfear ‘an Rialachán Réime Airgeadais’ anseo feasta).

(22)

D'fhonn calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, ba cheart go mbeadh feidhm gan srian maidir leis an bhForas ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (14).

(23)

Ba cheart go mbeadh feidhm maidir leis an bhForas ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (15).

(24)

Ba cheart go mbeadh feidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an bhForas ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (16).

(25)

De bhun cinnidh arna ghlacadh an 29 Deireadh Fómhair 1993 de thoil a chéile ag ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh ar leibhéal na gCeannairí Stát agus Rialtais, maidir le suímh comhlachtaí áirithe agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach agus suíomh Europol a shocrú (17), is in Torino, san Iodáil, a bheidh suíomh an Fhorais.

(26)

Ó tharla é nach féidir cuspóir an Rialachán seo, eadhon cúnamh a thabhairt do thríú tíortha i réimse fhorbairt an chaipitil dhaonna, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar mar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(27)

Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha a aithnítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 43 de,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aidhm agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis seo an Foras Eorpach Oiliúna (dá ngairfear ‘an Foras’ anseo feasta). Beidh sí mar aidhm ag an bhForas rannchuidiú, i gcomhthéacs bheartais AE um chaidreamh sheachtrach, le forbairt caipitil dhaonna a fheabhsú, sna tíortha seo a leanas:

(a)

na tíortha atá cáilithe chun tacaíocht a fháil faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 agus faoi ghníomhartha dlíthiúla gaolmhara iardain;

(b)

na tíortha atá cáilithe chun tacaíocht a fháil faoi Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 agus faoi ghníomhartha dlíthiúla gaolmhara iardain;

(c)

tíortha eile a ainmneofar le cinneadh ón mBord Rialaithe ar bhonn togra a bheidh á thacú ag dhá thrian dá chomhaltaí agus ar bhonn thuairim an Choimisiúin agus a chumhdófar le hionstraim Chomhphobail nó le comhaontú idirnáisiúnta lena n-áirítear comhpháirt forbartha caipitil dhaonna, agus a mhéid is féidir leis na hacmhainní a bheidh ar fáil.

Na ‘tíortha comhpháirtíochta’ a ghairfear de na tíortha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c).

2.   Chun críche an Rialacháin seo, sainmhínítear ‘forbairt caipitil dhaonna’ mar obair a chuireann le forbairt ar feadh an tsaoil ar scileanna agus ar inniúlachtaí gach duine aonair trí fheabhas a chur ar na córais ghairmoideachais agus oiliúna.

3.   D'fhonn a chuspóir a chur i gcrích, féadfaidh an Foras cúnamh a thabhairt do na tíortha comhpháirtíochta:

(a)

chun oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha a éascú, go háirithe tríd an ngairmoiliúint agus tríd an athoiliúint ghairmiúil,

(b)

chun feabhas a chur ar an ngairmoiliúint tosaigh agus ar an ngairmoiliúint leanúnach le go n-éascófar an t-imeascadh gairmiúil agus an t-athimeascadh i margadh an tsaothair,

(c)

chun an rochtain ar an ngairmoiliúint a éascú agus chun soghluaiseacht na dteagascóirí, na n-oiliúnaithe agus, go háirithe, na ndaoine óga, a spreagadh,

(d)

chun comhar maidir le hoiliúint a spreagadh idir forais oideachais agus gnólachtaí,

(e)

chun malartuithe faisnéise agus malartuithe taithí a fhorbairt maidir le saincheisteanna is coiteann do chórais oiliúna na mBallstát,

(f)

chun cur le hinoiriúnaitheacht na n-oibrithe, go háirithe trína rannpháirtíocht a mhéadú in oideachas agus in oiliúint ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil;

(g)

chun athchóirithe a dhearadh, a thabhairt isteach agus a chur chun feidhme sna córais oideachais agus oiliúna, d'fhonn an infhostaitheacht agus an ábharthacht don mhargadh saothair a fhorbairt.

Airteagal 2

Feidhmeanna

Chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1(1), a bhaint amach, beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an bhForas, faoi theorainn na gcumhachtaí a thugtar don Bhord Rialaithe agus faoi réir na dtreoirlínte ginearálta arna mbunú ar leibhéal an Chomhphobail:

(a)

faisnéis, anailís bheartais agus comhairle a sholáthar maidir le saincheisteanna a bhaineann le forbairt caipitil dhaonna sna tíortha comhpháirtíochta;

(b)

eolas agus anailís a chur ar aghaidh ar na riachtanais scileanna sna margaí saothair náisiúnta agus áitiúla;

(c)

tacaíocht a thabhairt do na geallsealbhóirí ábhartha sna tíortha comhpháirtíochta chun cur lena gcumas i bhforbairt caipitil dhaonna;

(d)

malartú faisnéise agus taithí a éascú idir bhronntóirí a bhfuil baint acu le hathchóiriú na forbartha caipitil dhaonna sna tíortha comhpháirtíochta;

(e)

tacaíocht a thabhairt chun cúnamh Comhphobail a sholáthar do thíortha comhpháirtíochta i réimse na forbartha caipitil dhaonna;

(f)

faisnéis a scaipeadh agus líonrú agus malartú taithí agus dea-chleachtais maidir le saincheisteanna i bhforbairt an chaipitil dhaonna a chothú idir an tAE agus na tíortha comhpháirtíochta agus i measc na dtíortha comhpháirtíochta féin;

(g)

rannchuidiú, ar iarraidh ón gCoimisiún, leis an anailís a dhéantar ar éifeachtacht fhoriomlán an chúnaimh oiliúna a thugtar do na tíortha comhpháirtíochta;

(h)

cibé cúraimí eile a ghlacadh a bhféadfaidh an Bord Rialaithe agus an Coimisiún comhaontú orthu, faoi chuimsiú ginearálta an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Forálacha ginearálta

1.   Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an bhForas agus beidh aige i ngach ceann de na Ballstáit an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoina dhlíthe. Féadfaidh an Foras, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla. Beidh an Foras neamhbhrabúsach.

2.   Is in Torino, san Iodáil, a bheidh suíomh an Fhorais.

3.   Comhoibreoidh an Foras le comhlachtaí abhartha eile an Chomhphobail, le tacaíocht ón gCoimisiún. Comhoibreoidh an Foras, go háirithe, leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) faoi chuimsiú cláir oibre chomhpháirtigh bhliantúil a chuirfear i gceangal le clár oibre bliantúil gach gníomhaireachta d'fhonn an tsineirgíocht agus an chomhlántacht a chur chun cinn idir ghníomhaíochtaí an dá ghníomhaireacht.

4.   Féadfar cuireadh a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, d'ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal Eorpach atá gníomhach cheana in obair na n-institiúdí Comhphobail, agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse na hoiliúna, a bheith rannpháirteach in obair an Fhorais.

5.   Beidh an Foras faoi réir rialú riaracháin an Ombudsman Eorpaigh, de bhun na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 195 den Chonradh.

6.   Féadfaidh an Foras comhaontuithe comhair a bhunú le comhlachtaí ábhartha eile atá gníomhach i réimse na forbartha caipitil dhaonna san AE agus go hidirnáisiúnta. Glacfaidh an Bord Rialaithe comhaontuithe den sórt sin ar bhonn dréachta a thíolacfaidh an Stiúrthóir tar éis don Choimisiún a thuairim a thabhairt uaidh. Ní foláir do na socruithe oibre a bheidh ann dlí an Chomhphobail a chomhlíonadh.

Airteagal 4

Trédhearcacht

1.   Gníomhóidh an Foras le hardleibhéal trédhearcachta agus comhlíonfaidh sé, go háirithe, mír 2 go mír 4.

2.   Laistigh de shé mhí tar éis dó a Bhord Rialaithe a bhunú, poibleoidh an Foras:

(a)

Rialacha nós imeachta an Fhorais agus rialacha nós imeachta an Bhoird Rialaithe;

(b)

Tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Fhorais.

3.   I gcásanna iomchuí, féadfaidh an Bord Rialaithe údarás a thabhairt d'ionadaithe na bpáirtithe leasmhara freastal ar chruinnithe chomhlachtaí an Fhorais ina gcáil mar bhreathnadóirí.

4.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid a bheidh ina sheilbh ag an bhForas.

Glacfaidh an Bord Rialaithe socruithe praiticiúla chun an Rialachán sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 5

Rúndacht

1.   Gan dochar d'Airteagal 4(4), ní nochtfaidh an Foras do thríú páirtithe faisnéis rúnda a fuair sé agus ar iarradh go ndéileálfaí léi go rúnda agus a mbeidh cúis mhaith ann le déileáil léi amhlaidh.

2.   Beidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe agus an Stiúrthóir faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 287 den Chonradh.

3.   Beidh an fhaisnéis a bhaileoidh an Foras i gcomhréir le gníomh a bhunaithe faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 6

Leigheasanna

Féadfaidh cinntí a ghlacfaidh an Foras de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 195 agus in Airteagal 230 den Chonradh faoi seach.

Airteagal 7

An Bord Rialaithe

1.   Beidh ag an bhForas Bord Rialaithe ar a mbeidh ionadaí amháin ó gach Ballstát, triúr ionadaithe ón gCoimisiún, mar aon le triúr saineolaithe gan chead vótála a ainmneoidh Parlaimint na hEorpa.

Chomh maith leis sin, féadfaidh triúr ionadaithe ó na tíortha comhpháirtíochta freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialaithe mar bhreathnadóirí.

Féadfar malartaigh a cheapfar go comhuaineach a chur in ionad na n-ionadaithe.

2.   Ceapfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún a n-ionadaithe féin agus a malartaigh féin ar an mBord Rialaithe.

Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na hionadaithe ó na tíortha comhpháirtíochta a cheapadh ar bhonn liosta iarrthóirí a mholfaidh na tíortha sin agus ar bhonn na taithí agus an tsaineolais a bheidh acu i réimsí oibre an Fhorais.

Déanfaidh na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún gach iarracht chun ionadaíocht chothrom a bhaint amach idir fir agus mná ar an mBord Rialaithe.

3.   Is cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige na n-ionadaithe. Féadfar an téarma oifige a athnuachan uair amháin.

4.   Is duine d'ionadaithe an Choimisiúin a bheidh ina Chathaoirleach ar an mBord Rialaithe. Rachaidh téarma oifige an Chathaoirligh in éag nuair a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord Rialaithe.

5.   Glacfaidh an Bord Rialaithe a rialacha nós imeachta.

Airteagal 8

Rialacha vótála agus cúraimí an Chathaoirligh

1.   Beidh vóta amháin ag gach ionadaí ar na Ballstáit a bheidh ar an mBord Rialaithe. Beidh vóta amháin arna chomhroinnt ag ionadaithe an Choimisiúin.

I gcás chinntí an Bhoird Rialaithe, beidh gá le tromlach dhá thrian de na comhaltaí sin dá chuid a bhfuil sé de cheart acu vótáil, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

2.   Cinnfidh an Bord Rialaithe, trí chinneadh d'aon toil de na comhaltaí sin dá chuid a bhfuil ceart vótála acu, na rialacha lena rialaítear teangacha an Fhorais, agus cuirfear san áireamh gur gá a áirithiú go mbeidh rochtain ag na páirtithe leasmhara go léir ar obair an Fhorais agus go mbeidh siad rannpháirteach san obair sin.

3.   Comórfaidh an Cathaoirleach cruinniú den Bhord Rialaithe uair amháin sa bhliain ar a laghad. Féadfar cruinnithe breise a chomóradh ar iarratas ó thromlach simplí de na comhaltaí sin den Bhord Rialaithe a bhfuil ceart vótála acu.

Beidh an Cathaoirleach freagrach as an mBord Rialaithe a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí eile Comhphobail a mbeidh baint acu lena chuid oibre agus faoi ionchais an Choimisiúin maidir le gníomhaíochtaí an Fhorais sa bhliain a bheidh le teacht.

Airteagal 9

Cumhachtaí an Bhoird Rialaithe

Beidh na feidhmeanna agus na cumhachtaí seo a leanas ag an mBord Rialaithe:

(a)

an Stiúrthóir a cheapadh agus, i gcás inarb iomchuí, a bhriseadh i gcomhréir le hAirteagal 10(5);

(b)

údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir;

(c)

clár oibre bliantúil an Fhorais a ghlacadh ar bhonn dréachta a thíolacfaidh an Stiúrthóir tar éis don Choimisiún a thuairim a thabhairt uaidh, i gcomhréir le hAirteagal 12;

(d)

meastachán bliantúil ar ioncam agus ar chaiteachas a tharraingt suas don Fhoras agus an meastachán sin a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún;

(e)

dréachtphlean bunaíochta agus buiséad críochnaitheach an Fhorais a ghlacadh nuair a bheidh an nós imeachta buiséid bhliantúil críochnaithe, i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f)

tuarascáil bhliantúil an Fhorais ar a ghníomhaíochtaí a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 13 agus í a chur chuig institiúidí an Chomhphobail agus na Ballstáit;

(g)

glacfaidh sé rialacha nós imeachta an Fhorais ar bhonn dréachta a thíolacfaidh an Stiúrthóir tar éis don Choimisiún a thuairim a thabhairt uaidh;

(h)

na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an bhForas a ghlacadh ar bhonn dréachta arna thíolacadh ag an Stiúrthóir tar éis don Choimisiún a thuairim a thabhairt uaidh, i gcomhréir le hAirteagal 19;

(i)

na nósanna imeachta a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 10

An Stiúrthóir

1.   Is é an Bord Rialaithe a cheapfaidh Stiúrthóir an Fhorais do thréimhse cúig bliana ó liosta de thriúr iarrthóirí ar a laghad a thíolacfaidh an Coimisiún. Sula gceapfar é, iarrfar ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Rialaithe ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste nó na gcoistí sin a fhreagairt.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, i gcaitheamh 9 mí dheireanacha na tréimshe cúig bliana sin agus ar bhonn réamh-mheastóireachta a dhéanfaidh saineolaithe seachtracha, ina ndéanfar na nithe seo a leanas go háirithe a mheas:

feidhmíocht an Stiúrthóra,

dualgais agus riachtanais an Fhorais sna blianta a bheidh le teacht.

Féadfaidh an Bord Rialaithe, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an tuarascáil ar an meastóireacht á cur san áireamh aige agus sna cásanna sin amháin a bhfuil bonn cirt leis de réir dhualgais agus cheanglais an Fhorais, téarma oifige an Stiúrthóra a shíneadh uair amháin ar feadh trí bliana ar a mhéid.

Cuirfidh an Bord Rialaithe in iúl do Pharlaimint na hEorpa go bhfuil sé ar intinn aige téarma oifige an Stiúrthóra a shíneadh. An mhí sula sínfear a théarma nó a téarma oifige, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste nó na gcoistí sin a fhreagairt.

I gcás nach síneofar an téarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go gceapfar a chomharba nó a comharba.

2.   Ceapfar an Stiúrthóir ar bhonn fiúntais, scileanna riaracháin agus bainistíochta agus ar bhonn saineolais agus taithí i réimse oibre an Fhorais.

3.   Is é an Stiúrthóir a bheidh mar ionadaí dlíthiúil ar an bhForas.

4.   Beidh na feidhmeanna agus na cumhachtaí seo a leanas ag an Stiúrthóir:

(a)

an dréachtchlár oibre bliantúil, dréachtmheastachán ar chaiteachas agus ar ioncam an Fhorais, a dhréachtrialacha nós imeachta agus dréachtrialacha nós imeachta an Bhoird Rialaithe, dréachtrialacha airgeadais an Fhorais agus obair an Bhoird Rialaithe, mar aon le haon mheithleacha ad hoc a thionólfaidh an Bord Rialaithe, a ullmhú ar bhonn na dtreoirlínte ginearálta arna mbunú ag an gCoimisiún;

(b)

bheith rannpháirteach, gan cheart vótála, i gcruinnithe an Bhoird Rialaithe;

(c)

cinntí an Bhoird Rialaithe a chur chun feidhme;

(d)

clár oibre bliantúil an Fhorais a chur chun feidhme agus freagairt a thabhairt ar iarrataí ar chúnamh ón gCoimisiún;

(e)

dualgais an oifigigh údaráis a fheidhmiú, i gcomhréir le hAirteagal 33 go hAirteagal 42 den Rialachán Réime Airgeadais;

(f)

buiséad an Fhorais a chur chun feidhme;

(g)

córas éifeachtach monatóireachta a chur ar bun chun go bhféadfar na measúnuithe rialta dá dtagraítear in Airteagal 24 a dhéanamh agus, ar an mbonn sin, dréacht-tuarascáil bhliantúil a ullmhú ar ghníomhaíochtaí an Fhorais;

(h)

an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa;

(i)

gach ábhar a bhaineann le cúrsaí foirne a bhainistiú, agus go háirithe na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 21 a fheidhmiú;

(j)

struchtúr eagrúcháin an Fhorais a shainiú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena fhormheas;

(k)

ionadaíocht ar an bhForas a dhéanamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le forálacha Airteagal 18.

5.   Beidh an Stiúrthóir freagrach don Bhord Rialaithe as a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí, agus féadfaidh an Bord an Stiúrthóir a chur as oifig roimh dheireadh a théarma nó a téarma oifige ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 11

Leas an phobail agus neamhspleáchas

Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe agus an Stiúrthóir ar mhaithe le leas an phobail agus go neamhspleách ar aon tionchar seachtrach. Chuige sin, tabharfaidh siad dearbhú tiomantais i scríbhinn agus dearbhú leasanna i scríbhinn gach bliain.

Airteagal 12

An clár oibre bliantúil

1.   Cloífidh an clár oibre bliantúil le haidhm, le raon feidhme agus le feidhmeanna an Fhorais a shainmhínítear in Airteagal 1 agus in Airteagal 2.

2.   Déanfar é a dhréachtú faoi chuimsiú chláir oibre ilbhliantúil ceithre bliana i gcomhar le seirbhísí an Choimisiúin agus ag féachaint do na tosaíochtaí caidrimh sheachtraigh leis na tíortha agus leis na réigiúin lena mbaineann agus ar bhonn na taithí a fuarthas san oideachas agus san oiliúint laistigh den Chomhphobal.

3.   Cuirfear meastachán ar an gcaiteachas is gá agus leithdháileadh na n-acmhainní foirne agus buiséid ag gabháil leis na tionscadail agus leis na gníomhaíochtaí a bheidh sa chlár oibre bliantúil.

4.   Cuirfidh an Stiúrthóir an dréachtchlár oibre bliantúil faoi bhráid an Bhoird Rialaithe tar éis don Choimisiún a thuairim a thabhairt uaidh ina leith.

5.   Glacfaidh an Bord Rialaithe an dréachtchlár oibre bliantúil faoin 30 Samhain den bhliain roimhe sin ar a dhéanaí. Glacfar an clár oibre bliantúil go críochnaitheach ag tús na bliana airgeadais atá i dtrácht.

6.   Féadfar an clár oibre bliantúil a oiriúnú, i gcás inar gá, i gcaitheamh na bliana tríd an nós imeachta céanna a úsáid chun beartais Chomhphobail níos éifeachtaí a áirithiú.

Airteagal 13

Tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir tuarascáil chuig an mBord Rialaithe ar fheidhmíocht a chuid nó a cuid dualgas i bhfoirm tuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí.

2.   Beidh sa tuarascáil faisnéis airgeadais agus bhainistíochta lena dtabharfar torthaí na n-oibríochtaí le fios trí thagairt a dhéanamh don chlár oibre bliantúil agus do na cuspóirí a socraíodh, do na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin, don úsáid a bhaintear as na hacmhainní a soláthraíodh agus don tslí inar fheidhmigh an córas inmheánach rialaithe.

3.   Dréachtóidh an Bord Rialaithe anailís agus measúnú ar an an dréacht-tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ar an mbliain airgeadais roimhe sin.

4.   Glacfaidh an Bord Rialaithe an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus cuirfidh sé an tuarascáil sin maraon leis an anailís agus leis an measúnú ar aghaidh chuig comhlachtaí inniúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin, an Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus na Cúirte Iniúchóirí faoin 15 Meitheamh an bhliain ina dhiaidh sin, ar a dhéanaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar aghaidh freisin chuig na Ballstáit agus, chun críche faisnéise, chuig na tíortha comhpháirtíochta.

5.   Déanfaidh an Stiúrthóir tuarascáil bhliantúil an Fhorais ar ghníomhaíochtaí a chur i láthair choistí ábhartha Pharlaimint na hEorpa agus os comhair chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle.

Airteagal 14

Naisc le gníomhaíochtaí Comhphobail eile

Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBord Rialaithe, comhleanúnachas agus comhlántacht idir obair an Fhorais agus gníomhaíochtaí eile ar leibhéal an Chomhphobail, laistigh den Chomhphobal agus le linn cúnamh a thabhairt do na tíortha comhpháirtíochta.

Airteagal 15

An Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Fhorais le haghaidh gach bliana airgeadais agus taispeánfar iad i mbuiséad an Fhorais, ina n-áireofar plean bunaíochta. Comhfhreagróidh an bhliain airgeadais don bhliain féilire.

2.   Beidh an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeánfar i mbuiséad an Fhorais ar comhardú.

3.   Beidh in ioncam an Fhorais, gan dochar do chineálacha eile ioncaim, fóirdheontas ó bhuiséad ginearálta an AE, íocaíochtaí a rinneadh mar luach saothair ar sheirbhísí a tugadh maraon le maoiniú ó fhoinsí eile.

4.   Beidh sa bhuiséad freisin mionsonraí maidir le haon chistí a chuir na tíortha comhpháirtíochta iad féin ar fáil le haghaidh tionscadal a thairbhíonn de chúnamh airgeadais ón bhForas.

Airteagal 16

Nós imeachta buiséid

1.   Déanfaidh an Bord Rialaithe, gach bliain, meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas don Fhoras, don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin a ullmhú ar bhonn dréachta a dhéanfaidh an Stiúrthóir a tharraingt suas gach bliain. Déanfaidh an Bord Rialaithe an meastachán sin, lena n-áireofar plean bunaíochta, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta ar a dhéanaí.

2.   Scrúdóidh an Coimisiún an meastachán, ag féachaint do na teorainneacha a bheartófar don mhéid foriomlán a bheidh ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha, agus cuirfidh sé isteach i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an AE na hacmhainní a mheasfaidh sé is gá don phlean bunaíochta agus an méid fóirdheontais a mhuirearófar ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an meastachán ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (dá ngairfear ‘an t-údarás buiséadach’ anseo feasta) in éineacht le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

4.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí don fhóirdheontas don Fhoras.

Glacfaidh an t-údarás buiséadach an plean bunaíochta don Fhoras.

5.   Glacfaidh an Bord Rialaithe buiséad an Fhorais. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh chríochnaitheach buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inar iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir.

6.   Tabharfaidh an Bord Rialaithe fógra don údarás buiséadach, a luaithe is féidir, faoi aon tionscadal a bheidh sé ar intinn aige a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú an bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a ghlacadh ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

I gcás ina dtabharfaidh brainse den údarás buiséadach fógra go bhfuil sé ar intinn aige tuairim a thabhairt, cuirfidh sé a thuairim ar aghaidh chuig an mBord Rialaithe laistigh de thréimhse sé seachtaine ón dáta ar fógraíodh an tionscadal.

Airteagal 17

Cur chun feidhme agus rialú an bhuiséid

1.   Faoin 1 Márta ar a dhéanaí tar éis gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Fhorais na cuntais shealadacha in iúl d'oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 128 den Rialachán Airgeadais.

2.   Faoin 31 Márta i ndiaidh gach bliana airgeadais, ar a dhéanaí, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha an Fhorais faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Déanfar an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle freisin.

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir buiséad an Fhorais a chur chun feidhme.

4.   Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha an Fhorais de bhun Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh sé cuntais chríochnaitheacha an Fhorais a tharraingt suas ar a fhreagracht nó a freagracht féin agus cuirfidh sé iad ar aghaidh chuig an mBord Rialaithe chun a thuairim a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Rialaithe a thuairim uaidh ar chuntais chríochnaitheacha an Fhorais.

6.   Déanfaidh an Stiúrthóir, faoin 1 Iúil i ndiaidh gach bliana airgeadais, ar a dhéanaí, na cuntais chríochnaitheacha sin a chur ar aghaidh, in éineacht le tuairim an Bhoird Rialaithe, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

8.   Cuirfidh an Stiúrthóir freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair tar éis gach bliana airgeadais, ar a dhéanaí. Cuirfidh sé nó sí an freagra sin chuig an mBord Rialaithe freisin.

9.   Aon fhaisnéis is gá chun nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go réidh don bhliain airgeadais i dtrácht, mar a leagtar síos in Airteagal 146(3) den Rialachán Airgeadais é, cuirfidh an Stiúrthóir faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, ar iarratas ón bParlaimint.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir roimh an 30 Aibreán sa bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain N.

11.   Glacfaidh an Stiúrthóir gach beart a iarrtar leis na barúlacha a ghabhann leis an gcinneadh lena ndéantar urscaoileadh.

Airteagal 18

Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle

Gan dochar do na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 17 agus, go háirithe, do na nósanna imeachta buiséid agus urscaoilte, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle éisteacht leis an Stiúrthóir maidir le haon ábhar a bhaineann le gníomhaíochtaí an Fhorais a iarraidh tráth ar bith.

Airteagal 19

Rialacha Airgeadais

1.   Glacfaidh an Bord Rialaithe na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an bhForas tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh siad imeacht ón Rialachán Réime Airgeadais mura gá go sonrach imeacht uaidh le haghaidh oibriú an Fhorais agus mura bhfaighfear toiliú roimh ré ón gCoimisiún.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 133(1) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Foras na rialacha cuntasaíochta a ghlacfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin i bhfeidhm ionas gur féidir cuntais an Fhorais a chomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin.

3.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir leis an bhForas go huile agus go hiomlán.

4.   Urramóidh an Foras Comhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (18). Glacfaidh an Bord Rialaithe na bearta is gá chun cuidiú le OLAF na himscrúdaithe inmheánacha sin a dhéanamh.

Airteagal 20

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm maidir leis an bhForas ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 21

Rialacháin foirne

1.   Beidh foireann an Fhorais faoi rialú ag na rialacha agus na rialacháin is infheidhme maidir le hoifigigh agus le seirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach.

2.   Déanfaidh an Foras na cumhachtaí a chineachtar chuig an Údarás Ceapacháin a fheidhmiú maidir le foireann an Fhorais.

3.   Glacfaidh an Bord Rialaithe, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na rialacha cuí cur chun feidhme i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus in Airteagal 127 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach.

4.   Féadfaidh an Bord Rialaithe forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit nó ó na tíortha comhpháirtíochta a fhostú agus iad ar iasacht chuig an bhForas.

Airteagal 22

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach an Fhorais faoi rialú ag an dlí a bhaineann leis an gconradh i dtrácht.

2.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Foras, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh an Foras nó a sheirbhísigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid dualgas.

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh aon damáiste den sórt sin.

3.   Beidh dliteanas pearsanta seirbhíseach i leith an Fhorais faoi rialú ag na forálacha ábhartha is infheidhme maidir le foireann an Fhorais.

Airteagal 23

Rannpháirtíocht tríú tíortha

1.   Beidh an Foras do rannpháirtíocht tíortha nach Ballstáit den Chomhphobal iad ach atá tiomanta mar atá an Comhphobal agus na Ballstáit cabhair a sholáthar do na tíortha comhpháirtíochta a shainítear in Airteagal 1(1) i réimse na forbartha caipitil dhaonna, faoi shocruithe a bheidh le leagan síos i gcomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tíortha sin, de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 300 den Chonradh.

Sonróidh na comhaontuithe, inter alia, cineál agus méid rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair an Fhorais agus na rialacha mionsonraithe don rannpháirtíocht sin, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann. Ní fhéadfaidh comhaontuithe den sórt sin foráil go mbeidh cearta vótála ag ionadaithe ó na tríú tíortha ar an mBord Rialaithe agus ní fhéadfaidh siad forálacha a chuimsiú nach gcloífidh leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo.

2.   Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh de réir mar is gá a ghlacadh, gan comhaontú dá dtagraítear i mír 1 a fháil, maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha i meithleacha ad hoc.

Airteagal 24

Meastóireacht

1.   I gcomhréir le hAirteagal 25(4) den Rialachán Réime Airgeadais, déanfaidh an Foras meastóireachtaí rialta ex ante agus ex post ar a chuid gníomhaíochtaí i gcás ina mbeidh gá le méid suntasach a chaitheamh orthu. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin in iúl don Bhord Rialaithe.

2.   Gach ceithre bliana déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBord Rialaithe, meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, ar na torthaí a fuair an Foras agus ar a mhodhanna oibre i bhfianaise na gcuspóirí, an tsainordaithe agus na bhfeidhmeanna a shainmhínítear sa Rialachán seo. Saineolaithe seachtracha a dhéanfaidh an mheastóireacht. Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

3.   Glacfaidh an Foras gach céim is iomchuí chun aon fhadhbanna a eascróidh le linn an phróisis mheastóireachta a réiteach.

Airteagal 25

Athbhreithniú

Tar éis na meastóireachta, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, togra maidir le hathbhreithniú fhorálacha an Rialacháin seo a thíolacadh. Má tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil cúis mhaith a thuilleadh leis an bhForas a bheith ann a thuilleadh, ag féachaint do na cuspóirí a shanntar dó, féadfaidh sé togra a dhéanamh chun an Rialachán seo a aisghairm.

Airteagal 26

Aisghairm

Aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 1360/90, (CE) Uimh. 2063/94, (CE) Uimh. 1572/98, (CE) Uimh. 1648/2003 ón gComhairle agus Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 2666/2000 ón gComhairle, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa, 16 Nollaig 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  Tuairim an 22 Deireadh Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an18 Samhain 2008 (IO C 310 E, 5.12.2008, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2008 nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(3)  IO L 131, 23.5.1990, lch. 1.

(4)  IO L 375, 23.12.1989, lch. 11.

(5)  IO L 216, 20.8.1994, lch. 9.

(6)  IO L 187, 29.7.1993, lch. 1.

(7)  IO L 206, 23.7.1998, lch. 1.

(8)  IO L 189, 30.7.1996, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006.

(9)  IO L 306, 7.12.2000, lch. 1.

(10)  IO L 210, 31.7.2006, lch. 82.

(11)  IO L 310, 9.11.2006, lch. 1.

(12)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(13)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

(14)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(15)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(16)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(17)  IO C 323, 30.11.1993, lch. 1.

(18)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán arna aisghairm agus na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CEE) Uimh. 1360/90 ón gComhairle an 7 Bealtaine 1990

(IO L 131, 23.5.1990, lch. 1)

Rialachán (CE) Uimh. 2063/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994

(IO L 216, 20.8.1994, lch. 9)

Rialachán (CE) Uimh. 1572/98 ón gComhairle an 17 Iúil 1998

(IO L 206, 23.7.1998, lch. 1)

Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 2666/2000 ón gComhairle an 5 Nollaig 2000

(IO L 306, 7.12.2000, lch. 1)

Rialachán (CE) Uimh. 1648/2003 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003

(IO L 245, 29.9.2003, lch. 22)


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CEE) Uimh. 1360/90

An Rialachán seo

Airteagal 1 an chéad mhír

Airteagal 1(1) an réamhrá

Airteagal 1 an chéad fhleasc go dtí an ceathrú fleasc

Airteagal 1 an dara habairt

Airteagal 1(1) pointe (a) go pointe (c)

Airteagal 1(1) an dara fomhír

Airteagal 1(2) go (3)

Airteagal 2

Airteagal 3 an chéad mhír

Airteagal 2 an chéad mhír

Airteagal 3 pointe (a) go pointe (g)

Airteagal 2 pointe (a) go pointe (f)

Airteagal 3 pointe (h)

Airteagal 2 pointe (g)

Airteagal 4(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 4(3) an chéad abairt

Airteagal 3(3) an chéad abairt

Airteagal 3(3) an dara habairt

Airteagal 4(2)

Airteagal 3(4) agus (5)

Airteagal 4(1) go (3)

Airteagal 4a(1)

Airteagal 4(4) an chéad fhomhír

Airteagal 4a(2)

Airteagal 4(4) an dara fomhír

Airteagal 5

Airteagal 4a(3)

Airteagal 6

Airteagal 5(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 7(2) an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 7(2) an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 5(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 5(4) an chéad fhomhír

Airteagal 7(4) an chéad abairt

Airteagal 7(4) an dara habairt

Airteagal 5(4) an dara fomhír

Airteagal 7(5)

Airteagal 5(4) an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 8(1) an chéad fhomhír

Airteagal 8(1) an dara fomhír

Airteagal 5(4) an fhomhír dheireanach

Airteagal 8(1) an fhomhír dheireanach

Airteagal 5(5) agus (6)

Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(3)

Airteagal 5(7) go (10)

Airteagal 9

Airteagal 6

Airteagal 7(1) an chéad abairt

Airteagal 10(1) an chéad abairt

Airteagal 7(1) an dara habairt

Airteagal 10(1) an dara habairt agus an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír

Airteagal 10(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 10(5) an chéad abairt

Airteagal 7(3)

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(4) pointe (a) go pointe (k)

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 8

Airteagal 14

Airteagal 9

Airteagal 15

Airteagal 10(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 10(2)

Airteagal 16(3)

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(4) go (6)

Airteagal 16(4) go (6)

Airteagal 11(1)

Airteagal 17(3)

Airteagal 11(2) agus (3)

Airteagal 17(1) agus (2)

Airteagal 11(4) go (10)

Airteagal 17(4) go (10)

Airteagal 17(11)

Airteagal 18

Airteagal 12

Airteagal 19(1)

Airteagal 19(2) go (4)

Airteagal 13

Airteagal 20

Airteagal 14

Airteagal 21(1)

Airteagal 21(2) go (4)

Airteagal 15

Airteagal 22

Airteagal 16(1)

Airteagal 23(1) an chéad fhomhír agus an chéad abairt sa dara fomhír

Airteagal 23(1) an abairt dheireanach sa dara fomhír

Airteagal 16(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 24(1)

Airteagal 17

Airteagal 24(2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 18

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 19

Airteagal 27

Iarscríbhinn