1.12.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1165/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Samhain 2008

maidir le staidreamh beostoic agus feola agus lena n-aisghairtear Treoir 93/23/CEE, Treoir 93/24/CEE agus Treoir 93/25/CEE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Treoir 93/23/CEE ón gComhairle an 1 Meitheamh 1993 maidir le suirbhéanna staidrimh a dhéanamh ar tháirgeadh muc (2), Treoir 93/24/CEE ón gComhairle an 1 Meitheamh 1993 maidir le suirbhéanna staidrimh a dhéanamh ar tháirgeadh bó-ainmhithe (3) agus Treoir 93/25/CEE ón gComhairle an 1 Meitheamh 1993 maidir le suirbhéanna staidrimh a dhéanamh ar stoic caorach agus gabhar (4) roinnt uaireanta. Ó tharla gur gá tuilleadh leasuithe agus simplithe anois, ba cheart, ar mhaithe le soiléire, gníomh amháin a chur in ionad na ngníomhartha sin.

(2)

D’fhonn a áirithiú go ndéanfar an comhbheartas talmhaíochta a riaradh i gceart, go háirithe a mhéid a bhaineann sé le margaí mairteola, laofheola, muiceola, caoireola, feola gabhar agus feola éanlaithe, tá sonraí rialta ag teastáil ón gCoimisiún maidir le treochtaí i mbeostoc agus i dtáirgeadh feola.

(3)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle an 29 Feabhra 1988 maidir le heagrú suirbhéanna Comhphobail ar struchtúr gabháltas talmhaíochta (5), foráiltear do chlár suirbhéanna Comhphobail chun staidreamh a sholáthar ar struchtúr gabháltas talmhaíochta go dtí 2007.

(4)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’Aonaid Chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) (6), úsáidfear aicmiú NUTS i dtaca le staidreamh uile na mBallstát a tharchuirtear chuig an gCoimisiún agus a mhiondealaítear de réir aonad críochach. Dá bhrí sin, chun staidreamh réigiúnach comparáideach a bhunú, ba cheart na haonaid chríochacha a shainmhíniú de réir aicmiú NUTS.

(5)

D’fhonn teorainn a chur leis an ualach a leagtar ar na Ballstáit, níor chóir gur líonmhaire iad na ceanglais a bheadh ann maidir le sonraí réigiúnacha ná na ceanglais a bunaíodh faoin reachtaíocht roimhe seo (mura bhfuil leibhéil nua réigiúnacha tagtha chun cinn idir an dá linn) agus ba cheart go mbeadh sonraí réigiúnacha roghnach nuair is faoi thairseacha áirithe a bhíonn beostoc réigiúnach.

(6)

Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, beidh dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún riachtanach agus is féidir é seo a chur i gcrích go háirithe le cúnamh ón mBuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta a bunaíodh le Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle (7).

(7)

D’fhonn aistriú réidh a áirithiú ón gcóras is infheidhme faoi Threoir 93/23/CEE, faoi Threoir 93/24/CEE agus faoi Threoir 93/25/CEE, ba cheart go gceadófaí, leis an Rialachán seo, maolú de thréimhse nach faide ná aon bhliain amháin agus, i gcás caorach agus gabhar, tréimhse nach faide ná dhá bhliain, do na Ballstáit ina mbeadh gá le hoiriúnuithe móra ina gcóras náisiúnta staidrimh de thoradh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gur dócha go dtionscnódh sé fadhbanna praiticiúla suntasacha iontu.

(8)

Tá na bearta le haghaidh soláthar staidrimh dá bhforáiltear sa Rialachán seo riachtanach chun gníomhaíochtaí an Chomhphobail a chur i gcrích. Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat coiteann dlí a bhunú le haghaidh soláthar córasach staidreamh an Chomhphobail ar bheostoc agus ar fheoil sna Ballstáit a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr dá bhrí sin is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(9)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le staidreamh Comhphobail (8), arb é an creat tagartha le haghaidh fhorálacha an Rialacháin seo é, ní mór do bhailiú staidrimh prionsabail na neamhchlaontachta a chomhlíonadh, go háirithe oibiachtúlacht agus neamhspleáchas eolaíochta, chomh maith le prionsabail na follasachta, na hiontaofachta, na hábharthachta, na costéifeachtachta agus na rúndachta staidrimh.

(10)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (9).

(11)

Ba cheart, go háirithe, go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún Iarscríbhinní I, II, IV agus V a leasú. Ó tharla gur raon feidhme ginearálta atá ag na bearta sin agus gur le heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(12)

Ba cheart, dá réir sin, Treoir 93/23/CEE, Treoir 93/24/CEE agus Treoir 93/25/CEE a aisghairm.

(13)

Chuathas i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Is é aidhm an Rialacháin seo creat coiteann dlí a bhunú do sholáthar córasach staidrimh Chomhphobail maidir le beostoc agus táirgeadh feola sna Ballstáit, go háirithe:

(a)

staidreamh maidir le beostoc bó-ainmhithe, muc, caorach agus gabhar;

(b)

staidreamh maidir le marú bó-ainmhithe, muc, caorach, gabhar agus éanlaithe; agus

(c)

réamhaisnéisí táirgthe do mhairteoil, muiceoil, laofheoil, caoireoil agus feoil ghabhair.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘gabháltas talmhaíochta’ gabháltas talmhaíochta mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúir feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta (10);

2.

ciallaíonn ‘suirbhé samplach’ suirbhé samplach mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008;

3.

ciallaíonn an téarma ‘bó-ainmhí’ ainmhithe clóis den speiceas Bos taurus agus Bubalus bubalis, lena n-áirítear hibridí amhail Buabhó;

4.

ciallaíonn an téarma ‘muc’ ainmhithe clóis den speiceas Sus scrofa domestica;

5.

ciallaíonn an téarma ‘caora’ ainmhithe clóis den speiceas Ovis aries;

6.

ciallaíonn an téarma ‘gabhar’ ainmhí clóis den fhospeiceas Capra aegagrus hircus;

7.

ciallaíonn an téarma ‘éanlaith’ éin chlóis den speiceas Gallus gallus (sicíní), Meleagris spp. (turcaithe), Anas spp. agus Cairina moschata (lachain) agus Anser anser dom (géanna). Áirítear éin chlóis den speiceas Coturnix spp. (gearga), Phasianus spp. (piasúin), Numida meleagris dom. (éanlaith ghuine), Columbinae spp. (colúir), agus Struthio camelus (ostraisí). Ní áirítear leis, áfach, éin a thógtar i gclós chun críocha fiaigh seachas chun críocha feoil a tháirgeadh;

8.

ciallaíonn an téarma ‘seamlas’ bunaíocht atá cláraithe agus faofa go hoifigiúil le haghaidh marú agus cóiriú ainmhithe a mbeartaítear a bhfeoil a úsáid mar bhia don duine.

Leagtar amach sainmhínithe eile chun críocha an Rialacháin seo in Iarscríbhinn I a ghabhann leis.

ROINN I

STAIDREAMH BEOSTOIC

Airteagal 3

Cuimsiú

1.   Soláthróidh gach Ballstát staidreamh ar an líon bó-ainmhithe, muc, caorach agus gabhar a choinnítear ar ghabháltais talmhaíochta ar a chríoch.

2.   Na Ballstáit a sheolann suirbhéanna samplacha, cuimseoidh siad a dhóthain gabháltas talmhaíochta chun 95 % ar a laghad den líon iomlán a áireamh, de réir mar a cinneadh an líon iomlán sa suirbhé is déanaí a rinneadh ar struchtúr gabháltas talmhaíochta.

Airteagal 4

Minicíocht agus an tréimhse thagartha

1.   Soláthrófar an staidreamh beostoic bó-ainmhithe dhá uair sa bhliain, ag tagairt do lá áirithe i mBealtaine/Meitheamh agus lá áirithe i Samhain/Nollaig. Ní dhéanfaidh na Ballstáit sin, ar lú ná 1 500 000 cloigeann a líon bó-ainmhithe, an staidreamh seo a sholáthar ach uair amháin sa bhliain, ag tagairt do lá áirithe i Samhain/Nollaig.

2.   Soláthrófar an staidreamh maidir le beostoc muc dhá uair sa bhliain, ag tagairt do lá áirithe i mBealtaine/Meitheamh agus lá áirithe i Samhain/Nollaig. Ní dhéanfaidh na Ballstáit sin, ar lú ná 3 000 000 cloigeann a líon muc, an staidreamh sin a sholáthar ach uair amháin sa bhliain, ag tagairt do lá áirithe i Samhain/Nollaig.

3.   Na Ballstáit sin a bhfuil líon caorach 500 000 cloigeann nó níos mó ná 500 000 cloigeann acu, soláthróidh siad an staidreamh beostoic caorach uair sa bhliain, ag tagairt do lá áirithe i Samhain/Nollaig.

4.   Na Ballstáit sin a bhfuil líon gabhar 500 000 cloigeann nó níos mó ná 500 000 cloigeann acu, soláthróidh siad an staidreamh beostoic gabhar uair sa bhliain, ag tagairt do lá áirithe i Samhain/Nollaig.

Airteagal 5

Catagóirí

Soláthrófar an staidreamh beostoic le haghaidh na gcatagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 6

Beachtas

1.   Na Ballstáit a sheolann suirbhéanna samplacha, tógfaidh siad na céimeanna go léir is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh torthaí eachtarshuite na suirbhéanna náisiúnta na ceanglais i dtaca le beachtas a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.   Ballstát a chinneann foinse riaracháin a úsáid, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas roimh ré agus cuirfidh sé mionsonraí ar fáil dó faoi na modhanna a úsáidfear agus faoi cháilíocht na sonraí ón bhfoinse riaracháin sin.

3.   Ballstát a chinneann foinsí eile a úsáid nach suirbhéanna iad, áiritheoidh sé go bhfuil an fhaisnéis a gheofar ó na foinsí sin ar aon cháilíocht, ar a laghad, leis an bhfaisnéis a fhaightear ó shuirbhéanna staidrimh.

Airteagal 7

Spriocdhátaí tarchuir

1.   Tarchuirfidh na Ballstáit an staidreamh sealadach beostoic chuig an gCoimisiún roimh:

(a)

15 Meán Fómhair den bhliain chéanna le haghaidh staidrimh do Bhealtaine/Mheitheamh;

(b)

15 Feabhra den bhliain dár gcionn le haghaidh staidrimh do Shamhain/Nollaig.

2.   Tarchuirfidh na Ballstáit an staidreamh críochnaitheach beostoic chuig an gCoimisiún roimh:

(a)

15 Deireadh Fómhair den bhliain chéanna le haghaidh staidrimh do Bhealtaine/Mheitheamh;

(b)

15 Bealtaine den bhliain dár gcionn le haghaidh staidrimh do Shamhain/Nollaig.

Airteagal 8

Staidreamh réigiúnach

Déanfar staidreamh do Shamhain/Nollaig a mhiondealú de réir aonad críochach NUTS 1 agus NUTS 2 a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003. Mar eisceacht, féadfar iad a sholáthar de réir aonad críochach NUTS 1 amháin don Ghearmáin agus don Ríocht Aontaithe. Tá siad roghnach d’aonaid chríochacha a bhfuil níos lú ná 75 000 bó-ainmhí, 150 000 muc, 100 000 caora agus 25 000 gabhar acu, más ionann iomlán na n-aonad críochach sin le chéile agus 5 % nó níos lú ná 5 % de líon náisiúnta na n-ainmhithe ábhartha.

ROINN II

STAIDREAMH MAIDIR LE MARÚ

Airteagal 9

Cuimsiú

Soláthróidh gach Ballstát staidreamh i ndáil le líon agus meáchan conablaigh bó-ainmhithe, muc, caorach, gabhar agus éanlaithe a mharaítear i seamlais ar a chríoch, a meastar an fheoil a bheith oiriúnach mar bhia don duine. Soláthróidh sé freisin meastacháin ar mharuithe nach ndéantar i seamlais, ionas go gcuimseoidh an staidreamh na bó-ainmhithe, na muca, na caoirigh, agus na gabhair go léir a mharaítear ar a chríoch.

Airteagal 10

Minicíocht agus an tréimhse thagartha

1.   Soláthróidh gach Ballstát, ar bhonn míosúil, an staidreamh ar mharuithe i seamlais. An mhí féilire a bheidh sa tréimhse thagartha.

2.   An staidreamh maidir le maruithe a dhéantar in áit nach seamlas í, soláthróidh gach Ballstát é ar bhonn bliantúil. An bhliain féilire a bheidh sa tréimhse thagartha.

Airteagal 11

Catagóirí

Soláthrófar an staidreamh ar mharuithe le haghaidh na gcatagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 12

Spriocdhátaí tarchuir

Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún an staidreamh:

(a)

ar mharuithe i seamlais laistigh de 60 lá tar éis na tréimhse tagartha;

(b)

ar mharuithe a dhéantar in áit nach i seamlas í roimh an 30 Meitheamh den bhliain dár gcionn.

ROINN III

RÉAMHAISNÉISÍ TÁIRGTHE FEOLA

Airteagal 13

Cuimsiú

Úsáidfidh na Ballstáit an staidreamh a luadh i Roinn I agus Roinn II, agus faisnéis eile a bheidh ar fáil, chun réamhaisnéisí ar a soláthar muc, bó-ainmhithe, caorach agus gabhar a chur ar fáil. Cuirfear an soláthar sin in iúl mar olltáirgeadh dúchasach iomlán, a fhreagraíonn don líon bó-ainmhithe, muc, caorach agus gabhar a mharaítear móide comhardú na trádála sna hainmhithe beo sin laistigh agus lasmuigh den Chomhphobal.

Airteagal 14

Minicíocht agus an tréimhse thagartha

1.   Soláthróidh gach Ballstát na réamhaisnéisí le haghaidh bó-ainmhithe dhá uair sa bhliain. Na Ballstáit ar lú ná 1 500 000 cloigeann a líon bó-ainmhithe, féadfaidh siad na réamhaisnéisí sin a sholáthar uair sa bhliain.

2.   Soláthróidh gach Ballstát na réamhaisnéisí le haghaidh muc dhá uair sa bhliain. Na Ballstáit ar lú ná 3 000 000 cloigeann a líon muc, féadfaidh siad na réamhaisnéisí sin a sholáthar uair sa bhliain.

3.   Na Ballstáit ar 500 000 cloigeann nó níos mó a líon caorach, soláthróidh siad na réamhaisnéisí le haghaidh caorach uair sa bhliain.

4.   Na Ballstáit ar 500 000 cloigeann nó níos mó a líon gabhar, soláthróidh siad na réamhaisnéisí le haghaidh gabhar uair sa bhliain.

5.   Cuimseoidh na réamhaisnéisí:

(a)

trí sheimeastar le haghaidh bó-ainmhithe agus ceithre ráithe le haghaidh muc sna Ballstáit a sholáthraíonn réamhaisnéisí dhá uair sa bhliain;

(b)

ceithre sheimeastar le haghaidh bó-ainmhithe agus sé ráithe le haghaidh muc sna Ballstáit a sholáthraíonn réamhaisnéisí uair sa bhliain.

(c)

dhá sheimeastar le haghaidh caorach agus gabhar.

Airteagal 15

Na catagóirí

Soláthrófar na réamhaisnéisí le haghaidh na gcatagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Airteagal 16

Na spriocdhátaí tarchuir

Tarchuirfidh na Ballstáit na réamhaisnéisí táirgthe feola chuig an gCoimisiún:

(a)

roimh an 15 Feabhra i gcás réamhaisnéisí le haghaidh bó-ainmhithe ó thús an chéad seimeastair den bhliain reatha go deireadh an chéad seimeastair den bhliain dár gcionn agus roimh an 15 Meán Fómhair i gcás réamhaisnéisí ó thús an dara seimeastar den bhliain reatha go deireadh an dara seimeastar den bhliain dár gcionn sna Ballstáit a sholáthraíonn réamhaisnéisí dhá uair sa bhliain;

(b)

roimh an 15 Feabhra i gcás réamhaisnéisí le haghaidh bó-ainmhithe ó thús an chéad seimeastair den bhliain reatha go deireadh an dara seimeastar den bhliain dár gcionn sna Ballstáit a sholáthraíonn réamhaisnéisí uair sa bhliain;

(c)

roimh an 15 Feabhra i gcás réamhaisnéisí le haghaidh muc ó thús an chéad ráithe go deireadh an cheathrú ráithe den bhliain reatha agus roimh an 15 Meán Fómhair i gcás réamhaisnéisí ó thús an tríú ráithe den bhliain reatha go deireadh an dara seimeastar den bhliain dár gcionn do na Ballstáit a sholáthraíonn réamhaisnéisí dhá uair sa bhliain;

(d)

roimh an 15 Feabhra i gcás réamhaisnéisí le haghaidh muc ó thús an chéad ráithe den bhliain reatha go deireadh an dara ráithe den bhliain dár gcionn do na Ballstáit a sholáthraíonn réamhaisnéisí uair sa bhliain;

(e)

roimh an 15 Feabhra i gcás réamhaisnéisí le haghaidh caorach agus gabhar ó thús an chéad seimeastair den bhliain reatha go deireadh an dara seimeastar den bhliain reatha.

ROINN IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 17

Measúnú cáilíochta agus tuarascálacha cáilíochta

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh na gnéithe seo a leanas de mheasúnú cáilíochta infheidhme maidir leis an staidreamh a bheidh le tarchur:

(a)

tagraíonn ‘ábharthacht’ don mhéid a shásaíonn an staidreamh riachtanais reatha na n-úsáideoirí agus na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith acu amach anseo;

(b)

tagraíonn ‘cruinneas’ do chomh gar is atá na meastacháin do na fíorluachanna anaithnide;

(c)

tagraíonn ‘tráthúlacht’ don aga moille idir an t-am a chuirtear an fhaisnéis ar fáil agus an teagmhas nó an feiniméan a ndéanann sí a thuairisciú;

(d)

tagraíonn ‘poncúlacht’ don aga moille idir dáta eisiúna na sonraí agus an spriocdháta faoinar chóir iad a bheith seachadta;

(e)

tagraíonn ‘inrochtaineacht’ agus ‘soiléire’ do na coinníollacha agus na modúlachtaí trína bhfaigheann, trína n-úsáideann agus trína mbaineann na húsáideoirí ciall as na sonraí;

(f)

tagraíonn ‘comparáideacht’ do thomhas a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag difríochtaí i gcoincheapa an staidrimh fheidhmigh, in uirlisí tomhais agus i nósanna imeachta nuair a dhéantar comparáid idir staidreamh i limistéir gheografacha dhifriúla, i bhfearainn earnálacha éagsúla nó thar am; agus

(g)

tagraíonn ‘comhleanúnachas’ dá leordhóthanaí is atá na sonraí lena gcomhcheangal go hiontaofa i slite difriúla agus i gcomhair úsáidí éagsúla.

2.   Soláthróidh na Ballstáit tuarascáil maidir le cáilíocht na sonraí arna dtarchur don Choimisiún (Eurostat) gach trí bliana agus cuirfear an chéad tuarascáil ar fáil faoin 1 Iúil 2011.

3.   Tabharfaidh na tuarascálacha cáilíochta tuairisc ar na nithe seo a leanas:

a)

eagrú na suirbhéanna a chuimsítear leis an Rialachán seo agus an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm;

(b)

an leibhéal beachtais a baineadh amach i gcás na suirbhéanna samplacha dá dtagraítear sa Rialachán seo;

(c)

cáilíocht na bhfoinsí a úsáideadh nach suirbhéanna iad; agus

(d)

cáilíocht na réamhaisnéisí dá dtagraítear sa Rialachán seo.

4.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú modheolaíochta nó eile a mbeadh tionchar nach beag aige ar an staidreamh. Déanfar an méid seo tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis theacht i bhfeidhm an athraithe sin.

5.   Tabharfar aird ar an bprionsabal nach rachaidh na costais agus na hualaí breise thar teorainn réasúnta.

Airteagal 18

Bearta chur chun feidhme

1.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, agus a bhaineann le modhnuithe ar Iarscríbhinní I, II, IV agus V, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

2.   Tabharfar aird ar an bprionsabal gur gá gur tábhachtaí na buntáistí a bhaineann le modhnuithe ná a gcostais, agus ar an bprionsabal nach rachaidh costais agus ualaí breise thar teorainn réasúnta.

Airteagal 19

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 20

Maolú

1.   I gcás inar gá móroiriúnuithe a dhéanamh ar chóras náisiúnta staidrimh de chuid Ballstáit de bharr chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus i gcás inar dóigh don Rialachán seo a bheith ina chúis le fadhbanna suntasacha praiticiúla, féadfaidh an Coimisiún maolú a dheonadh óna chur i bhfeidhm go dtí 1 Eanáir 2010 nó, i gcás staidrimh ar chaoraigh agus ar ghabhair, go dtí 1 Eanáir 2011.

2.   Cuirfidh na Ballstáit sin an Coimisiún ar an eolas faoi sin tráth nach déanaí ná 21 Márta 2009.

Airteagal 21

Aisghairm

1.   Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, aisghairtear Treoir 93/23/CEE, Treoir 93/24/CEE agus Treoir 93/25/CEE.

2.   Déanfar tagairtí do na treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

3.   De mhaolú ar Airteagal 22(2), Ballstát ar deonaíodh maolú dó i gcomhréir le hAirteagal 20, leanfaidh sé d’fhorálacha Threoir 93/23/CEE, Threoir 93/24/CEE agus Threoir 93/25/CEE a chur i bhfeidhm ar feadh thréimhse an mhaolaithe.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Samhain 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh an 27 Deireadh Fómhair 2008 ón gComhairle.

(2)  IO L 149, 21.6.1993, lch. 1.

(3)  IO L 149, 21.6.1993, lch. 5.

(4)  IO L 149, 21.6.1993, lch. 10.

(5)  IO L 56, 2.3.1988, lch. 1.

(6)  IO L 154, 21.6.2003, lch. 1.

(7)  IO L 179, 7.8.1972, lch. 1.

(8)  IO L 52, 22.2.1997, lch. 1.

(9)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(10)  Féach leathanach 14 den Iris Oifigúil seo.


IARSCRÍBHINN I

SAINMHÍNITHE

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.   catagóirí bó-ainmhithe:

 

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinní IV agus V

Laonna

 

Bó-ainmhithe atá 8 mí d’aois nó faoi bhun 8 mí

Eallach óg

 

Bó-ainmhithe atá níos sine ná 8 mí d’aois ach nach sine iad ná 12 mhí d’aois

Laonna agus eallach óg atá le marú

Laonna agus eallach óg nach sine ná 12 mhí d’aois agus atá le marú.

 

Tairbh

 

Bó-ainmhithe fireanna neamhchoillte nach n-áirítear faoi laonna agus eallach óg

Bulláin

 

Bó-ainmhithe fireanna coillte nach n-áirítear faoi laonna agus eallach óg

Bodóga

Bó-ainmhithe baineanna nár rug lao fós agus nach n-áirítear faoi laonna agus eallach óg

Bó-ainmhithe baineanna nár rug lao fós agus nach n-áirítear faoi laonna agus eallach óg

Bodóga lena marú

Bodóga a thógtar le haghaidh táirgeadh feola

 

Bodóga eile

Bodóga a thógtar le haghaidh pórú agus atá le cur in ionad ba déiríochta nó ba eile

 

Ba

Bó-ainmhithe baineanna a rug lao (lena n-áirítear cinn atá faoi bhun dhá bhliain d’aois)

Bó-ainmhithe baineanna a rug lao

Ba déiríochta

Ba a choinnítear go heisiach nó go príomha le haghaidh táirgeadh bainne don duine agus/nó lena phróiseáil i dtáirgí déiríochta, lena n-áirítear ba dealaithe (cibé acu a ramhraíodh nó nár ramhraíodh iad idir an lachtadh deireanach agus marú)

 

Ba eile

Ba eile seachas ba déiríochta, d’fhéadfaí aon bha tarraingthe a áireamh

 

2.   catagóirí caorach:

Caoirigh baineanna agus uain bhaineanna a chuirtear chuig an reithe: baineannaigh den speiceas caorach a rug uan uair amháin ar a laghad chomh maith leo siúd a chuirtear chuig an reithe don chéad uair.

Caoirigh bainne: caoirigh a choinnítear go heisiach nó go príomha le haghaidh táirgeadh bainne mar bhia don duine agus/nó lena phróiseáil i dtáirgí déiríochta lena n-áirítear caoirigh diúltaithe bainne (cibé acu a ramhraíodh nó nár ramhraíodh iad idir an lachtadh deireanach agus marú).

Caoirigh eile: caoirigh nach caoirigh bainne iad.

Uain: caoirigh fireanna nó caoirigh baineanna faoi bhun 12 mhí d’aois.

3.   ciallaíonn an téarma ‘conablach’:

(a)

i gcás bó-ainmhithe, corp iomlán ainmhí maraithe mar a bhíonn tar éis a fhuilithe, a dhí-innithe agus a fheannta, é á thíolacadh gan an ceann (á ghearradh ón gconablach ag an alt atlas-ocsapatach); gan na cosa (á ngearradh ag na hailt charpameiteacarpacha nó tarsameiteatarsacha); gan na horgáin atá i gcuas an chliabhraigh agus i gcuas an bhoilg, gan na duáin, saill na nduán agus saill an pheilbhis nó leo; agus gan na baill ghiniúna agus na matáin atá ceangailte leo agus gan an t-úth ná an tsaill mhamach;

(b)

i gcás muc, corp muice maraithe, é fuilithe agus dí-innithe, ina iomláine nó roinnte ag an lárlíne, gan an teanga, gan na guairí, gan na crúba, gan na baill ghiniúna, gan an tsaill, na duáin ná an scairt;

(c)

i gcás caorach agus gabhar, corp iomlán an ainmhí mharaithe, mar a bhíonn tar éis a fhuilithe, a dhí-innithe agus a fheannta, é á thíolacadh gan an ceann (á ghearradh ag an alt altas-ocsapatach); gan na cosa (á ngearradh ag na hailt carpa-meiteacarpacha nó tarsameiteatarsacha); gan an t-eireaball (á ghearradh idir an séú agus an seachtú veirteabra eireaballach); gan na horgáin atá i gcuas an chliabhraigh agus i gcuas an bhoilg (seachas na duáin agus saill na nduán); agus gan an t-úth ná na baill ghiniúna; is cuid den chonablach iad na duáin agus saill na nduán;

(d)

i gcás éanlaithe, an t-éan tar éis a chluimhrithe agus a tharraingte, gan an ceann ná na croibh agus gan an muineál, an croí, an t-ae ná an eagaois, ar a dtugtar ‘sicín 65 %’, nó á chur i láthair ar shlí eile.

4.

Ciallaíonn an téarma ‘meáchan conablaigh’ meáchan an chonablaigh fhuair a fhaightear, go sonrach i gcás muc, trí 2 % a dhealú ón meáchan a taifeadadh te 45 nóiméad, ar a dhéanaí, tar éis an mhuc a fhuiliú agus a fhaightear, i gcás eallaigh, trí 2 % a dhealú ón meáchan a thaifeadtar te 60 nóiméad, ar a dhéanaí, tar éis an t-ainmhí a fhuiliú.


IARSCRÍBHINN II

CATAGÓIRÍ STAIDRIMH BHEOSTOIC

Bó-ainmhithe:

bó-ainmhithe nach sine ná aon bhliain d’aois:

Laonna agus eallach óg atá le marú

eile:

fireann

baineann

bó-ainmhithe is sine ná bliain amháin ach atá faoi bhun 2 bhliain d’aois (ach amháin cinn bhaineanna a rug lao):

fireann

baineann (bodóga; ainmhithe nár rug lao fós)

ainmhithe lena marú

eile

bó-ainmhithe a bhfuil 2 bhliain d’aois nó níos mó acu:

fireann

baineann

bodóga

bodóga lena marú:

eile:

ba (bó-ainmhithe a rug lao, lena n-áirítear bó-ainmhithe atá faoi bhun 2 bhliain d’aois):

ba bainne

eile:

buabhaill:

buabhaill phórúcháin bhaineanna

buabhaill eile

Muca:

bainbh a bhfuil beomheáchan níos lú ná 20 kg acu

muca a bhfuil beomheáchan 20 kg nó níos mó acu ach é faoi bhun 50 kg

muca lena ramhrú, lena n-áirítear collaigh dhealaithe agus cránacha dealaithe ag a bhfuil beomheáchan:

50 kg nó níos mó ach faoi bhun 80 kg

80 kg nó níos mó ach faoi bhun 110 kg

110 kg nó níos mó

muca pórúcháin a bhfuil beomheáchan 50 kg nó níos mó acu:

collaigh

cránacha cúpláilte, ina measc:

cránacha a cúpláileadh den chéad uair

cránacha eile, ina measc:

céiseanna nár cúpláileadh fós

Caoirigh:

caoirigh baineanna agus uain bhaineanna a cuireadh chuig an reithe:

caoirigh bainne agus uain bhainne a cuireadh chuig an reithe

caoirigh baineanna agus uain bhaineanna eile a cuireadh chuig an reithe

caoirigh eile

Gabhair:

gabhair a rug mionnán cheana agus gabhair chúpláilte:

gabhair a rug mionnán cheana

gabhair a cúpláileadh den chéad uair

gabhair eile


IARSCRÍBHINN III

CEANGLAIS I DTACA LE BEACHTAS

I gcás suirbhéanna beostoic, ní rachaidh na hearráidí samplála do thorthaí gach Ballstáit (agus eatramh muiníne 68 % ann):

(a)

thar 1 % de líon iomlán na mbó-ainmhithe (5 % i gcás inar lú líon na mbó-ainmhithe ná 1 000 000 cloigeann);

(b)

thar 1,5 % de líon iomlán na mbó (5 % i gcás inar lú líon na mbó ná 500 000 cloigeann);

(c)

thar 2 % de líon iomlán na muc (5 % i gcás inar lú líon na muc ná 1 000 000 cloigeann); agus

(d)

thar 2 % de líon iomlán na gcaorach agus na ngabhar (5 % i gcás inar lú líon na gcaorach agus na ngabhar ná 1 000 000 cloigeann).


IARSCRÍBHINN IV

CATAGÓIRÍ STAIDRIMH MAIDIR LE MARÚ

Bó-ainmhithe:

laonna

eallach óg

bodóga

ba

tairbh

bulláin

Muca:

gan aon mhiondealú

Caoirigh:

uain

eile

Gabhair:

gan aon mhiondealú

Éanlaith:

sicíní

turcaithe

lachain

eile


IARSCRÍBHINN V

CATAGÓIRÍ NA RÉAMHAISNÉISÍ TÁIRGTHE FEOLA

Bó-ainmhithe:

laonna agus eallach óg

bodóga

ba

tairbh agus bulláin

Muca

gan aon mhiondealú

Caoirigh

gan aon mhiondealú

Gabhair

gan aon mhiondealú