14.11.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/75


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1102/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2008

maidir le honnmhairithe mearcair mhiotalaigh agus comhdhúile agus meascáin áirithe de mhearcair a thoirmeasc agus maidir le mearcair miotalach a stóráil go sábháilte

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(1) de agus, maidir le hAirteagal 1 den Rialachán seo, Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Aithnítear gur bagairt dhomhanda iad sceití mearcair a údaraíonn gníomh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda.

(2)

I gcomhréir leis an gCumarsáid dar teideal ‘Straitéis Chomhphobail maidir le Mearcair’, ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir le conclúidí na Comhairle an 24 Meitheamh 2005 agus rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2006 (3) ar an straitéis réamhráite sin, ní foláir an riosca go mbeadh daoine agus an comhshaol faoi lé mearcair a laghdú.

(3)

Caithfear féachaint ar bhearta a ghlactar ar leibhéal an Chomhphobail mar chuid d'iarracht dhomhanda chun an riosca go mbeifí faoi lé mearcair a laghdú, go háirithe faoi chuimsiú an Chláir Mearcair faoi Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe.

(4)

Eascraíonn fadhbanna comhshaoil agus fadhbanna sóisialta as dúnadh mianach mearcair sa Chomhphobal. Ba cheart go leanfaí den tacaíocht a thugtar do thionscadail agus do thionscnaimh eile ón sásra maoinithe atá ar fáil ionas go bhféadfar réitigh inmharthana i gcomhair gníomhaíochtaí áitiúla comhshaoil, fostaíochta agus eacnamaíocha a fháil do na limistéir a bhfuil difear déanta dóibh.

(5)

Ba cheart toirmeasc a chur ar onnmhairiú mearcair mhiotalaigh, méine cionnabair, clóiríde mearcair (I), ocsaíde mearcair (II) agus meascán de mhearcair miotalach le substaintí eile, lena n-áirítear cóimhiotail mhearcair ag a bhfuil tiúchan mearcair de 95 % ar a laghad meáchan ar mheáchan ón gComhphobal chun an soláthar domhanda mearcair a laghdú go suntasach.

(6)

Mar thoradh ar an toirmeasc ar onnmhairiú beidh méideanna móra mearcair de bharrachas sa Chomhphobal agus ba cheart cosc a chur lena gcur ar ais ar an margadh. Ba cheart a áirithiú, dá bhrí sin, go stórálfaí an mearcair sin go sábháilte laistigh den Chomhphobal.

(7)

Chun foráil d'fhéidearthachtaí stórála sábháilte mearcair mhiotalaigh a mheastar gur dramhaíl é, is cuí go ndéanfaí maolú ar Airteagal 5(3)(a) de Threoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (4) i gcás cineálacha áirithe líonta talún, agus is cuí a fhógairt nach mbeidh feidhm ag na critéir a leagtar amach i Roinn 2.4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2003/33/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena mbunaítear critéir agus nósanna imeachta maidir le glacadh le dramhaíl ag láithreáin líonta talún de bhun Airteagal 16 de Threoir 1999/31/CE (5), agus Iarscríbhinn II a ghabhann léi sin, maidir le mearcair miotalach a stóráil go sealadach ar shlí go bhféadfar é a fháil ar ais ar feadh tréimhse níos faide ná aon bhliain amháin i saoráidí os cionn talún a thiomnaítear agus a threalmhaítear chun na críche sin.

(8)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha eile i dTreoir 1999/31/CE maidir le gach saoráid stórála le haghaidh mearcair mhiotalaigh a mheastar gur dramhaíl é. Áirítear leis sin an ceanglas, a leagtar amach in Airteagal 8(a)(iv) den Treoir sin, go ndéanfadh an t-iarratasóir ar chead socrú leordhóthanach, de bhíthin urrúis airgeadais nó a chomhionann eile, lena áirithiú go n-urscaoilfear na hoibleagáidí (lena n-áirítear soláthar iarchúraim) a thiocfaidh chun cinn faoin gcead agus go ndéanfar de réir na nósanna imeachta maidir leis an dúnadh. Ina theannta sin, tá feidhm ag Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (6) i leith na saoráidí stórála sin.

(9)

Chun mearcair miotalach a stóráil go sealadach ar feadh tréimhse níos faide ná aon bhliain amháin i saoráidí os cionn talún a thiomnaítear agus a threalmhaítear chun na críche sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag Treoir 96/82/CE ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha (7).

(10)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (8). Ar a shon sin, d'fhonn diúscairt iomchuí mearcair mhiotalaigh a cheadú sa Chomhphobal, spreagtar na húdaráis chinn scríbe inniúla agus na húdaráis seolta inniúla gan agóid a dhéanamh in aghaidh loingsithe mearcair mhiotalaigh a mheastar gur dramhaíl é bunaithe ar Airteagal 11(1)(a) den Rialachán sin. Tugtar faoi deara nach mbeidh feidhm ag Airteagal 11(1)(a) den Rialachán sin, de réir Airteagal 11(3) de, i gcás dramhaíola guaisí a tháirgtear ina laghad sin de chainníocht go foriomlán in aghaidh na bliana i mBallstát seolta nach mbeadh sé eacnamúil suiteálacha diúscartha speisialaithe nua a sholáthar laistigh den Bhallstát sin.

(11)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh stóráil ann atá sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol, ba cheart go ndéanfaí comhlánú ar an measúnú sábháilteachta maidir le stóráil faoi thalamh a éilítear faoi Chinneadh 2003/33/CE le ceanglais shonracha agus ba cheart go mbeadh an measúnú sin infheidhme chomh maith maidir le stóráil nach stóráil faoi thalamh í. Níor cheart go gceadófaí aon oibríocht chríochnaitheach diúscartha go dtí go nglacfar na ceanglais speisialta agus na critéir inghlacthachta. Ba cheart do na coinníollacha stórála i mianach salainn nó i bhfoirmíochtaí carraige crua go domhain faoi thalamh, a oiriúnaíodh do dhiúscairt mearcair mhiotalaigh, na prionsabail a chomhlíonadh maidir le screamhuisce a chosaint ar mhearcair, maidir le cosc a chur ar astaíochtaí gaile mearcair, maidir le neamh-thréscaoilteacht ar ghás agus ar leachtanna an limistéir mháguaird agus – i gcás buanstórála – maidir leis an dramhaíl a imchochlú go daingean ag deireadh phróiseas dífhoirmithe na mianach. Ba cheart na critéir sin a thabhairt isteach sna hiarscríbhinní a ghabhann le Treoir 1999/31/CE nuair a leasófar iad chun críche an Rialacháin seo.

(12)

Ba cheart go gcomhlíonfaí na coinníollacha stórála os cionn talún go háirithe na prionsabail maidir le hinchúlaitheacht stórála, maidir le mearcair a chosaint ar uisce meitéarach, maidir le neamh-thréscaoilteacht ar ithreacha agus maidir le cosc a chur ar astaíochtaí gaile mearcair. Ba cheart na critéir sin a thabhairt isteach sna hiarscríbhinní a ghabhann le Treoir 1999/31/CE nuair a leasófar iad chun críche an Rialacháin seo. Ba cheart a mheas gur réiteach sealadach é mearcair miotalach a stóráil os cionn talún.

(13)

Ba cheart don tionscal clór-alcaileach na sonraí ábhartha go léir a bhaineann le díchoimisiúnú na gceall mearcair ina ngléasraí a chur chuig an gCoimisiún agus chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann chun forghníomhú an Rialacháin seo a éascú. Ba cheart do na hearnálacha tionscail a ghnóthaíonn mearcair as gás nádúrtha a ghlanadh nó mar fhotháirge ó oibríochtaí mianadóireachta agus oibríochtaí bruithnithe miotail neamhfheiriúil na sonraí ábhartha a sholáthar freisin don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit faisnéis maidir le ceadanna a eisítear le haghaidh saoráidí stórála agus maidir le cur i bhfeidhm agus éifeachtaí margaidh an Rialacháin seo a chur isteach, chun go bhféadfar measúnú a dhéanamh air in am trátha. Ba cheart d'allmhaireoirí, d'onnmhaireoirí agus d'oibreoirí faisnéis a chur isteach faoi ghluaiseachtaí mearcair mhiotalaigh, méine cionnabair, clóiríde mearcair (I), ocsaíde mearcair (II) agus meascán de mhearcair miotalach le substaintí eile, lena n-áirítear cóimhiotail mearcair ag a bhfuil tiúchan mearcair de 95 % ar a laghad meáchan ar mheáchan, agus faoina n-úsáid.

(15)

Ba cheart go gcinnfeadh na Ballstáit na pionóis a bheadh infheidhme ar sháruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus a bheidh le forchur ar dhaoine nádúrtha agus ar dhaoine dlítheanacha. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

(16)

Is cuí malartú faisnéise a eagrú leis na páirtithe leasmhara cuí chun measúnú a dhéanamh ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith le bearta breise a bhaineann le mearcair a onnmhairiú, a allmhairiú agus a stóráil, agus a bhaineann le comhdhúile mearcair agus le táirgí a bhfuil mearcair iontu, gan dochar do rialacha iomaíochta an Chonartha, go háirithe Airteagal 81 de.

(17)

Ba cheart go spreagfadh an Coimisiún agus na Ballstáit soláthar cúnaimh theicniúil do thíortha atá i mbéal forbartha agus do thíortha a bhfuil a ngeilleagar ag athrú, go speisialta cúnamh a éascaíonn an claonadh i dtreo teicneolaíochtaí malartacha atá saor ó mhearcair agus deireadh a chur de réir a chéile le húsáidí agus le scaoileadh mearcair agus comhdhúl mearcair.

(18)

Tá taighde leanúnach ar bun maidir le mearcair a dhiúscairt go sábháilte, lena n-áirítear na teicnící difriúla cobhsaithe nó bealaí eile chun mearcair a dhíluailiú. Ba cheart don Choimisiún an taighde seo a choinneáil faoi athbhreithniú mar thosaíocht agus tuarascáil a thíolacadh a luaithe is féidir. Tá tábhacht leis an bhfaisnéis seo óir go gcuirfidh sí bunús fónta ar fáil d'athbhreithniú ar an Rialachán seo chun a chuspóir a bhaint amach.

(19)

Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh nuair a bheidh sé ag cur tuarascáil mheasúnaithe isteach chun cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith ann an Rialachán seo a leasú a aithint.

(20)

Ba cheart go mbeadh an Coimisiún ag faire ar fhorbairtí idirnáisiúnta chomh maith maidir le soláthar mearcair agus maidir le héileamh ar mhearcair, go háirithe in idirbheartaíochtaí iltaobhacha, agus ba cheart dó tuairisc a thabhairt orthu sin chun measúnú ar chomhréireacht an chur chuige iomláin a chumasú.

(21)

Na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le mearcair miotalach a stóráil go sealadach i saoráidí áirithe dá dtagraítear anseo, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Treoir 1999/31/CE, agus an nasc díreach idir an Rialachán seo agus an Treoir sin á chur san áireamh.

(22)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an méid atáthar faoi lé mearcair a laghdú le toirmeasc ar allmhairí agus le hoibleagáid stórála, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr an tionchair a bheadh aige sin ar ghluaiseacht earraí agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus i bhfianaise chineál trasteorann an truaillithe mearcair, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Toirmiscfear onnmhairiú mearcair mhiotalaigh (Hg, CAS RN 7439-97-6), méine cionnabair, clóiríde mearcair (I) (Hg2Cl2 CAS RN 10112-91-1), ocsaíde mearcair (II) (HgO, CAS RN 21908-53-2) agus meascán de mhearcair miotalach le substaintí eile, lena n-áirítear cóimhiotail mearcair ag a bhfuil tiúchan mearcair de 95 % ar a laghad meáchan ar mheáchan, ón gComhphobal ón 15 Márta 2011.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i leith onnmhairithe na gcomhdhúl dá dtagraítear i mír 1 chun críocha taighde agus forbartha, liachta nó anailíse.

3.   Toirmiscfear mearcair miotalach a mheascadh le substaintí eile chun críocha mearcair miotalach a onnmhairiú, agus chun na críocha sin amháin, ón 15 Márta 2011.

Airteagal 2

Ón 15 Márta 2011, measfar gur dramhaíl iad seo a leanas agus diúscrófar iad i gcomhréir le Treoir 2006/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le dramhaíl (9) ar shlí atá sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol:

(a)

mearcair miotalach nach n-úsáidtear a thuilleadh sa tionscal clór-alcaileach;

(b)

mearcair miotalach a fhaightear as gás nádúrtha a ghlanadh;

(c)

mearcair miotalach a fhaightear ó oibríochtaí mianadóireachta agus bruithnithe miotail neamhfheiriúil; agus

(d)

mearcair miotalach a eastósctar as mian chionnabair sa Chomhphobal ón 15 Márta 2011.

Airteagal 3

1.   De mhaolú ar Airteagal 5(3)(a) de Threoir 1999/31/CE, féadfar mearcair miotalach a mheasfar gur dramhaíl é, in imshrianadh cuí,

(a)

a stóráil go sealadach ar feadh breis agus aon bhliain amháin nó féadfar é a stóráil go buan (oibríochtaí diúscartha D 15 nó D 12 faoi seach, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II A a ghabhann le Treoir 2006/12/CE iad) i mianaigh salainn atá oiriúnaithe do dhiúscairt mearcair, nó i bhfoirmíochtaí carraige crua go domhain faoi thalamh agus a chuireann leibhéal sábháilteachta agus leibhéal insrianaithe ar fáil atá coibhéiseach leis an leibhéal atá sna mianaigh salainn sin, nó

(b)

a stóráil go sealadach (oibríocht diúscartha D 15, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II A a ghabhann le Treoir 2006/12/CE í) ar feadh breis agus aon bhliain amháin i saoráidí os cionn talún a tiomnaíodh agus a trealmhaíodh d'fhonn mearcair miotalach a stóráil go sealadach. Sa chás seo, ní bheidh feidhm ag na critéir a leagtar amach i roinn 2.4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2003/33/CE.

Beidh feidhm ag forálacha eile Threoir 1999/31/CE agus beidh feidhm ag Cinneadh 2003/33/CE maidir le pointe (a) agus maidir le pointe (b).

2.   Beidh feidhm ag Treoir 96/82/CE maidir leis na saoráidí stórála dá dtagraítear i mír 1(b) den Airteagal seo.

Airteagal 4

1.   Cinnteoidh an measúnú sábháilteachta a bheidh le cur i gcrích i gcomhréir le Cinneadh 2003/33/CE maidir le diúscairt mearcair mhiotalaigh de réir Airteagal 3 den Rialachán seo go gcúmhdófar na rioscaí sonracha a eascróidh as cineál an mhearcair mhiotalaigh agus as airíonna fadtéarmacha agus as imshrianadh an mhearcair mhiotalaigh.

2.   Cuirfear san áireamh sa chead dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 de Threoir 1999/31/CE maidir le saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a) agus (b) den Rialachán seo ceanglais le haghaidh amharc-chigireachtaí rialta ar na coimeádáin agus trealamh braite gaile iomchuí a shuiteáil chun aon sceitheadh a bhrath.

3.   Na ceanglais le haghaidh na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a) agus (b) den Rialachán seo mar aon leis na critéir inghlacthachta do mhearcair miotalach, lena leasaítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 1999/31/CE, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16 den Treoir sin. Déanfaidh an Coimisiún togra iomchuí a luaithe is féidir, agus faoin 1 Eanáir 2010 ar a dhéanaí, ina gcuirfear san áireamh toradh an mhalartaithe faisnéise de bhun Airteagal 8(1) mar aon leis an tuarascáil maidir le taighde ar na roghanna diúscartha sábháilte de bhun Airteagal 8(2).

Ní cheadófar oibríocht diúscartha chríochnaitheach ar bith (oibríocht diúscartha D 12, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II A de Threoir 2006/12/CE í) maidir le mearcair miotalach ach amháin tar éis an dáta a nglacfar an leasú ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 1999/31/CE.

Airteagal 5

1.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin cóip d'aon chead a eisítear le haghaidh saoráide a ainmnítear chun mearcair miotalach a stóráil go sealadach nó go buan (oibríochtaí diúscartha D 15 nó D 12 faoi seach, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II A a ghabhann le Treoir 2006/12/CE iad), i dteannta leis an measúnú sábháilteachta faoi seach de bhun Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

2.   Faoin 1 Iúil 2012, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm agus maidir le héifeachtaí margaidh an Rialacháin seo ina gcríocha faoi seach. Ar iarratas ón gCoimisiún, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin isteach níos luaithe ná an dáta sin.

3.   Faoin 1 Iúil 2012, déanfaidh allmhaireoirí, onnmhaireoirí agus oibreoirí na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, de réir mar is cuí, na sonraí seo a leanas a sheoladh chuig an gCoimisiún agus chuig na húdaráis inniúla:

(a)

toirteanna, praghsanna, tír thionscnaimh agus tír chinn scríbe mar aon le húsáid bheartaithe an mhearcair mhiotalaigh a thagann isteach sa Chomhphobal;

(b)

toirteanna, tír thionscnaimh agus tír chinn scríbe an mhearcair mhiotalaigh a mheastar gur dramhaíl é agus a ndéantar trádáil trasteorann air laistigh den Chomhphobal.

Airteagal 6

1.   Cuirfidh na cuideachtaí lena mbaineann sa tionscal clór-alcaileach na sonraí seo a leanas a bhaineann le díchoimisiúnú mearcair chuig an gCoimisiún agus chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann:

(a)

an meastachán is fearr den mhéid iomlán mearcair atá fós in úsáid i gcill chlór-alcaileach;

(b)

méid iomlán an mhearcair atá stóráilte sa tsaoráid;

(c)

an méid fuíollmhearcair a cuireadh chuig saoráidí stórála aonair sealadacha nó buana, mar aon le suíomh agus sonraí teagmhála na saoráidí sin.

2.   Cuirfidh na cuideachtaí lena mbaineann sna hearnálacha tionscail a ghnóthaíonn mearcair as gás nádúrtha a ghlanadh nó mar fhotháirge ó oibríochtaí mianadóireachta agus bruithnithe miotail neamhfheiriúil na sonraí seo a leanas a bhaineann leis an mearcair a ghnóthaítear in aon bhliain ar leith ar fáil don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann:

(a)

méid an mhearcair a ghnóthaítear;

(b)

méid an mhearcair a cuireadh chuig saoráidí stórála aonair sealadacha nó buana mar aon le suíomh agus sonraí teagmhála na saoráidí sin.

3.   Cuirfidh na cuideachtaí lena mbaineann na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, de réir mar is infheidhme, den chéad uair faoin 4 Nollaig 2009 agus gach bliain ina dhiaidh sin faoin 31 Bealtaine.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a luaitear i mír 3 ar fáil go poiblí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (10).

Airteagal 7

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Ní foláir do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 4 Nollaig 2009 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 8

1.   Eagróidh an Coimisiún malartú faisnéise idir na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara iomchuí faoin 1 Eanáir 2010. Déanfaidh an malartú faisnéise seo scrúdú, go háirithe, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith leis na nithe seo a leanas:

(a)

síneadh a chur leis an toirmeasc onnmhairithe ar chomhdhúile mearcair eile, ar mheascáin a bhfuil méid níos ísle mearcair iontu agus ar tháirgí a bhfuil mearcair iontu, go háirithe teirmiméadair, baraiméadair agus sfigmeamanaiméadair;

(b)

toirmeasc allmhairithe ar mhearcair miotalach, ar chomhdhúile mearcair agus ar tháirgí a bhfuil mearcair iontu;

(c)

síneadh a chur leis an oibleagáid stórála chun mearcair miotalach ó fhoinsí eile a áireamh;

(d)

teorainneacha ama maidir le mearcair miotalach a stóráil go sealadach.

Breithneoidh an malartú faisnéise seo freisin an taighde ar na roghanna diúscartha sábháilte.

Eagróidh an Coimisiún tuilleadh malartuithe faisnéise nuair a bheidh faisnéis ábhartha nua tagtha chun cinn.

2.   Coinneoidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí leanúnacha taighde maidir leis na roghanna diúscartha sábháilte, lena n-áirítear mearcair miotalach a sholadú, faoi athbhreithniú. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoin 1 Eanáir 2010. Ar bhonn na tuarascála sin, tíolacfaidh an Coimisiún togra, más iomchuí, le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 15 Márta 2013.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm agus éifeachtaí margaidh an Rialacháin seo sa Chomhphobal a mheasúnú, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 á cur san áireamh.

4.   Cuirfidh an Coimisiún a luaithe agus is feidir, ach fós ag tráth nach déanaí ná an 15 Márta 2013, tuarascáil lena ngabhfaidh togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, tuarascáil ina léireofar toradh an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus toradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, agus ina ndéanfar measúnú ar na torthaí sin, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2.

5.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Iúil 2010 maidir leis an dul chun cinn i ngníomhaíochtaí iltaobhacha agus i gcaibidlí iltaobhacha maidir le mearcair, agus an comhchuibheas idir tráth agus raon feidhme na mbeartas a shonraítear sa Rialachán seo agus forbairtí idirnáisiúnta, go háirithe, á measúnú aige.

Airteagal 9

Go dtí an 15 Márta 2011, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a shrianann onnmhairiú mearcair mhiotalaigh, méine cionnabair, clóiríde mearcair (I), ocsaíde mearcair (II) agus meascán de mhearcair miotalach le substaintí eile, lena n-áirítear cóimhiotail mearcair ag a bhfuil tiúchan mearcair de 95 % ar a laghad meáchan ar mheáchan, agus a glacadh de réir na reachtaíochta Comhphobail roimh an 22 Deireadh Fómhair 2008.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  IO C 168, 20.7.2007, lch. 44.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Meitheamh 2007 (IO C 146 E, 12.6.2008, lch. 209), Comhsheasamh ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 (IO C 52 E, 26.2.2008, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Bealtaine 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Cinneadh ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2008.

(3)  IO C 291 E, 30.11.2006, lch. 128.

(4)  IO L 182, 16.7.1999, lch. 1.

(5)  IO L 11, 16.1.2003, lch. 27.

(6)  IO L 143, 30.4.2004, lch. 56.

(7)  IO L 10, 14.1.1997, lch. 13.

(8)  IO L 190, 12.7.2006, lch. 1.

(9)  IO L 114, 27.4.2006, lch. 9.

(10)  IO L 264, 25.9.2006, lch. 13.