31.12.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1331/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2008

lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin, agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine na saoránach, agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha.

(2)

Ba cheart go n-áiritheofaí leibhéal ard cosanta do bheatha agus do shláinte an duine agus beartais an Chomhphobail á saothrú.

(3)

D’fhonn sláinte an duine a chosaint, caithfear measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht breiseán, einsímí agus blastán lena n-úsáid in earraí bia don duine sula gcuirfear ar mhargadh an Chomhphobail iad.

(4)

Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (3), le Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia (4) agus le Rialachán (CE) Uimh 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia ina bhfuil airíonna blaistithe lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna (5) (dá ngairfear na ‘dlíthe earnálaigh bia’ anseo feasta) critéir chomhchuibhithe agus ceanglais chomhchuibhithe a bhaineann le measúnú agus le húdarú na substaintí sin.

(5)

Tá sé beartaithe, go háirithe, nach féidir breiseáin bia, einsímí bia ná blastáin bia, sa mhéid go gcaithfear measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht blastán bia i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 [maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu, lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna], a chur ar an margadh ná a úsáid in earraí bia don duine, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i ngach dlí earnálaigh bia, mura n-áirítear iad ar an liosta Comhphobail de shubstaintí údaraithe.

(6)

Is ríthábhachtach trédhearcacht a áirithiú i dtáirgeadh agus i láimhsiú bia d’fhonn muinín an tomhaltóra a chothabháil.

(7)

Sa chomhthéacs sin, is cosúil gurb iomchuí nós imeachta comhchoiteann measúnaithe agus údaraithe a bhunú do na trí chatagóir substaintí sin, nós imeachta atá éifeachtach, a bhfuil teorainn ama leis agus atá trédhearcach, d’fhonn an saorghluaiseacht laistigh de mhargadh an Chomhphobail a éascú.

(8)

Caithfidh an nós imeachta comhchoiteann sin a bheith bunaithe ar phrionsabail an dea-riaracháin agus na deimhneachta dlíthiúla agus caithfear é a chur chun feidhme de réir na bprionsabal sin.

(9)

Dá réir sin comhlánóidh an Rialachán seo an creat rialúcháin a bhaineann le húdarú na substaintí trí chéimeanna éagsúla an nós imeachta, spriocanna ama na gcéimeanna sin, ról na bpáirtithe atá i gceist agus na prionsabail is infheidhme a leagan síos. Mar sin féin, is gá saintréithe gach dlí earnálaigh bia a chur san áireamh do ghnéithe áirithe den nós imeachta.

(10)

Cuireann na spriocanna ama a leagtar síos sa nós imeachta an t-am is gá leis na critéir éagsúla a shocraítear i ngach dlí earnálaigh bia a mheas san áireamh, agus fágann siad fuílleach ama le haghaidh comhairliúcháin tráth réitithe na ndréachtbheart. Níor cheart, go háirithe, go gcoiscfeadh an sprioc ama naoi mí a thugtar don Choimisiún chun dréachtrialachán a chur i láthair lena ndéantar an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta go bhféadfaí sin a dhéanamh laistigh de thréimhse níos giorra.

(11)

Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún tús leis an nós imeachta a thúisce a gheobhaidh sé iarratas agus ba cheart, más gá, go lorgódh sé tuairim an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia (6) a luaithe is féidir i ndiaidh measúnú a bheith déanta ar bhailíocht agus ar infheidhmeacht an iarratais.

(12)

I gcomhréir leis an réim measúnaithe riosca i gcúrsaí sábháilteachta bia a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, níor cheart a údarú go gcuirfí substaintí ar an margadh ach amháin tar éis measúnú eolaíoch neamhspleách, den chaighdeán is airde is féidir, a dhéanamh ar na rioscaí a ghabhann leo ó thaobh shláinte an duine. Tar éis an mheasúnaithe sin, a chaithfear a dhéanamh faoi fhreagracht an Údaráis, caithfidh an Coimisiún cinneadh bainistithe riosca a dhéanamh faoi nós imeachta rialúcháin a áirithíonn dlúth-chomhoibriú idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

(13)

Ba cheart an t-údarú le substaintí a chur ar an margadh a dheonú de bhun an Rialacháin seo ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos faoi na dlíthe earnálaigh bia.

(14)

Aithnítear, i gcásanna áirithe, nach féidir le measúnú eolaíoch riosca, ann féin, an fhaisnéis ar fad ar cheart cinneadh bainistithe riosca a bheith bunaithe air a chur ar fáil, agus gur féidir tosca dlisteanacha eile a bhaineann leis an ábhar atá á mheas a chur san áireamh, lena n-áirítear tosca sochaíocha, eacnamaíocha, traidisiúnta, eitice agus comhshaoil agus a indéanta a bheadh sé rialuithe a dhéanamh.

(15)

D’fhonn a áirithiú go ndéanfaí oibreoirí gnó sna hearnálacha lena mbaineann mar aon leis an bpobal a choimeád ar an eolas faoi na húdaruithe atá i bhfeidhm, ba cheart na substaintí údaraithe a chur ar liosta Comhphobail a chruthóidh an Coimisiún, a ndéanfaidh sé cothabháil air agus a fhoilseoidh sé.

(16)

I gcás inarb iomchuí agus i gcúinsí áirithe, féadfar foráil a dhéanamh leis an dlí sonrach earnálaigh bia chun sonraí eolaíocha mar aon le haon fhaisnéis eile a chuireann an t-iarratasóir isteach a chosaint ar feadh tréimhse áirithe ama. Sa chás sin, ba cheart go leagfadh an dlí earnálaigh bia na coinníollacha síos faoi nach bhféadfar na sonraí sin a úsáid chun tairbhe iarratasóra eile.

(17)

Tá líonrú idir an tÚdarás agus eagraíochtaí na mBallstát atá ag oibriú sna réimsí a chuimsítear le misean an Údaráis ar cheann de phrionsabail bhunúsacha oibriú an Údaráis. Dá réir sin, nuair a bheidh a thuairim á hullmhú aige, féadfaidh an tÚdarás leas a bhaint as an líonra a chuirtear ar fáil dó le hAirteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus le Rialachán (CE) Uimh. 2230/2004 ón gCoimisiún (7).

(18)

Caithfidh an nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir leis na substaintí ceanglais trédhearcachta agus faisnéise poiblí a chomhlíonadh agus ceart iarratasóirí rúndacht faisnéise áirithe a chaomhnú a ráthú.

(19)

Ba cheart go leanfaí d’aird a thabhairt ar rúndacht gnéithe áirithe d’iarratas a chosaint d’fhonn seasamh iomaíoch iarratasóra a chosaint. Níor cheart, áfach, go mbeadh faisnéis a bhaineann le sábháilteacht substainte, lena n-áirítear staidéir tocsaineolaíochta, staidéir sábháilteachta eile agus amhshonraí iontu féin, ach nach bhfuil teoranta dóibh, faoi rún ar chúinse ar bith.

(20)

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (8) maidir le doiciméid atá ar teachtadh ag an Údarás.

(21)

Le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 bunaítear nósanna imeachta chun bearta éigeandála a ghlacadh maidir le hearraí bia de thionscnamh an Chomhphobail nó maidir le hearraí bia a allmhairítear ó thríú tíortha. Údaraíonn sé don Choimisiún bearta den sórt sin a ghlacadh i gcásanna inar dócha go mbainfeadh riosca tromchúiseach le hearraí bia do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol agus nuair nach féidir an riosca sin a smachtú go sásúil le bearta arna nglacadh ag an mBallstát, nó ag na Ballstáit, lena mbaineann.

(22)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus le simpliú reachtaíochta, ba cheart go ndéanfaí scrúdú meántréimhseach ar an gceist ar cheart raon feidhme an nós imeachta chomhchoitinn a leathadh chuig reachtaíocht eile i réimse an bhia, nó nár cheart.

(23)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach de thairbhe difríochtaí idir dlíthe náisiúnta agus idir forálacha náisiúnta agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(24)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (9).

(25)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na liostaí Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de gach dlí earnálaigh bia a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(26)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú i dtaca le substaintí a chur ar na liostaí Comhphobail agus i dtaca le cur le coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhaineann le substaint a bheith ar na liostaí Comhphobail, nó na coinníollacha, na sonraíochtaí nó na srianta sin a bhaint de nó a athrú.

(27)

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm maidir le substaint a bhaint de na liostaí Comhphobail agus maidir le cur le coinníollacha, le sonraíochtaí nó le srianta a bhaineann le substaint a bheith ar na liostaí Comhphobail, nó na coinníollacha, na sonraíochtaí nó na srianta sin a bhaint de nó a athrú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Airteagal I

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo nós imeachta comhchoiteann le haghaidh measúnaithe agus údaraithe (dá ngairfear an ‘nós imeachta comhchoiteann’ anseo feasta) maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia, le blastáin bia agus maidir le bunábhair blastán bia agus le comhábhar bia ina bhfuil airíonna blastáin a úsáidtear nó a cheaptar lena n-úsáid in earraí bia nó ar earraí bia (dá ngairfear na ‘substaintí’ anseo feasta), a chuireann le saorghluaiseacht bia laistigh den Chomhphobal agus le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus le hardleibhéal cosanta don tomhaltóir, lena n-áirítear cosaint leasanna an tomhaltóra. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le blastáin deataigh a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (10).

2.   Leagfar síos leis an nós imeachta comhchoiteann na socruithe nós imeachta chun liostaí substaintí a bhfuil a gcur ar an margadh údaraithe sa Chomhphobal de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 [maidir le breiseáin bia], Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 [maidir le heinsímí bia] agus Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 [maidir le blastáin] agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna (dá ngairfear na ‘dlíthe earnálaigh bia’ anseo feasta) a thabhairt cothrom le dáta.

3.   Leagtar amach i ngach dlí earnálaigh bia na critéir ar dá réir is féidir substaintí a chur ar an liosta Comhphobail dá bhforáiltear in Airteagal 2, inneachar an rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 7 agus, i gcás inarb infheidhme, na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le nósanna imeachta leanúnacha.

Airteagal 2

Liosta substaintí an Chomhphobail

1.   Faoi gach dlí earnálaigh bia, déanfar substaintí ar údaraíodh a gcur ar mhargadh an Chomhphobail a áireamh ar liosta (dá ngairfear an ‘liosta Comhphobail’ anseo feasta) a gcinnfidh an dlí sin an méid a bheidh air. Is é an Coimisiún a thabharfaidh an liosta Comhphobail cothrom le dáta. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

2.   Ciallaíonn ‘an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta’:

(a)

substaint a chur leis an liosta Comhphobail;

(b)

substaint a bhaint den liosta Comhphobail;

(c)

coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhaineann le substaint atá ar an liosta Comhphobail a chur leis, a bhaint de nó a athrú.

CAIBIDIL II

AN NÓS IMEACHTA COMHCHOITEANN

Airteagal 3

Príomhchéimeanna an nós imeachta chomhchoitinn

1.   Féadfar an nós imeachta comhchoiteann chun an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta a thosú ar thionscnamh ón gCoimisiún nó de thoradh iarratais. Féadfaidh Ballstát nó páirtí leasmhar, a d’fhéadfadh ionadaíocht a dhéanamh ar roinnt páirtithe leasmhara, iarratas a dhéanamh, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear sna bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a) (dá ngairfear ‘an t-iarratasóir’ anseo feasta). Seolfar na hiarratais chuig an gCoimisiún.

2.   Iarrfaidh an Coimisiún tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta), a thabharfar i gcomhréir le hAirteagal 5.

I gcás an tabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b) agus (c), áfach, ní gá don Choimisiún tuairim an Údaráis a lorg más rud é nach dócha go mbeadh tionchar ag an tabhairt cothrom le dáta sin ar shláinte an duine.

3.   Cuirfear deireadh leis an nós imeachta comhchoiteann nuair a ghlacfaidh an Coimisiún rialachán ina gcuirfear an tabhairt cothrom le dáta chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 7.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an Coimisiún deireadh a chur leis an nós imeachta comhchoiteann agus a chinneadh gan dul ar aghaidh, ag tráth ar bith den nós imeachta, le tabhairt cothrom le dáta a bhí beartaithe más é a bhreith nach bhfuil údar maith leis an tabhairt cothrom le dáta sin. I gcás inarb infheidhme, cuirfidh sé tuairim an Údaráis, barúlacha na mBallstát, aon fhorálacha ábhartha de dhlí an Chomhphobail agus aon tosca dlisteanacha eile a bhaineann leis an ábhar a bheidh faoi bhreithniú san áireamh.

I gcásanna den sórt sin, i gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir agus na Ballstáit ar an eolas go díreach agus sonróidh sé ina litir na cúiseanna ar measadh nach bhfuil údar maith leis an tabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 4

An nós imeachta a thionscnamh

1.   Ar iarratas a fháil chun an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

(a)

laistigh de 14 lá oibre ón lá a bhfaighfear é, admhóidh sé i scríbhinn chuig an iarratasóir go bhfuil an t-iarratas faighte;

(b)

i gcás inarb infheidhme, tabharfaidh sé fógra don Údarás, a luaithe is féidir maidir leis an iarratas agus iarrfaidh sé a thuairim uaidh i gcomhréir le hAirteagal 3(2).

Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit.

2.   I gcásanna ina dtosóidh an Coimisiún an nós imeachta ar a thionscnamh féin, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas agus, i gcás inarb infheidhme, iarrfaidh sé tuairim ón Údarás.

Airteagal 5

Tuairim an Údaráis

1.   Tabharfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh de naoi mí ón tráth a bhfaighidh sé iarratas bailí.

2.   Cuirfidh an tÚdarás a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, chuig an iarratasóir.

Airteagal 6

Faisnéis bhreise maidir le measúnú riosca

1.   I gcásanna ina mbeidh údar maith, cuí leo ina n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis bhreise ar iarratasóirí, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir, leagfaidh an tÚdarás síos tréimhse inar féidir an fhaisnéis sin a sholáthar agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis an tréimhse bhreise is gá. Mura ndéanfaidh an Coimisiún agóid laistigh d’ocht lá oibre tar éis don Údarás é a chur ar an eolas, cuirfear an tréimhse bhreise de shíneadh go huathoibríoch leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an síneadh ama.

2.   Mura seolfar an fhaisnéis bhreise chuig an Údarás laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an tÚdarás a thuairim ar bhonn na faisnéise a cuireadh ar fáil roimhe sin.

3.   I gcás ina dtíolacfaidh iarratasóirí faisnéis bhreise ar a dtionscnamh féin, seolfaidh siad chuig an Údarás agus chuig an gCoimisiún í. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh den bhuntréimhse gan dochar d’Airteagal 10.

4.   Cuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis bhreise ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún.

Airteagal 7

An liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta

1.   Laistigh de naoi mí tar éis don Údarás a thuairim a thabhairt, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 14(1) dréachtrialachán lena ndéanfar an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta, agus tuairim an Údaráis, aon fhorálacha ábhartha de dhlí an Chomhphobail agus aon tosca dlisteanacha eile a bhaineann leis an ábhar atá á bhreithniú á gcur san áireamh ann.

Sna cásanna sin nár iarradh tuairim ón Údarás iontu, tosóidh an tréimhse naoi mí ón dáta a bhfaighidh an Coimisiún iarratas bailí.

2.   Sa Rialachán lena dtugtar an liosta Comhphobail cothrom le dáta, míneofar na cúinsí ar a bhfuil sé bunaithe.

3.   I gcásanna nach mbeidh an dréachtrialachán i gcomhréir le tuairim an Údaráis, míneoidh an Coimisiún na cúiseanna atá lena chinneadh.

4.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha gach dlí earnálaigh bia a leasú, agus a bhainfidh le substaint a bhaint den liosta Comhphobail, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

5.   Ar mhaithe le héifeachtúlacht, na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha gach dlí earnálaigh bia a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, agus a bhainfidh le substaint a chur ar an liosta Comhphobail agus chun coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhaineann le substaint a bheith ar an liosta Comhphobail a chur leis, a bhaint de nó a athrú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(4).

6.   Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 14(5) chun substaint a bhaint den liosta Comhphobail agus chun coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhainfidh le substaint a bheith ar an liosta Comhphobail a chur leis, a bhaint de nó a athrú.

Airteagal 8

Faisnéis bhreise maidir le bainistiú riosca

1.   I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise ó iarratasóirí maidir le hábhair a bhaineann le bainistiú riosca, cinnfidh sé, i gcomhar leis an iarratasóir, tréimhse inar féidir an fhaisnéis sin a sholáthar. I gcásanna den sórt sin, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 7 dá réir sin. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an síneadh agus cuirfidh sé an fhaisnéis bhreise ar fáil dóibh a luaithe a sholáthrófar í.

2.   Mura seolfar an fhaisnéis bhreise laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear i mír 1, gníomhóidh an Coimisiún ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh roimhe sin.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Airteagal 9

Bearta cur chun feidhme

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2), glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme don Rialachán seo laistigh de thréimhse nach faide ná 24 mhí ón uair a nglacfar gach dlí earnálaigh bia, agus bainfidh na bearta cur chun feidhme go háirithe leis na nithe seo a leanas:

(a)

ábhar, dréachtú agus cur i láthair an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 4(1);

(b)

na socruithe maidir le bailíocht iarratas a sheiceáil;

(c)

an cineál faisnéise nach mór a chuimsiú i dtuairim an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.   D’fhonn na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1(a) a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás agus déanfaidh an tÚdarás togra maidir leis na sonraí is gá chun measúnú riosca a dhéanamh ar na substaintí lena mbaineann a chur faoina bhráid laistigh de shé mhí ón dáta a dtiocfaidh gach dlí earnálaigh bia i bhfeidhm.

Airteagal 10

Síneadh a chur le tréimhsí ama

In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 7 ar a thionscnamh féin nó, i gcás inarb infheidhme, arna iarraidh sin don Údarás, i gcás ina mbeidh údar maith leis sin de bharr an chineáil ábhair, gan dochar d’Airteagal 6(1) ná d’Airteagal 8(1). I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, an t-iarratasóir agus na Ballstáit ar an eolas maidir leis an síneadh ama agus maidir leis na cúiseanna atá leis.

Airteagal 11

Trédhearcacht

Áiritheoidh an tÚdarás trédhearcacht a ghníomhaíochtaí, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Poibleoidh sé, go háirithe, a thuairimí gan mhoill. Poibleoidh sé freisin aon iarraidh a gheofar ar a thuairim mar aon le haon síneadh ama de bhun Airteagal 6(1).

Airteagal 12

Rúndacht

1.   Féadfar déileáil go rúnda le faisnéis a chuirfidh iarratasóirí ar fáil i gcás ina bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach a dhéanamh dá staid iomaíochta.

Ní fhéadfar a mheas, i gcúinse ar bith, gur faisnéis rúnda faisnéis a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(b)

ainm na substainte agus tuairisc shoiléir ar an tsubstaint;

(c)

na cúiseanna a thugtar chun an tsubstaint a úsáid in earraí sonracha bia nó ar earraí sonracha bia nó i gcatagóirí sonracha bia nó ar chatagóirí sonracha bia;

(d)

faisnéis atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht na substainte;

(e)

i gcás inarb infheidhme, an modh anailíse nó na modhanna anailíse.

2.   Chun críocha mhír 1 a chur chun feidhme, cuirfidh iarratasóirí an chuid den fhaisnéis a sholáthrófar ar mian leo go ndéileálfaí léi i modh rúin in iúl. Ní mór cúiseanna infhíoraithe a thabhairt i gcásanna den sórt sin.

3.   Tar éis dul i gcomhairle leis na hiarratasóirí, cinnfidh an Coimisiún an fhaisnéis a mheasfar a bheith fós ina faisnéis rúnda agus tabharfaidh sé fógra dá réir d’iarratasóirí agus do na Ballstáit.

4.   Tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas maidir le seasamh an Choimisiúin, beidh trí seachtaine ag iarratasóirí chun a n-iarratas a tharraingt siar d’fhonn rúndacht na faisnéise a soláthraíodh a chaomhnú. Caomhnófar an rúndacht go dtí go rachaidh an tréimhse sin in éag.

5.   Glacfaidh an Coimisiún, an tÚdarás agus na Ballstáit na bearta is gá, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, chun rúndacht chuí na faisnéise a gheobhaidh siad faoin Rialachán seo a áirithiú, seachas faisnéis a chaithfear a fhoilsiú in imthosca inar gá sin chun sláinte an duine, sláinte ainmhithe nó chun an comhshaol a chosaint.

6.   Má tharraingíonn iarratasóir a iarratas siar, nó má bhíonn sé tarraingthe siar cheana féin aige, ní nochtfaidh an Coimisiún, an tÚdarás, ná na Ballstáit faisnéis rúnda, lena n-áirítear faisnéis ar ábhar easaontachta é a rúndacht idir an Coimisiún agus an t-iarratasóir.

7.   Ní dhéanfaidh cur chun feidhme mhír 1 go mír 6 difear do scaipeadh faisnéise idir an Coimisiún, an tÚdarás agus na Ballstáit.

Airteagal 13

Éigeandálaí

I gcás éigeandála maidir le substaint ar an liosta Comhphobail, go háirithe i bhfianaise tuairime ón Údarás, glacfar bearta i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53 agus in Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

Airteagal 14

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh faoi Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí, dhá mhí agus ceithre mhí, faoi seach, a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), agus (4)(b) agus (e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 15

Údaráis inniúla na mBallstát

Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm do gach dlí earnálaigh bia, cuirfidh na Ballstáit ainm agus seoladh an údaráis inniúil náisiúnta, mar aon le pointe teagmhála san údarás inniúil sin, maidir le gach dlí earnálaigh bia ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an Údarás, chun críocha an nós imeachta chomhchoitinn.

CAIBIDIL IV

AN FHORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

I gcás gach dlí earnálaigh bia, beidh feidhm aige ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 9(1).

Beidh feidhm ag Airteagal 9 ón 20 Eanáir 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Nollaig 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO C 168, 20.7.2007, lch. 34.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 (IO C 175 E, 10.7.2008, lch. 134), Comhsheasamh ón gComhairle an 10 Márta 2008 (IO C 111 E, 6.5.2008, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 18 Samhain 2008.

(3)  Féach leathanach 16 den Iris Oifigúil.

(4)  Féach leathanach 7 den Iris Oifigúil.

(5)  Féach leathanach 34 den Iris Oifigúil.

(6)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 2230/2004 an 23 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an líonra eagraíochtaí atá ag oibriú sna réimsí a chuimsíonn misean an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (IO L 379, 24.12.2004, lch. 64).

(8)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(9)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(10)  IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.